EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021L2101

Treoir (AE) 2021/2101ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2021 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE a mhéid a bhaineann le faisnéis faoi cháin ioncaim a bheith á nochtadh ag gnóthais agus brainsí áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/74/2021/INIT

IO L 429, 1.12.2021, p. 1–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2021/2101/oj

1.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 429/1


TREOIR (AE) 2021/2101Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2021

lena leasaítear Treoir 2013/34/AE a mhéid a bhaineann le faisnéis faoi cháin ioncaim a bheith á nochtadh ag gnóthais agus brainsí áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá trédhearcacht fíor-riachtanach maidir le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ina theachtaireachtaí uaidh an 27 Deireadh Fómhair 2015 dar teideal Commission Work Programme 2016 - No time for business as usual [Clár Oibre an Choimisiúin do 2016 – Ní rogha a thuilleadh gnó mar is gnách] agus an 16 Nollaig 2014 dar teideal Commission Work Programme 2015 - A New Start [Clár Oibre an Choimisiúin do 2015 – Tús Nua], shainaithin an Coimisiún mar thosaíocht gur gá freagairt ar ghlao ó shaoránaigh an Aontais ar chothroime agus ar thrédhearcacht agus gur gá don Aontas gníomhú mar shamhail tagartha don domhan. Tá sé fíor-riachtanach go gcuirfear cómhalartacht idir iomaitheoirí san áireamh sna hiarrachtaí chun trédhearcacht níos fearr a bhaint amach.

(2)

Sa rún uaithi an 26 Márta 2019 (3), leag Parlaimint na hEorpa béim ar an ngá atá le tuairisciú poiblí uaillmhianach de réir tíre mar uirlis chun trédhearcacht chorparáideach a mhéadú agus chun grinnscrúdú poiblí a fheabhsú. I gcomhthráth leis an obair atá déanta ag an gComhairle chun seachaint cánach ioncaim corparáidí a chomhrac, is gá feabhas a chur ar an ngrinnscrúdú poiblí a dhéantar ar chánacha ioncaim corparáideacha atá le híoc ag gnóthais ilnáisiúnta i mbun gníomhaíochtaí san Aontas, chun trédhearcacht agus freagracht chorparáideach a chothú tuilleadh, agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le leas ár sochaithe. Is gá foráil a dhéanamh do ghrinnscrúdú den sórt sin freisin chun díospóireacht phoiblí níos eolaí a chur chun cinn, go háirithe maidir le leibhéal comhlíonta cánach gnóthas ilnáisiúnta áirithe atá gníomhach san Aontas agus maidir leis an tionchar atá ag comhlíontacht cánach ar an bhfíorgheilleagar. Is ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta a bheadh sé freisin rialacha coiteanna a leagan síos maidir le trédhearcacht cánach ioncaim corparáidí, trí fhoráil a dhéanamh maidir le coimircí coibhéiseacha ar fud an Aontais chun infheisteoirí, creidiúnaithe agus tríú páirtithe eile i gcoitinne a chosaint, agus ar an gcaoi sin, rannchuidiú le muinín shaoránaigh an Aontais a fháil ar ais maidir le cothroime na gcóras cánach náisiúnta. Is féidir an grinnscrúdú poiblí sin a bhaint amach trí bhíthin tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim, gan beann ar an áit ina bhfuil máthairghnóthas deiridh an ghrúpa ilnáisiúnta bunaithe.

(3)

Maidir le tuairisciú poiblí de réir tíre, is uirlis éifeachtúil iomchuí é chun trédhearcacht a mhéadú i ndáil le gníomhaíochtaí gnóthas ilnáisiúnta, agus chun cur ar chumas an phobail measúnú a dhéanamh ar thionchar na ngníomhaíochtaí sin ar an bhfíorgheilleagar. Cuireann sé feabhas freisin ar chumas scairshealbhóirí meastóireacht a dhéanamh i gceart ar na rioscaí a ghlacann gnóthais, déantar straitéisí infheistíochta atá bunaithe ar fhaisnéis chruinn mar thoradh air agus cuireann sé feabhas ar chumas cinnteoirí measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus ar thionchar na reachtaíochta náisiúnta. Ba cheart grinnscrúdú poiblí a dhéanamh gan dochar a dhéanamh don timpeallacht infheistíochta san Aontas ná d’iomaíochas ghnóthais an Aontais, lena n-áirítear gnóthais bheaga agus mheánmhéide dá bhforáiltear i dTreoir 2013/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(4)

Is dócha freisin go mbeidh tionchar dearfach ag tuairisciú poiblí de réir tíre ar chearta fostaithe maidir le faisnéis agus comhairliúchán dá bhforáiltear i dTreoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus, trí eolas a mhéadú ar ghníomhaíochtaí gnóthas, ar cháilíocht an idirphlé a tharlaíonn laistigh de ghnóthais.

(5)

Mar thoradh ar chonclúidí na Comhairle an 22 Bealtaine 2013, tugadh clásal athbhreithnithe isteach i dTreoir 2013/34/AE. Leis an gclásal athbhreithnithe sin, ceanglaíodh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí oibleagáid a chur ar ghnóthais mhóra in earnálacha breise tionscail tuarascáil de réir tíre a dhéanamh ar bhonn bliantúil, agus na forbairtí san Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus na torthaí ar thionscnaimh Eorpacha ghaolmhara á gcur san áireamh.

(6)

Tá tuairisciú poiblí de réir tíre tugtha isteach ag an Aontas cheana don earnáil bhaincéireachta le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus don earnáil eastóscach agus lománaíochta le Treoir 2013/34/AE.

(7)

Le tuairisciú poiblí de réir tíre a thabhairt isteach leis an Treoir seo, tagann an tAontas chun bheith ina cheannaire domhanda i gcur chun cinn na trédhearcachta airgeadais agus corparáidí.

(8)

Beidh buntáistí do chách ag baint le tuilleadh trédhearcachta i nochtadh airgeadais ós rud é go mbeidh an tsochaí shibhialta níos rannpháirtí, go mbeidh níos mó eolais ag fostaithe agus nach mbeidh infheisteoirí chomh drogallach céanna roimh rioscaí. Ina theannta sin, bainfidh gnóthais tairbhe as caidreamh níos fearr le geallsealbhóirí, as a dtiocfaidh breis cobhsaíochta, mar aon le rochtain níos éasca ar mhaoiniú de bharr próifíl riosca níos soiléire a bheith acu agus feabhas a bheith ar an gclú atá orthu.

