7.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 261/1


RIALACHÁN (AE) 2022/1854 ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Deireadh Fómhair 2022

maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas,

(1)

Tá praghsanna an-ard sna margaí leictreachais ó bhí mí Mheán Fómhair 2021 ann. Mar a leag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) arna bhunú le Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) amach ina mheasúnú deiridh ar dhearadh mhargadh mórdhíola leictreachais an Aontais i mí Aibreáin 2022, is toradh é an méid sin a bhaineann go príomha leis an bpraghas ard gáis, a úsáidtear mar ionchur chun leictreachas a ghiniúint. Is minic a bhíonn gá le gléasraí cumhachta gáis nádúrtha adhainte chun an t-éileamh ar leictreachas a shásamh nuair a bhíonn an t-éileamh is airde ann le linn an lae nó nuair nach leor na toirteanna leictreachais a ghintear ó theicneolaíochtaí eile amhail foinsí fuinnimh núicléach, hidreafhuinnimh nó foinsí inathnuaite inathraitheacha fuinnimh chun freastal ar an éileamh. I ngeall ar an ngéarú atá tagtha ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, atá ina Páirtí Conarthach de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh (2), ó bhí mí Feabhra 2022 ann tá laghdú mór tagtha ar sholáthairtí gáis. Tá cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ina chúis le héiginnteacht maidir le soláthar tráchtearraí eile freisin, amhail antraicít agus peitriliam amh, ar tráchtearraí iad a úsáideann suiteálacha giniúna cumhachta. Mar thoradh air sin, tá méaduithe móra breise tagtha ar phraghas leictreachais, mar aon le luaineacht sa phraghas sin.

(2)

I bhfianaise na leibhéal seachadta gáis atá i bhfad níos ísle le déanaí agus an mhéadaithe ar shuaití an tsoláthair gáis ón Rúis, léirítear riosca mór go bhféadfadh sé go gcuirfí stop iomlán le soláthairtí gáis na Rúise go luath amach anseo. Chun slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais a mhéadú, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2022/1369 (3) lena ndéantar foráil maidir leis an éileamh ar ghás nádúrtha a laghdú ar laghad 15 % ar bhonn deonach ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Márta 2023 agus lena dtugtar an fhéidearthacht don Chomhairle foláireamh ón Aontas maidir le slándáil an tsoláthair gáis a fhógairt, rud a spreagfadh laghdú éigeantach ar an éileamh ar ghás ar fud an Aontais.

(3)

San am céanna, mar gheall ar na teochtaí fíor-arda a chonacthas le linn shamhradh 2022, tá méadú tagtha ar an éileamh ar leictreachas maidir le fuarú, rud a chuir leis an mbrú ar ghiniúint leictreachais agus, an tráth céanna, tá giniúint leictreachais ó theicneolaíochtaí áirithe go mór faoi bhun na leibhéal stairiúil de dheasca imthosca teicniúla agus imthosca atá ag brath ar an aimsir. Baineann sé sin go príomha le triomach eisceachtúil as ar eascair: (i) easnamh i dtáirgeadh leictreachais ag gléasraí cumhachta núicléiche i mBallstáit éagsúla mar gheall ar an easpa uisce fuaraithe a bhí ar fáil; (ii) ganntanas i nginiúint hidreachumhachta; agus (iii) leibhéil ísle uisce i móraibhneacha a rinne dochar d’iompar tráchtearraí a úsáidtear mar bhreosla ionchuir chun leictreachas a ghiniúint . Leis an staid sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, lean na toirteanna leictreachais a ghintear ó ghléasraí cumhachta gáis nádúrtha adhainte de bheith ard go leanúnach, rud a chuir le praghsanna mórdhíola leictreachais atá thar a bheith ard agus as cuimse. D’ainneoin infhaighteacht laghdaithe na n-acmhainneachtaí giniúna i roinnt Ballstát, bhí malartuithe leictreachais idir na Ballstáit ina gcuidiú le teagmhais maidir le slándáil an tsoláthair a sheachaint agus rannchuidigh an méid sin le luaineacht praghsanna ar mhargaí an Aontais a mhaolú, rud a d’fheabhsaigh athléimneacht gach Ballstáit i leith suaití praghsanna.

(4)

Mar thoradh ar an mborradh ar phraghsanna i margaí mórdhíola leictreachais, tá méaduithe móra tagtha ar phraghsanna miondíola leictreachais, agus meastar go leanfaidh siad de dhul i bhfeidhm de réir a chéile ar fhormhór na gconarthaí do thomhaltóirí faoin gcéad séasúr téimh eile. Mar thoradh ar an méadú mór ar phraghsanna gáis agus ar an éileamh atá ann dá bharr sin ar bhreoslaí malartacha, tá méadú tagtha freisin ar phraghsanna tráchtearraí eile amhail praghsanna sin mar pheitriliam amh agus guail.

(5)

Tá tionchar diúltach ag an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair ar na Ballstáit uile, cé nach ionann an tionchar sin. Tá an méadú mór ar phraghsanna fuinnimh ag cur go mór leis an mboilsciú ginearálta sa limistéar euro agus ag cur moill ar an bhfás eacnamaíoch san Aontas.

(6)

Tá gá, dá bhrí sin, le freagairt thapa chomhordaithe ar leibhéal an Aontais. Trí idirghabháil éigeandála a bhunú, d’fhéadfaí maolú sealadach a dhéanamh ar an riosca go sroichfeadh praghsanna leictreachais agus costas an leictreachais do chustaiméirí deiridh leibhéil níos lú inbhuanaithe fós agus go nglacfadh na Ballstáit bearta náisiúnta neamhchomhordaithe, rud a d’fhéadfadh slándáil an tsoláthair ar leibhéal an Aontais a chur i mbaol agus ualach breise a chur ar thionscal agus ar thomhaltóirí an Aontais. De mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, tá gá le hiarracht chomhordaithe ó na Ballstáit le linn shéasúr geimhridh 2022-23 chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú agus chun a áirithiú nach ndéanfaí díobháil mharthanach do thomhaltóirí ná don gheilleagar leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair, agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí á caomhnú san am céanna.

(7)

De réir bhrí Airteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is mór an deacracht a bhaineann leis na suaití atá ann faoi láthair ar sholáthairtí gáis, le hinfhaighteacht laghdaithe gléasraí giniúna cumhachta áirithe, agus leis an tionchar a bhíonn aige sin ar phraghsanna gáis agus leictreachais (CFAE). Tá riosca tromchúiseach ann go dtiocfadh meath breise ar an staid le linn shéasúr an gheimhridh 2022-23i gcás ina mbeadh suaití breise ann i soláthairtí gáis agus i gcás geimhreadh fuar, rud a chuirfeadh leis an éileamh ar ghás agus ar leictreachas. D’fhéadfadh an meath breise sin a bheith ina chúis le brú níos airde ar phraghasanna gáis agus ar phraghsanna tráchtearraí fuinnimh eile, rud a mbeadh tionchar aige ar phraghsanna leictreachais.

(8)

Ceann de na príomhghníomhaithe sa mhargadh fuinnimh ba chúis leis an suaitheadh a tugadh don mhargadh sin, suaitheadh a laghdaigh go saorga an soláthar gáis i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an chogaidh hibridigh atá á throid aici lena chois, agus cruthaíodh géarchéim a éilíonn go nglacfaí sraith de bhearta eacnamaíocha práinneacha sealadacha agus eisceachtúla chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí dofhulaingthe atá ag an ngéarchéim sin ar thomhaltóirí agus ar chuideachtaí. Mura dtabharfar aghaidh uirthi go tapa, d’fhéadfadh sé go mbeadh éifeachtaí díobhálacha tromchúiseacha ag an ngéarchéim ar bhoilsciú, ar leachtacht oibreoirí margaidh agus ar an ngeilleagar ina iomláine.

(9)

Tá gá le freagairt aontaithe dhea-chomhordaithe ar fud an Aontais chun dul i ngleic leis an méadú mór ar phraghsanna leictreachais agus leis an tionchar atá ag an méid sin ar theaghlaigh agus ar thionscal. D’fhéadfadh bearta náisiúnta neamhchomhordaithe difear a dhéanamh d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, rud a chuirfeadh slándáil an tsoláthair i mbaol agus a bheadh ina gcúis le méaduithe breise ar phraghsanna sna Ballstáit is mó atá thíos leis an ngéarchéim. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach sláine an mhargaidh inmheánaigh leictreachais a chosaint chun an dlúthpháirtíocht is gá idir na Ballstáit a chaomhnú agus a fheabhsú.

(10)

Cé go bhféadfadh roinnt Ballstát a bheith níos neamhchosanta ar na héifeachtaí a bheadh ag suaití ar sholáthairtí gáis na Rúise agus ar na méaduithe ar phraghsanna dá bharr sin, is féidir leis na Ballstáit uile rannchuidiú le teorainn a chur leis an díobháil eacnamaíoch a dhéanfar de dheasca an tsuaite sin trí bhearta iomchuí a dhéanamh chun an t-éileamh a laghdú. Tríd an éileamh ar leictreachas a laghdú ar an leibhéal náisiúnta, is féidir tionchar dearfach a imirt ar phraghsanna leictreachais ar fud an Aontais, ós rud é go bhfuil na margaí leictreachais cúpláilte agus go dtéann coigilteas i mBallstát amháin chun tairbhe do Bhallstáit eile dá bhrí sin.

(11)

D’fhéadfadh saobhadh suntasach idir gineadóirí san Aontas a bheith mar thoradh ar chaidhpeanna neamhchomhordaithe ar ioncam margaidh ó leictreachas a tháirgtear ó ghineadóirí a bhfuil costais imeallacha níos ísle acu amhail foinsí inathnuaite, núicléacha agus ligníte (“gineadóirí infrimeallacha”). Le gealltanas maidir le caidhp chomhpháirteach uile-Aontais ar ioncaim mhargaidh ó ghineadóirí bonneagair , ba cheart go bhféadfaí saobhadh den sórt sin a sheachaint. Thairis sin, ní féidir leis na Ballstáit uile tacú le tomhaltóirí an oiread céanna mar gheall ar acmhainní airgeadais teoranta, agus san am céanna, d’fhéadfadh roinnt gineadóirí leictreachais leanúint de bharrachas ioncaim mór a bheith acu. Le dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit, tríd an gcaidhp ar ioncam margaidh ar fud an Aontais, ba cheart go nginfí ioncam do na Ballstáit chun bearta a mhaoiniú chun tacú le custaiméirí deiridh leictreachais, amhail teaghlaigh, fiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”) agus tionscail dianfhuinnimh, agus, san am céanna, caomhnófar na comharthaí praghais ar na margaí ar fud an Aontais agus caomhnófar an trádáil trasteorann.

(12)

D’fhonn an mhéadaithe mhóir ar phraghsanna miondíola gáis agus leictreachais, tá tábhacht ar leith ag baint le hidirghabhálacha Stáit agus phoiblí chun tomhaltóirí a chosaint. Mar sin féin, tá éagsúlacht idir na Ballstáit maidir le tionchar na nganntanas soláthair gáis ar phraghsanna leictreachais, chomh maith leis an bhféidearthacht chun bearta tacaíochta a mhaoiniú ó bhuiséad an Stáit. Mura féidir ach le roinnt Ballstát a bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu custaiméirí agus soláthróirí a chosaint, bheadh saobhadh tromchúiseach sa margadh inmheánach ann mar thoradh air sin. Le hoibleagáid aonfhoirmeach maidir leis an mbarrachas ioncaim a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí, d'fhágfaí gur féidir leis na Ballstáit uile a gcuid tomhaltóirí a chosaint. Bheadh tionchar dearfach ag an dea-éifeacht ar phraghsanna fuinnimh ar mhargadh idirnasctha an Aontais agus chuideofaí freisin leis an ráta boilscithe a mhaolú. Dá bhrí sin, de mheon dlúthpháirtíochta, ba cheart tionchar dearfach ag bearta arna nglacadh i mBallstát amháin, i margadh idirnasctha an Aontais, ar Bhallstáit eile freisin.

