EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1288

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”, lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le táscairí inbhuanaitheachta agus drochthionchair inbhuanaitheachta, agus ábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomhanna gréasáin agus i dtuarascálacha tréimhsiúla (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/1931

IO L 196, 25.7.2022, p. 1–72 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 20/02/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1288/oj

25.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1288 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Aibreán 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”, lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le táscairí inbhuanaitheachta agus drochthionchair inbhuanaitheachta, agus ábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomhanna gréasáin agus i dtuarascálacha tréimhsiúla

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (1), agus go háirithe Airteagal 2a(3), Airteagal 4(6), an tríú fomhír, Airteagal 4(7), an dara fomhír, Airteagal 8(3), an ceathrú fomhír, Airteagal 8(4), an ceathrú fomhír, Airteagal 9(5), an ceathrú fomhír, Airteagal 9(6), an ceathrú fomhír, Airteagal 10(2), an ceathrú fomhír, Airteagal 11(4), an ceathrú fomhír, agus Airteagal 11(5), an ceathrú fomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de in earnáil na seirbhísí airgeadais, ba cheart iad a bheith sách soiléir, beacht agus feiceálach chun é a chur ar chumas infheisteoirí deiridh cinntí eolasacha a dhéanamh. Chuige sin, ba cheart rochtain a bheith ag infheisteoirí deiridh ar shonraí iontaofa is féidir leo a úsáid agus a anailísiú ar bhealach tráthúil agus éifeachtúil. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhaisnéis a sholáthraítear sna nochtaí sin a athbhreithniú agus a athmheas i gcomhréir leis na Treoracha, na Rialacháin agus na forálacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2019/2088. Ina theannta sin, ba cheart rialacha a leagan síos maidir le foilsiú na faisnéise sin ar shuíomhanna gréasáin, i gcás ina gceanglaítear an fhaisnéis sin le Rialachán (AE) 2019/2088.

(2)

Le hábhar agus cur i láthair na nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de a bhaineann le táirgí airgeadais lena ndéantar tagairt do bhascaed innéacsanna, ba cheart léargas cuimsitheach a sholáthar d’infheisteoirí deiridh ar ghnéithe na dtáirgí airgeadais sin. Dá bhrí sin, le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de maidir le hinnéacs atá ainmnithe mar thagarmharc agus atá comhdhéanta de bhascaed innéacsanna, is gá an bascaed agus gach innéacs sa bhascaed sin a chumhdach.

(3)

I gcás infheisteoirí deiridh ag a bhfuil leas i bhfeidhmíocht inbhuanaitheachta rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus na gcomhairleoirí airgeadais, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh faisnéis a sholáthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais maidir le drochthionchair phríomha a gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta, agus ag comhairleoirí airgeadais maidir le drochthionchair phríomha a gcomhairle infheistíochta nó a gcomhairle árachais maidir le tosca inbhuanaitheachta, go mbeidh sí cuimsitheach. Leis an bhfaisnéis sin, dá bhrí sin, ba cheart infheistíochtaí díreacha agus infheistíochtaí indíreacha i sócmhainní a chumhdach.

(4)

Is gá a áirithiú gur féidir an fhaisnéis a nochtar a chur i gcomparáid go héasca agus gurb éasca na táscairí maidir le drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta a thuiscint. Chuirfí feabhas ar an inchomparáideacht agus ar an tsothuigtheacht sin trí idirdhealú a dhéanamh idir, ar thaobh amháin, táscairí maidir le drochthionchair as a dtagann drochthionchair phríomha i gcónaí, agus, ar an taobh eile, táscairí breise drochthionchar ar thosca inbhuanaitheachta atá príomha le haghaidh na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais. Tá sé tábhachtach, áfach, a áirithiú go meastar go bhfuil an tábhacht chéanna le drochthionchair na gcinntí infheistíochta ar an aeráid, nó ar thosca inbhuanaitheachta eile a bhaineann leis an gcomhshaol, agus atá le drochthionchair na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta sóisialta, fostaithe, chearta an duine, frithéillithe nó frithbhreabaireachta. Dá bhrí sin, ba cheart baint a bheith ag táscairí breise drochthionchar príomha le ceann amháin ar a laghad de gach ceann de na tosca sin. Chun comhleanúnachas le nochtaí eile ó thaobh na hinbhuanaitheachta de a áirithiú, ba cheart méadracht chaighdeánaithe a úsáid le táscairí na ndrochthionchar príomha, i gcás inarb ábhartha, agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar na táscairí a úsáidtear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (2) agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún (3).

(5)

Chun inchomparáideacht na faisnéise atá le nochtadh a neartú a thuilleadh, ba cheart baint a bheith ag an bhfaisnéis maidir le drochthionchair phríomha le tréimhsí tagartha a ritheann ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin agus ba cheart í a bheith foilsithe faoin 30 Meitheamh gach bliain mar dháta coiteann. D’fhéadfadh sé, áfach, go dtiocfadh athrú ar na punanna infheistíochtaí de chuid rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais go tráthrialta laistigh de na tréimhsí tagartha sin. Dá bhrí sin, ba cheart cinneadh na ndrochthionchar príomha a dhéanamh ar cheithre dháta shonracha ar a laghad le linn na tréimhse tagartha sin agus ba cheart an meántoradh a nochtadh ar bhonn bliantúil. Chun a áirithiú gur féidir le hinfheisteoirí deiridh comparáid a dhéanamh ar an gcaoi ar bhreithnigh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais na drochthionchair phríomha le himeacht ama, ba cheart do na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais comparáid stairiúil a sholáthar bliain ar bhliain ar a dtuarascálacha ar feadh na gcúig thréimhse thagartha roimhe sin ar a laghad, i gcás ina mbeidh fáil orthu.

(6)

Rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a bhreithníonn drochthionchair phríomha den chéad uair i mbliain féilire ar leith, ba cheart déileáil go hiomchuí leo, agus ba cheart a áirithiú freisin go bhfaighidh infheisteoirí deiridh faisnéis leordhóthanach sula ndéanfaidh siad a gcinntí infheistíochta. Dá bhrí sin, ba cheart do na rannpháirtithe sin sa mhargadh airgeadais faisnéis a nochtadh maidir leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe acu nó na spriocanna a leagann siad síos le haghaidh na tréimhse tagartha ina dhiaidh sin chun aon drochthionchar príomha a sainaithníodh a sheachaint nó a laghdú. Ar an gcúis chéanna, ba cheart dóibh faisnéis a nochtadh freisin maidir lena mbeartais chun drochthionchair phríomha a shainaithint agus tosaíocht a thabhairt dóibh maidir le tosca inbhuanaitheachta agus na caighdeáin idirnáisiúnta a chuirfidh siad i bhfeidhm sa tréimhse thagartha ina dhiaidh sin.

(7)

Ba cheart d’infheisteoirí deiridh, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil cónaí orthu, a bheith in ann na drochthionchair phríomha atá nochta maidir le tosca inbhuanaitheachta a chur i gcomparáid. Dá bhrí sin, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais achoimre ar a nochtaí a sholáthar i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta agus i gceann amháin de theangacha oifigiúla na mBallstát ina ndéantar táirgí airgeadais na rannpháirtithe sin sa mhargadh airgeadais a chur ar fáil.

(8)

Úsáideann comhairleoirí airgeadais faisnéis maidir le drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta a sholáthraíonn rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais. Faisnéis a sholáthraíonn comhairleoirí airgeadais maidir le cibé acu a chuireann nó nach gcuireann agus an chaoi a gcuireann siad drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta san áireamh laistigh dá gcomhairle infheistíochta nó árachais, ba cheart, dá bhrí sin, tuairisc shoiléir a thabhairt inti ar an gcaoi a ndéantar an fhaisnéis ó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a phróiseáil agus a chomhtháthú ina gcomhairle infheistíochta nó árachais. Go háirithe, comhairleoirí airgeadais a bhraitheann ar chritéir nó ar thairseacha maidir le drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta a úsáidtear chun táirgí airgeadais a roghnú, nó comhairle a thabhairt fúthu, ba cheart dóibh na critéir nó na tairseacha sin a fhoilsiú.

(9)

Níl an mhéadracht loirg carbóin go hiomlán forbartha fós. Rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a dhéanann, i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (d), de Rialachán (AE) 2019/2088, tagairt ina nochtaí ar leibhéal eintitis do mhéid ailínithe a dtáirgí airgeadais le cuspóirí Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, ba cheart dóibh, dá bhrí sin, na nochtaí sin a bhunú ar chásanna aeráide réamhbhreathnaitheacha.

(10)

Má chuirtear drochthionchair phríomha cinntí infheistíochta san áireamh, bealach amháin is ea é sin inar féidir le táirgí airgeadais saintréithe comhshaoil nó sóisialta a chur chun cinn. Táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh, mar chuid de na nochtaí a rinneadh maidir leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”, ní mór dóibh táscairí inbhuanaitheachta a bhreithniú freisin i ndáil leis na drochthionchair dá dtagraítear in Airteagal 4(6) agus (7) de Rialachán (AE) 2019/2088. Ar na cúiseanna sin, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a léiriú, mar chuid dá nochtaí inbhuanaitheachta, cén chaoi a mbreithníonn siad, i gcás na dtáirgí airgeadais sin, drochthionchair phríomha a gcinntí infheistíochta maidir le tosca inbhuanaitheachta.

(11)

Le hAirteagal 10(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2019/2088 ceanglaítear ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chuireann táirgí airgeadais ar fáil a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn na saintréithe sin a nochtadh gan infheisteoirí deiridh a chur ar míthreoir. Tugann sé sin le tuiscint nár cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nochtadh a dhéanamh maidir le hinbhuanaitheacht, lena n-áirítear trí chatagóiriú táirge, ar bhealach nach léiríonn an bealach ina gcuireann an táirge airgeadais na saintréithe comhshaoil nó sóisialta sin chun cinn go héifeachtach. Dá bhrí sin, níor cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ach na critéir sin le haghaidh roghnú sócmhainní foluiteacha a nochtadh, agus iad sin amháin, ar critéir iad atá ina gceangal ar an bpróiseas cinnteoireachta infheistíochta, agus nach critéir iad ar a bhféadfaidh siad neamhaird a thabhairt nó a fhéadfaidh siad a shárú ar a ndiscréid.

(12)

I gcás táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn, is féidir úsáid a bhaint astu chun infheistíocht a dhéanamh i réimse leathan sócmhainní foluiteacha, arbh fhéidir nach gcáileodh cuid acu mar infheistíochtaí inbhuanaithe iontu féin ná nach rannchuideoidís leis na saintréithe comhshaoil ná sóisialta a chuireann an táirge airgeadais chun cinn. Samplaí de na hinfheistíochtaí sin is ea ionstraimí fálaithe, infheistíochtaí neamhscagtha chun críoch éagsúlaithe, infheistíochtaí a bhfuil sonraí in easnamh ina leith nó airgead atá á shealbhú mar leachtacht choimhdeach. Dá bhrí sin, na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chuireann na táirgí airgeadais sin ar fáil, ba cheart dóibh a bheith go hiomlán trédhearcach maidir le leithdháileadh na n-infheistíochtaí bunúsacha ar na catagóirí infheistíochtaí sin.

(13)

Is féidir le táirgí airgeadais saintréithe comhshaoil nó sóisialta a chur chun cinn ar an iliomad bealaí, lena n-áirítear i ndoiciméad réamhchonarthach nó tréimhsiúil, in ainm a dtáirge nó in aon chumarsáid mhargaíochta maidir lena straitéis infheistíochta, lena gcaighdeáin táirge airgeadais, leis na lipéid a chomhlíonann siad, nó leis na coinníollacha is infheidhme maidir le clárú uathoibríoch. Chun inchomparáideacht agus sothuigtheacht na saintréithe comhshaoil nó sóisialta a cuireadh chun cinn a áirithiú, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chuireann táirgí airgeadais ar fáil a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn an fhaisnéis maidir le cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta a dheimhniú in iarscríbhinní a ghabhann leis na doiciméid nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2019/2088 maidir le nochtaí réamhchonarthacha agus tréimhsiúla.

(14)

Táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn, tá leibhéil éagsúla uaillmhéine ó thaobh na hinbhuanaitheachta de acu. Dá bhrí sin, i gcás ina saothraíonn na táirgí airgeadais sin infheistíocht inbhuanaitheachta go páirteach, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an méid sin a dheimhniú sna hiarscríbhinní a ghabhann leis na doiciméid nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2019/2088 maidir le nochtaí réamhchonarthacha agus tréimhsiúla chun a áirithiú go mbeidh infheisteoirí deiridh in ann na leibhéil éagsúla inbhuanaitheachta a thuiscint agus cinntí infheistíochta eolasacha a dhéanamh ó thaobh na hinbhuanaitheachta de.

(15)

Maidir le táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh, cé nár cheart dóibh ach infheistíochtaí inbhuanaithe a dhéanamh, is féidir leis na táirgí sin, go pointe áirithe, infheistíochtaí eile a dhéanamh i gcás ina gceanglaítear orthu déanamh amhlaidh faoi rialacha earnáilsonracha. Dá bhrí sin, is iomchuí nochtaí a cheangal maidir le méid agus cuspóir aon infheistíocht eile ionas gur féidir a fhíorú cibé acu a choisceannnó nach gcoisceann na hinfheistíochtaí sin ar an táirge airgeadais a chuspóir infheistíochta inbhuanaithe a bhaint amach.

(16)

Braitheann go leor táirgí airgeadais ar straitéisí eisiaimh bunaithe ar chritéir chomhshaoil nó shóisialta. Ba cheart an fhaisnéis is gá a sholáthar d’infheisteoirí deiridh chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí na gcritéar sin ar chinntí infheistíochta, agus ar éifeachtaí na straitéisí eisiaimh sin ar chomhdhéanamh na punainne a thagann as sin. Léiríonn cleachtas margaidh go gcuirtear straitéisí eisiaimh áirithe i láthair mar straitéisí éifeachtacha, cé gurb amhlaidh nach dtagann ach líon teoranta infheistíochtaí as na straitéisí eisiaimh sin, nó go bhfuil siad bunaithe ar eisiaimh a cheanglaítear le dlí. Dá bhrí sin, is gá aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le “glas-snasú”, is é sin, go háirithe, an cleachtas a bhaineann le buntáiste iomaíoch éagórach a bhaint amach trí tháirge airgeadais a mholadh mar tháirge atá neamhdhíobhálach don chomhshaol nó inbhuanaithe, nuair is amhlaidh nach gcomhlíonann an táirge airgeadais sin bunchaighdeáin chomhshaoil ná caighdeáin eile ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. Chun mídhíol agus glas-snasú a chosc, agus chun tuiscint níos fearr a thabhairt d’infheisteoirí deiridh ar éifeachtaí na straitéisí eisiaimh a chuirtear i bhfeidhm le táirgí airgeadais áirithe, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais aon ghealltanas i dtéarmaí infheistíochtaí eisiata a dheimhniú, go háirithe mar eilimintí ceangailteacha den straitéis infheistíochta, i bhfaisnéis maidir le leithdháileadh sócmhainní agus san fhaisnéis maidir le táscairí inbhuanaitheachta a úsáidtear chun éifeachtaí na straitéisí sin a thomhas.

(17)

Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2019/2088 neamhshiméadrachtaí faisnéise a laghdú i gcaidrimh príomhaí-ghníomhaire maidir le cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe. Chuige sin, ceanglaítear leis an Rialachán sin ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nochtaí réamhchonarthacha agus suímh gréasáin a dhéanamh d’infheisteoirí deiridh nuair a ghníomhaíonn siad mar ghníomhairí na n-infheisteoirí deiridh sin. Chun go mbeidh an ceanglas sin go hiomlán éifeachtach, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faireachán a dhéanamh le linn saolré táirge airgeadais ar an gcaoi a gcomhlíonann an táirge sin na saintréithe comhshaoil nó sóisialta nochta, nó an cuspóir infheistíochta inbhuanaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais míniú a thabhairt, mar chuid dá nochtaí suímh gréasáin, ar na sásraí rialaithe inmheánaigh nó sheachtraigh a chuirtear i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíontacht sin ar bhonn leanúnach.

(18)

I Rialachán (AE) 2019/2088 sonraítear go bhfuil an measúnú ar dhea-chleachtais rialachais ina chuid lárnach de tháirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn, nó táirgí arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chuireann táirgí airgeadais ar fáil a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn nó ag a bhfuil cuspóir infheistíochta inbhuanaithe, ba cheart dóibh faisnéis a nochtadh ar a mbeartais chun measúnú a dhéanamh ar dhea-chleachtais cuideachtaí infheistiúcháin.

(19)

Le hAirteagal 8(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2019/2088 ceanglaítear ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chuireann táirgí airgeadais ar fáil a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn agus a úsáideann innéacs ainmnithe mar thagarmharc, ceanglaítear orthu a nochtadh cibé acu atá nó nach bhfuil an t-innéacs sin comhsheasmhach leis na saintréithe sin agus an chaoi a bhfuil an t-innéacs comhsheasmhach leo. I gcontrárthacht leis sin, le hAirteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2019/2088, ceanglaítear ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chuireann táirgí airgeadais ar fáil arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh agus a úsáideann innéacs ainmnithe mar thagarmharc, ceanglaítear orthu a nochtadh cén chaoi a ndéantar an t-innéacs sin a ailíniú leis an gcuspóir infheistíochta sin agus cén fáth agus cén chaoi a bhfuil an t-innéacs ainmnithe sin éagsúil le hinnéacs leathan margaidh. I gcás na dtáirgí airgeadais sin, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, dá bhrí sin, a léiriú go soiléir gurb iomchuí dearadh an innéacs ainmnithe chun an cuspóir infheistíochta inbhuanaithe sonraithe a bhaint amach agus go n-áirithítear le straitéis an táirge airgeadais go bhfuil an táirge airgeadais ailínithe go leanúnach leis an innéacs sin. Dá bhrí sin, ba cheart nochtaí modheolaíochta a dhéanamh ar leibhéal innéacs le haghaidh na dtáirgí airgeadais sin.

(20)

Is féidir le rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais modhanna infheistíochta éagsúla a úsáid chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na táirgí airgeadais a chuireann siad ar fáil na saintréithe comhshaoil nó sóisialta, nó go mbainfidh siad an cuspóir infheistíochta inbhuanaithe amach. Is féidir le rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais infheistiú go díreach in urrúis arna n-eisiúint ag cuideachtaí infheistiúcháin nó infheistíochtaí indíreacha a dhéanamh. Ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a bheith trédhearcach maidir leis an sciar dá n-infheistíochtaí a choinnítear go díreach agus an sciar a choinnítear go hindíreach. Go háirithe, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil úsáid díorthach comhoiriúnach leis na saintréithe comhshaoil nó sóisialta a chuireann an táirge airgeadais chun cinn nó leis an gcuspóir infheistíochta inbhuanaithe.

(21)

Chun soiléireacht a áirithiú d’infheisteoirí deiridh, ba cheart a shoiléiriú le faisnéis réamhchonarthach maidir le táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn, trí ráiteas, nach í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir do na táirgí sin. Chun na críche céanna, agus chun cothroime iomaíochta a áirithiú le táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh, i gcás faisnéis réamhchonarthach, faisnéis suímh gréasáin agus faisnéis thréimhsiúil maidir le táirgí a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn, ba cheart cion na n-infheistíochtaí inbhuanaithe a lua iontu freisin.

