EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02018R1724-20181121

Consolidated text: Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1724/2018-11-21

02018R1724 — GA — 21.11.2018 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2018/1724 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 2 Deireadh Fómhair 2018

maidir le ►C1  tairseach ◄ aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 295 21.11.2018, lch. 1)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 053, 22.2.2019, lch.  17 (2018/1724)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2018/1724 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 2 Deireadh Fómhair 2018

maidir le ►C1  tairseach ◄ aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.  Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacha maidir le:

(a)  ►C1  tairseach ◄ aonair dhigiteach a bhunú agus a oibriú chun rochtain éasca a thabhairt do shaoránaigh agus gnólachtaí ar fhaisnéis ardcháilíochta, ar nósanna imeachta éifeachtúla agus ar sheirbhísí éifeachtacha cúnaimh agus réitigh fadhbanna i dtaca le rialacha an Aontais agus leis na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le saoránaigh agus gnólachtaí atá ag feidhmiú na gceart atá acu faoi dhlí an Aontais i réimse an mhargaidh inmheánaigh, de réir bhrí Airteagal 26(2) CFAE, nó a bhfuil rún acu na cearta sin a fheidhmiú;

(b) úsáid nósanna imeachta ag úsáideoirí trasteorann agus do chur chun feidhme an phrionsabail “aon-uaire” a bhaineann leis na nósanna imeachta a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus le haghaidh na nósanna imeachta dá bhforáiltear i dTreoracha 2005/36/CE, 2006/123/CE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE;

(c) tuairisc a thabhairt ar bhacainní sa mhargadh inmheánach, bunaithe ar aiseolas úsáideoirí agus staidreamh ó na seirbhísí a chumhdaítear leis an ►C1  tairseach ◄ .

2.  I gcás ina dtagann an Rialachán seo salach ar fhoráil de ghníomh eile de chuid an Aontais lena rialaítear gnéithe sonracha den ábhar a chumhdaítear leis an Rialachán seo, beidh forlámhas ag foráil an ghnímh eile de chuid an Aontais.

3.  Ní bheidh tionchar ag an Rialachán seo ar shubstaint aon nós imeachta a leagtar síos ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal náisiúnta i gceann ar bith de na réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ná ní bheidh tionchar aige ar na cearta a dheonaítear trí na nósanna imeachta sin. ►C1  Anuas air sin ní bheidh tionchar ag an Rialachán seo ar na bearta a ghlacfar i gcomhréir le dlí an Aontais chun an chibearshlándáil a chosaint agus an chalaois a chosc. ◄

Airteagal 2

Bunú na ►C1  tairsí ◄ aonair digití

1.  Bunóidh an Coimisiún agus na Ballstáit ►C1  tairseach ◄ aonair dhigiteach (“an ►C1  tairseach ◄ ”) i gcomhréir leis an Rialachán seo. Cuimseoidh an ►C1  tairseach ◄ comhéadan coiteann úsáideora, a bhainisteoidh an Coimisiún, (an comhéadan coiteann úsáideora), a bheidh comhtháthaithe isteach i dtairseach “An Eoraip Agatsa” agus lena dtugtar rochtain ar na suíomhanna gréasáin ábhartha de chuid an Aontais agus ar shuíomhanna gréasáin náisiúnta ábhartha.

2.  Leis an ►C1  tairseach ◄ , tabharfar rochtain ar na nithe seo a leanas:

(a) faisnéis faoi na cearta, na hoibleagáidí agus na rialacha a leagtar síos i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta a bhfuil feidhm acu maidir le húsáideoirí atá ag feidhmiú a gceart faoi dhlí an Aontais i réimse an mhargaidh inmheánaigh sna réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó a bhfuil rún acu na cearta sin a fheidhmiú;

(b) faisnéis faoi nósanna imeachta ar líne agus as líne agus naisc chuig nósanna imeachta ar líne, lena n-áirítear nósanna imeachta a chumhdaítear le hIarscríbhinn II, arna mbunú ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta chun go mbeidh ar chumas na n-úsáideoirí na cearta a fheidhmiú agus na hoibleagáidí agus na rialacha a chomhlíonadh i réimse an mhargaidh inmheánaigh sna réimsí sin a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(c) faisnéis faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna ar féidir le saoránaigh agus gnólachtaí dul ina muinín má tá ceisteanna nó fadhbanna acu maidir leis na cearta, na hoibleagáidí nó na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo, ar seirbhísí iad mar a liostaítear in Iarscríbhinn III nó dá dtagraítear in Airteagal 7.

3.  Beidh an comhéadan coiteann úsáideora ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn “úsáideoir” duine ar bith is saoránach den Aontas, duine nádúrtha a chónaíonn i mBallstát nó duine dlítheanach a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát, agus ar duine é a úsáideann an ►C1  tairseach ◄ chun an fhaisnéis, na nósanna imeachta nó na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a rochtain;

(2) ciallaíonn “úsáideoir trasteorann” úsáideoir i gcúinsí nach bhfuil teoranta i ngach caoi laistigh de Bhallstát amháin;

(3) ciallaíonn “nós imeachta” seicheamh gníomhartha nach mór d’úsáideoirí a dhéanamh chun na ceanglais a chomhlíonadh nó chun cinneadh a fháil ó údarás inniúil le go mbeidh siad in ann na cearta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2) a fheidhmiú;

(4) ciallaíonn “údarás inniúil” aon údarás nó chomhlacht de chuid Ballstáit a bunaíodh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil agus a bhfuil freagrachtaí sonracha air maidir leis an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(5) ciallaíonn “fianaise” aon doiciméad nó sonraí, lena n-áirítear téacs nó fuaim, taifeadadh amhairc nó closamhairc, beag beann ar an meán a úsáidtear, atá ag teastáil ó údarás inniúil chun fíricí a chruthú nó chun a chruthú go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2).



CAIBIDIL II

SEIRBHÍSÍ ►C1  TAIRSÍ ◄

Airteagal 4

Rochtain ar fhaisnéis

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éasca ar líne ag úsáideoirí ar na nithe seo a leanas ar a leathanaigh ghréasáin náisiúnta:

(a) faisnéis faoi na cearta, na hoibleagáidí agus na rialacha sin dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2), ar cearta, oibleagáidí agus rialacha iad a dhíorthaítear ón dlí náisiúnta;

(b) faisnéis faoi na nósanna imeachta sin dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2), ar nósanna imeachta iad a bhunaítear ar an leibhéal náisiúnta;

(c) faisnéis faoi na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna sin dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2), ar seirbhísí iad a sholáthraítear ar an leibhéal náisiúnta.

2.  Áiritheoidh an Coimisiún go soláthróidh an tairseach An Eoraip Agatsa rochtain éasca ar líne ag úsáideoirí ar na nithe seo a leanassa tairseach aonair:

(a) faisnéis faoi na cearta, na hoibleagáidí agus na rialacha sin dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2), ar cearta, oibleagáidí agus rialacha iad a dhíorthaítear ó dhlí an Aontais;

(b) faisnéis faoi na nósanna imeachta sin dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2), ar nósanna imeachta iad a bhunaítear ar leibhéal an Aontais;

(c) faisnéis faoi na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna sin dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2), ar seirbhísí iad a sholáthraítear ar leibhéal an Aontais.

Airteagal 5

Rochtain ar fhaisnéis nach n-áirítear in Iarscríbhinn I

1.  Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún naisc a sholáthar chuig faisnéis i réimsí nach liostaítear in Iarscríbhinn I atá á dtairscint ag údaráis inniúla, an Coimisiún nó comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, ar choinníoll go dtiteann an fhaisnéis sin laistigh de raon feidhme na ►C1  tairsí ◄ mar a shainmhínítear í i bpointe (a) d’Airteagal 1(1) agus go gcomhlíonann an fhaisnéis sin na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 9.

2.  Déanfar na naisc chuig an bhfaisnéis, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 19(2) agus (3).

3.  Sula ngníomhachtóidh an Coimisiún aon naisc, déanfaidh sé a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus rachaidh sé i gcomhairle le grúpa comhordaithe na ►C1  tairsí ◄ .

Airteagal 6

Nósanna imeachta le bheith curtha ar fáil go hiomlán ar líne

1.  Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh úsáideoirí in ann rochtain a fháil ar aon nós imeachta a liostaítear in Iarscríbhinn II agus é a chur i gcrích go hiomlán ar líne ar choinníoll go bhfuil an nós imeachta ábhartha sin bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann.

2.  Measfar na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 a bheith go hiomlán ar líne i gcás inar féidir:

(a) sainaithint, soláthar faisnéise, fianaise agus síniú a thabhairt agus an cur isteach deiridh a dhéanamh mar seo a leanas go ndéanfar é go leictreonach i gcéin, trí chainéal seirbhíse a chuireann ar chumas úsáideoirí na ceanglais uile a bhaineann leis an nós imeachta a chomhlíonadh ar bhealach atá soláimhsithe agus ar bhealach struchtúrtha;

(b) ar bhealach a áirithíonn go seolfar admháil fála go huathoibríoch mura soláthrófar aschur an nós imeachta láithreach;

(c) i gcás ina soláthrófar aschur an nós imeachta go leictreonach freisin, ►C1  nó i gcás inar gá sin chun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh, a sholáthar trí mhodhanna fisiceacha; agus ◄

(d) i gcás ina soláthrófar fógra leictreonach d’úsáideoirí maidir le cur i gcrích an nós imeachta.

3.  I gcásanna eisceachtúla a bhfuil bonn cirt leo agus cúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail i réimsí na slándála poiblí, na sláinte poiblí nó an chomhraic in aghaidh calaoise, i gcás nach féidir an cuspóir a shaothraítear a ghnóthú go hiomlán ar líne, is féidir leis na Ballstáit a cheangal ar úsáideoir teacht i láthair an údaráis inniúil go pearsanta mar chéim den nós imeachta. Sna cásanna eisceachtúla sin, teorannóidh na Ballstáit láithreacht fhisiciúil den sórt sin dá bhfuil fíor-riachtanach agus dá bhfuil údar léi go hoibiachtúil agus áiritheoidh siad gur féidir céimeanna eile den nós imeachta a chur i gcrích go hiomlán ar líne. Áiritheoidh na Ballstáit freisin nach dtarlóidh idirdhealú i gcoinne úsáideoirí trasteorann mar thoradh ar cheanglais láithreachta fisiciúla.