(13)

Meastar gurb iomchuí, sa staid reatha, gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais trí ranníocaíocht dlúthpháirtíochta a thabhairt isteach do chuideachtaí de chuid an Aontais agus do bhuanbhunaíochtaí a bhfuil gníomhaíochtaí acu sna hearnálacha peitriliam, gáis nádúrtha, guail agus scaglainne chun maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí eacnamaíocha díreacha atá ag an ardú as cuimse ar phraghsanna fuinnimh do bhuiséid údarás poiblí, do chustaiméirí deiridh agus do chuideachtaí ar fud an Aontais. Ba cheart an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta sin a bheith eisceachtúil agus ba cheart í a bheith sealadach go docht.na scaglann

(14)

Is bealach iomchuí é an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta chun dul i ngleic le barrachas brabúis, i gcás imthosca gan choinne. Ní chomhfhreagraíonn na brabúis sin d’aon bhrabús rialta a bheadh nó a d’fhéadfadh súil a bheith ag cuideachtaí nó buanbhunaíochtaí de chuid an Aontais a bhfuil gníomhaíochtaí acu sna hearnálacha peitriliam, gáis nádúrtha, guail agus scaglann amh i ngnáthchúinsí dá mba rud é nár tharla na teagmhais dhothuartha sna margaí fuinnimh. Dá bhrí sin, is beart comhpháirteach agus comhordaithe atá i gceist leis an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta a thabhairt isteach lenar féidir, de mheon dlúthpháirtíochta, fáltais bhreise do na húdaráis náisiúnta chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do theaghlaigh agus do chuideachtaí a ndéanann an méadú as cuimse ar phraghsanna fuinnimh difear mór dóibh agus cothroime iomaíochta á áirithiú ag an am céanna ar fud an Aontais. Ba cheart í a chur i bhfeidhm i gcomhthreo leis na cánacha corparáideacha tráthrialta a thoibhíonn gach Ballstát ar na cuideachtaí lena mbaineann.

(15)

Chun comhleanúnachas a áirithiú ar fud na réimsí beartais fuinnimh, ba cheart na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo feidhmiú mar phacáiste idirspleách lena dtreiseofaí a chéile. Ba cheart do na Ballstáit uile a bheith in ann tacú le tomhaltóirí, ar bhealach spriocdhírithe, trí bharrachas ioncaim a eascraíonn as an gcaidhp ar ioncam margaidh, tríd an éileamh ar leictreachas a laghdú, rud a rannchuidíonn le praghsanna fuinnimh a ísliú, agus trí bhíthin fáltas ó ranníocaíocht dlúthpháirtíochta a fhorchuirtear ar chuideachtaí an Aontais agus buanbhunaíochtaí a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí in earnálacha an pheitriliam amh, an gháis nádúrtha, an ghuail agus na scaglannna scaglann. An tráth céanna, ba cheart éifeachtaí dearfacha a bheith ag éileamh níos ísle ó thaobh na rioscaí do shlándáil an tsoláthair a laghdú, i gcomhréir le cuspóirí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(16)

Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit féachaint lena n-olltomhaltas leictreachais iomlán a laghdú ó na tomhaltóirí go léir, lena n-áirítear na tomhaltóirí sin nach bhfuil feistithe go fóill le córais méadraithe chliste nó le gairis a chuireann ar a gcumas faireachán a dhéanamh ar a dtomhaltas le linn uaireanta sonracha den lá.

(17)

Chun stoic bhreosla le haghaidh giniúint leictreachais a chaomhnú agus chun díriú go sonrach ar na huaireanta ar mó praghas nó tomhaltas an leictreachais, nuair a bhíonn tionchar mór ag giniúint cumhachta gáis nádúrtha adhainte ar an bpraghas imeallach, ba cheart do gach Ballstát a olltomhaltas leictreachais a laghdú le linn na n-uaireanta a shainaithnítear mar bhuaicuaireanta.

(18)

Le sprioc cheangailteach 5 % maidir le laghdú ar éileamh le linn buaicuaireanta atá bunaithe ar an ngnáthphróifíl tomhaltais leictreachais laistigh de na buaic-uaireanta, d’áiritheofaí go ndíreodh na Ballstáit ar bhealach ní ba shonraí ar thomhaltóirí ar féidir leo solúbthacht a sholáthar trí thairiscintí laghdaithe éilimh ar bhonn uaire, lena n-áirítear trí chomhbhailitheoirí neamhspleácha. Dá bhrí sin, le laghdú gníomhach 5 % ar a laghad ar éileamh ar leictreachas le linn uaireanta roghnaithe, ba cheart go rannchuideodh sin le tomhaltas breosla a laghdú agus le dáileachán níos cothroime a bheith ann ar éileamh i gcaitheamh na n-uaireanta, rud a mbeadh tionchar aige ar phraghsanna margaidh in aghaidh na huaire.

(19)

Ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit na bearta iomchuí a roghnú chun na spriocanna maidir le laghdú ar éileamh a bhaint amach ionas gur féidir leo sainiúlachtaí náisiúnta a léiriú. Agus bearta maidir le laghdú ar éileamh ar leictreachas á gceapadh acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gceapfar na bearta sin ionas nach ndéantar dochar do chuspóirí an Aontais maidir le leictriú mar a leagtar amach iad sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2020 maidir le geilleagar aeráidneodrach a chumhachtú: Straitéis an Aontais um Lánpháirtiú Córas Fuinnimh. Tá an leictriú ríthábhachtach chun spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus chun uathriail straitéiseach fhadtéarmach an Aontais Eorpaigh a áirithiú ós rud é, leis an méid sin, go gcuirtear teorainn le méid na géarchéime fuinnimh seo agus go gcuirtear cosc ar ghéarchéimeanna fuinnimh amach anseo. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta chun an t-olltomhaltas leictreachais a laghdú feachtais náisiúnta múscailte feasachta, faisnéis spriocdhírithe a fhoilsiú faoin staid réamh-mheasta sa chóras leictreachais, bearta rialála lena gcuirtear teorainn ar thomhaltas fuinnimh neamhriachtanach, agus dreasachtaí spriocdhírithe chun tomhaltas leictreachais a laghdú.

(20)

Agus bearta iomchuí chun an t-éileamh a laghdú le linn na mbuaicuaireanta á sainaithint, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh go háirithe ar bhearta margadhbhunaithe amhail ceantanna nó scéimeanna tairisceana, trína bhféadfaí laghdú ar thomhaltas a dhreasú ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. Chun éifeachtúlacht agus cur chun feidhme tapa a áirithiú, d’fhéadfadh na Ballstáit leas a bhaint as tionscnaimh atá ann cheana agus scéimeanna atá ann cheana a leathnú chun freagairt don éileamh a fhorbairt. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta dreasachtaí airgeadais nó cúiteamh do rannpháirtithe sa mhargadh a ndéantar difear dóibh, má bhaintear amach laghdú inláimhsithe ar an éileamh sa bhreis ar an ngnáth-thomhaltas a bhfuil coinne leis.

(21)

Chun cabhrú leis na Ballstáit agus chun treoraíocht a thabhairt dóibh maidir le baint amach na laghduithe is gá ar an éileamh a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún comhroinnt dea-chleachtas idir na Ballstáit a éascú.

(22)

Mar gheall ar an mborradh urghnách agus tobann atá tagtha ar phraghsanna leictreachais agus an gar-riosca go dtiocfadh méadú breise orthu, is gá do na Ballstáit na bearta is gá a bhunú láithreach chun laghduithe ar an olltomhaltas leictreachais a bhaint amach chun laghduithe tapa ar phraghsanna a éascú agus chun úsáid breoslaí iontaise a íoslaghdú.

(23)

Sa mhargadh mórdhíola lá roimh ré, leithdháiltear leictreachas ó na gléasraí cumhachta is saoire ar dtús ach socraítear an praghas a fhaigheann gach rannpháirtí sa mhargadh leis an ngléasra deireanach is gá chun an t-éileamh a chumhdach, an gléasra ag a bhfuil na costais imeallacha is airde, nuair a dhéantar an margadh a imréiteach. Mar thoradh ar an mborradh a tháinig le déanaí ar phraghas gáis agus antraicíte, tá méadú eisceachtúil marthanach ar na praghsanna ag a mbíonn na saoráidí giniúna cumhachta gáis agus gualbhreoslaithe ag tairiscint sa mhargadh mórdhíola lá roimh ré. Dá réir sin, tá praghsanna thar a bheith ard sa mhargadh lá roimh ré ar fud an Aontais, ós rud é gur minic na gléasraí sin a bhfuil na costais imeallacha is airde acu is gá chun freastal ar an éileamh ar leictreachas.

(24)

I bhfianaise ról an phraghais sa mhargadh lá roimh ré mar thagairt don phraghas i margaí mórdhíola leictreachais eile, agus ós rud é go bhfaigheann gach rannpháirtí sa mhargadh an praghas imréitigh, tá ioncam ard taifeadta go comhsheasmhach ag na teicneolaíochtaí a bhfuil costais imeallacha i bhfad níos ísle acu ó thosaigh fogha mhíleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine i mí Feabhra 2022, ar leibhéil iad atá i bhfad níos airde ná mar a bhíodar ag súil leis agus cinneadh á dhéanamh acu infheistíocht a dhéanamh.

(25)

I gcás ina bhfuil tomhaltóirí neamhchosanta ar phraghsanna an-ard a dhéanann dochar do gheilleagar an Aontais freisin, is gá teorainn a chur, ar bhonn sealadach, le hioncam margaidh urghnách táirgeoirí a bhfuil costais imeallacha níos ísle acu tríd an gcaidhp a chur i bhfeidhm ar ioncam margaidh a bhaintear amach trí leictreachas a dhíol laistigh den Aontas.

(26)

Ionas nach rachfar timpeall ar chur i bhfeidhm na caidhpe ar ioncam margaidh, ba cheart do na Ballstáit bearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuirfear an chaidhp i bhfeidhm ar ioncam margaidh go héifeachtach i gcásanna ina bhfuil táirgeoirí mar chuid de ghrúpa cuideachtaí.

(27)

Níor cheart don leibhéal ag a socraítear an chaidhp ar ioncam margaidh cumas na dtáirgeoirí a bhfuil feidhm ag an gcaidhp maidir leo a chur i mbaol, lena n-áirítear táirgeoirí fuinnimh inathnuaite, chun a gcostais infheistíochta agus oibriúcháin a aisghabháil agus ba cheart dó infheistíochtaí amach anseo a chaomhnú agus a dhreasú san acmhainneacht is gá le haghaidh córas leictreachais dícharbónaithe iontaofa. Is leis an gcaidhp ar ioncam margaidh, ar caidhp aonfhoirmeach ar fud an Aontais í, is oiriúnaí feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh leictreachais a chaomhnú, ós rud é, leis an gcaidhp sin, go gcoinnítear ar bun iomaíocht phraghasbhunaithe idir táirgeoirí leictreachais bunaithe ar theicneolaíochtaí éagsúla, go háirithe i gcás foinsí inathnuaite.