(9)

Sa teachaireacht uaidh an 25 Deireadh Fómhair 2011 dar teideal A renewed EU strategy 2011-14 for Corporate Social Responsibility [Straitéis athnuaite 2011-14 de chuid AE um Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach], is é an sainmhíniú a thug an Coimisiún ar an bhfreagracht shóisialta chorparáideach ná freagracht na bhfiontar i leith an tionchair a bhíonn acu ar an tsochaí. Ba cheart cuideachtaí a bheith i gceannas ar an bhfreagracht shóisialta chorparáideach. Is féidir le húdaráis phoiblí ról tacaíochta a bheith acu trí mheascán cliste de bhearta deonacha beartais agus, i gcás inar gá, trí rialáil comhlántach. Is féidir le gnóthais dul níos faide ná comhlíonadh an dlí agus éirí freagrach go sóisialta trí ábhair imní shóisialta nó eiticiúla nó ábhair imní maidir leis an gcomhshaol, an eitic, tomhaltóirí nó cearta an duine a chomhthathú ina straitéis ghnó agus ina gcuid oibríochtaí.

(10)

Ba cheart don phobal a bheith in ann grinnscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí uile grúpa gnóthas i gcás ina bhfuil cineálacha áirithe eintiteas bunaithe ag an ngrúpa laistigh den Aontas. I gcás grúpaí nach ndéanann gníomhaíochtaí laistigh den Aontas ach trí fhoghnóthais nó trí bhrainsí, ba cheart do na foghnóthais agus do na brainsí sin tuarascáil an mháthairghnóthais deiridh a fhoilsiú agus a dhéanamh inrochtana. Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis nó an tuarascáil sin ar fáil nó más rud é nach dtugann an máthairghnóthas deiridh an fhaisnéis uile is gá do na fochuideachtaí nó do na brainsí, ba cheart do na foghnóthais agus do na brainsí tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a dhéanamh inrochtana ina mbeidh an fhaisnéis uile a fuair siad nó ar tháinig siad uirthi, chomh maith le ráiteas ina léirítear nár chuir a máthairghnóthas deiridh an fhaisnéis is gá ar fáil. Ar chúiseanna a bhaineann le comhréireacht agus le héifeachtacht, áfach, ba cheart go mbeadh an oibleagáid chun an tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a fhoilsiú agus a dhéanamh inrochtana teoranta d’fhoghnóthais mheánmhéide agus d’fhoghnóthais mhóra atá bunaithe san Aontas, agus do bhrainsí ar mhéid inchomparáide arna n-oscailt san Aontas. Ba cheart, dá bhrí sin, raon feidhme Threoir 2013/34/AE a leathnú dá réir sin chuig brainsí arna n-oscailt ag gnóthas i mBallstát ar gnóthas é atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil foirm dhlíthiúil aige atá inchomparáide leis na cineálacha gnóthas a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/34/AE. Maidir le brainsí a dúnadh amhail dá dtagraítear in Airteagal 37, pointe (k), de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), níor cheart iad a bheith faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach sa Treoir seo a thuilleadh.

(11)

Ba cheart grúpaí ilnáisiúnta, agus i gcás inarb ábhartha, gnóthais saorsheasaimh áirithe, tuarascáil a chur ar fáil don phobal maidir le faisnéis chánach ioncaim i gcás ina dtéann siad thar mhéid áirithe, i dtéarmaí mhéid ioncaim, thar thréimhse dhá bhliain airgeadais as a chéile, ag brath ar ioncam comhdhlúite an ghrúpa nó ar ioncam an ghnóthais shaorsheasaimh. Ar bhealach siméadrach, ba cheart go scoirfeadh an oibleagáid sin d’fheidhm a bheith aici nuair a scoirfidh na hioncaim sin de bheith níos mó ná an méid ábhartha thar thréimhse arb ionann í agus 2 bhliain airgeadais as a chéile. I gcásanna den sórt sin, ba cheart go leanfadh an grúpa ilnáisiúnta nó an gnóthas saorsheasaimh de bheith faoi réir na hoibleagáide tuairisciú a dhéanamh ar an gcéad bhliain airgeadais tar éis na bliana airgeadais a ndeachaigh a ioncam thar an méid ábhartha sin lena linn. Ba cheart grúpa ilnáisiúnta nó gnóthas saorsheasaimh den sórt sin a bheith faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe athuair i gcás inar mó a ioncaim ná an méid ábhartha thar thréimhse dhá bhliain airgeadais as a chéile. I bhfianaise raon leathan creataí tuairiscithe airgeadais a bhféadfaidh ráitis airgeadais iad a chomhlíonadh, chun críocha raon feidhme an chur i bhfeidhm a chinneadh, maidir le gnóthais arna rialú le dlí Ballstáit, ba cheart an bhrí chéanna a bheith ag “ioncam” agus atá ag “glanláimhdeachas” agus ba cheart go dtuigfí é i gcomhréir le creat náisiúnta tuairiscithe airgeadais an Bhallstáit sin. Le hAirteagal 43(2), pointe (c) de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle (8) agus Airteagal 66(2) de Threoir 91/674/CEE ón gComhairle (9), soláthraítear sainmhínithe maidir le glanláimhdeachas institiúide creidmheasa nó gnóthais árachais, faoi seach, a chinneadh. I gcás gnóthas eile, ba cheart an t-ioncam a mheasúnú i gcomhréir leis an gcreat tuairiscithe airgeadais ar ar a bhonn a ullmhaítear a ráitis airgeadais. Mar sin féin, chun críocha inneachar na tuarascála maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim, ba cheart feidhm a bheith ag sainmhíniú difriúil ar “ioncam”.

(12)

D’fhonn tuairisciú dúbailte don earnáil baincéireachta a sheachaint, maidir le máthairghnóthais deiridh agus gnóthais saorsheasaimh atá faoi réir Threoir 2013/36/AE agus a chuireann ina dtuarascáil arna hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 89 den Treoir sin a ngníomhaíochtaí ar fad agus, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí uile a ngnóthas cleamhnaithe a cuireadh san áireamh ina ráitis airgeadais chomhdhlúite, lena n-áirítear gníomhaíochtaí nach bhfuil faoi réir fhorálacha Chuid 3, Teideal I, Caibidil 2, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), ba cheart na gnóthais sin a dhíolmhú ó na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach sa Treoir seo.

(13)

Sa tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim, ba cheart go n-áireofaí, i gcás inarb infheidhme, liosta de na foghnóthais uile, i ndáil leis an mbliain airgeadais ábhartha, atá bunaithe san Aontas nó i ndlínsí cánach a áirítear in Iarscríbhinn I agus, i gcás inarb infheidhme, in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an leagan ábhartha de na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach. Chun cruthú ualaigh riaracháin a sheachaint, ba cheart don mháthairghnóthas deiridh a bheith in ann brath ar liosta na bhfoghnóthas a áirítear i ráitis comhdhlúite airgeadais an mháthairghnóthais deiridh. Sa tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim, ba cheart faisnéis a chur ar fáil freisin maidir le gníomhaíochtaí uile na ngnóthas cleamhnaithe uile de chuid an ghrúpa agus iad comhdhlúite i ráitis airgeadais an mháthairghnóthas deiridh nó, ag brath ar na himthosca, maidir le gníomhaíochtaí uile an ghnóthais saorsheasaimh. Ba cheart an fhaisnéis a theorannú don mhéid a bhfuil gá leis chun gur féidir grinnscrúdú poiblí éifeachtach a dhéanamh, chun a áirithiú nach dtiocfadh ann do rioscaí nó míbhuntáistí díréireacha, ó thaobh iomaíochais nó míléirithe de, i dtaca leis na gnóthais lena mbaineann mar gheall ar an nochtadh. Ba cheart an tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a dhéanamh inrochtana tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis dháta an chláir comhardaithe. I dtaca leis an tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim, níor cheart feidhm a bheith ag aon tréimhsí níos giorra chun ráitis airgeadais a fhoilsiú. Ní dhéanann na forálacha a tugadh isteach leis an Treoir seo difear d’fhorálacha Threoir 2013/34/AE maidir le ráitis airgeadais bhliantúla agus ráitis airgeadais chomhdhlúite.