4.  Maidir leis na cásanna ina bhféadfadh gá a bheith le láithreacht fhisiciúil le haghaidh na gcéimeanna nós imeachta dá dtagraítear i mír 3 agus cásanna ina mbíonn seachadadh fisiceach dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2, tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forais agus imthosca a bhaineann leo trí stór coiteann a mbeidh rochtain ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit eile air don Choimisiún agus do na Ballstáit eile agus tabharfaidh siad míniú orthu.

5.  Ní chuirfear, leis an Airteagal seo, cosc ar na Ballstáit deis a thabhairt d’úsáideoirí nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2) a rochtain agus a chur i gcrích ar bhealaí eile freisin seachas ar líne, nó ar theagmháil a dhéanamh le húsáideoirí go díreach.

Airteagal 7

Rochtain ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna

1.  Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go mbeidh rochtain éasca ar líne trí chainéil éagsúla ag úsáideoirí, lena n-áirítear úsáideoirí trasteorann, ar na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2).

2.  Féadfaidh na comhordaitheoirí náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 28, agus an Coimisiún naisc a sholáthar chuig seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna atá á dtairiscint ag údaráis inniúla, an Coimisiún nó comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, diomaite de na seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn III, i gcomhréir le hAirteagal 19(2) agus (3) ar choinníoll go gcomhlíonann na seirbhísí sin na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 11 agus Airteagal 16.

3.   ►C1  I gcás inar gá sin chun freastal ar riachtanais na n-úsáideoirí, féadfaidh an comhordaitheoir náisiúnta a mholadh don Choimisiún go n-áireofaí naisc sa ►C1  tairseach ◄ chuig seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna a soláthraíonn eintitis phríobháideacha nó leathphríobháideacha iad, i gcás ina gcomhlíonann a seirbhísí na coinníollacha seo a leanas: ◄

(a) tairgeann an tseirbhís faisnéis nó cúnamh a thagann faoi na réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus chun na gcríoch a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus cuireann sí le seirbhísí atá sa ►C1  tairseach ◄ cheana féin;

(b) tairgtear an tseirbhís saor in aisce nó ar phraghas atá inacmhainne ag micrifhiontair, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus saoránaigh; agus

(c) comhlíonann an tseirbhís na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8, Airteagal 11 agus Airteagal 16.

4.  I gcás inar mhol an comhordaitheoir náisiúnta go gcuirfí nasc isteach i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, agus ina soláthraíonn sé an nasc sin i gcomhréir le hAirteagal 19(3), déanfaidh an Coimisiún measúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an tseirbhís a chuirfear isteach leis an nasc sin na coinníollacha i mír 3 den Airteagal seo, agus, má chomhlíontar, gníomhachtóidh sé an nasc.

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach gcomhlíonann an tseirbhís a chuirtear isteach na coinníollacha i mír 3, cuirfidh sé an comhordaitheoir náisiúnta ar an eolas faoi na cúiseanna nár gníomhachtaíodh an nasc.

Airteagal 8

Ceanglais cháilíochta a bhaineann le hinrochtaineacht gréasáin

Déanfaidh an Coimisiún iad dá chuid suíomhanna agus leathanaigh gréasáin, trína dtugann sé rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus ar na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna dá dtagraítear in Airteagal 7, níos inrochtana trí iad a dhéanamh inbhraite, inoibritheach, intuigthe agus stóinseach.



CAIBIDIL III

CEANGLAIS CHÁILÍOCHTA



ROINN 1

Ceanglais cháilíochta a bhaineann le faisnéis faoi chearta, oibleagáidí agus rialacha, faoi nósanna imeachta agus faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna

Airteagal 9

Cáilíocht na faisnéise faoi chearta, oibleagáidí agus rialacha

1.  I gcás ina bhfuil na Ballstáit agus an Coimisiún freagrach, i gcomhréir le hAirteagal 4, as rochtain a áirithiú ar fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2), áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais seo a leanas:

(a)  ►C1  tá sí soláimhsithe, rud a chuirfidh ar chumas na n-úsáideoirí faisnéis a aimsiú go héasca, na codanna den fhaisnéis atá ábhartha dá chás féin a shainaithint go héasca agus an fhaisnéis ábhartha a thuiscint go héasca; ◄

(b) tá sí cruinn agus cuimsitheach go leor ionas go gcumhdaítear léi faisnéis a theastaíonn ó úsáideoirí chun a gcearta a fheidhmiú i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha agus leis na hoibleagáidí is infheidhme;

(c) tugtar tagairtí, naisc chuig gníomhartha dlíthiúla, sonraíochtaí teicniúla agus treoirlínte, i gcás inarb ábhartha;

(d) tugtar ainm an údaráis inniúil nó an eintitis atá freagrach as ábhar na faisnéise;

(e) tugtar sonraí teagmhála seirbhísí ábhartha cúnaimh agus réitigh fadhbanna, amhail uimhir fóin, seoladh ríomhphoist, foirm fiosrúcháin ar líne nó aon mhodh leictreonach cumarsáide eile a úsáidtear go coitianta arb é an ceann is oiriúnaí é don chineál seirbhísí atá á tairiscint agus is oiriúnaí do spriocphobal na seirbhíse sin;

(f) tugtar dáta an nuashonraithe is déanaí ar an bhfaisnéis, más ann dó, nó i gcás nach ndearnadh nuashonrú ar an bhfaisnéis, an dáta foilsithe;

(g) tá sí dea-struchtúrtha agus dea-léirithe ionas gur féidir le húsáideoirí an fhaisnéis a theastaíonn uathu a aimsiú go tapa;

(h) coinnítear cothrom le dáta í;

(i) tá sí scríofa i dteanga shoiléir shimplí atá curtha in oiriúint do riachtanais na n-úsáideoirí ar a bhfuil sí dírithe.

2.  Cuirfidh Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi, i gcomhréir le hAirteagal 12.

Airteagal 10

Cáilíocht na faisnéise faoi nósanna imeachta

1.  Chun críocha Airteagal 4 a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún, sula mbeidh orthu iad féin a shainaithint roimh sheoladh an nós imeachta, go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar mhíniú atá cuimsitheach go leor, soiléir agus soláimhsithe don úsáideoir maidir leis na gnéithe seo a leanas de na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2):

(a) céimeanna ábhartha an nós imeachta atá le comhlíonadh ag an úsáideoir, lena n-áirítear aon eisceacht faoi Airteagal 6(3) ar oibleagáid na mBallstát an nós imeachta a thairiscint go hiomlán ar líne;

(b) ainm an údaráis inniúil atá freagrach as an nós imeachta, lena n-áirítear a shonraí teagmhála;

(c) na modhanna inghlactha fíordheimhnithe, sainaitheanta agus sínithe don nós imeachta;

(d) cineál agus formáid na fianaise atá le cur isteach;

(e) na modhanna sásaimh nó achomhairc atá ar fáil go ginearálta i gcás díospóidí leis na húdaráis inniúla;

(f) na táillí is infheidhme agus an modh íocaíochta ar líne;

(g) aon spriocdhátaí atá le hurramú ag an úsáideoir nó ag an údarás inniúil agus i gcás nach bhfuil aon spriocdhátaí ann, an mheántréimhse ama mheasta nó an mheántréimhse ama tháscaigh a bheadh de dhíth ar údarás inniúil chun an nós imeachta a thabhairt chun críche;

(h)  ►C1  aon rialacha a bhaineann leis an easpa freagartha ón údarás inniúil agus na hiarmhairtí dlíthiúla d'úsáideoirí de bharr na rialacha sin, lena n-áirítear socruithe intuigthe formheasa nó socruithe tosta riaracháin; ◄

(i) teanga bhreise ar bith inar féidir an nós imeachta a chur i gcrích.

2.   ►C1  I gcás nach bhfuil aon socruithe intuigthe formheasa, socruithe tosta riaracháin nó socruithe comhchosúla ann, cuirfidh na húdaráis inniúla na húsáideoirí ar an eolas, i gcás inarb infheidhme, faoi aon mhoill agus faoi aon spriocdhátaí a fhadaítear nó faoi aon iarmhairtí a bhaineann leis an méid sin. ◄

3.  I gcás ina bhfuil an míniú dá dtagraítear i mír 1 ar fáil d’úsáideoirí nach úsáideoirí trasteorann iad cheana féin, féadfar é a úsáid nó a athúsáid chun críocha an Rialacháin seo, ar choinníoll go gcumhdaíonn sé cás na n-úsáideoirí trasteorann, i gcás inarb infheidhme.

4.  Cuirfidh na Ballstáit an míniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi, i gcomhréir le hAirteagal 12.

Airteagal 11

Cáilíocht na faisnéise faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna

1.  Chun críocha Airteagal 4 a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún, sula gcuirfidh siad iarraidh isteach ar sheirbhís dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2), go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar mhíniú atá soiléir agus soláimhsithe don úsáideoir ar na nithe seo a leanas:

(a) cineál, cuspóir agus torthaí ionchais na seirbhíse atá á tairiscint;

(b) sonraí teagmhála na n-eintiteas atá freagrach as an tseirbhís amhail, uimhir fóin, seoladh ríomhphoist, foirm fiosrúcháin ar líne nó aon mhodh leictreonach cumarsáide eile a úsáidtear go coitianta arb é an ceann is oiriúnaí don chineál seirbhísí atá á tairiscint é agus is oiriúnaí do spriocphobal na seirbhíse sin;

(c) na táillí is infheidhme agus an modh íocaíochta ar líne, i gcás inarb ábhartha;

(d) aon spriocdhátaí is infheidhme atá le hurramú agus i gcás nach bhfuil aon spriocdhátaí ann, an mheántréimhse ama, nó an t-am a mheastar a bheith de dhíth chun an tseirbhís a sholáthar;

(e) aon teangacha bhreise inar féidir an iarraidh a chur isteach agus ar féidir í a úsáid i dteagmhálacha ina dhiaidh sin.

