EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2106

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2106 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta trí tháscairí coiteanna agus eilimintí mionsonraithe an scórchláir téarnaimh agus athléimneachta a leagan amach

C/2021/8800

IO L 429, 1.12.2021, p. 83–91 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/12/2021

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2106/oj

1.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 429/83


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2106 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meán Fómhair 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta trí tháscairí coiteanna agus eilimintí mionsonraithe an scórchláir téarnaimh agus athléimneachta a leagan amach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (1), agus go háirithe Airteagal 29(4), pointe (a) agus Airteagal 30(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (“an tSaoráid”) tacaíocht airgeadais éifeachtach shuntasach a sholáthar chun dlús a chur le cur chun feidhme athchóirithe inbhuanaithe agus infheistíochtaí poiblí gaolmhara sna Ballstáit. Is ionstraim thiomnaithe í an tSaoráid atá ceaptha chun dul i ngleic le héifeachtaí agus iarmhairtí díobhálacha ghéarchéim COVID-19 san Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2021/241, tá faireachán agus meastóireacht le déanamh ar chur chun feidhme na Saoráide trí tháscairí coiteanna. Úsáidfear na táscairí coiteanna chun dul chun cinn a thuairisciú agus chun críche faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an tSaoráid chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2021/241 a bhaint amach. Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún maidir leis na táscairí coiteanna.

(3)

De bhun Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2021/241, is é córas tuairiscithe feidhmíochta na Saoráide an scórchlár téarnaimh agus athléimneachta (“an Scórchlár”). Is é atá sa Scórchlár an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme phleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát a thaispeáint i ngach ceann de shé cholún raon feidhme na Saoráide dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán sin, agus i ndáil leis na táscairí coiteanna. Tá an Scórchlár le cur ar fáil go poiblí i bhfoirm suíomh gréasáin nó tairsí idirlín agus le nuashonrú faoi dhó sa bhliain.

(4)

Tá dlúthbhaint ag Airteagal 29 agus Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2021/241 lena chéile, ós rud é go mbeidh na táscairí coiteanna ina gcuid shuntasach d’ábhar an Scórchláir, mar a fhoráiltear in Airteagal 30(3) de Rialachán (AE) 2021/241. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir na forálacha sin ar cheart dóibh teacht i bhfeidhm ag an am céanna, chun léargas cuimsitheach ar na ceanglais tuairiscithe do na Ballstáit a éascú agus chun cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a éascú, is gá na forálacha lena bhforlíontar na hAirteagail sin a chur san áireamh i Rialachán Tarmligthe aonair.

(5)

Is é is aidhm don Scórchlár faisnéis shintéiseach a sholáthar go trédhearcach maidir leis an dul chun cinn i ndáil le cur chun feidhme na Saoráide agus i ndáil leis na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta arna bhformheas trí bhíthin cinntí cur chun feidhme ábhartha ón gComhairle. Fónfaidh sé mar bhonn don Idirphlé maidir le Téarnamh agus Athléimneacht le Parlaimint na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2021/241.

(6)

De bhun Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, tá na Ballstáit le tuairisciú dhá uair sa bhliain i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh ar an dul chun cinn atá déanta maidir lena bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach agus maidir leis na táscairí coiteanna. Chun go dtabharfar an Scórchlár cothrom le dáta leis na sonraí is déanaí atá ar fáil agus leis an amlíne chéanna i gcás na mBallstát uile, agus cóir chothrom á háirithiú ar an gcaoi sin, ba cheart tuairisciú den sórt sin a dhéanamh ag an am céanna i leith na mBallstát uile, i gcomhréir le hamlíne an tSeimeastair Eorpaigh.

(7)

Tá liosta na dtáscairí coiteanna san Iarscríbhinn ceaptha chun gach plean téarnaimh agus athléimneachta a chumhdach, ach níl tuairisciú Ballstáit ar tháscaire coiteann sonrach ábhartha ach amháin sa mhéid go bhfuil bearta comhfhreagracha sa phlean. Ba cheart don Choimisiún agus don Bhallstát lena mbaineann neamhábharthacht táscaire choitinn maidir le plean téarnaimh agus athléimneachta a phlé. Ós rud é go bhfuil gach táscaire coiteann ábhartha do mhórthromlach na mBallstát, meastar gur cheart do gach Ballstát tuairisc a thabhairt ar fhormhór na dtáscairí.