(14)

Chun cruthú ualaigh riaracháin a sheachaint, ba cheart gnóthais a bheith i dteideal an fhaisnéis a chur i láthair ar bhonn na dtreoracha tuairiscithe a leagtar síos i Roinn III, Cuid B agus Cuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/16/AE (11) ón gComhairle le linn dóibh tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a ullmhú i gcomhréir leis an Treoir seo. Ba cheart a shonrú sa tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim cé an creat tuairiscithe a úsáideadh. Sa bhreis air sin, d’fhéadfadh insint fhoriomlán a bheith sa tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim ina dtugtar mínithe i gcás ina mbeadh neamhréireanna ábhartha ann ar leibhéal an ghrúpa idir méideanna na cánach fabhraithe agus méideanna na cánach íoctha, lena gcuirtear san áireamh méideanna comhfhreagracha a bhaineann le blianta airgeadais roimhe sin.

(15)

Tá sé tábhachtach a airithiú go bhfuil na sonraí inchomparáide. Chun na críche sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun teimpléad coiteann agus formáidí tuairiscithe leictreonacha, ar cheart iad a bheith meaisín-inléite, a leagan síos, chun an tuarascáil faoi cháin ioncaim a chur i láthair de bhun na Treorach seo. Agus an teimpléad sin agus na formáidí tuairiscithe sin á leagan síos, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar an dul chun cinn a rinneadh i réimse an digitithe agus na hinrochtaineachta ar fhaisnéis arna foilsiú ag gnóthais, go háirithe maidir le forbairt an phointe rochtana aonair Eorpaigh mar a mholtar sa teachtaireacht uaidh an 24 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘A Capital Markets Union for people and businesses - new action plan’ [Aontas na Margaí Caipitil: Aontas do Dhaoine agus do Ghnólachtaí – plean gníomhaíochta nua] Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(16)

Chun a áirithiú gurb ann do leibhéal leordhóthanach mionsonraí chun a chur ar chumas saoránach measúnú níos fearr a dhéanamh ar rannchuidiú gnóthas ilnáisiúnta do leas na sochaí i ngach Ballstát, ba cheart an fhaisnéis sin a mhiondealú de réir Ballstáit. Thairis sin, ba cheart ardleibhéal mionsonraí a bheith ann freisin san fhaisnéis a bhaineann le hoibríochtaí gnóthas ilnáisiúnta maidir le dlínsí cánach áirithe tríú tír a bhfuil dúshláin ar leith ag baint leo. I gcás na n-oibríochtaí tríú tír eile go léir, ba cheart an fhaisnéis a thabhairt ar bhonn comhiomlán, ach amháin más mian leis an ngnóthas faisnéis níos mionsonraithe a chur i láthair.

(17)

Maidir le dlínsí cánach áirithe, ba cheart leibhéal ard sonraí a thaispeáint. Ba cheart, leis an tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim, an fhaisnéis a nochtadh ar leithligh le haghaidh gach dlínse a áirítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach (13), mar aon leis na nuashonruithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin a fhormheastar go sonrach faoi dhó sa bhliain, go hiondúil i mí Feabhra agus i mí Dheireadh Fómhair, agus a fhoilsítear i sraith C do Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Cuireann Iarscríbhinn I a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle “Liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach” i láthair agus cuireann Iarscríbhinn II “Staid na himeartha maidir leis an gcomhar leis an Aontas i ndáil le gealltanais a thug dlínsí comhoibríocha chun prionsabail an dea-rialachais cánach a chur chun feidhme” i láthair. Maidir le hIarscríbhinn I, is iad na dlínsí ba cheart a bhreithniú na cinn a bhí liostaithe an 1 Márta den bhliain airgeadais a bhfuil an tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim le tarraingt suas ina leith. Maidir le hIarscríbhinn II, is iad na dlínsí ba cheart a bhreithniú na cinn a luadh san Iarscríbhinn sin an 1 Márta den bhliain airgeadais a bhfuil an tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim le tarraingt suas ina leith agus an 1 Márta den bhliain airgeadais roimhe sin.

(18)

D’fhéadfadh nochtadh láithreach na sonraí atá le háireamh sa tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim dochar tromchúiseach a dhéanamh do staid tráchtála gnóthais, i gcásanna áirithe. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ag na Ballstáit ligean do ghnóthais nochtadh míreanna sonracha faisnéise a chur siar ar feadh líon teoranta blianta, ar choinníoll go nochtfaidh siad go soiléir gurb ann don chur siar sin agus go dtabharfaidh siad míniú réasúnaithe ina leith, maille le bunús an réasúnaithe sin, sa tuarascáil. Ba cheart an fhaisnéis a fhágann gnóthais ar lár a nochtadh i dtuarascáil ina dhiaidh sin. Níor cheart faisnéis a bhaineann le dlínsí cánach a áirítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach a fhágáil ar lár riamh.

(19)