2.  Cuirfidh Ballstáit an míniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi, i gcomhréir le hAirteagal 12.

Airteagal 12

Aistriúchán a dhéanamh ar an bhfaisnéis

1.   ►C1  I gcás nach gcuireann Ballstát an fhaisnéis, na mínithe agus na treoracha a leagtar amach in Airteagal 9, Airteagal 10, Airteagal 11 agus i pointe (a) d'Airteagal 13(2) ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi, iarrfaidh an Ballstát sin ar an gCoimisiún aistriúcháin sa teanga sin a sholáthar, laistigh de theorainneacha bhuiséad an Aontais a bheidh le fáil dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 32(1). ◄

2.  Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcumhdófar leis na téacsanna a chuirtear isteach le haghaidh aistriúcháin faoi mhír 1 den Airteagal seo an fhaisnéis bhunúsach ar a laghad i ngach réimse a liostaítear in Iarscríbhinn I agus, i gcás inar leor buiséid an Aontais atá le fáil, go gcumhdófar aon fhaisnéis, mínithe agus treoracha breise dá dtagraítear in Airteagal 9, Airteagal 10, Airteagal 11 agus i pointe (a) d’Airteagal 13(2), lena gcuirtear san áireamh na riachtanais is tábhachtaí atá ag úsáideoirí trasteorann. Cuirfidh na Ballstáit na naisc chuig faisnéis den sórt sin atá aistrithe ar fáil don stór nasc dá dtagraítear in Airteagal 19.

3.  Beidh an teanga dá dtagraítear i mír 1 ina teanga oifigiúil de chuid an Aontais arb í an teanga iasachta is mó staidéar i measc úsáideoirí ar fud an Aontais í. Mar eisceacht, i gcás ina bhfuiltear ag súil go mbeidh an fhaisnéis, na mínithe agus na treoracha atá le haistriú mar ábhar spéise go príomha ag úsáideoirí trasteorann de thionscnamh ó Bhallstát eile, féadfaidh an teanga dá dtagraítear i mír 1 a bheith ina teanga oifigiúil de chuid an Aontais atá in úsáid ag na húsáideoirí trasteorann sin mar mháthairtheanga.

4.  I gcás ina n-iarrann Ballstát aistriúchán i dteanga oifigiúil eile de chuid an Aontais nach teanga iasachta is mó staidéar i measc úsáideoirí ar fud an Aontais é, tabharfaidh sé cúiseanna don iarraidh. ►C1  I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3 maidir le rogha teanga eile den chineál sin, féadfaidh sé an iarraidh a dhiúltú agus an Ballstát a chur ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis an méid sin. ◄



ROINN 2

Ceanglais a bhaineann le nósanna imeachta ar líne

Airteagal 13

Rochtain trasteorann ar nósanna imeachta ar líne

1.  I gcás ina bhfuil úsáideoirí nach úsáideoirí trasteorann iad in ann nós imeachta, dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2) agus a bhunaítear ar an leibhéal náisiúnta, a rochtain agus a chur i gcrích ar líne, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh úsáideoirí trasteorann in ann an nós imeachta sin a rochtain agus a chur i gcrích ar líne ar bhealach neamh-idirdhealaitheach freisin, tríd an réiteach teicniúil céanna nó trí réiteach teicniúil eile.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar, maidir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na ceanglais seo a leanas ar a laghad:

(a) go mbeidh úsáideoirí in ann na treoracha a rochtain le haghaidh an nós imeachta a chur i gcrích i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi, i gcomhréir le hAirteagal 12;

(b) go mbeidh úsáideoirí trasteorann in ann an fhaisnéis is gá a chur isteach, lena n-áirítear i gcás nach ionann struchtúr faisnéise den sórt sin agus faisnéis den sórt céanna sa Bhallstát lena mbaineann;

(c) go mbeidh úsáideoirí trasteorann in ann, iad féin a shainaithint agus a fhíordheimhniú, agus doiciméid a shíniú nó a shéalú go leictreonach, mar a fhoráiltear dó i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, i ngach cás ina mbíonn úsáideoirí nach úsáideoirí trasteorann iad in ann é sin a dhéanamh freisin;

(d) go mbeidh úsáideoirí trasteorann in ann fianaise a sholáthar i bhformáid leictreonach ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme agus toradh na nósanna imeachta sin a fháil i bhformáid leictreonach i ngach cás ina mbíonn úsáideoirí nach úsáideoirí trasteorann iad in ann é sin a dhéanamh freisin;

(e) i gcás ina bhfuil íocaíocht ag teastáil chun nós imeachta a chur i gcrích, go mbeidh úsáideoirí in ann aon táillí a íoc ar líne trí sheirbhísí íocaíochta trasteorann a bheidh ar fáil go forleathan, gan idirdhealú bunaithe ar áit bhunaithe na seirbhíse íocaíochta trasteorann, ar áit eisiúna na hionstraime íocaíochta nó suíomh an chuntais íocaíochta laistigh den Aontas.

3.  I gcás nach gceanglaítear leis an nós imeachta sainaithint nó fíordheimhniú a dhéanamh go leictreonach mar a thagraítear dó i bpointe (c) de mhír 2 agus i gcás ina bhfuil cead ag na húdaráis inniúla faoin dlí náisiúnta nó nósanna imeachta riaracháin is infheidhme glacadh le cóipeanna digitithe d’fhianaise neamhleictreonach ar aitheantas, amhail cártaí aitheantais nó pasanna, i ndáil le húsáideoirí nach úsáideoirí trasteorann iad, glacfaidh na húdaráis sin, le cóipeanna digitithe den sórt sin i ndáil le húsáideoirí trasteorann.

Airteagal 14

Córas teicniúil don mhalartú trasteorann uathoibrithe fianaise agus cur i bhfeidhm an phrionsabail “aonuaire”

1.  Chun críche fianaise a mhalartú le haghaidh na nósanna imeachta ar líne a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear i dTreoracha 2005/36/CE, 2006/123/CE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE, cuirfidh an Coimisiún córas teicniúil ar bun i gcomhar leis na Ballstáit le haghaidh malartú fianaise uathoibríoch idir údaráis inniúla i mBallstáit éagsúla (“an córas teicniúil”).

2.  I gcás ina n-eisíonn údaráis inniúla, ina mBallstát féin agus i bhformáid leictreonach a fhágann gur féidir malartú uathoibrithe a dhéanamh, fianaise atá ábhartha maidir leis na nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh siad an fhianaise sin ar fáil do na húdaráis inniúla iarrthacha ó Bhallstáit eile freisin i bhformáid leictreonach lena lamhálfar malartú uathoibrithe.

3.  Déanfar an méid seo a leanas leis an gcóras teicniúil, go háirithe:

(a) éascófar leis iarrataí ar fhianaise a phróiseáil ar iarraidh fhollasach a fháil ón úsáideoir;

(b) beifear in ann é a úsáid chun iarrataí a phróiseáil chun rochtain a fháil ar fhianaise nó chun fianaise a mhalartú;

(c) beifear in ann é a úsáid chun fianaise a tharchur idir údaráis inniúla;

(d) beidh an t-údarás inniúil iarrthach in ann é a úsáid chun an fhianaise a phróiseáil;

(e) áiritheofar rúndacht agus sláine na fianaise leis;

(f) tabharfar an fhéidearthachtdon úsáideoir réamhamharc a thabhairt ar an bhfianaise as a mbainfidh an t-údarás iarrthach úsáid agusroghnú dul ar aghaidh leis an malartú fianaise nó gan dul ar aghaidh leis;

(g) áireofar leis ardleibhéal idir-inoibritheachta leis na córais ábhartha eile atá ann cheana;

(h) áiritheofar ardleibhéal slándála leis le haghaidh fianaise a tharchur agus a phróiseáil;

(i) ní dhéanfar próiseáil ar fhianaise thar a bhfuil fíorghá leis go teicniúil don mhalartú fianaise, agus don tréimhse is gá chun na críche sin, agus don tréimhse sin amháin.

4.  Ní bheidh úsáid an chórais theicniúil éigeantach d’úsáideoirí agus ní cheadófar é ach amháin ar a iarraidh sin go follasach dóibh, mura bhforáiltear a mhalairt i reachtaíocht an Aontais nó sa reachtaíocht náisiúnta. Ceadófar do na húsáideoirí fianaise a thíolacadh ar mhodhanna eile lasmuigh den chóras teicniúil agus go díreach chuig an údarás inniúil iarrthach.

5.  Ní bheidh gá don fhéidearthacht a bheith ann réamhamharc a thabhairt ar an bhfianaise, mar a thagraítear dó i bpointe (f) de mhír 3 den Airteagal seo, i gcás na nósanna imeachta ina gceadaítear malartú trasteorann uathoibrithe fianaise gan a an réamhamharc sin a bheith ann faoin dlí náisiúnta is infheidhme nó faoi dhlí an Aontais is infheidhme. ►C1  Tá an fhéidearthacht réamhamharc a thabhairt ar an bhfianaise gan dochar don oibleagáid faisnéis faoi Airteagal 13 agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/679 a sholáthar. ◄

6.  Déanfaidh na Ballstáit an córas teicniúil atá ag feidhmiú go hiomlán a chomhtháthú mar chuid de na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1.

7.  Ar iarraidh fhollasach a fháil ón úsáideoir lena mbaineann, tugtha faoi shaoirse, go sonrach, go feasach agus gan débhrí, déanfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as na nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear i mír 1 fianaise a iarraidh go díreach ó údaráis inniúla atá ag eisiúint fianaise i mBallstáit eile tríd an gcóras teicniúil. I gcomhréir le pointe (e) de mhír 3, cuirfidh na húdaráis inniúla eisiúna dá dtagraítear i mír 2 an fhianaise sin ar fáil tríd an gcóras céanna.

8.  Beidh an fhianaise a chuirfear ar fáil don údarás inniúil iarrthach teoranta don fhianaise sin a iarradh agus ní úsáidfidh an t-údarás sin í ach amháin chun críche an nós imeachta dár malartaíodh an fhianaise. Measfar an fhianaise arna malartú tríd an gcóras teicniúil, chun críocha an údaráis iarrthaigh inniúil, a bheith barántúil.

9.  Faoin 12 Meitheamh 2021, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar amach sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla an chórais theicniúil a theastaíonn le haghaidh chur chun feidhme an Airteagail seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

10.  Ní bheidh feidhm ag mír1 go mír 8 maidir le nósanna imeachta a bhunaítear ar leibhéal an Aontais lena bhforáiltear maidir le sásraí difriúla le haghaidh malartú fianaise ach amháin i gcás ina gcomhtháthaítear an córas teicniúil is gá do chur i bhfeidhm an Airteagail seo sna nósanna imeachta sin i gcomhréir le rialacha ghníomhartha an Aontais lena mbunaítear na nósanna imeachta sin.

