EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R0852

Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/20/2020/INIT

IO L 198, 22.6.2020, p. 13–43 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/852/oj

22.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 198/13


RIALACHÁN (AE) 2020/852 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Meitheamh 2020

maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm le hAirteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach margadh inmheánach a bhunú a bhíonn ag obair ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa, bunaithe, i measc nithe eile, ar fhás eacnamaíoch cothromaithe agus ardleibhéal cosanta agus feabhsú do cháilíocht an chomhshaoil.

(2)

An 25 Meán Fómhair 2015, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe creat nua um fhorbairt inbhuanaithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (an “Clár 2030”). Tá Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) i gcroílár an Chláir 2030 agus cumhdaítear leis trí ghné na hinbhuanaitheachta: eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Samhain 2016 maidir leis na chéad chéimeanna eile i dtaca le todhchaí inbhuanaithe don Eoraip, déantar na SDGanna a nascadh le creat beartais an Aontais chun a áirithiú, le gach gníomhaíocht agus tionscnamh beartas de chuid an Aontais, laistigh den Aontas agus ar fud an domhain ar aon, go gcuirfear na SDGanna san áireamh ón tús. Leis na conclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2017, deimhníodh tiomantas an Aontais agus a mBallstát maidir le Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme ar bhealach iomlán, comhleanúnach, cuimsitheach, comhtháite agus éifeachtach, i ndlúthchomhar le comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara eile. An 11 Nollaig 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún a theachtaireacht maidir le “The European Green Deal” (Comhaontú Glas don Eoraip).

(3)

D’fhormheas an tAontas Comhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide (“Comhaontú Pháras”) an 5 Deireadh Fómhair 2016 (3). Tá sé mar aidhm ag Airteagal 2(1)(c) de Chomhaontú Pháras neartú a dhéanamh ar an bhfreagairt don athrú aeráide, trína áirithiú go mbeidh sreafaí airgeadais comhsheasmhach le bealach i dtreo astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa agus le forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de, i measc modhanna eile. Sa chomhthéacs sin, an 12 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir leis an athrú aeráide. I bhfianaise an mhéid sin, is céim thábhachtach é an Rialachán seo i dtreo an chuspóra Aontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050.

(4)

Gnéithe ríthábhachtacha is ea an inbhuanaitheacht agus an t-aistriú chuig geilleagar aeráid-neodrach, atá seasmhach ó thaobh na haeráide de, níos tíosaí ar acmhainní ná mar a bhí agus níos ciorclaí chun a áirithiú go mbeidh geilleagar an Aontais iomaíoch san fhadtréimhse. Tá an inbhuanaitheacht lárnach i dtionscadal an Aontais le fada agus léirítear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus i gConradh ar Fheidhmiú an Aontas Eorpaigh (CFAE) a ghnéithe sóisialta agus comhshaoil.

(5)

I mí na Nollag 2016, thug an Coimisiún sainordú do Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe straitéis uileghabhálach, chuimsitheach de chuid an Aontais a fhorbairt maidir le maoiniú inbhuanaithe. Sa tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil Saineolaithe a foilsíodh an 31 Eanáir 2018, éilítear go gcruthófar córas aicmithe a mbaineann gné theicniúil stuama leis ar leibhéal an Aontais chun soiléire a bhunú maidir leis na gníomhaíochtaí a cháilíonn mar “glas” nó “inbhuanaithe”, ag tosú leis an maolú ar an athrú aeráide.

(6)

Ina theachtaireacht uaidh an 8 Márta 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún a phlean gníomhaíochta i dtaca le fás inbhuanaithe a mhaoiniú, lena seoltar straitéis uaillmhianach agus cuimsitheach maidir le maoiniú inbhuanaithe. Ceann de na cuspóirí a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta sin is ea sreafaí caipitil a atreorú chuig infheistíocht inbhuanaithe chun fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach. Tá bunú córais aicmithe aontaithe le haghaidh gníomhaíochtaí inbhuanaithe ar an mbeart is tábhachtaí agus is práinní a bheartaítear sa phlean gníomhaíochta. Aithnítear sa phlean gníomhaíochta nach mór tuiscint iomlánaíoch, chomhroinnte ar inbhuanaitheacht chomhshaoil gníomhaíochtaí agus infheistíochtaí a bheith mar bhonn taca le haistriú sreafaí caipitil i dtreo gníomhaíochtaí atá níos inbhuanaithe ná mar a bhí. Mar chéad chéim, chabhródh treoir shoiléir maidir le gníomhaíochtaí a cháilíonn mar chinn a rannchuidíonn le cuspóirí comhshaoil le hinfheisteoirí a chur ar an eolas faoi na hinfheistíochtaí lena ndéantar cistiú ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Féadfar tuilleadh treorach a fhorbairt tráth is faide anonn maidir le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí inbhuanaitheachta eile, lena n-áirítear cuspóirí sóisialta.

(7)

I bhfianaise nádúr sistéamach na ndúshlán domhanda comhshaoil, tá gá le cur chuige sistéamach réamhbhreathnaitheach i leith na hinbhuanaitheachta comhshaoil, lena dtabharfar aghaidh ar threochtaí diúltacha atá ag dul i méid, amhail an t-athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta, ró-thomhaltas domhanda acmhainní, ganntanas maidir le bia, ídiú ózóin, aigéadú na n-aigéan, an meath ar an gcóras fionnuisce, athrú ar an gcóras talún chomh maith le teacht chun cinn bagairtí nua lena n-áirítear ceimiceáin ghuaiseacha agus a n-éifeachtaí comhcheangailte.

(8)

Le Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), éilítear méadú ar an gcistiú ón earnáil phríobháideach i leith caiteachas comhshaoil agus caiteachas a bhaineann leis an aeráid, go háirithe trí dhreasachtaí agus modheolaíochtaí a chur ar bun lena spreagfar cuideachtaí chun tomhas a dhéanamh ar chostais chomhshaoil a ngnó agus a mbrabús a eascraíonn as seirbhísí comhshaoil a úsáid.

(9)

Chun SDGanna a bhaint amach san Aontas, ní mór sreafaí caipitil a chur i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe. Tá sé tábhachtach go mbainfear leas iomlán as poitéinseal an mhargaidh inmheánaigh chun na spriocanna sin a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach deireadh a chur leis na constaicí atá roimh ghluaiseacht éifeachtúil chaipitil chuig infheistíochtaí inbhuanaithe sa mhargadh inmheánach agus constaicí nua a chosc.

(10)

I bhfianaise scála an dúshláin agus na costais a bhaineann le neamhghníomhaíocht nó le gníomhaíocht mhoillithe, ba cheart an córas airgeadais a chur in oiriúint de réir a chéile chun tacú le feidhmiú inbhuanaithe an gheilleagair. Chuige sin, ní mór maoiniú inbhuanaithe a phríomhshruthú agus ba cheart aird chuí a thabhairt ar thionchar inbhuanaitheachta na dtáirgí agus na seirbhísí airgeadais.

(11)

Bealach éifeachtach chun infheistíochtaí príobháideacha a chur i dtreo gníomhaíochtaí inbhuanaithe is ea táirgí airgeadais a chur ar fáil lena saothraítear cuspóirí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Le ceanglais maidir le táirgí airgeadais nó bannaí corparáideacha a mhargú mar infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear ceanglais a leagann na Ballstáit agus an tAontas síos chun ligean do na rannpháirtithe agus eisitheoirí margaidh airgeadais lipéid náisiúnta a úsáid, dírítear ar mhuinín agus ar fheasacht na n-infheisteoirí ar thionchar na dtáirgí airgeadais nó na mbannaí corparáideacha sin ar an gcomhshaol a fheabhsú, ar infheictheacht a chruthú agus ar dhul i ngleic le hábhair imní faoi “snas glas”. I gcomhthéacs an Rialacháin seo, tagraíonn snas glas don chleachtas faoina bhfaightear buntáiste iomaíoch éagórach trí tháirge airgeadais a mhargú mar cheann atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, nuair is amhlaidh i ndáiríre nach gcomhlíontar caighdeáin bhunúsacha chomhshaoil. Tá scéimeanna lipéadaithe i bhfeidhm ag roinnt bheag Ballstát faoi láthair. Cuireann na scéimeanna sin atá ann cheana le córais aicmithe éagsúla do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Mar gheall ar na gealltanais pholaitiúla faoi Chomhaontú Pháras agus ar leibhéal an Aontais, is dócha go ndéanfaidh níos mó agus níos mó Ballstát scéimeanna lipéadaithe a bhunú nó ceanglais eile a fhorchur ar rannpháirtithe nó eisitheoirí sa mhargadh airgeadais i leith táirgí airgeadais nó bannaí corparáideacha arna gcur chun cinn mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. I gcásanna den sórt sin, d’úsáidfeadh na Ballstáit a gcuid córais aicmithe náisiúnta féin chun críocha na hinfheistíochtaí a cháilíonn mar infheistíochtaí inbhuanaithe a chinneadh. Más rud é go n-úsáideann na scéimeanna nó na ceanglais lipéadaithe náisiúnta critéir éagsúla chun a chinneadh cén gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, bheadh drogall ar infheisteoirí infheistiú thar theorainneacha mar gheall ar dheacrachtaí i dtaobh comparáid a dhéanamh idir na deiseanna infheistíochta éagsúla. Ina theannta sin, i gcás oibreoirí eacnamaíocha ar mhian leo infheistíocht a mhealladh ó gach cearn den Aontas, bheadh orthu critéir éagsúla a chomhlíonadh sna Ballstáit éagsúla ionas go bhféadfadh a ngníomhaíochtaí cáiliú mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Dá bhrí sin, in éagmais critéir aonfhoirmeacha, mhéadófaí costais agus bheadh dídhreasacht suntasach i gceist d’oibreoirí eacnamaíocha ó rochtain a fháil ar mhargaí caipitil trasteorann chun críocha na hinfheistíochta inbhuanaithí.

(12)

Ba cheart na critéir lena chinneadh an gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, chun bacainní ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhaint maidir le cistí a chruinniú le haghaidh tionscadail inbhuanaitheachta, agus chun a chinntiú nach dtiocfaidh na bacainní maidir leis na tionscadail sin chun cinn arís amach anseo. Le comhchuibhiú den sórt sin, bheadh sé níos fusa d’oibreoirí eacnamaíocha cistiú a thiomsú thar theorainneacha dá ngníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, toisc go bhféadfadh a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a chur i gcomparáid le critéir aonfhoirmeacha chun iad a roghnú mar shócmhainní foluiteacha i leith infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Le comhchuibhiú den sórt sin, d’éascófaí mealladh infheistíochta trasteorann inbhuanaithe laistigh den Aontas.

(13)

Mura gcuireann rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais aon mhíniú ar fáil d’infheisteoirí faoin gcaoi a rannchuidíonn na gníomhaíochtaí a ndéanann siad infheistíocht iontu le cuspóirí comhshaoil, nó má úsáideann rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais coincheapa difriúla sna mínithe a thugann siad ar a bhfuil i gceist le gníomhaíocht eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, beidh ualach neamhréireach ar infheisteoirí i dtaobh na táirgí airgeadais éagsúla a sheiceáil agus a chur i gcomparáid le chéile. Fuarthas amach go mbíonn drogall ar infheisteoirí, mar gheall ar chleachtais den sórt sin, infheistíocht a dhéanamh i dtáirgí airgeadais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ina theannta sin, bíonn drochthionchar mór ag easpa muiníne i measc infheisteoirí ar an margadh le haghaidh infheistíocht inbhuanaithe. Léiríodh chomh maith go ndéantar an margadh inmheánach a ilroinnt de bharr rialacha náisiúnta agus tionscnaimh mhargadhbhunaithe arna nglacadh chun dul i ngleic leis an tsaincheist sin laistigh de theorainneacha náisiúnta. Más rud é go nochtann rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an chaoi a bhfuil na táirgí airgeadais a bhíonn á gcur ar fáil acu mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus a mhéid atá siad inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus an chaoi a gcomhlíonann na táirgí sin, iarbhír, na critéir i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus a mhéid a chomhlíonann siad na critéir sin faoin Rialachán seo, agus má úsáideann na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais critéir choiteanna ar fud an Aontais chun na nochtaí sin a dhéanamh, cabhródh sé sin le hinfheisteoirí deiseanna infheistíochta a chur i gcomparáid le chéile thar theorainneacha agus dhreasófaí cuideachtaí infheistíochta a gcuid samhlacha gnó a dhéanamh níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. De bhreis air sin, is mó an méid muiníne a bheadh ag infheisteoirí agus iad ag infheistiú i dtáirgí airgeadais ar fud an Aontais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, rud a chuirfidh feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(14)

Chun dul i ngleic le constaicí atá ann cheana maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus chun teacht chun cinn na gconstaicí den sórt sin sa todhchaí a chosc, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit agus ar an Aontas leas a bhaint as coincheap coiteann i leith na hinfheistíochta atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus ceanglais á dtabhairt isteach acu ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais maidir le rannpháirtithe nó eisitheoirí sa mhargadh airgeadais chun críche lipéadú a dhéanamh ar tháirgí airgeadais nó ar bhannaí corparáideacha atá á gcur chun cinn mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Chun ilroinnt an mhargaidh agus dochar do leasanna tomhaltóirí agus infheisteoirí a sheachaint de thoradh ar smaointe éagsúla maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, maidir leis na ceanglais náisiúnta nach mór do rannpháirtithe nó eisitheoirí sa mhargadh airgeadais a chomhlíonadh chun táirgí airgeadais nó bannaí corparáideacha a mhargú mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ní mór dóibh na critéir aonfhoirmeacha i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a fhorbairt. Áirítear ar na rannpháirtithe agus na heisitheoirí sin sa mhargadh airgeadais rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a dhéanann táirgí airgeadais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur ar fáil agus cuideachtaí neamhairgeadais a eisíonn bannaí corparáideacha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

(15)

Ach critéir a bhunú i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, d’fhéadfadh sé go spreagfaí oibreoirí eacnamaíocha nach gcumhdaítear faoin Rialachán seo, ar bhonn deonach, faisnéis a fhoilsiú agus a nochtadh ar a suíomh gréasáin, maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a mbíonn siad ag gabháil dóibh atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ní hamháin go gcuideoidh an fhaisnéis sin le rannpháirtithe agus gníomhaithe ábhartha eile ar na margaí airgeadais na hoibreoirí eacnamaíocha a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a aithint go héasca, ach is fearr a bheidh na hoibreoirí eacnamaíocha sin in ann cistí a thiomsú dá ngníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

(16)

Le haicmiú ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ar leibhéal an Aontais, ba cheart go bhféadfaí beartais de chuid an Aontais a fhorbairt amach anseo chun tacú le maoiniú inbhuanaithe, lena n-áirítear caighdeáin ar fud an Aontais i leith táirgí airgeadais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus amach anseo bunú lipéad, lena dtugtar aitheantas foirmiúil do chomhlíonadh na gcaighdeán sin ar fud an Aontais. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh an t-aicmiú sin a bheith mar bhonn do bhearta eile eacnamaíocha agus rialála freisin. Tá gá le ceanglais dhlíthiúla aonfhoirmeacha chun cinneadh a dhéanamh maidir lena mhéid atá infheistíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ar bhonn critéir aonfhoirmeacha i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, mar thagairt le haghaidh dlí de chuid an Aontais sa todhchaí a dhíreofar ar aistriú infheistíochta chuig gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a éascú.