(28)

Cé gur féidir a mheas gur gnáthghné de mhargadh leictreachais iad buaicphointí ó am go chéile agus buaicphointí gearrthéarmacha maidir le praghsanna agus go bhféadfadh an méid sin a bheith úsáideach d’infheisteoirí áirithe chun a n-infheistíocht ghiniúna a aisghabháil, tá an méadú foircneach agus marthanach ar phraghsanna atá le feiceáil ó bhí mí Feabhra 2022 ann an-éagsúil ó ghnáthstaid mhargaidh ina mbíonn buaicphraghsanna ó am go chéile. Dá bhrí sin, níor cheart an chaidhp ar ioncam margaidh a shocrú faoi bhun ionchais réasúnacha rannpháirtithe sa mhargadh maidir le meánleibhéal na bpraghsanna leictreachais le linn na n-uaireanta ina raibh an t-éileamh ar leictreachas ag an leibhéal is airde, roimh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Roimh mhí Feabhra 2022, measadh go mór agus go comhsheasmhach go mbeadh na meán-bhuaicphraghsanna sa mhargadh mórdhíola leictreachais faoi bhun EUR 180 in aghaidh gach MWh ar fud an Aontais le deicheanna de bhlianta beaga anuas, d’ainneoin na ndifríochtaí i bpraghsanna leictreachais idir na réigiúin san Aontas. Ós rud é go ndearna rannpháirtithe sa mhargadh an cinneadh maidir le hinfheistíocht tosaigh bunaithe ar an ionchas go mbeadh na praghsanna, ar an meán, níos ísle ná an leibhéal sin le linn buaicuaireanta, is ionann an chaidhp ar ioncaim mhargaidh a shocrú ag EUR 180 in aghaidh gach MWh agus leibhéal atá i bhfad níos airde ná ionchais tosaigh an mhargaidh. Trí chorrlach a fhágáil ar an bpraghas a bhféadfadh infheisteoirí a bheith ag súil leis go réasúnach, is gá a áirithiú nach rachaidh an chaidhp ar ioncaim mhargaidh in aghaidh an mheasúnaithe tosaigh ar bhrabúsacht infheistíochta.

(29)

Thairis sin, tá an chaidhp EUR 180 ar ioncaim mhargaidh in aghaidh gach MWh níos airde go comhsheasmhach, lena n-áirítear corrlach réasúnta, ná an meánchostas iomlán táirgthe fuinnimh atá ann faoi láthair (LCOE) maidir leis na teicneolaíochtaí giniúna ábhartha, rud a fhágann gur féidir le táirgeoirí a bhfuil feidhm aici maidir leo a n-infheistíochtaí agus a gcostais oibriúcháin a chumhdach. Ós rud é go bhfágtar, leis an ríomh a roghnaítear sa togra seo maidir leis an gcaidhp ar ioncaim mhargaidh, corrlach suntasach idir an LCOE réasúnta agus an chaidhp ar ioncaim mhargaidh, ní mheastar, dá bhrí sin, go gcuirfidh sí isteach ar an infheistíocht in acmhainní infrimeallacha nua.

(30)

Ba cheart an chaidhp ar ioncaim mhargaidh a shocrú ar ioncaim mhargaidh seachas ar ioncam giniúna iomlán (lena n-áirítear foinsí eile ioncaim a d’fhéadfadh a bheith ann amhail préimh ar sholáthar leictreachais), chun tionchar mór a sheachaint ar bhrabúsacht ionchasach tosaigh tionscadail. Gan beann ar an bhfoirm chonarthach ina bhféadfar trádáil leictreachais a dhéanamh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcaidhp ar ioncaim mhargaidh maidir le hioncam margaidh réadaithe amháin. Tá gá leis an méid sin chun nach ndéanfar díobháil do tháirgeoirí nach mbaineann tairbhe iarbhír as na praghsanna arda leictreachais atá ann faoi láthair toisc go bhfuil a n-ioncam fálaithe acu i gcoinne luaineachtaí sa mhargadh mórdhíola leictreachais. Dá bhrí sin, a mhéid a eascraíonn ioncam margaidh ó tháirgeadh leictreachais suas le leibhéal na caidhpe ar ioncam margaidh as oibleagáidí conarthacha atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo, amhail comhaontuithe ceannaigh cumhachta inathnuaite agus cineálacha eile comhaontuithe ceannaigh cumhachta nó réamhfhálú, níor cheart an Rialachán seo difear a dhéanamh don ioncam sin. Níor cheart, dá bhrí sin, leis an mbeart lena dtugtar isteach an chaidhp ar ioncaim mhargaidh, rannpháirtithe sa mhargadh a dhíspreagadh ó oibleagáidí conarthacha den chineál sin a thabhairt orthu féin.

(31)

Cé go bhféadfadh sé a bheith níos éifeachtúla an chaidhp ar ioncaim mhargaidh a chur i bhfeidhm tráth a shocraítear idirbhearta, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an méid sin indéanta i gcónaí, mar shampla mar gheall ar dhifríochtaí sa chaoi a n-eagraítear margaí mórdhíola leictreachais sna Ballstáit agus i gcaitheamh creataí ama éagsúla. Chun sainiúlachtaí náisiúnta a chur san áireamh agus chun cur i bhfeidhm na caidhpe ar ioncaim mhargaidh a éascú ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart é a bheith de rogha ag na Ballstáit a chinneadh cé acu a chuirfidh siad i bhfeidhm í nuair a dhéanfar an malartú leictreachais a shocrú nó ina dhiaidh sin. Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag na Ballstáit freisin chun bearta tacaíochta a réamh-mhaoiniú do chustaiméirí deiridh leictreachais agus ioncam an mhargaidh a bhailiú ag céim níos déanaí. Ba cheart don Choimisiún treoir a chur ar fáil do na Ballstáit maidir leis an mbeart sin a chur chun feidhme.

(32)

Ba cheart feidhm a bheith ag an gcaidhp ar ioncaim mhargaidh maidir le teicneolaíochtaí a bhfuil costais imeallacha níos ísle acu ná leis an gcaidhp ar ioncaim mhargaidh, amhail fuinneamh gaoithe, grianfhuinneamh, fuinneamh núicléach nó lignít.

(33)

Níor cheart feidhm a bheith ag an gcaidhp ar ioncaim mhargaidh maidir le teicneolaíochtaí a bhfuil costais imeallacha arda acu a bhaineann le praghas an bhreosla ionchuir is gá chun leictreachas a tháirgeadh, amhail gléasraí gáis agus gléasraí cumhachta antraicítbhreoslaithe, toisc go mbeadh a gcostais oibriúcháin i bhfad os cionn leibhéal na caidhpe ar ioncaim mhargaidh agus go gcuirfeadh a cur i bhfeidhm a n-inmharthanacht eacnamaíoch i mbaol. Chun na dreasachtaí a choinneáil ar bun chun laghdú foriomlán a dhéanamh ar thomhaltas gáis, níor cheart feidhm a bheith ag an gcaidhp ar ioncaim mhargaidh ach an oiread maidir le teicneolaíochtaí a théann in iomaíocht go díreach le gléasraí cumhachta gásadhainte chun solúbthacht a thairiscint don chóras leictreachais agus tairiscint a dhéanamh i margadh an leictreachais bunaithe ar na deischostais a bhaineann leo, amhail freagairt ar éileamh agus stóráil.

(34)

Níor cheart feidhm a bheith ag an gcaidhp ar ioncaim mhargaidh maidir le teicneolaíochtaí lena n-úsáidtear mar bhreoslaí ionchuir breoslaí a chuirtear in ionad gáis nádúrtha, amhail bithmheatán, ionas nach ndéanfar dochar do thiontú na ngléasraí cumhachta gásadhainte atá ann cheana i gcomhréir le cuspóirí REPowerEU a leagtar amach go háirithe i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 maidir le Plean REPowerEU (“Plean REPowerEU”).

(35)

Chun na dreasachtaí maidir le forbairt teicneolaíochtaí nuálacha a chaomhnú, níor cheart feidhm a bheith ag an gcaidhp ar ioncaim mhargaidh maidir le tionscadail taispeántais.

(36)

I roinnt Ballstát, cuirtear caidhp ar an ioncam a fhaightear ó ghineadóirí áirithe cheana féin trí bhíthin bearta Stáit agus poiblí amhail taraifí ar sholáthar leictreachais agus conarthaí difríochta dhá threo. Ní bhaineann na gineadóirí sin tairbhe as ioncam méadaithe a eascraíonn as an méadú a tháinig ar phraghsanna leictreachais le déanaí. Dá bhrí sin, táirgeoirí atá faoi réir an chineáil sin birt Stáit, nár glacadh mar fhreagairt ar an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair, ba cheart iad a eisiamh ó chur i bhfeidhm na caidhpe ar ioncam margaidh. Ar bhealach comhchosúil, níor cheart feidhm a bheith ag an gcaidhp ar ioncam margaidh maidir le táirgeoirí a bhfuil a n-ioncam margaidh faoi réir bearta rialála eile arna nglacadh ag údaráis phoiblí faoina n-aistrítear ioncaim go díreach chuig tomhaltóirí.

(37)

Chun forfheidhmiú éifeachtach na caidhpe ar ioncaim mhargaidh a áirithiú, ba cheart do na táirgeoirí, na hidirghabhálaithe agus na rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh na sonraí is gá a sholáthar d’údaráis inniúla na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, d’oibreoirí córais agus d’oibreoirí ainmnithe sa mhargadh leictreachais. I bhfianaise líon mór na n-idirbheart aonair nach mór d’údaráis inniúla na mBallstát forfheidhmiú na caidhpe ar ioncam margaidh a áirithiú ina leith, ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis sin meastacháin réasúnacha a úsáid chun an chaidhp ar ioncam margaidh a ríomh.

(38)

Chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhféadfadh cur i bhfeidhm na caidhpe ar ioncaim mhargaidh difear a dhéanamh do dhreasachtaí rannpháirtithe margaidh chun fuinneamh don chothromú a sholáthar nó do dhreasachtaí maidir le hathsheoladh agus fritrádáil, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh gan an chaidhp a chur i bhfeidhm ar ioncaim mhargaidh a fhaightear ó dhíolachán leictreachais i margadh an fhuinnimh don chothromú agus ón gcúiteamh airgeadais as athsheoladh agus fritrádáil.

(39)

Chun ábhair imní maidir le cinnteacht an tsoláthair a chur san áireamh, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit an chaidhp a shocrú ar ioncaim mhargaidh ar bhealach a chuirfidh ar chumas na dtáirgeoirí leictreachais 10 % den bharrachas ioncaim a choinneáil os cionn na caidhpe ar ioncam margaidh.

(40)

Ós rud é go bhfuil éagsúlachtaí móra idir na Ballstáit maidir le meascán giniúna agus struchtúr costais na saoráidí giniúna cumhachta, ba cheart cead a bheith acu bearta náisiúnta géarchéime a choinneáil nó a thabhairt isteach faoi choinníollacha sonracha.

(41)

Go háirithe, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit i gcónaí ioncaim na dtáirgeoirí a bhfuil feidhm ag an gcaidhp ar na hioncaim mhargaidh maidir leo a theorannú a thuilleadh agus caidhp shonrach a shocrú ar na hioncaim mhargaidh a fhaightear ó dhíolachán leictreachais a tháirgtear ó antraicít, ar féidir le praghas an leictreachais sin a bheith i bhfad níos ísle ná praghas teicneolaíochtaí imeallacha i roinnt Ballstát. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit freisin bearta náisiúnta géarchéime a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach, lena gcuirtear teorainn le hioncaim mhargaidh na dtáirgeoirí seachas iad siúd atá faoi réir na caidhpe ar ioncam margaidh uile-Aontais.

(42)

Chun slándáil an tsoláthair a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann caidhp níos airde ar ioncaim mhargaidh a shocrú ar ioncam margaidh do tháirgeoirí a bheadh faoi réir na caidhpe ar ioncam margaidh uile-Aontais murach sin, nuair a bheadh a gcostais infheistíochta agus oibriúcháin níos airde ná an chaidhp uile-Aontais.

(43)

Mar gheall ar an méadú atá tagtha ar shreabha trádála thar chriosanna tairisceana arna n-eascairt as difríochtaí móra sna praghsanna géarchéim-ghaolmhara idir na criosanna sin, tá méadú suntasach tagtha ar chíosanna ó phlódú i roinnt Ballstát. Ba cheart leanúint den ioncam ó phlódú a leithdháileadh chun na cuspóirí tosaíochta a leagtar amach in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (5). Mar sin féin, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit, ar bhonn eisceachtúil, i gcásanna cuí-réasúnaithe agus faoi rialú a n-údarás rialála, an chuid eile den ioncam barrachais a dháileadh go díreach ar chustaiméirí deiridh leictreachais seachas iad a úsáid go heisiach chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 19(3) den Rialachán sin.