(8)

Ba cheart na táscairí coiteanna a shainiú le leibhéal leordhóthanach mionsonraí chun a áirithiú go mbeidh na sonraí a bhaileoidh na Ballstáit inchomparáide agus gur féidir iad a chomhiomlánú chun cur chun feidhme na Saoráide a thaispeáint ar leibhéal an Aontais. Má thaispeántar iad ar leibhéal na mBallstát aonair, ba cheart táscairí coiteanna a chur i láthair i dtéarmaí coibhneasta, ag brath ar shonraí ó Eurostat chomh maith, chun comparáidí míthreoracha idir na Ballstáit a sheachaint mar gheall ar mhéid nó ar chineál éagsúil na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.

(9)

De bhun Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/241, tá an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann chun sineirgí a chothú agus comhordú éifeachtach a áirithiú idir an tSaoráid agus cláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart na táscairí a áirítear sa Scórchlár a bheith comhleanúnach, a mhéid is féidir, leis na táscairí a úsáidtear le haghaidh cistí eile de chuid an Aontais.

(10)

De bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2021/241, tá an faireachán ar chur chun feidhme le bheith spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin tSaoráid. Le córas tuairiscithe feidhmíochta an Choimisiúin ba cheart a áirithiú, dá bhrí sin, go mbailítear na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí agus na dtorthaí ar bhealach atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, ba cheart ceanglais chomhréireacha tuairiscithe a fhorchur ar fhaighteoirí cistiúcháin ón Aontas.

(11)

Ba cheart don Choimisiún eilimintí eile an Scórchláir a thiomsú trí fhaisnéis a bhaileofar le linn phróiseas an fhaireacháin ar chur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus ar chur chun feidhme na Saoráide. Ba cheart go n-áiritheodh sé sin inchomparáideacht sonraí.

(12)

Ós rud é gur cheart an Scórchlár a bheith oibríochtúil faoin 31 Nollaig 2021 agus ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar an scórchláir téarnaimh agus athléimneachta agus liosta na dtáscairí coiteanna

Léireofar sa scórchlár an dul chun cinn i dtaca leis na pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme i ngach ceann de na sé cholún dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/241, a dhéanfar a thomhas go háirithe tríd an méid a leanas:

(a)

comhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna, lena léirítear cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a leagtar amach sna cinntí cur chun feidhme ón gComhairle arna nglacadh, trí na garspriocanna agus na spriocanna a comhlíonadh go sásúil a liostú, a líon a chomhaireamh, agus an céatadán thar líon iomlán na ngarspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sna cinntí cur chun feidhme sin ón gComhairle a thaispeáint. Sa chomhthéacs sin, is féidir tuairisciú a dhéanamh freisin ar an gcaoi a gcuireann comhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna le cur chun feidhme na moltaí ábhartha a bhaineann go sonrach le tír faoi leith,

(b)

an caiteachas arna mhaoiniú ag an tSaoráid, faoi gach ceann de na colúin dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/241 freisin, lena n-ionchorpraítear caiteachas sóisialta bunaithe ar an modheolaíocht a shainítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2105 (2) ón gCoimisiún, bunaithe ar mhiondealú ar an gcaiteachas measta arna sholáthar sna pleananna formheasta téarnaimh agus athléimneachta,

(c)

stádas gach plean téarnaimh agus athléimneachta,

(d)

an dul chun cinn maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais agus na hiasachtaí a eisíoc,

(e)

anailísí téamacha ar bhearta a áirítear i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus samplaí lena léirítear dul chun cinn an chur chun feidhme faoi na sé cholún,

(f)

táscairí coiteanna, de réir mar a leagtar amach san Iarscríbhinn, a úsáidfear chun dul chun cinn a thuairisciú agus chun críche faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an tSaoráid chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha a bhaint amach.

Airteagal 2

Tuairisciú

1.   Chun go ndéanfar an Scórchlár, lena n-áirítear na táscairí coiteanna, a thabhairt cothrom le dáta go comhsheasmhach agus go haonfhoirmeach faoi dhó sa bhliain, tuairisceoidh na Ballstáit uile don Choimisiún dhá uair sa bhliain i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh faoin dul chun cinn atá déanta maidir lena bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach, lena n-áirítear na socruithe oibríochtúla, agus faoi na táscairí coiteanna.

2.   Déanfar an tuairisciú ar an dul chun cinn arna dhéanamh maidir lena bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach gach bliain, de ghnáth, faoi lár mhí Aibreáin agus faoi thús mhí Dheireadh Fómhair, agus tráth nach déanaí ná an 30 Aibreán agus an 15 Deireadh Fómhair, faoi seach. Cumhdóidh an tréimhse tuairiscithe tréimhse iomlán chur chun feidhme an phlean, ón 1 Feabhra 2020 ar aghaidh, i gcás inarb ábhartha.

