22.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 22/1


RIALACHÁN (AE) 2021/23 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2020

maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh 600/2014, (AE) Uimh 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, (1)

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach, (2)

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, (3)

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá na margaí airgeadais ríthábhachtach le haghaidh fheidhmiú na ngeilleagar comhaimseartha. Dá chomhtháite atá na margaí sin is ea is mó a n-acmhainneacht le haghaidh leithdháileadh éifeachtúil na n-acmhainní eacnamaíocha, rud a d’fhéadfadh dul chun tairbhe don fheidhmíocht eacnamaíoch. Chun feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh aonair na seirbhísí airgeadais, áfach, tá sé tábhachtach nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm chun déileáil le héifeachtaí aon suaite sa mhargadh agus lena áirithiú, i gcás ina mbeidh anás airgeadais ar institiúid airgeadais nó ar bhonneagar margaidh airgeadais atá gníomhach sa mhargadh sin nó i gcás ina mbeidh institiúid nó bonneagar den sórt sin i mbéal cliseadh, nach ndéanfaidh sé sin an margadh airgeadais ina iomláine a dhíchobhsú agus nach ndéanfaidh sé díobháil don fhás sa gheilleagar i gcoitinne.

(2)

Príomhghné de na margaí airgeadais domhanda is ea na contrapháirtithe lárnacha (CPLanna), a idirghabhann idir rannpháirtithe i gcáil ceannaitheora i leith gach díoltóra agus i gcáil díoltóra i leith gach ceannaitheora, agus a bhfuil ról lárnach acu i bpróiseáil idirbheart airgeadais agus i mbainistiú na neamhchosaintí ar na rioscaí éagsúla a bhaineann leis na hidirbhearta sin. Déanann CPLanna láimhseáil idirbhearta agus shuíomhanna na gcontrapháirtithe a lárú, comhlíonann siad na hoibleagáidí a chruthaítear leis na hidirbhearta, agus éilíonn siad comhthaobhacht leordhóthanach óna gcomhaltaí mar chorrlach agus mar ranníocaíochtaí le cistí mainneachtana.

(3)

De thoradh chomhtháthú mhargaí airgeadais an Aontais, tá forbairt ag teacht ar CPLanna agus anois, seachas a bheith ag freastal go príomha ar riachtanais bhaile agus ar na margaí baile, is nóid chriticiúla iad i margaí airgeadais an Aontais i gcoitinne. Imréitíonn na CPLanna atá údaraithe san Aontas sa lá inniu roinnt aicmí táirgí, lena n-áirítear díorthaigh airgeadais agus díorthaigh tráchtearraí atá liostaithe nó thar an gcuntar (TAC) go cothromais airgid thirim, bannaí agus táirgí eile amhail comhaontuithe athcheannaigh. Soláthraíonn siad a seirbhísí thar theorainneacha náisiúnta do raon fairsing institiúidí airgeadais agus institiúidí eile ar fud an Aontais. In ainneoin go bhfuil CPLanna áirithe atá údaraithe san Aontas atá dírithe fós ar mhargadh a dtíre féin, baineann tábhacht shistéamach leo uile, ina margaí baile ar a laghad.

(4)

Cuid mhaith den riosca airgeadais atá ag córas airgeadais an Aontais, is in CPLanna a dhéantar é a phróiseáil agus a chomhdhlúthú thar ceann comhaltaí imréitigh agus a gcliant agus, ar an ábhar sin, tá sé bunriachtanach rialáil éifeachtach agus maoirseacht stóinseach a dhéanamh ar CPLanna. Le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cuirtear de cheangal ar CPLanna arna n-údarú san Aontas cloí le hardchaighdeáin stuamachta, eagrúcháin agus seolta gnó. Tá sé de chúram ar na húdaráis inniúla, ag obair i gcomhar le coláistí maoirseachta ina ngrúpáiltear na húdaráis atá ábhartha maidir leis na sainchúraimí a leagtar orthu, formhaoirseacht iomlán a dhéanamh ar gnhíomhaíochtaí CPLanna. I gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag ceannairí G20 ó tharla an ghéarchéim airgeadais, leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nach mór díorthaigh TAC caighdeánaithe a imréiteach go lárnach trí CPL. Nuair a thiocfaidh an oibleagáid i bhfeidhm díorthaigh TAC a imréiteach go lárnach, is dócha go dtiocfaidh méadú ar mhéid agus ar raon an ghnó a bheidh á dhéanamh ag CPLanna agus, dá réir sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh tuilleadh dúshlán le sárú le straitéisí bainistithe riosca na CPLanna.

(5)

Chuir Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 le stóinseacht CPLanna agus na margaí airgeadais i gcoitinne i gcoinne an raoin leathain rioscaí a phróiseáiltear agus a chomhdhlúthaítear in CPLanna. Mar sin féin, is cuma an córas rialacha agus cleachtas a bheadh i bhfeidhm, d’fhéadfadh sé nár leor na hacmhainní a bheadh ann chun na rioscaí arna dtabhú ag CPL a bhainistiú, lena n-áirítear dá mainneodh comhalta imréitigh amháin nó ní ba mhó. I gcás anás géar airgeadais nó garbhagairt cliste, ba cheart go leanfadh institiúidí airgeadais, i bprionsabal, de bheith faoi réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta. Mar a léirigh géarchéim airgeadais 2008 áfach, de dheasca na n-imeachtaí sin, go háirithe le linn tréimhse fhada éagobhsaíochta agus éiginnteachta eacnamaíche, is féidir cur isteach ar fheidhmeanna atá criticiúil don gheilleagar, rud a chuireann an chobhsaíocht airgeadais i mbaol. Ní i gcónaí gur féidir le gnáthnósanna imeachta maidir le dócmhainneacht chorparáideach luas na hidirghabhála a áirithiú, ná tosaíocht leordhóthanach a thabhairt do leanúnachas fheidhmeanna criticiúla na n-institiúidí airgeadais d’fhonn an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú. Chun cosc a chur leis na hiarmhairtí diúltacha sin a bhaineann le gnáthimeachtaí dócmhainneachta, is gá creat réitigh speisialta a chruthú le haghaidh CPLanna.

(6)

Léirigh géarchéim airgeadais 2008 freisin nach raibh uirlisí iomchuí ann chun na feidhmeanna criticiúla sin a bhí á soláthar ag institiúidí a raibh ag cliseadh orthu a chaomhnú. Ina theannta sin, léiríodh nach raibh creata ann faoinarbh fhéidir comhar agus comhordú a chur ar bun idir na húdaráis, go háirithe idir na húdaráis i mBallstáit éagsúla nó i ndlínsí éagsúla, chun a áirithiú go ndéanfaí beart gasta diongbháilte a chur chun feidhme. In éagmais na n-uirlisí sin agus na gcreat comhair agus comhordaithe sin, bhí ar Bhallstáit institiúidí airgeadais a shábháil le hairgead na gcáiníocóirí chun an éifeacht ghabhála a chosc agus an scaoll a laghdú. Cé nach bhfuair CPLanna tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách go díreach le linn ghéarchéim airgeadais 2008, cosnaíodh iad ar na héifeachtaí a d’imreofaí orthu de thoradh chliseadh na mbanc a n-oibleagáidí a fheidhmiú murach na bearta sin. Le creat téarnaimh agus réitigh le haghaidh CPLanna, comhlánaítear an creat um réiteach banc a glacadh faoi Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus is gá é dá bhrí sin ionas nach mbeifear i dtuilleamaí airgead na gcáiníocóirí má chliseann ar CPLanna ar dhóigh mhí-ordúil. Leis an gcreat sin, ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar an bhféidearthacht go rachadh CPL faoi réiteach ar chúiseanna seachas mainneachtain ceann amháin dá gcomhaltaí imréitigh nó roinnt acu.