(22)

Le hAirteagal 2, pointe (17), de Rialachán (AE) 2019/2088 sainmhínítear infheistíocht inbhuanaithe mar infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn le cuspóir comhshaoil nó sóisialta, nó infheistíocht i gcaipiteal daonna nó i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste go heacnamaíoch nó go sóisialta, ar choinníoll nach ndéanann na hinfheistíochtaí sin dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí sin agus go leanann na cuideachtaí infheistiúcháin dea-chleachtais rialachais. Tá tábhacht ar leith leis an bprionsabal “ná déan aon dochar suntasach” le haghaidh táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh ós rud é go bhfuil comhlíontacht leis an bprionsabal sin ina critéar lena bhfuil gá chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann infheistíocht an cuspóir infheistíochta inbhuanaithe amach. Tá an prionsabal sin ábhartha freisin, áfach, le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn i gcás ina ndéanann na táirgí airgeadais sin infheistíochtaí inbhuanaithe, ós rud é gur cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais cion na n-infheistíochtaí inbhuanaithe a rinneadh a nochtadh. Rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chuireann táirgí airgeadais ar fáil a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn a dhéanann infheistíochtaí inbhuanaithe go páirteach nó táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh, ba cheart dóibh, dá réir sin, faisnéis a sholáthar a bhaineann leis an bprionsabal “ná déan aon dochar suntasach”. Tá an prionsabal “ná déan aon dochar suntasach” nasctha le nochtaí dhrochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta. Ar an gcúis sin, i gcás nochtaí táirge airgeadais maidir leis an bprionsabal “ná déan aon dochar suntasach” ba cheart míniú a thabhairt iontu ar an gcaoi ar cuireadh táscairí drochthionchar san áireamh. Thairis sin, ós rud é go bhfuil na nochtaí sin nasctha go dlúth le Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), is iomchuí faisnéis bhreise a cheangal ar ailíniú na n-infheistíochtaí leis na coimircí íosta a leagtar amach sa Rialachán sin.

(23)

Chun é a chur ar chumas infheisteoirí deiridh tuiscint níos fearr a fháil ar na straitéisí infheistíochta a thairgtear, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais úsáid a bhaint as nochtaí suímh gréasáin ó thaobh na hinbhuanaitheachta de chun ábhair a nochtar a fhorbairt ar bhealach beacht i ndoiciméid réamhchonarthacha agus faisnéis bhreise atá ábhartha maidir leis na hinfheisteoirí deiridh sin a sholáthar. Sula dtugtar conradh i gcrích, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais infheisteoirí deiridh a chur ar an eolas gur féidir tuilleadh faisnéise mionsonraithe táirgeshonraí a fháil ar an suíomh gréasáin agus hipearnasc chuig an bhfaisnéis sin a sholáthar dóibh.

(24)

Leis an nochtadh táirge suímh gréasáin ba cheart mionsonraí breise a sholáthar maidir leis an straitéis infheistíochta a úsáidtear le haghaidh an táirge airgeadais lena mbaineann, lena n-áirítear an beartas chun measúnú a dhéanamh ar dhea-rialachas cuideachtaí infheistiúcháin, agus na modheolaíochtaí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an táirge airgeadais na saintréithe comhshaoil nó sóisialta, nó a bhaineann nó nach mbaineann sé cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe amach. Thairis sin, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais achoimre shoiléir, ghonta agus intuigthe a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin ar an bhfaisnéis a sholáthraítear mar chuid den tuairisciú tréimhsiúil.

(25)

I leith ábhar na nochtaí tréimhsiúla a cheanglaítear le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2088, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tacar íosta táscairí caighdeánaithe agus inchomparáide cainníochtúla agus cáilíochtúla a nochtadh a léiríonn an chaoi a gcomhlíonann gach táirge airgeadais na saintréithe comhshaoil nó sóisialta a chuireann sé chun cinn nó an cuspóir infheistíochta inbhuanaithe arb é is aidhm dó a bhaint amach. Ba cheart na táscairí sin a bheith ábhartha maidir le dearadh agus straitéis infheistíochta an táirge airgeadais mar a thugtar tuairisc air i bhfaisnéis réamhchonarthach an táirge airgeadais. Go háirithe, chun comhsheasmhacht a áirithiú idir nochtaí réamhchonarthacha agus nochtaí tréimhsiúla, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisciú a dhéanamh ina nochtaí tréimhsiúla ar na táscairí inbhuanaitheachta sonracha a luaitear san fhaisnéis réamhchonarthach agus a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíontar na saintréithe comhshaoil nó sóisialta nó a mbaintear an cuspóir infheistíochta inbhuanaithe amach.

(26)

Is gá a áirithiú go mbeidh forbhreathnú soiléir ag infheisteoirí deiridh ar infheistíochtaí an táirge airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faisnéis a sholáthar sna tuarascálacha tréimhsiúla a cheanglaítear le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2088 maidir le tionchair na gcúig infheistíocht déag is tábhachtaí de chuid an táirge airgeadais. Ba cheart na hinfheistíochtaí is tábhachtaí sin a roghnú ar bhonn na n-infheistíochtaí a sheasann don chion is mó de na hinfheistíochtaí le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil, a ríomhtar ag eatraimh iomchuí le bheith ionadaíoch don tréimhse sin. I gcás ina seasann níos lú ná cúig infheistíocht déag do leath d’infheistíochtaí an táirge airgeadais, áfach, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faisnéis a sholáthar maidir leis na hinfheistíochtaí sin agus maidir leo sin amháin. Thairis sin, chun inchomparáideacht leordhóthanach a áirithiú le himeacht ama, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais comparáid stairiúil a sholáthar bliain ar bhliain ar a dtuarascálacha tréimhsiúla ar feadh ar a laghad na gcúig thréimhse roimhe sin, ar choinníoll go bhfuil tuarascálacha tréimhsiúla le haghaidh na dtréimhsí sin ar fáil.

(27)

Rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chuireann táirgí airgeadais ar fáil a úsáideann tagarmharc chun saintréithe comhshaoil nó sóisialta a chomhlíonadh, nó chun an cuspóir infheistíochta inbhuanaithe a bhaint amach, ba cheart dóibh a bheith trédhearcach maidir le cé chomh maith agus atá an táirge airgeadais in ann fanacht i gcomhréir leis an tagarmharc ainmnithe nuair is é is aidhm dó an tsaintréith nó an cuspóir sin a chomhlíonadh nó a bhaint amach. Ar an gcúis sin, agus chun comhsheasmhacht a chothú leis na nochtaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) a cheanglaítear ar leibhéal tagarmhairc le Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais comparáid a dhéanamh ina dtuarascálacha tréimhsiúla idir feidhmíocht an táirge airgeadais lena mbaineann agus feidhmíocht an tagarmhairc ainmnithe le haghaidh na dtáscairí inbhuanaitheachta sin uile atá ábhartha chun bunús a thabhairt go bhfuil an tagarmharc ainmnithe ailínithe le saintréithe comhshaoil nó sóisialta an táirge airgeadais nó a chuspóir infheistíochta inbhuanaithe. Leis an gcomparáid sin, ba cheart é a chur ar chumas infheisteoirí deiridh freisin a chinneadh go soiléir cá mhéid a fheidhmíonn an táirge airgeadais ar bhealach inbhuanaithe i gcomparáid le feidhmíocht táirge príomhshrutha.

(28)

Is gá a áirithiú go mbeidh infheisteoirí deiridh in ann tairbhiú de na nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de i ndáil le tairiscint ar tháirge airgeadais ó rannpháirtí sa mhargadh airgeadais ó Bhallstát eile. Dá bhrí sin, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais achoimre a sholáthar ar an bhfaisnéis a sholáthraítear sna nochtaí sin ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, agus sin i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta. I gcás ina gcuirtear táirge airgeadais ar fáil lasmuigh den Bhallstát ina bhfuil an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais bunaithe, ba cheart achoimre ar an bhfaisnéis sin a sholáthar freisin i gceann de na teangacha oifigiúla de chuid an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge airgeadais ar fáil.

(29)

Is gá inchomparáideacht an ráitis drochthionchar príomha, na nochtaí réamhchonarthacha agus na nochtaí tréimhsiúla a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2019/2088 a áirithiú, agus a áirithiú gurb éasca d’infheisteoirí deiridh an fhaisnéis sin a thuiscint. Is iomchuí, dá bhrí sin, teimpléid chaighdeánacha a leagan amach le haghaidh chur i láthair na faisnéise sin. Ar an gcúis chéanna, ba cheart go n-áireofaí sna teimpléid sin míniúcháin achoimre ar na príomhthéarmaí a úsáidtear sna teimpléid sin.

(30)

Féadfaidh táirgí airgeadais áirithe réimse roghanna bunúsacha infheistíochta a thairiscint d’infheisteoirí deiridh. Is gá a áirithiú go gcuirfear infheisteoirí deiridh ar an eolas faoi fheidhmíocht inbhuanaitheachta féideartha na dtáirgí sin, agus go gceanglaítear ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faisnéis a sholáthar maidir leis na roghanna sin a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn nó roghanna arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh. Leis an bhfaisnéis sin ba cheart a shoiléiriú gurb amhlaidh, i gcás táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn, atá a mhéid a chomhlíonann na táirgí sin na saintréithe sin faoi réir chion na roghanna a roghnaíonn an t-infheisteoir deiridh a chuireann na saintréithe sin chun cinn agus na tréimhse ama ina n-infheistíonn an t-infheisteoir deiridh sna roghanna sin. Leis an bhfaisnéis sin ba cheart a shoiléiriú freisin, i gcás táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh, nach mór gurb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir do na roghanna bunúsacha infheistíochta uile. Le táirgí airgeadais áirithe tairgtear réimse roghanna bunúsacha infheistíochta d’infheisteoirí deiridh, agus ceann amháin nó níos mó de na roghanna bunúsacha infheistíochta ag cáiliú mar tháirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn. Chun trédhearcacht iomlán a sholáthar, is den tábhacht a áirithiú go gcumhdaíonn faisnéis maidir leis na táirgí airgeadais sin na roghanna sin freisin. Is ann do tháirgí airgeadais freisin ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na roghanna bunúsacha infheistíochta ina dtáirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh. Sa chás sin freisin, ba cheart an fhaisnéis maidir leis na táirgí sin na roghanna sin a chumhdach. Is ann do tháirgí airgeadais freisin le ceann amháin nó níos mó de na roghanna bunúsacha infheistíochta arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh, ach nach táirgí airgeadais na roghanna sin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12) de Rialachán (AE) 2019/2088. Ós rud é go bhfuil na roghanna sin laistigh de tháirge airgeadais foriomlán faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2019/2088 agus gurb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh, is iomchuí a cheangal go soláthrófar faisnéis íosta maidir lena gcuspóir infheistíochta inbhuanaithe.

(31)

Nochtaí réamhchonarthacha le haghaidh táirgí airgeadais a thairgeann réimse roghanna bunúsacha infheistíochta, ba cheart dóibh leibhéal iomchuí faisnéise ó thaobh na hinbhuanaitheachta de a sholáthar ar an táirge airgeadais go foriomlán. Ba cheart liosta achoimre a sholáthar d’infheisteoirí deiridh ar na roghanna bunúsacha infheistíochta ó thaobh na hinbhuanaitheachta de agus léiriú soiléir ar an áit ar féidir faisnéis ó thaobh na hinbhuanaitheachta de maidir leis na roghanna sin a aimsiú. Leis an liosta sin ba cheart a áirithiú go ndéanfar na roghanna bunúsacha infheistíochta a chatagóiriú go hiomchuí i dtéarmaí an chuspóra infheistíochta inbhuanaithe agus chur chun cinn na saintréithe comhshaoil nó sóisialta.

(32)

Leis an bhfaisnéis ó thaobh na hinbhuanaitheachta de a chur san áireamh go díreach i bhfoirm iarscríbhinní a ghabhann leis na nochtaí réamhchonarthacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/2088, féadfar cosc a chur ar infheisteoir deiridh nochtadh soiléir agus beacht a fháil toisc go bhféadfaidh an táirge airgeadais réimse leathan roghanna bunúsacha infheistíochta agus líon comhfhreagrach iarscríbhinní faisnéise a thairiscint. Sna cásanna sin, ba cheart a cheadú go soláthraítear an fhaisnéis sin trí thagairt do nochtaí eile a dhéantar de bhun Treoracha, Rialachán nó an dlí náisiúnta. Ar an gcuma chéanna, i gcás nochtaí tréimhsiúla a bhaineann le táirgí airgeadais a thairgeann réimse roghanna bunúsacha infheistíochta, níor cheart baint a bheith ag an bhfaisnéis thréimhsiúil ach amháin leis na roghanna infheistíochta a infheistítear iontu, toisc go rialaíonn na roghanna infheistíochta a infheistítear iarbhír a mhéid a chomhlíonann an táirge airgeadais na saintréithe comhshaoil nó sóisialta a chuireann sé chun cinn nó a bhaineann sé a chuspóir infheistíochta inbhuanaithe amach.

(33)

Le Rialachán (AE) 2020/852 leasaíodh Rialachán (AE) 2019/2088 trína cheangal ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faisnéis a áireamh i nochtaí réamhchonarthacha agus tréimhsiúla na dtáirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh agus a infheistíonn i ngníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn le cuspóir comhshaoil de réir bhrí Airteagal 2, pointe (17), den Rialachán sin, ar faisnéis í maidir leis an gcuspóir comhshaoil mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/852, agus tuairisc ar an gcaoi agus an méid atá na hinfheistíochtaí mar bhonn leis an táirge airgeadais i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán sin. Ina theannta sin, ceanglaítear le Rialachán (AE) 2019/2088 anois freisin ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faisnéis a áireamh i nochtaí réamhchonarthacha agus tréimhsiúla na dtáirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil chun cinn, ar faisnéis í is gá i gcás táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh agus a infheistíonn i ngníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn le cuspóir comhshaoil de réir bhrí an Rialacháin sin. Is gá a chur ar chumas infheisteoirí deiridh comparáid a dhéanamh go héasca ar leibhéil infheistíochtaí na dtáirgí airgeadais i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, dá bhrí sin, chun críocha Airteagal 6(1) agus 2 agus Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2019/2088, a áireamh sna hiarscríbhinní a ghabhann leis na doiciméid nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus Airteagal 11(2) den Rialachán (AE) sin, léirithe grafacha ar infheistíochtaí den sórt sin ar bhonn méadrach caighdeánaithe, arb é atá san uimhreoir luach margaidh na n-infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus arb é atá san ainmneoir luach margaidh na n-infheistíochtaí uile. Chun faisnéis iontaofa a sholáthar d’infheisteoirí deiridh, ba cheart a áireamh san uimhreoir luach margaidh na n-infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin arb é atá ann cion ghníomhaíochtaí eacnamaíocha na gcuideachtaí infheistiúcháin sin atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus fáltais na n-urrús fiachais i gcás ina gceanglaítear le téarmaí na n-urrús fiachais go n-úsáidtear na fáltais sin le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Chun na hinfheistíochtaí uile a ghabháil, ar infheistíochtaí iad lena bhféadfar gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a mhaoiniú, ba cheart go bhféadfaí a áireamh san uimhreoir sócmhainní bonneagair, sócmhainní réadmhaoine, sócmhainní urrúsaithe agus infheistíochtaí i dtáirgí airgeadais eile dá dtagraítear in Airteagal 5, an chéad mhír, agus Airteagal 6, an chéad mhír, de Rialachán (AE) 2020/852. Is de dheasca easpa modheolaíochtaí iontaofa chun a chinneadh a mhéid gur neamhchosaintí ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de iad na neamhchosaintí a bhaintear amach trí dhíorthaigh, nár cheart neamhchosaintí den sórt sin a áireamh san uimhreoir. Ba cheart luach margaidh na n-infheistíochtaí uile a bheith san ainmneoir.

(34)

Níl aon mhodheolaíocht iomchuí ann faoi láthair chun a ríomh a mhéid gur neamhchosaintí ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de iad na neamhchosaintí ar rialtais láir, ar bhainc cheannais agus ar eisitheoirí fornáisiúnta (“neamhchosaintí ceannasacha”). Chun feasacht a ardú maidir le hinfheisteoirí deiridh, is iomchuí méid na n-infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a ríomh agus a léiriú go grafach ar dhá bhealach. Áirítear ar an gcéad bhealach cead a thabhairt infheistíochtaí in urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir, bainc cheannais agus eisitheoirí fornáisiúnta a chur san áireamh san uimhreoir i gcás ina gceanglaítear le téarmaí na n-urrús fiachais go n-úsáidtear na fáltais sin le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus cead a thabhairt infheistíochtaí in urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir, bainc cheannais agus eisitheoirí fornáisiúnta a chur san áireamh san ainmneoir, gan beann ar úsáid na bhfáltas. Chun bonn eolais breise a chur faoi chinntí infheistíochta na n-infheisteoirí deiridh, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais míniú a thabhairt ar cén fáth nach bhfuil neamhchosaintí ceannasacha áirithe i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear i gcás inarb amhlaidh de dheasca easpa modheolaíochta chun a ríomh a mhéid gur neamhchosaintí ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de iad na neamhchosaintí sin. Áirítear ar an dara bealach neamhchosaintí ceannasacha a eisiamh ón uimhreoir agus ón ainmneoir, rud a fheabhsóidh inchomparáideacht i measc táirgí airgeadais tuilleadh agus a chuirfidh ar chumas infheisteoirí deiridh measúnú a dhéanamh ar a mhéid a infheistíonn táirgí airgeadais i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de gan neamhchosaintí ceannasacha a bheith san áireamh.

(35)

Ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a bheith in ann brath ar sholáthraithe sonraí tríú páirtí, i gcás nár chomhlíon gnóthais an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 go fóill, faisnéis a nochtadh maidir leis an gcaoi agus a mhéid a bhaineann a gcuid gníomhaíochtaí le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagail 3 agus 9 den Rialachán sin. I gcás an mheasúnaithe ar infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin nach bhfuil faoi réir na nochtaí a cheanglaítear le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais na sonraí a tuairiscíodh go poiblí a mheasúnú agus a úsáid. Sa chás nach bhfuil na sonraí sin ar fáil, agus sa chás sin amháin, ba cheart cead a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais sonraí a fuarthas go díreach ó chuideachtaí infheistiúcháin nó ó thríú páirtithe a úsáid i ngach cás, ar choinníoll go bhfuil na sonraí a chuirtear ar fáil faoi na nochtaí sin coibhéiseach leis na sonraí a chuirtear ar fáil faoi na nochtaí a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal 8 sin.

(36)

Is gá a áirithiú go ndéanfaidh táirgí airgeadais faisnéis a nochtadh go comhsheasmhach maidir lena mhéid gurb infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de iad na hinfheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin is gnóthais neamhairgeadais, faoi Airteagail 3 agus 9 de Rialachán (AE) 2020/852. Chuige sin, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais cion an láimhdeachais, an chaiteachais chaipitiúil agus an chaiteachais oibriúcháin a roghnú chun an t-eochairtháscaire feidhmíochta in aghaidh an táirge airgeadais a ríomh chun an méid sin a thomhas, agus ba cheart dóibh an roghnú sin a nochtadh sna hiarscríbhinní a ghabhann leis na doiciméid nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/2088. Chun inchomparáideacht a áirithiú i measc táirgí airgeadais agus chun go dtuigfidh infheisteoirí deiridh go héasca é, mar réamhshocrú, ba cheart gurbh é láimhdeachas an t-eochairtháscaire feidhmíochta. Níor cheart caiteachas caipitiúil nó caiteachas oibriúcháin a úsáid ach amháin i gcás ina dtugtar údar don úsáid sin le gnéithe an táirge airgeadais, go háirithe i gcás ina bhfuil caiteachas caipitiúil nó caiteachas oibriúcháin ina léiriú níos fearr ar a mhéid a infheistíonn na táirgí airgeadais sin i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus ar choinníoll go dtugtar míniú ar an úsáid sin. I gcás cuideachtaí infheistiúcháin is gnóthais airgeadais, mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe 8, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún (6), ba cheart an inchomparáideacht a bhaint amach trína cheangal go n-úsáidfear an t-eochairtháscaire feidhmíochta céanna le haghaidh na ngnóthas airgeadais den chineál céanna. I gcás gnóthais árachais nó gnóthais athárachais a dhéanann gníomhaíochtaí frithgheallta neamhshaoil, ba cheart go bhféadfaí an infheistíocht agus na heochairtháscairí feidhmíochta frithgheallta a chomhcheangal in aon eochairtháscaire feidhmíochta amháin. Chun trédhearcacht a chur chun cinn i measc infheisteoirí deiridh, is gá a cheangal go soláthrófar leis na nochtaí tréimhsiúla, maidir leis an gcaoi agus a mhéid a rinneadh na hinfheistíochtaí atá mar bhonn leis an táirge airgeadais i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, go soláthrófar leo comparáid le cion spriocdhírithe na n-infheistíochtaí sna gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin atá i gceist sna nochtaí réamhchonarthacha. Chun inchomparáideacht agus trédhearcacht a áirithiú, ba cheart a léiriú leis na nochtaí tréimhsiúla a mhéid a rinneadh na hinfheistíochtaí sna gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin de réir láimhdeachais, caiteachas caipitiúil agus caiteachas oibríochtúil.