(17)

I gcomhthéacs na SDGanna a bhaint amach san Aontas, bhí roghanna beartais cosúil le cruthú Ciste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha éifeachtach i dtaobh an rannchuidiú le hinfheistíocht phríobháideach a chur i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe taobh le caiteachas poiblí. Sonraítear i Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) sprioc infheistíochta aeráide 40 % do thionscadail bhonneagair agus nuálaíochta faoin gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha. D’fhéadfadh critéir choiteanna maidir le cinneadh a dhéanamh má cháilíonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha mar ghníomhaíochtaí inbhuanaithe, lena n-áirítear a dtionchar ar an gcomhshaol, a bheith mar bhonn taca le tionscnaimh den chineál céanna de chuid an Aontais amach anseo lena slógfar infheistíocht lena saothraítear cuspóirí a bhaineann leis an aeráid nó cuspóirí comhshaoil eile.

(18)

Ionas nach ndéanfar dochar do leasanna infheisteoirí, ba cheart do bhainisteoirí cistí agus d’infheisteoirí institiúideacha a chuireann táirgí airgeadais ar fáil, nochtadh a dhéanamh ar an dóigh agus ar a mhéid a úsáideann siad na critéir maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun inbhuanaitheacht chomhshaoil a n-infheistíochtaí a chinneadh. Leis an bhfaisnéis sin arna nochtadh, ba cheart infheisteoirí a chumasú tuiscint a fháil archion na hinfheistíochtaí atá mar bhonn leis an táirge airgeadais i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de mar chéatadán de na hinfheistíochtaí atá mar bhonn leis an táirge airgeadais sin, agus, ar an gcaoi sin, tuiscint a thabhairt d’infheisteoirí ar mhéid inbhuanaitheacht comhshaoil na hinfheistíochta. I gcás ina bhfuil na hinfheistíochtaí atá mar bhonn leis an táirge airgeadais, i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha lena rannchuidítear le cuspóir comhshaoil, ba cheart a shonrú san fhaisnéis atá le nochtadh an cuspóir nó na cuspóirí comhshaoil lena rannchuidíonn an infheistíocht is bonn leis an táirge airgeadais, chomh maith leis an gcaoi a gcistíonn na hinfheistíochtaí is bonn leis an táirge airgeadais gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus a mhéid a chistíonn siad iad, agus ba cheart mionsonraí maidir le sciartha faoi seach ghníomhaíochtaí cumasúcháin agus an aistrithe a bheith san áireamh. Ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis nach mór a nochtadh i ndáil leis sin a shonrú. Leis an bhfaisnéis sin, ba cheart a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla náisiúnta comhlíonadh na hoibleagáide nochta a fhíorú go héasca, agus an comhlíonadh sin a fhorfheidhmiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme. I gcás nach gcuireann rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais san áireamh na critéir maidir le hinfheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ba cheart dóibh ráiteas a sholáthar chuige sin. Ionas nach rachfar timpeall ar an oibleagáid nochta, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin freisin i gcás ina ndéantar margaíocht ar tháirgí airgeadais mar chinn a gcuirtear tréithe comhshaoil chun cinn leo, lena n-áirítear táirgí airgeadais a bhfuil sé mar chuspóir acu, sa chiall is leithne, an comhshaol a chosaint.

(19)

Leis na hoibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos sa Rialachán seo, forlíontar na rialacha maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Chun trédhearcacht a fheabhsú agus chun go soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais pointe comparáide oibiachtúil d’infheisteoirí deiridh maidir le cion na n-infheistíochtaí a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, leis an Rialachán seo, forlíontar na rialacha maidir le trédhearcacht i nochtaí réamhchonarthacha agus maidir le tuarascálacha tréimhsiúla atá leagtha síos i Rialachán (AE) 2019/2088. Áirítear faoin sainmhíniú ar “infheistíocht inbhuanaithe” i Rialachán (AE) 2019/2088 infheistíocht i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a rannchuidíonn le cuspóir comhshaoil lenar cheart, i measc nithe eile„ infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha “atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de”, de réir bhrí an Rialacháin seo, a áireamh. Anuas ar sin, ní bhreithníonn Rialachán (AE) 2019/2088 gur infheistíocht inbhuanaithe í an infheistíocht, ach amháin muna ndéanann an infheistíocht dochar suntasach d’aon chuspóir comhshaoil nó sóisialta mar a leagtar amach sa Rialachán sin.

(20)

Chun iontaofacht, comhsheasmhacht agus inchomparáideacht nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de in earnáil na seirbhísí airgeadais a áirithiú, ba cheart, leis na nochtaí de bhun an Rialacháin seo, úsáid a bhaint as táscairí inbhuanaitheachta atá ann cheana, a mhéid is féidir, mar a cuireadh ar aghaidh tríd an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Bealtaine 2018 maidir le maoiniú inbhuanaithe (7). Sa chomhthéacs sin, ba cheart na critéir scagtha theicniúla a bhunú, a mhéid is féidir, ar na táscairí inbhuanaitheachta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/2088.

(21)

Maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanann gnóthais nach gceanglaítear orthu faisnéis a nochtadh faoin Rialachán seo, d’fhéadfadh cásanna eisceachtúla a bheith ann nach bhféadfadh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais go réasúnach an fhaisnéis ábhartha a fháil chun an t-ailíniú leis na critéir scagtha theicniúla a bunaíodh de bhun an Rialacháin seo a chinneadh ar bhealach iontaofa. I gcásanna eisceachtúla den sórt sin agus i gcás na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhféadfaí faisnéis iomlán, iontaofa agus thráthúil a fháil ina leith amháin, ba cheart go mbeadh cead ag na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais measúnuithe agus meastacháin chomhlántacha a dhéanamh ar bhonn na faisnéise ó fhoinsí eile. Níor cheart do na measúnuithe agus na meastacháin sin cúiteamh a dhéanamh ach i leith codanna teoranta agus sonracha de na heilimintí sonraí inmhianaithe, agus ba cheart dóibh toradh stuama a tháirgeadh. Chun nochtadh soiléir, nach bhfuil míthreorach d’infheisteoirí a áirithiú, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an bunús dá gcuid conclúidí a mhíniú go soiléir chomh maith leis na cúiseanna atá acu na measúnuithe agus meastacháin fhorlíontacha sin a dhéanamh chun críocha nochta d’infheisteoirí deiridh.

(22)

Ina theachtaireacht uaidh an 20 Meitheamh 2019 maidir le “Treoirlínte maidir le tuairisciú neamhairgeadais: forlíonadh ar thuairisciú ar fhaisnéis a bhaineann leis an aeráid” mhol an Coimisiún gur cheart do chuideachtaí móra áirithe tuairisciú a dhéanamh ar eochairtháscairí áirithe feidhmíochta (KPInna) a bhaineann leis an aeráid bunaithe ar an gcreat a bhunaítear leis an Rialachán seo. Go háirithe, le faisnéis maidir le cion an láimhdeachais sin, caiteachas caipitiúil (CapEx) nó caiteachas oibríochtúil (OpEx) na gcuideachtaí móra neamhairgeadais den sórt sin, a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, chomh maith le KPInna atá saincheaptha do chuideachtaí móra airgeadais, atá úsáideach d’infheisteoirí a bhfuil suim acu i gcuideachtaí a gcuireann a dtáirgí agus a seirbhísí go substaintúille haon cheann de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach sa Rialachán seo. Is iomchuí, dá bhrí sin, a cheangal ar na cuideachtaí móra sin KPInna a fhoilsiú go bliantúil, agus an ceanglas sin a shainiú tuilleadh i ngníomhartha tarmligthe, go háirithe maidir le cuideachtaí móra airgeadais. Cé go mbeadh ualach díréireach ag baint le ceanglas den sórt sin a leathnú chuig cuideachtaí níos lú, féadfaidh na cuideachtaí níos lú a chinneadh go deonach an fhaisnéis den sórt sin a fhoilsiú.

(23)

Chun críocha cinneadh a dhéanamh maidir lena hinbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de atá gníomhaíocht eacnamaíoch faoi leith, ba cheart liosta uileghabhálach cuspóirí comhshaoil den Rialachán seo a leagan síos. Ba cheart na sé cinn de chuspóirí comhshaoil a bheith sa Rialachán seo: maolú ar an athrú aeráide; oiriúnú don athrú aeráide; úsáid inbhuanaithe agus cosaint acmhainní uisce agus muirí; aistriú chuig geilleagar ciorclach; cosc agus rialú ar thruailliú; agus cosaint agus athshlánú na bithéagsúlachta agus éiceachóras.

(24)

Ba cheart do ghníomhaíocht eacnamaíoch a chuireann cuspóir comhshaoil an mhaolaithe ar an athrú aeráide chun feidhme rannchuidiú go substaintiúil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chobhsú trí iad a sheachaint nó a laghdú nó trí fheabhas a chur ar bhaint gás ceaptha teasa. Ba cheart don ghníomhaíocht eacnamaíoch a bheith comhsheasmhach le sprioc fhadtéarmach teochta Chomhaontú Pháras. Ba cheart an cuspóir comhshaoil sin a léirmhíniú i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(25)

Le gníomhaíocht eacnamaíoch lena gcuirtear cuspóir comhshaoil an oiriúnaithe don athrú aeráide chun feidhme, ba cheart rannchuidiú go substaintiúil le laghdú nó cosc a dhéanamh ar dhrochthionchar nó rioscaí drochthionchair na haeráide atá ann faoi láthair nó na haeráide a bhfuiltear ag súil leis a bheidh ann amach anseo, nó rioscaí dhrochthionchar den sórt sin, bíodh sé ar an ngníomhaíocht sin féin nó ar dhaoine, ar an nádúr nó ar shócmhainní. Ba cheart an cuspóir comhshaoil sin a léirmhíniú i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus le Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaistí 2015-2030.

(26)

Ba cheart an cuspóir comhshaoil maidir le húsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí a léirmhíniú i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 (9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2000/60/CE (10), 2006/7/CE (11), 2006/118/CE (12), 2008/56/CE (13) agus 2008/105/CE (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 91/271/CEE (15), 91/676/CEE (16) agus 98/83/CE (17) ón gComhairle agus Cinneadh (AE) 2017/848 (18) ón gCoimisiún agus leis na teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 18 Iúil 2007 ar an ábhar “Addressing the challenge of water scarcity and droughts in the European Union” [“Aghaidh a thabhairt ar dhúshlán an ghanntanais uisce agus an triomaigh san Aontas Eorpach”], an 14 Samhain 2012 ar an ábhar “A Blueprint to Safeguard Europe’s Water Resources” [“Treoirphlean chun Acmhainní Uisce na hEorpa a chosaint”] agus an 11 Márta 2019 ar an ábhar “European Union Strategic Approach to Pharmaceuticals in the Environment” [“Cur Chuige Straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith Cógaisíocht sa Chomhshaol”].

(27)

Ba cheart an cuspóir comhshaoil maidir leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach a léirmhíniú i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais i réimse an gheilleagair chiorclaigh, na dramhaíola agus ceimiceán lena n-áirítear Rialacháin (CE) Uimh. 1013/2006 (19), (CE) Uimh. 1907/2006 (20) agus (AE) 2019/1021 (21) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 94/62/CE (22), 2000/53/CE (23), 2006/66/CE (24), 2008/98/CE (25), 2010/75/AE (26), 2011/65/AE (27), 2012/19/AE (28), (AE) 2019/883 (29) agus (AE) 2019/904 (30) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 1999/31/CE ón gComhairle (31), Rialachán (AE) Uimh. 1357/2014 ón gCoimisiún (32) agus Cinntí 2000/532/CE (33) agus 2014/955/AE (34) ón gCoimisiún, agus leis na teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2015 dar teideal “Closing the loop - An EU action plan for the Circular Economy” [“An Ciorcal a shlánú - Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach”] agus ón 16 Eanáir 2018 ar an ábhar “A European Strategy for Plastics in a Circular Economy” [“Straitéis Eorpach maidir le hÁbhar Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach”].

(28)

Is féidir le gníomhaíocht eacnamaíoch cur go substaintiúil leis an gcuspóir comhshaoil aistriú go geilleagair ciorclach ar roinnt bealaí éagsúla. Is féidir léi, mar shampla, cur le marthanacht táirgí agus leis an gcumas chun táirgí a dheisiú, a uasghrádú agus a athúsáid, nó is féidir léi úsáid acmhainní a laghdú trí dhearadh agus rogha na n-ábhar, trí athrú cuspóra, díchóimeáil agus díthógáil a éascú in earnáil na bhfoirgneamh agus na tógála, go háirithe chun úsáid ábhar tógála a laghdú agus chun athúsáid na n-ábhar tógála sin a chur chun cinn. Is féidir léi rannchuidiú go substaintiúil freisin leis an gcuspóir comhshaoil aistriú go geilleagair ciorclach trí shamhlacha gnó “táirge mar sheirbhís” agus slabhraí luacha ciorclach a fhorbairt, agus é mar aidhm táirgí, comhpháirteanna agus ábhair a choimeád ar an leibhéal fóntais agus luacha is airde is féidir chomh fada agus is féidir. Ba cheart d’aon laghdú ábhar na substaintí guaiseacha in ábhair agus i dtáirgí ar feadh na saolré, lena n-áirítear trí roghanna malartacha atá níos sábháilte a chur ina n-ionad, a bheith, ar a laghad, i gcomhréir le dlí an Aontais. D’fhéadfadh gníomhaíocht eacnamaíoch rannchuidiú go substaintiúil freisin leis an gcuspóir comhshaoil aistriú go geilleagair chiorclaigh trí laghdú a dhéanamh ar dhramhaíl bhia i dtáirgeadh, i bpróiseáil, i monarú nó i ndáileadh an bhia.