3.   Déanfar an tuairisciú chun na táscairí coiteanna a thabhairt cothrom le dáta gach bliain faoin 28 Feabhra agus faoin 31 Lúnasa. Cumhdóidh an tréimhse tuairiscithe tréimhse iomlán chur chun feidhme an phlean, ón 1 Feabhra 2020 ar aghaidh, i gcás inarb ábhartha, go dtí na scoithdhátaí faoi seach, is iadsan an 31 Nollaig agus an 30 Meitheamh gach bliain.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 57, 18.2.2021, lch. 17.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2105 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta trí mhodheolaíocht a shainiú chun caiteachas sóisialta a thuairisciú (féach leathanach 79 den Iris Oifigiúil seo).


IARSCRÍBHINN

Liosta na dtáscairí coiteanna

Léireofar leis na táscairí coiteanna an dul chun cinn i dtreo chuspóirí na Saoráide faoi na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a áirítear sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta. Is féidir le beart rannchuidiú le roinnt de na táscairí coiteanna. I gcás nach mbeidh aon bheart i bplean téarnaimh agus athléimneachta Ballstáit chun rannchuidiú le haon cheann de na táscairí thíos, déanfaidh an Ballstát plé leis an gCoimisiún chun cinneadh a dhéanamh cé acu a thuairisceofar nó nach dtuairisceofar é mar tháscaire “neamh-infheidhme”.

Uimhir

Táscaire coiteann a bhaineann le tacaíocht RRF

Colúin RRF

Míniú

Aonad

1

Coigilteas ar thomhaltas fuinnimh phríomhúil bhliantúil

Colún 1

Colún 3

Laghdú iomlán ar thomhaltas fuinnimh phríomhúil bliantúil i gcás na n-eintiteas arna dtacú mar gheall ar thacaíocht ó bhearta faoin tSaoráid. Ciallaíonn an bhunlíne an tomhaltas fuinnimh phríomhúil bliantúil roimh an idirghabháil, agus ciallaíonn an luach arna bhaint amach an tomhaltas fuinnimh phríomhúil bliantúil don bhliain tar éis na hidirghabhála. Maidir le foirgnimh, déanfar idirghabhálacha a dhoiciméadú go leormhaith ionas go mbeidh siad in ann na luachanna sin a ríomh, mar shampla trí úsáid a bhaint as Teastais Feidhmíochta Fuinnimh nó córais faireacháin eile a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 10.6 den Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) (Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh) . Maidir le próisis i bhfiontair, déanfar an tomhaltas fuinnimh phríomhúil bliantúil a dhoiciméadú bunaithe ar iniúchtaí fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (Éifeachtúlacht Fuinnimh) nó ar shonraíochtaí ábhartha teicniúla eile.

Sainmhíneofar foirgnimh phoiblí mar fhoirgnimh ar le húdaráis phoiblí iad agus mar fhoirgnimh ar le heagraíocht neamhbhrabúsach iad, ar choinníoll go saothróidh na comhlachtaí sin cuspóirí leasa ghinearálta amhail oideachas, sláinte, comhshaol agus iompar. I measc na samplaí tá foirgnimh údarás poiblí, scoileanna, ospidéal etc.

MWh/bliain

2

Acmhainn oibríochtúil bhreise arna suiteáil don fhuinneamh in-athnuaite

Colún 1

Colún 3

Acmhainn bhreise arna suiteáil le haghaidh fuinnimh in-athnuaite i ngeall ar an tacaíocht ó bhearta faoin tSaoráid, agus atá i bhfeidhm (i.e. nasctha leis an eangach, más infheidhme, agus atá go hiomlán réidh fuinneamh a tháirgeadh nó atá á tháirgeadh cheana féin). Déanfar acmhainn táirgeachta a shainmhíniú mar “glanacmhainn uasta leictreachais” mar atá sainmhínithe ag Eurostat (3).

Sainmhíneofar fuinneamh in-athnuaite mar “fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite neamh-iontaise, eadhon fuinneamh gaoithe, gréine (grianfhuinneamh teirmeach agus grianfhuinneamh fótavoltach) agus geoiteirmeach, fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh taoide, fuinneamh toinne agus fuinneamh eile aigéin, hidreachumhacht, bithmhas, gás ó líonadh talún, gás ó ionad cóireála camrais, agus bithghás” (féach Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4)). Gabhfar leis an táscaire freisin acmhainn leictrealaitheora maidir le táirgeadh hidrigine arna fhorbairt le tacaíocht ó bhearta faoin tSaoráid. Déanfar an táscaire a bhailiú agus a thuairisciú ar leithligh idir i) acmhainn le haghaidh fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh agus ii) acmhainn leictrealaitheora le haghaidh hidrigin a tháirgeadh

MW

3

Bonneagar breoslaí ionadúla (pointí athbhreoslaithe/athluchtaithe)

Colún 1

Colún 3

Líon na bpointí athbhreoslaithe/athluchtaithe (nua nó uasghrádaithe) le haghaidh feithiclí glana a fhaigheann tacaíocht ó bhearta faoin tSaoráid.