(37)

Tá forálacha an Rialacháin seo nasctha go dlúth le chéile, ós rud é go ndéileáiltear leo uile leis an bhfaisnéis nach mór do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus do chomhairleoirí airgeadais a sholáthar i ndáil le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de in earnáil na seirbhísí airgeadais a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) 2019/2088. Chun comhleanúnachas idir na forálacha sin a áirithiú, ar cheart a dteacht i bhfeidhm a bheith ann an tráth céanna, agus chun dearcadh cuimsitheach a éascú do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus do chomhairleoirí airgeadais ar a n-oibleagáidí faoin Rialachán sin, is iomchuí na caighdeáin theicniúla rialála uile a cheanglaítear le hAirteagal 2a(3), Airteagal 4(6), an tríú fomhír, Airteagal 4(7), an dara fomhír, Airteagal 8(3), an ceathrú fomhír, Airteagal 8(4), an ceathrú fomhír, Airteagal 9(5), an ceathrú fomhír, Airteagal 9(6), an ceathrú fomhír, Airteagal 10(2), an ceathrú fomhír, Airteagal 11(4), an ceathrú fomhír, agus Airteagal 11(5), an ceathrú fomhír, a áireamh i Rialachán amháin.

(38)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha) faoi bhráid an Choimisiúin.

(39)

Rinne Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(40)

Is gá a chur ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais oiriúnú do na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe seo. Ba cheart, dá bhrí sin, dáta a chur i bhfeidhm a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2023. Is gá, áfach, a cheangal ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a bhreithnigh drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/2088, nó mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(3) nó (4) den Rialachán sin, faoin 31 Nollaig 2022, go bhfoilseoidh siad den chéad uair an fhaisnéis maidir leis na tionchair sin ar a suíomhanna gréasáin i ranna ar leith dar teideal “Ráiteas maidir le drochthionchair phríomha cinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta” faoin 30 Meitheamh 2023 don tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

SAINMHÍNITHE AGUS FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “gnóthas airgeadais” BCIM mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), cuideachta infheistíochta arna húdarú i gcomhréir le hAirteagail 27, 28 agus 29 de Threoir 2009/65/CE nár ainmnigh cuideachta bainistíochta arna húdarú i gcomhréir le hAirteagail 6, 7 agus 8 den Treoir sin le haghaidh a bhainistithe, institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1), de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), gnóthas athárachais ar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (4), de Threoir 2009/138/CE, nó aon eintiteas tríú tír a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla, atá faoi réir dlíthe tríú tír agus atá faoi mhaoirseacht údaráis maoirseachta tríú tír;

(2)

ciallaíonn “gnóthas neamhairgeadais” gnóthas nach gnóthas airgeadais é, mar a shainmhínítear i bpointe (1);

(3)

ciallaíonn “neamhchosaint cheannasach” neamhchosaint ar rialtais láir, ar bhainc cheannais agus ar eisitheoirí fornáisiúnta;

(4)

ciallaíonn “gníomhaíocht eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de” gníomhaíocht eacnamaíoch atá comhlíontach leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852;

(5)

ciallaíonn “gníomhaíocht eacnamaíoch idirthréimhseach” gníomhaíocht eacnamaíoch atá comhlíontach leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852;

(6)

ciallaíonn “gníomhaíocht eacnamaíoch chumasúcháin” gníomhaíocht eacnamaíoch atá comhlíontach leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2020/852.

Airteagal 2

Prionsabail ghinearálta le haghaidh chur i láthair na faisnéise

1.   Soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo saor in aisce agus ar bhealach atá inrochtana go héasca, neamh-idirdhealaitheach, feiceálach, simplí, beacht, sothuigthe, cothrom, soiléir agus ar bhealach nach bhfuil míthreorach. Déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo a chur i láthair agus a leagan amach ar bhealach atá soléite, úsáidfidh siad carachtair atá inléite ó thaobh méide de agus úsáidfidh siad stíl a éascaíonn an tuiscint uirthi. Féadfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais méid agus cineál clófhoirne na gcarachtar agus na ndathanna a úsáidtear sna teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinní I go V a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú.

2.   Soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo i bhformáid leictreonach inchuardaithe, mura gceanglaítear a mhalairt leis an reachtaíocht earnálach dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2019/2088.

3.   Coimeádfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais an fhaisnéis a fhoilsítear ar a suíomhanna gréasáin i gcomhréir leis an Rialachán seo cothrom le dáta. Luafaidh siad go soiléir dáta foilseacháin na faisnéise agus má thugtar aon fhaisnéis cothrom le dáta, luafar an dáta a dhéantar sin freisin. I gcás ina gcuirtear an fhaisnéis i láthair mar chomhad in-íoslódáilte, léireoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais stair an leagain sa chomhadainm.

4.   Soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais, i gcás ina mbeidh fáil orthu, aitheantóirí eintitis dhlítheanaigh (LEInna) agus uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISINanna) agus tagairt á déanamh d’eintitis nó do tháirgí airgeadais san fhaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tagarmharcanna le hinnéacsanna bascaeid

I gcás ina bhfuil innéacs atá ainmnithe mar thagarmharc comhdhéanta de bhascaed innéacsanna, soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais an fhaisnéis a bhaineann leis an innéacs sin i leith an bhascaeid sin agus gach innéacs sa bhascaed sin.

CAIBIDIL II

TRÉDHEARCACHT MAIDIR LE DROCHTHIONCHAIR AR THOSCA INBHUANAITHEACHTA

ROINN 1

Rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais

Airteagal 4

Ráiteas ó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais go mbreithníonn siad drochthionchair phríomha a gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta

1.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, foilseoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/2088, nó Airteagal 4(3) nó Airteagal 4(4) den Rialachán sin, ar a suíomhanna gréasáin i roinn ar leith dar teideal: “Ráiteas maidir le drochthionchair phríomha cinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta”, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/2088, in Airteagal 4(2), (3) agus (4) den Rialachán sin, agus in Airteagail 4 go 10 den Rialachán seo. Cumhdóidh an fhaisnéis sin an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig den bhliain roimhe sin, agus foilseofar í sa roinn “Nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de” dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán seo.

2.   Foilseoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an ráiteas dá dtagraítear i mír 1 i bhformáid an teimpléid a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I.

3.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a fhoilsíonn an ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2019/2088, nó Airteagal 4(3) nó Airteagal 4(4) den Rialachán sin den chéad uair, cumhdóidh an fhaisnéis i mír 1 an tréimhse ón dáta a breithníodh drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta den chéad uair go dtí an 31 Nollaig an bhliain sin. Foilseoidh na rannpháirtithe sin sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis sa ráiteas dá dtagraítear i mír 1 faoin 30 Meitheamh an bhliain dár gcionn.

Airteagal 5

Roinn achoimre

Sa roinn achoimre i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, áiritheoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an méid uile seo a leanas:

(a)

ainm an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais lena mbaineann an ráiteas maidir le drochthionchair inbhuanaitheachta;

(b)

gurb amhlaidh go mbreithnítear drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta;

(c)

tréimhse thagartha an ráitis;

(d)

achoimre ar na drochthionchair phríomha.

Dréachtófar an roinn achoimre i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I i ngach ceann de na teangacha seo a leanas:

(a)

ceann de na teangacha oifigiúla de Bhallstát baile an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais agus, murab ionann iad, i dteanga bhreise is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta;

(b)

i gcás ina ndéantar táirge airgeadais de chuid an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais a chur ar fáil i mBallstát óstach, ceann de na teangacha oifigiúla de chuid an Bhallstáit óstaigh sin.

Beidh fad uasta dhá thaobh de pháipéar A4 ag an roinn achoimre nuair a chuirtear i gcló í.

Airteagal 6

Tuairisc ar dhrochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta

1.   Sa roinn “Tuairisc ar na drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta” i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, líonfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais isteach na réimsí uile a bhaineann leis na táscairí atá bainteach le drochthionchair phríomha a gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta, agus cuirfidh siad an méid uile seo a leanas isteach:

(a)

faisnéis maidir le táscaire breise amháin nó níos mó a bhaineann leis an aeráid nó leis an gcomhshaol, mar a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I;

(b)

faisnéis maidir le táscaire breise amháin nó níos mó maidir le hábhair shóisialta agus fostaithe, urraim do chearta an duine, ábhair frithéillithe agus frithbhreabaireachta, mar a leagtar amach i dTábla 3 d’Iarscríbhinn I;

(c)

faisnéis maidir le haon táscaire eile a úsáidtear chun drochthionchair phríomha bhreise ar thoisc inbhuanaitheachta a shainaithint agus a mheasúnú.

2.   Sa roinn “Tuairisc ar na drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta” i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar na gníomhaíochtaí a rinneadh i rith na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin agus gníomhaíochtaí atá beartaithe nó spriocanna atá socraithe le haghaidh na tréimhse ina dhiaidh sin ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig chun na drochthionchair phríomha a sheachaint nó a laghdú.

3.   Rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais sna colúin “Tionchar” sa roinn “Tuairisc ar na drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta” i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, áireoidh siad figiúr ar thionchar mar mheán na dtionchar an 31 Márta, an 30 Meitheamh, an 30 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig de gach tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig.

Airteagal 7

Tuairisc ar bheartais chun drochthionchair phríomha cinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta a shainaithint agus tosaíocht a thabhairt dóibh

1.   Sa roinn “Tuairisc ar bheartais chun drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta a shainaithint agus tosaíocht a thabhairt dóibh” i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar a mbeartais chun drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta a shainaithint agus tosaíocht a thabhairt dóibh agus ar an gcaoi a gcoimeádtar na beartais sin cothrom le dáta agus a gcuirtear i bhfeidhm iad, lena n-áirítear an méid uile seo a leanas:

(a)

an dáta a d’fhormheas comhlacht rialaithe an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais na beartais sin;

(b)

an chaoi a ndéantar an fhreagracht le haghaidh chur chun feidhme na mbeartas sin laistigh de straitéisí agus nósanna imeachta eagraíochtúla a leithdháileadh;

(c)

na modheolaíochtaí chun na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointí (a), (b) agus (c) a roghnú agus chun na drochthionchair phríomha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) a shainaithint agus a mheasúnú, agus go háirithe míniú ar an gcaoi a gcuirtear san áireamh leis na modheolaíochtaí sin an dóchúlacht go dtarlódh na drochthionchair phríomha agus déine na ndrochthionchar sin, lena n-áirítear a gcarachtar a d’fhéadfadh a bheith doleigheasta;

(d)

aon lamháil earráide chomhlachaithe laistigh de na modheolaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo, le míniú ar an lamháil sin;

(e)

na foinsí sonraí a úsáideadh.

2.   I gcás nach mbeidh faisnéis a bhaineann le haon cheann de na táscairí a úsáidtear ar fáil go héasca, áireoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais sa roinn “Tuairisc ar bheartais chun drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta a shainaithint agus tosaíocht a thabhairt dóibh” i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I mionsonraí ar na hiarrachtaí is fearr a úsáideadh chun an fhaisnéis a fháil go díreach ó chuideachtaí infheistiúcháin, nó trí thaighde breise a dhéanamh, comhoibriú le soláthraithe sonraí tríú páirtí nó saineolaithe seachtracha nó toimhdí réasúnacha a dhéanamh.

Airteagal 8

Roinn beartas rannpháirtíochta

1.   Sa roinn “Beartais rannpháirtíochta” i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis uile seo a leanas:

(a)

i gcás inarb infheidhme, achoimrí gairide ar na beartais rannpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 3g de Threoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14);

(b)

achoimrí gairide ar aon bheartas rannpháirtíochta eile chun drochthionchair phríomha a laghdú.

2.   Beidh tuairisc ar an méid uile seo a leanas sna hachoimrí gairide dá dtagraítear i mír 1:

(a)

na táscairí le haghaidh drochthionchair a bhreithnítear sna beartais rannpháirtíochta dá dtagraítear i mír 1;

(b)

an chaoi a n-oiriúnófar na beartais rannpháirtíochta sin i gcás nach mbeidh aon laghdú ann ar na drochthionchair phríomha thar bhreis agus tréimhse amháin ar a dtuairiscítear.

Airteagal 9

Tagairtí don roinn caighdeán idirnáisiúnta

1.   Sa roinn “Tagairtí do chaighdeáin idirnáisiúnta” i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann siad cóid iompair gnó fhreagraigh agus caighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta maidir le dícheall cuí agus tuairisciú, agus i gcás go gcomhlíonfaidh, tabharfaidh siad tuairisc ar a mhéid a chomhlíonann siad na caighdeáin sin, agus, i gcás inarb ábhartha, méid a n-ailínithe le cuspóirí Chomhaontú Pháras.

2.   Sa tuairisc dá dtagraítear i mír 1 beidh faisnéis maidir leis an méid uile seo a leanas:

(a)

na táscairí a úsáidtear chun na drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1) a bhreithniú lena dtomhaistear an comhlíonadh nó an t-ailíniú dá dtagraítear i mír 1;

(b)

an mhodheolaíocht agus na sonraí a úsáidtear chun an comhlíonadh nó an t-ailíniú dá dtagraítear i mír 1 a thomhas, lena n-áirítear tuairisc ar raon feidhme an chumhdaigh, ar fhoinsí sonraí agus ar an gcaoi a ndéanann an mhodheolaíocht a úsáidtear drochthionchair phríomha na gcuideachtaí infheistiúcháin a thuar;

(c)

cibé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear cás aeráide réamhbhreathnaitheach agus, má úsáidtear, ainm agus soláthraí an cháis sin agus cathain a dearadh é;

(d)

i gcás nach n-úsáidtear aon chás aeráide réamhbhreathnaitheach, míniú ar an bhfáth a measann an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais go bhfuil cásanna aeráide réamhbhreathnaitheacha ábhartha.

Airteagal 10

Comparáid stairiúil

Rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a thug tuairisc ar na drochthionchair ar thosca inbhuanaitheachta ar feadh tréimhse roimh an tréimhse a bhfuil faisnéis le nochtadh lena haghaidh i gcomhréir le hAirteagal 6, soláthróidh siad sa roinn “Tuairisc ar dhrochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta” i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I comparáid stairiúil ar an tréimhse ar a dtuairiscítear leis an tréimhse ar ar tuairiscíodh roimhe sin agus, ina dhiaidh sin, le gach tréimhse ar ar tuairiscíodh roimhe sin suas leis na cúig thréimhse dheireanacha roimhe sin.

ROINN 2

Comhairleoirí airgeadais

Airteagal 11

Ráiteas ó chomhairleoirí airgeadais go mbreithníonn siad drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta ina gcomhairle árachais nó infheistíochta

1.   Na comhairleoirí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (11), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) 2019/2088 a chuireann Airteagal 4(5), pointe (a), den Rialachán sin i bhfeidhm, foilseoidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(5), pointe (a), den Rialachán sin i roinn ar leith ar a suíomhanna gréasáin dar teideal, ‘Ráiteas maidir le drochthionchair phríomha comhairle árachais ar thosca inbhuanaitheachta’.

2.   Na comhairleoirí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (11), pointí (c) go (f), de Rialachán (AE) 2019/2088 agus a chuireann Airteagal 4(5), pointe (a), den Rialachán sin i bhfeidhm, foilseoidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(5), pointe (a), den Rialachán sin i roinn ar leith ar a suíomhanna gréasáin dar teideal, “Ráiteas maidir le drochthionchair phríomha comhairle árachais ar thosca inbhuanaitheachta”.

3.   Sa ráiteas agus san fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 beidh mionsonraí ar an bpróiseas a úsáideann comhairleoirí airgeadais chun na táirgí airgeadais ar ina leith a thugann siad comhairle a roghnú, lena n-áirítear an méid uile seo a leanas:

(a)

an chaoi a n-úsáideann na comhairleoirí airgeadais an fhaisnéis a fhoilsíonn rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais de bhun an Rialacháin seo;

(b)

cibé acu a rangaíonn nó nach rangaíonn agus a roghnaíonn nó nach roghnaíonn na comhairleoirí airgeadais táirgí airgeadais bunaithe ar na táscairí a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I agus aon táscaire breise agus, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar an modheolaíocht rangaithe agus roghnúcháin a úsáideadh;

(c)

aon chritéar nó aon tairseach bunaithe ar na drochthionchair phríomha a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I a úsáidtear chun táirgí airgeadais a roghnú, nó comhairle a thabhairt ina leith.

ROINN 3

Ráiteas ó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nach mbreithníonn siad drochthionchair na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta, agus ráiteas ó chomhairleoirí airgeadais nach mbreithníonn siad drochthionchair na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta ina gcomhairle infheistíochta nó árachais

Airteagal 12

Ráiteas ó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nach mbreithníonn siad drochthionchair phríomha a gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta

1.   Rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2019/2088, foilseoidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b), den Rialachán sin i roinn ar leith ar a suíomh gréasáin dar teideal “Gan breithniú ar dhrochthionchair cinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta”.

2.   Beidh an méid uile seo a leanas sa ráiteas dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ráiteas feiceálach nach ndéanann an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais aon drochthionchar atá ag a chinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta a bhreithniú;

(b)

na cúiseanna nach ndéanann an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais aon drochthionchar atá ag a chinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta a bhreithniú agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis ar cibé acu a bheartaíonn nó nach mbeartaíonn an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais na drochthionchair sin a bhreithniú trí thagairt do na táscairí a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, agus má bheartaíonn, cathain.

Airteagal 13

Ráiteas ó chomhairleoirí airgeadais nach mbreithníonn siad drochthionchair na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta ina gcomhairle infheistíochta nó árachais

1.   Na comhairleoirí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (11), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) 2019/2088 a chuireann Airteagal 4(5), pointe (b), den Rialachán sin i bhfeidhm, foilseoidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(5), pointe (b), den Rialachán sin i roinn ar leith ar a suíomhanna gréasáin dar teideal, “Gan breithniú ar dhrochthionchair comhairle árachais ar thosca inbhuanaitheachta”.

2.   Na comhairleoirí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (11), pointí (c) go (f), de Rialachán (AE) 2019/2088 a chuireann Airteagal 4(5), pointe (b), den Rialachán sin i bhfeidhm, foilseoidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(5), pointe (b), den Rialachán sin i roinn ar leith ar a suíomhanna gréasáin dar teideal, “Gan breithniú ar dhrochthionchair comhairle infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta”.

3.   Beidh an méid uile seo a leanas sa ráiteas agus san fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2:

(a)

ráiteas feiceálach nach ndéanann an comhairleoir airgeadais aon drochthionchar atá ag cinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta a bhreithniú ina chomhairle infheistíochta ná árachais;

(b)

na cúiseanna nach ndéanann an comhairleoir airgeadais aon drochthionchar atá ag cinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta a bhreithniú ina chomhairle infheistíochta ná árachais agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis ar cibé acu a bheartaíonn nó nach mbeartaíonn an comhairleoir airgeadais na drochthionchair sin a bhreithniú trí thagairt do na táscairí a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, agus má bheartaíonn, cathain.

CAIBIDIL III

NOCHTADH TÁIRGE RÉAMHCHONARTHACH

ROINN 1

Cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta

Airteagal 14

Cur i láthair de chuid rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ar an bhfaisnéis réamhchonarthach atá le nochtadh de bhun Airteagal 8(1), (2) agus (2a) de Rialachán (AE) 2019/2088

1.   Cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais i láthair an fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 8(1), (2) agus (2a) de Rialachán (AE) 2019/2088 i bhformáid an teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Cuirfear an fhaisnéis sin i gceangal mar iarscríbhinn leis na doiciméid nó leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/2088.

2.   Áireoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ráiteas feiceálach i gcorp na ndoiciméad nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán 2019/2088 á rá go bhfuil faisnéis maidir leis na saintréithe comhshaoil nó sóisialta le fáil san iarscríbhinn a ghabhann leis na doiciméid sin nó san fhaisnéis sin.