(7)

Is éard is cuspóir do chreat inchreidte téarnaimh agus réitigh ná a áirithiú, a mhéid is féidir, go leagfaidh CPLanna bearta amach le haghaidh téarnamh i ndiaidh anás airgeadais, chun feidhmeanna criticiúla CPL a bhfuil ag cliseadh air nó ar dócha go gclisfidh air a choimeád agus gníomhaíochtaí eile an CPL sin á bhfoirceannadh trí ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, agus chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus éifeacht dhíobhálach nach beag ar an gcóras airgeadais agus ar a chumas chun freastal ar an bhfíorgheilleagar a sheachaint, ach, ag an am céanna, costas chliseadh an CPL ar na cáiníocóirí a íoslaghdú. Neartóidh creat téarnaimh agus réitigh a thuilleadh ullmhacht na CPLanna agus na n-údarás chun anás airgeadais a mhaolú agus chun tuilleadh léargais a thabhairt do na húdaráis maidir le hullmhúchán na CPLanna le haghaidh cásanna struis. Ina theannta sin, tabharfaidh sé cumhachtaí do na húdaráis chun ullmhú le haghaidh réiteach féideartha CPL agus chun déileáil le meathlú CPL ar dhóigh chomhordaithe, rud a chuirfidh le feidhmiú rianúil na margaí airgeadais.

(8)

Faoi láthair, níl aon fhorálacha comhchuibhithe ann maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna ar fud an Aontais. Tá athruithe reachtacha rite ag Ballstáit áirithe cheana lena gcuirtear ceangal ar CPLanna pleananna téarnaimh a tharraingt suas agus lena dtugtar isteach sásra chun CPLanna a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach. Thairis sin, tá difríochtaí substainteacha agus difríochtaí nós imeachta nach beag idir na Ballstáit maidir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin lena rialaítear dócmhainneacht CPLanna. Is dócha go bhfuil an easpa coinníollacha, cumhachtaí agus próisis choiteanna maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna ina bac ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus is dócha go gcuireann sé isteach ar an gcomhar idir na húdaráis náisiúnta agus iad ag déileáil le cliseadh CPL agus ag cur sásraí iomchuí leithdháilte caillteanais i bhfeidhm ar chomhaltaí imréitigh an CPL sin, san Aontas agus ar fud an domhain araon. Is amhlaidh a bhíonn, go háirithe, i gcásanna ina bhfágann éagsúlacht sa chur chuige nach bhfuil an leibhéal céanna smachta ag údaráis náisiúnta nó nach bhfuil an cumas céanna acu chun CPLanna a réiteach. D’fhéadfadh na difríochtaí sin sna córais téarnaimh agus réitigh tionchar éagsúil a imirt ar CPLanna, ar chomhaltaí imréitigh agus ar chliaint comhaltaí imréitigh sna Ballstáit éagsúla, rud a d’fhéadfadh an iomaíocht a shaobhadh ar fud an mhargaidh inmheánaigh. An easpa rialacha coiteanna agus uirlisí coiteanna maidir le conas anás airgeadais nó cliseadh CPL a láimhseáil, d’fhéadfadh an easpa sin difear a dhéanamh do rogha na gcomhaltaí imréitigh agus a gcliant úsáid a bhaint as imréiteach agus do rogha na CPLanna maidir lena n-áit bhunaíochta, rud a chuirfeadh cosc ar CPLanna tairbhe iomlán a bhaint as a mbunsaoirsí sa mhargadh aonair. Dá réir sin, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina chonstaic ar chomhaltaí réitigh agus ar a gcliaint leas a bhaint as CPLanna thar theorainneacha laistigh den mhargadh inmheánach agus bac a chur ar thuilleadh comhtháthaithe i margaí caipitil an Aontais. Dá bhrí sin, is gá rialacha coiteanna téarnaimh agus réitigh sna Ballstáit uile chun a áirithiú nach gcuirfidh an cumas airgeadais atá ag na Ballstáit agus ag údaráis na mBallstát chun cliseadh CPLanna a bhainistiú, nach gcuirfidh sé sin srian le CPLanna a saoirsí sa mhargadh inmheánach a fheidhmiú.

(9)

De thoradh an athbhreithnithe ar an gcreat rialála is infheidhme maidir le bainc agus le hinstitiúidí airgeadais eile a rinneadh i ndiaidh ghéarchéim airgeadais 2008, agus go háirithe neartú mhaoláin chaipitil agus leachtachta na mbanc, uirlisí níos fearr le haghaidh beartais mhacrastuamachta agus rialacha cuimsitheacha maidir le téarnamh agus réiteach banc, tá laghdú tagtha ar a dhealraithí atá sé go dtarlóidh géarchéimeanna amach anseo agus tá feabhas tagtha ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais agus na mbonneagar margaidh uile, CPLanna san áireamh, i gcoinne strus eacnamaíoch, cibé acu suaitheadh sistéamach nó eachtraí a bhaineann le hinstitiúidí ar leith is cúis leis an strus sin. Ó bhí an 1 Eanáir 2015 ann, tá feidhm ag córas téarnaimh agus réitigh le haghaidh banc sna Ballstáit uile de bhun Threoir 2014/59/AE.

(10)

Mar fhorbairt ar an gcur chuige maidir le téarnamh agus réiteach na mbanc, ba cheart d’údaráis inniúla agus d’údaráis réitigh de chuid an Aontais a bheith ullamh agus ba cheart uirlisí iomchuí a bheith le fáil acu chun déileáil le cásanna a bhfuil baint ag cliseadh CPL leo. De thoradh na bhfeidhmeanna agus na samhlacha gnó éagsúla atá acu áfach, ní hionann na rioscaí a bhaineann le bainc agus le CPLanna. Dá bhrí sin, tá gá le huirlisí agus cumhachtaí sonracha le haghaidh cásanna ina gcliseann ar CPL de dheasca chliseadh comhaltaí imréitigh an CPL nó de dheasca teagmhais neamh-mhainneachtana.

(11)

Is rialachán an gníomh dlí ceart le roghnú chun comhlánú agus forbairt a dhéanamh ar an gcur chuige a leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ina bhforáiltear do cheanglais stuamachta aonfhoirmeacha is infheidhme maidir le CPLanna. Dá leagfaí síos ceanglais téarnaimh agus réitigh i dtreoir d’fhéadfadh sé go gcruthófaí neamhréir de dheasca rialacha náisiúnta, a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó chéile, a ghlacadh i réimse a rialaítear ar gach bealach eile trí dhlíthe de chuid an Aontais atá infheidhme go díreach, agus ar réimse é ina bhfuil ag méadú ar sholáthar seirbhísí CPLanna ar bhonn trasteorann. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha aonfhoirmeacha is infheidhme go díreach a ghlacadh maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna freisin.