(29)

Ba cheart na cuspóirí comhshaoil maidir le cosc agus rialú ar thruailliú a léirmhíniú i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais lena n-áirítear Treoracha 2000/60/CE, 2004/35/CE (35), 2004/107/CE (36), 2006/118/CE, 2008/50/CE (37), 2008/105/CE, 2010/75/AE, (AE) 2016/802 (38) agus (AE) 2016/2284 (39) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(30)

An cuspóir comhshaoil maidir le bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, ba cheart an cuspóir sin a léirmhíniú i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear Rialacháin (AE) Uimh. 995/2010 (40),(AE) Uimh. 511/2014 (41), (AE) Uimh. 1143/2014 (42) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43), Cinneadh (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle (44), Treoracha 91/676/CEE agus 92/43/CEE (45) ón gComhairle, agus leis na teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2003 ar an ábhar “Forest Law Enforcement, Governance and Trade” [“Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí”] (FLEGT), an 3 Bealtaine 2011 ar an ábhar “Our life insurance, our natural capital: an EU biodiversity strategy to 2020” [“Árachas saoil agus caipiteal nádúrtha dúinn: Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais go dtí 2020”] agus ón 6 Bealtaine 2013 ar an ábhar “Green Infrastructure (GI) – Enhancing Europe’s natural Capital” [“Bonneagar Glas (BG) – Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Neartú”], an 26 Feabhra 2016 ar an ábhar “EU Action Plan against Wildlife Trafficking” [“Plean Gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na Gáinneála ar Fhiadhúlra” agus an 23 Iúil 2019 ar an ábhar “Stepping up EU Action to Protect and Restore the World's Forests” [“Dlús a chur le gníomhaíocht an Aontais chun foraoisí an domhain a chosaint agus a athbhunú”].

(31)

D’fhéadfadh gníomhaíocht eacnamaíoch cur go substaintiúil leis an gcuspóir comhshaoil an bhithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear trí bhithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint, a chaomhnú nó a athbhunú agus, ar an gcaoi sin, trí sheirbhísí éiceachórais a fheabhsú. Cuirtear na seirbhísí sin i gceithre chatagóir, eadhon seirbhísí soláthar, amhail bia agus uisce a sholáthar; seirbhísí rialála, amhail an aeráid agus galar a rialú; seirbhísí tacaíochta, amhail timthriallta cothaitheach agus táirgeadh ocsaigine; agus seirbhísí cultúir, amhail sochair spioradálta agus caithimh aimsire a sholáthar.

(32)

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an téarma “bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí” a fhorléiriú trí chleachtais agus úsáid foraoisí agus talamh foraoise a thabhairt san áireamh lena rannchuidítear leis an mbithéagsúlacht a fheabhsú nó leis an díghrádú éiceachóras, dífhoraoisiú agus caillteanas gnáthóg a stopadh nó a chosc, trí mhaoirseacht agus úsáid foraoisí agus talamh foraoise a áireamh, ar bhealach agus ar ráta, lena gcoinnítear a mbithéagsúlacht, a dtáirgiúlacht, a gcumas athghiniúna, a mbeogacht agus a gcumas chun feidhmeanna ábhartha éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta a chomhlíonadh, anois agus amach anseo, ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal domhanda, agus nach bhfágtar dá mbarr go ndéantar damáiste d’éiceachórais eile, de réir mar a leagtar amach i Rún H1 ón Dara Comhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip, an 16-17 Meitheamh 1993 i Heilsincí ar Threoirlínte Ginearálta maidir le Bainistiú Inbhuanaithe Foraoisí san Eoraip chomh maith le trí Rialacháin (AE) Uimh. 995/2010 agus (AE) 2018/841 (46) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (47) agus teachtaireacht ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2013 ar an ábhar “A new EU Forest Strategy: for forests and the forest based sector” [“Straitéis Foraoiseachta an Aontais: d’fhoraoisí agus don earnáil foraoisbhunaithe”] a thabhairt san áireamh.

(33)

Chun críocha an Rialacháin seo, tá ciall leathan ag roinnt leis an téarma “éifeachtúlacht fuinnimh” agus ba cheart é a fhorléiriú trí dhlí ábhartha an Aontais a chur san áireamh, lena n‐áirítear Rialachán (AE) 2017/1369 (48) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2012/27/AE (49), agus (AE) 2018/844 (50) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chomh maith leis na bearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (51).

(34)

Maidir le gach cuspóir comhshaoil, ba cheart critéir aonfhoirmeacha a leagan síos lena chinneadh an bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha mar chinn atá ag rannchuidiú go substaintiúil leis an gcuspóir sin. Ba cheart gur ghné amháin de na critéir aonfhoirmeacha dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach sa Rialachán seo a sheachaint. Is amhlaidh atá ionas nach gcáileoidh infheistíochtaí mar infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i gcásanna ina ndéanann na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dtéann na hinfheistíochtaí sin chun sochair dóibh dochar don chomhshaol ar mó é ná rannchuidiú na ngníomhaíochtaí sin do chuspóir comhshaoil. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sna critéir sin saolré na dtáirgí agus na seirbhísí a sholáthraítear leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin i dteannta an tionchair atá ag an ngníomhaíocht eacnamaíochta í féin ar an gcomhshaol, lena n-áirítear fianaise ó mheasúnuithe saolré atá ann cheana a thabhairt san áireamh, go háirithe trína dtáirgeadh, a n-úsáid agus deireadh a ré a mheas.

(35)

Ag meabhrú an ghealltanais chomhpháirtigh a rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún chun na prionsabail atá cumhdaithe i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a shaothrú d’fhonn tacú le fás inbhuanaithe, cuimsitheach, agus ag aithint ábharthacht chearta agus chaighdeáin íosta idirnáisiúnta an duine agus na gceart agus na gcaighdeán íosta idirnáisiúnta saothair, ba cheart nár mhór gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bheith i gcomhréir le coimircí íosta chun cáiliú mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ar an gcúis sin, níor cheart do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha cáiliú mar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ach amháin nuair a dhéantar iad i gcomhréir le treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, lena n-áirítear dearbhú maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS), na hocht gcoinbhinsiún bhunúsacha de chuid EIS agus an Bille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine. Sainítear i coinbhinsiún bhunúsacha an EIS cearta an duine agus cearta saothair ar cheart do ghnóthais a urramú. Cumhdaítear roinnt de na caighdeáin idirnáisiúnta sin freisin i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe toirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éignithe agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Tá na coimircí íosta sin gan dochar do chur i bhfeidhm ceanglais atá níos déine ná mar a bhí maidir leis an gcomhshaol, le sláinte, le sábháilteacht agus le hinbhuanaitheacht shóisialta a leagtar amach i ndlí an Aontais, i gcás inarb infheidhme. Agus na coimircí íosta sin á gcomhlíonadh acu, ba cheart do na gnóthais cloí leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamhdochar suntasach” dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/2088, agus na caighdeáin theicniúla rialála a glacadh de bhun an Rialacháin sin lena sonraítear an prionsabal sin tuilleadh a thabhairt san áireamh.

(36)

D’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú idir an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2019/2088, ba cheart Rialachán (AE) 2019/2088 a leasú leis an Rialachán seo chun sainordú a thabhairt do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha a bunaíodh le Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 (52), (AE) Uimh. 1094/2010 (53) agus (AE) Uimh. 1095/2010 (54) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a dtugtar “ÚMEnna” orthu go cineálach) chun caighdeáin rialála theicniúla a fhorbairt i gcomhar le chéile chun mionsonraí ábhar agus cur i láthair na faisnéise maidir leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamhdochar suntasach” a shonrú tuilleadh. Ba cheart go mbeadh na caighdeáin theicniúla rialála sin comhsheasmhach le hinneachar, le modheolaíochtaí agus le cur i láthair na dtáscairí inbhuanaitheachta maidir le drochthionchair amhail dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/2088. Ba cheart freisin go mbeadh siad comhsheasmhach leis na prionsabail atá cumhdaithe i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, lena n-áirítear Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair, na hocht gcoinbhinsiún bhunúsacha de chuid EIS agus an Bille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine.

(37)

Ba cheart Rialachán (AE) 2019/2088 a leasú freisin chun sainordú a thabhairt do na ÚMEnna forbairt a dhéanamh, tríd an gComhchoiste, ar dhréachtchaighdeáin rialála theicniúla chun cur leis na rialacha maidir le trédhearcacht i gcur chun cinn tréithe comhshaoil agus infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i nochtaí réamhchonarthacha agus tuarascálacha tréimhsiúla.

(38)

I bhfianaise na sonraí teicniúla sonracha is gá chun measúnú a dhéanamh ar thionchar comhshaoil gníomhaíochta eacnamaíche agus i bhfianaise gur dual d’athruithe tarlú go sciobtha san eolaíocht agus sa teicneolaíocht araon, ba cheart na critéir i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur in oiriúint go rialta chun na hathruithe sin a léiriú. Chun go mbeidh na critéir cothrom le dáta, bunaithe ar fhianaise eolaíoch agus ar ionchur ó shaineolaithe chomh maith le páirtithe leasmhara ábhartha, ba cheart na coinníollacha maidir le “rannchuidiú substaintiúil” agus “dochar suntasach” a shonrú tuilleadh i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha éagsúla agus ba cheart iad a nuashonrú go rialta. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún critéir scagtha theicniúla, atá mionsonraithe agus calabraithe, a bhunú i leith na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha difriúla, ar bhonn an ionchuir theicniúil ó ardán maidir le maoiniú inbhuanaithe, ar ardán ilpháirtithe leasmhara é.

(39)

Bíonn drochthionchar ag roinnt gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar an gcomhshaol, agus tríd an drochthionchar sin a laghdú, is féidir rannchuidiú go substaintiúil le cuspóir comhshaoil amháin nó níos mó. I gcás na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sin, is iomchuí critéir scagtha theicniúla a bhunú lena gceanglaítear feabhas substaintiúil a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil i gcomparáid le, inter alia, meán an tionscail, ach ag an am céanna lena seachnaítear éifeachtaí gaibhnithe a dhéanfadh dochar don chomhshaol, lena n-áirítear éifeachtaí gaibhnithe atá dian ó thaobh carbóin, le linn saolré eacnamaíoch na gníomhaíochta eacnamaíche maoinithe. Ba cheart tionchar fadtéarmach gníomhaíochta eacnamaíche ar leith a mheas sna critéir sin freisin.

(40)

Níor cheart do ghníomhaíocht eacnamaíoch cáiliú mar ghníomhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de más mó an dochar a dhéantar don chomhshaol dá barr ná na sochair a thugtar léi. Ba cheart a aithint leis na critéir scagtha theicniúla na híoscheanglais is gá chun dochar suntasach do chuspóirí eile a sheachaint, lena n-áirítear trí chur le haon íoscheanglais a leagtar síos de bhun dhlí an Aontais. Agus na critéir scagtha theicniúla á mbunú agus á dtabhairt cothrom le dáta, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil na critéir sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch atá ar fáil, go bhforbraítear iad trí bhreithnithe saolré lena n-áirítear measúnuithe saolré atá ann cheana a chur san áireamh, agus go dtugtar cothrom le dáta iad go rialta. I gcás ina bhfágann an mheastóireacht eolaíoch nach féidir riosca a chinneadh le deimhneacht leordhóthanach, ba cheart feidhm a bheith ag prionsabal an réamhchúraim, i gcomhréir le hAirteagal 191 CFAE.

(41)

Agus na critéir scagtha theicniúla á mbunú agus á nuashonrú do chuspóir comhshaoil an mhaolaithe ar an athrú aeráide, ba cheart don Choimisiún an próiseas idirthréimhseach leanúnach riachtanach i dtreo geilleagar aeráid-neodrach i gcomhréir le hAirteagal 10(2) den Rialachán seo a chur san áireamh agus dreasachtaí a chur ar fáil. De bhreis ar úsáid fuinnimh atá neodrach ó thaobh aeráide de agus ar infheistíochtaí breise i ngníomhaíochtaí agus earnálacha eacnamaíocha atá ina ngníomhaíochtaí agus ina n-earnálacha ísealcharbóin cheana, teastóidh laghduithe substaintiúla in astaíochtaí gás ceaptha i ngníomhaíochtaí agus earnálacha eacnamaíocha eile nach bhfuil aon roghanna ísealcharbóin eile ann atá indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de ón aistriú. Ba cheart go gcáileoidh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha idirthréimhseacha sin mar chinn a rannchuidíonn go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide má tá a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa i bhfad níos ísle ná meánastaíochtaí na hearnála nó an tionscail, mura gcuireann siad isteach ar fhorbairt agus úsáid roghanna ísealcharbóin eile agus mura n-eascraíonn gaibhniú sócmhainní nach bhfuil comhoiriúnach le cuspóir na haeráid-neodrachta astu, agus saolré eacnamaíoch na sócmhainní sin á cur san áireamh. Ba cheart a áirithiú leis na critéir scagtha theicniúla do na gníomhaíochtaí sin go mbeidh bealach inchreidte i dtreo na haeráid-neodrachta ag gníomhaíochtaí eacnamaíocha idirthréimhseacha den sórt sin, agus ba cheart iad a choigeartú dá réir go tráthrialta.

(42)

Ba cheart a mheas go gcáileoidh gníomhaíocht eacnamaíoch mar cheann a rannchuidíonn go substaintiúil le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach sa Rialachán seo i gcás ina gcumasóidh gníomhaíochtaí eile go díreach rannchuidiú go substaintiúil le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin. Níor cheart go mbeadh gaibhniú sócmhainní a dhéanann dochar do spriocanna fadtéarmacha comhshaoil mar thoradh ar na gníomhaíochtaí chumasúcháin sin, agus saolré eacnamaíoch na sócmhainní sin á cur san áireamh, agus ba cheart go mbeadh dea-thionchar substaintiúil comhshaoil aici, ar bhonn breithnithe saolré.

(43)

Agus na critéir scagtha theicniúla á mbunú agus á nuashonrú, ba cheart don Choimisiún dlí ábhartha an Aontais a chur san áireamh, lena n-áirítear Rialacháin (CE) Uimh. 1221/2009 (55) agus (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (56), chomh maith le Moladh ón gCoimisiún 2013/179/AE (57) agus an teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Iúil 2018“Public procurement for a better environment” [“Soláthar poiblí ar mhaithe le comhshaol níos fearr”]. Chun neamhréireachtaí neamhriachtanacha le haicmithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ann cheana chun críocha eile a sheachaint, ba cheart don Choimisiún na haicmithe staidrimh a bhaineann leis an earnáil earraí agus seirbhísí comhshaoil a chur san áireamh freisin, eadhon aicmiú na ngníomhaíochtaí maidir le cosaint an chomhshaoil (CEPA) agus aicmiú na ngníomhaíochtaí bainistithe acmhainní (CReMA) de Rialachán (AE) Uimh. 538/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (58). Agus na critéir scagtha theicniúla á mbunú agus á dtabhairt cothrom le dáta aige, ba cheart don Choimisiún na táscairí agus creataí tuairiscithe comhshaoil atá ann cheana, arna bhforbairt ag an gCoimisiún, agus an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, i measc forbróirí eile, agus caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana, arna bhforbairt ag ECFE ag forbróirí eile, a chur san áireamh.