3.   Soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis uile seo a leanas ag tús na hiarscríbhinne a ghabhann leis na doiciméid nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/2088:

(a)

cibé acu atá nó nach bhfuil sé beartaithe ag an táirge airgeadais aon infheistíocht inbhuanaithe a dhéanamh;

(b)

cibé acu a chuireann nó nach gcuireann an táirge airgeadais saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn, gan infheistíocht inbhuanaithe a bheith mar chuspóir aige.

Airteagal 15

Faisnéis maidir le hinfheistíocht inbhuanaithe sa roinn leithdháilte sócmhainní le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil chun cinn

1.   I gcás na dtáirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6, an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2020/852, soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an méid uile seo a leanas sa roinn “Cá híosmhéid atá infheistíochtaí inbhuanaithe a bhfuil cuspóir comhshaoil acu ailínithe le tacsanomaíocht AE?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II:

(a)

léiriú grafach, i bhfoirm píchairte, ar:

(i)

a mhéid gur gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de iad na hinfheistíochtaí comhiomlánaithe, mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 17(1) go (4) den Rialachán seo;

(ii)

a mhéid gur gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de iad na hinfheistíochtaí comhiomlánaithe, gan neamhchosaintí ceannasacha a chur san áireamh, mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 17(5) den Rialachán seo.

(b)

tuairisc ar na hinfheistíochtaí atá mar bhonn leis na táirgí airgeadais atá i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear cibé acu a bheidh nó nach mbeidh comhlíontacht na n-infheistíochtaí sin leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 faoi réir dearbhú a sholáthraíonn iniúchóir amháin nó níos mó nó athbhreithniú a dhéanann tríú páirtí amháin nó níos mó, agus, más amhlaidh a sholáthraíonn nó a dhéanann, ainm nó ainmneacha an iniúchóra nó an tríú páirtí;

(c)

i gcás ina n-infheistíonn na táirgí airgeadais i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha seachas gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, míniú soiléir ar na cúiseanna atá acu déanamh amhlaidh;

(d)

i gcás ina bhfuil neamhchosaintí ceannasacha ag na táirgí airgeadais agus nach féidir leis na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais measúnú a dhéanamh ar a mhéid a rannchuidíonn na neamhchosaintí sin le gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, míniú insinte ar chion infheistíochtaí iomlána na n-infheistíochtaí a bhfuil na neamhchosaintí sin iontu.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (a), úsáidfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais:

(a)

an t-eochairtháscaire feidhmíochta céanna le haghaidh na n-infheistíochtaí comhiomlánaithe i ngnóthais neamhairgeadais;

(b)

an t-eochairtháscaire feidhmíochta céanna le haghaidh na n-infheistíochtaí comhiomlánaithe i ngnóthais airgeadais den chineál céanna.

I gcás gnóthais árachais agus athárachais a dhéanann gníomhaíochtaí frithgheallta neamhshaoil, leis an eochairtháscaire feidhmíochta féadfar an infheistíocht agus na heochairtháscairí feidhmíochta frithgheallta a chomhcheangal i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178.

3.   Chun críocha mhír 1, pointe (b), áireofar an méid uile seo a leanas sa tuairisc:

(a)

i leith cuideachtaí infheistiúcháin is gnóthais neamhairgeadais, cibé acu a thomhaistear nó nach dtomhaistear a mhéid atá na hinfheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, de réir láimhdeachais, nó cibé acu, mar gheall ar ghnéithe an táirge airgeadais, a chinn nó nár chinn an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais go dtugtar ríomh níos ionadaíche nuair a thomhaistear an méid sin de réir caiteachas caipitiúil nó caiteachas oibriúcháin agus an chúis leis an gcinneadh sin, lena n-áirítear míniú ar cén fáth a bhfuil an cinneadh sin iomchuí le haghaidh infheisteoirí sa táirge airgeadais;

(b)

i gcás nach bhfuil faisnéis maidir lena mhéid atá na hinfheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ar fáil go héasca ó nochtaí poiblí ag cuideachtaí infheistiúcháin, mionsonraí maidir le cibé acu a fuair nó nach bhfuair an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais faisnéis choibhéiseach go díreach ó chuideachtaí infheistiúcháin nó ó sholáthraithe tríú páirtí;

(c)

miondealú ar chion íosta na n-infheistíochtaí sna gníomhaíochtaí eacnamaíocha idirthréimhseacha agus sna gníomhaíochtaí eacnamaíocha chumasúcháin, arna shloinneadh mar chéatadán d’infheistíochtaí uile an táirge airgeadais i ngach cás.

Airteagal 16

Faisnéis maidir le hinfheistíocht inbhuanaithe sa roinn leithdháilte sócmhainní le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe sóisialta chun cinn

I gcás táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn agus lena ngabhann gealltanas maidir le hinfheistíochtaí inbhuanaithe ag a bhfuil cuspóir sóisialta, áiritheoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais cion íosta na n-infheistíochtaí inbhuanaithe sin sa roinn “Cad é an leithdháileadh sócmhainní atá beartaithe don táirge airgeadais seo?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 17

A mhéid atá infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a ríomh

1.   Ríomhfar a mhéid atá infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Image 1

i gcás inarb é atá in “infheistíochtaí an táirge airgeadais i ngníomhaíochtaí eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de” suim luachanna margaidh infheistíochtaí an táirge airgeadais seo a leanas:

(a)

i gcás urrúis fiachais agus chothromais na gcuideachtaí infheistiúcháin, i gcás ina mbaineann cion ghníomhaíochtaí na gcuideachtaí infheistiúcháin sin le gníomhaíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, luach margaidh an chion sin de na hurrúis fiachais nó na cothromais sin;

(b)

i gcás urrúis fiachais seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe (a), i gcás ina gceanglaítear le téarmaí na n-urrús fiachais sin go n-úsáidfear cion na bhfáltas go heisiach ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, luach margaidh an chion sin;

(c)

i gcás bannaí a eisítear faoi reachtaíocht an Aontais maidir le bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, luach margaidh na mbannaí sin;

(d)

i gcás infheistíochtaí i sócmhainní réadmhaoine a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, luach margaidh na n-infheistíochtaí sin;

(e)

i gcás infheistíochtaí i sócmhainní bonneagair a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, luach margaidh na n-infheistíochtaí sin;

(f)

i gcás infheistíochtaí i suíomhanna urrúsaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (19), de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) le neamhchosaintí foluiteacha i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, luach margaidh chion na neamhchosaintí sin;

(g)

i gcás infheistíochtaí i dtáirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5, an chéad mhír, agus Airteagal 6, an chéad mhír, de Rialachán (AE) 2020/852, luach margaidh chion na dtáirgí airgeadais sin ina léirítear a mhéid atá infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, mar a ríomhtar i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Ríomhfar a mhéid atá infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de tríd an modheolaíocht a úsáidtear chun glansuíomhanna gearra a ríomh a leagtar síos in Airteagal 3(4) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) a chur i bhfeidhm.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (a), ríomhfar cion ghníomhaíochtaí na gcuideachtaí infheistiúcháin a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ar bhonn na n-eochairtháscairí feidhmíochta is iomchuí le haghaidh infheistíochtaí na dtáirgí airgeadais trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis seo a leanas:

(a)

i gcás cuideachtaí infheistiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus 2 de Rialachán (AE) 2020/852, na nochtaí arna ndéanamh ag na cuideachtaí infheistiúcháin sin i gcomhréir leis an Airteagal;

(b)

i gcás cuideachtaí infheistiúcháin eile, faisnéis choibhéiseach a fuair an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais go díreach ó chuideachtaí infheistiúcháin nó ó sholáthraithe tríú páirtí.

3.   Le haghaidh na nochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15(1), pointe (a), agus Airteagal 19(1), pointe (a), i gcás cuideachtaí infheistiúcháin is gnóthais neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide faisnéis neamhairgeadais a fhoilsiú de bhun Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 agus gnóthais neamhairgeadais eile nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide sin, úsáidfear láimhdeachas mar an eochairtháscaire feidhmíochta den chineál céanna le haghaidh na ngnóthas neamhairgeadais uile sa ríomh dá dtagraítear i mír 2.

4.   De mhaolú ar mhír 3, i gcás ina dtugtar le caiteachas caipitiúil nó caiteachas oibriúcháin, mar gheall ar ghnéithe an táirge airgeadais, ríomh ar léiriú níos fearr é ar a mhéid atá infheistíocht i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, d’fhéadfadh sé go n-úsáidfí sa ríomh an ceann is iomchuí as an dá eochairtháscaire feidhmíochta sin. I gcás cuideachtaí infheistiúcháin is gnóthais airgeadais atá faoi réir Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2020/852 agus i gcás gnóthais airgeadais eile nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide sin, úsáidfear sa ríomh dá dtagraítear i mír 2 na heochairtháscairí feidhmíochta dá dtagraítear i Roinn 1.1, pointí (b) go (e), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178.

5.   I gcás na nochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15(1), pointe (a)(ii), Airteagal 19(1), pointe (a)(ii), Airteagal 55(1), pointe (b)(iii), agus Airteagal 62(1), pointe (b)(iii), beidh feidhm ag míreanna 1 go 4 den Airteagal seo, ach amháin go n-eisiafar na neamhchosaintí ceannasacha ó ríomh uimhreoir agus ainmneoir na foirmle atá i mír 1.

ROINN 2

Infheistíocht inbhuanaithe mar chuspóir

Airteagal 18

Cur i láthair de chuid rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ar an bhfaisnéis réamhchonarthach le haghaidh táirgí airgeadais atá le nochtadh de bhun Airteagal 9, míreanna 1 go 4a, de Rialachán (AE) 2019/2088

1.   Cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis atá le nochtadh i láthair de bhun Airteagal 9(1) go (4a) de Rialachán (AE) 2019/2088 agus na Roinne seo in iarscríbhinn a ghabhann leis an doiciméad nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/2088. Cuirfidh siad an fhaisnéis i láthair i bhformáid an teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Áireoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ráiteas feiceálach i gcorp an doiciméid nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/2088 á rá go bhfuil faisnéis maidir le hinfheistíocht inbhuanaithe le fáil san iarscríbhinn.

3.   Soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, ag tús na hiarscríbhinne a ghabhann leis na doiciméid nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/2088, ráiteas á rá gurb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir don táirge airgeadais.

Airteagal 19

Faisnéis maidir le hinfheistíocht inbhuanaithe le haghaidh táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

1.   I gcás na dtáirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5, an chéad mhír, de Rialachán (AE) 2020/852, áiritheoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis uile seo a leanas sa roinn “Cad é an leithdháileadh sócmhainní agus cion íosta na n-infheistíochtaí inbhuanaithe?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III:

(a)

léiriú grafach i bhfoirm píchairte:

(i)

i gcomhréir le hAirteagal 15(1), pointe (a)(i), den Rialachán seo;

(ii)

i gcomhréir le hAirteagal 15(1), pointe (a)(ii) den Rialachán seo;

(b)

tuairisc i gcomhréir le hAirteagal 15(1), pointe (b) den Rialachán seo;

(c)

i gcás ina n-infheistíonn na táirgí airgeadais i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a rannchuidíonn leis an gcuspóir comhshaoil agus nach gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de iad na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin, is gá míniú soiléir ar na cúiseanna atá acu déanamh amhlaidh;

(d)

i gcás ina bhfuil neamhchosaintí ceannasacha ag na táirgí airgeadais agus nach féidir leis na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais measúnú a dhéanamh ar a mhéid a rannchuidíonn na neamhchosaintí sin le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, is gá míniú insinte ar chion infheistíochtaí iomlána na n-infheistíochtaí a bhfuil na neamhchosaintí sin iontu.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (a), cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais Airteagal 15(2) i bhfeidhm.

3.   Chun críocha mhír 1, pointe (b), cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais Airteagal 15(3) i bhfeidhm.

4.   I gcás táirgí airgeadais a infheistíonn i ngníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn le cuspóir sóisialta, áireoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais cion íosta na n-infheistíochtaí sin sa roinn “Cad é an leithdháileadh sócmhainní agus cion íosta na n-infheistíochtaí inbhuanaithe?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

ROINN 3

Táirgí airgeadais le roghanna infheistíochta

Airteagal 20

Táirgí airgeadais le rogha bhunúsach infheistíochta amháin nó níos mó a cháilíonn na táirgí airgeadais sin mar tháirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

1.   De mhaolú ar Airteagail 14 go 17, i gcás ina dtairgeann táirge airgeadais roghanna infheistíochta don infheisteoir agus ina gcáilíonn ceann amháin nó níos mó de na roghanna infheistíochta sin an táirge airgeadais sin mar tháirge airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn, cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ráiteas feiceálach i gcorp an doiciméid nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/2088 lena ndeimhnítear an méid uile seo a leanas:

(a)

go gcuireann an táirge airgeadais saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn;

(b)

go gcomhlíonfar na saintréithe comhshaoil nó sóisialta sin ach amháin i gcás ina n-infheistíonn an táirge airgeadais i gceann amháin ar a laghad de na roghanna infheistíochta a luaitear sa liosta dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo agus go gcoinnítear ceann amháin ar a laghad de na roghanna sin le linn thréimhse sealbhaíochta an táirge airgeadais;

(c)

go bhfuil faisnéis bhreise maidir leis na saintréithe sin le fáil sna hIarscríbhinní dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo nó, i gcás inarb ábhartha, trí na tagairtí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

2.   Beidh an méid uile seo a leanas ag gabháil leis an ráiteas feiceálach dá dtagraítear i mír 1:

(a)

liosta de na roghanna infheistíochta dá dtagraítear i mír 3, a chuirtear i láthair i gcomhréir leis na catagóirí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den mhír sin;

(b)

cion na roghanna infheistíochta laistigh de gach ceann de na catagóirí dá dtagraítear i mír 3, pointí (a), (b) agus (c), atá i gcoibhneas leis an líon iomlán roghanna infheistíochta a thairgeann an táirge airgeadais.

3.   Soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis uile seo a leanas in iarscríbhinní a ghabhann leis an doiciméad nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/2088 le haghaidh na gcatagóirí roghanna infheistíochta seo a leanas:

(a)

i gcás gach rogha infheistíochta a cháilíonn mar tháirge airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 14 go 17 den Rialachán seo;

(b)

i gcás gach rogha infheistíochta a cháilíonn mar tháirge airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 18 agus 19 den Rialachán seo;

(c)

i gcás gach rogha infheistíochta arb infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir di agus nach táirge airgeadais í, faisnéis maidir leis an gcuspóir infheistíochta inbhuanaithe.

4.   Cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), i láthair i bhfoirm an teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, pointe (b), i bhfoirm an teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

5.   De mhaolú ar mhír 3, i gcás ina dtairgeann táirge airgeadais réimse roghanna infheistíochta don infheisteoir ar bhealach nach féidir an fhaisnéis maidir leis na roghanna infheistíochta sin a sholáthar in iarscríbhinní a ghabhann leis an doiciméad ná san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/2088 ar bhealach soiléir agus beacht de dheasca an lín iarscríbhinní a cheanglaítear, féadfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a sholáthar trína áireamh i gcorp an doiciméid nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/2088 tagairtí do na hiarscríbhinní a ghabhann leis na nochtaí a cheanglaítear leis na treoracha, leis na rialacháin agus leis na forálacha náisiúnta dá dtagraítear sa mhír sin ina bhfuil an fhaisnéis.

Airteagal 21

Táirgí airgeadais le roghanna bunúsacha infheistíochta arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

1.   De mhaolú ar Airteagail 18 agus 19, i gcás ina dtairgeann táirge airgeadais roghanna infheistíochta don infheisteoir agus i gcás inar roghanna iad sin arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir do na roghanna infheistíochta sin uile, deimhneoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais i ráiteas feiceálach i gcorp an doiciméid nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán 2019/2088 gurb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir don táirge airgeadais agus go bhfuil an fhaisnéis a bhaineann leis an gcuspóir sin le fáil sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an doiciméad nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/2088 nó, i gcás inarb ábhartha, trí na tagairtí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

2.   Beidh an méid uile seo a leanas ag gabháil leis an ráiteas feiceálach dá dtagraítear i mír 1:

(a)

liosta de na roghanna infheistíochta dá dtagraítear i mír 3, a chuirtear i láthair i gcomhréir leis na catagóirí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír sin;

(b)

an cion de gach ceann de na catagóirí roghanna infheistíochta dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) agus (b), laistigh de gach ceann de na catagóirí atá i gcoibhneas leis an líon iomlán roghanna infheistíochta a thairgeann an táirge airgeadais.

3.   Soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis uile seo a leanas in iarscríbhinní a ghabhann leis an doiciméad nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/2088 le haghaidh na gcatagóirí roghanna infheistíochta seo a leanas:

(a)

i gcás gach rogha infheistíochta a cháilíonn mar tháirge airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir di, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 18 agus 19 den Rialachán seo;

(b)

i gcás gach rogha infheistíochta arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir di agus nach táirge airgeadais í, an fhaisnéis maidir leis an gcuspóir infheistíochta inbhuanaithe.

4.   Cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), i láthair i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

5.   De mhaolú ar mhír 3, i gcás ina dtairgtear réimse roghanna infheistíochta le táirge airgeadais don infheisteoir ar bhealach nach féidir an fhaisnéis a bhaineann leis na roghanna infheistíochta sin a sholáthar in iarscríbhinní a ghabhann leis an doiciméad ná san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/2088 ar bhealach soiléir agus beacht de dheasca an lín iarscríbhinní a cheanglaítear, féadfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a sholáthar trína áireamh i gcorp an doiciméid nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/2088 tagairtí do na hiarscríbhinní a ghabhann leis na nochtaí is infheidhme a cheanglaítear le treoracha, rialacháin agus forálacha náisiúnta dá dtagraítear sa mhír sin ina bhfuil an fhaisnéis sin le fáil.

Airteagal 22

Faisnéis maidir le roghanna bunúsacha infheistíochta arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh agus nach táirgí airgeadais iad féin

San fhaisnéis maidir le cuspóir na n-infheistíochtaí inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 20(3), pointe (c) agus Airteagal 21(3), pointe (b), áireofar na nithe uile seo a leanas:

(a)

tuairisc ar an gcuspóir infheistíochta inbhuanaithe;

(b)

liosta de na táscairí a úsáidtear chun baint amach an chuspóra infheistíochta inbhuanaithe sin a thomhas;

(c)

tuairisc ar an gcaoi nach ndéanann na hinfheistíochtaí aon dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe, lena n-áirítear an méid uile seo a leanas:

(i)

an chaoi a gcuirtear na táscairí le haghaidh drochthionchar i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, agus aon táscaire ábhartha i dTáblaí 2 agus 3 den Iarscríbhinn sin san áireamh;

(ii)

cibé acu atá nó nach bhfuil an infheistíocht inbhuanaithe ailínithe le Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, lena n-áirítear na prionsabail agus na cearta a leagtar amach sna hocht gcoinbhinsiún bhunúsacha a shainaithnítear i nDearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Prionsabail agus Cearta Bunúsacha ag an Obair agus sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine.

CAIBIDIL IV

NOCHTADH TÁIRGE SUÍMH GRÉASÁIN

Airteagal 23

Roinn an tsuímh gréasáin le haghaidh nochtadh faisnéise ó thaobh na hinbhuanaitheachta de maidir le táirgí airgeadais

Déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, le haghaidh gach táirge airgeadais, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2019/2088 a fhoilsiú i roinn ar leith dar teideal, “Nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de”, sa chuid chéanna dá suíomh gréasáin leis an bhfaisnéis eile a bhaineann leis an táirge airgeadais, lena n-áirítear cumarsáid mhargaíochta. Déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an táirge airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis sa roinn maidir le nochtadh ó thaobh na hinbhuanaitheachta de a shainaithint go soiléir agus saintréithe comhshaoil nó sóisialta nó cuspóir infheistíochta inbhuanaithe an táirge airgeadais sin a thaispeáint go feiceálach.