(12)

Chun comhsheasmhacht leis an reachtaíocht atá ag an Aontas cheana i réimse na seirbhísí airgeadais a áirithiú, agus chun an oiread cobhsaíochta airgeadais agus is féidir a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras téarnaimh agus réitigh a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le gach CPL atá faoi réir na gceanglas stuamachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, gan beann ar cheadúnas baincéireachta a bheith acu. Cé go bhféadfadh difríochtaí a bheith ann sa phróifíl riosca a bhaineann le struchtúir chorparáideacha mhalartacha, is eintitis neamhspleácha iad CPLanna nach mór dóibh na ceanglais uile faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chomhlíonadh go neamhspleách ar a máthairghnóthas nó ar ghrúpeintitis eile. Ní gá, dá bhrí sin, do ghrúpa a bhfuil CPL ina chuid de a bheith faoi réir an Rialacháin seo. Ba cheart, áfach, gné an ghrúpa, lena n-áirítear, inter alia, caidreamh oibríochtúil, pearsanta agus airgeadais CPL le grúpeintitis, a chur san áireamh i bpleanáil téarnaimh agus réitigh an CPL a mhéid a d’fhéadfadh sin difear a dhéanamh do théarnamh nó réiteach an CPL nó a mhéid a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí téarnaimh agus réitigh tionchar a imirt ar eintitis eile de chuid an ghrúpa.

(13)

Chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíochtaí réitigh go héifeachtúil agus go héifeachtach, agus i gcomhréir leis na cuspóirí réitigh, ba cheart do na Ballstáit bainc cheannais náisiúnta, aireachtaí inniúla, údaráis riaracháin phoiblí nó údaráis a bhfuil cumhachtaí riaracháin phoiblí de chúram orthu a cheapadh mar údaráis réitigh chun críche an Rialacháin seo chun feidhmeanna agus cúraimí a chur i gcrích i ndáil le réiteach, lena n-áirítear aon údaráis réitigh atá ann cheana. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go leithdháilfear acmhainní iomchuí ar na húdaráis réitigh sin. Sna Ballstáit ina bhfuil CPL bunaithe, ba cheart socruithe struchtúracha leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun feidhmeanna réitigh an CPL a scaradh ó fheidhmeanna eile, go háirithe i gcás ina ndéanfar an t-údarás atá freagrach as maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar an CPL, nó as maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta is comhaltaí imréitigh den CPL, a ainmniú mar an t-údarás réitigh, ionas go seachnófar aon choinbhleachtaí leasa agus aon bhaol ó thaobh boige rialála. I gcásanna den sórt sin, ba cheart neamhspleáchas phróiseas cinnteoireachta an údaráis réitigh a áirithiú, ach níor cheart cosc a chur ar an gcinnteoireacht teacht le chéile ar an leibhéal is airde.

(14)

I bhfianaise na n-iarmhairtí do chóras airgeadais agus do gheilleagar Ballstáit a d’fhéadfadh teacht as cliseadh CPL agus as na gníomhaíochtaí a leanann é, agus toisc go bhféadfadh gá a bheith le cistí poiblí sa deireadh thiar chun an ghéarchéim a réiteach, ba cheart do na haireachtaí airgeadais nó aireachtaí ábhartha eile sna Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh, i gcomhréir le nósanna imeachta daonlathacha náisiúnta, maidir le húsáid cistí poiblí mar rogha dheireanach agus ba cheart dóibh, dá bhrí sin, dlúthbhaint a bheith acu, ag céim luath, leis an bpróiseas téarnaimh agus réitigh. Dá bhrí sin, maidir le cistí poiblí a úsáid mar rogha dheireanach, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do dháileadh na n-inniúlachtaí idir na haireachtaí ábhartha nó idir an rialtas agus an t-údarás réitigh mar a fhoráiltear i gcórais dlí na mBallstát é.

(15)

Toisc gur minic a sholáthraíonn CPLanna seirbhísí ar fud an Aontais, ní mór, ar mhaithe le téarnamh agus réiteach éifeachtach, comhar a bheith ann idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh laistigh de choláistí maoirseachta agus réitigh, go háirithe ag céimeanna ullmhúcháin an téarnaimh agus an réitigh. Áirítear leis sin measúnú a dhéanamh ar an bplean téarnaimh arna bhforbairt ag an CPL, rannchuidiú le cinneadh comhpháirteach maidir le pleananna réitigh arna dtarraingt suas ag údarás réitigh an CPL agus teacht ar an gcinneadh comhpháirteach sin, agus aghaidh a thabhairt ar aon bhaic ar inréititheacht an CPL.

(16)

Agus CPLanna á réiteach, ba cheart cothromaíocht a aimsiú idir an gá, ar thaobh amháin, le nósanna imeachta lena gcuirtear san áireamh práinn an cháis agus lenar féidir réiteach a chur i gcrích go héifeachtach tráthúil cóir agus, ar an taobh eile, an gá an chobhsaíocht airgeadais a chosaint sna Ballstáit uile ina soláthraíonn an CPL seirbhísí. Na húdaráis a ndéanfadh cliseadh CPL difear dá réimsí inniúlachta, ba cheart dóibh a dtuairimí a chomhroinnt sa choláiste réitigh chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Ba cheart a áireamh air sin, go háirithe, faisnéis a chomhroinnt faoi ullmhú na gcomhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb ábhartha, faoi ullmhú na gcliant maidir le bainistiú ar mhainneachtain a d’fhéadfadh a bheith ann, bearta téarnaimh agus réitigh agus láimhseáil mhaoirseachta na neamhchosaintí gaolmhara ar an CPL. Maidir le húdaráis na mBallstát a bhféadfadh tionchar a bheith ag cliseadh an CPL ar a gcobhsaíocht airgeadais, ba cheart iad a bheith in ann a bheith rannpháirteach sa choláiste réitigh bunaithe ar a measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag réiteach an CPL ar chobhsaíocht airgeadais a mBallstáit faoi seach. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit go ndéanfadh údaráis inniúla agus údaráis réitigh na gcomhaltaí imréitigh ionadaíocht orthu sa choláiste réitigh. Na Ballstáit sin nach ndéanann údaráis na gcomhaltaí imréitigh ionadaíocht orthu, ba cheart dóibh a bheith in ann a bheith rannpháirteach trí rogha a dhéanamh idir rannpháirtíocht i gcoláiste údarás inniúil chliaint na gcomhaltaí imréitigh agus rannpháirtíocht in údarás réitigh chliaint na gcomhaltaí imréitigh. cheart do na húdaráis údar iomchuí a sholáthar d’údarás réitigh an CPL i leith a rannpháirtíochta, bunaithe ar a n-anailís siúd ar an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag réiteach an CPL ar a mBallstáit. Ar an dóigh chéanna, chun malartú tráthrialta tuairimí agus comhordú leis na húdaráis tríú tír ábhartha a áirithiú, ba cheart iarraidh ar na húdaráis sin a bheith rannpháirteach sna coláistí réitigh mar bhreathnóirí más gá sin.