(44)

Agus na critéir scagtha theicniúla á mbunú agus á dtabhairt cothrom le dáta, ba cheart don Choimisiún sainiúlachtaí earnáil an bhonneagair a chur san áireamh, agus ba cheart don Choimisiún seachtrachtaí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a chur san áireamh laistigh d’anailís chostais agus tairbhe. Maidir leis sin, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar dhlí an Aontais, lena n-áirítear Treoracha 2001/42/CE (59), 2011/92/AE (60), 2014/23/AE (61), 2014/24/AE (62) agus 2014/25/AE (63), ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ar na caighdeáin agus ar an modheolaíocht atá ann faoi láthair, agus ar an obair a dhéanann eagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail OECD. Sa chomhthéacs sin, ba cheart creataí rialachais iomchuí a chur chun cinn leis na critéir scagtha theicniúla, ar creataí iad lena ndéantar comhtháthú ar thosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais, dá dtagraítear sna Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach a dtacaíonn na Náisiúin Aontaithe leo, i ngach céim de shaolré thionscadail.

(45)

Ba cheart a áirithiú leis na critéir scagtha theicniúla gur féidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha ábhartha laistigh d’earnáil shonrach cáiliú mar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus go gcaithfear go cothrom leo más é an méid céanna rannchuidithe a bhíonn i gceist leo i dtaca le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil a leagtar síos sa Rialachán seo. D’fhéadfadh na hearnálacha a bheith éagsúil ó thaobh a n-acmhainneacht fhéideartha chun rannchuidiú leis na cuspóirí comhshaoil sin, agus ba cheart é sin a léiriú sna critéir sin. Laistigh de gach earnáil, áfach, níor cheart go bhfágfadh na critéir sin go mbeadh gníomhaíocht eacnamaíoch faoi mhíbhuntáiste éagórach i gcomparáid le ceann eile má bhíonn an méid céanna rannchuidithe i gceist leis an gcéad cheann i dtaca leis na cuspóirí comhshaoil agus a bhíonn i gceist leis an dara ceann.

(46)

Agus critéir scagtha theicniúla i leith gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de á mbunú agus á nuashonrú, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh an mbeadh sócmhainní tréigthe nó an mbeadh dreasachtaí neamhréireacha ann mar thoradh ar na critéir sin a bhunú, nó an mbeadh aon drochthionchar eile acu ar mhargaí airgeadais.

(47)

Chun ualach ró-mhór costas comhlíontachta ar oibreoirí eacnamaíocha a sheachaint, ba cheart don Choimisiún critéir scagtha theicniúla a bhunú lena ndéanfar foráil maidir le soiléire dhlíthiúil leordhóthanach, ar critéir iad atá indéanta agus is féidir a chur i bhfeidhm go héasca, agus ar féidir comhlíonadh na gcritéar sin a fhíorú laistigh de theorainneacha réasúnta i dtaobh costais chomhlíontachta lena seachnaítear ualach riaracháin nach bhfuil gá leis. D’fhéadfadh sé gur ghá measúnú saolré a dhéanamh i gcás critéir scagtha theicniúla i gcás ina mbeadh sé sin indéanta agus go mbeadh gá leis.

(48)

Chun a áirithiú go ndéantar infheistíochtaí a threorú i dtreo gníomhaíochtaí eacnamaíocha a mbeidh an tionchar dearfach is mó acu ar na cuspóirí comhshaoil, ba cheart don Choimisiún tosaíocht a thabhairt do chritéir scagtha theicniúla a bhunú i leith na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a d’fhéadfadh an rannchuidiú ba mhó a bheith i gceist leo i dtaca leis na cuspóirí comhshaoil.

(49)

Ba cheart critéir scagtha theicniúla iomchuí a bhunú don earnáil iompair, lena n-áirítear le haghaidh sócmhainní soghluaiste. Ba cheart do na critéir scagtha theicniúla sin a chur san áireamh gur ón earnáil iompair, lena n-áirítear loingseoireacht idirnáisiúnta, a thagann gar do 26 % d’iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas. Mar a luaitear sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú, is san earnáil iompair atá thart ar 30 % de na riachtanais infheistíochta bliantúla breise don fhorbairt inbhuanaithe san Aontas, mar shampla trí chur leis an leictriú nó trí thacú leis an aistriú chuig modhanna iompair ar glaine iad ná mar a bhí trí aistriú córa iompair agus bainistiú tráchta níos fearr a chur chun cinn.

(50)

Agus na critéir scagtha theicniúla á bhforbairt, tá sé thábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí i gcomhréir leis gClár Oibre maidir le Rialáil Níos Fearr. Ba cheart geallsealbhóirí ábhartha a bheith páirteach sa phróiseas faoina mbunófar na critéir scagtha theicniúla agus faoina nuashonraítear iad, agus ba cheart don phróiseas sin an chomhairle ó shaineolaithe a bhfuil eolas agus taithí chruthaithe acu sna réimsí ábhartha a fhorbairt. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe a bhunú (an “tÁrdan”). Ba cheart an tArdán a bheith comhdhéanta de shaineolaithe lena ndéantar ionadaíocht ar an earnáil phoiblí agus ar an earnáil phríobháideach araon. Ba cheart ionadaithe ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, ó na hÚMEnna, ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha a áireamh le saineolaithe na hearnála poiblí. Ba cheart ionadaithe ó rannpháirtithe sna margaí airgeadais agus neamh-airgeadais agus earnálacha gnó, a bheidh ionadaíoch do thionscail ábhartha, agus iad siúd a mbeidh saineolas ar chuntasaíocht agus ar thuairisciú acu, a áireamh le saineolaithe na hearnála príobháidí. Ba cheart saineolaithe a bheidh ionadaíoch don tsochaí shibhialta, agus saineolaithe i réimse na saincheisteanna comhshaoil, sóisialta, saothair agus rialachais a áireamh san Ardán freisin. Ba cheart rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a spreagadh chun an Coimisiún a chur ar an eolas má mheasann siad, i gcás gníomhaíocht eacnamaíoch nach gcomhlíonann na critéir scagtha theicniúla, nó nach bhfuil na critéir sin bunaithe ina leith go fóill, gur cheart go gcáileoidh sí mar ghníomhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, d’fhonn cuidiú leis an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar a iomchuí agus atá sé na critéir scagtha theicniúla a chomhlánú nó a thabhairt cothrom le dáta.

(51)

Ba cheart an tArdán a bhunú i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha is infheidhme maidir le grúpaí saineolaithe de chuid an Choimisiúin a chruthú agus a oibriú, lena n-áirítear maidir leis an bpróiseas roghnúcháin. Ba cheart don phróiseas roghnúcháin ardleibhéal saineolais, cothromaíocht ar bhonn tíreolaíoch agus inscne a áirithiú agus ionadaíocht chothrom ar shaineolas ábhartha, agus cúraimí sonracha an Ardáin á gcur san áireamh. Le linn an phróisis roghnúcháin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh, i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha sin, lena cinneadh an ann do choinbhleachtaí féideartha leasa agus ba cheart dó aon bhearta iomchuí a dhéanamh chun aon choinbhleacht den sórt sin a réiteach.

(52)

Ba cheart don Ardán comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le critéir scagtha theicniúla a fhorbairt, a anailísiú agus a athbhreithniú, lena n-áirítear tionchar féideartha maidir le critéir den sórt sin ar luacháil sócmhainní a cháilíonn mar shócmhainní atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi chleachtais mhargaidh atá ann cheana. Ina theannta sin, ba cheart don Ardán comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le hoiriúnacht na gcritéar scagtha teicniúil le haghaidh úsáid i dtionscnaimh bheartais de chuid an Aontais amach anseo a bheidh dírithe ar infheistíocht inbhuanaithe a éascú agus maidir le ról a d’fhéadfadh a bheith ag cuntasaíocht inbhuanaitheacht agus caighdeáin tuairiscithe chun tacú le cur i bhfeidhm na gcritéar scagtha teicniúil. Ba cheart don Ardán comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le bearta breise a fhorbairt chun infhaighteacht agus cáilíocht sonraí a fheabhsú, agus aird á tabhairt ar an gcuspóir ualach riaracháin míchuí a sheachaint, aghaidh a thabhairt ar chuspóirí inbhuanaitheachta eile, lena n-áirítear cuspóirí sóisialta, agus an feidhmiú maidir le coimircí íosta agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ann cur leo siúd.

(53)

Ba cheart don Choimisiún leanúint le Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe atá ann cheana agus ba cheart dó stádas foirmiúil a sholáthar dó. Is iad na cúraimí a bheidh ar an ngrúpa saineolaithe sin, inter alia, comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le hoiriúnacht na gcritéar scagtha teicniúil agus maidir leis an gcur chuige a ghlacann an tArdán i ndáil leis na critéir sin a fhorbairt. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún na Ballstáit a choinneáil ar an eolas trí chruinnithe rialta de Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe.

(54)

Chun na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a shonrú, agus go háirithe chun critéir scagtha theicniúla atá mionsonraithe agus calabraithe a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha éagsúla maidir lena bhfuil i gceist le “rannchuidiú substaintiúil” leis na cuspóirí comhshaoil agus “dochar suntasach” dóibh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an bhfaisnéis is gá chun na hoibleagáidí nochta de bhun an Rialacháin seo a chomhlíonadh, agus i dtaca leis na critéir scagtha theicniúla. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe amhail trí Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (64). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna le saineolaithe na mBallstát, agus beidh rochtain chórasach ag a saineolaithe ar chruinnithe de shainghrúpaí de chuid an Choimisiúin a bhíonn ag plé le hullmhú gníomhartha tarmligthe.

(55)

Leis an Rialachán seo, forlíontar na rialacha maidir le nochtadh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088. D’fhonn maoirseacht ordúil agus éifeachtach rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ar chomhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a bheith ag brath ar na húdaráis inniúla a ainmníodh cheana féin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/2088. Ina theannta sin, chun comhlíonadh a fhorfheidhmiú, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le bearta agus pionóis, agus ba cheart dóibh a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart d’údaráis náisiúnta inniúla agus na ÚMEnna na cumhachtaí idirghabhála táirgí a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 600/2014 (65), (AE) Uimh. 1286/2014 (66) agus (AE) 2019/1238 (67) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cleachtais mhídhíola nó nochtaí míthreoracha d’fhaisnéis ó thaobh na hinbhuanaitheachta de lena n-áirítear na ceanglais faisnéise a cheanglaítear faoin Rialachán seo.

(56)

Chun a áirithiú go ndéanfar an obair agus cleachtais na gcruinnithe a eagrú go héifeachtúil agus go hinbhuanaithe leis an Ardán agus le Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe araon, agus chun rannpháirtíocht leathan agus idirghníomhaíocht éifeachtúil a chumasú laistigh de na grúpaí, a bhfoghrúpaí, an Coimisiún agus geallsealbhóirí, ba cheart méadú a dhéanamh ar úsáid teicneolaíochtaí breise digiteacha, lena n-áirítear teicneolaíochtaí fíorúla, i gcás inarb iomchuí.

(57)

Chun dóthain ama a fhágáil ag na gníomhaithe ábhartha go léir chun dul i dtaithí ar na critéir le haghaidh cáiliú i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a leagtar amach sa Rialachán seo agus chun ullmhú lena gcur i bhfeidhm, ba cheart na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith infheidhme, i leith gach cuspóra comhshaoil, 12 mhí tar éis bhunú na gcritéar scagtha teicniúil ábhartha.

(58)

An fhoráil atá sa Rialachán seo ina dtagraítear do scéimeanna dreasachta cánach deimhniúbhunaithe arb ann dóibh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ní dochar an fhoráil sin d’inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach maidir le forálacha cánach, mar a leagtar amach sna Conarthaí.

(59)

Ba cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo chun measúnú a dhéanamh ar, inter alia: an dul chun cinn maidir le forbairt na gcritéar scagtha teicniúil i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de; an gá a d’fhéadfadh a bheith ann athbhreithniú agus comhlánú a dhéanamh ar na critéir sin i dtaobh gníomhaíocht eacnamaíoch a mheas lena chinneadh an gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de; éifeachtacht an chórais aicmithe maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de maidir le hinfheistíocht phríobháideacha a chur i dtreo gníomhaíochtaí den sórt sin agus go háirithe maidir le sreabhadh caipitil chuig fiontair phríobháideacha agus chuig eintitis dhlíthiúla eile; agus an córas aicmithe sin a fhorbairt a thuilleadh, lena n-áirítear tríd a raon feidhme a leathnú thar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, chun gníomhaíochtaí a chumhdach a dhéanann dochar suntasach don chomhshaoil, chomh maith le cuspóirí inbhuanaitheachta eile, lena n-áirítear cuspóirí sóisialta.

(60)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, mar gheall ar an ngá atá le critéir aonfhoirmeacha a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo na critéir chun a chinneadh an gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun críocha inbhuanaitheacht comhshaoil infheistíochta a shuíomh.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

bearta arna nglacadh ag na Ballstáit nó ag an Aontas lena leagtar amach ceanglais do rannpháirtithe nó eisitheoirí sa mhargadh airgeadais i leith táirgí airgeadais nó bannaí corparáideacha arna gcur ar fáil mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de;

(b)

rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chuireann táirgí airgeadais ar fáil;

(c)

gnóthais atá faoi réir na hoibleagáide ráiteas neamhairgeadais nó ráiteas comhdhlúite neamhairgeadais a fhoilsiú de bhun Airteagail 19a nó 29a de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (68), faoi seach.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “infheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de” infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch amháin nó i roinnt gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoin Rialachán seo;

(2)

ciallaíonn “rannpháirtí sa mhargadh airgeadais” rannpháirtí sa mhargadh airgeadais mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/2088 agus lena n‐áirítear monaróir táirge pinsin i gcás inar chinn Ballstát an Rialachán sin a chur i bhfeidhm ar an monaróir táirge pinsin i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán sin;

(3)

ciallaíonn “táirge airgeadais” táirge airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (12) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/2088;

(4)

ciallaíonn “eisitheoir” eisitheoir mar a shainmhínítear i bpointe (h) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (69);

(5)

ciallaíonn “maolú ar an athrú aeráide” an próiseas a bhaineann leis an méadú ar an meánteocht dhomhanda á choimeád go mór faoi bhun 2 °C agus leanúint de na hiarrachtaí í a choimeád faoi bhun 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, mar a leagtar síos i gComhaontú Pháras;

(6)

ciallaíonn “oiriúnú don athrú aeráide” an próiseas chun oiriúnú don athrú aeráide iarbhír agus don athrú aeráide a bhfuiltear ag súil leis agus dá thionchair;

(7)

ciallaíonn “gás ceaptha teasa” gás ceaptha teasa a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (70);

(8)

ciallaíonn “ord na réiteach dramhaíola” ord na réiteach dramhaíola mar a leagtar síos é in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE;

(9)

ciallaíonn “geilleagar ciorclach” córas eacnamaíoch trína bhféadfaí luach na dtáirgí, na n-ábhar agus na n-acmhainní eile sa gheilleagar a chothabháil chomh fada agus is féidir, feabhas a chur ar a n-úsáid éifeachtúil sa táirgeadh agus sa tomhaltas, agus an tionchar atá ag a n-úsáid ar an gcomhshaol a laghdú ar an gcaoi sin, agus dramhaíl a íoslaghdú agus substaintí guaiseacha a scaoileadh i ngach céim dá saolré, lena n-áirítear trí chur i bhfeidhm ord na réiteach dramhaíola;