Chun trédhearcacht agus freagracht chorparáideach i leith infheisteoirí, creidiúnaithe, tríú páirtithe eile agus an pobal i gcoitinne a neartú, agus chun rialachas iomchuí a áirithiú, ba cheart comhfhreagracht a bheith ar chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an mháthairghnóthais deiridh nó an ghnóthais saorsheasaimh atá bunaithe laistigh den Aontas agus ar a bhfuil an oibleagáid tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a dhéanamh inrochtana, ba cheart comhfhreagracht a bheith orthu maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí tuairiscithe faoin Treoir seo a áirithiú. Ós rud é go bhféadfadh sé gur eolas teoranta a bheadh ag comhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta na bhfoghnóthas atá bunaithe laistigh den Aontas agus atá faoi rialú ag máthairghnóthas deiridh atá bunaithe lasmuigh den Aontas, nó ós rud é go bhféadfadh sé gur eolas teoranta a bheadh ag an duine sin nó ag na daoine sin ar a bhfuil sé de chúram na foirmiúlachtaí maidir le nochtadh a dhéanamh thar ceann an bhrainse, ar eolas teoranta é faoi ábhar na tuarascála maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim arna hullmhú ag an máthairghnóthas deiridh, nó ós rud é go bhféadfadh sé gur cumas teoranta a bheadh acu teacht ar fhaisnéis den sórt sin nó ar thuarascáil den sórt sin ón máthairghnóthas nó ón ngnóthas saorsheasaimh, ba cheart go gcuimseofaí leis an bhfreagracht atá ar na baill sin nó ar na daoine sin go n-áiritheofaí, chomh fada agus is eol dóibh agus chomh maith agus is féidir leo, go ndearnadh an tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a tharraingt suas agus a fhoilsiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis an Treoir seo nó go ndearna an foghnóthas nó an brainse an fhaisnéis ar fad atá faoina sheilbh, nó atá faighte aige, a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a dhéanamh inrochtana i gcomhréir leis an Treoir seo. I gcás ina bhfuil an fhaisnéis nó an tuarascáil neamhiomlán, ba cheart go gcumhdófaí leis an bhfreagracht atá ar na baill sin nó ar na daoine sin ráiteas a fhoilsiú lena léirítear nár chuir an máthairghnóthas deiridh nó an gnóthas saorsheasaimh an fhaisnéis riachtanach ar fáil.

(20)

Chun a áirithiú go bhfuil an pobal ar an eolas maidir le raon feidhme na n-oibleagáidí tuairiscithe a tugadh isteach i dTreoir 2013/34/AE leis an dTreoir seo, agus maidir le comhlíonadh na n-oibelagáídí sin, ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta a chur in iúl an raibh ceangal ar ghnóthas tuarascáil a fhoilsiú maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim, agus más amhlaidh go raibh, ar foilsíodh an tuarascáil sin.

(21)

Maidir leis na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis agus na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm de bhun Threoir 2013/34/AE, beidh feidhm acu maidir le sáruithe ar na forálacha náisiúnta a mhéid a bhaineann le faisnéis faoi cháin ioncaim a bheith á nochtadh ag gnóthais agus brainsí áirithe arna nglacadh de bhun na Treorach seo.

(22)

Féachtar sa Treoir seo le trédhearcacht chorparáideach agus trédhearcacht agus grinnscrúdú poiblí maidir le faisnéis faoi cháin chorparáide a mhéadú trí oiriúnú a dhéanamh ar an gcreat dlí atá ann cheana i dtaca leis na hoibleagáidí a chuirtear ar chuideachtaí agus ar ghnólachtaí i ndáil le tuarascálacha a fhoilsiú, chun leasanna na gcomhaltaí agus leasanna daoine eile a chosaint, de réir bhrí Airteagal 50(2), pointe (g), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Mar a dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais, go háirithe, i gCás C-97/96 Verband deutscher Daihatsu-Händler (14), déantar tagairt in Airteagal 50(2), pointe(g), CFAE don ghá atá le leasanna “daoine eile” a chosaint go ginearálta, gan catagóirí a thagann faoi raon feidhme an téarma sin a shainiú nó a eisiamh. Dá bhrí sin, níl an téarma “daoine eile” teoranta d’infheisteoirí agus do chreidiúnaithe amháin, agus cuimsítear leis tríú páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear iomaitheoirí agus an pobal i gcoitinne. Thairis sin, an cuspóir chun an tsaoirse bunaíochta a bhaint amach, a shanntar do na hinstitiúidí i dtéarmaí an-leathan le hAirteagal 50(1) CFAE, ní féidir é a theorannú le forálacha Airteagal 50(2) CFAE. Ós rud é nach mbaineann an Treoir seo ach le hoibleagáidí chun tuarascálacha maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a fhoilsiú, agus ós rud é nach mbaineann sí le comhchuibhiú cánach, is é Airteagal 50(1) CFAE an bunús dlí iomchuí.

(23)

Chun feidhmiú iomlán an mhargaidh inmheánaigh agus cothroime iomaíochta idir gnóthais ilnáisiúnta Aontais agus gnóthais ilnáisiúnta tríú tír a áirithiú, ba cheart don Choimisiún leanúint de bheith ag iniúchadh na bhféidearthachtaí chun cothroime agus trédhearcacht cánach a mhéadú. Ba cheart don Choimisiún féachaint go háirithe, laistigh den chlásal athbhreithnithe, an gcuirfeadh, inter alia, dí-chomhiomlánú iomlán le héifeachtacht na Treorach seo.

(24)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a héifeachta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(25)

Leis an Treoir seo, freagraítear ar na hábhair imní a chuir na páirtithe leasmhara in iúl maidir leis an ngá atá le dul i ngleic le saobhadh sa mhargadh inmheánach gan iomaíochas an Aontais a chur i mbaol. Níor cheart ualach riaracháin míchuí a chruthú do ghnóthais léi. Ar an iomlán, faoi chuimsiú na Treorach seo, tá méid na faisnéise atá le nochtadh comhréireach leis na cuspóirí i dtaca le trédhearcacht chorparáideach agus grinnscrúdú poiblí a mhéadú. Sa Treoir seo, urramaítear, dá bhrí sin, na cearta bunúsacha agus comhlíontar léi na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(26)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(27)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2013/34/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2013/34/AE

Leasaítear Treoir 2013/34/AE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“1a.   Beidh feidhm ag na bearta comhordúcháin a fhorordaítear le hAirteagail 48a go 48e agus le hAirteagal 51 maidir le forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát maidir le brainsí arna n-oscailt i mBallstát ag gnóthas nach rialaítear faoi dhlí Ballstáit ach ar gnóthas é d’fhoirm dhlíthiúil atá inchomparáide leis na cineálacha gnóthas a liostaítear in Iarscríbhinn I. Beidh feidhm ag Airteagal 2 i ndáil leis na brainsí sin a mhéid atá Airteagail 48a go 48e agus Airteagal 51 infheidhme maidir leis na brainsí sin.”;

(2)

i ndiaidh Airteagal 48, cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas:

“CAIBIDIL 10a

TUARASCÁIL MAIDIR LE FAISNÉIS FAOI CHÁIN IONCAIM

Airteagal 48a

Sainmhínithe a bhaineann le tuairisciú ar fhaisnéis faoi cháin ioncaim

1.   Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘máthairghnóthas deiridh’ gnóthas a tharraingíonn suas ráitis airgeadais chomhdhlúite an chomhlachta gnóthas is mó;

(2)

ciallaíonn ‘ráitis airgeadais chomhdhlúite’ na ráitis airgeadais arna n-ullmhú ag máthairghnóthas grúpa, ina ndéantar na sócmhainní, na dliteanais, an cothromas, an t-ioncam agus na speansais a chur i láthair mar shócmhainní, dliteanais, ioncam agus speansais eintiteas eacnamaíoch aonair;

(3)

ciallaíonn ‘dlínse cánach’ dlínse Stáit nó neamhstáit a bhfuil uathriail fhioscach aige maidir le cáin ioncaim chorparáideach;

(4)

ciallaíonn ‘gnóthas saorsheasaimh’ gnóthas nach bhfuil ina chuid de ghrúpa faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11).