(44)

Ós rud é, tríd an gcaidhp ar ioncaim mhargaidh a chur i bhfeidhm, nach féidir leis na Ballstáit uile tacú lena gcustaiméirí deiridh an oiread céanna mar gheall ar imthosca a bhaineann lena spleáchas ar allmhairí leictreachais ó thíortha eile, de mheon na dlúthpháirtíochta is gá do Bhallstáit a bhfuil glanallmhairí leictreachais cothrom le nó níos mó ná 100 % acu rochtain a bheith acu ar chomhaontuithe chun an barrachas ioncaim a chomhroinnt leis an bpríomh-Bhallstát onnmhairiúcháin. Spreagtar comhaontuithe dlúthpháirtíochta den sórt sin freisin, go háirithe, chun caidrimh trádála neamhchothromaithe a léiriú.

(45)

Tá cleachtais tráchtála agus trádála chomh maith leis an gcreat rialála in earnáil an leictreachais an-éagsúil ó earnáil na mbreoslaí iontaise. Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an gcaidhp ar ioncaim mhargaidh aithris a dhéanamh ar thoradh an mhargaidh a d’fhéadfadh táirgeoirí a bheith ag súil leis dá bhfeidhmeodh slabhraí soláthair domhanda mar is gnách in éagmais shuaití an tsoláthair gáis ó bhí mí Feabhra 2022 ann, is gá feidhm a bheith ag an mbeart a bhaineann le táirgeoirí leictreachais maidir leis an ioncam a eascraíonn as giniúint leictreachais. Os a choinne sin, ós rud é go ndírítear an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach ar bhrabúsacht maidir le buanbhunaíochtaí gnó de chuid an Aontais a bhfuil gníomhaí acu in earnálacha an pheitriliam amh, an gháis nádúrtha, an ghuail agus na scaglann, ar rud é a bhfuil méadú mór tagtha air i gcomparáid leis na blianta roimhe sin, is gá feidhm a bheith ag an gcaidhp maidir le brabús na ngnóthas sin.

(46)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear an barrachas ioncaim a eascraíonn as cur i bhfeidhm na caidhpe ar ioncam margaidh i réimse an leictreachais ar aghaidh chuig na custaiméirí deiridh leictreachais chun tionchar na bpraghsanna eisceachtúla arda leictreachais a mhaolú. Ba cheart an barrachas ioncaim a dhíriú ar chustaiméirí, lena n-áirítear teaghlaigh agus cuideachtaí araon, a mbíonn tionchar mór ag praghsanna arda leictreachais orthu. In éagmais na mbeart atá beartaithe, tá baol ann nach mbeidh na hacmhainní ach ag na Ballstáit níos saibhre chun a dtomhaltóirí a chosaint, rud a chruthódh saobhadh tromchúiseach sa mhargadh inmheánach.

(47)

Leis an ioncam ón gcaidhp, ba cheart cúnamh a thabhairt do na Ballstáit bearta a mhaoiniú amhail aistrithe ioncaim, lacáistí ar bhillí, soláthróirí a chúiteamh as soláthar faoi bhun costais, chomh maith le hinfheistíochtaí a mbeadh laghdú struchtúrach ar thomhaltas mar thoradh orthu, go háirithe maidir le leictreachas a tháirgtear ó fhoinsí breosla iontaise. Nuair a dheonaítear tacaíocht do chustaiméirí neamhtheaghlaigh, ba cheart don tacaíocht sin oibriú i dtreo infheistíochtaí a dhéanamh i dteicneolaíochtaí dícharbónaithe, lena n-áirítear fuinneamh inathnuaite, mar shampla trí chomhaontuithe maidir le cumhacht ceannaigh nó infheistíochtaí díreacha i nginiúint foinsí inathnuaite fuinnimh, nói dtreo infheistíochtaía dhéanamh in éifeachtúlacht fuinnimh.

(48)

I bprionsabal, is ionann idirghabhálacha poiblí i socrú praghsanna maidir le soláthar leictreachais agus beart saofa margaidh. Dá bhrí sin, ní féidir na hidirghabhálacha sin a dhéanamh ach amháin mar oibleagáidí seirbhíse poiblí agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir coinníollacha sonracha. Faoi láthair, faoi Threoir (AE) 2019/944, is féidir praghsanna rialáilte a bheith ann le haghaidh teaghlach agus micrifhiontar, agus is féidir iad a bheith ann freisin le haghaidh custaiméirí atá fuinneamhbhocht agus le haghaidh custaiméirí leochaileacha, lena n-áirítear praghsanna faoi bhun costais. Mar sin féin, i bhfianaise an mhéadaithe eisceachtúil atá ann faoi láthair ar phraghsanna leictreachais, ba cheart síneadh sealadach a chur le bosca uirlisí na mbeart atá ar fáil le haghaidh na mBallstát chun tacú le tomhaltóirí tríd an bhféidearthacht a bheith ann praghsanna rialáilte a leathnú chuig FBManna agus trí phraghsanna rialáilte faoi bhun costais a cheadú. D’fhéadfaí an leathnú sin a mhaoiniú leis an gcaidhp ar ioncaim mhargaidh.

(49)

Tá sé tábhachtach, i gcás ina bhfuil praghsanna miondíola rialáilte faoi bhun costais, nach ndéantar idirdhealú idir soláthróirí ná nach ngearrfar costais éagóracha orthu. Dá bhrí sin, ba cheart soláthróirí a chúiteamh go cothrom as na costais a thabhaíonn siad as a bheith ag soláthar ar phraghsanna rialáilte, gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair. Ba cheart costas na bpraghsanna rialáilte faoi bhun costais a mhaoiniú leis an ioncam a eascraíonn as cur i bhfeidhm na caidhpe ar ioncaim mhargaidh. Chun méadú ar éileamh ar leictreachas de thoradh na mbeart den sórt sin a sheachaint, níor cheart ach méid teoranta tomhaltais a chumhdach leis na praghsanna rialáilte faoi bhun costais, ach riachtanais fuinnimh na dtomhaltóirí a chomhlíonadh san am céanna. Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do chórais na rogha deiridh ná do rogha a bhíonn ag na Ballstáit maidir le soláthróir na rogha deiridh.

(50)

Maidir le cuideachtaí agus buanbhunaíochtaí gnó de chuid an Aontais a ghineann láimhdeachas 75 % ar a laghad in earnálacha a bhfuil gníomhaí acu an pheitriliam amh , an gháis nádúrtha, an ghuail agus na scaglann, gan a struchtúr costais a athrú go mór agus gan a n-infheistíochtaí a mhéadú, tá méadú tagtha ar bhrabús na gcuideachtaí agus na mbuanbhunaíochtaí sin mar gheall ar imthosca tobanna dothuartha chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, mar gheall ar an soláthar laghdaithe fuinnimh agus ar an méadú ar éileamh de thoradh teochtaí arda.

(51)

Ba cheart don ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach feidhmiú mar bheart athdháilte chun a áirithiú maidir leis na cuideachtaí lena mbaineann a bhfuil barrachas brabúis bainte amach acu mar thoradh ar imthosca gan choinne, go rannchuidíonn siad go comhréireach le feabhas a chur ar an ngéarchéim fuinnimh sa mhargadh inmheánach.

(52)

Is é is bonn do ríomh na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí brabúis is incháinithe na gcuideachtaí agus na mbuanbhunaíochtaí in earnálacha an pheitriliam amh, an gháis nádúrtha, an ghuail agus na scaglann a bhfuil cónaí orthu san Aontas chun críoch cánach, de réir mar a chinntear i gconarthaí déthaobhacha nó i ndlíthe cánach náisiúnta na mBallstát don bhliain fhioscach dar tús an 1 Eanáir 2022 nó ina dhiaidh sin agus/nó an 1 Eanáir 2023 ar feadh a ré iomláine faoi seach. Na Ballstáit sin nach ndéanann ach cáin a ghearradh ar bhrabúis chorparáideacha dháilte, ba cheart dóibh an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach a chur i bhfeidhm ar na brabúis ríofa beag beann ar a ndáileadh. Cinntear an bhliain fhioscach trí thagairt do na rialacha atá i bhfeidhm faoi dhlíthe náisiúnta na mBallstát.

(53)

Maidir le brabúis arna ndéanamh in 2022 agus/nó 2023 níor cheart ach brabúis atá os cionn méadú 20 % ar an meánbhrabúis is incháinithe a ghintear sna 4 bliana fhioscacha dar tús an 1 Eanáir 2018 nó ina dhiaidh sin a bheith faoi réir na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta.

(54)

Maidir leis an gcorrlach brabúis nach bhfuil mar thoradh ar na forbairtí dothuartha sna margaí fuinnimh tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, d’áiritheofaí leis an gcur chuige sin go bhféadfadh na cuideachtaí agus na buanbhunaíochtaí an Aontais lena mbaineann úsáid a bhaint as cuid den chorrlach brabúis sin le haghaidh infheistíochta amach anseo nó chun a gcobhsaíocht airgeadais a áirithiú le linn na géarchéime leanúnaí fuinnimh lena n-áirítear don tionscal dianfhuinnimh. D’áiritheofaí leis an gcur chuige sin maidir leis an mbonn ríofa a chinneadh go bhfuil an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta comhréireach i mBallstáit éagsúla. An tráth céanna, trí íosráta a shocrú, ba cheart a áirithiú go bhfuil an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta cothrom agus comhréireach araon. Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag na Ballstáit i gcónaí ráta níos airde ná 33 % a chur i bhfeidhm maidir lena ranníocaíocht dlúthpháirtíochta. Ba cheart an méid sin a chur ar chumas na mBallstát sin ráta tosaíochta a shocrú, ar ráta é a mheasann siad a bheith inghlactha agus iomchuí faoina gcórais dlí náisiúnta.

(55)

Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun cur i bhfeidhm iomlán na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú agus ba cheart dóibh socrú a dhéanamh maidir leis na coigeartuithe is gá sa dlí náisiúnta, go háirithe chun a áirithiú go mbaileofar an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta go tráthúil, lena n-áirítear ar bhonn glanioncaim ar féidir an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta a fhritháireamh ina n-aghaidh, chun freastal ar in-asbhainteacht nó neamh-inasbhainteacht na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta, nó chun freastal ar an gcaoi a gcaitear le caillteanais sna blianta fioscacha roimhe sin, chun caitheamh go comhsheasmhach le blianta fioscacha giorraithe le haghaidh cuideachtaí a cruthaíodh in 2022 agus/nó 2023, nó le haghaidh athstruchtúrú gnó nó comhchruinnithe, chun an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta a ríomh.

(56)

Ba cheart an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta a úsáid le haghaidh: i) bearta tacaíochta airgeadais do na custaiméirí deiridh fuinnimh, agus go háirithe teaghlaigh leochaileacha, chun éifeachtaí praghsanna arda fuinnimh a mhaolú; ii) bearta tacaíochta airgeadais chun cabhrú leis an tomhaltas fuinnimh a laghdú; iii) bearta tacaíochta airgeadais chun tacú le cuideachtaí i dtionscail dianfhuinnimh; agus iv) bearta tacaíochta airgeadais chun neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a fhorbairt. Ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit freisin sciar d’fháltais na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí a shannadh do mhaoiniú comhchoiteann. Éilíonn na bearta sin solúbthacht shuntasach chun próisis bhuiséadacha na mBallstát a chur san áireamh.