11.  Beidh an Coimisiún agus gach Ballstáit freagrach as forbairt, infhaighteacht, cothabháil, maoirseacht, faireachán agus bainistiú slándála a áirithiú ar na codanna faoi seach den chóras teicniúil.

Airteagal 15

Fianaise idir na Ballstáit a fhíorú

Más rud é, maidir leis an gcóras teicniúil, nó córais eile i gcomhair fianaise a mhalartú nó a fhíorú idir na Ballstáit, nach bhfuil siad ar fáil nó nach bhfuil siad infheidhme nó sa chás nach n-iarrann an t-úsáideoir úsáid an chórais theicniúil, comhoibreoidh na húdaráis inniúla trí Chóras Faisnéise an mhargaidh Inmheánaigh (IMI), i gcás inar gá chun fíordheimhniú a dhéanamh ar bharántúlacht na fianaise a chuireann úsáideoir faoi bhráid údarás inniúil i bhformáid leictreonach chun críche nós imeachta ar líne.



ROINN 3

Ceanglais cháilíochta a bhaineann le seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna

Airteagal 16

Ceanglais cháilíochta a bhaineann le seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna

Maidir leis na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a liostaítear in Iarscríbhinn III agus na seirbhísí a áirítear sa ►C1  tairseach ◄ i gcomhréir le hAirteagal 7(2), (3) agus (4), áiritheoidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún, de réir a n-inniúlachtaí faoi seach, go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais cháilíochta seo a leanas:

(a) go gcuirfear ar fáil iad laistigh de thréimhse ama réasúnach agus castacht na hiarrata á cur san áireamh;

(b) i gcás ina ndéantar síneadh a chur le spriocdhátaí, cuirtear na cúiseanna sin in iúl do na húsáideoirí roimh ré agus tugtar an spriocdháta nua dóibh;

(c) i gcás ina bhfuil íocaíocht ag teastáil chun seirbhís a sholáthar, go mbeidh úsáideoirí in ann aon táillí a íoc ar líne trí sheirbhísí íocaíochta trasteorann a bheidh ar fáil go forleathan, gan idirdhealú bunaithe ar áit bhunaithe na seirbhíse íocaíochta trasteorann, ar áit eisiúna na hionstraime íocaíochta nó suíomh an chuntais íocaíochta laistigh den Aontas.



ROINN 4

Faireachán cáilíochta

Airteagal 17

Faireachán cáilíochta

1.  Déanfaidh na comhordaitheoirí náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 28, agus an Coimisiún faireachán, faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, ar bhonn rialta i dtaobh an bhfuil an fhaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna atá ar fáil tríd an ►C1  tairseach ◄ á gcomhlíonadh i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 8 go hAirteagal 13 agus in Airteagal 16. Is bunaithe ar na sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 24 agus Airteagal 25 a dhéanfar an faireachán.

2.  I gcás meath ar cháilíocht na faisnéise, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna dá dtagraítear i mír 1, ar seirbhísí iad a sholáthraíonn na húdaráis inniúla, déanfaidh an Coimisiún, agus aird á tabhairt ar a thromchúisí agus a mharthanaí atá an meath sin, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:

(a) comhordaitheoir náisiúnta ábhartha na tairsí a chur ar an eolas agus bearta ceartaitheacha a iarraidh;

(b) gníomhartha molta a chur isteach lena phlé ag grúpa comhordaithe na ►C1  tairsí ◄ chun comhlíonadh na gceanglas cáilíochta a fheabhsú;

(c) litir ina ndéantar moltaí a sheoladh chuig an mBallstát lena mbaineann;

(d) an fhaisnéis, an nós imeachta nó an tseirbhís cúnaimh nó réitigh fadhbanna a dhícheangal go sealadach ón tairseach.

3.  I gcás nach ndéanann seirbhís cúnaimh nó réitigh fadhbanna a gcuirtear naisc chuici ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 7(3) na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11 agus in Airteagal 16 a chomhlíonadh go comhsheasmhach, nó nach gcomhlíonann sí riachtanais na n-úsáideoirí a thuilleadh, rud a léirítear leis na sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 24 agus Airteagal 25, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcomhordaitheoir náisiúnta ábhartha agus, i gcás inar gá, le grúpa comhordaithe na ►C1  tairsí ◄ , an tseirbhís sin a dhícheangal ón ►C1  tairseach ◄ .



CAIBIDIL IV

RÉITIGH THEICNIÚLA

Airteagal 18

Comhéadan coiteann úsáideora

1.  Cuirfidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, comhéadan coiteann úsáideora ar fáil, atá comhtháite i dtairseach “An Eoraip Agatsa”, chun feidhmiú cuí na ►C1   tairsí ◄ a áirithiú.

2.  Leis an gcomhéadan coiteann úsáideora, tabharfar rochtain ar an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna trí naisc a thabhairt chuig na suíomhanna nó leathanaigh gréasáin ábhartha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a áirítear sa stór do naisc dá dtagraítear in Airteagal 19.

3.  Ag gníomhú dóibh i gcomhréir lena róil agus lena bhfreagrachtaí faoi seach, dá bhforáiltear in Airteagal 4, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go ndéanfar an fhaisnéis faoi rialacha agus faoi cheanglais, faoi nósanna imeachta agus faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a eagrú agus a dhéanamh ar shlí a chuireann lena n-inaimsitheacht sa chomhéadan coiteann úsáideora.

4.  Áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh an comhéadan coiteann úsáideora na ceanglais cháilíochta seo a leanas:

(a) beidh sé éasca le húsáid;

(b) beidh sé inrochtana ar líne trí ghléasanna leictreonacha éagsúla;

(c) déanfar é a fhorbairt agus a optamú do bhrabhsálaithe éagsúla gréasáin;

(d) comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas maidir le hinrochtaineacht gréasáin: inbhraiteacht, inoibritheacht, intuigtheacht agus stóinseacht.

5.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos ceanglais idir-inoibritheachta chun feabhas a chur ar infhaighteacht na faisnéise faoi rialacha agus faoi oibleagáidí, faoi nósanna imeachta agus faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna tríd an gcomhéadan coiteann úsáideora. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

Airteagal 19

Stór do naisc

1.  Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, stór leictreonach nasc chuig an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a bhunú agus a chothabháil, a fhágfaidh go mbeifear in ann nascadh idir na seirbhísí sin agus an comhéadan coiteann úsáideora.

2.  Cuirfidh an Coimisiún ar fáil sa stór nasc, na naisc chuig an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna is féidir a rochtain ar na leathanaigh ghréasáin a bhainistítear ar leibhéal an Aontais, agus coinneoidh sé na naisc sin cruinn agus cothrom le dáta.

3.  Cuirfidh na comhordaitheoirí náisiúnta ar fáil an stór do naisc ina mbeidh na naisc chuig an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna is féidir a rochtain ar na leathanaigh ghréasáin a mbainistíonn údaráis inniúla nó eintitis phríobháideacha nó leathphríobháideacha dá dtagraítear in Airteagal 7(3) iad, agus coinneoidh sé na naisc sin cruinn agus cothrom le dáta.

4.  Nuair a cheadaítear sin leis an teicneolaíocht, féadfar soláthar na nasc, dá dtagraítear i mír 3, a dhéanamh go huathoibríoch idir córais theicniúla ábhartha na mBallstát agus an stór nasc.

5.  Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a áirítear sa stór do naisc ar fáil don phobal i bhformáid oscailte atá inléite ag meaisín.

6.  Áiritheoidh an Coimisiún agus na comhordaitheoirí náisiúnta nach mbeidh aon dúbláil neamhriachtanach, bíodh sí iomlán nó páirteach, agus forluí, ar dóigh di mearbhall a chur ar úsáideoirí, ag na naisc chuig an bhfaisnéis agus na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna a thairgtear tríd an ►C1  tairseach ◄ .

7.  I gcás ina bhforáiltear, i bhforálacha eile de chuid dhlí an Aontais, maidir le faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4 a chur ar fáil, féadfaidh an Coimisiún agus na comhordaitheoirí náisiúnta naisc chuig an bhfaisnéis sin a sholáthar chun ceanglais an Airteagail sin a chomhlíonadh.

Airteagal 20

An cuardaitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh

1.  Chun rochtain a éascú ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a liostaítear in Iarscríbhinn III nó dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus (3), áiritheoidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún go mbeidh úsáideoirí in ann iad a rochtain trí chuardaitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna (“an cuardaitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh”) atá ar fáil tríd an ►C1  tairseach ◄ .

2.  Déanfaidh an Coimisiún an cuardaitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh a fhorbairt agus a bhainistiú agus cinnfidh sé an struchtúr agus an fhormáid nach mór an cur síos ar na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna agus a sonraí teagmhála a sholáthar chun feidhmiú cuí an chuardaitheora choitinn seirbhísí cúnaimh a éascú.

3.  Soláthróidh na comhordaitheoirí náisiúnta an cur síos agus na sonraí teagmhála dá dtagraítear i mír 2 don Choimisiún.

Airteagal 21

Freagrachtaí as feidhmchláir TFC lena dtacaítear leis an ►C1  tairseach ◄

1.  Beidh an Coimisiún freagrach as forbairt, infhaighteacht, faireachán, nuashonrú, cothabháil, slándáil agus óstáil na bhfeidhmchlár TFC agus na leathanach gréasáin seo a leanas:

(a) an tairseach Eoraip Agatsa dá dtagraítear in Airteagal 2(1);

(b) an comhéadan coiteann úsáideora dá dtagraítear in Airteagal 18(1), lena n-áirítear an t-inneall cuardaigh nó aon uirlis eile TFC lenar féidir faisnéis ar an idirlíon agus seirbhísí a chuardach;

(c) an stór do naisc dá dtagraítear in Airteagal 19(1);

(d) an cuardaitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh dá dtagraítear in Airteagal 20(1);

(e) na huirlisí aiseolais úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 25(1) agus i bpointe (a) d’Airteagal 26(1).

Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun na feidhmchláir TFC a fhorbairt.

2.  Beidh na Ballstáit freagrach as forbairt, infhaighteacht, faireachán, nuashonrú, cothabháil agus slándáil na bhfeidhmchlár TFC a bhaineann lena suíomhanna náisiúnta agus leis na leathanaigh ghréasáin atá á mbainistiú acu féin agus atá nasctha chuig an gcomhéadan coiteann úsáideora.