2.   Chun críocha Airteagal 48b den Treoir seo, tá an bhrí chéanna le h‘ioncam’ agus:

(a)

atá le ‘glanláimhdeachas’, i gcás gnóthais arna rialú ag dlí Ballstáit nach gcuireann i bhfeidhm caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta arna nglacadh ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002; nó

(b)

atá le h‘ioncam’ arna shainmhíniú ag an gcreat tuairiscithe airgeadais, nó de réir bhrí an chreata sin, ar ar a bhonn a ullmhaítear na ráitis airgeadais, i gcás gnóthais eile.

Airteagal 48b

Gnóthais agus brainsí a gceanglaítear orthu tuairisciú ar fhaisnéis faoi cháin ioncaim

1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar mháthairghnóthais deiridh arna rialú ag a ndlíthe náisiúnta, i gcás inar mó an t-ioncam comhdhlúite ar dháta a gcláir comhardaithe do gach bliain den 2 bhliain airgeadais dheireanacha as a chéile ná EUR 750 000 000 san iomlán, mar a léirítear ina ráitis airgeadais chomhdhlúite, tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a mhéid a bhaineann leis an mbliain is déanaí den 2 bhliain airgeadais sin as a chéile a tharraingt suas, a fhoilsiú, agus a dhéanamh inrochtana.

Déanfaidh na Ballstáit foráil nach mbeidh máthairghnóthas deiridh faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach sa chéad fhomhír a thuilleadh i gcás ina dtiteann an t-ioncam comhdhlúite iomlán ar dháta a chláir chomhardaithe faoi bhun EUR 750 000 000 do gach bliain den 2 bhliain airgeadais dheireanacha as a chéile mar a léirítear ina ráitis chomhdhlúite airgeadais.

Ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthais saorsheasaimh arna rialú ag a ndlíthe náisiúnta, i gcás inar mó ioncam na ngnóthas sin ar dháta a gclár comhardaithe do gach bliain den 2 bhliain airgeadais as a chéile ná EUR 750 000 000 san iomlán, mar a léirítear ina ráitis airgeadais bliantúla, tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a mhéid a bhaineann leis an mbliain is déanaí den 2 bhliain airgeadais sin as a chéile a ullmhú, a fhoilsiú, agus a dhéanamh inrochtana.

Déanfaidh na Ballstáit foráil nach mbeidh gnóthas saorsheasaimh faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach sa tríú fomhír a thuilleadh i gcás ina dtiteann an t-ioncam iomlán ar dháta a chláir chomhardaithe faoi bhun EUR 750 000 000 do gach bliain den 2 bhliain airgeadais dheireanacha as a chéile mar a léirítear ina ráitis airgeadais.

2.   Déanfaidh na Ballstáit foráil nach mbeidh feidhm ag an riail a leagtar amach i mír 1 maidir le gnóthais saorsheasaimh ná le máthairghnóthais deiridh agus a ngnóthais chleamhnaithe i gcás ina bhfuil na gnóthais sin, lena n-áirítear a mbrainsí, bunaithe i gcríoch Ballstáit aonair, nó ina mbíonn a n-áiteanna seasta gnó nó a ngníomhaíochtaí buana gnó acu i gcríoch Ballstáit aonair, agus ní in aon dlínse chánach eile.

3.   Déanfaidh na Ballstáit foráil nach mbeidh feidhm ag an riail a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo maidir le gnóthais saorsheasaimh ná le máthairghnóthais deiridh i gcás ina nochtann na gnóthais sin nó a ngnóthais chleamhnaithe tuarascáil, i gcomhréir le hAirteagal 89 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), ina gcuimsítear faisnéis maidir lena ngníomhaíochtaí uile agus, i gcás máthairghnóthas deiridh, maidir le gníomhaíochtaí uile na ngnóthas cleamhnaithe ar fad atá ar áireamh sna ráitis airgeadais comhdhlúite.

4.   Ceanglóidh na Ballstáit ar na foghnóthais mheánmhéide agus mhóra dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus (4) arna rialú ag a ndlíthe náisiúnta agus ag máthairghnóthas deiridh nach bhfuil á rialú ag dlí Ballstáit, i gcás inar mó an t-ioncam comhdhlúite ar dháta a chláir chomhardaithe do gach bliain den 2 bhliain airgeadais dheireanacha as a chéile ná EUR 750 000 000 san iomlán, mar a léirítear ina ráitis airgeadais chomhdhlúite, agus tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a bhaineann leis an máthairghnóthas deiridh sin a fhoilsiú agus a dhéanamh inrochtana a mhéid a bhaineann leis an mbliain is déanaí den 2 bhliain airgeadais sin as a chéile.

I gcás nach mbeidh an fhaisnéis ná an tuarascáil sin ar fáil, iarrfaidh an foghnóthas ar a mháthairghnóthas deiridh an fhaisnéis uile is gá a sholáthar dó chun a chur ar a chumas a chuid oibleagáidí faoin gcéad fhomhír a chomhlíonadh. Más rud é nach soláthraíonn an máthairghnóthas deiridh an fhaisnéis uile is gá, déanfaidh an foghnóthas tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a dhéanamh inrochtana, ina mbeidh gach faisnéis atá ina sheilbh, nó atá gnóthaithe nó faighte aige, agus déanfaidh sé ráiteas a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a dhéanamh inrochtana lena léirítear nár chuir a mháthairghnóthas deiridh an fhaisnéis riachtanach ar fáil.

Déanfaidh na Ballstáit foráil nach mbeidh foghnóthais mheánmhéide agus mhóra faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach sa mhír seo a thuilleadh i gcás ina dtiteann ioncam comhdhlúite iomlán an mháthairghnóthais deiridh ar dháta a chláir chomhardaithe faoi bhun EUR 750 000 000 do gach bliain den 2 bhliain airgeadais dheireanacha as a chéile mar a léirítear ina ráitis chomhdhlúite airgeadais.

5.   Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí arna n-oscailt ar a gcríocha ag gnóthas nach rialaítear le dlí Ballstáit tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a bhaineann leis an máthairghnóthas deiridh nó leis an ngnóthas saorsheasaimh dá dtagraítear sa séú fomhír, pointe (a), a fhoilsiú agus a dhéanamh inrochtana a mhéid a bhaineann leis an mbliain is déanaí den 2 bhliain airgeadais dheireanacha as a chéile.

Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis ná an tuarascáil sin ar fáil, iarrfaidh an duine nó na daoine a ainmníodh chun na foirmiúlachtaí maidir le nochtadh dá dtagraítear in Airteagal 48e(2) a dhéanamh, ar an máthairghnóthas deiridh sin nó ar an ngnóthas saorsheasaimh dá dtagraítear sa séú fomhír, pointe (a), den mhír seo an fhaisnéis uile is gá a sholáthar dóibh chun a chur ar a gcumas a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh.