(17)

Chun dul i ngleic ar bhealach éifeachtach, comhréireach le cliseadh féideartha CPL, ba cheart do na húdaráis roinnt tosca a chur san áireamh agus a gcumhachtaí téarnaimh agus réitigh á bhfeidhmiú acu amhail cineál ghnó an CPL, an struchtúr úinéireachta, an struchtúr dlíthiúil agus eagraíochtúil, an phróifíl riosca, an mhéid, an stádas dlíthiúil, an inionadaitheacht agus an idirnascthacht leis an gcóras airgeadais. Ba cheart do na húdaráis a chur san áireamh freisin, maidir le cliseadh an CPL agus an foirceannadh a dhéanfaí air ina dhiaidh sin de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, ar dhócha go mbeadh tionchar diúltach suntasach aige sin ar na margaí airgeadais, ar institiúidí airgeadais eile nó ar an ngeilleagar i gcoitinne.

(18)

Chun déileáil ar bhealach éifeachtúil le CPLanna a bhfuil ag cliseadh orthu, ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla bearta ullmhúcháin a fhorchur ar CPLanna. Ba cheart íoschaighdeán a leagan síos maidir leis an ábhar agus an fhaisnéis atá le cuimsiú i bpleananna téarnaimh chun a áirithiú go mbeidh pleananna sách mionsonraithe le haghaidh téarnaimh ag gach CPL san Aontas má thagann anás airgeadais orthu. I bplean téarnaimh den sórt sin, ba cheart breathnú ar réimse iomchuí cásanna, ina samhlaítear idir strus córasach agus strus a bhaineann go sonrach leis an CPL, lena gcuirfí a inmharthanacht i mbaol, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an éifeacht ghabhála le linn géarchéime á chur san áireamh freisin, idir an tionchar intíre agus an tionchar trasteorann. Ba cheart na cásanna a bheith níos déine ná na cásanna a úsáidtear chun críocha tástála rialta struis de bhun Airteagal 49 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ach ba cheart iad a bheith sochreidte fós. Ba cheart raon leathan cásanna a chumhdach sa phlean téarnaimh, lena n-áirítear cásanna a eascróidh as teagmhais mhainneachtana, as teagmhais neamh-mhainneachtana agus as teaglaim den dá chineál teagmhais; agus ba cheart go n-áireofaí leo socruithe cuimsitheacha chun leabhar comhoiriúnaithe a athbhunú, chun caillteanas a eascraíonn as mainneachtain comhalta imréitigh a leithdháileadh go hiomlán, agus iompar leordhóthanach do gach cineál eile caillteanais. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh sna pleananna téarnaimh idir cineálacha éagsúla teagmhas neamh-mhainneachtana. Ba cheart an plean téarnaimh a bheith ina chuid de rialacha oibríochta an CPL arna gcomhaontú go conarthach leis na comhaltaí imréitigh. Thairis sin, ba cheart forálacha a bheith sna rialacha oibríochta sin lena n-áiritheofar infhorfheidhmitheacht na mbeart téarnaimh sa phlean téarnaimh i ngach cás. Níor cheart glacadh leis sna pleananna téarnaimh go mbeidh tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách le fáil agus níor cheart dóibh cáiníocóirí a neamhchosaint ar riosca caillteanais.

(19)

Ba cheart ceangal a bheith ar CPLanna a bpleananna téarnaimh a tharraingt suas, a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart tús a chur leis an gcéim théarnaimh nuair a thagann meath suntasach ar staid airgeadais an CPL nó nuair atá an baol ann go sárófaí na ceanglais chaipitil agus stuamachta atá air faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le sárú ar a cheanglais um údarú lena dtabharfaí údar cuí lena údarú a tharraingt siar de bhun Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Ba cheart an méid sin a léiriú trí thagairt do chreat de tháscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla arna gcuimsiú sa phlean téarnaimh.

(20)

Chun dreasachtaí fónta a chruthú ex-ante agus chun leithdháileadh cothrom caillteanas a áirithiú, ba cheart a áirithiú le pleananna téarnaimh go mbeidh sé ina thoradh ar uirlisí téarnaimh a chur i bhfeidhm go ndéanfar leithdháileadh caillteanas idir CPLanna, comhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, a gcliaint, a chothromú go hiomchuí. Mar phrionsabal ginearálta, ba cheart caillteanais téarnaimh a dháileadh ar CPLanna, ar chomhaltaí imréitigh, agus, i gcás inarb infheidhme, ar a gcliaint de réir a bhfreagrachta as an riosca a aistrítear chuig an CPL agus de réir an chumais atá acu na rioscaí sin a rialú agus a bhainistiú. Ba cheart a áirithiú leis na pleananna téarnaimh go mbeidh caipiteal an CPL cosanta ar chaillteanais a tharlaíonn de bharr teagmhais mhainneachtana agus teagmhais neamh-mhainneachtana araon, sula leithdháilfear caillteanais ar chomhaltaí imréitigh. Mar dhreasacht do bhainistiú chuí riosca agus chun na rioscaí a bhaineann le caillteanais don cháiníocóir a laghdú a thuilleadh, ba cheart don CPL cuid dá acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe a úsáid, dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ar féidir a áireamh ann aon chaipiteal atá ina sheilbh sa bhreis ar na ceanglais caipitil íosta ina leith, chun an tairseach fógartha dá dtagraítear sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chomhlíonadh, mar bheart téarnaimh sula rachaidh sé i muinín bearta téarnaimh eile lena n-éilítear ranníocaíochtaí airgeadais ó chomhaltaí imréitigh.

Méid breise sin na n-acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe, atá éagsúil leis na hacmhainní dílse réamh-mhaoinithe dá dtagraítear in Airteagal 45(4) de Rialachán (AE) 648/2012, níor cheart é a bheith níos lú ná 10 % ná níos mó ná 25 % de na ceanglais chaipitil rioscabhunaithe arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 is cuma cé acu atá na ceanglais sin níos ísle nó níos airde ná an caipiteal tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 16(1) den Rialachán sin.

(21)

Ba cheart don CPL a phlean téarnaimh a chur faoi bhráid an údaráis inniúil agus ba cheart don údarás sin an plean a chur, gan moill mhíchuí, faoi bhráid an choláiste maoirseachta, arna bhunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, le haghaidh measúnú iomlán, a bheidh le déanamh go comhpháirteach ag an gcoláiste. Ba cheart a áireamh sa mheasúnú sin an bhfuil an plean cuimsitheach agus an bhféadfadh sé dáiríre inmharthanacht an CPL a athbhunú, ar dhóigh thráthúil, lena n-áirítear le linn tréimhsí dian-anáis airgeadais.