(10)

ciallaíonn “truailleán” substaint, creathadh, teas, torann, solas nó éilleán eile arb ann dóibh in aer, in uisce nó i dtalamh, a d’fhéadfadh a bheith díobhálach do shláinte an duine nó don chomhshaol, a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do mhaoin ábhartha, nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do thaitneamhachtaí agus d’úsáidí dlisteanacha eile de chuid an chomhshaoil nó cur isteach orthu;

(11)

ciallaíonn “ithir” brat uachtair an Domhain atá suite idir an chloch choirnéil agus an dromchla, atá comhdhéanta de cháithníní mianraí, ábhar orgánach, uisce, aer agus orgánaigh bheo;

(12)

ciallaíonn “truailliú”:

(a)

truailleáin a thabhairt isteach go díreach nó go hindíreach san uisce nó sa talamh, mar thoradh ar ghníomhaíocht an duine;

(b)

i gcomhthéacs na muirthimpeallachta, truailliú mar a shainmhínítear é i bpointe 8 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/56/CE;

(c)

i gcomhthéacs na timpeallachta uisce, truailliú mar a shainmhínítear é i bpointe 33 d’Airteagal 2 de Threoir 2000/60/CE;

(13)

ciallaíonn “éiceachóras” coimpléasc dinimiciúil de phobail plandaí, ainmhithe agus miocrorgánach agus a dtimpeallacht neamhbheo agus iad ag idirghníomhú mar aonad feidhmiúil;

(14)

ciallaíonn “seirbhísí éiceachórais” a mhéid a chuireann éiceachórais go díreach agus go hindíreach le tairbhí eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha agus eile a bhaineann daoine as na héiceachórais sin;

(15)

ciallaíonn “bithéagsúlacht” athraitheacht i measc orgánaigh beo a eascraíonn ó gach foinse, lena n-áirítear éiceachórais talún agus mhuirí agus éiceachórais uisceacha eile agus na coimpléisc éiceolaíocha ar cuid díobh iad agus lena n-áirítear éagsúlacht i measc speiceas, idir speicis agus éiceachórais leis sin;

(16)

ciallaíonn “dea-riocht”, maidir le héiceachóras, go bhfuil an t-éiceachóras i riocht maith fisiceach, ceimiceach agus bitheolaíoch nó ar dhea-cháilíocht fhisiceach, cheimiceach agus bhitheolaíoch, ar féidir leis é féin a atáirgeadh nó a athshlánú, agus nach ndéantar dochar ann do chomhdhéanamh speiceas, struchtúr an éiceachórais ná feidhmeanna éiceolaíocha;

(17)

ciallaíonn “éifeachtúlacht fuinnimh” úsáid níos éifeachtúla fuinnimh i ngach céim den slabhra fuinnimh ó tháirgeadh go dtí an tomhaltas deiridh;

(18)

ciallaíonn “uiscí mara” uiscí mara mar a shainmhínítear iad i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/56/CE;

(19)

ciallaíonn “uisce dromchla” uisce dromchla mar a shainmhínítear é i bpointe 1 d’Airteagal 2 de Threoir 2000/60/CE;

(20)

ciallaíonn “screamhuisce” screamhuisce mar a shainmhínítear é i bpointe 2 d’Airteagal 2 de Threoir 2000/60/CE;

(21)

ciallaíonn “dea-stádas comhshaoil” dea-stádas comhshaoil mar a shainmhínítear é i bpointe 5 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/56/CE;

(22)

ciallaíonn “stádas maith”:

(a)

i gcás uiscí dromchla, “stádas maith éiceolaíoch” faoi mar a shainmhínítear é i bpointe 22 d’Airteagal 2 de Threoir 2000/60/CE agus “stádas maith ceimiceach san uisce dromchla” faoi mar a shainmhínítear é i bpointe 24 d’Airteagal 2 den Treoir sin.

(b)

i gcás screamhuisce, “stádas maith ceimiceach screamhuisce” faoi mar a shainmhínítear é i bpointe 25 d’Airteagal 2 de Threoir 2000/60/CE agus “stádas maith cainníochtúil” mar a shainmhítear é i bpointe 28 d’Airteagal 2 den Treoir sin;

(23)

ciallaíonn “acmhainn mhaith éiceolaíoch” acmhainn mhaith éiceolaíoch mar a shainmhítear é i bpointe 23 d’Airteagal 2 de Threoir 2000/60/CE;

CAIBIDIL II

GNÍOMHAÍOCHTAÍ EACNAMAÍOCHA ATÁ INBHUANAITHE Ó THAOBH AN CHOMHSHAOIL DE

Airteagal 3

Critéir maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

Chun críocha inbhuanaitheacht comhshaoil infheistíochta a shuíomh, cáileoidh gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i gcás ina gcomhlíonann an ghníomhaíocht eacnamaíoch sin na nithe seo a leanas:

(a)

rannchuidíonn sí go substaintiúil le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 i gcomhréir le hAirteagail 10 go 16;

(b)

ní dhéanann sí dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 i gcomhréir le hAirteagal 17;

(c)

déantar i gcomhréir leis na coimircí íosta a leagtar síos in Airteagal 18 í; agus

(d)

comhlíonann sí critéir scagtha theicniúla a bhunaigh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2).

Airteagal 4

Úsáid a bhaint as na critéir maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i mbearta poiblí, i gcaighdeáin agus i lipéid

Cuirfidh na Ballstáit agus an tAontas i bhfeidhm na critéir a leagtar amach in Airteagal 3 chun cinneadh a dhéanamh an gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, chun críocha aon bheart lena leagtar amach ceanglais ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nó eisitheoirí i leith táirgí airgeadais nó bannaí corparáideacha a chuirtear ar fáil mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

Airteagal 5

Trédhearcacht infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i nochtaí réamhchonarthacha agus i dtuarascálacha tréimhsiúla

I gcás ina n-infheistíonn táirge airgeadais faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 9(1), (2) nó (3) de Rialachán (AE) 2019/2088 i ngníomhaíocht eacnamaíoch a chuireann le cuspóir comhshaoil de réir bhrí phointe (17) d’Airteagal 2 den Rialachán sin, áiritheofar an méid seo a leanas san fhaisnéis atá le nochtadh i gcomhréir le hAirteagail 6(3) agus 11(2) den Rialachán sin:

(a)

an fhaisnéis maidir leis an gcuspóir comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán seo nó na cuspóirí comhshaoil lena gcuidíonn an infheistíocht is bonn leis an táirge airgeadais; agus

(b)

cur síos ar an gcaoi agus an méid a dhéantar na hinfheistíochtaí is bonn leis an táirge airgeadais i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 den Rialachán seo.

Sa chur síos dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den Airteagal seo, sonrófar an cion d’infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de arna roghnú le haghaidh an táirge airgeadais, lena n-áirítear sonraí maidir le cion na ngníomhaíochtaí cumasúcháin agus idirthréimhseacha dá dtagraítear in Airteagal 16 agus Airteagal 10(2), faoi seach, mar chéatadán de na hinfheistíochtaí uile arna roghnú le haghaidh an táirge airgeadais.

Airteagal 6

Trédhearcacht na dtáirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil chun cinn i nochtaí réamhchonarthacha agus i dtuarascálacha tréimhsiúla

I gcás ina ndéanann táirge faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 8(1) den Rialachán (AE) 2019/2088 saintréithe comhshaoil a chur chun cinn, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 5 den Rialachán seo.

Beidh an ráiteas seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis a bheidh i gcomhréir le hAirteagail 6(3) agus 11(2) de Rialachán (AE) 2019/2088:

“Ní chuirtear an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ i bhfeidhm ach amháin i gcás na n‐infheistíochtaí sin is bonn le táirge airgeadais a chuireann san áireamh critéir an AE maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

Ní chuirtear san áireamh leis na hinfheistíochtaí is bonn leis an gcuid eile den táirge airgeadais sin critéir an AE maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.”.

Airteagal 7

Trédhearcacht táirgí airgeadais eile i nochtaí réamhchonarthacha agus i dtuarascálacha tréimhsiúla

I gcás nach bhfuil táirge airgeadais faoi réir Airteagal 8(1) nó faoi réir Airteagail 9(1), (2) nó (3) de Rialachán (AE) 2019/2088, beidh an ráiteas seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis a bheidh le nochtadh i gcomhréir leis na forálacha den reachtaíocht earnálach dá dtagraítear in Airteagail 6(3) agus 11(2) den Rialachán sin:

Ní chuirtear san áireamh leis na hinfheistíochtaí is bonn leis an táirge airgeadais seo critéir an AE maidir le ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.’.

Airteagal 8

Trédhearcacht ghnóthais i ráitis neamhairgeadais

1.   Aon ghnóthas atá faoi réir oibleagáide faisnéis neamhairgeadais a fhoilsiú de bhun Airteagal 19(a) nó Airteagal 29(a) de Threoir 2013/34/AE, áireoidh sé ina ráiteas neamhairgeadais nó ina ráiteas comhdhlúite neamhairgeadais faisnéis maidir leis an gcaoi agus a mhéid a bhaineann gníomhaíochtaí an ghnóthais le gníomhaíochtaí airgeadais a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí airgeadais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagail 3 agus 9 den Rialachán seo.

2.   Go háirithe, déanfaidh gnóthais neamhairgeadais an méid seo a leanas a nochtadh:

(a)

cion a láimhdeachais a thagann ó tháirgí nó ó sheirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí airgeadais a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí airgeadais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagail 3 agus 9; agus

(b)

cion a gcaiteachas caipitil agus cion a gcaiteachas oibríochtúil a bhaineann le sócmhainní nó próisis a ghabhann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de mar a leagtar amach in Airteagail 3 agus 9.

3.   I gcás ina bhfoilsíonn gnóthas faisnéis neamh-airgeadais de bhun Airteagal 19a nó Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE i dtuarascáil ar leith i gcomhréir le hAirteagal 19a(4) nó Airteagal 29a(4) den Treoir sin, foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo sa tuarascáil ar leith sin.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a fhorlíonadh d’fhonn ábhar agus cur i láthair na faisnéise atá le nochtadh de bhun na míreanna sin, lena n-áirítear an mhodheolaíocht atá le húsáid chun iad a chomhlíonadh, a shonrú, agus na sonraíochtaí de ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais araon agus na critéir scagtha theicniúla a bhunaítear de bhun an Rialacháin seo á gcur san áireamh. Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe sin faoin 1 Meitheamh 2021.

Airteagal 9

Cuspóirí comhshaoil

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh siad seo a leanas ina gcuspóirí comhshaoil:

(a)

maolú ar an athrú aeráide;

(b)

oiriúnú don athrú aeráide;

(c)

úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint;

(d)

an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach;

(e)

cosc agus rialú ar thruailliú;

(f)

bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú.

Airteagal 10

Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide

1.   Cáileoidh gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá ag rannchuidiú go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide i gcás ina rannchuidíonn an ghníomhaíocht sin go substaintiúil le cobhsú na dtiúchan gás ceaptha teasa san atmaisféar ar leibhéal a chuireann cosc ar thrasnaíocht chontúirteach antrapaigineach leis an gcóras aeráide atá comhréireach le sprioc fadtéarmach teochta Chomhaontú Pháras trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a sheachaint nó a laghdú nó trí méadú a dhéanamh ar bhaint gás ceaptha teasa, lena n-áirítear trí nuálaíocht phróisis nó nuálaíocht táirge, trí:

(a)

fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint, a tharchur, a stóráil nó a dháileadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001, lena n-áirítear trí leas a bhaint as teicneolaíocht nuálach lena bhféadfaí coigilteas suntasach a dhéanamh sa todhchaí dá barr nó trí atreisiú riachtanach nó leathnú na greille;

(b)

éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú seachas i gcás na ngníomhaíochtaí giniúna cumhachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(3);

(c)

cur le soghluaisteacht ghlan nó soghluaisteacht atá aeráid-neodrach;

(d)

aistriú chuig úsáid a bhaint as ábhair in-athnuaite a foinsíodh ar bhealach inbhuanaithe;

(e)

cur leis an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí i dtaca le gabháil agus úsáid carbóin (CCU) agus gabháil agus stóráil carbóin (CCS) atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de agus a chruthaíonn glanlaghdú in astaíochtaí gás ceaptha teasa;

(f)

linnte carbóin talún a neartú, lena n-áirítear trí dhífhoraoisiú agus díghrádú foraoise a sheachaint, foraoisí a athchóiriú, talamh curaíochta, féarthailte agus bogaigh a bhainistiú agus a athchóiriú go hinbhuanaithe, trí fhoraoisiú, agus trí thalmhaíocht athghiniúnach;

(g)

bonneagar fuinnimh is gá a bhunú chun dícharbónú a dhéanamh ar chórais fuinnimh;

(h)

breoslaí glana, éifeachtúla a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite nó ó fhoinsí atá neodrach ó thaobh carbóin de; nó

(i)

aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointí (a) go (h) den mhír seo a chumasú de réir Airteagal 16.

2.   Chun críocha mhír 1, gníomhaíocht eacnamaíoch nach bhfuil aon rogha ísealcharbóin le dealramh ann ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de, cáileoidh sí mar ghníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide i gcás ina dtacaíonn sí leis an aistriú chuig geilleagar atá aeráid-neodrach, a bheadh comhsheasmhach le conair lena ndéanfaí an t-ardú teochta a theorannú go 1,5 0C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, lena n-áirítear trí dheireadh a chur le hastaíochtaí gás ceaptha teasa de réir a chéile, go háirithe astaíochtaí ó bhreoslaí iontaise soladacha, agus i gcás inar fíor an méid thíos faoin ngníomhaíocht sin:

(a)

go bhfuil leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa aici a chomhfhreagraíonn don fheidhmíocht is fearr san earnáil nó sa tionscal;

(b)

nach gcuireann sí treampán ar fhorbairt ná ar úsáid roghanna eile ísealcharbóin; agus

(c)

nach gaibhniú sócmhainní ar mó a lorg carbóin a bheidh mar thoradh uirthi i bhfianaise shaolré eacnamaíoch na sócmhainní sin.

Chun críoch na míre seo agus chun critéir scagtha theicniúla a bhunú de bhun Airteagal 19, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar rannchuidiú agus indéantacht ionchasach na dteicneolaíochtaí ábhartha uile atá ann cheana.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun:

(a)

míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a fhorlíonadh trí chritéir scagtha theicniúla a bhunú le coinníollacha a chinneadh, ar coinníollacha iad faoina measfar go gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch shonrach mar ghníomhaíocht eacnamaíoch shonrach a rannchuidíonn go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide; agus

(b)

Airteagal 17 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla a bhunú, maidir le gach cuspóir comhshaoil ábhartha, lena chinneadh an measfar, go ndéanann gníomhaíocht eacnamaíoch a bhfuil critéir scagtha bunaithe ina leith de bhun phointe (a) den mhír seo dochar suntasach do cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin.