Más rud é nach soláthraítear an fhaisnéis uile is gá, déanfaidh an brainse tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a dhéanamh inrochtana, ina mbeidh gach faisnéis atá ina sheilbh, nó atá gnóthaithe nó faighte aige, agus déanfaidh sé ráiteas a tharraingt suas, a fhoilsiú agus dhéanamh inrochtana, lena léirítear nár chuir an máthairghnóthas deiridh nó an gnóthas saorsheasaimh an fhaisnéis riachtanach ar fáil.

Déanfaidh na Ballstáit foráil go mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach sa mhír seo maidir le brainsí a bhfuil láimhdeachas glan acu ar mó é ná an tairseach arna trasuí de bhun Airteagal 3(2) do gach bliain den 2 bhliain airgeadais dheireanacha as a chéile, agus maidir leis na brainsí sin amháin.

Déanfaidh na Ballstáit foráil nach mbeidh brainse atá faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe faoin mhír seo faoi réir na n-oibleagáidí sin a thuilleadh i gcás ina dtiteann a ghlanláimhdeachas faoi bhun na tairsí arna trasuí de bhun Airteagal 3(2) do gach bliain den 2 bhliain airgeadais dheireanacha as a chéile.

Déanfaidh na Ballstáit foráil nach mbeidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach sa mhír seo maidir le brainse ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na critéir seo a leanas:

(a)

an gnóthas a d’oscail an brainse, is gnóthas cleamhnaithe de chuid grúpa é nach bhfuil a mháthairghnóthas deiridh faoi rialú ag dlí Ballstáit agus ar mó, ar dháta a chláir chomhardaithe, a ioncam comhdhlúite ná EUR 750 000 000 san iomlán do gach bliain den 2 bhliain airgeadais dheireanacha as a chéile, mar a léirítear ina ráitis airgeadais chomhdhlúite, nó is gnóthas saorsheasaimh é ar mó ar dháta a chláir chomhardaithe a ioncam ná EUR 750 000 000 san iomlán do gach bliain den 2 bhliain airgeadais dheireanacha as a chéile, mar a léirítear ina ráitis airgeadais; agus

(b)

níl foghnóthas meánmhéide nó foghnóthas mór dá dtagraítear i mír 4 ag an máthairghnóthas deiridh dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo.

Déanfaidh na Ballstáit foráil nach bhfuil brainse le bheith faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach sa mhír seo a thuilleadh i gcás ina scoirfear den chritéar dá bhforáiltear i bpointe (a) a chomhlíonadh ar feadh dhá bhliain airgeadais as a chéile.

6.   Ní chuirfidh na Ballstáit na rialacha a leagtar amach i míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo i bhfeidhm i gcás ina ndéanann máthairghnóthas deiridh nó gnóthas saorsheasaimh nach rialaítear le dlí Ballstáit tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a tharraingt suas, ar bhealach atá comhsheasmhach le hAirteagal 48c, agus ina gcomhlíontar na critéir seo a leanas léi:

(a)

cuirtear ar fáil don phobal í, saor in aisce agus i bhformáid tuairiscithe leictreonaigh atá meaisín-inléite:

(i)

ar shuíomh gréasáin an mháthairghnóthais deiridh sin nó an ghnóthais saorsheasaimh sin;

(ii)

i gceann amháin, ar a laghad, de theangacha oifigiúla an Aontais;

(iii)

tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis dháta chlár comhardaithe na bliana airgeadais a bhfuil an tuarascáil le tarraingt suas ina leith; agus

(b)

sainaithnítear inti ainm agus oifig chláraithe foghnóthais aonair, nó ainm agus seoladh brainse aonair arna rialú ag dlí Ballstáit, a d’fhoilsigh tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 48d(1).

7.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar fhochuideachtaí nó ar bhrainsí nach bhfuil faoi réir fhorálacha mhír 4 agus mhír 5 den Airteagal seo an tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a fhoilsiú agus a dhéanamh inrochtana i gcás nach bhfónann na foghnóthais nó na brainsí sin d’aon chuspóir eile seachas teacht timpeall ar na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach sa Chaibidil seo.

Airteagal 48c

Ábhar na tuarascála maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim

1.   Áireofar sa tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim faisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 48b faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí uile an ghnóthais saorsheasaimh nó an mháthairghnóthais deiridh, lena n-áirítear gníomhaíochtaí na ngnóthas cleamhnaithe uile atá comhdhlúite sna ráitis airgeadais i dtaca leis an mbliain airgeadais ábhartha.

2.   Is é an méid seo a leanas a bheidh san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ainm an mháthairghnóthais deiridh nó an ghnóthais saorsheasaimh, an bhliain airgeadais lena mbaineann, an t-airgeadra a úsáideadh chun an tuarascáil a thíolacadh agus, i gcás inarb infheidhme, liosta dá fhoghnóthais uile arna gcomhdhlúthú i ráitis airgeadais an mháthairghnóthais deiridh, maidir leis an mbliain airgeadais ábhartha, arna bhunú san Aontas nó i ndlínsí cánach a áirítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach;

(b)

tuairisc achomair ar chineál a ngníomhaíochtaí;

(c)

líon na bhfostaithe ag obair ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha;

(d)

ioncam, atá le ríomh mar a leanas:

(i)

suim an ghlanláimhdeachais, a ioncaim oibriúcháin eile, a ioncaim ó leasanna rannpháirteacha, cé is moite de dhíbhinní a fuarthas ó ghnóthais chleamhnaithe, ioncam ó infheistíochtaí eile agus iasachtaí is cuid de na sócmhainní dochta, ús eile is infhaighte agus ioncam comhchosúil mar a liostaítear in Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann leis an Treoir seo; nó

(ii)

an t-ioncam arna shainmhíniú ag an gcreat tuairiscithe airgeadais, ar ar a bhonn a dhéantar na ráitis airgeadais a ullmhú, cé is moite de choigeartuithe luacha agus dhíbhinní a fuarthas ó ghnóthais chleamhnaithe;

(e)

an méid brabúis nó caillteanais roimh cháin ioncaim;

(f)

an méid cánach ioncaim a fabhraíodh le linn na bliana airgeadais ábhartha, atá le ríomh mar an caiteachas cánach reatha é arna shainaithint ag gnóthais agus ag brainsí sa dlínse chánach ábhartha ar bhrabúis nó ar chaillteanais is incháinithe don bhliain airgeadais;

(g)

an méid cánach ioncaim a íocadh ina airgead tirim, atá le ríomh mar an méid cánach ioncaim a d’íoc gnóthais agus brainsí le linn na bliana airgeadais ábhartha sa dlínse chánach ábhartha; agus

(h)

méid an tuillimh charntha ag deireadh na bliana ábhartha airgeadais.