(57)

Is léiriú é úsáid na bhfáltas chun na gcríoch sin ar chineál eisceachtúil sealadach na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta mar bheart lena mbeartaítear éifeachtaí díobhálacha na géarchéime fuinnimh ar theaghlaigh agus chuideachtaí ar fud an Aontais a laghdú agus a mhaolú chun an margadh inmheánach a chosaint agus an riosca go ndéanfar tuilleadh ilroinnte a chosc. Tá tionchar ag an méadú as cuimse ar phraghsanna fuinnimh ar na Ballstáit uile. Mar sin féin, mar gheall ar na héagsúlachtaí ina meascáin fhuinnimh faoi seach, ní imrítear an tionchar céanna ar na Ballstáit uile agus níl an spás fioscach céanna acu go léir chun na bearta is gá a dhéanamh chun teaghlaigh agus cuideachtaí leochaileacha a chosaint. In éagmais beart an Aontais amhail ranníocaíocht dlúthpháirtíochta, tá riosca mór ann go gcuirfear isteach ar an margadh inmheánach agus go ndéanfar tuilleadh ilroinnte, rud a dhéanfadh dochar do na Ballstáit uile, i bhfianaise chomhtháthú na margaí fuinnimh agus na slabhraí luacha. Is ábhar dlúthpháirtíochta idir Ballstáit é freisin dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh agus aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta na géarchéime fuinnimh, go háirithe chun oibrithe i dtionscail neamhchosanta a chosaint. Chun tionchar na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta a uasmhéadú, ba cheart úsáid fháltais na ranníocaíochta a dhéanamh ar bhealach comhordaithe agus/nó trí ionstraimí maoinithe an Aontais de mheon na dlúthpháirtíochta.

(58)

Go sonrach, ba cheart do na Ballstáit bearta tacaíochta airgeadais a dhíriú ar na teaghlaigh agus ar na cuideachtaí is leochailí, arb iad na teaghlaigh agus na cuideachtaí is mó a ndéantar difear dóibh mar gheall ar an méadú as cuimse ar phraghsanna fuinnimh. Leis sin, chaomhnófaí an dreasacht praghsanna chun an t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú agus fuinneamh a shábháil. Ina theannta sin, trí dhíriú ar na teaghlaigh is leochailí agus is srianta ó thaobh leachtachta de, bheadh tionchar dearfach ar an tomhaltas foriomlán trí phlódú iomarcach caiteachais ar earraí neamhfhuinnimh a sheachaint mar gheall ar an gclaonadh ardioncaim maidir le tomhaltas don ghrúpa teaghlach sin. Thairis sin, ba cheart na fáltais ón ranníocaíocht dlúthpháirtíochta a úsáid chun laghdú ar thomhaltas fuinnimh a chothú. I ndáil leis sin, ba cheart fáltais den sórt sin a úsáid, mar shampla, chun críche ceantanna nó scéimeanna tairisceana chun an t-éileamh a laghdú, chun costais ceannaigh fuinnimh na gcustaiméirí deiridh fuinnimh a ísliú i gcás toirteanna áirithe tomhaltais fuinnimh, nó chun infheistíochtaí ag custaiméirí fuinnimh deiridh, teaghlaigh leochaileacha agus cuideachtaí leochaileacha araon, i bhfoinsí inathnuaite, in infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh nó i dteicneolaíochtaí dícharbónaithe eile a chur chun cinn. Ba cheart na fáltais ón ranníocaíocht dlúthpháirtíochta a úsáid freisin chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do chuideachtaí i dtionscail dianfhuinnimh, agus i réigiúin atá ag brath ar na tionscail sin. Tá na costais i dtionscail dianfhuinnimh, amhail sa tionscal leasachán, ag ardú go pras i ngeall ar phraghsanna fuinnimh atá ag méadú as cuimse. Tá bearta tacaíochta airgeadais le bheith coinníollach ar infheistíochtaí i bhfuinneamh inathnuaite, in éifeachtúlacht fuinnimh, nó i dteicneolaíochtaí dícharbónaithe eile. Thairis sin, ba cheart tacú le bearta a chuidíonn leis an Aontas a dhéanamh níos neamhspleáiche i réimse an fhuinnimh trí bhíthin infheistíochtaí i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Márta 2022 maidir le REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach le haghaidh fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe (“Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach REPowerEU”), agus i bPlean REPowerEU, go háirithe maidir le tionscadail a bhfuil gné trasteorann ag baint leo.

(59)

D’fhéadfadh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh freisin cuid d’fháltais ón ranníocaíocht dlúthpháirtíochta a shannadh do mhaoiniú coiteann beart atá beartaithe chun éifeachtaí díobhálacha na géarchéime fuinnimh a laghdú, lena n-áirítear tacaíocht chun fostaíocht a chosaint agus athsciliú agus uas-sciliú an lucht saothair, nó chun infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh inathnuaite a chur chun cinn, lena n-áirítear i dtionscadail trasteorann. Le gné an mhaoinithe choitinn cumhdaítear comhroinnt costas bunaithe ar thionscadail idir na Ballstáit agus aistriú trí ionstraim de chuid an Aontais bunaithe ar na Ballstáit ag sannadh ioncaim go deonach do bhuiséad an Aontais de mheon dlúthpháirtíochta.

(60)

Tá sé ríthábhachtach go ndéantar faireachán agus tuairisciú don Choimisiún go tráthrialta agus go héifeachtach chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit i ndáil leis na spriocanna maidir le laghdú ar éileamh a bhaint amach, leis an gcaidhp ar ioncam margaidh a chur chun feidhme, le húsáid an bharrachais ioncaim, agus le cur i bhfeidhm praghsanna rialáilte.

(61)

Ba cheart do na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta ina gcríocha faoi seach, agus maidir le haon leasú a dhéanann siad ar a gcreataí dlíthiúla náisiúnta chun na críche sin, lena n-áirítear reachtaíocht bhreise a d’fhéadfadh gá a bheith léi chun cur chun feidhme baile comhsheasmhach na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta a áirithiú.

(62)

Ba cheart do na Ballstáit tuairisciú freisin maidir le húsáid na bhfáltas ón ranníocaíocht dlúthpháirtíochta. Go sonrach, déanfar an tuairisciú sin chun a áirithiú go n-úsáideann na Ballstáit na fáltais i gcomhréir leis an úsáid dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(63)

Ba cheart do na Ballstáit an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta a leagtar síos leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ina gcríocha faoi seach mura bhfuil bearta coibhéiseacha náisiúnta achtaithe acu. Ba cheart cuspóir an bhirt náisiúnta a mheas a bheith cosúil le cuspóir foriomlán na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta a leagtar síos leis an Rialachán seo nuair is é atá i gceist leis rannchuidiú le hinacmhainneacht fuinnimh. Ba cheart beart náisiúnta a mheas a bheith faoi réir rialacha cosúil leis an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta i gcás ina gcumhdaítear leis gníomhaíochtaí an pheitriliam amh, an gháis nádúrtha, an ghuail agus earnálacha scaglainne, i gcás ina gcinntear bonn leis, ina bhforáiltear leis do ráta, agus ina n-áirítear leis go n-úsáidfear fáltais an bhirt náisiúnta do chríocha a bhfuil inchomparáide leis an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta sin.

(64)

Ba cheart an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta agus an creat dlíthiúil de chuid an Aontais lena rialaítear í a bheith de chineál sealadach chun aghaidh a thabhairt ar an staid eisceachtúil phráinneach atá tagtha chun cinn san Aontas maidir leis an méadú as cuimse ar phraghsanna fuinnimh. Ba cheart an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta a bheith infheidhme chun barrachas brabúis arna nginiúint in 2022 agus/nó in 2023 a chumhdach chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí díobhálacha na géarchéime fuinnimh, atá ar siúl faoi láthair, ar theaghlaigh agus cuideachtaí agus chun na héifeachtaí sin a mhaolú. Le cur i bhfeidhm na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta don bhliain fhioscach iomlán, ba cheart a bheith in ann leas a bhaint as an mbarrachas brabúis don tréimhse ábhartha, ar mhaithe le leas an phobail chun iarmhairtí na géarchéime fuinnimh a mhaolú, agus, san am céanna, déanfar sciar iomchuí brabúis a fhágáil ag na cuideachtaí lena mbaineann.

(65)

Ba cheart feidhm a bheith ag an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta maidir leis an mbliain fhioscach 2022 agus/nó 2023 agus le haghaidh na mblianta sin amháin. Faoin 15 Deireadh Fómhair 2023 agus faoin 15 Deireadh Fómhair 2024, nuair a bheidh tuairim ag na húdaráis náisiúnta maidir le bailiú na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an staid agus tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle.

(66)

Sa chás a bhfuil deacrachtaí ag Ballstát maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus, go háirithe, maidir le cur i bhfeidhm na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí, ba cheart dó dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, leis an gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 4 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

(67)

Mar gheall ar a staid structúrach, shóisialta agus eacnamaíoch agus a saintréithe fisiceacha, ní féidir leis na réigiúin is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE a bheith idirnasctha le margaí leictreachais an Aontais. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh orthu na forálacha maidir le holltomhaltas leictreachais a laghdú le linn buaicuaireanta agus an uasteorainn ar ioncam an mhargaidh a chur i bhfeidhm. Thairis sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a eisiamh maidir le leictreachas a ghintear i gcórais bheaga scoite nó i gcórais bheaga nasctha mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2019/944. Ina theannta sin, ní chuireann an Chipir ná Málta an acquis maidir le margadh fuinnimh an Aontais i bhfeidhm ina iomláine, i ngeall ar na saintréithe ar leith atá ag na tíortha sin. Tá an Chipir go hiomlán scoite amach ó na gréasáin fuinnimh thras-Eorpacha, agus níl ach idirnasc teoranta ag Málta leo. Ós rud é nach mbeadh ach éifeacht theoranta ag cur chuige difreáilte i leith na mBallstát sin ar an margadh inmheánach fuinnimh, ba cheart don Chipir agus do Mhálta a bheith in ann na forálacha a bhaineann leis an laghdú ar a n-olltomhaltas leictreachais le linn buaicuaireanta agus leis an gcaidhp ar ioncam an mhargaidh a chur i bhfeidhm ar bhonn deonach. Ina theannta sin, dá gcinnfeadh an Chipir na forálacha maidir leis an gcaidhp ar ioncam an mhargaidh a chur i bhfeidhm, agus chun cobhsaíocht a córais leictreachais a áirithiú, níor cheart a bheith uirthi an chaidhp ar ioncaim mhargaidh a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas arna tháirgeadh ó tháirgí peitriliam amh,.

(68)

Tá an luaineacht i bpraghsanna gáis foluiteacha ag cruthú deacrachtaí do ghnólachtaí fuinnimh atá gníomhach ar mhargaí todhchaíochtaí leictreachais, go háirithe maidir le rochtain a bheith ar chomhthaobhacht oiriúnach. Tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún, i gcomhar leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus leis an Údarás Baincéireachta Eorpach, ar shaincheisteanna a bhaineann le hincháilitheacht na comhthaobhachta agus na gcorrlach, agus ar bhealaí féideartha chun teorainn a chur le luaineacht iomarcach ionlae.

(69)

Thairis sin, tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo comhsheasmhach leis an obair chomhlántach leanúnach atá á déanamh ag an gCoimisiún maidir le dearadh fadtéarmach an mhargaidh mar a fógraíodh sa Teachtaireacht uaidh an 18 Bealtaine 2022 maidir le hIdirghabhálacha Gearrthéarmacha sa Mhargadh Fuinnimh agus Feabhsuithe Fadtéarmacha ar Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais a eisíodh in éineacht leis an bPlean REPowerEU.

(70)

I bhfianaise mhéid na géarchéime fuinnimh, leibhéal a tionchair shóisialta, eacnamaíoch agus airgeadais agus an ghá le gníomhú a luaithe is féidir, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(71)

I bhfianaise chineál eisceachtúil na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo, agus i bhfianaise an ghá iad a chur i bhfeidhm go háirithe le linn shéasúr geimhridh 2022-23, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo go dtí an 31 Nollaig 2023.