CAIBIDIL V

CUR CHUN CINN

Airteagal 22

Ainm, lógó agus lipéad cáilíochta

1.  Maidir leis an ainm a chuirfear in iúl agus a chuirfear chun cinn don phobal i gcoitinne, tabharfar “Your Europe” ar an ►C1  tairseach ◄ .

Maidir leis an lógó lena gcuirtear an ►C1  tairseach ◄ in iúl agus lena gcuirtear í chun cinn don phobal i gcoitinne, is é an Coimisiún a chinnfidh é i ndlúthchomhar le grúpa comhordaithe na ►C1  tairsi ◄ , faoin 12 Meitheamh 2019 ar a dhéanaí

Déanfar lógó na ►C1  tairsí ◄ agus nasc don ►C1  tairsí ◄ infheicthe ar shuíomhanna gréasáin ábhartha ar leibhéal an Aontais agus ar shuíomhanna gréasáin ábhartha ar an leibhéal náisiúnta atá nasctha leis an ►C1  tairseach ◄ .

2.  D’fhonn a chruthú go bhfuiltear tar éis cloí leis na ceanglais cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11, beidh ainm agus lógó na ►C1  tairsí ◄ ina lipéad cáilíochta freisin. Mar sin féin, ní úsáidfear lógó na ►C1  tairsí ◄ ach mar lipéad cáilíochta ag leathanaigh gréasáin agus ag suíomhanna gréasáin a áirítear sa stór do naisc dá dtagraítear in Airteagal 19.

Airteagal 23

Cur chun cinn

1.  Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún feasacht ar an ►C1  tairseach ◄ agus úsáid na tairsí chun cinn i measc saoránach agus gnólachtaí agus áiritheoidh siad go bhfuil an ►C1  tairseach ◄ agus a cuid faisnéise, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna feiceálach don phobal agus gur féidir leis an bpobal iad a aimsiú go héasca trí innill chuardaigh a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu a sholáthar.

2.  Comhordóidh na Ballstáit agus an Coimisiún na gníomhaíochtaí cur chun cinn dá dtagraítear i mír 1 agus tagróidh siad don ►C1  tairseach ◄ agus úsáidfidh siad a lógó sna gníomhaíochtaí sin mar aon le haon ainmneacha branda eile, de réir mar is iomchuí.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go mbeidh an pointe rochtana so-aimsithe trí na suíomhanna gréasáin gaolmhara a bhfuil siad freagrach astu, agus go mbeidh naisc shoiléire chuig an gcomhéadan coiteann úsáideora ar fáil ar gach suíomh gréasáin ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

4.   ►C1  Cuirfidh na comhordaitheoirí náisiúnta an ►C1  tairseach ◄ chun cinn do na húdaráis inniúla náisiúnta. ◄



CAIBIDIL VI

BAILIÚ AISEOLAIS Ó ÚSÁIDEOIRÍ AGUS STAITISTICÍ ÚSÁIDEOIRÍ

Airteagal 24

▼C1

Staidreamh faoi úsáideoirí

▼B

1.  Chun feidhmiúlacht na ►C1  tairsí ◄ a fheabhsú, áiritheoidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún go mbaileofar staidreamh faoi chuairteanna úsáideoirí ar an ►C1  tairseach ◄ agus faoi na leathanaigh ghréasáin a nascann an ►C1  tairseach ◄ chucu, ar bhealach a áiritheoidh anaithnideacht na n-úsáideoirí.

2.  Déanfaidh na húdaráis inniúla, soláthróirí na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna dá dtagraítear in Airteagal 7(3) agus an Coimisiún líon, bunús agus ábhar na n-iarrataí ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna agus a n-agaí freagartha a bhailiú agus a mhalartú agus léireofar na figiúirí mar fhigiúirí comhiomlána.

3.  An staidreamh a bhaileofar i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 i ndáil leis an bhfaisnéis, na nósanna imeachta agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a bhfuil nasc ag an ►C1  tairseach ◄ leo, áireofar ina measc na catagóirí sonraí seo a leanas:

(a) sonraí maidir le líon, bunadh, agus cineál úsáideoirí na ►C1  tairsí ◄ ;

(b) sonraí maidir le roghanna úsáideoirí agus le turais úsáideoirí;

(c)  ►C1  sonraí maidir le hinúsáidteacht, infhaighteacht agus cáilíocht na faisnéise, na nósanna imeachta, agus na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna. ◄

Déanfar na sonraí sin a chur ar fáil don phobal i bhformáid oscailte, a úsáidtear go coiteann agus atá inléite ag meaisín.

4.   ►C1  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos modh bailithe agus malartaithe an staidreamh faoi úsáideoirí dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2). ◄

Airteagal 25

Aiseolas ó úsáideoirí faoi sheirbhísí na ►C1  tairsí ◄

1.  Chun faisnéis dhíreach a bhailiú ó úsáideoirí faoina shásta atá siad leis na seirbhísí a sholáthraítear tríd an ►C1  tairseach ◄ agus leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil inti, soláthróidh an Coimisiún uirlis aiseolais sholáimhsithe d’úsáideoirí na ►C1  tairsí ◄ a chuirfidh ar chumas úsáideoirí aiseolas a sholáthar, lena ligfear dóibh, díreach tar éis dóibh ceann ar bith de na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a úsáid, tuairim gan ainm a chur in iúl maidir le cáilíocht agus infhaighteacht na seirbhísí a sholáthraítear tríd an ►C1  tairseach ◄ , leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil inti agus le cáilíocht agus infhaighteacht an chomhéadain choitinn úsáideora.

2.  Déanfaidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún a áirithiú gur féidir le húsáideoirí rochtain a bheith acu ar an uirlis sin dá dtagraítear i mír 1 ar gach leathanach gréasáin atá mar chuid den ►C1  tairseach ◄ .

3.  Beidh rochtain dhíreach ag an gCoimisiún, ag na húdaráis inniúla agus ag na comhordaitheoirí náisiúnta ar an aiseolas ó úsáideoirí a bhailítear tríd an uirlis dá dtagraítear i mír 1 chun chríocha aghaidh a thabhairt ar aon fhadhbanna a tharraingítear anuas.

4.  Ní cheanglaítear ar na húdaráis inniúla rochtain a thabhairt d’úsáideoirí ar a gcuid leathanach gréasáin ar cuid den ►C1  tairseach ◄ iad ar an uirlis aiseolais dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina mbíonn uirlis aiseolais eile le feidhmíochtaí comhchosúla maidir leis an uirlis aiseolais dá dtagraítear i mír 1 ar fáil cheana ar a gcuid leathanach gréasáin chun críocha faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhíse. Baileoidh na húdaráis inniúla an t-aiseolas ó úsáideoirí a fhaightear trína n-uirlis aiseolais úsáideoirí féin agus roinnfidh siad é leis an gCoimisiún agus le comhordaitheoirí náisiúnta na mBallstát eile.

5.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar rialacha síos maidir le bailiú agus comhroinnt an aiseolais ó úsáideoirí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

Airteagal 26

Tuairisciú ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh

1.  Déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

(a) uirlis sholáimhsithe a sholáthar d’úsáideoirí na ►C1  tairsí ◄ chun aon bhacainní a dtagann siad orthu agus a gcearta i ndáil leis an margadh inmheánach á bhfeidhmiú acu a chur in iúl agus aiseolas a thabhairt fúthu ar bhonn anaithnid;

(b) faisnéis chomhiomlánaithe a bhailiú ó na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna atá mar chuid den ►C1  tairseach ◄ maidir le hábhar na n-iarrataí agus freagraí.

2.  Beidh rochtain dhíreach ag an gCoimisiún, ag na húdaráis inniúla, agus ag na comhordaitheoirí náisiúnta ar an aiseolas a bailíodh i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1.

3.  Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún anailís agus imscrúdú ar na fadhbanna a tharraingíonn na húsáideoirí anuas de bhun an Airteagail seo agus tabharfaidh siad aghaidh orthu ar bhealach iomchuí nuair is féidir.

Airteagal 27

Forléargais achoimre ar líne

Maidir le forléargais achoimre ar na fadhbanna a eascraíonn as an bhfaisnéis a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 26(1), ar na príomhstaitisticí úsáideora dá dtagraítear in Airteagal 24 agus ar an bpríomh-staidreamh úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 25, déanfaidh an Coimisiún iad a fhoilsiú ar líne i bhfoirm anaithnid.



CAIBIDIL VII

RIALACHAS NA ►C1  TAIRSÍ ◄

Airteagal 28

Comhordaitheoirí náisiúnta

1.   ►C1  Ceapfaidh gach Ballstát comhordaitheoir náisiúnta. De bhreis ar na hoibleagáidí atá orthu i gcomhréir le hAirteagail 7, 17, 19, 20, 23 agus 25, déanfaidh na comhordaitheoirí náisiúnta na nithe seo a leanas: ◄

(a) gníomhú mar phointe teagmhála riaracháin i ndáil le gach ábhar a bhaineann leis an ►C1  tairseach ◄ ;

(b) cur i bhfeidhm aonfhoirmeach Airteagal 9 go go hAirteagal 16 a chur chun cinn laistigh d’údaráis inniúla náisiúnta;

(c) a áirithiú go gcuirfear na moltaí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 17(2) chun feidhme i gceart.

2.  Féadfaidh gach Ballstát, i gcomhréir lena struchtúr inmheánach riaracháin, comhordaitheoir amháin nó níos mó a cheapadh chun ceann amháin nó níos mó de na cúraimí a liostaítear i mír 1 a dhéanamh, i gcomhréir lena struchtúr inmheánach riaracháin. Comhordaitheoir náisiúnta amháin do gach Ballstát a bheidh freagrach as gach teagmháil a dhéanfar leis an gCoimisiún i ndáil le gach ábhar a bhaineann leis an ►C1  tairseach ◄ .

3.  Tabharfaidh gach Ballstát eolas do na Ballstáit eile agus don Choimisiún faoi ainm agus sonraí teagmhála a chomhordaitheora náisiúnta.