Sainmhíneofar pointe athluchtaithe mar chomhéadan atá in ann feithicil leictreach amháin a luchtú in aon am amháin nó atá in ann ceallra feithicle leictrí amháin a mhalartú in aon am amháin. Ciallaíonn pointe athbhreoslaithe saoráid athbhreoslaithe chun breosla malartach a sholáthar trí shuiteáil dho-aistrithe nó shoghluaiste.

Sainmhíneofar breosla malartach chun go n-áireofar leo breoslaí nó foinsí cumhachta a fhónann, go páirteach ar a laghad, in ionad foinsí ola iontaise sa soláthar fuinnimh don iompar agus a bhfuil sé d’acmhainn acu cur lena dhícharbónú agus feidhmíocht chomhshaoil na hearnála iompair a fheabhsú, breoslaí agus foinsí atá i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 (5).

Baileofar agus tuairisceofar an táscaire ar leithligh idir (i) athluchtú agus (ii) pointí athbhreoslaithe. Mar chuid den mhéid sin, (iii) déanfar tuairisciú ar leithligh ar phointí athbhreoslaithe hidrigine.

Pointí athbhreoslaithe/athluchtaithe

4

An daonra a a bhaineann tairbhe as bearta cosanta in aghaidh tuilte, falscaithe agus tubaistí nádúrtha eile a bhaineann leis an aeráid

Colún 1

Colún 4

An daonra a chónaíonn i limistéir ina ndéantar bonneagar cosanta (lena n-áirítear bonneagar glas agus réitigh dhúlra-bhunaithe le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide) a thógáil nó a uasghrádú go suntasach mar gheall ar thacaíocht ó bhearta faoin tSaoráid d’fhonn leochaileacht a laghdú i leith tuilte, falscaithe agus rioscaí nádúrtha eile a bhaineann leis an aeráid (stoirmeacha, triomaigh, tonnta teasa). Leis an táscaire, cumhdófar bearta cosanta, atá logánta go soiléir i limistéir ardriosca agus a thugann aghaidh go díreach ar na rioscaí sonracha, seachas bearta níos ginearálta a chuirtear chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach. I gcás tuilte, déanfaidh an táscaire an daonra cónaitheach atá i mbaol a chomhaireamh.

Daoine

5

Teaghaisí breise a bhfuil rochtain idirlín orthu arna soláthar trí líonraí fíor-ardacmhainne

Colún 2

Colún 4

An líon iomlán teaghaisí ag a bhfuil rochtain ar líonraí fíor-ardacmhainne, mar a shainítear i dTreoirlínte BEREC maidir le Líonraí Fíor-ardacmhainne (BoR (20) 165 (6)) nach raibh rochtain acu ach ar naisc níos moille nó nach raibh rochtain acu ar an idirlíon ar chor ar bith roimh an tacaíocht ó bhearta faoin tSaoráid. Mar sin, breithneoidh sé freisin cumhdach líonra 5G agus uasghráduithe go luas gigighiotáin. Ní mór rochtain fheabhsaithe ar an idirlíon a bheith ina iarmhairt dhíreach ar thacaíocht ó bhearta faoin tSaoráid. Leis an táscaire, tomhaisfear teaghaisí lena mbaineann an fhéidearthacht rochtain a fháil seachas an glacadh iarbhír.

Sainmhíneofar teaghais mar “seomra nó sraith seomraí i bhfoirgneamh buan nó i gcuid atá leithleach ó thaobh struchtúrtha de d’fhoirgneamh (…) atá ceaptha chun cónaí ag teaghlach príobháideach amháin ó cheann ceann na bliana” (7) (féach an Coimisiún (Eurostat)).

Ní áirítear leis an táscaire teaghaisí comhchoiteanna amhail ospidéil, tithe altranais, tithe cónaithe, príosúin, beairicí míleata, institiúidí reiligiúnacha, tithe lóistín, brúnna oibrithe etc.