ROINN 1

Nochtadh táirge suímh gréasáin le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

Airteagal 24

Ranna de nochtadh táirge suímh gréasáin le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

I gcás táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn, foilseoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2019/2088 agus Airteagail 25 go 36 den Rialachán seo san ord seo a leanas agus í comhdhéanta de na ranna uile seo a leanas dar teideal:

(a)

“Achoimre”;

(b)

“Gan cuspóir infheistíochta inbhuanaithe”;

(c)

“Saintréithe comhshaoil nó sóisialta an táirge airgeadais”;

(d)

“Straitéis infheistíochta”;

(e)

“Cion na n-infheistíochtaí”;

(f)

“Faireachán ar shaintréithe comhshaoil nó sóisialta”;

(g)

“Modheolaíochtaí”;

(h)

“Foinsí agus próiseáil sonraí”;

(i)

“Teorainneacha le modheolaíochtaí agus sonraí”;

(j)

“Dícheall cuí”;

(k)

“Beartais rannpháirtíochta”;

(l)

i gcás ina n-ainmnítear innéacs mar thagarmharc chun na saintréithe comhshaoil nó sóisialta a chuireann an táirge airgeadais chun cinn a bhaint amach, “Tagarmharc ainmnithe”.

Airteagal 25

Roinn an tsuímh gréasáin “Achoimre” le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

1.   I roinn an tsuímh gréasáin “Achoimre” dá dtagraítear in Airteagal 24, pointe (a), déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais achoimre ar an bhfaisnéis uile atá sna ranna éagsúla dá dtagraítear san Airteagal sin maidir leis na táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn. Beidh fad uasta dhá thaobh de pháipéar A4 ag an roinn achoimre nuair a chuirtear i gcló í.

2.   Soláthrófar roinn an tsuímh gréasáin “Achoimre” dá dtagraítear in Airteagal 24, pointe (a), sna teangacha seo a leanas, ar a laghad:

(a)

ceann amháin de na teangacha oifigiúla de chuid an Bhallstáit baile agus, murab ionann iad agus i gcás ina gcuirtear an táirge airgeadais ar fáil i mbreis agus Ballstát amháin, i dteanga bhreise is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta;

(b)

i gcás ina gcuirtear an táirge airgeadais ar fáil i mBallstát óstach, ceann de na teangacha oifigiúla de chuid an Bhallstáit óstaigh sin.

Airteagal 26

Roinn an tsuímh gréasáin “Gan cuspóir infheistíochta inbhuanaithe” le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

1.   I roinn an tsuímh gréasáin “Gan cuspóir infheistíochta inbhuanaithe” dá dtagraítear in Airteagal 24, pointe (b), cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an ráiteas seo a leanas isteach: “Cuireann an táirge airgeadais seo saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn, ach ní hí infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dó.”

2.   I gcás ina ngeallann an táirge airgeadais infheistíocht inbhuanaithe amháin nó níos mó a dhéanamh, míneoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais i roinn an tsuímh gréasáin “Gan cuspóir infheistíochta inbhuanaithe” dá dtagraítear in Airteagal 24, pointe (b), cén chaoi nach ndéanann an infheistíocht inbhuanaithe aon dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe, lena n-áirítear an méid uile seo a leanas:

(a)

an chaoi a gcuirtear na táscairí le haghaidh drochthionchar i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, agus aon táscaire ábhartha i dTáblaí 2 agus 3 de Iarscríbhinn I sin, san áireamh;

(b)

cibé acu atá nó nach bhfuil an infheistíocht inbhuanaithe ailínithe le Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, lena n-áirítear na prionsabail agus na cearta a leagtar amach sna hocht gcoinbhinsiún bhunúsacha a shainaithnítear i nDearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Prionsabail agus Cearta Bunúsacha ag an Obair agus sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine.

Airteagal 27

Roinn an tsuímh gréasáin “Saintréithe comhshaoil nó sóisialta an táirge airgeadais” le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

I roinn an tsuímh gréasáin “Saintréithe comhshaoil nó sóisialta an táirge airgeadais” dá dtagraítear in Airteagal 24, pointe (c), tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar na saintréithe comhshaoil nó sóisialta a chuireann an táirge airgeadais chun cinn.

Airteagal 28

Roinn an tsuímh gréasáin “Straitéis infheistíochta” le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

I roinn an tsuímh gréasáin “Straitéis infheistíochta” dá dtagraítear in Airteagal 24, pointe (d), tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar an méid uile seo a leanas:

(a)

an straitéis infheistíochta a úsáidtear chun na saintréithe comhshaoil nó sóisialta a chuireann an táirge airgeadais chun cinn a chomhlíonadh;

(b)

an beartas chun measúnú a dhéanamh ar dhea-chleachtais rialachais na gcuideachtaí infheistiúcháin, lena n-áirítear i leith struchtúir fhónta bhainistíochta, caidreamh fostaithe, luach saothair na foirne agus comhlíonadh cánach.

Airteagal 29

Roinn an tsuímh gréasáin “Cion na n-infheistíochtaí” le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

I roinn an tsuímh gréasáin “Cion na n-infheistíochtaí” dá dtagraítear in Airteagal 24, pointe (e), cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 isteach agus déanfaidh siad idirdhealú idir neamhchosaintí díreacha in eintitis infheistiúcháin agus gach cineál neamhchosaint eile ar na heintitis sin.

Airteagal 30

Roinn an tsuímh gréasáin “Faireachán ar shaintréithe comhshaoil nó sóisialta” le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

I roinn an tsuímh gréasáin “Faireachán ar shaintréithe comhshaoil nó sóisialta” dá dtagraítear in Airteagal 24, pointe (f), tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar an gcaoi a ndéantar faireachán, le linn shaolré an táirge airgeadais agus na sásraí rialaithe inmheánaigh nó sheachtraigh gaolmhara, ar na saintréithe comhshaoil nó sóisialta a chuireann an táirge airgeadais chun cinn agus na táscairí inbhuanaitheachta a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar bhaint amach gach ceann de na saintréithe comhshaoil nó sóisialta sin a chuireann an táirge airgeadais chun cinn.

Airteagal 31

Roinn an tsuímh gréasáin “Modheolaíochtaí le haghaidh saintréithe comhshaoil nó sóisialta” le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

I roinn an tsuímh gréasáin “Saintréithe le haghaidh saintréithe comhshaoil nó sóisialta” dá dtagraítear in Airteagal 24, pointe (g), tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar na modheolaíochtaí chun tomhas a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíontar na saintréithe sóisialta nó comhshaoil a chuireann an táirge airgeadais chun cinn.

Airteagal 32

Roinn an tsuímh gréasáin “Foinsí agus próiseáil sonraí” le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

I roinn an tsuímh gréasáin “Foinsí agus próiseáil sonraí” dá dtagraítear in Airteagal 24, pointe (h), tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar an méid uile seo a leanas:

(a)

na foinsí sonraí a úsáideadh chun gach ceann de na saintréithe comhshaoil nó sóisialta a chuireann an táirge airgeadais chun cinn a bhaint amach;

(b)

na bearta a rinneadh chun cáilíocht sonraí a áirithiú;

(c)

an chaoi a bpróiseáiltear sonraí;

(d)

cion na sonraí ar a ndéantar meastachán.

Airteagal 33

Roinn an tsuímh gréasáin “Teorainneacha le modheolaíochtaí agus sonraí” le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

I roinn an tsuímh gréasáin “Teorainneacha le modheolaíochtaí agus sonraí” dá dtagraítear in Airteagal 24, pointe (i), tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar an méid uile seo a leanas:

(a)

aon teorainn leis na modheolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 24, pointe (g), agus leis na foinsí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 24, pointe (h);

(b)

an chaoi nach ndéanann na teorainneacha sin difear don chaoi a gcomhlíontar na saintréithe comhshaoil nó sóisialta a chuireann an táirge airgeadais chun cinn.

Airteagal 34

Roinn an tsuímh gréasáin “Dícheall cuí” le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

I roinn an tsuímh gréasáin “Dícheall cuí” dá dtagraítear in Airteagal 24, pointe (j), tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar an dícheall cuí a dhéantar ar shócmhainní foluiteacha an táirge airgeadais, lena n-áirítear na rialuithe inmheánacha agus seachtracha ar an dícheall cuí sin.

Airteagal 35

Roinn an tsuímh gréasáin “Beartais rannpháirtíochta” le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

I roinn an tsuímh gréasáin “Beartais rannpháirtíochta” dá dtagraítear in Airteagal 24, pointe (k), tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar na beartais rannpháirtíochta a chuirtear chun feidhme i gcás ina bhfuil rannpháirtíocht mar chuid den straitéis infheistíochta chomhshaoil nó shóisialta, lena n-áirítear aon nós imeachta bainistíochta is infheidhme maidir le conspóidí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de i gcuideachtaí infheistiúcháin.

Airteagal 36

Roinn an tsuímh gréasáin “Tagarmharc ainmnithe” le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

1.   I roinn an tsuímh gréasáin “Tagarmharc ainmnithe” dá dtagraítear in Airteagal 24, pointe (l), tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar cibé acu a ainmníodh nó nár ainmníodh innéacs mar thagarmharc chun na saintréithe comhshaoil nó sóisialta a chuireann an táirge airgeadais chun cinn a chomhlíonadh, agus ar an gcaoi a n-ailínítear an t-innéacs sin leis na saintréithe comhshaoil nó sóisialta a chuireann an táirge airgeadais chun cinn, lena n-áirítear na sonraí ionchuir, na modheolaíochtaí a úsáidtear chun na sonraí sin a roghnú, na modheolaíochtaí athchothromúcháin agus cén chaoi a ríomhtar an t-innéacs.

2.   I gcás ina ndéantar cuid den fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 nó an fhaisnéis sin uile a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin riarthóir an tagarmhairc, soláthrófar hipearnasc chuig an bhfaisnéis sin.

ROINN 2

Nochtadh táirge suímh gréasáin le haghaidh táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

Airteagal 37

Nochtadh táirge suímh gréasáin le haghaidh táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

I gcás táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh, foilseoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2019/2088 agus Airteagail 38 go 49 den Rialachán seo san ord seo a leanas agus í comhdhéanta de na ranna uile seo a leanas dar teideal:

(a)

“Achoimre”;

(b)

“Gan aon dochar suntasach a dhéanamh don chuspóir infheistíochta inbhuanaithe”;

(c)

“Cuspóir infheistíochta inbhuanaithe an táirge airgeadais”;

(d)

“Straitéis infheistíochta”;

(e)

“Cion na n-infheistíochtaí”;

(f)

“Faireachán ar an gcuspóir infheistíochta inbhuanaithe”;

(g)

“Modheolaíochtaí”;

(h)

“Foinsí agus próiseáil sonraí”;

(i)

“Teorainneacha le modheolaíochtaí agus sonraí”;

(j)

“Dícheall cuí”;

(k)

“Beartais rannpháirtíochta”;

(l)

“Baint amach an chuspóra infheistíochta inbhuanaithe”.

Airteagal 38

Roinn an tsuímh gréasáin “Achoimre” le haghaidh táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

1.   I roinn an tsuímh gréasáin “Achoimre” dá dtagraítear in Airteagal 37, pointe (a), déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais achoimre ar an bhfaisnéis uile atá sna ranna éagsúla dá dtagraítear san Airteagal 37 sin maidir leis na táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh. Beidh fad uasta dhá thaobh de pháipéar A4 ag an roinn achoimre nuair a chuirtear i gcló í.

2.   Soláthrófar roinn an tsuímh gréasáin “Achoimre” dá dtagraítear in Airteagal 37, pointe (a), sna teangacha seo a leanas, ar a laghad:

(a)

ceann amháin de na teangacha oifigiúla de chuid an Bhallstáit baile agus, murab ionann iad agus i gcás ina gcuirtear an táirge airgeadais ar fáil i mbreis agus Ballstát amháin, i dteanga bhreise is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta;

(b)

i gcás ina gcuirtear an táirge airgeadais ar fáil i mBallstát óstach, ceann de na teangacha oifigiúla de chuid an Bhallstáit óstaigh sin.

Airteagal 39

Roinn an tsuímh gréasáin “Gan aon dochar suntasach a dhéanamh don chuspóir infheistíochta inbhuanaithe” le haghaidh táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

I roinn an tsuímh gréasáin “Gan aon dochar suntasach a dhéanamh don chuspóir infheistíochta inbhuanaithe” dá dtagraítear in Airteagal 37, pointe (b), míneoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais cibé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh agus cén fáth nach ndéanann infheistíochtaí an táirge airgeadais aon dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe, agus soláthróidh siad an fhaisnéis uile seo a leanas:

(a)

an chaoi a gcuirtear na táscairí le haghaidh drochthionchar i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, agus aon táscaire ábhartha i dTáblaí 2 agus 3 den Iarscríbhinn sin san áireamh;

(b)

cibé acu atá nó nach bhfuil an infheistíocht inbhuanaithe ailínithe le Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, lena n-áirítear na prionsabail agus na cearta a leagtar amach sna hocht gcoinbhinsiún bhunúsacha a shainaithnítear i nDearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Prionsabail agus Cearta Bunúsacha ag an Obair agus sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine.

Airteagal 40

Roinn an tsuímh gréasáin “Cuspóir infheistíochta inbhuanaithe an táirge airgeadais” le haghaidh táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

I roinn an tsuímh gréasáin “Cuspóir infheistíochta inbhuanaithe an táirge airgeadais” dá dtagraítear in Airteagal 37, pointe (c), tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar chuspóir infheistíochta inbhuanaithe an táirge airgeadais.

Airteagal 41

Roinn an tsuímh gréasáin “Straitéis infheistíochta” le haghaidh táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

I roinn an tsuímh gréasáin “Straitéis infheistíochta” dá dtagraítear in Airteagal 37, pointe (d), tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar an méid uile seo a leanas:

(a)

an straitéis infheistíochta a úsáidtear chun an cuspóir infheistíochta inbhuanaithe a bhaint amach;

(b)

an beartas chun measúnú a dhéanamh ar dhea-chleachtais rialachais na gcuideachtaí infheistiúcháin, lena n-áirítear i leith struchtúir fhónta bhainistíochta, caidreamh fostaithe, luach saothair na foirne agus comhlíonadh cánach.

Airteagal 42

Roinn an tsuímh gréasáin “Cion na n-infheistíochtaí” le haghaidh táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

I roinn an tsuímh gréasáin “Cion na n-infheistíochtaí” dá dtagraítear in Airteagal 37, pointe (e), cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis dá dtagraítear sa roinn “Cad é an leithdháileadh sócmhainní agus cion íosta na n-infheistíochtaí inbhuanaithe?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo agus déanfaidh siad idirdhealú idir neamhchosaintí díreacha in eintitis infheistiúcháin agus gach cineál neamhchosaint eile ar na heintitis sin.

Airteagal 43

Roinn an tsuímh gréasáin “Faireachán a dhéanamh ar an gcuspóir infheistíochta inbhuanaithe” le haghaidh táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

I roinn an tsuímh gréasáin “Faireachán ar an gcuspóir infheistíochta inbhuanaithe” dá dtagraítear in Airteagal 37, pointe (f), tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar an gcaoi a ndéantar faireachán, le linn shaolré an táirge airgeadais agus na sásraí rialaithe inmheánaigh nó sheachtraigh gaolmhara, ar an gcuspóir infheistíochta inbhuanaithe agus na táscairí inbhuanaitheachta a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar bhaint amach an chuspóra infheistíochta inbhuanaithe.

Airteagal 44

Roinn an tsuímh gréasáin “Modheolaíochtaí” le haghaidh táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

I roinn an tsuímh gréasáin “Modheolaíochtaí” dá dtagraítear in Airteagal 37, pointe (g), tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar na modheolaíochtaí a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar bhaint amach an chuspóra infheistíochta inbhuanaithe agus ar an gcaoi a n-úsáidtear na táscairí inbhuanaitheachta chun tomhas a dhéanamh ar bhaint amach an chuspóra infheistíochta inbhuanaithe sin.

Airteagal 45

Roinn an tsuímh gréasáin “Foinsí agus próiseáil sonraí” le haghaidh táirgí airgeadais arb í í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

I roinn an tsuímh gréasáin “Foinsí agus próiseáil sonraí” dá dtagraítear in Airteagal 37, pointe (h), tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar an méid uile seo a leanas:

(a)

na foinsí sonraí a úsáidtear chun cuspóir infheistíochta inbhuanaithe an táirge airgeadais a bhaint amach;

(b)

na bearta a rinneadh chun cáilíocht sonraí a áirithiú;

(c)

an chaoi a bpróiseáiltear sonraí;

(d)

cion na sonraí ar a ndéantar meastachán.

Airteagal 46

Roinn an tsuímh gréasáin “Teorainn le modheolaíochtaí agus sonraí” le haghaidh táirgí airgeadais arb í í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

I roinn an tsuímh gréasáin “Teorainn le modheolaíochtaí agus sonraí” dá dtagraítear in Airteagal 37, pointe (i), tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar an méid uile seo a leanas:

(a)

aon teorainn leis na modheolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 37, pointe (g), agus na foinsí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 37, pointe (h);

(b)

cén fáth nach ndéanann na teorainneacha sin difear do bhaint amach an chuspóra infheistíochta inbhuanaithe.

Airteagal 47

Roinn an tsuímh gréasáin “Dícheall cuí” le haghaidh táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

I roinn an tsuímh gréasáin “Dícheall cuí” dá dtagraítear in Airteagal 37, pointe (j), tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar an dícheall cuí a dhéantar ar shócmhainní foluiteacha an táirge airgeadais, lena n-áirítear na rialuithe inmheánacha agus seachtracha ar an dícheall cuí sin.

Airteagal 48

Roinn an tsuímh gréasáin “Beartais rannpháirtíochta” le haghaidh táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

I roinn an tsuímh gréasáin “Beartais rannpháirtíochta” dá dtagraítear in Airteagal 37, pointe (k), tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar na beartais rannpháirtíochta a chuirtear chun feidhme i gcás ina bhfuil rannpháirtíocht mar chuid den chuspóir infheistíochta inbhuanaithe, lena n-áirítear aon nós imeachta bainistíochta is infheidhme maidir le conspóidí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de i gcuideachtaí infheistiúcháin.

Airteagal 49

Roinn an tsuímh gréasáin “Baint amach an chuspóra infheistíochta inbhuanaithe” le haghaidh táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

1.   I roinn an tsuímh gréasáin “Baint amach an chuspóra infheistíochta inbhuanaithe” dá dtagraítear in Airteagal 37, pointe (l), tabharfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar an méid uile seo a leanas:

(a)

i gcás táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh agus ar lena n-aghaidh a ainmníodh innéacs mar thagarmharc, an chaoi a bhfuil an t-innéacs sin ailínithe le cuspóir infheistíochta inbhuanaithe an táirge airgeadais, lena n-áirítear sonraí ionchuir, na modheolaíochtaí a úsáidtear chun na sonraí sin a roghnú, na modheolaíochtaí athchothromúcháin agus an chaoi a ríomhtar an t-innéacs;

(b)

i gcás táirgí airgeadais arb é laghdú in astaíochtaí carbóin is cuspóir dóibh, ráiteas go gcáilíonn an tagarmharc mar Thagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (23a) agus (23b), de Rialachán (AE) 2016/1011 agus hipearnasc chuig an áit ar féidir an mhodheolaíocht a úsáidtear le haghaidh ríomh na dtagarmharcanna sin a aimsiú.

2.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (a), i gcás ina ndéantar an fhaisnéis dá dtagraítear sa phointe sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin riarthóir an tagarmhairc, soláthrófar hipearnasc chuig an bhfaisnéis sin.

3.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (b), i gcás nach bhfuil aon Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE ná Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (23a) agus (23b), de Rialachán (AE) 2016/1011 ar fáil, luafar i roinn an tsuímh gréasáin “Baint amach an chuspóra infheistíochta inbhuanaithe” dá dtagraítear in Airteagal 38, pointe (l), den Rialachán seo gurb amhlaidh atá agus míneofar cén chaoi a ndéantar an iarracht leanúnach a bhaineann leis an gcuspóir astaíochtaí carbóin a laghdú a áirithiú d’fhonn cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Míneoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a mhéid a chomhlíonann an táirge airgeadais na ceanglais mhodheolaíochta a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818.