(72)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon idirghabháil éigeandála a bhunú chun éifeachtaí praghsanna arda fuinnimh a mhaolú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Ábhar agus Sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo bunaítear idirghabháil éigeandála chun maolú a dhéanamh ar éifeachtaí praghsanna arda fuinnimh trí bhearta atá eisceachtúla, spriocdhírithe agus lena mbaineann teorainn ama. Is é is cuspóir do na bearta sin laghdú a chur ar thomhaltas leictreachais, caidhp a thabhairt isteach ar ioncaim mhargaidh a fhaigheann táirgeoirí áirithe ó ghiniúint leictreachais agus iad a athdháileadh ar chustaiméirí deiridh leictreachais ar bhealach spriocdhírithe chun a chur ar chumas na mBallstát bearta idirghabhála poiblí a chur i bhfeidhm maidir le socrú praghsanna i leith sholáthar an leictreachais do chustaiméirí teaghlaigh agus FBManna, agus rialacha a bhunú maidir le ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach shainordaitheach ó chuideachtaí agus buanbhunaíochtaí an Aontais a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí in earnálacha an pheitriliam amh, an gháis nádúrtha, an ghuail agus na scaglann chun rannchuidiú le hinacmhainneacht an fhuinnimh do theaghlaigh agus cuideachtaí.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/943 agus in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944. Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(1)

ciallaíonn “fiontar beag agus meánmhéide” nó “FBM” fiontar mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (6);

(2)

ciallaíonn “olltomhaltas leictreachais” an soláthar foriomlán leictreachais le haghaidh gníomhaíochtaí i gcríoch Bhallstáit;

(3)

ciallaíonn “tréimhse thagartha” an tréimhse ón 1 Samhain go dtí an 31 Márta le linn na 5 bliana as a chéile roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ag tosú leis an tréimhse ón 1 Samhain 2017 go dtí an 31 Márta 2018;

(4)

ciallaíonn “buaicuaireanta” uaireanta aonair den lá a meastar, bunaithe ar réamhaisnéisí na n-oibreoirí córas tarchurtha agus, i gcás inarb infheidhme, na n-oibreoirí ainmnithe margaidh leictreachais, go mbeidh praghsanna mórdhíola leictreachais lá roimh ré ar an leibhéal is airde lena linn, a meastar go mbeidh an t-olltomhaltas leictreachais ar an leibhéal is airde lena linn nó go mbeidh an t-olltomhaltas leictreachais a ghintear ó fhoinsí seachas foinsí inathnuaite dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) ar an leibhéal is airde lena linn;

(5)

ciallaíonn “ioncam margaidh” ioncam réadaithe a fhaigheann táirgeoir mar mhalairt ar leictreachas a dhíol agus a sheachadadh san Aontas, gan beann ar an bhfoirm chonarthach ina dtarlaíonn malairt den sórt sin, lena n-áirítear comhaontaithe ceannaigh cumhachta agus oibríochtaí fálaithe eile in aghaidh luaineachtaí i margadh mórdhíola an leictreachais agus gan aon tacaíocht arna deonú ag na Ballstáit san áireamh;

(6)

ciallaíonn “socrú” íocaíocht a dhéantar agus a fhaightear idir contrapháirtithe, in aghaidh seachadadh agus fáil leictreachais i gcás inarb infheidhme, de bhun idirbheart imréitigh amháin nó níos mó;

(7)

ciallaíonn “údarás inniúil” aon údarás mar a shainmhínítear in Airteagal 2(11) de Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8);

(8)

ciallaíonn “idirghabhálaithe” eintitis i margaí mórdhíola leictreachais de chuid na mBallstát atá ina n-oileáin nach bhfuil nasctha le Ballstáit eile a bhfuil tairiscint aonadbhunaithe acu i gcás inar thug an t-údarás rialála údarú do na heintitis sin a bheith rannpháirteach sa mhargadh thar ceann an táirgeora, gan eintitis a aistríonn an barrachas ioncaim go díreach chuig custaiméirí deiridh leictreachais a chur san áireamh;

(9)

ciallaíonn “barrachas ioncaim” difríocht dhearfach idir ioncaim mhargaidh na dtáirgeoirí in aghaidh gach MWh leictreachais agus an chaidhp EUR 180 ar ioncam margaidh in aghaidh gach MWh leictreachais dá bhforáiltear in Airteagal 6(1);

(10)

ciallaíonn “dramhaíl” aon substaint nó réad a dhiúscraíonn an sealbhóir nó a bheartaíonn sé a dhiúscairt nó a gceanglaítear ar an sealbhóir í nó é a dhiúscairt, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(11)

ciallaíonn “glanspleáchas ar allmhairiú”, don tréimhse idir an 1 Eanáir 2021 agus an 31 Nollaig 2021, an difríocht idir allmhairí iomlána leictreachais agus onnmhairí iomlána leictreachais mar chéatadán den olltáirgeadh iomlán leictreachais i mBallstát;

(12)

ciallaíonn “bliain fhioscach” bliain chánach, bliain féilire nó aon tréimhse eile iomchuí chun críoch cánach mar a shainmhínítear i ndlí náisiúnta;

(13)

ciallaíonn “custaiméir deiridh fuinnimh” custaiméir a cheannaíonn fuinneamh dá úsáid nó dá húsáid féin;

(14)

ciallaíonn “custaiméir deiridh leictreachais” custaiméir a cheannaíonn leictreachas dá úsáid nó dá húsáid féin;

(15)

ciallaíonn “cuideachta de chuid an Aontais” cuideachta atá bunaithe i mBallstát a meastar cónaí a bheith uirthi sa Bhallstát sin, de réir rialacha cánach an Bhallstáit sin, chun críoch cánach agus, faoi théarmaí comhaontaithe cánachais dhúbailte arna thabhairt i gcrích le tríú tír, nach meastar cónaí a bheith uirthi lasmuigh den Aontas chun críoch cánach;

(16)

ciallaíonn “buanbhunaíocht” áit sheasta ghnó atá suite i mBallstát agus trína ndéantar gnó cuideachta atá bunaithe i mBallstát eile a sheoladh go hiomlán nó go páirteach sa mhéid go bhfuil brabúis na háite gnó sin faoi réir cánach sa Stát ina bhfuil sé suite;

(17)

ciallaíonn “cuideachtaí de chuid an Aontais agus buanbhunaíochtaí a bhfuil gníomhaíochtaí acu in earnálacha an pheitriliam amh, an gháis nádúrtha, an ghuail agus na scaglann”, cuideachtaí de chuid an Aontais nó buanbhunaíochtaí a ghineann 75 % ar a laghad dá láimhdeachas ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha i réimse eastóscadh, mianadóireachta, scagtha peitriliam nó monarú táirgí oighinn chóic, dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);

(18)

ciallaíonn “barrachas brabúis” brabúis inchánach, arna chinneadh faoi rialacha cánach náisiúnta sa bhliain fhioscach 2022 agus/nó sa bhliain fhioscach 2023 agus dá dtréimhsí iomlána, a fhabhraítear ó ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ar leibhéal cuideachtaí an Aontais agus buanbhunaíochtaí a bhfuil gníomhaíochtaí acu in earnálacha an pheitirliam amh, an gháis nádúrtha, an ghuail agus na scaglann, atá os cionn mhéadú 20 % ar mheán na mbrabús inchánach sna 4 bliana fioscacha dar tús an 1 Eanáir 2018 nó ina dhiaidh;

(19)

ciallaíonn “ranníocaíocht dlúthpháirtíochta” beart sealadach atá beartaithe chun dul i ngleic le barrachas brabúis a fhaigheann cuideachtaí agus buanbhunaíochtaí an Aontais a dhéanann gníomhaíochtaí in earnálacha an pheitriliam amh, an gháis nádúrtha, an ghuail agus na scaglann chun maolú a dhéanamh ar fhorbairtí eisceachtúla praghsanna sna margaí fuinnimh le haghaidh na mBallstát, tomhaltóirí agus cuideachtaí;

(20)

ciallaíonn “ioncaim bharrachais ó ioncam ó phlódú” na hioncaim iarmharacha nár úsáideadh tar éis leithdháileadh an ioncaim ó phlódú i gcomhréir leis na cuspóirí tosaíochta a leagtar amach in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2019/943;

(21)

ciallaíonn “beart náisiúnta coibhéiseach arna achtú” beart reachtach, rialála nó riaracháin arna ghlacadh agus arna fhoilsiú ag Ballstát faoin 31 Nollaig 2022 a chuireann le hinacmhainneacht fuinnimh.

CAIBIDIL II

Bearta a bhaineann leis an margadh leictreachais

Roinn 1

Laghdú ar éileamh

Airteagal 3

Laghdú ar olltomhaltas leictreachais

1.   Féachfaidh na Ballstáit le bearta a chur chun feidhme chun laghdú 10 % a chur ar a n-olltomhaltas leictreachais iomlán i gcomparáid le meán an olltomhaltais leictreachais a bhí ann i míonna comhfhreagracha na tréimhse tagartha.

2.   Agus an laghdú ar olltomhaltas leictreachais á ríomh, féadfaidh na Ballstáit an méadú ar an olltomhaltas leictreachais a leanann ó bhaint amach na spriocanna maidir le laghdú ar éileamh ar ghás agus na n-iarrachtaí ginearálta leictriúcháin chun deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise a chur san áireamh.

Airteagal 4

Laghdú ar olltomhaltas leictreachais le linn buaicuaireanta

1.   Gach mí sainaithneoidh gach Ballstát buaicuaireanta a chomhfhreagraíonn san iomlán do 10 % ar a laghad de na huaireanta go léir sa tréimhse idir an 1 Nollaig 2022 agus an 31 Márta 2023.

2.   Cuirfidh gach Ballstát laghdú ar a n-olltomhaltas leictreachais le linn na mbuaicuaireanta arna sainaithint. Sroichfidh an laghdú a bhaintear amach le linn na mbuaicuaireanta a sainaithníodh ar a laghad leibhéal 5 % ar an meán in aghaidh gach uair an chloig. Ríomhfar sprioc an laghdaithe de réir na difríochta idir an t-olltomhaltas leictreachais iarbhír do na buaicuaireanta a sainaithníodh agus an t-olltomhaltas leictreachais arna réamh-mheas ag na hoibreoirí córais tarchurtha, i gcomhar leis an údarás rialála i gcás inarb infheidhme, ach gan áireamh a dhéanamh ar éifeacht na mbeart a cuireadh ar bun chun an sprioc a leagtar san Airteagal seo a bhaint amach. Féadfar sonraí stairiúla na tréimhse tagartha a áireamh i réamhaisnéisí na n-oibreoirí córais tarchurtha.

3.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh díriú ar chéatadán de bhuaicuaireanta atá éagsúil ón gcéatadán a leagtar i mír 1, ar choinníoll go gcumhdófar 3 % de bhuaicuaireanta ar a laghad, agus fad a bheidh an fuinneamh a shábhálfar le linn na mbuaicuaireanta sin comhionann ar a laghad leis an méid a shábhálfaí leis na paraiméadair a leagtar amach i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 5

Bearta chun an laghdú ar éileamh a bhaint amach

Beidh sé de shaoirse ag na Ballstáit na bearta iomchuí a roghnú chun an t-olltomhaltas leictreachais a laghdú chun na spriocanna a shocraítear in Airteagail 3 agus 4 a bhaint amach, lena n-áirítear síneadh a chur le bearta náisiúnta atá i bhfeidhm cheana féin. Saineofar na bearta go soiléir agus beidh siad trédhearcach, comhréireach, spriocdhírithe, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe, agus go háirithe comhlíonfaidh siad na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

i gcás ina n-íocfar cúiteamh airgeadais sa bhreis ar ioncam margaidh, déanfar méid an chúitimh sin a shuíomh trí phróiseas iomaíoch oscailte;

(b)

ní bhainfidh siad le cúiteamh airgeadais ach amháin nuair a íoctar cúiteamh den sórt sin le haghaidh leictreachas breise nár tomhlaíodh i gcomparáid leis an tomhaltas ionchasach san uair an chloig lena mbaineann gan an tairiscint;

(c)

ní dhéanfaidh siad saobhadh míchuí ar an iomaíocht ná ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh leictreachais;

(d)

ní bheidh siad teoranta go míchuí do chustaiméirí nó grúpaí custaiméirí sonracha, lena n-áirítear comhbhailitheoirí neamhspleácha, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir (AE) 2019/944; agus

(e)

ní chuirfidh siad cosc go míchuí ar an bpróiseas a bhaineann le teicneolaíochtaí breoslaí iontaise a ionadú le teicneolaíochtaí a úsáideann leictreachas.