Teaghaisí

6

Fiontair a fhaigheann tacaíocht chun táirgí digiteacha, seirbhísí digiteacha agus próisis feidhmchláir a fhorbairt nó a ghlacadh

Colún 2

Colún 3

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht chun seirbhísí, táirgí agus próisis nua nó atá uasghrádaithe go mór agus atá bunaithe ar theicneolaíochtaí digiteacha a fhorbairt nó a ghlacadh, mar gheall ar thacaíocht ó bhearta faoin tSaoráid. Áirítear leis sin ardteicneolaíochtaí digiteacha amhail an t-uathoibriú, an intleacht shaorga, an chibearshlándáil, blocshlabhra, bonneagair néalríomhaireachta agus ciumhaise agus spásanna sonraí, ríomhaireacht chandamach agus ardfheidhmíochta. Ní chumhdóidh uasghráduithe suntasacha ach feidhmiúlachtaí nua. Dá bhrí sin, baileofar an fhaisnéis ar leithligh (i) i gcás fiontar a fhaigheann tacaíocht chun teicneolaíochtaí digiteacha agus réitigh dhigiteacha a fhorbairt agus (ii) i gcás fiontar a fhaigheann tacaíocht chun réitigh dhigiteacha a ghlacadh chun a seirbhísí, a dtáirgí nó a bpróisis a chlaochlú. Baileofar freisin é de réir mhéid an fhiontair.

Déanfar fiontar a chomhaireamh aon uair amháin, beag beann ar an méid uaireanta a fhaigheann sé tacaíocht chun digitithe ó bhearta faoin tSaoráid.

Déanfar fiontar agus an dí-chomhiomlánú de réir mhéid an fhiontair a shainiú de réir an tsainmhínithe a glacadh le haghaidh tháscaire 9.

Fiontair

7

Úsáideoirí seirbhísí digiteacha poiblí, táirgí digiteacha poiblí agus próiseas digiteach poiblí idir nua agus uasghrádaithe

Colún 2

Colún 5

Líon úsáideoirí na seirbhísí digiteacha poiblí, na dtáirgí digiteacha poiblí agus na bpróiseas digiteach poiblí atá nuafhorbartha nó a ndearnadh uasghrádú suntasach orthu trí thacaíocht ó bhearta faoin tSaoráid. Ní chumhdóidh uasghráduithe suntasacha ach feidhmiúlachtaí nua. Ní bheidh bonnlíne 0 ag an táscaire ach amháin má tá an tseirbhís dhigiteach, an táirge digiteach nó an próiseas digiteach nua. Ciallaíonn úsáideoirí cliaint na seirbhísí poiblí agus na dtáirgí a nuafhorbraíodh nó a uasghrádaíodh le tacaíocht ó bhearta faoin tSaoráid, agus foireann na hinstitiúide poiblí a úsáideann na próisis dhigiteacha a nuafhorbraíodh nó a uasghrádaíodh go suntasach le tacaíocht ó bhearta faoin tSaoráid. Mura féidir úsáideoirí aonair a shainaithint, ní mheasfar gur comhaireamh dúbailte é an cliant céanna ag úsáid seirbhíse ar líne a chomhaireamh roinnt uaireanta.

Úsáideoirí/bliain

8

Taighdeoirí atá ag obair i saoráidí taighde dá dtugtar tacaíocht

Colún 3

Líon na dtaighdeoirí a úsáideann go díreach, ina gcuid gníomhaíochtaí, an tsaoráid taighde phoiblí nó phríobháideach nó an trealamh a dtugtar tacaíocht ina leith trí bhearta faoin tSaoráid. Tomhaisfear an táscaire i dtéarmaí coibhéisí lánaimseartha bliantúla (FTEnna), arna ríomh de réir na modheolaíochta dá bhforáiltear i Lámhleabhar Frascati ECFE 2015.

Ní mór don tacaíocht feabhas a chur ar an tsaoráid taighde nó ar cháilíocht an trealaimh taighde. Eisiafar athsholáthar gan méadú cáilíochta, faoi mar a dhéantar i gcás cothabhála.

Ní chomhairfear poist fholmha T&F agus ní chuirfear foireann tacaíochta do T&F san áireamh (i.e. poist nach bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí T&F).

Saineofar Coibhéis Lánaimseartha bhliantúil i dtaobh an phearsanra T&F mar an cóimheas idir uaireanta oibre a caitheadh i bhfírinne ar T&D le linn bliain féilire roinnte ar líon iomlán na n-uaireanta inar oibrigh duine aonair nó grúpa sa tréimhse chéanna. De réir gnáis, ní féidir le duine níos mó ná Coibhéis Lánaimseartha amháin a chaitheamh ar T&F ar bhonn débhliantúil. Cinnfear líon na n-uaireanta a oibrítear de ghnáth ar bhonn uaireanta oibre normatacha/reachtúla. Sainaithneofar duine lánaimseartha trí thagairt dá stádas fostaíochta, don chineál conartha (lánaimseartha nó páirtaimseartha) agus dá leibhéal rannpháirtíochta i T&D (féach Lámhleabhar Frascati ECFE 2015, Caibidil 5.3).