(22)

Ba cheart a leagan amach go cuimsitheach sna pleananna téarnaimh na gníomhaíochtaí a dhéanfadh an CPL chun déileáil le haon oibleagáidí gan íoc gan chomhoiriúnú, caillteanas neamhchumhdaithe, easnamh leachtachta, nó neamh-leordhóthanacht caipitil, chomh maith leis na gníomhaíochtaí chun acmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe atá ídithe a athshlánú agus na socruithe leachtachta chun inmharthanacht an CPL a athbhunú agus ar mhaithe lena chumas leanúnach na ceanglais údaraithe atá air a chomhlíonadh. Maidir le cumhacht an údaráis réitigh i dtaobh glao ar airgead tirim i gcomhair réitigh a chur i bhfeidhm nó an ceanglas gealltanas conarthach íosta a bheith ann i ndáil leis an nglao ar airgead tirim i gcomhair téarnaimh, níor cheart dóibh difear a dhéanamh do cheart an CPL glaonna ar airgead tirim i gcomhair téarnaimh a thabhairt isteach ina rialacha de bhreis ar an ngealltanas conarthach éigeantach íosta a shonraítear sa Rialachán seo ná do bhainistíocht riosca an CPL.

(23)

Ba cheart cibear-ionsaithe a bhreithniú sna pleananna téarnaimh freisin, ar cibear-ionsaithe iad a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le meath nach beag ar staid airgeadais an CPL nó le riosca go sárófar ceanglais stuamachta faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

(24)

Ba cheart do CPLanna a áirithiú go bhfuil a bplean téarnaimh neamh-idirdhealaitheach agus cothrom ó thaobh an tionchar a ghabhann leis agus na ndreasachtaí a chruthaíonn sé. Ba cheart éifeachtaí na mbeart téarnaimh ar chomhaltaí imréitigh agus, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha ar fáil, ar a gcliaint agus ar chóras airgeadais an Aontais nó cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit a bheith comhréireach i gcoitinne. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 tá CPLanna le háirithiú go bhfuil neamhchosaintí na gcomhaltaí imréitigh i leith an CPL teoranta. Ní mór do CPLanna a áirithiú go mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha go léir rannpháirteach i dtarraingt suas an phlean téarnaimh trína rannpháirtíocht i gcoiste riosca an CPL, de réir mar a bheadh, agus trí dhul i gcomhairle go hiomchuí leo. Ós rud é gur féidir a bheith ag súil le tuairimí éagsúla i measc geallsealbhóirí, ba cheart do CPLanna próisis shoiléire a bhunú chun éagsúlacht thuairimí na ngeallsealbhóirí a bhainistiú, mar aon le haon choinbhleacht leasa idir na geallsealbhóirí sin agus an CPL.

(25)

I bhfianaise chineál domhanda na margaí a bhfreastalaíonn CPLanna orthu, ba cheart forálacha conarthacha a bheith san áireamh i rialacha oibríochta an CPL lena áirithiú go mbeidh sé in ann na roghanna téarnaimh a chur i bhfeidhm, i gcás inar gá sin, ar chonarthaí nó ar shócmhainní arna rialú ag dlí tríú tír nó ar eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha.

(26)

I gcás nach gcuirfidh CPL plean téarnaimh iomchuí faoina mbráid, ba cheart na húdaráis inniúla a bheith in ann ceangal a chur ar an CPL na bearta a dhéanamh is gá chun easnaimh ábhartha an phlean a leigheas chun gnó an CPL a neartú agus chun a áirithiú gur féidir leis an CPL caillteanais a leithdháileadh, a chaipiteal a athbhunú agus, i gcás inarb ábhartha, a leabhar a ath-chomhoiriúnú i gcás cliseadh. Ba cheart go gcuirfeadh an chumhacht sin ar a gcumas do na húdaráis inniúla gníomhaíocht choisctheach a dhéanamh a mhéid is gá chun déileáil le haon easnaimh agus, dá bhrí sin, cuspóirí na cobhsaíochta airgeadais a chomhlíonadh.

(27)

Sna cásanna eisceachtúla ina gcuirtear caolchorrlach i bhfeidhm i leith gnóthachain ar chorrlach athrúcháin tar éis teagmhas neamh-mhainneachtana agus má éiríonn leis an téarnamh, ba cheart don údarás inniúil a bheith in ann a cheangal ar an CPL a chomhaltaí imréitigh a chúiteamh go comhréireach leis an gcaillteanas a thabhaigh siad de bhreis ar a ngealltanais chonarthacha, trí íocaíochtaí airgid nó, i gcás inarb iomchuí, trí cheangal a chur ar an CPL ionstraimí lena n-áirítear éileamh a eisiúint ar bhrabúis an CPL amach anseo.

(28)

Cuid bhunriachtanach den réiteach éifeachtach is ea an phleanáil réitigh. Ba cheart d’údarás réitigh an CPL na pleananna a tharraingt suas agus ba cheart iad a chomhaontú go comhpháirteach sa choláiste réitigh. Ba cheart raon leathan cásanna a chumhdach sna pleananna, agus idirdhealú á dhéanamh idir cásanna a eascróidh as teagmhais mhainneachtana, as teagmhais neamh-mhainneachtana agus as teaglaim den dá chineál teagmhais, mar aon le cineálacha éagsúla teagmhas neamh-mhainneachtana. Ba cheart an fhaisnéis uile is gá a bheith ag na húdaráis chun leanúnachas feidhmeanna criticiúla a shainaithint agus a áirithiú. Ba cheart ábhar an phlean réitigh, áfach, a bheith i gcomhréir le gníomhaíochtaí an CPL agus le cineálacha na dtáirgí a imréitíonn sé agus ba cheart é a bheith bunaithe, inter alia, ar an bhfaisnéis arna soláthar aige. Chun forfheidhmiú glaonna ar airgead tirim i gcomhair réitigh agus forfheidhmiú an laghdaithe ar mhéid aon ghnóthachan is iníoctha le comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana de CPL atá faoi réiteach a éascú, ba cheart tagairt a chur san áireamh i rialacha oibríochta an CPL do chumhacht an údaráis réitigh i dtaobh a cheangal go ndéanfaí na glaonna sin ar airgead tirim i gcomhair réitigh agus go ndéanfaí an laghdú sin. I gcás inar gá, ba cheart forálacha a bheith i rialacha oibríochta an CPL arna gcomhaontú go conarthach le comhaltaí imréitigh, chun in-fhorfheidhmitheacht beart réitithe eile ag údaráis réitithe a áirithiú.

(29)

Ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis réitigh, ar bhonn an mheasúnaithe ar an inréititheacht, athruithe a éileamh ar struchtúr dlíthiúil nó oibríochtúil agus eagrú CPLanna go díreach nó go hindíreach tríd an údarás inniúil, bearta a dhéanamh atá riachtanach agus comhréireach chun baic ábhartha ar chur i bhfeidhm uirlisí réitigh a laghdú nó deireadh a chur leo agus a n-inréititheacht a áirithiú. Agus struchtúr éagsúil na ngrúpaí a mbaineann CPLanna leo, na difríochtaí struchtúir i gcomparáid le grúpaí baincéireachta, agus na creataí rialála difriúla a bhfuil feidhm acu maidir le heintitis aonair laistigh de ghrúpaí den sórt sin á gcur san áireamh, ba cheart d’údarás réitigh an CPL, i gcomhairle le húdarás inniúil an CPL, a bheith in ann a mheas an bhféadfadh sé a bheith i gceist le forfheidhmiú athruithe ar struchtúir dhlíthiúla nó oibríochtúla an CPL nó aon ghrúpeintitis atá faoi rialú díreach nó indíreach aige go ndéanfaí athruithe ar struchtúir an ghrúpa ina bhfuil an CPL ar athruithe iad a bhféadfadh saincheisteanna agóide dlíthiúla nó saincheisteanna in-fhorfheidhmitheachta eascairt astu, ag brath ar na tosca dlíthiúla sonracha a bhfuil feidhm acu. Agus measúnú á dhéanamh ag an údarás réitigh ar conas deireadh a chur le baic den sórt sin ar réiteach, ba cheart dó a bheith in ann sraith éagsúil beart inréititheachta a mholadh seachas a cheangal go ndéanfaí athruithe ar struchtúir dhlíthiúla nó oibríochtúla an ghrúpa, dá mba rud é go bhfágfadh úsáid beart malartach den sórt sin go gcuirfí deireadh leis na baic ar inréiteacht ar bhealach coibhéiseach.