Roinn 2

Caidhp ar ioncaim mhargaidh agus barrachas ioncaim agus ioncaim bharrachais ó ioncam ó phlódú a dháileadh ar chustaiméirí deiridh leictreachais

Airteagal 6

Caidhp shainordaitheach ar ioncaim mhargaidh

1.   Maidir leis na hioncaim mhargaidh de chuid táirgeoirí a fhaightear ó ghiniúint leictreachais ó na foinsí dá dtagraítear in Airteagal 7(1), cuirfear caidhp orthu ar leibhéal uasta EUR 180 in aghaidh gach MWh a tháirgtear.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go spriocdhírítear leis an gcaidhp ar ioncam margaidh ar ioncam margaidh go léir de chuid táirgeoirí agus, i gcás inarb ábhartha, idirghabhálaithe atá rannpháirteach i margaí mórdhíola leictreachais thar ceann táirgeoirí, gan beann ar chreat ama an mhargaidh ar lena linn a tharlaíonn an t-idirbheart agus ar cé acu a thrádáiltear an leictreachais go déthaobhach nó i margadh láraithe.

3   Cuirfidh na Ballstáit bearta éifeachtacha i bhfeidhm chun imchéimniú na n-oibleagáidí ar tháirgeoirí de bhun mhír 2 a chosc. Áiritheoidh siad go háirithe go gcuirfear an chaidhp ar ioncam margaidh i bhfeidhm go héifeachtach i gcásanna ina bhfuil táirgeoirí á rialú, nó faoi úinéireacht pháirteach, ag gnóthais eile, go háirithe i gcás inar cuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach iad.

4.   Cinnfidh na Ballstáit cé acu a chuirfear i bhfeidhm an chaidhp ar ioncam margaidh tráth socraithe na malairte fuinnimh nó dá éis sin.

5.   Cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo.

Airteagal 7

An chaidhp ar na hioncaim mhargaidh a chur i bhfeidhm maidir le táirgeoirí leictreachais

1.   Beidh feidhm ag an gcaidhp ar ioncam margaidh dá bhforáiltear in Airteagal 6 maidir leis an ioncam margaidh a fhaightear ó dhíol leictreachais a tháirgtear ó na foinsí seo a leanas:

(a)

fuinneamh gaoithe;

(b)

grianfhuinneamh (grianfhuinneamh teirmeach agus grianfhuinneamh fótavoltach);

(c)

fuinneamh geoiteirmeach;

(d)

hidreachumhacht gan taiscumar;

(e)

breosla bithmhaise (breoslaí bithmhaise soladacha nó gásacha), seachas bith-mheatán;

(f)

dramhaíl;

(g)

fuinneamh núicléach;

(h)

lignít;

(i)

táirgí peitriliam amh;

(j)

móin.

2.   Ní bheidh feidhm ag an gcaidhp ar ioncam margaidh dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) maidir le tionscadail taispeántais ná maidir le táirgeoirí a bhfuil caidhp cheana, mar thoradh ar bhearta Stáit nó poiblí nár glacadh faoi Airteagal 8, ar a n-ioncaim in aghaidh gach MWh leictreachais a tháirgtear.

3.   Féadfaidh na Ballstáit, go háirithe i gcásanna ina leanann ualach suntasach riaracháin de chur i bhfeidhm na caidhpe ar ioncam margaidh dá bhforáiltear in Airteagal 6(1), a chinneadh nach bhfuil feidhm ag an gcaidhp ar ioncam margaidh maidir le táirgeoirí a ghineann leictreachas le háiseanna giniúna cumhachta ina bhfuil toilleadh suiteáilte suas le 1 MW. Féadfaidh na Ballstáit, go háirithe i gcásanna ina mbeidh riosca ann go méadófar astaíochtaí CO2 agus go laghdófar giniúint fuinnimh inathnuaite mar thoradh ar chur i bhfeidhm na caidhpe ar ioncam margaidh dá bhforáiltear in Airteagal 6(1), a chinneadh nach mbeidh feidhm ag an gcaidhp ar ioncam margaidh maidir le leictreachas arna tháirgeadh i ngléasraí hibrideacha a úsáideann gnáthfhoinsí fuinnimh freisin.

4.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag an gcaidhp ar ioncam margaidh maidir leis na hioncaim a fhaightear ó dhíolachán leictreachais i margadh an fhuinnimh don chothromú agus ó chúiteamh d’athsheoladh agus d’fhritrádáil.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag an gcaidhp ar ioncam margaidh ach amháin maidir le 90 % d’ioncam an mhargaidh a sháraíonn an chaidhp ar ioncam margaidh dá bhforáiltear in Airteagal 6(1).

6.   Soláthróidh táirgeoirí, idirghabhálaithe agus rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh, mar aon le hoibreoirí córais, i gcás inarb ábhartha, d’údaráis inniúla na mBallstát, agus i gcás inarb ábhartha, do na hoibreoirí córais agus na hoibreoirí margaidh leictreachais ainmnithe, na sonraí uile is gá chun Airteagal 6 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir leis an leictreachas a tháirgtear agus an t-ioncam gaolmhar sa mhargadh, gan beann ar chreat ama an mhargaidh ina ndéantar an t-idirbheart ná ar cé acu a dhéantar an leictreachas a thrádáil go déthaobhach, laistigh den ghnóthas céanna nó i margadh láraithe.

Airteagal 8

Bearta náisiúnta géarchéime

1.   Féadfaidh na Ballstáit:

(a)

bearta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach lena gcuirtear teorainn bhreise le hioncam margaidh na dtáirgeoirí a ghineann leictreachas ó na foinsí a liostaítear in Airteagal 7(1), lena n-áirítear an fhéidearthacht idirdhealú a dhéanamh idir teicneolaíochtaí, mar aon le hioncam margaidh rannpháirtithe eile sa mhargadh, lena n-áirítear iad siúd atá gníomhach i dtrádáil leictreachais;

(b)

caidhp níos airde ar ioncam margaidh a shocrú do tháirgeoirí a ghineann leictreachas ó na foinsí a liostaítear in Airteagal 7(1) ar choinníoll go sáraíonn a n-infheistíochtaí agus a gcostais oibriúcháin an t-uasmhéid a shocraítear in Airteagal 6(1);

(c)

bearta náisiúnta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach chun ioncam margaidh táirgeoirí a ghineann leictreachas ó fhoinsí nach dtagraítear dóibh in Airteagal 7(1) a theorannú;

(d)

caidhp shonrach a shocrú ar an ioncam margaidh a fhaightear ó dhíol leictreachais a tháirgtear ó antraicít;

(e)

an caidhp ar ioncam margaidh a chur i bhfeidhm i gcás na n-aonad hidreachumhachta nach dtagraítear dóibh in Airteagal 7(1), pointe (d), nó bearta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach lena gcuirfí teorainn bhreise le hioncam margaidh na n-aonad sin, lena n-áirítear an fhéidearthacht idirdhealú a dhéanamh idir teicneolaíochtaí.

2.   Maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir leis an Rialachán seo:

(a)

beidh siad comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach;

(b)

ní chuirfear comharthaí infheistíochta i mbaol leo;

(c)

áireofar leo go gcumhdófar na costais infheistíochta agus oibriúcháin;

(d)

ní dhéanfaidh siad feidhmiú na margaí mórdhíola leictreachais a shaobhadh, agus go háirithe, ní dhéanfaidh siad difear don ordú fiúntais ná do shocrú na bpraghsanna ar an margadh mórdhíola;

(e)

beidh siad ag luí le dlí an Aontais.

Airteagal 9

Dáileadh an barrachais ioncaim ó phlódú a eascróidh as leithdháileadh na hacmhainne traslimistéir

1.   De mhaolú ar rialacha an Aontais maidir le hioncam ó phlódú, Féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as an mbarrachas ioncaim ó phlódú a eascróidh as leithdháileadh na hacmhainne traslimistéir chun bearta a mhaoiniú chun tacú le custaiméirí deiridh leictreachais i gcomhréir le hAirteagal 10.

2.   Beidh úsáid an bharrachais ioncaim ó phlódú i gcomhréir le mír 1 faoi réir a fhormheasta ag údarás rialála an Bhallstáit lena mbaineann.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin úsáid a bhaintear as barrachas ioncaim ó phlódú i gcomhréir le mír 1 laistigh de mhí amháin ón dáta a glacadh an beart náisiúnta ábhartha.

Airteagal 10

Barrachas ioncaim a dháileadh

1.   Maidir leis an mbarrachas ioncaim go léir a fhaightear mar thoradh ar chur i bhfeidhm na caidhpe ar ioncaim mhargaidh, áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidfear iad chun bearta a mhaoiniú a thacaíonn le custaiméirí deiridh leictreachais agus a mhaolóidh tionchar na bpraghsanna arda leictreachais ar na custaiméirí sin ar bhealach spriocdhírithe.

2.   Saineofar na bearta dá dtagraítear i mír 1 go soiléir agus beidh siad trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe, agus ní ghníomhóidh siad in aghaidh na hoibleagáide dá bhforáiltear in Airteagail 3 agus 4 chun an t-olltomhaltas leictreachais a laghdú.

3.   I gcás nach leor na hioncaim a fhaightear go díreach ó chur chun feidhme na caidhpe ar ioncam margaidh ina gcríoch agus nach leor na hioncaim a fhaightear go hindíreach ó chomhaontuithe trasteorann chun tacaíocht leordhóthanach a thabhairt do chustaiméirí deiridh leictreachais, ceadófar do na Ballstáit úsáid a bhaint as modhanna iomchuí eile amhail acmhainní buiséadacha chun na críche céanna agus faoi na coinníollacha céanna.

4.   Féadfar an méid seo a leanas, mar shampla, a chur ar áireamh sna bearta dá dtagraítear i mír 1:

(a)

cúiteamh airgeadais a dheonú do chustaiméirí deiridh leictreachais as a dtomhaltas leictreachais a laghdú, lena n-áirítear trí cheantanna laghdaithe éilimh nó scéimeanna tairisceana;

(b)

aistrithe díreacha chuig custaiméirí deiridh leictreachais, lena n-áirítear trí laghduithe comhréireacha ar tharaifí an ghréasáin;

(c)

cúiteamh do sholáthróirí nach mór dóibh leictreachas a sheachadadh ar chustaiméirí ar phraghas faoi bhun costais tar éis idirghabháil Stáit nó phoiblí i socrú praghsanna de bhun Airteagal 13;

(d)

an costas ceannaigh leictreachais de chuid custaiméirí deiridh leictreachais a ísliú, lena n-áirítear le haghaidh méid teoranta den leictreachas a ídítear;

(e)

cur chun cinn a dhéanamh ar infheistíochtaí ag custaiméirí deiridh leictreachais i dteicneolaíochtaí dícharbónaithe, i bhfoinsí inathnuaite agus in infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh.

Airteagal 11

Comhaontuithe idir na Ballstáit

1.   I gcásanna ina mbíonn glanallmhairí spleáchais Ballstáit cothrom le nó níos airde ná 100 %, déanfar comhaontú chun an barrachas ioncaim a roinnt go leordhóthanach a thabhairt i gcrích faoin 1 Nollaig 2022 idir an Ballstát allmhairiúcháin agus an phríomh-Bhallstát onnmhairiúcháin. Féadfaidh na Ballstáit uile, de mheon na dlúthpháirtíochta, comhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích lena bhféadfar ioncam ó bhearta náisiúnta géarchéime faoi Airteagal 8, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trádála leictreachais, a chumhdach freisin.

2.   Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit i rith an phróisis caibidlíochta, agus déanfaidh sé malartú dea-chleachtas a spreagadh agus a éascú idir Ballstáit chomh maith leis sin.