4.   Sula nglacfaidh sé na gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, baileoidh an Coimisiún an saineolas uile is gá ón Ardán dá dtagraítear in Airteagal 20 maidir le critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

5.   Bunóidh an Coimisiún na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo i ngníomh tarmligthe amháin, agus na ceanglais faoi Airteagal 19 á gcur san áireamh aige.

6.   Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 3 faoin 31 Nollaig 2020, d’fhonn a chur i bhfeidhm a áirithiú ón 1 Eanáir 2022.

Airteagal 11

Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú ar an athrú aeráide

1.   Cáileoidh gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá ag rannchuidiú go substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá, sa ghníomhaíocht eacnamaíoch sin, réitigh oiriúnaithe a laghdaíonn go substaintiúil riosca an tionchair dhíobhálaigh atá ag an aeráid mar atá faoi láthair agus mar a cheaptar a bheidh amach anseo, ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch féin nó a laghdaíonn go substaintiúil an tionchar díobhálach sin, gan an riosca a mhéadú go mbeidh drochthionchar aici ar dhaoine, ar an dúlra nó ar shócmhainní; nó

(b)

soláthraíonn an ghníomhaíocht eacnamaíoch sin réitigh oiriúnaithe, sa bhreis ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 16 a chomhlíonadh, a rannchuidíonn go suntasach le laghdú substaintiúil ar riosca an tionchair dhíobhálaigh nó laghdú mór ar an tionchar díobhálach atá ag an aeráid mar atá faoi láthair agus mar a cheaptar a bheidh amach anseo ar dhaoine, ar an dúlra nó ar shócmhainní gan an riosca a mhéadú go mbeidh drochthionchar aici ar dhaoine, ar an dúlra nó ar shócmhainní eile.

2.   Déanfar na réitigh oiriúnaithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a mheasúnú agus a chur in rangú de réir ord tosaíochta trí úsáid a bhaint as na réamh-mheastacháin aeráide is fearr atá ar fáil agus déanfaidh siad, ar a laghad, an méid seo a leanas:

(a)

drochthionchar suíomhshonrach agus comhthéacs-shonrach an athraithe aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch a chosc nó a laghdú; nó

(b)

an drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú aeráide ar an timpeallacht ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht eacnamaíoch.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun:

(a)

míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a fhorlíonadh trí chritéir scagtha theicniúla a bhunú le coinníollacha a chinneadh, ar coinníollacha iad faoina measfar go gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch shonrach mar ghníomhaíocht eacnamaíoch shonrach a rannchuidíonn go substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide; agus

(b)

Airteagal 17 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla a bhunú, maidir le gach cuspóir comhshaoil ábhartha, lena chinneadh an measfar, go ndéanann gníomhaíocht eacnamaíoch a bunaíodh critéir scagtha theicniúla ina leith de bhun phointe (a) den mhír seo mar cheann a dhéanann dochar suntasach do cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Ardán dá dtagraítear in Airteagal 20 maidir leis an gcritéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

5.   Bunóidh an Coimisiún na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo i ngníomh tarmligthe amháin, agus na ceanglais in Airteagal 19 á gcur san áireamh aige.

6.   Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 3 faoin 31 Nollaig 2020, d’fhonn a chur i bhfeidhm a áirithiú ón 1 Eanáir 2022.

Airteagal 12

Rannchuidiú substaintiúil le húsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

1.   Cáileoidh gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn go substaintiúil le húsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí i gcás ina rannchuidíonn an ghníomhaíocht sin go substaintiúil le dea-stádas dobharlach a bhaint amach, lena n-áirítear dobharlaigh dromchla agus screamhuisce, nó le cosc a chur ar an meathlú ar na dobharlaigh sin má tá dea-stádas acu cheana féin, nó a rannchuidíonn go substaintiúil le dea-stádas comhshaoil uiscí muirí a bhaint amach, nó le cosc a chur ar meath na n-uiscí muirí má tá dea-stádas comhshaoil acu cheana féin, trí:

(a)

an comhshaol a chosaint ar na drochthionchair a ghabhann le scaoileadh fuíolluisce uirbigh agus thionsclaíoch, lena n-áirítear ó éilleáin ar díol imní iad amhail táirgí cógaisíochta agus micreaphlaistigh, mar shampla trína áirithiú go ndéanfar scaoileadh fuíolluisce uirbigh agus thionsclaíoch a bhailiú, a chóireáil agus a urscaoileadh ar bhealach leordhóthanach;

(b)

sláinte an duine a chosaint ar dhrochthionchar a ghabhann le haon éilliú ar uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine trína áirithiú go bhfuil sé saor ó aon mhiocrorgánaigh, paraisítí agus substaintí a d’fhéadfadh sláinte an duine a chur i mbaol, chomh maith le rochtain na ndaoine ar uisce óil glan a mhéadú;

(c)

feabhas a chur ar bhainistiú agus éifeachtúlacht uisce, lena n-áirítear trí stádas na n‐éiceachóras uisceach a chosaint agus a fheabhsú, trí úsáid inbhuanaithe uisce a chur chun cinn trí chosaint fhadtéarmach acmhainní uisce atá ar fáil, inter alia trí bhearta amhail athúsáid uisce, trí laghdú céimnitheach astaíochtaí na dtruailleán in uisce dromchla agus screamhuisce, trí éifeachtaí tuilte agus triomach a mhaolú, nó trí aon ghníomhaíocht eile lena gcosnaítear nó lena bhfeabhsaítear stádas cáilíochta agus cainníochta dobharlach;

(d)

úsáid inbhuanaithe seirbhísí éiceachórais mhuirí a áirithiú nó cur le dea-stádas comhshaoil uiscí muirí, lena n-áirítear tríd an muirthimpeallacht a chosaint, a chaomhnú nó a athbhunú agus trí ionchuir sa mhuirthimpeallacht a chosc nó a laghdú; nó

(e)

aon cheann de na gníomhachtaí sin a liostaítear i bpointí (a) go (d) den mhír seo a chumasú i gcomhréir le hAirteagal 16.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun:

(a)

mír 1 den Airteagal seo a fhorlíonadh trí chritéir scagtha theicniúla a bhunú leis na coinníollacha a chinneadh, ar coinníollacha iad faoina measfar go gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch shonrach mar ghníomhaíocht eacnamaíoch shonrach a rannchuidíonn go substaintiúil le húsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint; agus

(b)

Airteagal 17 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla a bhunú, maidir le gach cuspóir comhshaoil ábhartha, lena chinneadh an measfar go ndéanann gníomhaíocht eacnamaíoch a bhfuil critéir scagtha theicniúla bunaithe ina leith de bhun phointe (a) den mhír seo dochar suntasach do cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin.

3.   Sula nglacfaidh sé an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán leis an Ardán dá dtagraítear in Airteagal 20 maidir leis na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

4.   Bunóidh an Coimisiún na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i ngníomh tarmligthe amháin, agus na ceanglais in Airteagal 19 á gcur san áireamh aige.

5.   Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo faoin 31 Nollaig 2021, d’fhonn a chur i bhfeidhm a áirithiú ón 1 Eanáir 2023.

Airteagal 13

Rannchuidiú substaintiúil le haistriú chuig an ngeilleagar ciorclach

1.   Cáileoidh gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá ag rannchuidiú go substaintiúil leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, lena n-áirítear trí chosc ar dhramhaíl, trí athúsáid agus athchúrsáil, i gcás go ndéanann an ghníomhaíocht sin:

(a)

úsáid a bhaint as acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear ábhair bhithbhunaithe agus amhábhair eile atá bunaithe ar fhoinsí inbhuanaithe, i dtáirgeadh, ar bhealach níos éifeachtúla, lena n-áirítear trí:

(i)

úsáid amhábhar príomhúil a laghdú nó úsáid seachtháirgí agus amhábhar tánaisteach a mhéadú; nó

(ii)

bearta éifeachtúlachta acmhainní agus fuinnimh;

(b)

marthanacht, indeisitheacht, in-uasghrádaitheacht nó in-athúsáidteacht táirgí a mhéadú, go háirithe i ngníomhaíochtaí deartha agus monaraíochta;

(c)

in-athchúrsáilteacht táirgí a mhéadú, lena n-áirítear athchúrsáilteacht ábhar aonair atá sna táirgí sin, inter alia trí úsáid a bhaint as táirgí agus ábhair eile in ionad cinn nach bhfuil in-athchúrsáilte nó trí úsáid na dtáirgí agus na n-ábhar sin nach bhfuil in-athchúrsáilte a laghdú, go háirithe i ngníomhaíochtaí deartha agus monaraíochta;

(d)

laghdú substaintiúil ar chion na substaintí guaiseacha agus substaintí eile a chur in ionad substaintí arb údar mór imní iad in ábhair agus i dtáirgí i gcaitheamh a saolré, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach i ndlí an Aontais, lena n-áirítear trí roghanna malartacha níos sábháilte a chur in ionad na substaintí sin agus trí inrianaitheacht a áirithiú;

(e)

fad a chur leis an úsáid a bhaintear as táirgí, lena n-áirítear trí athúsáid, dearadh ar mhaithe le fad saoil, athchuspórú, díchóimeáil, athmhonarú, uasghráduithe agus deisiú, agus comhroinnt táirgí;

(f)

cur leis an úsáid a bhaintear as amhábhair thánaisteacha agus a gcáilíocht, lena n‐áirítear trí athchúrsáil ardcháilíochta dramhaíola;

(g)

giniúint dramhaíola a chosc nó a laghdú, lena n-áirítear giniúint dramhaíola ó eastóscadh mianraí agus dramhaíl ó thógáil agus scartáil foirgneamh;

(h)

cur leis an ullmhúchán le haghaidh athúsáid agus athchúrsáil dramhaíola;

(i)

cur le forbairt an bhonneagair bainistithe dramhaíola a theastaíonn don chosc, don ullmhú le haghaidh athúsáide agus don athchúrsáil, agus a áirithiú ag an am céanna go ndéanfar na hábhair aisghafa a athchúrsáil mar ionchur amhábhair thánaistigh ardcháilíochta sa táirgeadh, agus, an íoschúrsáil a sheachaint leis sin;

(j)

íoslaghdú ar dhramhaíl a loscadh agus an diúscairt dramhaíola a sheachaint, lena n‐áirítear líonadh talún, i gcomhréir le prionsabail ord na réiteach dramhaíola;

(k)

bruscar a sheachaint agus a laghdú; nó

(l)

aon cheann de na gníomhachtaí a liostaítear i bpointí (a) go (k) den mhír seo a chumasú de réir Airteagal 16.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun:

(a)

mír 1 den Airteagal seo a fhorlíonadh trí chritéir scagtha theicniúla a bhunú leis na coinníollacha a chinneadh, ar coinníollacha iad faoina measfar go gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch shonrach mar ghníomhaíocht eacnamaíoch shonrach a rannchuidíonn go substaintiúil leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach; agus

(b)

Airteagal 17 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla a bhunú, maidir le gach cuspóir comhshaoil ábhartha, lena chinneadh an measfar go ndéanann gníomhaíocht eacnamaíoch a bhfuil critéir scagtha theicniúla bunaithe ina leith de bhun phointe (a) den mhír seo dochar suntasach do cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin.

3.   Sula nglacfaidh sé an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán leis an Ardán dá dtagraítear in Airteagal 20 maidir leis na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

4.   Bunóidh an Coimisiún na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i ngníomh tarmligthe amháin agus na ceanglais in Airteagal 19 á gcur san áireamh aige.

5.   Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 faoin 31 Nollaig 2021, d’fhonn a chur i bhfeidhm a áirithiú ó 1 Eanáir 2023.

Airteagal 14

Rannchuidiú substaintiúil le cosc agus rialú ar thruailliú

1.   Measfar go gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá ag rannchuidiú go substaintiúil le cosc agus rialú ar thruailliú i gcás ina rannchuidíonn an ghníomhaíocht sin go substaintiúil le cosaint don chomhshaol ó thruailliú trí:

(a)

astaíochtaí truailleán san aer, san uisce nó sa talamh, nach gáis ceaptha teasa iad, a chosc nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, a laghdú;

(b)

leibhéil cháilíochta aeir, uisce nó ithreach a fheabhsú sna limistéir ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht eacnamaíoch agus íoslaghdú a dhéanamh ar aon tionchar díobhálach ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol nó ar an mbaol ina leith;

(c)

aon tionchar díobhálach ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol de bharr táirgeadh, úsáid nó diúscairt ceimiceán a chosc nó a íoslaghdú;

(d)

bruscar agus truailliú eile a ghlanadh; nó

(e)

aon cheann de na gníomhachtaí a liostaítear i bpointí (a) go (d) den mhír seo a chumasú de réir Airteagal 16.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun:

(a)

mír 1 den Airteagal seo a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla a bhunú leis na coinníollacha a chinneadh, ar coinníollacha iad sin faoina measfar go gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch shonrach mar ghníomhaíocht eacnamaíoch shonrach a rannchuidíonn go substaintiúil le cosc agus rialú ar thruailliú; agus

(b)

Airteagal 17 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla a bhunú, maidir le gach cuspóir comhshaoil ábhartha, lena chinneadh an measfar go ndéanann gníomhaíocht eacnamaíoch a bhfuil critéir scagtha theicniúla bunaithe ina leith de bhun phointe (a) den mhír seo dochar suntasach do cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin.

3.   Sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán leis an Ardán dá dtagraítear in Airteagal 20 maidir leis na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

4.   Bunóidh an Coimisiún na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i ngníomh tarmligthe amháin, agus na ceanglais in Airteagal 19 á gcur san áireamh aige.

5.   Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 faoin 31 Nollaig 2021, d’fhonn a chur i bhfeidhm a áirithiú ón 1 Eanáir 2023.