(30)

A mhéid a bhaineann leis na pleananna réitigh agus na measúnuithe inréititheachta, tugtar tosaíocht, in áit na gnáthmhaoirseachta, do ghníomhaíochtaí gasta athstruchtúraithe a chur i gcrích agus a áirithiú, chun feidhmeanna criticiúla an CPL a chinntiú agus an chobhsaíocht airgeadais a chosaint. I gcás easaontas idir comhaltaí éagsúla an choláiste réitigh i dtaobh cinntí atá le déanamh maidir le plean réitigh an CPL, leis an measúnú ar inréititheacht an CPL agus leis an gcinneadh deireadh a chur le haon bhaic air sin, ba cheart ról idirghabhála a bheith ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA) i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Mar sin féin, an idirghabháil cheangailteach sin a dhéanfaidh ESMA, ba cheart í a chur in oiriúint le bheith curtha faoi bhráid choiste inmheánach de chuid ESMA, i bhfianaise inniúlachtaí chomhaltaí ESMA chun an chobhsaíocht airgeadais a áirithiú agus na comhaltaí imréitigh i roinnt Ballstát a mhaoirsiú. Ba cheart iarraidh ar údaráis inniúla áirithe de réir Rialachán (AE) Uimh 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí sa choiste inmheánach sin de chuid ESMA toisc go bhféadfadh sé go mbeadh cúraimí comhchosúla ar na húdaráis sin faoi Threoir 2014/59/AE. Níor cheart cosc a chur, de dheasca idirghabháil cheangailteach den sórt sin, le hidirghabháil neamhcheangailteach i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 i gcásanna eile. I gcomhréir le hAirteagal 38 de Rialachán (AE) 1095/2010, ní fhéadfaidh an idirghabháil cheangailteach sin cur isteach ar fhreagrachtaí buiséadacha na mBallstát.

(31)

D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach go leagfaí amach i bplean téarnaimh an CPL na coinníollacha faoina spreagfaí comhaontuithe i dtaobh tacaíocht airgeadais, ráthaíochtaí nó cineálacha eile tacaíochta oibríochtúla, a bhféadfadh ceangal conartha a bheith leo, a sholáthar ó mháthairghnóthas nó ó ghrúpeintiteas eile do CPL laistigh den ghrúpa céanna. Le trédhearcacht i ndáil le socruithe den sórt sin, mhaolófaí na rioscaí do leachtacht agus do shócmhainneacht an ghrúpeintitis a bheadh ag soláthar na tacaíochta don CPL a bhfuil anás airgeadais ag bagairt air. Dá bhrí sin, aon athrú ar na socruithe sin a dhéanann difear do cháilíocht agus do chineál na tacaíochta sin ó ghrúpa, ba cheart é a mheas mar athrú ábhartha agus an plean téarnaimh á athbhreithniú.

(32)

I bhfianaise íogaireacht na faisnéise atá sna pleananna téarnaimh agus réitigh, ba cheart forálacha iomchuí rúndachta a bheith i bhfeidhm maidir leis na pleananna sin.

(33)

Ba cheart do na húdaráis inniúla na pleananna téarnaimh agus aon athruithe orthu a tharchur chuig na húdaráis réitigh ábhartha, agus ba cheart do na húdaráis réitigh sin na pleananna réitigh agus aon athruithe orthu a tharchur chuig na húdaráis inniúla, sa dóigh go mbeidh gach údarás ábhartha go hiomlán ar an eolas i gcónaí.

(34)

Chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, is gá na húdaráis inniúla a bheith in ann meathlú chás airgeadais agus eacnamaíoch an CPL a leigheas sula dtiocfaidh an CPL chuig pointe nach mbeidh an dara rogha ag na húdaráis ach é a réiteach nó ordú a thabhairt don CPL a bhearta tearnaimh a athrú i gcás ina bhféadfadh siad díobháil a dhéanamh don chobhsaíocht airgeadais i gcoitinne. Ba cheart dá bhrí sin cumhachtaí luath-idirghabhála a thabhairt do na húdaráis inniúla chun éifeachtaí díobhálacha ar an gcobhsaíocht airgeadais nó ar leasa cliant a sheachaint nó a íoslaghdú a d’fhéadfadh a eascairt ó bhearta áirithe a bheith á gcur chun feidhme ag an CPL. Ba cheart na cumhachtaí luath-idirghabhála sin a thabhairt do na húdaráis inniúla sa bhreis ar na cumhachtaí dá gcuid dá bhforáiltear i ndlí náisiúnta na mBallstát nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 le haghaidh cúinsí nach cúinsí a mheastar mar luath-idirghabháil iad. Ba cheart a áireamh le cumhachtaí luath-idirghabhála an chumhacht aon luach saothair cothromais agus ionstraimí a láimhseáiltear mar chothromas, lena n-áirítear íocaíochtaí díbhinne agus aischeannach á dhéanamh ag an CPL, a shrianadh nó a thoirmeasc, a mhéid is mó is féidir gan teagmhas mainneachtana a ghníomhachtú,, an chumhacht aon íocaíochtaí a thabharfar mar luach saothair athraitheach mar a shainmhínítear i mbeartas luacha saothair an CPL de bhun Airteagal 26(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, sochair phinsin lánroghnacha nó pacáistí téarfa leis an lucht bainistíochta sinsearaí a shrianadh, a thoirmeasc nó a chalcadh.

(35)

Faoi chuimsiú na gcumhachtaí luath-idirghabhála, agus i gcomhréir leis na forálacha ábhartha faoin dlí náisiúnta, ba cheart go mbeadh an t-údarás inniúil in ann riarthóir sealadach a cheapadh, a thiocfaidh in ionad bhord agus lucht bainistíochta sinsearaí an CPL nó chun obair shealadach a dhéanamh leo. Ba cheart é a bheith de chúram ar an riarthóir sealadach aon chumhachtaí a thugtar dó a fheidhmiú, faoi réir aon choinníoll a chuirtear air nuair a cheaptar é, d’fhonn réitigh a chur chun cinn chun staid airgeadais an CPL a leigheas. Níor cheart ceapadh an riarthóra shealadaigh a bheith ina chúis le cur isteach míchuí ar chearta na scairshealbhóirí nó na n-úinéirí ná ar oibleagáidí nós imeachta arna mbunú faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta na gcuideachtaí agus ba cheart oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a bhaineann le cosaint infheistíochta a urramú leis an gceapadh sin.