Chun críocha phointe (d), áireofar leis an ioncam idirbhearta a rinneadh le páirtithe gaolmhara.

Chun críocha phointe (f), ní bhainfidh an speansas cánach reatha ach le gníomhaíochtaí gnóthais sa bhliain airgeadais ábhartha agus ní chuirfear cánacha iarchurtha ná soláthairtí maidir le dliteanais chánach neamhchinnte san áireamh sa chostas cánach sin.

Chun críocha phointe (g), áireofar sna cánacha a íoctar cánacha siarchoinneálacha arna n-íoc ag gnóthais eile i leith íocaíochtaí le gnóthais agus brainsí laistigh de ghrúpa.

Chun críocha phointe (h), ciallóidh an tuilleamh carntha suim na mbrabús a bhí ann ó na blianta airgeadais a caitheadh agus ón mbliain airgeadais ábhartha, nach ndearnadh aon chinneadh maidir lena ndáileadh. Maidir le brainsí, is é tuilleamh carntha an ghnóthais a d’oscail an brainse.an tuilleamh carntha.

3.   Ceadóidh na Ballstáit an fhaisnéis a liostaítear i mír 2 den Airteagal seo a thuairisciú ar bhonn na dtreoracha tuairiscithe dá dtagraítear i Roinn III, Codanna B agus C, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/16/AE ón gComhairle (*2).

4.   Úsáidfear teimpléad coiteann agus formáidí tuairiscithe leictreonacha atá meaisín-inléite chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 agus 3 den Airteagal seo a chur i láthair. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an teimpléad coiteann sin agus na formáidí tuairiscithe leictreonacha sin a leagan síos. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

5.   An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 nó 3, cuirfear i láthair í ar leithligh do gach Ballstát sa tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim. I gcás ina gcuimseoidh Ballstát roinnt dlínsí cánach, déanfar an fhaisnéis a chomhiomlánú ar leibhéal an Bhallstáit.

Sa tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim freisin cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 nó 3 den Airteagal seo i láthair ar leithligh maidir le gach dlínse chánach a liostaítear, an 1 Márta den bhliain airgeadais a bhfuil an tuarascáil le tarraingt suas ina leith, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach, agus cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar leithligh i gcás gach dlínse chánach a luadh, an 1 Márta den bhliain airgeadais a bhfuil an tuarascáil le tarraingt suas ina leith agus an 1 Márta den bhliain roimhe sin, in Iarscríbhinn II a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach.

Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 nó 3 i láthair freisin sa tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim ar bhonn comhiomlánaithe maidir le dlínsí eile cánach.

Déanfar an fhaisnéis a shannadh do gach dlínse chánach ábhartha ar bhonn bunaíochta, áit sheasta ghnó nó buanghníomhaíocht ghnó a bheith ann is féidir, i bhfianaise ghníomhaíochtaí an ghrúpa nó an ghnóthais saorsheasaimh, a bheith faoi réir cáin ioncaim sa dlínse chánach sin.

I gcás ina bhféadfadh gníomhaíochtaí de chuid roinnt gnóthas cleamhnaithe a bheith faoi réir cáin ioncaim i ndlínse chánach amháin, is éard a bheidh san fhaisnéis a sannadh don dlínse chánach sin iomlán na faisnéise a bhaineann le gníomhaíochtaí gach gnóthais chleamhnaithe agus a mbrainsí sa dlínse chánach sin.

Ní dhéanfar faisnéis faoi aon ghníomhaíocht ar leith a shannadh do níos mó ná dlínse chánach amháin an tráth céanna.

6.   Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go bhfágfaí ar lár go sealadach ón tuarascáil ceann amháin nó níos mó de na míreanna sonracha faisnéise a gceanglaítear seachas sin iad a nochtadh i gcomhréir le mír 2 nó le mír 3 i gcás ina ndéanfadh a nochtadh dochar tromchúiseach do staid tráchtála na ngnóthas lena mbaineann an tuarascáil. Déanfar aon easnamh a nochtadh go soiléir sa tuarascáil maille le míniú cuí-réasúnaithe maidir leis na cúiseanna atá leis.

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis uile a fhágtar ar lár de bhun na chéad fhomhíre a chur ar fáil don phobal i dtuarascáil ina dhiaidh sin maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim, laistigh de thréimhse nach faide ná cúig bliana ón dáta ar fágadh ar lár í den chéad uair.

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú nach bhféadfar faisnéis a bhaineann le dlínsí cánach a áirítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach, dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a fhágáil ar lár.

7.   Sa tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim, féadfar tuairisc fhoriomlán a áireamh, i gcás inarb infheidhme ar leibhéal an ghrúpa, ina dtugtar mínithe ar aon neamhréitigh ábhartha idir na méideanna arna nochtadh de bhun mhír 2, pointí (f) agus (g), agus méideanna comhfhreagracha a bhaineann le blianta airgeadais roimhe sin á gcur san áireamh, más iomchuí.

8.   Is é an t-airgeadra a úsáidfear sa tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim an t-airgeadra ina dtugtar ráitis chomhdhlúite airgeadais an mháthairghnóthais deiridh nó ráitis bhliantúla airgeadais an ghnóthais saorsheasaimh. Ní éileoidh na Ballstáit go bhfoilseofar an tuarascáil seo in airgeadra eile seachas an t-airgeadra a úsáidtear sna ráitis airgeadais.

Sa chás a luaitear sa dara fomhír d’Airteagal 48b(4), áfach, is é an t-airgeadra a úsáidfear sa tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim an t-airgeadra ina bhfoilsíonn an foghnóthas a ráitis airgeadais bhliantúla.

9.   Féadfaidh Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu an tairseach EUR 750 000 000 a chomhshó ina n-airgeadra náisiúnta. Déanfaidh na Ballstáit sin, agus an comhshó sin á dhéanamh acu, an ráta malairte a chur i bhfeidhm amhail an 21 Nollaig 2021 a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh na Ballstáit sin na tairseacha a mhéadú nó a laghdú suas go 5 % chun slánsuim a sholáthar sna hairgeadraí náisiúnta.

Déanfar na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 48b(4) agus (5) a chomhshó go méid coibhéiseach in airgeadra náisiúnta aon tríú tír ábhartha tríd an ráta malairte a chur i bhfeidhm amhail an 21 Nollaig 2021, arna shlánú go dtí an míle is gaire.