Déanfar an táscaire a dhí-chomhlánú de réir inscne (8).

Coibhéis Lánaimseartha Bhliantúil

9

Fiontair dá dtugtar tacaíocht (as sin: fiontair bheaga – lena n-áirítear micrifhiontair, fiontair mheánmhéide, fiontair mhóra)

Colún 3

Leis an táscaire, comhairfear na fiontair go léir a fhaigheann tacaíocht airgeadaíochta nó tacaíocht chomhchineáil trí bhearta faoin tSaoráid.

Sainmhíneofar an fiontar mar an teaglaim is lú d’aonaid dhlíthiúla ar aonad eagraíochtúil é a tháirgeann earraí agus seirbhísí, a bhaineann tairbhe as méid áirithe neamhspleáchais ó thaobh cinnteoireachta de, go háirithe maidir le leithdháileadh a acmhainní reatha agus a dhéanann gníomhaíocht amháin nó níos mó ná sin ag suíomh amháin nó níos mó ná sin. Féadfaidh fiontar a bheith ina aonad dlí aonair. Áireofar ar aonaid dhlíthiúla daoine dlítheanacha a aithnítear gur ann dóibh faoin dlí gan beann ar na daoine aonair nó ar na hinstitiúidí a bhféadfadh úinéireacht a bheith acu orthu nó ar comhaltaí díobh iad, amhail comhpháirtíochtaí ginearálta, comhpháirtíochtaí príobháideacha teoranta, cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta, cuideachtaí corpraithe etc. Áireofar ar aonaid dhlíthiúla freisin daoine nádúrtha atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch astu féin, amhail úinéir agus oibreoir siopa nó garáiste, dlíodóir nó lámhcheardaí féinfhostaithe (Coimisiún (Eurostat), bunaithe ar Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle, Roinn III A an 15.3.1993).

Déanfar an táscaire a bhailiú agus a thuairisciú de réir mhéid an fhiontair. Chun críche an táscaire seo, sainmhíneofar fiontair mar eagraíochtaí brabúsbhunaithe a tháirgeann earraí agus seirbhísí chun riachtanais an mhargaidh a shásamh.

Aicmiú fiontar:

Fiontar beag, lena n-áirítear micrifhiontar, fiontar (0-49 fostaí agus daoine féinfhostaithe agus láimhdeachas bliantúil -≤ EUR 10 milliún nó clár comhardaithe - ≤ EUR 10 milliún);

Fiontar meánmhéide (50-249 fostaí agus daoine féinfhostaithe agus láimhdeachas bliantúil >EUR 10 milliún - ≤ EUR 50 milliún nó clár comhardaithe > EUR 10 milliún - ≤ EUR 43 mhilliún);

Fiontair mhóra (> 250 fostaí agus daoine féinfhostaithe agus láimhdeachas > EUR 50 milliún nó clár comhardaithe > EUR 43 mhilliún);

Má sháraítear ceachtar den dá thairseach (fostaithe agus daoine féinfhostaithe agus láimhdeachas bliantúil/clár comhardaithe) déanfar na fiontair a aicmiú sa chatagóir méide thuas;

(An Coimisiún (Eurostat) bunaithe ar Mholadh ón gCoimisiún 2003/361/CE (9), Iarscríbhinn, Airteagail 2-3);

Déanfar méid an fhiontair a dtugtar tacaíocht dó a thomhas ag tús na tacaíochta.

Fiontair

10

Líon na rannpháirtithe san oideachas nó san oiliúint

Colún 2

Colún 4

Colún 6

Cuirfear san áireamh leis an táscaire líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oideachais (ISCED 0-6, i bhfoghlaim aosach) agus i ngníomhaíochtaí oiliúna (oiliúint lasmuigh den phost/oiliúint sa láthair oibre, gairmoideachas agus gairmoiliúint leanúnach, etc.) a fhaigheann tacaíocht ó bhearta faoin tSaoráid, lena n-áirítear rannpháirtithe i seisiúin oiliúna le haghaidh scileanna digiteacha (10). Dá bhrí sin, déanfaidh (i) rannpháirtithe san oideachas nó san oiliúint, agus astu siúd, (ii) rannpháirtithe san oiliúint i scileanna digiteacha, an táscaire sin a bhailiú agus a thuairisciú. I gcás inarb iomchuí, déanfar an táscaire a dhí-chomhlánú de réir inscne (11) agus aoise (12).