Airteagal 29

An Grúpa Comhordaithe

Leis seo, bunaítear grúpa comhordaithe (“grúpa comhordaithe na ►C1  tairsí ◄ ”). Beidh sé comhdhéanta de chomhordaitheoir náisiúnta amháin ó gach Ballstát agus déanfaidh ionadaí ón gCoimisiún cathaoirleacht air. Glacfaidh sé a rialacha nós imeachta. Soláthróidh an Coimisiún an rúnaíocht don ghrúpa.

Airteagal 30

Cúraimí ghrúpa comhordaithe na ►C1  tairsí ◄

1.  Tacóidh grúpa comhordaithe na ►C1  tairsí ◄ le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Déanfaidh sé na nithe seo a leanas go háirithe:

(a) malartú agus nuashonrú rialta ar na dea-chleachtais a éascú;

(b) úsáid nósanna imeachta atá go hiomlán ar líne a spreagadh, ar nósanna imeachta iad a théann thar a bhfuil san áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, chomh maith le modhanna fíordheimhnithe, sainaitheantais agus sínithe ar líne, go háirithe iad mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(c) feabhsuithe a phlé maidir le cur i láthair soláimhsithe faisnéise laistigh de na réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn I, go háirithe ar bhonn na sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 24 agus Airteagal 25;

(d) cuidiú leis an gCoimisiún réitigh choiteanna TCF a fhorbairt lena dtacófar leis an ►C1  tairseach ◄ ;

(e) an dréachtchlár oibre bliantúil a phlé;

(f) cuidiú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an chláir oibre bhliantúil;

(g) faisnéis bhreise a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 a phlé d’fhonn Ballstáit eile a spreagadh chun faisnéis chomhchosúil a sholáthar, i gcás ina mbíonn sí ábhartha do na húsáideoirí;

(h) cuidiú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 8 go hAirteagal 16, i gcomhréir le hAirteagal 17;

(i) eolas a thabhairt faoi chur chun feidhme Airteagal 6(1);

(j) gníomhartha a phlé agus a mholadh do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún chun dúbláil neamhriachtanach na seirbhísí atá ar fáil tríd an ►C1  tairseach ◄ a sheachaint nó a dhíothú;

(k) tuairimí a sholáthar faoi nósanna imeachta nó bearta chun aghaidh éifeachtach a thabhairt ar aon fhadhbanna a tharraingíonn úsáideoirí anuas maidir le cáilíocht na seirbhísí, nó moltaí a sholáthar maidir le feabhsú cháilíocht na seirbhísí;

(l) cur i bhfeidhm phrionsabail na slándála trí dhearadh agus na príobháideachta trí dhearadh a phlé i gcomhthéacs an Rialacháin seo;

(m) saincheisteanna a phlé a bhaineann le bailiú aiseolas agus staidreamh úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 24 agus Airteagal 25, chun go ndéanfar na seirbhísí a thairgtear ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a fheabhsú go leanúnach;

(n) plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le ceanglais cháilíochta na seirbhísí a thairgtear ar an ►C1  tairseach ◄ ;

(o) dea-chleachtais a mhalartú agus cabhrú leis an gCoimisiún maidir le heagrú, struchtúr agus cur i láthair na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), chun dea-fheidhmiú an chomhéadain choitinn úsáideora a chumasú;

(p) cabhrú leis an gcur chun cinn comhordaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(q) obair i gcomhar le comhlachtaí rialachais nó seirbhísí na líonraí faisnéise agus cúnaimh nó réitigh fadhbanna;

(r) treoir a thabhairt maidir le teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla breise an Aontais a úsáidfidh na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagail 9(2), 10(4) agus 11(2), agus pointe (a) d’Airteagal 13(2).

2.  Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle le grúpa chomhordaithe na ►C1  tairsí ◄ i dtaca le hábhar ar bith a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 31

Clár oibre bliantúil

1.  Glacfaidh an Coimisiún an clár oibre bliantúil ina sonrófar na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)  ►C1  gníomhaíochtaí chun feabhas a chur le cur i láthair faisnéise laistigh de na réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus gníomhaíochtaí chun cur chun feidhme tráthúil an cheanglais i dtaca le faisnéis a sholáthar ag údaráis inniúla ar gach leibhéal, lena n-áirítear ar leibhéal an bhardais, a éascú; ◄

(b) gníomhartha chun comhlíonadh Airteagal 6 agus Airteagal 13 a éascú;

(c) gníomhartha a theastaíonn chun comhlíonadh comhsheasmhach na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 9 go hAirteagal 12 a áirithiú;

(d) gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun cinn na ►C1  tairsí ◄ i gcomhréir le hAirteagal 23.

2.   ►C1  Le linn dó an dréachtchlár oibre bliantúil a ullmhú, déanfaidh an Coimisiún an staidreamh faoi úsáideoirí agus an t-aiseolas ó úsáideoirí a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 24 agus Airteagal 25 a chur san áireamh, chomh maith le haon mholtaí a rinne na Ballstáit. Sula nglacfar é, cuirfidh an Coimisiún an dréachtchlár oibre bliantúil faoi bhráid ►C1  ghrúpa comhordaithe na tairsí ◄ lena phlé. ◄



CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 32

Costais

1.  Is ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a íocfar na costais a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a) forbairt agus cothabháil na n-uirlisí TFC lena dtacaítear le cur chun feidhme an Rialacháin seo ar leibhéal an Aontais;

(b) cur chun cinn na ►C1  tairsí ◄ ar leibhéal an Aontais;

(c) faisnéis, míniúcháin agus treoracha i gcomhréir le hAirteagal 12 a aistriú laistigh d’uasmhéid bliantúil in aghaidh an Bhallstáit, gan dochar d’ath-leithdháileadh a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcás inar gá sin chun gur féidir an buiséad a bheidh ar fáil a úsáid ina iomláine.

2.  Is ó bhuiséid na mBallstát faoi seach, mura bhforáiltear dá mhalairt i reachtaíocht an Aontais, a íocfar na costais a bhaineann le tairseacha gréasáin náisiúnta, ardáin faisnéise, seirbhísí cúnaimh agus nósanna imeachta a bhunaítear ar leibhéal na mBallstát.

Airteagal 33

Sonraí pearsanta a chosaint

Maidir le próiseáil na sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo ag údaráis inniúla comhlíonfaidh sí Rialachán (AE) Uimh. 2016/679. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfaidh sí Rialachán (AE) 2018/1725 .

Airteagal 34

Comhar le líonraí eile faisnéise agus cúnaimh

1.  Tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, cinnfidh an Coimisiún cé na socruithe neamhfhoirmiúla rialachais atá ann cheana maidir le haon cheann de na seirbhísí cúnaimh nó réitigh fadhbanna a liostaítear in Iarscríbhinn III nó maidir le haon cheann de na réimsí faisnéise a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a mbeidh grúpa comhordaithe na ►C1   tairsí ◄ freagrach astu.

2.  I gcás inar cruthaíodh seirbhísí nó líonraí faisnéise agus cúnaimh le gníomh dlí-cheangailteach de chuid an Aontais maidir le haon cheann de na réimsí faisnéise a chumhdaítear le hIarscríbhinn I, comhordóidh an Coimisiún obair ghrúpa comhordaithe na ►C1  tairsí ◄ agus chomhlachtaí rialachais na seirbhísí nó na líonraí sin d’fhonn sineirgí a bhaint amach agus dúbláil a sheachaint.

Airteagal 35

Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh

1.  Bainfear úsáid as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, chun críocha Airteagal 6(4) agus Airteagal 15 agus i gcomhréir leo.

2.  Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh IMI a úsáid mar an stór leictreonach do naisc dá dtagraítear in Airteagal 19(1).

Airteagal 36

Tuairisciú agus athbhreithniú

Tráth nach déanaí ná 12 Nollaig 2022 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil mheasúnachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú na ►C1  tairsí ◄ agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, bunaithe ar an staidreamh agus ar an aiseolas arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 24, Airteagal 25 agus Airteagal 26. San athbhreithniú sin, déanfar meastóireacht ar raon feidhme Airteagal 14 go háirithe, agus aird á tabhairt ar fhorbairtí teicneolaíochta, margaidh agus dlí a bhaineann le malartú fianaise idir údaráis inniúla.

Airteagal 37

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 38

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 mar a leanas:

(1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar rialacha síos le haghaidh úsáid Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI’) le haghaidh comhar riaracháin i measc na ngníomhaithe IMI, lena n-áirítear próiseáil sonraí pearsanta.”;

(2) in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 1:

“1.  Bainfear úsáid as IMI le haghaidh malartuithe faisnéise, lena n-áirítear sonraí pearsanta, i measc ghníomhaithe IMI agus le haghaidh phróiseáil na faisnéise sin chun ceachtar de na críocha seo a leanas:

(a) comhar riaracháin a éilítear i gcomhréir leis na gníomhartha a liostaítear san Iarscríbhinn;

(b) comhar riaracháin faoi réir treoirthionscadail a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 4.”;

(3) in Airteagal 5, leasaítear an dara mír mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) ciallaíonn ‘IMI’ an uirlis leictreonach sin de chuid an Choimisiúin dar feidhm an comhar riaracháin a éascú i measc na ngníomhaithe IMI;”;

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b) ciallaíonn ‘comhar riaracháin’ an comhar idir gníomhaithe IMI trí fhaisnéis a mhalartú agus a phróiseáil chun críche dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr,”;

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

“(g) ciallaíonn ‘gníomhaithe IMI’ na húdaráis inniúla, comhordaitheoirí IMI, an Coimisiún agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais;”;

(4) in Airteagal 8(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(f) comhordú le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a áirithiú agus rochtain ar IMI a dheonú dóibh”;

(5) in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 4:

“4.  Cuirfidh na Ballstáit, an Coimisiún agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais modhanna iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú go ligfear d’úsáideoirí IMI rochtain a fháil ar shonraí pearsanta arna bpróiseáil in IMI ar bhonn riachtanais, agus air sin amháin, agus laistigh den réimse nó de na réimsí de chuid an mhargaidh inmheánaigh inar deonaíodh cearta rochtana dóibh i gcomhréir le mír 3, agus laistigh den réimse sin nó de na réimsí sin amháin.”;

(6) leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.  Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo agus as cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a áirithiú, nuair atá an Coimisiún nó comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais ag próiseáil sonraí pearsanta ina ról mar ghníomhaithe IMI. Beidh feidhm ag na dualgais agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 57 agus Airteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ( *1 ) dá réir.