CAIBIDIL V

NOCHTADH TÁIRGE I dTUARASCÁLACHA TRÉIMHSIÚLA

ROINN 1

Cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta

Airteagal 50

Ceanglais maidir le cur i láthair agus ábhar le haghaidh tuarascálacha tréimhsiúla i gcás táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

1.   Le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn, cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2088 i láthair in iarscríbhinn a ghabhann leis an doiciméad nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Rialachán sin i bhfoirm an teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Áireoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ráiteas feiceálach i gcorp an doiciméid nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2019/2088 á rá go bhfuil faisnéis maidir leis na saintréithe comhshaoil nó sóisialta le fáil san iarscríbhinn sin.

Airteagal 51

Baint amach na saintréithe comhshaoil nó sóisialta a chuireann na táirgí airgeadais chun cinn

Sa roinn “Cá mhéid a comhlíonadh na saintréithe comhshaoil agus/nó sóisialta a chuireann an táirge airgeadais chun cinn?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis uile seo a leanas:

(a)

a mhéid a comhlíonadh le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil na saintréithe comhshaoil nó sóisialta a chuireann an táirge airgeadais chun cinn, lena n-áirítear feidhmíocht na dtáscairí inbhuanaitheachta a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíontar na saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cé na díorthaigh, más ann dóibh, a úsáideadh chun na saintréithe comhshaoil nó sóisialta sin a chomhlíonadh;

(b)

i gcás táirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6, an chéad mhír, de Rialachán (AE) 2020/852, sainaithint na gcuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán sin lenar rannchuidigh an infheistíocht inbhuanaithe atá mar bhonn leis an táirge airgeadais.

(c)

i gcás inar sholáthair an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais ar a laghad tuarascáil thréimhsiúil amháin roimhe sin i gcomhréir leis an Roinn seo le haghaidh an táirge airgeadais, comparáid stairiúil idir an tréimhse a cumhdaíodh leis an tuarascáil thréimhsiúil agus na tréimhsí a cumhdaíodh le tuarascálacha tréimhsiúla roimhe sin;

(d)

i gcás táirgí airgeadais inar tugadh gealltanas maidir le hinfheistíochtaí inbhuanaithe a dhéanamh, míniú ar an gcaoi ar rannchuidigh na hinfheistíochtaí sin leis na cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (17) de Rialachán (AE) 2019/2088 agus ar an gcaoi nach ndearna siad aon dochar suntasach do na cuspóirí sin le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil, lena n-áirítear an méid uile seo a leanas:

(i)

an chaoi ar cuireadh na táscairí le haghaidh drochthionchar i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, agus aon táscaire ábhartha i dTáblaí 2 agus 3 den Iarscríbhinn sin san áireamh;

(ii)

cibé acu a bhí nó nach raibh an infheistíocht inbhuanaithe ailínithe le Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, lena n-áirítear na prionsabail agus na cearta a leagtar amach sna hocht gcoinbhinsiún bhunúsacha a shainaithnítear i nDearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Prionsabail agus Cearta Bunúsacha ag an Obair agus sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine;

(e)

faisnéis maidir le drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta dá dtagraítear sa roinn ‘An mbreithníonn an táirge airgeadais seo drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta?’ sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 52

Na hinfheistíochtaí is tábhachtaí le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

1.   Sa roinn “Cérbh iad na hinfheistíochtaí is tábhachtaí de chuid an táirge airgeadais seo?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo beidh liosta, de réir ord a méide anuas, de na cúig infheistíocht déag arb iad an cion is mó d’infheistíochtaí an táirge airgeadais i rith na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil, lena n-áirítear an earnáil agus na tíortha ina ndearnadh na hinfheistíochtaí sin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina bhfuil an líon infheistíochtaí, arb é atá ann caoga faoin gcéad d’infheistíochtaí an táirge airgeadais le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil, níos lú na cúig déag, sa roinn dá dtagraítear i mír 1 beidh liosta de na hinfheistíochtaí sin, de réir ord a méide anuas, lena n-áirítear na hearnálacha agus na tíortha ina ndearnadh na hinfheistíochtaí sin.

Airteagal 53

Leithdháileadh sócmhainní ag táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

Sa roinn “Cérbh é an leithdháileadh sócmhainní?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar infheistíochtaí an táirge airgeadais, lena n-áirítear an méid uile seo a leanas:

(a)

cion infheistíochtaí an táirge airgeadais a bhain amach na saintréithe comhshaoil nó sóisialta a cuireadh chun cinn le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil;

(b)

cuspóir an chion atá fágtha de na hinfheistíochtaí i rith na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil, lena n-áirítear tuairisc ar aon choimirce chomhshaoil nó shóisialta íosta agus cibé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear na hinfheistíochtaí sin le haghaidh fálú, a bhaineann nó nach mbaineann siad le hairgead a shealbhaítear mar leachtacht choimhdeach nó atá nó nach bhfuil siad ina n-infheistíochtaí ar lena n-aghaidh a bhfuil sonraí neamhleora ann;

Airteagal 54

Cion na n-infheistíochtaí in earnálacha agus i bhfo-earnálacha eacnamaíocha éagsúla

Sa roinn “Cérbh iad na hearnálacha eacnamaíocha ina ndearnadh na hinfheistíochtaí?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faisnéis maidir le cion na n-infheistíochtaí le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil in earnálacha agus i bhfo-earnálacha éagsúla, lena n-áirítear earnálacha agus fo-earnálacha an gheilleagair a dhíorthaíonn ioncam ó thaiscéalaíocht, mianadóireacht, táirgeadh, próiseáil, stóráil, scagadh nó dáileadh, lena n-áirítear iompar, stóráil agus trádáil, breoslaí iontaise mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (62), de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

Airteagal 55

Faisnéis maidir le hinfheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de le haghaidh táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

1.   I gcás táirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6, an chéad mhír, de Rialachán (AE) 2020/852 lenar ghabh gealltanas maidir le hinfheistíochtaí a dhéanamh i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a rannchuidíonn le cuspóir comhshaoil de réir bhrí Airteagal 2, pointe (17), de Rialachán 2019/2088, sa roinn “Cérbh é cion na n-infheistíochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn IV beidh an fhaisnéis uile seo a leanas:

(a)

miondealú ar chion na n-infheistíochtaí de réir gach ceann de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 lenar rannchuidigh na hinfheistíochtaí sin;

(b)

tuairisc ar na hinfheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil; lena n-áirítear:

(i)

cibé acu a bhí nó nach raibh comhlíonadh na n-infheistíochtaí sin leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 faoi réir dearbhú a sholáthraíonn iniúchóir amháin nó níos mó nó athbhreithniú a dhéanann tríú páirtí amháin nó níos mó, agus, más amhlaidh a sholáthraíonn nó a dhéanann, ainm nó ainmneacha an iniúchóra nó an tríú páirtí;

(ii)

léiriú grafach i bhfoirm barrachairte ar na hinfheistíochtaí comhiomlánaithe i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 17(1) go (4);

(iii)

léiriú grafach i bhfoirm barrachairte ar a mhéid atá na hinfheistíochtaí comhiomlánaithe i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil, ach gan neamhchosaintí ceannasacha a chur san áireamh, agus a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 17(5);

(iv)

an fhaisnéis dá tagraítear in Airteagal 15(2), pointe (b);

(v)

miondealú ar chion na n-infheistíochtaí, le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil, sna gníomhaíochtaí eacnamaíocha idirthréimhseacha agus sna gníomhaíochtaí eacnamaíocha cumasúcháin, arna shloinneadh mar chéatadán d’infheistíochtaí uile an táirge airgeadais i ngach cás.

(vi)

i gcás inar infheistigh an táirge airgeadais in infheistíochtaí inbhuanaithe ag a bhfuil cuspóir comhshaoil, ach nach gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de iad, míniú soiléir ar na cúiseanna atá acu déanamh amhlaidh;

(vii)

i gcás inar sholáthair an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais ar a laghad tuarascáil thréimhsiúil amháin roimhe sin i gcomhréir leis an Roinn seo le haghaidh an táirge airgeadais, comparáid stairiúil ar a mhéid a rinneadh na hinfheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil agus le linn tréimhsí roimhe sin;

(viii)

i gcás nach raibh an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais in ann measúnú a dhéanamh ar a mhéid a rannchuidigh neamhchosaintí ceannasacha le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil, míniú insinte ar na cúiseanna agus méid na neamhchosaintí sin in infheistíochtaí iomlána.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b), pointí (ii) agus (iii), beidh feidhm ag gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

agus na hinfheistíochtaí i ngnóthais neamhairgeadais á gcomhiomlánú, ríomhfar agus áireofar an láimhdeachas, an caiteachas caipitiúil agus an caiteachas oibríochtúil sa léiriú grafach;

(b)

agus na hinfheistíochtaí i ngnóthais airgeadais á gcomhiomlánú, ríomhfar agus áireofar an láimhdeachas agus an caiteachas caipitiúil, i gcás inarb infheidhme, sa léiriú grafach;

(c)

i gcás gnóthais árachais agus gnóthais athárachais a dhéanann gníomhaíochtaí frithgheallta neamhshaoil, féadfaidh sé gur meascán den infheistíocht agus de na heochairtháscairí feidhmíochta frithgheallta é an t-eochairtháscaire feidhmíochta i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178.

Airteagal 56

Faisnéis maidir le táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

I gcás táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn inar tugadh gealltanas maidir le hinfheistíochtaí inbhuanaithe ag a bhfuil cuspóir sóisialta, sa roinn “Cérbh é cion na n-infheistíochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, beidh cion na n-infheistíochtaí inbhuanaithe sin.

Airteagal 57

Feidhmíocht inbhuanaithe an innéacs atá ainmnithe mar thagarmharc le haghaidh saintréithe comhshaoil nó sóisialta

1.   Sa roinn “Cén chaoi ar fheidhmigh an táirge airgeadais seo i gcomparáid leis an tagarmharc ainmnithe?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, i gcás táirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn, an fhaisnéis uile seo a leanas:

(a)

míniú ar an gcaoi a bhfuil an t-innéacs atá ainmnithe mar thagarmharc éagsúil le hinnéacs leathan margaidh ábhartha, lena n-áirítear an fheidhmíocht, i rith na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil, innéacs leathan margaidh ábhartha de na táscairí inbhuanaitheachta a mheasann an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais a bheith ábhartha chun ailíniú an innéacs a chinneadh leis na saintréithe comhshaoil nó sóisialta a chuirtear chun cinn leis an táirge airgeadais agus tosca ESG dá dtagraítear sa ráiteas tagarmhairc a fhoilsíonn an riarthóir tagarmhairc i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2016/1011;

(b)

comparáid idir feidhmíocht an táirge airgeadais agus na táscairí lena dtomhaistear tosca inbhuanaitheachta an innéacs dá dtagraítear i bpointe (a) i rith na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil;

(c)

comparáid idir feidhmíocht an táirge airgeadais agus innéacs leathan margaidh ábhartha i rith na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil.

2.   Cuirfear na comparáidí dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) i láthair, i gcás inarb ábhartha, i bhfoirm tábla nó i bhfoirm léiriú grafach.

ROINN 2

Infheistíocht inbhuanaithe mar chuspóir

Airteagal 58

Ceanglais maidir le cur i láthair agus ábhar le haghaidh tuarascálacha tréimhsiúla i gcás táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

I gcás táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh, cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2088 i láthair in iarscríbhinn a ghabhann leis an doiciméad nó an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Rialachán sin i bhfoirm an teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo. Áireoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ráiteas feiceálach i gcorp an doiciméid nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2019/2088 á rá go bhfuil faisnéis maidir le hinfheistíocht inbhuanaithe le fáil san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 59

Baint amach chuspóir infheistíochta inbhuanaithe an táirge airgeadais

Sa roinn “Cá mhéid a comhlíonadh cuspóir infheistíochta inbhuanaithe an táirge airgeadais seo?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn V, soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis uile seo a leanas:

(a)

a mhéid a baineadh an cuspóir infheistíochta inbhuanaithe amach le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil, lena n-áirítear feidhmíocht:

(i)

táscairí inbhuanaitheachta dá dtagraítear san fhoroinn “Cé na táscairí inbhuanaitheachta a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar bhaint amach chuspóir infheistíochta inbhuanaithe an táirge airgeadais seo?” na roinne “Cad é cuspóir infheistíochta inbhuanaithe an táirge airgeadais seo?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

(ii)

aon díorthach dá dtagraítear dá dtagraítear san fhoroinn “Cén chaoi a mbaintear amach an cuspóir infheistíochta inbhuanaithe le húsáid díorthach?” sa roinn “Cad é an leithdháileadh sócmhainní agus cion íosta na n-infheistíochtaí inbhuanaithe?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáidtear chun an cuspóir infheistíochta inbhuanaithe a bhaint amach;

(b)

i gcás táirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5, an chéad mhír, de Rialachán (AE) 2020/852, sainaithint na gcuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán sin lenar rannchuidigh an infheistíocht inbhuanaithe atá mar bhonn leis an táirge airgeadais.

(c)

i gcás táirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2019/2088, faisnéis maidir leis an gcaoi a ndearnadh an cuspóir maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú a ailíniú le Comhaontú Pháras, ina bhfuil tuairisc ar rannchuidiú an táirge airgeadais le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, lena n-áirítear i leith Thagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó Thagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, na tosca ESG agus na critéir arna mbreithniú ag an riarthóir tagarmhairc i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818;

(d)

i gcás inar sholáthair na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ar a laghad tuarascáil thréimhsiúil amháin roimhe sin i gcomhréir leis an Roinn seo le haghaidh an táirge airgeadais, comparáid stairiúil idir an tréimhse reatha a cumhdaíodh leis an tuarascáil thréimhsiúil agus na tréimhsí roimhe sin;

(e)

míniú ar an gcaoi ar rannchuidigh na hinfheistíochtaí inbhuanaithe le cuspóir infheistíochta inbhuanaithe agus nach ndearna siad aon dochar suntasach d’aon chuspóir infheistíochta inbhuanaithe i rith na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil, lena n-áirítear an méid uile seo a leanas:

(i)

an chaoi ar cuireadh na táscairí le haghaidh drochthionchar i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, agus aon táscaire ábhartha i dTáblaí 2 agus 3 den Iarscríbhinn sin san áireamh;

(ii)

cibé acu a bhí nó nach raibh an infheistíocht inbhuanaithe ailínithe le Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, lena n-áirítear na prionsabail agus na cearta a leagtar amach sna hocht gcoinbhinsiún bhunúsacha a shainaithnítear i nDearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Prionsabail agus Cearta Bunúsacha ag an Obair agus sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine;

(f)

faisnéis maidir le drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta dá dtagraítear sa roinn “An mbreithníonn an táirge airgeadais seo drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 60

Na hinfheistíochtaí is tábhachtaí le haghaidh táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

1.   Sa roinn “Cérbh iad na hinfheistíochtaí is tábhachtaí de chuid an táirge airgeadais seo?” sa teimpléad in Iarscríbhinn V, liostóidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, de réir ord a méide anuas, na cúig infheistíocht déag arb iad an cion is mó d’infheistíochtaí an táirge airgeadais i rith na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil, lena n-áirítear earnálacha agus tíortha na n-infheistíochtaí sin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina bhfuil an líon infheistíochtaí, arb é atá ann caoga faoin gcéad d’infheistíochtaí an táirge airgeadais le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil, níos lú na cúig déag, sa roinn dá dtagraítear i mír 1 beidh liosta de na hinfheistíochtaí sin, de réir ord a méide anuas, lena n-áirítear na hearnálacha agus na tíortha ina ndearnadh na hinfheistíochtaí sin.

Airteagal 61

Cion na n-infheistíochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de le haghaidh táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

Sa roinn “Cérbh é cion na n-infheistíochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn V, soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis uile seo a leanas:

(a)

cion infheistíochtaí an táirge airgeadais a rannchuidigh leis an gcuspóir infheistíochta inbhuanaithe;

(b)

cuspóir an chion atá fágtha de na hinfheistíochtaí i rith na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil, lena n-áirítear tuairisc ar aon choimirce chomhshaoil nó shóisialta íosta agus cibé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear na hinfheistíochtaí sin le haghaidh fálú nó a bhaineann nó nach mbaineann siad le hairgead a shealbhaítear mar leachtacht choimhdeach;

(c)

cion na n-infheistíochtaí i rith na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil in earnálacha agus i bhfo-earnálacha éagsúla.

Airteagal 62

Faisnéis maidir le hinfheistíochtaí inbhuanaithe le haghaidh táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh

1.   I gcás táirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5, an chéad mhír, de Rialachán (AE) 2020/852, sa roinn “Cérbh é cion na n-infheistíochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn V beidh an fhaisnéis uile seo a leanas:

(a)

miondealú i gcomhréir le hAirteagal 55(1), pointe(a);

(b)

tuairisc ar na hinfheistíochtaí inbhuanaithe i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil; lena n-áirítear:

(i)

an fhaisnéis i gcomhréir le hAirteagal 55(1), pointe (b)(i);

(ii)

léiriú grafach i bhfoirm barrachairte i gcomhréir le hAirteagal 55(1), pointe (b)(ii);

(iii)

léiriú grafach i bhfoirm barrachairte i gcomhréir le hAirteagal 55(1), pointe (b)(iii);

(iv)

an fhaisnéis dá tagraítear in Airteagal 15(1), pointe (b);

(v)

miondealú i gcomhréir le hAirteagal 55(1), pointe (b)(v);

(vi)

i gcás inar infheistigh an táirge airgeadais in infheistíochtaí inbhuanaithe ag a bhfuil cuspóir comhshaoil, ach nach gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de iad, míniú soiléir ar na cúiseanna atá acu déanamh amhlaidh;

(vii)

i gcás inar sholáthair an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais ar a laghad tuarascáil thréimhsiúil amháin roimhe sin i gcomhréir leis an Roinn seo le haghaidh an táirge airgeadais, comparáid stairiúil ar a mhéid a rinneadh na hinfheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil agus le linn tréimhsí roimhe sin;

(c)

míniú insinte i gcomhréir le hAirteagal 55(1), pointe (b)(viii);

(d)

i gcás táirgí airgeadais le hinfheistíochtaí inbhuanaithe ag a bhfuil cuspóir sóisialta, sa roinn “Cérbh é cion na n-infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh na sochaí de le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn V, beidh cion na n-infheistíochtaí inbhuanaithe sin freisin.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (a), pointe (b)(ii) agus pointe (b)(iii), cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais Airteagal 55(2) i bhfeidhm.

Airteagal 63

Feidhmíocht inbhuanaithe an innéacs atá ainmnithe mar thagarmharc le haghaidh an chuspóra inbhuanaithe

1.   Sa roinn “Cén chaoi ar fheidhmigh an táirge airgeadais seo i gcomparáid leis an tagarmharc inbhuanaithe?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn V, déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, i gcás táirgí airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh agus ar lena n-aghaidh a ainmníodh innéacs mar thagarmharc, an fhaisnéis uile seo a leanas a sholáthar:

(a)

míniú ar an gcaoi a bhfuil an t-innéacs atá ainmnithe mar thagarmharc éagsúil le hinnéacs leathan margaidh ábhartha, lena n-áirítear an fheidhmíocht i rith na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil de chuid na dtáscairí inbhuanaitheachta a mheasann an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais a bheith ábhartha chun ailíniú an innéacs a chinneadh leis an gcuspóir infheistíochta inbhuanaithe, lena n-áirítear na tosca ESG dá dtagraítear sa ráiteas tagarmhairc a fhoilsíonn an riarthóir tagarmhairc i gcomhréir le hAirteagal 27(2a) de Rialachán (AE) 2016/1011;

(b)

comparáid idir feidhmíocht an táirge airgeadais agus na táscairí lena dtomhaistear tosca inbhuanaitheachta an innéacs dá dtagraítear i bpointe (a) i rith na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil;

(c)

comparáid idir feidhmíocht an táirge airgeadais agus innéacs leathan margaidh ábhartha i rith na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil.

2.   Déanfar na comparáidí dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c), i bhfoirm tábla nó i bhfoirm léiriú grafach.