Comhairfear na rannpháirtithe ar rannpháirtiú dóibh sa ghníomhaíocht oideachais nó oiliúna.

Daoine

11

Líon na ndaoine atá fostaithe nó atá i mbun gníomhaíochtaí cuardaithe poist

Colún 3

Colún 4

Daoine dífhostaithe (13) nó neamhghníomhacha (14) a fuair tacaíocht trí bhearta faoi RRF, agus atá fostaithe, lena n-áirítear féinfhostaíocht, nó a bhí neamhghníomhach nuair a fuair siad an tacaíocht sin agus atá ag gabháil as an nua do ghníomhaíochtaí cuardaithe poist, díreach tar éis dóibh an tacaíocht sin a fháil.

I gcás inarb iomchuí, déanfar táscairí a dhí-chomhlánú de réir inscne (15) agus aoise (16).

De réir an tsainmhínithe ar “Dífhostaithe”, sainmhíneofar “daoine a bhfuil post á lorg acu” sa chaoi is go bhfolóidh sé daoine atá gan obair de ghnáth, atá ar fáil le haghaidh oibre agus atá ag lorg oibre go gníomhach.

Áireofar daoine atá nuachláraithe leis na seirbhísí poiblí fostaíochta mar chuardaitheoir poist i gcónaí fiú mura bhfuil siad ar fáil láithreach bonn chun obair a dhéanamh.

Daoine

12

Líon na ndaoine ar féidir le saoráidí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe freastal orthu

Colún 4

Colún 5

An t-uaslíon bliantúil daoine ar féidir le saoráid cúraim sláinte nua nó nuachóirithe freastal air mar gheall ar thacaíocht ó bhearta faoin tSaoráid uair amháin ar a laghad le linn tréimhse bliana.

Ní áireofar athchóiriú fuinnimh ná cothabháil ná deisiúcháin leis an nuachóiriú. Áireofar le saoráidí cúraim sláinte ospidéil, clinicí, ionaid chúraim d’othair sheachtracha, ionaid chúraim speisialaithe etc.

Daoine/bliain

13

Acmhainn seomraí ranga de shaoráidí cúraim leanaí/oideachais nua nó nuachóirithe

Colún 4

Colún 6

An acmhainn sa seomra ranga ó thaobh líon uasta na n-áiteanna sna saoráidí nua nó nuachóirithe le haghaidh oideachas agus cúram luath-óige (ISCED 0-6) mar gheall ar thacaíocht ó bhearta faoin tSaoráid. Déanfar acmhainn seomra ranga a ríomh i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, ach ní áireofar ann múinteoirí, tuismitheoirí, pearsanra cúnta ná aon duine eile a fhéadfaidh na saoráidí a úsáid freisin.

Ciallaíonn saoráidí oideachais agus cúraim luath-óige amhail naíolanna agus réamhscoileanna na cinn arna ndearadh do leanaí ón mbreith go dtí tús an bhunoideachais (ISCED 0). Áireofar sna saoráidí oideachais scoileanna (ISCED 1-3, ISCED 4) agus an t-ardoideachas (ISCED 5-6). Cumhdaítear leis an táscaire saoráidí cúraim leanaí nó oideachais atá nuathógtha nó nuachóirithe (mar shampla, chun cur le caighdeáin sláinteachais agus sábháilteachta), agus ní áireofar leis an nuachóiriú athchóiriú fuinnimh, cothabháil ná deisiúcháin.

Daoine

14

Líon na ndaoine óga idir 15 agus 29 mbliana d’aois a bhfuil tacaíocht á fáil acu

Colún 6

Líon na rannpháirtithe atá idir 15 agus 29 mbliana d’aois a fhaigheann tacaíocht airgeadais nó tacaíocht chomhchineáil ó bhearta faoin tSaoráid.

Déanfar an táscaire a dhí-chomhlánú de réir inscne (17).

Daoine


(1)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13) arna leasú le Treoir (AE) 2018/844 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 75).

(2)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(3)  “an uaschumhacht ghníomhach is féidir a sholáthar, go leanúnach, agus gach gléasra á rith, ag an bpointe asraoin (i.e. tar éis na soláthairtí cumhachta don stáisiún cúnta a chur san áireamh agus foráil a dhéanamh maidir leis na caillteanais sna claochladáin sin a mheastar a bheith lárnach don stáisiún”.