10.   Sonrófar sa tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim cibé acu ar ullmhaíodh nó nár ullmhaíodh í i gcomhréir le mír 2 nó le mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 48d

Foilsiú agus inrochtaineacht

1.   Déanfar an tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim agus an ráiteas atá luaite in Airteagal 48b den Treoir seo a fhoilsiú laistigh de 12 mhí tar éis dháta chlár comhardaithe na bliana airgeadais a bhfuil an tuarascáil le tarraingt suas ina leith amhail dá bhforáiltear ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagail 14 go 28 de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) agus, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 36 de Threoir (AE) 2017/1132.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim agus an ráiteas a fhoilseoidh na gnóthais i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo ar fáil don phobal i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais agus go bhfuil siad inrochtana agus go gcuirfear ar fáil saor in aisce iad tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis dháta chlár comhardaithe na bliana airgeadais a bhfuil an tuarascáil le tarraingt suas ina leith ar shuíomh gréasáin:

(a)

an ghnóthais, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 48b(1);

(b)

an fhoghnóthais nó an ghnóthais chleamhnaithe, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 48b(4); nó

(c)

an bhrainse nó an ghnóthais a d’oscail an brainse, nó gnóthais chleamhnaithe, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 48b(5).

3.   Féadfaidh na Ballstáit gnóthais a dhíolmhú ó na rialacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm i gcás ina gcuirfear an tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim, a fhoilseofar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ar fáil an tráth céanna don phobal i bhformáid tuairiscithe leictreonaigh atá meaisín-inléite, ar shuíomh gréasáin an chláir dá dtagraítear in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2017/1132, agus saor in aisce d’aon tríú páirtí atá lonnaithe san Aontas. Beidh faisnéis faoin díolúine sin agus tagairt do shuíomh gréasáin an chláir ábhartha ar shuíomh gréasáin na ngnóthas agus na mbrainsí, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

4.   Leanfaidh an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 48b(1), (4), (5) (6) agus (7) agus, i gcás inarb infheidhme, an ráiteas dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 den Airteagal sin, de bheith inrochtana ar an suíomh gréasáin ábhartha go ceann 5 bliana as a chéile ar a laghad.

Airteagal 48e

Freagracht i dtaca leis an tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a dhéanamh inrochtana

1.   Déanfaidh na Ballstáit, ag gníomhú dóibh laistigh de na hinniúlachtaí a shanntar dóibh faoin dlí náisiúnta, foráil go mbeidh comhfhreagracht ag comhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an mháthairghnóthais deiridh nó na ngnóthas saorsheasaimh dá dtagraítear in Airteagal 48b(1) chun a áirithiú go ndéanfar an tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a dhéanamh inrochtana i gcomhréir le hAirteagail 48b, 48c agus 48d.

2.   Déanfaidh na Ballstáit foráil go mbeidh comhfhreagracht ag comhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta na bhfoghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 48b(5) den Treoir seo agus ag an duine nó ag na daoine arna n-ainmniú chun na foirmiúlachtaí maidir le nochtadh dá bhforáiltear in Airteagal 41 de Threoir (AE) 2017/1132 a dhéanamh do na brainsí amhail dá dtagraítear in Airteagal 48b(5) den Treoir seo, ag gníomhú dóibh laistigh de na hinniúlachtaí a shanntar dóibh faoin dlí náisiúnta, chun a áirithiú, chomh fada agus is eol dóibh agus chomh maith agus is féidir leo, go ndéanfar an tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a tharraingt suas ar bhealach atá comhsheasmhach nó i gcomhréir, de réir mar is ábhartha, le hAirteagail 48b agus 48c, agus go ndéanfar í a fhoilsiú agus a dhéanamh inrochtana i gcomhréir le hAirteagal 48d.

Airteagal 48f

Ráiteas ón iniúchóir reachtúil

I gcás ina gceanglófar go ndéanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta amháin nó níos mó iniúchadh ar ráitis airgeadais gnóthais arna rialú ag dlí Ballstáit, ceanglóidh na Ballstáit go luafar sa tuarascáil iniúchóireachta cibé acu, don bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais ar ullmhaíodh na ráitis airgeadais faoi iniúchadh, ar ceanglaíodh nó nár ceanglaíodh ar an ngnóthas tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a fhoilsiú faoi Airteagal 48b agus, más amhlaidh, ar foilsíodh an tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 48d.

Airteagal 48g

An dáta tosaithe do thuairisciú ar fhaisnéis faoi cháin ioncaim

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh feidhm ag na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin lena dtrasuitear Airteagail 48a go 48f ar a dhéanaí ó dháta tosaithe na chéad bhliana airgeadais dar tús an 22 Meitheamh 2024 nó ina dhiaidh sin.

Airteagal 48h

Clásal athbhreithnithe

Faoin 22 Meitheamh 2027, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le comhlíonadh agus le tionchar na n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagail 48a go 48f agus, go háirithe, an staid ar leibhéal ECFE, an gá atá lena áirithiú gurb ann do leibhéal leordhóthanach trédhearcachta agus an gá atá le timpeallacht iomaíoch a chaomhnú agus a áirithiú le haghaidh gnóthas agus infheistíocht phríobháideach á gcur san áireamh, agus déanfaidh sé athbhreithniú agus measúnú, go háirithe, i dtaobh an mbeadh sé iomchuí an oibleagáid chun tuairisciú ar fhaisnéis faoi cháin ioncaim a leagtar amach in Airteagal 48b a leathnú chuig gnóthais mhóra agus grúpaí móra, mar a shainítear in Airteagal 3(4) agus in (7), faoi seach, agus i dtaobh an mbeadh sé iomchuí ábhar na tuarascála maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a leagtar amach in Airteagal 48c a leathnú chun míreanna breise a chur san áireamh. Sa tuarascáil sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an tionchar atá ag an bhfaisnéis chánach a thíolacadh ar bhonn comhiomlánaithe maidir le dlínsí cánach tríú tír dá bhforáiltear in Airteagal 48c(5) agus an tionchar atá ag an bhfaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 48c(6) a fhágáil ar lár go sealadach ar éifeachtacht na Treorach seo.

Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, mar aon, i gcás inarb iomchuí, le togra reachtach.

(*1)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338)."

(*2)  Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1)."

(*3)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).’"

(3)

in Airteagal 49, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3a.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*4).

(*4)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”."

Airteagal 2

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 22 Meitheamh 2023. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, 24 Samhain 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 487, 28.12.2016, lch. 62.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 (IO C 108, 26.3.2021, lch. 623) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 28 Meán Fómahir 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  IO C 108, 26.3.2021, lch. 8.

(4)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(5)  Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo (IO L 80, 23.3.2002, lch. 29).

(6)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(7)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

(8)  Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir leis na cuntais bhliantúla agus na cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1).

(9)  Treoir 91/674/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir leis na cuntais bhliantúla agus na cuntais chomhdhlúite gnóthas árachais (IO L 374, 31.12.1991, lch. 7).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(11)  Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiúin (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)  Féach na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach agus na hIarscríbhinní a ghabhann leo (IO C 413 I , 12.10.2021, lch. 1), agus na nuashonruithe a rinneadh orthu ina dhiaidh sin.

(14)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 4 Nollaig 1997, Verband deutscher Daihatsu-Händler, C-97/96, ECLI:EU:C:1997:581.


Top