ROINN 3

Comparáidí stairiúla le haghaidh tuarascálacha tréimhsiúla

Airteagal 64

Comparáidí stairiúla le haghaidh tuarascálacha tréimhsiúla

1.   Sna comparáidí stairiúla dá dtagraítear in Airteagal 51, pointe (c), Airteagal 55(1), pointe (b)(vii), Airteagal 59, pointe (d), agus Airteagal 62(1), pointe (b)(vii), déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais comparáid idir an tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil le tréimhsí a chumhdaítear le tuarascálacha tréimhsiúla roimh seo, agus, ina dhiaidh sin, le gach tréimhse roimhe seo a cumhdaíodh le tuarascáil thréimhsiúil suas leis an 5 thréimhse dheireanacha roimhe seo, ar a laghad.

2.   Chun críocha na gcomparáidí stairiúla dá dtagraítear in Airteagal 51, pointe (c), agus Airteagal 59, pointe (d), tuairisceoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ar fheidhmíocht na dtáscairí inbhuanaitheachta go comhsheasmhach le himeacht ama, agus soláthróidh siad an fhaisnéis uile seo a leanas:

(a)

i gcás ina ndéantar nochtaí cainníochtúla, figiúirí le tomhas coibhneasta amhail tionchar in aghaidh an euro a infheistítear;

(b)

cé na táscairí atá faoi réir dearbhú a sholáthraíonn iniúchóir nó athbhreithniú ag tríú páirtí;

(c)

cion shócmhainní foluiteacha an táirge airgeadais dá dtagraítear sa Roinn “Cérbh é cion na n-infheistíochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo agus sa roinn “Cion na n-infheistíochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de?” sa teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

ROINN 4

Táirgí infheistíochtaí le roghanna infheistíochta

Airteagal 65

Táirgí airgeadais le rogha bhunúsach infheistíochta amháin nó níos mó a cháilíonn na táirgí airgeadais sin mar tháirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn

1.   De mhaolú ar Airteagail 50 go 57, i gcás ina dtairgeann táirge airgeadais roghanna infheistíochta don infheisteoir agus ina gcáilíonn ceann amháin nó níos mó de na roghanna infheistíochta sin an táirge airgeadais sin mar tháirge airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn, cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ráiteas feiceálach i gcorp an doiciméid nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2019/2088 lena ndeimhnítear an méid uile seo a leanas:

(a)

go gcuireann an táirge airgeadais saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn;

(b)

go bhfuil baint amach na saintréithe sin faoi réir infheistíocht a dhéanamh i gceann amháin, ar a laghad, de na roghanna infheistíochta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus ceann amháin ar a laghad de na roghanna sin a shealbhú le linn thréimhse shealbhaíochta an táirge airgeadais;

(c)

go bhfuil faisnéis bhreise maidir leis na saintréithe comhshaoil nó sóisialta sin le fáil sna hiarscríbhinní dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

2.   Soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis uile seo a leanas in iarscríbhinní a ghabhann leis an doiciméad nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2019/2088:

(a)

i gcás gach rogha infheistíochta ina n-infheistítear agus a cháilíonn mar tháirge airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 50 go 57 den Rialachán seo;

(b)

i gcás gach rogha infheistíochta ina n-infheistítear agus a cháilíonn mar tháirge airgeadais arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir di, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 58 go 63 den Rialachán seo;

(c)

i gcás gach rogha infheistíochta ina n-infheistítear arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir di agus nach táirge airgeadais í, an fhaisnéis maidir le cuspóir na hinfheistíochta inbhuanaithe.

3.   Cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), i láthair i bhfoirm an teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), i bhfoirm an teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

Airteagal 66

Táirgí airgeadais le roghanna bunúsacha infheistíochta arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh uile

1.   De mhaolú ar Airteagail 58 go 63, i gcás ina dtairgeann táirge airgeadais roghanna infheistíochta don infheisteoir agus inarb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir do na roghanna infheistíochta sin uile, deimhneoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais i ráiteas feiceálach i gcorp an doiciméid nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2019/2088 gurb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir don táirge airgeadais agus go bhfuil an fhaisnéis a bhaineann leis an gcuspóir sin le fáil sna hiarscríbhinní dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

2.   Soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis uile seo a leanas sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an doiciméad nó san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2019/2088:

(a)

i gcás gach rogha infheistíochta ina n-infheistítear agus a cháilíonn mar tháirge airgeadais arb íinfheistíocht inbhuanaithe is cuspóir di, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 58 go 63;

(b)

i gcás gach rogha infheistíochta a dhéantar arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir di agus nach táirge airgeadais í, an fhaisnéis maidir le cuspóir na hinfheistíochta inbhuanaithe.

3.   Cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointe (a) i láthair, i bhfoirm an teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

Airteagal 67

Faisnéis maidir le roghanna bunúsacha infheistíochta arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh agus nach táirgí airgeadais iad féin

San fhaisnéis maidir le cuspóir na hinfheistíochta inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 65(2), pointe (c), agus Airteagal 66(2), pointe (b), beidh an méid uile seo a leanas:

(a)

tuairisc ar an gcuspóir infheistíochta inbhuanaithe;

(b)

a mhéid a baineadh an cuspóir infheistíochta inbhuanaithe amach i rith na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil, lena n-áirítear feidhmíocht na dtáscairí inbhuanaitheachta a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar thionchair inbhuanaitheachta fhoriomlána na roghanna arb í infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir dóibh;

(c)

tuairisc ar an gcaoi nach ndéanann na hinfheistíochtaí aon dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe, lena n-áirítear an méid uile seo a leanas:

(i)

an chaoi a gcuirtear na táscairí le haghaidh drochthionchar i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I agus aon táscaire ábhartha i dTáblaí 2 agus 3 den Iarscríbhinn sin san áireamh;

(ii)

cibé acu atá nó nach bhfuil an infheistíocht inbhuanaithe ailínithe le Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, lena n-áirítear na prionsabail agus na cearta a leagtar amach sna hocht gcoinbhinsiún bhunúsacha a shainaithnítear i nDearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Prionsabail agus Cearta Bunúsacha ag an Obair agus sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 68

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 9.12.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin i gcomhair Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras (IO L 406, 3.12.2020, lch. 17).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L 442, 9.12.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(5)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais, nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí ábhar agus cur i láthair na faisnéise le nochtadh ag gnóthais faoi réir Airteagail 19a nó 29a de Threoir 2013/34/AE a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus ina sonraítear an mhodheolaíocht chun an oibleagáid nochta sin a chomhlíonadh (IO L 443, 10.12.2021, lch. 9).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(10)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(11)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(13)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(14)  Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le cearta áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe a fheidhmiú (IO L 184, 14.7.2007, lch. 17).

(15)  Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (IO L 86, 24.3.2012, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Teimpléad le haghaidh an ráitis maidir le drochthionchair inbhuanaitheachta phríomha

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “astaíochtaí GCT scóip 1, 2 agus 3” scóip na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa dá dtagraítear i bpointí (1)(e)(i) go (iii) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

(2)

ciallaíonn “astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT)” astaíochtaí gás ceaptha teasa mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2);

(3)

ciallaíonn “meán ualaithe” cóimheas d’ualach na hinfheistíochta ag an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais i gcuideachta infheistiúcháin i ndáil le luach fiontair na cuideachta infheistiúcháin;

(4)

ciallaíonn “luach fiontair” suim, i ndeireadh na bliana fioscaí, caipitlithe margaidh gnáthscaireanna, caipitlithe margaidh scaireanna tosaíochta, agus an luacha de réir na leabhar den fhiachas iomlán agus de leasanna neamh-urlámhais, gan airgead tirim ná coibhéisí airgid a asbhaint;

(5)

ciallaíonn “cuideachtaí atá gníomhach in earnáil na mbreoslaí iontaise” cuideachtaí a fhaigheann aon ioncam ó thaiscéalaíocht, mianadóireacht, eastóscadh, táirgeadh, próiseáil, stóráil, scagadh nó dáileadh, lena n-áirítear iompar, stóráil agus trádáil breoslaí iontaise, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (62), de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3);

(6)

ciallaíonn “foinsí fuinnimh in-athnuaite” foinsí neamhiontaise in-athnuaite, eadhon fuinneamh gaoithe, grianfhuinneamh (grianfhuinneamh teirmeach agus grianfhuinneamh fótavoltach) agus fuinneamh geoiteirmeach, fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh taoide, fuinneamh tonnta agus fuinneamh eile aigéin, hidreachumhacht, bithmhais, gás láithreáin líonta, gás ó ghléasra cóireála séarachais, agus bithghás;

(7)

ciallaíonn “foinsí fuinnimh neamh-inathnuaite” foinsí fuinnimh seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (6);

(8)

ciallaíonn “déine an tomhaltais fuinnimh” cóimheas an tomhaltais fuinnimh in aghaidh an aonaid gníomhaíochta, aschuir nó aon mhéadraigh eile de chuid na cuideachta infheistiúcháin le tomhaltas fuinnimh iomlán na cuideachta infheistiúcháin sin;

(9)

ciallaíonn “earnálacha aeráide ardtionchair” na hearnálacha a liostaítear i Ranna A go H agus i Roinn L d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4);

(10)

ciallaíonn “limistéar faoi chosaint” limistéir ainmnithe i mBunachar Sonraí Coiteann maidir le Limistéir Ainmnithe (CDDA) na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil;

(11)

ciallaíonn “limistéar ardluacha bithéagsúlachta lasmuigh de limistéir faoi chosaint” talamh a bhfuil ardluach bithéagsúlachta aige dá dtagraítear in Airteagal 7b(3) de Threoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

(12)

ciallaíonn “astaíochtaí in uisce” astaíochtaí díreacha substaintí tosaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(30) de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus astaíochtaí díreacha níotráití, fosfáití agus lotnaidicídí;

(13)

ciallaíonn “limistéir ina bhfuil ardstrus maidir le huisce” réigiúin ina bhfuil céatadán an uisce iomláin a tharraingítear siar ard (40-80 %) nó fíorard (níos mó ná 80 %) in “Aqueduct”, uirlis Atlais Riosca Uisce Institiúid Acmhainní an Domhain (WRI);

(14)

ciallaíonn “dramhaíl ghuaiseach agus dramhaíl radaighníomhach” dramhaíl ghuaiseach agus dramhaíl radaighníomhach;

(15)

ciallaíonn “dramhaíl ghuaiseach” dramhaíl ghuaiseach mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7);

(16)

ciallaíonn “dramhaíl radaighníomhach” dramhaíl radaighníomhach mar a shainmhínítear in Airteagal 3(7) de Threoir 2011/70/Euratom ón gComhairle (8);

(17)

ciallaíonn “dramhaíl neamh-athchúrsáilte” aon dramhaíl nach n-athchúrsáiltear de réir bhrí “athchúrsáil” in Airteagal 3(17) de Threoir 2008/98/CE;

(18)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí a bhfuil tionchar diúltach acu ar limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de” gníomhaíochtaí a bhfuil na saintréithe uile seo a leanas acu:

(a)

mar thoradh ar na gníomhaíochtaí sin tagann meath ar ghnáthóga nádúrtha agus ar ghnáthóga na speiceas agus cuirtear isteach ar speicis ar lena n-aghaidh a ainmníodh limistéar faoi chosaint;

(b)

i gcás na ngníomhaíochtaí sin, níor cuireadh chun feidhme aon cheann de na conclúidí, de na bearta maolaithe ná de na measúnuithe tionchair a glacadh de bhun aon cheann de na Treoracha seo a leanas nó de bhun aon cheann de na forálacha náisiúnta nó de na caighdeáin idirnáisiúnta atá coibhéiseach leis na Treoracha sin:

(i)

Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(ii)

Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (10);

(iii)

Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2), pointe (g), de Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11);

(iv)

le haghaidh gníomhaíochtaí atá lonnaithe i dtríú tíortha, conclúidí, bearta maolaithe nó measúnuithe tionchair a ghlactar i gcomhréir le forálacha náisiúnta nó le caighdeáin idirnáisiúnta atá coibhéiseach leis na Treoracha agus leis na measúnuithe tionchair a liostaítear i bpointí (i), (ii) agus (iii);

(19)

ciallaíonn “limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de” líonra Natura 2000 de limistéir faoi chosaint, láithreáin Oidhreachta Domhanda Unesco agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint, dá dtagraítear in Aguisín D d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún (12);

(20)

ciallaíonn “speiceas faoi bhagairt” speiceas i mbaol, lena n-áirítear flora agus fauna, a liostaítear ar an Liosta Dearg Eorpach nó ar Liosta Dearg IUCN, dá dtagraítear i Roinn 7 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139;

(21)

ciallaíonn “dífhoraoisiú” tiontú sealadach nó buan talaimh foraoise ina thalamh neamhfhoraoisithe, arb é an duine is cúis leis;

(22)

ciallaíonn “prionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe” deich bPrionsabal Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe;

(23)

ciallaíonn “bearna phá neamhchoigeartaithe idir na hinscní” an difríocht idir an meán-olltuilleamh in aghaidh na huaire a thuilleann fostaithe fireanna ar pá agus an meán-olltuilleamh in aghaidh na huaire a thuilleann fostaithe baineanna ar pá mar chéatadán den mheán-olltuilleamh in aghaidh na huaire a thuilleann fostaithe fireanna ar pá;

(24)

ciallaíonn “bord” comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta cuideachta;

(25)

ciallaíonn “beartas um chearta an duine” gealltanas beartais a fhormheastar ar leibhéal an bhoird maidir le cearta an duine go mbeidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha na cuideachta infheistiúcháin i gcomhréir le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine;

(26)

ciallaíonn “sceithire”“duine tuairiscithe” mar a shainmhínítear in Airteagal 5(7) de Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13);

(27)

ciallaíonn “truailleáin neamhorgánacha” astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (13) de Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), le haghaidh an tionscail Ceimiceáin Neamhorgánacha ar Mhéideanna Móra – Soladacha agus Eile;

(28)

ciallaíonn “truailleáin aeir” astaíochtaí díreacha de dhé-ocsaídí sulfair (SO2), ocsaídí nítrigine (NOx), comhdhúile so-ghalaithe orgánacha neamh-mheatáin (NMVOC) agus mínábhar cáithníneach (PM2,5) mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (5) go (8) de Threoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), amóinia (NH3) dá dtagraítear sa Treoir sin agus miotail throma (HM) dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin;

(29)

ciallaíonn “substaintí ídithe ózóin” substaintí a liostaítear i bPrótacal Montréal um Shubstaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na foirmlí seo a leanas:

(1)

ríomhfar “astaíochtaí GCT” i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Image 2

(2)

ríomhfar “lorg carbóin” i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Image 3

(3)

ríomhfar “déine GCT cuideachtaí infheistiúcháin” i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Image 4

(4)

ríomhfar “déine GCT stát ceannasach” i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Image 5

(5)

ríomhfar “sócmhainní réadmhaoine neamhéifeachtúla” i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Image 6

Chun críocha na bhfoirmlí, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “luach reatha infheistíochta” an luach in EUR d’infheistíocht an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais sa chuideachta infheistiúcháin;

(2)

ciallaíonn “luach fiontair” suim, i ndeireadh na bliana fioscaí, caipitlithe margaidh gnáthscaireanna, caipitlithe margaidh scaireanna tosaíochta, agus an luacha de réir na leabhar den fhiachas iomlán agus de leasanna neamh-urlámhais, gan airgead tirim ná coibhéisí airgid a asbhaint;

(3)

ciallaíonn “luach reatha na n-infheistíochtaí uile” an luach in EUR d’infheistíochtaí uile an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais;

(4)

beidh ag “foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh (NZEB)”, “éileamh fuinnimh phríomhúil (PED)” agus “teastas feidhmíochta fuinnimh (EPC)” na bríonna a thugtar dóibh i míreanna 2, 5 agus 12 d’Airteagal 2 de Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

Tábla 1

Ráiteas maidir le drochthionchair phríomha cinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta

Rannpháirtí sa mhargadh airgeadais [Ainm agus LEI, i gcás ina mbeidh fáil air sin]

Achoimre

Measann [Ainm agus LEI, i gcás ina mbeidh fáil air sin] drochthionchair phríomha a chinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta. Is é an ráiteas reatha an ráiteas comhdhlúite maidir le drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta atá ag [ainm an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais] [i gcás inarb infheidhme, cuir isteach “agus a fochuideachtaí, eadhon [liostaigh na fochuideachtaí a áirítear]”].

Leis an ráiteas seo maidir le drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta, cumhdaítear an tréimhse thagartha ón [cuir isteach “1 Eanáir” nó an dáta a measadh drochthionchair phríomha den chéad uair] go dtí an 31 Nollaig [bliain n].

[Achoimre dá dtagraítear in Airteagal 5 agus a sholáthraítear sna teangacha dá dtagraítear i mír 1 de sin]

Tuairisc ar na drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta

[Faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7 san fhormáid a leagtar amach thíos]

Táscairí is infheidhme maidir le hinfheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin

Táscaire drochthionchair inbhuanaitheachta

Méadrach

Tionchar [bliain n]

Tionchar [bliain n-1]

Míniú

Gníomhaíochtaí a rinneadh, agus gníomhaíochtaí a pleanáladh agus spriocanna a leagadh síos le haghaidh na chéad tréimhse tagartha eile

TÁSCAIRÍ AERÁIDE AGUS TÁSCAIRÍ EILE A BHAINEANN LEIS AN gCOMHSHAOL

Astaíochtaí gás ceaptha teasa

1.

Astaíochtaí GCT

Astaíochtaí GCT Scóip 1

 

 

 

 

Astaíochtaí GCT Scóip 2

 

 

 

 

Astaíochtaí GCT Scóip 3

 

 

 

 

Astaíochtaí iomlána GCT

 

 

 

 

2.

Lorg carbóin

Lorg carbóin

 

 

 

 

3.

Déine GCT cuideachtaí infheistiúcháin

Déine GCT cuideachtaí infheistiúcháin

 

 

 

 

4.

Neamhchosaint ar chuideachtaí atá gníomhach in earnáil na mbreoslaí iontaise

Sciar na n-infheistíochtaí i gcuideachtaí atá gníomhach in earnáil na mbreoslaí iontaise

 

 

 

 

5.

An sciar de thomhaltas agus de tháirgeadh fuinnimh neamh-inathnuaite

An sciar de thomhaltas fuinnimh neamh-inathnuaite agus de tháirgeadh fuinnimh neamh-inathnuaite cuideachtaí infheistiúcháin ó fhoinsí fuinnimh neamh-inathnuaite i gcomparáid le foinsí fuinnimh in-athnuaite, a shloinntear mar chéatadán d’fhoinsí fuinnimh iomlána

 

 

 

 

6.

Déine an tomhaltais fuinnimh in aghaidh na hearnála aeráide ardtionchair

Tomhaltas fuinnimh in GWh in aghaidh an mhilliúin EUR d’ioncam cuideachtaí infheistiúcháin, in aghaidh na hearnála aeráide ardtionchair

 

 

 

 

Bithéagsúlacht

7.

Gníomhaíochtaí a bhfuil tionchar diúltach acu ar limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin a bhfuil láithreáin/oibríochtaí acu atá lonnaithe i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó gar do limistéir den sórt sin ina bhfuil tionchar diúltach ag gníomhaíochtaí na gcuideachtaí infheistiúcháin sin ar na limistéir sin

 

 

 

 

Uisce

8.

Astaíochtaí san uisce

Tonaí astaíochtaí san uisce a ghineann cuideachtaí infheistiúcháin in aghaidh an mhilliúin EUR a infheistítear, a shloinntear mar mheán ualaithe

 

 

 

 

Dramhaíl

9.

Cóimheas idir dramhaíl ghuaiseach agus dramhaíl radaighníomhach

Tonaí dramhaíola guaisí agus dramhaíola radaighníomhaí a ghineann cuideachtaí infheistiúcháin in aghaidh an mhilliúin EUR a infheistítear, a shloinntear mar mheán ualaithe

 

 

 

 

TÁSCAIRÍ LE hAGHAIDH ÁBHAIR SHÓISIALTA AGUS FOSTAITHE, LE hAGHAIDH ÁBHAIR A BHAINEANN LE hURRAIM DO CHEARTA AN DUINE, LE hAGHAIDH ÁBHAIR FRITHÉILLITHE AGUS LE hAGHAIDH ÁBHAIR FRITHBHREABAIREACHTA

Ábhair shóisialta agus fostaithe

10.