(36)

I rith chéimeanna an téarnaimh agus na luath-idirghabhála, ba cheart go leanfadh na scairshealbhóirí dá gcearta ar fad a bheith acu. Ba cheart dóibh na cearta sin a chailliúint tráth a chuirtear an CPL faoi réiteach. Maidir le haon luach saothair cothromais agus aon ionstraimí a láimhseáiltear mar chothromas, lena n-áirítear íocaíochtaí díbhinne agus aischeannach á dhéanamh ag an CBL, ba cheart iad a shrianadh nó a thoirmeasc i gcás téarnaimh, a mhéid is féidir gan teagmhas mainneachtana a ghníomhachtú. Ba cheart do shealbhóirí cothromais CPL caillteanais a iompar ar dtús i gcás réitigh ar bhealach lena n-íoslaghdófaí an riosca go ndéanfaidís agóid dlí i gcás inar mhó na caillteanais sin ná na caillteanais a thabhóidís faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta ar a dtugtar freisin an prionsabal maidir le gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as. Ba cheart d’údarás réitigh a bheith in ann imeacht ón bprionsabal gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as. Mar sin féin, bheadh scairshealbhóir nó creidiúnaí a thabhódh caillteanas níos mó ná mar a thabhódh sé faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta i dteideal an difríocht a bheith íoctha leo.

(37)

Sa chreat réitigh, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le CPL a dhul faoi réiteach go tráthúil sula mbíonn sé dócmhainneach. Ba cheart a mheas go bhfuil ag cliseadh ar CPL nó gur dócha go gclisfidh air i gcás ina bhfuil sé ag sárú nó inar dócha go mbeidh sé ag sárú sula i bhfad na gceanglas nach mór a chomhlíonadh chun leanúint de bheith údaraithe, i gcás ina bhfuil teipthe nó inar dócha go dteipfear ar an téarnamh inmharthanacht an CPL a athbhunú, i gcás nach bhfuil an CPL in ann nó inar dócha nach mbeidh sé in ann, feidhm chriticiúil a sholáthar, i gcás inar lú sócmhainní an CPL ná a dhliteanais nó inar dócha go mbeidh siad níos lú ná iad sula i bhfad, i gcás nach bhfuil an CPL in ann nó inar dócha nach mbeidh sé in ann sula i bhfad a fhiacha nó a dhliteanais eile a íoc de réir mar a bheidh siad dlite, nó i gcás ina dteastóidh tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ón CPL. Níor cheart, áfach, CPL dul faoi réiteach ar an ábhar nach gcomhlíonann sé na ceanglais uile le haghaidh údarú, agus ar an ábhar sin amháin.

(38)

Soláthar cúnamh leachtachta éigeandála ó bhanc ceannais, má tá saoráid den sórt sin ar fáil, níor cheart go bhfeicfí é mar léiriú nach bhfuil an CPL in ann, nó nach mbeidh sé in ann sula i bhfad, a dhliteanais a íoc de réir mar a bheidh siad dlite. Chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, go háirithe i gcás ganntanas sistéamach leachtachta, níor cheart, ar choinníoll go gcomhlíonfar roinnt coinníollacha, go spreagfaí dul faoi réiteach de bhun ráthaíochtaí Stáit ar na saoráidí leachtachta a chuireann bainc cheannais ar fáil ná de bhun ráthaíochtaí Stáit ar dhliteanais nua-eisithe arb é is aidhm dóibh suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas.

(39)

Comhaltaí den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC), comhlachtaí eile na mBallstát a bhfuil feidhmeanna comhchosúla á gcur i gcrích acu, comhlachtaí poiblí eile de chuid an Aontais a bhfuil sé de chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó a dhéanann idirghabháil ann, agus an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta chomh maith le heintitis eile a liostaítear in Airteagal 1(4) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, is féidir leo gníomhú i gcáil comhalta imréitigh i dtaca lena n-oibríochtaí. I gcás uirlisí leithdháilte caillteanais atá beartaithe i bplean téarnaimh CPLanna, níor cheart feidhm a bheith acu i leith na n-eintiteas sin. Ar an gcuma chéanna, níor cheart d’údaráis réitigh uirlisí leithdháilte caillteanais a chur i bhfeidhm maidir leis na heintitis sin, chun neamhchosaint airgid phoiblí a sheachaint.

(40)

I gcás ina gcomhlíonfaidh CPL na coinníollacha réitigh, ba cheart fáil a bheith ag údarás réitigh an CPL ar thacar comhchuibhithe d’uirlisí agus de chumhachtaí réitigh. Ba cheart don údaráis réitigh, mar thoradh ar na huirlisí agus na cumhachtaí sin, a bheith in ann aghaidh a thabhairt ar chásanna arb iad teagmhais mhainneachtana agus neamh-mhainneachtana araon, nó teaglaim den dá chineál teagmhais sin, is cúis leo. Ba cheart feidhmiú na nithe sin a bheith faoi réir coinníollacha coiteanna, cuspóirí coiteanna agus prionsabail ghinearálta choiteanna. Go háirithe, níor cheart go gcuirfeadh cur i bhfeidhm na n-uirlisí nó na gcumhachtaí sin isteach ar réiteach éifeachtach ar ghrúpaí trasteorann.

(41)

Is iad na nithe is ceart a bheith ina bpríomhchuspóirí ag an réiteach leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla a áirithiú, éifeachtaí díobhálacha ar an gcobhsaíocht airgeadais a sheachaint, agus cistí poiblí a chosaint.

(42)

Ba cheart feidhmeanna criticiúla an CPL a bhfuil ag cliseadh air a choimeád, ach na feidhmeanna sin a athstruchtúrú agus, i gcás inarb iomchuí, athrú a dhéanamh ar an mbainistíocht, trí chur i bhfeidhm uirlisí réitigh, agus, a mhéid is féidir, trí úsáid a bhaint as cistí príobháideacha agus gan a bheith ag brath ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách. D’fhéadfaí an cuspóir sin a bhaint amach trí chaillteanais gan íoc a leithdháileadh agus an CPL a athbhunú go dtí leabhar comhoiriúnaithe trí chur i bhfeidhm na n-uirlisí leithdháilte suíomhanna agus caillteanais i gcás caillteanais mhainneachtana, nó, i gcás caillteanais neamh-mhainneachtana, trí ionstraimí cothromais a dhíluacháil agus trí dhliteanais neamhurraithe a dhíluacháil agus a chomhshó ina gcothromas chun caillteanais a iompar agus chun an CPL a athchaipitliú. Chun nach mbeidh gá le huirlisí cobhsaithe rialtais a chur i bhfeidhm, ba cheart don údarás réitigh a bheith in ann freisin leas a bhaint as an nglao ar airgead tirim i gcomhair réitigh i ndiaidh teagmhais neamh-mhainneachtana. Ba cheart gurbh fhéidir CPL nó seirbhís imréitigh shonrach a dhíol freisin le CPL tríú páirtí sócmhainneach atá in ann na gníomhaíochtaí imréitigh aistrithe a dhéanamh agus a bhainistiú, nó féadfar iad a chumasc leis an CPL sin. I gcomhréir leis an gcuspóir i dtaobh feidhmeanna criticiúla an CPL a choinneáil ar bun agus sula ndéanfar na bearta a dtugtar tuairisc orthu thuas, ba cheart go ginearálta don údarás réitigh aon oibleagáidí conarthacha atá ar an CPL cheana agus atá gan chomhlíonadh a fhorfheidhmiú, i gcomhréir leis an gcaoi a nglaofaí orthu ina rialacha oibríochta, lena n-áirítear go háirithe aon oibleagáidí conarthacha ar chomhaltaí imréitigh i dtaobh glaonna ar airgead tirim i gcomhair téarnaimh a chomhlíonadh nó seasaimh comhaltaí imréitigh mainneachtana a ghabháil ar lámh, bíodh sé trí cheant nó trí mhodh comhaontaithe eile i rialacha oibríochta an CPL, chomh maith le haon oibleagáidí conarthacha atá ann agus atá gan chomhlíonadh lena gcuirtear ceangal ar pháirtithe seachas comhaltaí imréitigh i ndáil le haon chineál tacaíochta airgeadais.