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.  Ag gníomhú dóibh laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, oibreoidh na hÚdaráis Náisiúnta Mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhar le chéile chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht chomhordaithe ar IMI agus ar an úsáid a bhaineann gníomhaithe IMI as i gcomhréir le hAirteagal 62 de [Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725].”;

(c) scriostar mír 4;

(7) in Airteagal 29, scriostar mír 1;

(8) san Iarscríbhinn, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“11. Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) ( *2 ): Airteagal 56, Airteagal 60 go hAirteagal 66 agus Airteagal 70(1).

12. Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le ►C1  tairseach aonair dhigiteach ◄ a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ( *3 ): Airteagal 6(4), Airteagal 15 agus Airteagal 19.

Airteagal 39

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 2, Airteagal 4, Airteagail 7 go 12, Airteagal 16, Airteagal 17, Airteagal 18(1) go (4), Airteagal 19, Airteagal 20, Airteagal 24(1), (2) agus (3), Airteagal 25(1) go (4), Airteagal 26 agus Airteagal 27 ón 12 Nollaig 2020.

Beidh feidhm ag Airteagal 6, Airteagal 13, Airteagal 14(1) go (8) agus (10) agus Airteagal 15 ón 12 Nollaig 2023.

D’ainneoin dháta chur i bhfeidhm Airteagail 2, 9, 10 agus 11, cuirfidh na údaráis bhardasacha an fhaisnéis, na míniúcháin agus na treoracha dá dtagraítear sna hAirteagail sin ar faoin 12 Nollaig 2022 ar a dheanaí.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

Liosta de réimsí faisnéise atá ábhartha do shaoránaigh agus gnólachtaí atá ag feidhmiú a gceart i ndáil leis an margadh inmheánach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2)

Réimsí faisnéise a bhaineann le saoránaigh:



Réimse

FAISNÉIS FAOI CHEARTA, OIBLEAGÁIDÍ AGUS RIALACHA A EASCRAÍONN AS DLÍ AN AONTAIS AGUS AS AN DLÍ NÁISIÚNTA

A.  Taisteal laistigh den Aontas

1.  doiciméid nach mór a bheith ag saoránaigh an Aontais, daoine muinteartha leo nach saoránaigh den Aontas iad, mionaoisigh atá ag taisteal ina n-aonar agus saoránaigh nach saoránaigh den Aontas iad nuair atá siad ag taisteal thar theorainneacha laistigh den Aontas (cárta aitheantais, víosa, pas)

2.  cearta agus oibleagáidí daoine agus iad ag taisteal ar eitleán, ar an traein, ar bhord loinge agus ar an mbus san Aontas agus amach as, agus cearta agus oibleagáidí daoine a cheannaíonn pacáistí taistil nó socruithe taistil gaolmhara

3.  cúnamh i gcás soghluaisteacht laghdaithe daoine agus iad ag taisteal san Aontas agus amach as

4.  iompar ainmhithe, plandaí, alcóil, tobac, toitíní agus earraí eile ag daoine agus iad ag taisteal san Aontas

5.  guthghlaonna a chur agus teachtaireachtaí leictreonacha agus sonraí leictreonacha a sheoladh agus a fháil laistigh den Aontas

B.  Obair agus scor laistigh den Aontas

1.  fostaíocht a lorg i mBallstát eile

2.  fostaíocht a ghlacadh i mBallstát eile

3.  aitheantas do cháilíochtaí d’fhonn fostaíocht a fháil i mBallstát eile

4.  cáin i mBallstát eile

5.  rialacha maidir le dliteanas agus le hárachas éigeantacha atá nasctha le cónaí nó fostaíocht i mBallstát eile

6.  téarmaí agus coinníollacha fostaíochta, lena n-áirítear d’oibrithe ar postú, mar a sonraítear i ndlíthe nó in ionstraim reachtúil (lena n-áirítear faisnéis maidir le huaireanta oibre, saoire íoctha, teidlíochtaí saoire, cearta agus oibleagáidí maidir le ragobair, scrúduithe sláinte, foirceannadh conarthaí, briseadh as post agus iomarcaíochtaí)

7.  cóir chomhionann (rialacha a chuireann cosc ar idirdhealú san áit oibre, rialacha maidir le pá comhionann d’fhir agus do mhná, pá comhionann d’fhostaithe ar chonarthaí téarma sheasta/fostaíochta buaine)

8.  oibleagáidí sláinte agus sábháilteachta maidir le cineálacha difriúla gníomhaíochta

9.  cearta agus oibleagáidí slándála sóisialta san Aontas, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le pinsin a fháil

C.  Feithiclí san Aontas

1.  mótarfheithicil a thabhairt go sealadach nó go buan chuig Ballstát eile

2.  ceadúnas tiomána a fháil agus a athnuachan

3.  árachas mhótarfheithiclí éigeantach a ghlacadh

4.  mótarfheithicil a cheannach agus a dhíol i mBallstát eile

5.  rialacha náisiúnta tráchta agus ceanglais ar thiománaithe, lena n-áirítear rialacha ginearálta maidir le húsáid an bhonneagair bóthair náisiúnta: muirir ambhunaithe (greamán), muirir acharbhunaithe (dola), greamáin astaíochtaí

D.  Cónaí i mBallstát eile

1.  bogadh chuig Ballstát eile go sealadach nó go buan

2.  ceannach agus díol maoine dochorraithe, lena n-áirítear aon choinníollacha agus oibleagáidí a bhaineann le cánachas, úinéireacht nó úsáid maoine, lena n-áirítear mar áit chónaithe thánaisteach

3.  páirt a ghlacadh i dtoghcháin bhardasacha agus toghcháin chuig Parlaimint na hEorpa

4.  ceanglais ar shaoránaigh an Aontais agus a ndaoine muinteartha maidir le cártaí cónaithe a bheith acu, lena n-áirítear daoine muinteartha nach saoránaigh den Aontas iad

5.  coinníollacha is infheidhme don eadóirseachta náisiúnaigh ó Bhallstát eile

6.  rialacha is infheidhme i gcás báis, lena n-áirítear rialacha maidir le haisdúichiú coirp chuig Ballstát eile

E.  Oideachas nó cúrsa oiliúna i mBallstát eile

1.  córas oideachais i mBallstát eile, lena n-áirítear oideachas agus cúram luath-óige, bunoideachas agus meánoideachas, ardoideachas agus foghlaim aosach

2.  obair dheonach a dhéanamh i mBallstát eile

3.  cúrsaí oiliúna i mBallstát eile

4.  taighde a dhéanamh i mBallstát eile mar chuid de chlár oideachais

F.  Cúram sláinte

1.  cóireáil leighis a fháil i mBallstát eile

2.  táirgí cógaisíochta ordaithe a cheannach ar líne nó go pearsanta i mBallstát nach ionann é agus an Ballstát inar eisíodh an t-oideas

3.  rialacha árachais sláinte is infheidhme i gcás ghearrfhanacht nó fadfhanacht i mBallstát eile, lena n-áirítear conas iarratas a dhéanamh ar an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte

4.  creat ginearálta faisnéise maidir le cearta nó oibleagáidí rochtana chun rannpháirt a ghlacadh i mbearta cúraim sláinte coisctheacha poiblí atá ar fáil

5.  seirbhísí a sholáthraítear trí uimhreacha náisiúnta éigeandála, lena n-áirítear uimhir “112” agus uimhir “116”

6.  cearta agus coinníollacha le haghaidh bogadh chuig ionad cúraim chónaithe

G.  Cearta saoránach agus teaghlaigh

1.  breith, coimeád leanaí mionaoiseacha, freagrachtaí ar thuismitheoirí, rialacha maidir le máthairionadaíocht agus uchtáil, lena n-áirítear uchtáil ag an dara tuismitheoir, oibleagáidí cothabhála maidir le leanaí in imthosca trasteorann teaghlaigh

2.  cónaí mar lánúin ag a bhfuil náisiúntachtaí difriúla, lena n-áirítear lánúineacha comhghnéis (pósadh, páirtnéireacht shibhialta nó chláraithe, idirscaradh, colscaradh, cearta maoine pósta, cearta comhchónaitheoirí)

3.  rialacha maidir le haitheantas inscne

4.  cearta agus oibleagáidí maidir le comharbas i mBallstát eile, lena n-áirítear rialacha cánach

5.  cearta agus rialacha is infheidhme i gcás fuadach leanaí trasteorann arna dhéanamh ag tuismitheoir

H.  Cearta tomhaltóirí

1.  earraí, inneachar digiteach nó seirbhísí (lena n-áirítear earraí agus seirbhísí airgeadais) a cheannach ar líne nó go pearsanta ó Bhallstát eile

2.  cuntas bainc a choimeád i mBallstát eile

3.  ceangal le fóntais amhail gás, leictreachas, uisce, diúscairt dramhaíola tí, teileachumarsáid agus an t-idirlíon

4.  íocaíochtaí, lena n-áirítear aistrithe creidmheasa, moilleanna ar íocaíochtaí trasteorann

5.  cearta agus ráthaíochtaí tomhaltóirí a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a cheannach, lena n-áirítear nósanna imeachta maidir le réiteach díospóidí agus cúiteamh do thomhaltóirí

6.  sábháilteacht agus slándáil táirgí tomhaltais

7.  mótarfheithicil a thógáil ar cíos

I.  Cosaint sonraí pearsanta

1.  cearta na n-ábhar sonraí maidir le cosaint sonraí pearsanta a fheidhmiú

Réimsí faisnéise a bhaineann le gnólachtaí:



Réimse

FAISNÉIS FAOI CHEARTA, OIBLEAGÁIDÍ AGUS RIALACHA

J.  Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh

1.  gnólacht a chlárú, a dhúnadh nó a chineál dlíthiúil a athrú (nósanna imeachta clárúcháin agus foirmeacha dlí le haghaidh gnó a dhéanamh)

2.  gnólacht a bhogadh chuig Ballstát eile

3.  cearta maoine intleachtúla (iarratas a dhéanamh ar phaitinn, trádmharc, líníocht nó dearadh a chlárú, ceadúnas atáirgthe a fháil)

4.  cothroime agus trédhearcacht i gcleachtais tráchtála, lena n-áirítear cearta tomhaltóirí agus ráthaíochtaí a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a dhíol

5.  saoráidí ar líne a thairiscint le haghaidh íocaíochtaí trasteorann nuair atáthar ag díol earraí agus seirbhísí ar líne