(4)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(5)  Go sonrach Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 ina leagtar amach critéir inbhuanaitheachta agus critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise.

(6)  Faoi láthair, in Airteagal 2(2) den Chód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (EECC), sainmhínítear an téarma “líonra fíor-ardacmhainne” mar seo a leanas: ciallaíonn “líonra fíor-ardacmhainne” líonra cumarsáide leictreonaí atá comhdhéanta d’eilimintí snáthoptaice go huile ar a laghad suas go dtí an pointe dáilte ag an láthair freastail, nó líonra cumarsáide leictreonaí a bhfuil de chumas aige feidhmíocht líonra chomhchosúil a sholáthar, faoi ghnáthdhálaí buaic-ama, i dtéarmaí an bhandaleithid uasnaisc agus íosnaisc atá ar fáil, athléimneacht, paraiméadair earráidghaolmhara agus aga folaigh agus athruithe san aga sin.

(7)  https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Glossary:Dwelling

(8)  Fir, mná, daoine neamhdhénártha. Tá forálacha nó cleachtais dlí ag roinnt Ballstát lena n-aithnítear go bhféadfadh sé nach mbeadh daoine áirithe páirteach le ceachtar den dá chatagóir sin nó nach mian leo bheith luaite le ceann amháin acu. I gcás na mBallstát sin, déanfar na daoine sin a thaifeadadh mar “daoine neamhdhénártha”.

(9)  IO L 124, 20.5.2003, lch. 36

(10)  I gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán RRF ina léirítear an chlibeáil dhigiteach faoin tSaoráid, ní mór oiliúint i scileanna digiteacha a thuiscint de réir bhrí réimse idirghabhála 108 (Tacaíocht chun scileanna digiteacha a fhorbairt), ina luaitear an méid seo a leanas: “Tagraíonn sé seo do scileanna digiteacha ar gach leibhéal agus áirítear leis: cláir oideachais an-speisialaithe chun oiliúint a chur ar speisialtóirí digiteacha (is iad sin cláir atá dírithe ar theicneolaíocht); oiliúint múinteoirí, ábhar digiteach a fhorbairt chun críocha oideachais agus cumais eagrúcháin ábhartha. Áirítear air sin freisin bearta agus cláir lena ndírítear ar scileanna bunúsacha digiteacha a fheabhsú.”

(11)  Fir, mná, daoine neamhdhénártha. Tá forálacha nó cleachtais dlí ag roinnt Ballstát lena n-aithnítear go bhféadfadh sé nach mbeadh daoine áirithe páirteach le ceachtar den dá chatagóir sin nó nach mian leo bheith luaite le ceann amháin acu. I gcás na mBallstát sin, déanfar na daoine sin a thaifeadadh mar “daoine neamhdhénártha”.

(12)  0-17, 18-29, 30-54, 55 agus os a chionn.

(13)  Is daoine dífhostaithe iad daoine gan obair de ghnáth, atá ar fáil le haghaidh oibre agus atá ag lorg oibre go gníomhach. Daoine a meastar iad a bheith cláraithe mar dhaoine dífhostaithe de réir sainmhínithe náisiúnta, cuirtear san áireamh anseo i gcónaí iad fiú mura gcomhlíonann siad gach ceann de na trí chritéar sin. Foinse: Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, Labour market policy statistics – Methodology 2018, §18.

(14)  Is daoine neamhghníomhacha iad daoine nach bhfuil mar chuid den lucht saothair faoi láthair (sa mhéid is nach bhfuil siad fostaithe ná dífhostaithe de réir an tsainmhínithe a thugtar). Foinse: Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, Labour market policy statistics – Methodology 2018, §20.

(15)  Fir, mná, daoine neamhdhénártha. Tá forálacha nó cleachtais dlí ag roinnt Ballstát lena n-aithnítear go bhféadfadh sé nach mbeadh daoine áirithe páirteach le ceachtar den dá chatagóir sin nó nach mian leo bheith luaite le ceann amháin acu. I gcás na mBallstát sin, déanfar na daoine sin a thaifeadadh mar “daoine neamhdhénártha”.

(16)  0-17, 18-29, 30-54, 55 agus os a chionn.

(17)  Fir, mná, daoine neamhdhénártha. Tá forálacha nó cleachtais dlí ag roinnt Ballstát lena n-aithnítear go bhféadfadh sé nach mbeadh daoine áirithe páirteach le ceachtar den dá chatagóir sin nó nach mian leo bheith luaite le ceann amháin acu. I gcás na mBallstát sin, déanfar na daoine sin a thaifeadadh mar “daoine neamhdhénártha”.


Top