Roinn 3

Bearta miondíola

Airteagal 12

Leathnú sealadach ar idirghabhálacha poiblí i socrú praghsanna leictreachais chuig FBManna

De mhaolú ar rialacha an Aontais maidir le hidirghabhálacha i socrú praghsanna, féadfaidh na Ballstáit idirghabhálacha poiblí i socrú praghsanna a chur i bhfeidhm maidir le soláthar leictreachais do FBManna. Maidir le hidirghabhálacha poiblí den sórt sin:

(a)

cuirfidh siad san áireamh an tomhaltas bliantúil a rinne an tairbhí le 5 bliana anuas agus coinneoidh siad dreasacht i leith laghdú ar éileamh;

(b)

comhlíonfaidh siad coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(4) agus (7) de Threoir (AE) 2019/944;

(c)

i gcás inarb ábhartha, comhlíonfaidh siad coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13 den Rialachán seo.

Airteagal 13

Féidearthacht shealadach chun praghsanna leictreachais faoi bhun costais a shocrú

De mhaolú ar rialacha an Aontais maidir le hidirghabhálacha an Aontais i socrú praghsanna, le linn dóibh idirghabhálacha poiblí a chur i bhfeidhm maidir le soláthar leictreachais de bhun Airteagal 5(6) de Threoir (AE) 2019/944 nó Airteagal 12 den Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit praghas atá faoi bhun costais a shocrú maidir le soláthar leictreachais, go heisceachtúil agus go sealadach, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha go léir seo a leanas:

(a)

cumhdaíonn an beart méid teoranta tomhaltais agus coinníonn sé dreasacht i leith laghdú ar éileamh;

(b)

ní dhéantar aon idirdhealú idir soláthróirí;

(c)

tugtar cúiteamh do sholáthróirí as soláthar a dhéanamh faoi bhun costais; agus

(d)

tá na soláthróirí uile incháilithe chun tairiscintí a sholáthar ag an bpraghas do sholáthar leictreachais atá faoi bhun an chostais ar an mbonn céanna.

CAIBIDIL III

Beart a bhaineann le hearnálacha an pheitriliam amh, an gháis nádúrtha, an ghuail, agus na scaglann

Airteagal 14

Tacaíocht do chustaiméirí deiridh fuinnimh trí ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach

1.   Beidh barrachas brabúis a ghintear ó chuideachtaí de chuid an Aontais agus buanbhunaíochtaí a bhfuil gníomhaíochtaí acu in earnálacha an pheitriliam amh, an gháis nádúrtha, an ghuail agus na scaglann faoi réir ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach shainordaitheach, ach amháin má tá bearta coibhéiseacha náisiúnta achtaithe ag na Ballstáit.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cuspóirí comhchosúla ag baint le bearta coibhéiseacha náisiúnta a achtófar, agus go mbeidh siad faoi réir rialacha atá cosúil leis an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach faoin Rialachán seo agus go nginfidh siad fáltais inchorporáide nó níos airde ná na fáltais mheasta ón ranníocaíocht dlúthpháirtíochta.

3.   Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit bearta lena gcuirfear chun feidhme an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach dá dtagraítear i mír 1 faoin 31 Nollaig 2022.

Airteagal 15

Bonn chun an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach a ríomh

Déanfar an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach i gcomhair cuideachtaí agus buanbhunaíochtaí an Aontais a bhfuil gníomhaíochtaí acu in earnálacha an pheitriliam amh, an gháis nádúrtha, an ghuail agus na scaglann, lena n-áirítear na cinn sin nach bhfuil mar chuid de ghrúpa comhdhlúite ach chun críocha cánach, a ríomh ar na brabúis inchánach, mar a chinntear faoi rialacha cánach náisiúnta sa bhliain fhioscach 2022 agus/nó sa bhliain fhioscach 2023 agus le haghaidh a dtréimhsí iomlána, ar brabúis iad atá os cionn mhéadú 20 % ar mheán na mbrabús inchánach, mar a chinntear faoi rialacha cánach náisiúnta, sna 4 bliana fioscacha dar tús an 1 Eanáir 2018 nó dá éis sin. Más luach diúltach atá ar mheánmhéid na mbrabús inchánach sna 4 bliana fioscacha sin, is luach nialais a bheidh ar mheán na mbrabús inchánach chun críoch an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach a ríomh.

Airteagal 16

Ráta chun an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach a ríomh

1.   An ráta is infheidhme chun an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach a ríomh, beidh sé ar leibhéal 33 % ar a laghad den bhonn dá dtagraítear in Airteagal 15.

2.   Beidh feidhm ag an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach de bhreis ar na gnáthchánacha agus gnáththobhaigh is infheidhme de réir dlí náisiúnta Ballstáit.

Airteagal 17

Úsáid na bhfáltas ón ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach

1.   Úsáidfidh na Ballstáit na fáltais ón ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach le go n-imreofar tionchar sách tráthúil le haghaidh aon cheann de na críocha seo a leanas:

(a)

bearta tacaíochta airgeadais do chustaiméirí deiridh fuinnimh, agus go háirithe do theaghlaigh leochaileacha, chun maolú a dhéanamh ar éifeachtaí praghsanna arda fuinnimh, ar bhealach spriocdhírithe;

(b)

bearta tacaíochta airgeadais chun cuidiú leis an tomhaltas fuinnimh a laghdú amhail trí cheantanna laghdaithe éilimh nó scéimeanna tairisceana um laghdú ar éileamh, costais ceannaigh fuinnimh na gcustaiméirí deiridh fuinnimh a ísliú i gcás méideanna áirithe tomhaltais, infheistíochtaí a chur chun cinn ó chustaiméirí fuinnimh deiridh i bhfoinsí inathnuaite, in infheistíochtaí struchtúracha éifeachtúlachta fuinnimh nó i dteicneolaíochtaí dícharbónaithe eile;

(c)

bearta tacaíochta airgeadais chun tacú le cuideachtaí i dtionscadail atá dian ar fhuinneamh ar choinníoll go ndéantar iad coinníollach ar infheistíochtaí i bhfoinsí inathnuaite fuinnimh, san éifeachtúlacht fuinnimh, nó i dteicneolaíochtaí dícharbónaithe eile;

(d)

bearta tacaíochta airgeadais chun an neamhspleáchas fuinnimh in infheistíochtaí áirithe a fhorbairt i gcomhréir le cuspóirí REPowerEU a leagtar amach i bPlean REPowerEU agus i nGníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach REPowerEU, amhail tionscadail lena mbaineann gné thrasteorann;

(e)

de mheon na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, féadfaidh na Ballstáit cuid d’fháltais na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí a shannadh do mhaoiniú coiteann beart chun éifeachtaí díobhálacha na géarchéime fuinnimh a laghdú, lena n-áirítear tacaíocht chun fostaíocht a chosaint agus chun an lucht saothair a athsciliú agus a uas-sciliú, nó chun infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh agus san fhuinneamh inathnuaite a chur chun cinn, lena n-áirítear i dtionscadail trasteorann, agus i sásra maoinithe fuinnimh inathnuaite an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 33 den Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

2.   Saineofar na bearta dá dtagraítear i mír 1 go soiléir agus beidh siad trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe.

Airteagal 18

Cineál sealadach na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta

An ranníocaíocht dlúthpháirtíochta arna cur i bhfeidhm ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh sí de chineál sealadach. Ní bheidh feidhm aici ach amháin maidir le barrachas brabúis a ghintear sna blianta fioscacha dá dtagraítear in Airteagal 15.

CAIBIDIL IV

Forálacha Críochnaitheacha

Airteagal 19

Faireachán agus forfheidhmiú

1.   Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit faireachán ar chur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear in Airteagail 3 go 7, 10, 12 agus 13 ar a chríoch.

2.   A luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus faoin 1 Nollaig 2022 , tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir leis na bearta beartaithe chun an laghdú ar éileamh a bhaint amach de bhun Airteagal 5 agus maidir leis na comhaontuithe idir Ballstáit arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 11.

3.   Faoin 31 Eanáir 2023 agus arís faoin 30 Aibreán 2023, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

an laghdú ar éileamh a baineadh amach de bhun Airteagail 3 agus 4 agus na bearta a cuireadh ar bun chun an laghdú a bhaint amach de bhun Airteagal 5;

(b)

an barrachas ioncaim a gineadh de bhun Airteagal 6;

(c)

na bearta a bhaineann le dáileadh an bharrachais ioncaim agus a cuireadh i bhfeidhm chun maolú a dhéanamh ar thionchar praghsanna arda leictreachais ar chustaiméirí deiridh leictreachais de bhun Airteagal 10;

(d)

aon idirghabhálacha poiblí a rinneadh i socrú praghsanna maidir le soláthar leictreachais dá dtagraítear in Airteagail 12 agus 13.

4.   Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

tabhairt isteach na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí de bhun Airteagal 14, lena n-áirítear an bhliain fhioscach (na blianta fioscacha) ina gcuirfidh siad i bhfeidhm í, faoin 31 Nollaig 2022;

(b)

aon leasuithe ina dhiaidh sin ar an gcreat dlíthiúil náisiúnta laistigh de mhí amháin ó dháta a fhoilsithe ina n-irisí oifigiúla náisiúnta faoi seach;

(c)

úsáid na bhfáltas de bhun Airteagal 17 laistigh de mhí amháin ón dáta a bheidh na Ballstáit tar éis na fáltais a bhailiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(d)

na bearta coibhéiseacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 14 a achtófar faoin 31 Nollaig 2022; cuirfidh na Ballstáit measúnú ar fáil freisin ar mhéid na bhfáltas arna nginiúint leis na bearta cóibhéiseacha náisiúnta sin a achtófar, agus ar úsáid na bhfáltas sin laistigh de mhí amháin ón dáta a bheidh na Ballstáit tar éis na fáltais a bhailiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 20

Athbhreithniú

1.   Faoin 30 Aibreán 2023, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Chaibidil II i bhfianaise staid ghinearálta an tsoláthair leictreachais agus phraghsanna an leictreachais san Aontas agus cuirfidh sé tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe sin faoi bhráid na Comhairle. Bunaithe ar an tuarascáil sin, féadfaidh an Coimisiún moladh a dhéanamh go háirithe, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis sin mar thoradh ar na himthosca eacnamaíocha nó ar fheidhmiú an mhargaidh leictreachais san Aontas agus i mBallstáit aonair, go gcuirfear síneadh le tréimhse feidhme an Rialacháin seo, go leasófar leibhéal na caidhpe ar ioncam margaidh a shocraítear in Airteagal 6(1) agus na foinsí ginte leictreachais dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a mbaineann sé leo, nó go leasófar Caibidil II ar shlí eile.

2.   Faoin 15 Deireadh Fómhair 2023 agus arís faoin 15 Deireadh Fómhair 2024, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Chaibidil III i bhfianaise staid ghinearálta earnáil an bhreosla iontaise agus an bharrachais brabúis a gineadh agus cuirfidh sé tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe sin faoi bhráid na Comhairle.

Airteagal 21

Maoluithe

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 4 go 7 maidir leis na réigiúin is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE nach féidir a idirnascadh le margadh leictreachais an Aontais.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan Airteagail 4 go 7 a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a ghintear i gcórais bheaga scoite nó i gcórais bheaga nasctha.

3.   Ní bheidh Airteagail 4 go 7 éigeantach don Chipir ná do Mhálta. Má chinneann an Chipir Airteagail 4 go 7 a chur i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1) maidir le leictreachas a ghintear ó tháirgí peitriliam amh.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Gan dochar don oibleagáid atá ann dáileadh an bharrachais ioncaim a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 10, agus fáltais ón ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 17, agus gan dochar don oibleagáid tuairiscthe dá dtagraítear in Airteagal 19 (2), beidh feidhm ag an Rialachán seo go dtí an 31 Nollaig 2023 faoi réir an mhéid seo a leanas:

(a)

Beidh feidhm ag Airteagal 4 ón 1 Nollaig 2022 go dtí an 31 Márta 2023;

(b)

Beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 10 ón 1 Nollaig 2022;

(c)

Beidh feidhm ag Airteagail 6, 7 agus 8 ón 1 Nollaig 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023;

(d)

Beidh feidhm ag Airteagal 20(2) go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22).

(2)  IO L 198, 20.7.2006, lch. 18.

(3)  Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1).

(4)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(5)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas, (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).

(6)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(7)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(8)  Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 1).

(9)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear an t-aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).