Airteagal 15

Rannchuidiú substaintiúil le bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú

1.   Measfar go gcáileoidh gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn go substaintiúil h le héiceachórais a chosaint agus a athbhunú i gcás ina rannchuidíonn an ghníomhaíocht sin go substaintiúil le cosaint, caomhnú nó le hathbhunú bithéagsúlachta nó le dea-riocht éiceachóras a bhaint amach, nó éiceachórais atá i ndea-riocht cheana féin a chosaint, trí:

(a)

caomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta, lena n-áirítear stádas caomhantais fabhrach do ghnáthóga agus speicis nádúrtha agus breacnádúrtha a bhaint amach, nó a meathlú a chosc i gcás ina bhfuil stádas caomhantais fabhrach acu cheana féin, éiceachórais talún, éiceachórais mhuirí agus éiceachórais uisceacha eile a chosaint agus a athbhunú d’fhonn feabhas a chur ar a staid agus feabhas a chur ar a n-acmhainneacht seirbhísí éiceachórais a sholáthar;

(b)

úsáid agus bainistiú inbhuanaithe talún, lena n-áirítear cosaint leordhóthanach ar bhithéagsúlacht ithreach, neodracht ó thaobh díghrádú talún, agus láithreáin fhabhtaithe a fheabhsú;

(c)

cleachtais talmhaíochta inbhuanaithe, lena n-áirítear iad siúd a chuireann leis an mbithéagsúlacht a fheabhsú nó chun díghrádú ithreacha agus éiceachóras eile, dífhoraoisiú agus caillteanas gnáthóige a stopadh nó a chosc;

(d)

bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí, lena n-áirítear cleachtais agus úsáidí foraoisí agus talamh foraoise a chuireann le bithéagsúlacht a fheabhsú nó le díghrádú éiceachóras, dífhoraoisiú agus caillteanas gnáthóg a stopadh nó a chosc; nó

(e)

aon cheann de na gníomhachtaí a liostaítear i bpointí (a) go (d) den mhír seo a chumasú de réir Airteagal 16.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun:

(a)

mír 1 den Airteagal seo a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla a bhunú leis na coinníollacha a chinneadh, ar coinníollacha iad faoina measfar, go gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch shonrach mar ghníomhaíocht eacnamaíoch shonrach a rannchuidíonn go substaintiúil le bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a fheabhsú; agus

(b)

Airteagal 17 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla a bhunú, maidir le gach cuspóir comhshaoil ábhartha, lena chinneadh an measfar, go ndéanann gníomhaíocht eacnamaíoch a bhfuil critéir scagtha theicniúla bunaithe ina leith de bhun phointe (a) den mhír seo dochar suntasach do cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin.

3.   Sula nglacfaidh sé an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán leis an Ardán dá dtagraítear in Airteagal 20 maidir leis na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

4.   Bunóidh an Coimisiún na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i ngníomh tarmligthe amháin agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 19 á gcur san áireamh aige.

5.   Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 faoin 31 Nollaig 2021, d’fhonn a chur i bhfeidhm a áirithiú ón 1 Eanáir 2023.

Airteagal 16

Gníomhaíochtaí cumasúcháin

Cáileoidh gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá ag rannchuidiú go substaintiúil le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 trí ghníomhaíochtaí eile a chumasú ar bhealach díreach le go rannchuidíonn siad go substaintiúil le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin, agus ar choinníoll gur gníomhaíocht eacnamaíoch den sórt sin í:

(a)

nach gaibhniú sócmhainní atá mar thoradh uirthi lena ndéantar dochar fadtéarmach do spriocanna comhshaoil, i bhfianaise saolré eacnamaíoch na sócmhainní sin; agus

(b)

a bhfuil tionchar dearfach substaintiúil aici ar an gcomhshaol ar bhonn téarmaí saolré.

Airteagal 17

Dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil

1.   Chun críocha phointe (b) d’Airteagal 3, agus saolré na dtáirgí agus na seirbhísí a sholáthraítear trí ghníomhaíocht eacnamaíoch á gcur san áireamh, lena n-áirítear fianaise ó mheasúnuithe saolré atá ann cheana, measfar go ndéanann an ghníomhaíocht eacnamaíoch sin dochar suntasach don mhéid seo a leanas:

(a)

maolú ar an athrú aeráide, i gcás ina mbíonn an ghníomhaíocht sin ina cúis le hastaíochtaí suntasach gás ceaptha teasa;

(b)

oiriúnú don athrú aeráide, i gcás inar cúis í an ghníomhaíocht sin le méadú ar an drochthionchar atá ag an aeráid atá ann faoi láthair agus ag an aeráid a cheaptar a bheidh ann amach anseo ar an ngníomhaíocht féin nó ar dhaoine, ar an dúlra nó ar shócmhainní eile;

(c)

úsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, i gcás ina ndéanann an ghníomhaíocht sin dochar:

(i)

do dhea-stádas nó do dhea-acmhainneacht éiceolaíoch dobharlach, lena n-áirítear uiscí dromchla agus screamhuisce; nó

(ii)

do dhea-stádas comhshaoil uiscí mara;

(d)

an geilleagar ciorclach, lena n-áirítear cosc agus athchúrsáil ar dhramhaíl, i gcás:

(i)

ina mbíonn neamhéifeachtúlachtaí suntasacha i gceist maidir le húsáid ábhar agus úsáid dhíreach nó indíreach acmhainní nádúrtha amhail foinsí fuinnimh neamh-inathnuaite, amhábhair, uisce agus talamh ag céim amháin nó níos mó de shaolré táirgí de bharr na gníomhaíochta sin, lena n-áirítear i dtéarmaí marthanacht, indeisithiteacht, in-uasghrádaitheacht, in-athúsáidteacht nó in-athchúrsáilteacht táirgí;

(ii)

ina dtagann méadú suntasach ar ghiniúint, loscadh nó diúscairt dramhaíola de bharr na gníomhaíochta sin, cé is moite de dhramhaíl ghuaiseach nach bhfuil in-athchúrsáilte a loscadh, nó

(iii)

ina bhféadfadh diúscairt fhadtéarmach dramhaíola dochar suntasach fadtéarmach a dhéanamh don chomhshaol;

(e)

cosc agus rialú ar thruailliú i gcás ina dtagann méadú suntasach ar na hastaíochtaí truailleán san aer, san uisce nó sa talamh de bharr na gníomhaíochta sin, i gcomparáid leis an gcás sular cuireadh tús leis an ngníomhaíocht; nó

(f)

bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, i gcás ina ndéanann an ghníomhaíocht sin:

(i)

díobháil shuntasach do dhea-bhail agus d’athléimneacht éiceachóras nó

(ii)

díobháil do stádas caomhantais gnáthóg agus speiceas, lena n-áirítear iad sin ar leas an Aontais iad.

2.   Agus measúnú á dhéanamh ar ghníomhaíocht eacnamaíoch i gcomparáid le critéir a leagtar amach i mír 1, cuirfear san áireamh tionchar na gníomhaíochta ar an gcomhshaol, le tionchair na dtáirgí agus na seirbhísí a sholáthraíonn an ghníomhaíocht sin le linn a saolré ar an gcomhshaol, go háirithe trí tháirgeadh, úsáid agus deireadh ré na dtáirgí agus na seirbhísí sin a mheas.

Airteagal 18

Coimircí íosta

1.   Is éard a bheidh sna coimircí íosta dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 3 nósanna imeachta arna gcur chun feidhme ag gnóthas a bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch á déanamh aige lena áirithiú go mbeidh ailíniú le Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, lena n-áirítear na prionsabail agus na cearta a leagtar amach sna hocht gcoinbhinsiún bhunúsacha a shainaithnítear i nDearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Prionsabail agus Cearta Bhunúsacha ag an Obair agus na prionsabail agus na cearta a leagtar amach sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine.

2.   Agus na nósanna imeachta á gcur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, cloífidh gnóthais leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” dá dtagraítear i bpointe (17) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/2088.

Airteagal 19

Ceanglais maidir le critéir scagtha theicniúla

1.   Maidir leis na critéir scagtha theicniúla arna mbunú de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) agus 15(2):

(a)

sainaithneofar leo na rannchuidithe féideartha is ábhartha leis an gcuspóir comhshaoil áirithe, agus prionsabal na neodrachta ó thaobh na teicneolaíochta de á urramú ag an am céanna, agus tionchar gearrthéarmach agus fadtéarmach gníomhaíochta eacnamaíche áirithe á meas;

(b)

sonrófar leo na híoscheanglais nach mór a chomhlíonadh chun díobháil shuntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil ábhartha a sheachaint, agus an tionchar gearrthéarmach agus fadtéarmach gníomhaíochta eacnamaíche áirithe á meas;

(c)

beidh siad cainníochtúil agus beidh tairseacha iontu a mhéid is féidir, thairis sin beidh siad cáilíochtúil;

(d)

i gcás inarb iomchuí, beidh siad bunaithe ar scéimeanna lipéadaithe agus deimhniúcháin de chuid an Aontais, ar mhodheolaíochtaí de chuid an Aontais chun lorg comhshaoil a mheas, agus ar chórais aicmithe staidrimh de chuid an Aontais, agus cuirfear san áireamh leo aon reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais atá ann cheana;

(e)

úsáidfear, a mhéid is féidir, táscairí inbhuanaitheachta leo, dá dtagraítear in Airteagal 4(6) de Rialachán (AE) 2019/2088;

(f)

beidh siad bunaithe ar fhianaise dhochloíte eolaíoch agus ar phrionsabal an réamhchúraim a chumhdaítear in Airteagal 191 CFAE;

(g)

cuirfear an saolré san áireamh leo, lena n-áirítear fianaise ó mheasúnuithe saolré atá ann cheana, trí thionchar na gníomhaíochta eacnamaíche féin ar an gcomhshaol a mheas, agus an tionchar ar an gcomhshaol atá ag na táirgí agus na seirbhísí a sholáthraítear de bharr na gníomhaíochta eacnamaíche sin, go háirithe trí tháirgeadh, úsáid agus deireadh a ré na dtáirgí agus seirbhísí sin a mheas;

(h)

cuirfear san áireamh leo cineál agus scála na gníomhaíochta eacnamaíche, lena n-áirítear:

(i)

an gníomhaíocht chumasúcháin faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 16 atá inti; nó

(ii)

an gníomhaíocht idirthréimhseach faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 10 (2) atá inti;

(i)

cuirfear san áireamh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an aistriú chuig geilleagar níos inbhuanaithe ar an margadh, lena n-áirítear an riosca go ndéanfaí sócmhainní áirithe a thréigean mar thoradh ar aistriú den sórt sin, agus an riosca go gcruthófaí dreasachtaí neamhréireacha chun infheistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar bhealach inbhuanaithe;

(j)

cumhdófar leo gach gníomhaíocht eacnamaíoch ábhartha laistigh d’earnáil shonrach agus áiritheofar go gcaithfear go cothrom leis na gníomhaíochtaí sin má rannchuidíonn siad go cothrom le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil atá leagtha amach in Airteagal 9 den Rialachán seo, chun saobhadh iomaíochta sa mhargadh a sheachaint; agus

(k)

beidh sé furasta iad a úsáid agus leagfar síos iad ar bhealach a éascaíonn deimhniú a gcomhlíonta.

I gcás ina mbaineann an ghníomhaíocht eacnamaíoch le ceann de na catagóirí dá dtagraítear i bpointe (h), léireoidh an critéar scagtha teicniúil an fíoras sin go soiléir.

2.   Chomh maith leis na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 1, áireofar leo critéir i leith gníomhaíochtaí a bhaineann leis an aistriú chuig fuinneamh glan atá comhsheasmhach le conair chun an t-ardú teochta a theorannú go 1,5 0C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, go háirithe éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite, a mhéid a rannchuidíonn na gníomhaíochtaí go substaintiúil le haon cheann de na cuspóirí comhshaoil.

3.   Áireofar leis na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 1 nach gcáilíonn gníomhaíochtaí giniúna cumhachta a úsáideann breoslaí iontaise soladacha mar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de iad.

4.   Áireofar freisin leis na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 1 critéir i leith gníomhaíochtaí a bhaineann leis an aistriú chuig soghluaisteacht ghlan nó soghluaisteacht atá neodrach ó thaobh na haeráide de, lena n-áirítear trí athrú modha, bearta éifeachtúlachta agus breoslaí malartacha, a mhéid a rannchuidíonn siad siúd go substaintiúil le haon cheann de na cuspóirí comhshaoil.

5.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú rialta ar na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 1 agus, i gcás inarb iomchuí, leasóidh sé na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le forbairtí eolaíochta agus teicneolaíochta.

Sa chomhthéacs sin, sula ndéanfar gníomh tarmligthe a leasú nó a ionadú, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme na gcritéar sin, ina gcuirfear san áireamh toradh iad a bheith á gcur i bhfeidhm ag rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus a dtionchar ar na margaí caipitil, lena n-áirítear ar threorú infheistíochta i dtreo gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

Lena áirithiú go bhfanfaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha amhail dá dtagraítear in Airteagal 10(2) ar chonair aistrithe inchreidte a bheidh comhsheasmhach le geilleagar aeráid-neodrach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na critéir scagtha theicniúla i leith na ngníomhaíochtaí sin gach trí bliana ar a laghad agus, i gcás inarb iomchuí, leasóidh sé an gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 10(3) i gcomhréir le forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha.

Airteagal 20

An tArdán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe

1.   Bunóidh an Coimisiún Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe (an “tArdán”). Ar an Ardán beidh na grúpaí seo a leanas ar bhealach cothrom:

(a)

ionadaithe ó:

(i)

an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil;

(ii)

na hÚMEnna;

(iii)

an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta; agus

(iv)

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha;

(b)

saineolaithe mar ionadaithe do gheallsealbhóirí príobháideacha ábhartha, lena n-áirítear rannpháirtithe sna margaí airgeadais agus neamh-airgeadais agus earnálacha gnó, mar ionadaithe do thionscail ábhartha, agus na daoine sin a bhfuil saineolas ar chuntasaíocht agus ar thuairisciú acu;

(c)

saineolaithe mar ionadaithe don tsochaí shibhialta, lena n-áirítear na daoine sin a bhfuil saineolas acu i réimse na saincheisteanna comhshaoil, sóisialta, saothair agus rialachais;

(d)

saineolaithe arna gceapadh i gcáil phearsanta, a bhfuil eolas agus taithí chruthaithe acu sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(e)

saineolaithe mar ionadaithe do shaol an léinn, lena n-áirítear ollscoileanna, institiúidí taighde agus eagraíochtaí eolaíocha eile, lena n-áirítear na daoine sin a bhfuil saineolas domhanda acu.

2.   Déanfaidh an tArdán an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir leis na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 19, chomh maith leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann na critéir sin a thabhairt cothrom le dáta;

(b)

déanfaidh sé anailís ar thionchar na gcritéar scagtha teicniúil i dtéarmaí na gcostas agus na sochar féideartha a bhaineann lena gcur i bhfeidhm;

(c)

cuideoidh sé leis an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar iarratais ó gheallsealbhóirí ar chritéir scagtha theicniúla a fhorbairt nó a athbhreithniú i leith gníomhaíocht eacnamaíoch áirithe;

(d)

cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún, i gcás inarb iomchuí, maidir leis an ról a d’fhéadfadh a bheith ag cuntasaíocht inbhuanaitheachta agus ag caighdeáin tuairiscithe chun tacú le cur i bhfeidhm na gcritéar scagtha teicniúil;

(e)

déanfaidh sé faireachán ar threochtaí ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát a mhéid a bhaineann le sreafaí caipitil go hinfheistíocht inbhuanaithe agus tuairisceoidh sé go rialta don Choimisiún ina leith;

(f)

cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith le bearta breise a fhorbairt chun infhaighteacht agus cáilíocht sonraí a fheabhsú;

(g)

cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir le hinúsáidteacht na gcritéar scagtha teicniúil, agus aird á tabhairt ar an ngá ualaigh riaracháin míchuí a sheachaint;

(h)

cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann an Rialachán seo a leasú;

(i)

cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir le beartais airgeadais inbhuanaithe a mheas agus a fhorbairt, lena n-áirítear saincheisteanna maidir le comhtháthú beartais;

(j)

cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna inbhuanaitheachta eile, lena n-áirítear cuspóirí sóisialta;

(k)

cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18 agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ann na ceanglais a fhorlíonadh.