6.  cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as dlí na gconarthaí, lena n-áirítear ús ar riaráistí

7.  imeachtaí dócmhainneachta agus leachtú cuideachtaí

8.  árachas creidmheasa

9.  cuideachtaí a chumasc nó gnólacht a dhíol

10.  dliteanas sibhialta stiúrthóirí cuideachta

11.  rialacha agus oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil

K.  Fostaithe

1.  téarmaí fostaíochta a sonraítear síos i ndlíthe nó in ionstraim reachtúil(lena n-áirítear uaireanta oibre, saoire íoctha, teidlíochtaí saoire, cearta agus oibleagáidí maidir le ragobair, scrúduithe sláinte, foirceannadh conarthaí, briseadh as post agus iomarcaíochtaí)

2.  cearta agus oibleagáidí slándála sóisialta san Aontas (clárú mar fhostóir, fostaithe a chlárú, fógra a thabhairt d’fhostaí faoi dheireadh conartha, ranníocaíochtaí slándála sóisialta a íoc, cearta agus oibleagáidí a bhaineann le pinsin)

3.  oibrithe a fhostú i mBallstáit eile (oibrithe a phostú, rialacha maidir le saoirse chun seirbhísí a chur ar fáil, ceanglais chónaithe d’oibrithe)

4.  cóir chomhionann (rialacha lena dtoirmeasctar idirdhealú san áit oibre, rialacha maidir le pá comhionann d’fhir agus do mhná agus le pá comhionann d’fhostaithe ar chonarthaí téarma sheasta nó fostaíochta buaine)

5.  rialacha maidir le hionadaíocht foirne

L.  Cánacha

1.  CBL: faisnéis faoi na rialacha ginearálta, rátaí agus díolúintí, clárú le haghaidh CBL agus CBL a íoc, aisíocaíocht a fháil

2.  dleachtanna máil: faisnéis faoi na rialacha ginearálta, rátaí agus díolúintí, clárú chun críocha cánach máil agus íocaíocht cánach máil, aisíocaíocht a fháil

3.  dleachtanna custaim agus cánacha agus dleachtanna eile a bhailítear ó allmhairí

4.  nósanna imeachta custaim d’allmhairí agus d’onnmhairí faoi Chód Custaim an Aontais

5.  cánacha eile: íocaíocht, rátaí, tuairisceáin chánach

M.  Earraí

1.  comhartha CE a fháil

2.  rialacha agus ceanglais táirgí

3.  caighdeáin is infheidhme a shainaithint, sonraíochtaí teicniúla, agus táirgí a dheimhniú

4.  aitheantas frithpháirteach do tháirgí nach bhfuil faoi réir shonraíochtaí an Aontais

5.  ceanglais maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú do cheimiceáin ghuaiseacha

6.  ciandíol/díol seacháitribh: faisnéis nach mór a thabhairt do chustaiméirí roimh ré, an conradh a dheimhniú i scríbhinn, aistarraingt ó chonradh, na hearraí a sheachadadh, oibleagáidí sonracha eile

7.  táirgí lochtacha: cearta agus ráthaíochtaí tomhaltóirí, freagrachtaí iardhíola, modhanna sásaimh do pháirtí díobhálaithe

8.  deimhniúchán, lipéid (EMAS, lipéid fuinnimh, éicidhearthóireacht, éicilipéad AE)

9.  athchúrsáil agus bainistíocht dramhaíola

N.  Seirbhísí

1.  ceadúnais, údaruithe nó ceadanna a fháil d’fhonn gnólacht a thosú agus a fheidhmiú

2.  fógra a thabhairt do na húdaráis faoi ghníomhaíochtaí trasteorann

3.  aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla, lena n-áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint

O.  Gnólacht a chistiú

1.  rochtain a fháil ar mhaoiniú ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear cláir chistiúcháin agus deontais ghnó an Aontais

2.  rochtain a fháil ar mhaoiniú ar an leibhéal náisiúnta

3.  tionscnaimh atá dírithe ar fhiontraithe (malartuithe a eagraítear le haghaidh fiontraithe nua, cláir mheantóireachta, etc.)

P.  Conarthaí poiblí

1.  páirt a ghlacadh i dtairiscintí poiblí: rialacha agus nósanna imeachta

2.  tairiscint a chur isteach ar líne mar fhreagairt do ghlao poiblí ar thairiscintí

3.  neamhrialtachtaí a thuairisciú maidir leis an bpróiseas tairisceana

Q.  Sláinte agus sábháilteacht ag an obair

1.  oibleagáidí sláinte agus sábháilteachta maidir le cineálacha difriúla gníomhaíochta, lena n-áirítear rioscaí a chosc, faisnéis agus oiliúint




IARSCRÍBHINN II

Nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1)



Imeachtaí saoil

Nósanna imeachta

Aschur ionchasach faoi réir measúnú ar an iarratas ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás inarb ábhartha

Breith

Iarratas a dhéanamh ar chruthúnas maidir le clárú breithe

Cruthúnas maidir le clárú breithe nó teastas breithe

Cónaí

Iarratas a dhéanamh ar chruthúnas maidir le cónaí

Deimhniú de chlárú ag an seoladh reatha

Staidéar a dhéanamh

Iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú staidéir don oideachas treasach, amhail deontais agus iasachtaí staidéir ó chomhlacht poiblí nó ó institiúid phoiblí

Cinneadh faoin iarratas ar mhaoiniú nó admháil fála

Iarratas tosaigh a thíolacadh ar chead isteach in institiúid oideachais triú léibhéal phoiblí

Deimhniú go bhfuarthas an t-iarratas

Aitheantas acadúil a iarraidh i gcás dioplómaí, teastas nó cruthúnas eile staidéir nó cúrsaí

Cinneadh ar an iarraidh ar aitheantas

Obair

Iarratas ar an reachtaíocht is infheidhme a chinneadh i gcomhréir le Teideal II de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ()

Cinneadh maidir le reachtaíocht infheidhme

Fógra a thabhairt maidir le hathruithe i gcúinsí pearsanta nó gairmiúla an té a fhaigheann sochair slándála sóisialta, a bheidh ábhartha i dtaca leis na sochair sin

Deimhniú go bhfuarthas fógra faoi athruithe den sórt sin

Iarratas ar Chárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS)

Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS)

Dearbhú cánach ioncaim a thíolacadh

Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú

Bogadh

Athrú ar sheoladh a chlárú

Deimhniú maidir leis an seoladh a bhí ag duine roimhe seo a dhíchlárú agus maidir leis an seoladh nua a chlárú

Mótarfheithicil de thionscnamh nó atá cláraithe cheana féin i mBallstát, a chlárú, i nósanna imeachta caighdeánacha ()

Cruthúnas ar mhótarfheithicil a chlárú

Greamáin a fháil chun críocha an bonneagar bóithre náisiúnta a úsáid: muirir ambhunaithe (greamán), muirir acharbhunaithe (dola), arna eisiúint ag comhlacht poiblí nó institiúid phoiblí

Greamán dola nó greamán nó cruthúnas eile ar íocaíocht a fháil

Greamáin astaíochtaí a fháil arna n-eisiúint ag comhlacht poiblí nó institiúid phoiblí

Greamán astaíochtaí nó cruthúnas eile ar íocaíocht a fháil

Dul ar scor

Sochair phinsin agus sochair réamhscoir a éileamh ó scéimeanna éigeantacha

Deimhniú ar fháil an éilimh nó cinneadh ar an éileamh ar shochair phinsin nó réamhscoir

Faisnéis a iarraidh maidir leis na sonraí a bhaineann le pinsean ó scéimeanna éigeantacha

Ráiteas de shonraí pearsanta pinsin

Gnólacht a thosú, a choiméad ar bun agus a dhúnadh

Fógra faoi ghníomhaíocht ghnó, cead ar ghníomhaíochta gnó a fheidhmiú, athruithe ar ghníomhaíocht ghnó agus foirceannadh gníomhaíocht ghnó nach mbaineann le nósanna imeachta dócmhainneachta nó leachtaithe, cé is moite den chéad uair a chláraítear gníomhaíocht ghnó leis an gclár gnó agus, cé is moite de na nósanna imeachta a bhaineann le bunú cuideachtaí nó gnólachtaí nó aon chomhdú ina dhiaidh sin ag cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 54 CFAE.

Deimhniú ar fháil an fhógra nó an athraithe, nó na hiarrata ar chead gníomhaíochta gnó

Fostóir (duine nádúrtha) a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais

Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh

Fostaithe a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais

Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh

Dearbhú cánach corparáide a thíolacadh

Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú

Fógra a thabhairt do na scéimeanna slándála sóisialta faoi dheireadh conartha le fostaí, cé is moite de nósanna imeachta chun conarthaí fostaithe a fhoirceannadh go comhchoiteann

Deimhniú go bhfuarthas an fógra

Ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe a íoc

Admháil nó foirm eile deimhnithe gur íocadh ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe

(1)   Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

(2)   Cumhdaítear leis seo na feithiclí seo a leanas: (a) aon mhótarfheithicil nó leantóir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 3 de Threoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1) agus (b) aon mhótarfheithicil ar a bhfuil dhá nó trí roth, bíodh nó ná bíodh rotha cúplacha orthu, ar feithicil í atá beartaithe chun taisteal ar an mbóthar, mar a thagraítear di in Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).




IARSCRÍBHINN III

Liosta de na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2)

(1) Ionaid ilfhreastail ( 1 )

(2) Pointí Teagmhála do Tháirgí ( 2 )

(3) Pointí Teagmhála do Tháirgí Foirgníochta ( 3 )

(4) Lárionaid chúnaimh náisiúnta um cháilíochtaí gairmiúla ( 4 )

(5) Pointí Teagmhála don tSláinte ( 5 )

(6) Líonra Eorpach na seirbhísí fostaíochta (EURES) ( 6 )

(7) Réiteach díospóide ar líne (ODR) ( 7 )



( *1 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295 an 21.11.2018, lch. 39) .”;

( *2 ) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.

( *3 ) IO L295, 21.11.2018, lch. 39”.

( ) Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).

( ) Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar síos nósanna imeachta a bhaineann le rialacha náisiúnta teicniúla áirithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 3052/95/CE (IO L 218, 13.8.2008, lch. 21).

( ) Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5).

( ) Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).

( ) Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

( ) Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1).

( ) Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóide ar-líne le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1).

Top