Sáruithe ar phrionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe agus ar Threoirlínte na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Fiontair Ilnáisiúnta

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin a raibh baint acu le sáruithe ar phrionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe nó ar Threoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta

 

 

 

 

11.

Easpa próiseas agus sásraí comhlíontachta chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le prionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe agus le Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin nach bhfuil beartais acu chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le prionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe nó le Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta ná sásraí láimhseála casaoidí/gearán chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar phrionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe nó ar Threoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta

 

 

 

 

12.

Bearna phá neamhchoigeartaithe idir na hinscní

Meánbhearna phá neamhchoigeartaithe idir na hinscní de chuid cuideachtaí infheistiúcháin

 

 

 

 

13.

Athraitheacht inscne an bhoird

An meánchóimheas idir comhaltaí boird baineanna agus comhaltaí boird fireanna i gcuideachtaí infheistíochta, arna shloinneadh mar chéatadán de na comhaltaí boird uile

 

 

 

 

14.

Neamhchosaint ar airm chonspóideacha (mianaigh frithphearsanra, cnuasmhuinisin, airm cheimiceacha agus airm bhitheolaíocha)

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin a bhfuil baint acu le monarú nó díol arm conspóideach

 

 

 

 

Táscairí is infheidhme maidir le hinfheistíochtaí i stáit cheannasacha agus in eagraíochtaí fornáisiúnta

Táscaire drochthionchair inbhuanaitheachta

Méadrach

Tionchar [bliain n]

Tionchar [bliain n-1]

Míniú

Gníomhaíochtaí a rinneadh, agus gníomhaíochtaí a pleanáladh agus spriocanna a leagadh síos le haghaidh na chéad tréimhse tagartha eile

Comhshaol

15.

Déine GCT

Déine GCT tíortha infheistiúcháin

 

 

 

 

Sóisialta

16.

Tíortha infheistiúcháin faoi réir sáruithe sóisialta

An líon tíortha infheistiúcháin atá faoi réir sáruithe sóisialta (an dearbhlíon agus an líon coibhneasta roinnte ar na tíortha infheistiúcháin uile), dá dtagraítear i gconarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta, i bprionsabail na Náisiún Aontaithe agus, i gcás inarb infheidhme, sa dlí náisiúnta

 

 

 

 

Táscairí is infheidhme maidir le hinfheistíochtaí i sócmhainní réadmhaoine

Táscaire drochthionchair inbhuanaitheachta

Méadrach

Tionchar [bliain n]

Tionchar [bliain n-1]

Míniú

Gníomhaíochtaí a rinneadh, agus gníomhaíochtaí a pleanáladh agus spriocanna a leagadh síos le haghaidh na chéad tréimhse tagartha eile

Breoslaí iontaise

17.

Neamhchosaint ar bhreoslaí iontaise trí shócmhainní réadmhaoine

An sciar d’infheistíochtaí i sócmhainní réadmhaoine a bhfuil baint acu le breoslaí iontaise a eastóscadh, a stóráil, a iompar nó a mhonarú

 

 

 

 

Éifeachtúlacht fuinnimh

18.

Neamhchosaint ar shócmhainní réadmhaoine nach bhfuil éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de

An sciar d’infheistíochtaí i sócmhainní réadmhaoine nach bhfuil éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de

 

 

 

 

Táscairí eile le haghaidh drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta

[Faisnéis maidir leis na drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (a) san fhormáid i dTábla 2]

[Faisnéis maidir leis na drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (b), san fhormáid i dTábla 3]

[Faisnéis maidir le haon drochthionchar eile ar thosca inbhuanaitheachta a úsáidtear chun drochthionchair phríomha bhreise a shainaithint agus a mheasúnú ar thoisc inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (c), san fhormáid i dTábla 2 nó i dTábla 3]

Tuairisc ar bheartais chun drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta a shainaithint agus a chur in ord tosaíochta

[Faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7]

Beartais rannpháirtíochta

[Faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8]

Tagairtí do chaighdeáin idirnáisiúnta

[Faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9]

Comparáid stairiúil

[Faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10]

Tábla 2

Táscairí aeráide breise agus táscairí breise eile a bhaineann leis an gcomhshaol

Drochthionchar inbhuanaitheachta

Drochthionchar ar thosca inbhuanaitheachta

(cáilíochtúil nó cainníochtúil)

Méadrach

Táscairí is infheidhme maidir le hinfheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin

TÁSCAIRÍ AERÁIDE AGUS TÁSCAIRÍ EILE A BHAINEANN LEIS AN gCOMHSHAOL

Astaíochtaí

1.

Astaíochtaí truailleán neamhorgánach

Tonaí de choibhéis truailleán neamhorgánach in aghaidh an mhilliúin EUR a infheistítear, a shloinntear mar mheán ualaithe

2.

Astaíochtaí truailleán aeir

Tonaí de choibhéis truailleán aeir in aghaidh an mhilliúin EUR a infheistítear, a shloinntear mar mheán ualaithe

3.

Astaíochtaí substaintí ídithe ózóin

Tonaí de choibhéis substaintí ídithe ózóin in aghaidh an mhilliúin EUR a infheistítear, a shloinntear mar mheán ualaithe

4.

Infheistíochtaí i gcuideachtaí nach bhfuil tionscnaimh laghdaithe astaíochtaí carbóin acu

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin nach bhfuil tionscnaimh laghdaithe astaíochtaí carbóin acu arb é is aidhm dóibh ailíniú le Comhaontú Pháras

Feidhmíocht fuinnimh

5.

Miondealú ar thomhaltas fuinnimh de réir chineál na bhfoinsí fuinnimh neamh-inathnuaite

An sciar den fhuinneamh ó fhoinsí neamh-inathnuaite a úsáideann cuideachtaí infheistiúcháin miondealaithe de réir gach foinse fuinnimh neamh-inathnuaite

Astaíochtaí uisce, dramhaíola agus

ábhair

6.

Úsáid agus athchúrsáil uisce

1.

An meánmhéid uisce a thomhlaíonn cuideachtaí infheistiúcháin (i méadair chiúbacha) in aghaidh an mhilliúin EUR d’ioncam cuideachtaí infheistiúcháin

2.

An meánchéatadán ualaithe d’uisce a athchúrsálann agus a athúsáideann cuideachtaí infheistiúcháin

7.

Infheistíochtaí i gcuideachtaí nach bhfuil beartais bainistithe uisce acu

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin nach bhfuil beartais bainistithe uisce acu

8.

Neamhchosaint ar limistéir ina bhfuil ardstrus maidir le huisce

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin a bhfuil láithreáin acu atá lonnaithe i limistéir ina bhfuil ardstrus maidir le huisce agus nach bhfuil beartas bainistithe uisce acu

9.

Infheistíochtaí i gcuideachtaí a tháirgeann ceimiceáin

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin a dtagann a ngníomhaíochtaí faoi Rannán 20.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006

10.

Díghrádú talún, fású, séalú ithreach

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin a bhfuil a ngníomhaíochtaí ina gcúis le díghrádú talún, fású nó séalú ithreach

11.

Infheistíochtaí i gcuideachtaí nach bhfuil cleachtais talún/talmhaíochta inbhuanaithe acu

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin nach bhfuil cleachtais nó beartais talún/talmhaíochta inbhuanaithe acu

12.

Infheistíochtaí i gcuideachtaí nach bhfuil cleachtais aigéan/farraigí inbhuanaithe acu

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin nach bhfuil cleachtais nó beartais aigéan/farraigí inbhuanaithe acu

13.

An cóimheas dramhaíola neamh-athchúrsáilte

Tonaí de dhramhaíl neamh-athchúrsáilte a ghineann cuideachtaí infheistiúcháin in aghaidh an mhilliúin EUR a infheistítear, a shloinntear mar mheán ualaithe

14.

Speicis nádúrtha agus limistéir faoi chosaint

1.

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin a ndéanann a n-oibríochtaí difear do speicis faoi bhagairt

2.

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin nach bhfuil beartas cosanta bithéagsúlachta acu lena gcumhdaítear láithreáin oibríochtúla atá faoi úinéireacht, ar léas, nó á mbainistiú i limistéar faoi chosaint nó i limistéar ardluacha bithéagsúlachta lasmuigh de limistéir faoi chosaint, nó láithreáin oibríochtúla atá faoi úinéireacht, ar léas, nó á mbainistiú cóngarach do limistéar faoi chosaint nó do limistéar ardluacha bithéagsúlachta lasmuigh de limistéir faoi chosaint

15.

Dífhoraoisiú

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí nach bhfuil beartas acu chun aghaidh a thabhairt ar dhífhoraoisiú

Urrúis ghlasa

16.

An sciar d’urrúis nár eisíodh faoi reachtaíocht an Aontais maidir le bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

An sciar d’urrúis in infheistíochtaí nár eisíodh faoi reachtaíocht an Aontais maidir le bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

Táscairí is infheidhme maidir le hinfheistíochtaí i stáit cheannasacha agus in eagraíochtaí fornáisiúnta

Urrúis ghlasa

17.

An sciar de bhannaí nár eisíodh faoi reachtaíocht an Aontais maidir le bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

An sciar de bhannaí nár eisíodh faoi reachtaíocht an Aontais maidir le bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

Táscairí is infheidhme maidir le hinfheistíochtaí i sócmhainní réadmhaoine

Astaíochtaí gás ceaptha teasa

18.

Astaíochtaí GCT

Astaíochtaí GCT Scóip 1 atá ginte ag sócmhainní réadmhaoine

Astaíochtaí GCT Scóip 2 atá ginte ag sócmhainní réadmhaoine

Astaíochtaí GCT Scóip 3 atá ginte ag sócmhainní réadmhaoine

Astaíochtaí GCT iomlána atá ginte ag sócmhainní réadmhaoine

Tomhaltas fuinnimh

19.

Déine tomhaltais fuinnimh

Tomhaltas fuinnimh in GWh de chuid sócmhainní réadmhaoine faoi úinéireacht in aghaidh an mhéadair chearnaigh

Dramhaíl

20.

Giniúint dramhaíola in oibríochtaí

An sciar de shócmhainní réadmhaoine nach bhfuil saoráidí acu chun dramhaíl a shórtáil agus nach gcumhdaítear le conradh aisghabhála nó athchúrsála dramhaíola

Tomhaltas acmhainní

21.

Tomhaltas amhábhar le haghaidh tógáil nua agus athchóirithe móra

An sciar d’amhábhar tógála (seachas ábhair aisghafa, athchúrsáilte agus bithfhoinsithe) i gcomparáid le meáchan iomlán na n-ábhar tógála a úsáidtear i dtógáil nua agus in athchóirithe móra

Bithéagsúlacht

22.

Saorgú talún

An sciar d’achar dromchla neamhfhásmhair (dromchlaí neamhfhásmhara ar talamh, chomh maith le díonta, léibhinn agus ballaí) i gcomparáid le hachar dromchla iomlán dháileachtaí na sócmhainní uile

Tábla 3

Táscairí breise le haghaidh ábhair shóisialta agus fostaithe, le haghaidh ábhair a bhaineann le hurraim do chearta an duine, le haghaidh frithéillithe agus le haghaidh ábhair frithbhreabaireachta

TÁSCAIRÍ LE hAGHAIDH ÁBHAIR SHÓISIALTA AGUS FOSTAITHE, LE hAGHAIDH ÁBHAIR A BHAINEANN LE hURRAIM DO CHEARTA AN DUINE, LE hAGHAIDH ÁBHAIR FRITHÉILLITHE AGUS LE hAGHAIDH ÁBHAIR FRITHBHREABAIREACHTA

Drochthionchar inbhuanaitheachta

Drochthionchar ar thosca inbhuanaitheachta

(cáilíochtúil nó cainníochtúil)

Méadrach

Táscairí is infheidhme maidir le hinfheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin

Ábhair shóisialta agus fostaithe

1.

Infheistíochtaí i gcuideachtaí nach bhfuil beartais acu chun timpistí tionsclaíocha a chosc

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin nach bhfuil beartas acu chun timpistí tionsclaíocha a chosc

2.

An ráta timpistí

An ráta timpistí i gcuideachtaí infheistiúcháin a shloinntear mar mheán ualaithe

3.

An líon laethanta a cailleadh de dheasca gortuithe, timpistí, básanna nó tinnis

An líon laethanta oibre a cailleadh de dheasca gortuithe, timpistí, básanna nó tinnis i gcuideachtaí infheistiúcháin, arna shloinneadh mar mheán ualaithe

4.

Easpa cóid iompair soláthróra

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin nach bhfuil aon chód iompair soláthróra acu (in aghaidh dálaí oibre neamhshábháilte, obair fhorbhásach, saothar leanaí agus saothar éignithe)

5.

Easpa sásra láimhseála casaoidí/gearán a bhaineann le hábhair fostaithe

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin nach bhfuil aon sásra láimhseála casaoidí/gearán acu a bhaineann le hábhair fostaithe

6.

Cosaint neamhleor sceithirí

An sciar d’infheistíochtaí in eintitis nach bhfuil beartais acu maidir le cosaint sceithirí

7.

Teagmhais idirdhealaithe

1.

An líon teagmhas idirdhealaithe a thuairiscítear i gcuideachtaí infheistiúcháin arna shloinneadh mar mheán ualaithe

2.

An líon teagmhas idirdhealaithe as a dtagann smachtbhannaí i gcuideachtaí infheistiúcháin arna shloinneadh mar mheán ualaithe

8.

Cóimheas pá POF iomarcach

An meánchóimheas laistigh de chuideachtaí infheistiúcháin den chúiteamh iomlán bliantúil le haghaidh an duine aonair is mó cúiteamh in aghaidh an mheánchúitimh iomláin bhliantúil le haghaidh na bhfostaithe uile (cé is moite den duine aonair is mó cúiteamh)

Cearta an Duine

9.

Easpa beartais um chearta an duine

An sciar d’infheistíochtaí in eintitis nach bhfuil beartas um chearta an duine acu

10.

Easpa díchill chuí

An sciar d’infheistíochtaí in eintitis nach bhfuil próiseas díchill chuí acu chun drochthionchair ar chearta an duine a shainaithint, a chosc, agus a mhaolú agus chun aghaidh a thabhairt orthu ar na drochthionchair sin

11.

Easpa próiseas agus beart chun gáinneáil ar dhaoine a chosc

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin nach bhfuil beartais acu in aghaidh gáinneáil ar dhaoine

12.

Oibríochtaí agus soláthróirí atá go mór i mbaol ó thaobh teagmhais saothair leanaí de

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin atá neamhchosanta ar oibríochtaí agus soláthróirí atá go mór i mbaol i leith teagmhais saothair leanaí i dtéarmaí limistéir gheografacha nó an chineáil oibríochta

13.

Oibríochtaí agus soláthróirí atá go mór i mbaol ó thaobh teagmhais saothair éignithe nó éigeantaigh de

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin atá neamhchosanta ar oibríochtaí agus soláthróirí atá go mór i mbaol i leith teagmhais saothair éignithe nó éigeantaigh i dtéarmaí limistéir gheografacha agus/nó an chineáil oibríochta

14.

An líon cásanna sainaitheanta de shaincheisteanna agus de teagmhais thromchúiseacha maidir le cearta an duine

An líon cásanna de shaincheisteanna agus de theagmhais thromchúiseacha maidir le cearta an duine a bhaineann le cuideachtaí infheistiúcháin ar bhonn meán ualaithe

Frithéilliú agus frithbhreabaireacht

15.

Easpa beartas frithéillithe agus frithbhreabaireachta

An sciar d’infheistíochtaí in eintitis nach bhfuil beartais acu maidir le frithéilliú agus frithbhreabaireacht i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe

16.

Cásanna de ghníomhaíocht easnamhach a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar chaighdeáin frithéillithe agus frithbhreabaireachta

An sciar d’infheistíochtaí i gcuideachtaí infheistiúcháin a bhfuil easnaimh shainaitheanta acu i ngníomhaíochtaí a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe i nósanna imeachta agus i gcaighdeáin frithéillithe agus frithbhreabaireachta

17.

An líon ciontuithe agus an líon fíneálacha i leith sárú ar dhlíthe frithéillithe agus frithbhreabaireachta

An líon ciontuithe agus an líon fíneálacha i leith sáruithe ar dhlíthe frithéillithe agus frithbhreabaireachta ag cuideachtaí infheistiúcháin

Táscairí is infheidhme maidir le hinfheistíochtaí i stáit cheannasacha agus in eagraíochtaí fornáisiúnta

Sóisialta

18.

An meánscór neamh-chomhionannais ioncaim

Dáileadh an ioncaim agus an neamh-chomhionannais eacnamaíoch i measc na rannpháirtithe i ngeilleagar ar leith lena n-áirítear táscaire cainníochtúil a mhínítear sa cholún míniúcháin

 

19.

An meánscór ó thaobh saoirse chun tuairimí a nochtadh

Lena dtomhaistear a mhéid is féidir le heagraíochtaí polaitiúla agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta oibriú gan bhac lena n-áirítear táscaire cainníochtúil a mhínítear sa cholún míniúcháin

Cearta an duine

20.

Meánfheidhmíocht ó thaobh chearta an duine de

Tomhas ar mheánfheidhmíocht tíortha infheistiúcháin ó thaobh chearta an duine de, agus úsáid á baint as táscaire cainníochtúil a mhínítear sa cholún míniúcháin

Rialachas

21.

An meánscór éillithe

Tomhas ar an leibhéal éillithe a mheastar a bheith san earnáil phoiblí, agus úsáid á baint as táscaire cainníochtúil a mhínítear sa cholún míniúcháin

 

22.

Dlínsí cánach neamh-chomhoibríocha

Infheistíochtaí i ndlínsí ar liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach

 

23.

An meánscór cobhsaíochta polaitiúla

Tomhas ar an dóchúlacht go ndéanfar an córas atá ann faoi láthair a threascairt trí fhorneart a úsáid, agus úsáid á baint as táscaire cainníochtúil a mhínítear sa cholún míniúcháin

 

24.

An meánscór smachta reachta

Tomhas ar an leibhéal éillithe, easpa cearta bunúsacha, agus na heasnaimh sa cheartas sibhialta agus coiriúil, agus úsáid á baint as táscaire cainníochtúil a mhínítear sa cholún míniúcháin


(1)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais, nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 393, 30.12.2006, lgh. 1–39).

(5)  Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, 28.12.1998, lch. 58).

(6)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(7)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(8)  Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bainistiú freagrach agus sábháilte breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí (IO L 199, 2.8.2011, lch. 48).

(9)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(10)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(11)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 026, 28.1.2012, lch. 1).

(12)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L 442, 9.12.2021, lch. 1).

(13)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(14)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(15)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 344, 17.12.2016, lgh. 1–31

(16)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú) (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13)


IARSCRÍBHINN II

Teimpléad don nochtadh réamhchonarthach i gcás na dtáirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8, mír 1, mír 2 agus mír 2a, de Rialachán (AE) 2019/2088 agus in Airteagal 6, an chéad mhír, de Rialachán (AE) 2020/852

Image 7

Image 8

Image 9

Image 10

Image 11


IARSCRÍBHINN III

Teimpléad don nochtadh réamhchonarthach le haghaidh na dtáirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 9, míreanna 1 go 4a, de Rialachán (AE) 2019/2088 agus Airteagal 5, an chéad mhír, de Rialachán (AE) 2020/852

Image 12

Image 13

Image 14

Image 15

Image 16


IARSCRÍBHINN IV

Teimpléad don nochtadh tréimhsiúil le haghaidh na dtáirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8, míreanna 1, 2 agus 2a, de Rialachán (AE) 2019/2088 agus Airteagal 6, an chéad mhír, de Rialachán (AE) 2020/852

Image 17

Image 18

Image 19

Image 20

Image 21

Image 22


IARSCRÍBHINN V

Teimpléad don nochtadh tréimhsiúil le haghaidh na dtáirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 9, míreanna 1 go 4a, de Rialachán (AE) 2019/2088 agus in Airteagal 5, an chéad mhír, de Rialachán (AE) 2020/852

Image 23

Image 24

Image 25

Image 26

Image 27


Top