3.   Cuirfidh an tArdán réimse leathan tuairimí geallsealbhóirí san áireamh.

4.   Beidh an Coimisiún ina chathaoirleach ar an Ardán agus bunófar é i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha maidir le grúpaí saineolaithe de chuid an Choimisiúin a chruthú agus a oibriú. Ós amhlaidh atá, féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt ar bhonn ad hoc do shaineolaithe a bhfuil saineolas sonrach acu.

5.   Cuirfidh an tArdán a chuid cúraimí i gcrích i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta. Foilseoidh an Coimisiún miontuairiscí chruinnithe an Ardáin agus doiciméid ábhartha eile ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

6.   Maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch nach gcomhlíonann na critéir scagtha theicniúla arna mbunú de bhun an Rialacháin seo nó nach bhfuil na critéir scagtha theicniúla den chineál sin bunaithe fós ina leith, i gcás ina measann rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais gur cheart don ghníomhaíocht eacnamaíoch sin cáiliú mar cheann atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, féadfaidh siad an tArdán a chur ar an eolas faoi sin.

Airteagal 21

Na húdaráis inniúla

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2019/2088 faireachán ar an gcomhlíonadh a dhéanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe riachtanacha uile ag na húdaráis inniúla chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú faoin Rialachán seo.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, comhoibreoidh na húdaráis inniúla lena chéile agus tabharfaidh siad, gan aon mhoill mhíchuí, pé faisnéis dá chéile arb ábhartha chun críocha a gcuid dualgas a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

Airteagal 22

Bearta agus pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na bearta agus na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Airteagail 5, 6 agus 7. Beidh na bearta agus na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 23

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 8(4), 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) agus 15(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 12 Iúil 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 8(4), 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) agus 15(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Baileoidh an Coimisiún an saineolas uile is gá, roimh ghlacadh agus le linn fhorbairt na ngníomhartha tarmligthe, lena n-áirítear trí chomhairliúchán leis na saineolaithe i nGrúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 24. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir leis na prionsabail agus na nósanna imeachta a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 8(4), 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) agus 15(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse ceithre mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 24

Grúpa Saineolaithe na mBallstát um Maoiniú Inbhuanaithe

1.   Tabharfaidh Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe (“Grúpa Saineolaithe na mBallstát”) comhairle don Choimisiún maidir le hoiriúnacht na gcritéar scagtha teicniúil agus maidir leis an gcur chuige arna ghlacadh ag an Ardán maidir le forbairt na gcritéar sin i gcomhréir le hAirteagal 19.

2.   Déanfaidh an Coimisiún na Ballstáit a chur ar an eolas trí chruinnithe de Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát chun malartú tuairimí a éascú idir na Ballstáit agus an Coimisiún ar bhonn tráthúil, go háirithe maidir le príomh-aschur an Ardáin, amhail critéir scagtha theicniúla nua nó nuashonruithe ábhartha de, nó dréacht-tuarascálacha.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 25

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/2088

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 mar a leanas:

(1)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

Airteagal 2a

Prionsabal gan dochar suntasach a dhéanamh

1.   Déanfaidh Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach, arna bunaíodh ag Rialacháín (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a dtugtar “ÚMEnna” orthu go cineálach), tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” dá dtagraítear i bpointe (17) d’Airteagal 2 den Rialachán seo atá comhsheasmhach le hinneachar, le modheolaíochtaí agus le cur i láthair i dtaca le táscairí inbhuanaitheachta maidir le tionchair dhíobhálacha dá dtagraítear i míreanna 6 agus 7 d’Airteagal 4 den Rialachán seo.

2.   Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Nollaig 2020.

3.   Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.”;

(2)

Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a   I gcás ina gcuireann rannpháirtithe margaidh airgeadais táirge airgeadais ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), áireoidh siad san fhaisnéis a bheidh le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3) den Rialachán seo faisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/852.

(*1)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L198, 22.6.2020, lch. 13).”;"

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad na chéad fhomhíre:

“3.   Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“4.   Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i mír 2a den Airteagal seo.

Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á bhforbairt, cuirfidh na ÚMEnna san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, na tréithe a ghabhann leis na táirgí airgeadais sin agus na difríochtaí idir na táirgí airgeadais sin, chomh maith leis an aidhm nochtaí cruinne, cothroma, soiléire, nach bhfuil míthreorach, a dhéanamh, agus iad simplí agus gonta chomh maith, agus chun an cuspóir sin a bhaint amach, dréachtleasuithe ar chaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal a fhorbairt. Cuirfear san áireamh sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dátaí cur i bhfeidhm dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2020/852 maidir leis na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán sin.

Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)

maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 faoin 1 Meitheamh 2021; agus

(b)

maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (c) go (f) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 faoin 1 Meitheamh 2022.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.”;

(3)

Leasaítear Airteagal 9 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“4a.   San fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3) den Rialachán seo, áireoidh rannpháirtithe margaidh airgeadais an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2020/852.”;

(b)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad na chéad fhomhíre:

“5.   Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise a bheidh le nochtadh de bhun mhíreanna 1 agus 4 den Airteagal seo.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“6.   Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i mír 4a den Airteagal seo.

Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á bhforbairt, cuirfidh na ÚMEnna san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, cuspóirí na dtáirgí dá dtagraítear i mír 4a den Airteagal seo agus na difríochtaí eatarthu chomh maith leis an aidhm nochtaí cruinne, cothroma, soiléire, nach bhfuil míthreorach, a dhéanamh, agus iad simplí agus gonta chomh maith, agus chun an cuspóir sin a bhaint amach, i gcás inar gá, dréachtleasuithe ar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a fhorbairt. Cuirfear san áireamh sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála na dátaí faoi seach maidir le cur i bhfeidhm a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2020/852 maidir leis na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán sin.

Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)

faoin 1 Meitheamh 2021 maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 ; agus

(b)

faoin 1 Meitheamh 2022 maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (c) go (f) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 .

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.”;

(4)

Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(c)

nua do tháirge airgeadais faoi réir Airteagal 5 de Rialachán(AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Airteagal sin;

(d)

do tháirge airgeadais faoi réir Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Airteagal sin.”;

(b)

i mír 4, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“4.   Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le cur i láthair agus ábhar na faisnéise dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1.”;

(c)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“5.   Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) de mhír 1.

Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á bhforbairt ag na ÚMEnna, cuirfidh na ÚMEnna san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, na saintréithe agus na cuspóirí a ghabhann leo agus na difríochtaí eatarthu agus i gcás inar gá, déanfaidh siad dréachtleasuithe ar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a fhorbairt. Cuirfear san áireamh sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála na dátaí faoi seach maidir le cur i bhfeidhm a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2020/852 maidir leis na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán sin. Tabharfaidh na ÚMEnna na caighdeáin theicniúla rialála cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí rialála agus teicneolaíochta.

Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)

faoin 1 Meitheamh 2021 maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 ; agus

(b)

faoin 1 Meitheamh 2022 maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (c) go (f) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 .

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.”.

(5)

in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 3:

“3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo:

(a)

Beidh feidhm ag Airteagail 4(6) agus (7), 8(3), 9(5) 10(2), 11(4) agus 13(2) ó 29 Nollaig 2019;

(b)

Beidh feidhm ag Airteagail 2a, 8(4), 9(6) agus 11(5) ón 12 Iúil 2020;

(c)

Beidh feidhm ag Airteagail 8(2a) agus 9(4a):

(i)

maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 , ó 1 Eanáir 2022; agus

(ii)

maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (c) go dtí (f) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 , ó 1 Eanáir 2023:

(d)

Beidh feidhm ag Airteagail 11(1), (2) agus (3) ó 1 Eanáir 2022.”.

Airteagal 26

Athbhreithniú

1.   Faoin 13 Iúil 2022, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas:

(a)

an dul chun cinn i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo maidir le forbairt na gcritéar scagtha teicniúil i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de;

(b)

an gá a d’fhéadfadh a bheith ann le hathbhreithniú agus comhlánú a dhéanamh ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 3 i dtaobh gníomhaíocht eacnamaíoch a cháilíonn mar ghníomhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de;

(c)

an úsáid a bhaintear as an sainmhíniú ar infheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i ndlí an Aontais, agus ar leibhéal na mBallstát, lena n-áirítear na forálacha riachtanacha chun sásraí fíoraithe a bhunú maidir le comhlíonadh na gcritéar arna leagan amach sa Rialachán seo;

(d)

éifeachtacht chur i bhfeidhm na gcritéar scagtha theicniúla de bhun an Rialacháin seo maidir le hinfheistíochtaí príobháideacha a chur i dtreo ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus go háirithe maidir le sreafaí caipitil, lena n-áiritear cothromas, chuig fiontair phríobháideacha agus chuig eintitis dhlíthiúla eile trí tháirgí airgeadais a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus, trí tháirgí airgeadais eile ar aon;

(e)

rochtain ag rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus ag infheisteoirí ar fhaisnéis agus sonraí atá iontaofa, tráthúil agus infhíoraithe a bhaineann le fiontair phríobháideacha agus eintitis dhlíthiúla eile, lena n-áirítear cuideachtaí infheistíochta laistigh agus lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo agus san dá chás, maidir le caipiteal cothromais agus fiachais, agus aird á tabhairt ar an ualach riaracháin a bhaineann leo, chomh maith leis na nósanna imeachta mionsonraithe maidir le fíorú na sonraí, atá riachtanach chun an leibhéal ailínithe leis na critéir scagtha theicniúla a chinneadh agus comhlíonadh a áirithiú leis na nósanna imeachta sin;

(f)

cur i bhfeidhm Airteagal 21 agus 22.

2.   Faoin 31 Nollaig 2021, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina mbeidh tuairisc ar na forálacha is gá chun raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú thar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus ina mbeidh cur síos ar na forálacha is gá chun raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chun:

(a)

gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chumhdach nach bhfuil tionchar suntasach acu ar inbhuanaitheacht chomhshaoil agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanann dochar suntasach d’inbhuanaitheacht chomhshaoil chomh maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar oiriúnacht ceanglas sonrach maidir le nochtadh a bhaineann le gníomhaíochtaí idirthréimhseacha agus cumasúcháin; agus

(b)

cuspóirí inbhuanaitheachta eile a chumhdach, amhail cuspóirí sóisialta.

3.   Faoin 13 Iúil 2022, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtacht na nósanna imeachta comhairleacha i leith forbairt na gcritéar scagtha teicniúil a bhunaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 27

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag Airteagail 4, 5, 6 agus 7 agus Airteagal 8(1), (2) agus (3):

(a)

maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 9, ón 1 Eanáir 2022; agus

(b)

maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (c) go dtí (f) d’Airteagal 9, ón 1 Eanáir 2023.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 maidir le scéimeanna dreasachta cánach deimhniúbhunaithe arb ann dóibh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus lena leagtar amach ceanglais maidir le táirgí airgeadais arb é is aidhm leo tionscadail inbhuanaithe a mhaoiniú.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Meitheamh 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. BRNJAC


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 103.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 15 Aibreán 2020 (IO C 184, 3.6.2020, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).

(4)  Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2020 dar teideal “Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid” (IO L 354, 28.12.2013, lch. 171).

(5)  Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1)

(7)  IO C 76, 9.3.2020, lch. 23

(8)  Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(10)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(11)  Treoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cáilíocht uisce snámha a bhainistiú agus lena leasaítear Treoir 76/160/CEE (IO L 64, 4.3.2006, lch. 37).

(12)  Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19).

(13)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(14)  Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84).

(15)  Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).

(16)  Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1).

(17)  Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha le hól ag daoine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).

(18)  Cinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos critéir agus caighdeáin mhodheolaíochta maidir le dea-stádas comhshaoil uiscí mara agus sonraíochtaí agus modhanna caighdeánaithe le haghaidh faireacháin agus measúnú, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/477/AE (IO L 125, 18.5.2017, lch. 43).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).

(22)  Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10).

(23)  Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 269, 21.10.2000, lch. 34).

(24)  Treoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le cadhnraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola lena n-aisghairtear Treoir 91/157/CEE (IO L 266, 26.9.2006, lch. 1).

(25)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(26)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(27)  Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88).

(28)  Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).

(29)  Treoir (AE) 2019/883 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (IO L 151, 7.6.2019, lch. 116).

(30)  Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (IO L 155, 12.6.2019, lch. 1).

(31)  Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).

(32)  Rialachán (AE) Uimh. 1357/2014 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2014 lena n-ionadaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 365, 19.12.2014, lch. 89).

(33)  Cinneadh ón gCoimisiún 2000/532/CE an 3 Bealtaine 2000 ag ionadú Chinneadh 94/3/CE lena mbunaítear liosta dramhaíola de bhun Airteagal 1(a) de Threoir 75/442/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl agus Treoir 94/904/CE ón gComhairle lena mbunaítear liosta de dhramhaíl ghuaiseach de bhun Airteagal 1(4) de Threoir 91/689/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl ghuaiseach (IO L 226, 6.9.2000, lch. 3).

(34)  Cinneadh ón gCoimisiún an 2014/955/AE an 18 Nollaig 2014 lena leasaítear Cinneadh 2000/532/CE maidir leis an liosta de dhramhaíl de bhun Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 370, 30.12.2014, lch. 44).

(35)  Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).

(36)  Treoir 2004/107/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 i ndáil le harsanaic, caidmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin aramatacha iltimthriallacha san aer comhthimpeallach (IO L 23, 26.1.2005, lch. 3).

(37)  Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO L 152, 11.6.2008, lch. 1).

(38)  Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le laghdú ar an gcion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe (IO L 132, 21.5.2016, lch. 58).

(39)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

(40)  Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lch. 23).

(41)  Rialachán (AE) Uimh. 511/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 i ndáil le bearta comhlíonta d’úsáideoirí ó Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid san Aontas (IO L 150, 20.5.2014, lch. 59).

(42)  Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35).

(43)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(44)  Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (IO L 61, 3.3.1997, lch. 1)

(45)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(46)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).

(47)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(48)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).

(49)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(50)  Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 156, 19.6.2018, lch. 75).

(51)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(52)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(53)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‐aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(54)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‐aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(55)  Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinntí 2001/681/CE agus 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1).

(56)  Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (IO L 27, 30.1.2010, lch. 1).

(57)  Moladh ón gCoimisiún 2013/179/AE an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1).

(58)  Rialachán (AE) Uimh. 538/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 maidir le cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil (IO L 158, 27.5.2014, lch. 113).

(59)  Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).

(60)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

(61)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).

(62)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(63)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(64)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(65)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(66)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).

(67)  Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (PEPP) (IO L 198, 25.7.2019, lch. 1).

(68)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(69)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad le haghaidh trádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).

(70)  Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).


Top