(43)

Is gá gníomhaíocht ghasta dhiongbháilte chun muinín an mhargaidh a chaomhnú agus an éifeacht ghabhála a íoslaghdú. Nuair a bheidh na coinníollacha réitigh comhlíonta, ba cheart d’údarás réitigh an CPL gníomhaíocht réitigh atá iomchuí chomhordaithe a dhéanamh gan mhoill ar mhaithe le leas an phobail. D’fhéadfadh sé go gclisfí ar an CPL i gcúinsí ina n-éilítear go ndéanfaidh an t-údarás réitigh ábhartha bearta láithreach bonn. Ba cheart a ligean don údarás sin, dá bhrí sin, gníomhaíocht réitigh a dhéanamh d’ainneoin an CPL bearta téarnaimh a fheidhmiú nó gan oibleagáid a fhorchur úsáid a bhaint as na cumhachtaí luath-idirghabhála i dtosach.

(44)

Agus gníomhaíochtaí réitigh á ndéanamh aige, ba cheart d’údarás réitigh an CPL na bearta dá bhforáiltear sna pleananna réitigh arna dtarraingt suas laistigh den choláiste réitigh a chur san áireamh agus a leanúint, ach amháin má mheasann an t-údarás réitigh, agus cúinsí an cháis á gcur san áireamh, gur éifeachtaí mar a bhainfear amach na cuspóirí réitigh trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh nach bhforáiltear dóibh sna pleananna réitigh. Ba cheart don údarás réitigh prionsabail ghinearálta na cinnteoireachta a chur san áireamh, lena n-áirítear an gá atá le cothromaíocht a bhaint amach idir leasanna gheallsealbhóirí éagsúla an CPL agus an gá atá le trédhearcacht i leith údaráis Ballstát, agus rannpháirteachas na n-údarás sin, a áirithiú i gcás inar dhócha go mbeadh impleachtaí don chobhsaíocht airgeadais nó d’acmhainní fioscacha ag an gcinneadh beartaithe nó ag an ngníomhaíocht bheartaithe. Go háirithe, ba cheart don údarás réitigh an coláiste réitigh a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí réitigh atá beartaithe, lena n-áirítear i gcás ina ndiallfaidh na gníomhaíochtaí sin ón bplean réitigh.

(45)

Ba cheart aon chur isteach ar chearta maoine a bheith i gcomhréir leis an riosca don chobhsaíocht airgeadais. Dá bhrí sin, níor cheart uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ach i dtaca leis na CPLanna sin a chomhlíonann na coinníollacha réitigh, go sonrach i gcás inar gá é chun cuspóir na cobhsaíochta airgeadais a bhaint amach ar mhaithe le leas an phobail. D’fhéadfadh uirlisí agus cumhachtaí réitigh cearta scairshealbhóirí, creidiúnaithe, comhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, cliant de chuid comhaltaí imréitigh a shuaitheadh. Dá bhrí sin, níor cheart gníomhaíocht réitigh a dhéanamh ach amháin i gcás inar gá ar mhaithe le leas an phobail agus ba cheart aon chur isteach ar na cearta sin a bheith i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”).

(46)

Níor cheart do na scairshealbhóirí, na comhaltaí imréitigh agus creidiúnaithe eile an CPL a ndéantar difear dóibh, caillteanais a thabhú ar mó iad ná na caillteanais a thabhóidís mura ndéanfadh an t-údarás réitigh an ghníomhaíocht réitigh i ndáil leis an CPL agus go mbeidís, ina ionad sin, faoi réir gach oibleagáid gan íoc de bhun rialacha mainneachtana an CPL nó socruithe eile conarthacha ina rialacha oibríochta agus go bhfoirceannfaí an CPL de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta (an prionsabal gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as). I gcás páirtaistriú sócmhainní CPL atá faoi réiteach chuig ceannaitheoir príobháideach nó chuig CPL idirlinne, ba cheart an chuid iarmharach den CPL atá faoi réiteach a fhoirceannadh de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta.

(47)

Chun cearta scairshealbhóirí, comhaltaí imréitigh agus creidiúnaithe eile a chosaint, ba cheart rialacha soiléire a leagan síos maidir le luacháil shócmhainní agus dhliteanais an CPL agus maidir le luacháil na cóireála a bheadh faighte ag na scairshealbhóirí, na comhaltaí imréitigh agus na creidiúnaithe eile mura ndearna an t-údarás réitigh an ghníomhaíocht réitigh. Faoi chuimsiú na luachála sin, ba cheart comparáid a dhéanamh idir an chóireáil iarbhír a tugadh do na scairshealbhóirí, na comhaltaí imréitigh agus na creidiúnaithe eile le linn an réitigh agus an chóireáil a bheadh tugtha dóibh mura ndearna an t-údarás réitigh an ghníomhaíocht réitigh i ndáil leis an CPL sa dóigh go mbeidís faoi réir oibleagáidí a d’fhéadfadh a bheith gan íoc de bhun phlean téarnaimh an CPL nó socruithe eile ina rialacha oibríochta nó dá mbeadh an CPL foirceanta de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta. Tá úsáid an ghlao ar airgead tirim i gcomhair réitigh, ar cheart é a áireamh i rialacha oibríochtúla an CPL, forchoimeádta don údarás réitigh. Ní féidir leis an CPL, ná riarthóir ná leachtaitheoir i gcás dócmhainneachta, é a úsáid, agus níor cheart, dá bhrí sin, é a bheith ina chuid den chóireáil a bheith tugtha do na scairshealbhóirí, na comhaltaí imréitigh agus creidiúnaithe eile mura ndearna an t-údarás réitigh gníomhaíocht réitigh. Aon úsáid a bhaintear as an gcumhacht chun laghdú a dhéanamh ar mhéid aon ghnóthachan is iníoctha ag an údarás réitigh le comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana ar méid é a sháraíonn teorainneacha arna gcomhaontú de réir conartha maidir leis an laghdú sin, níor cheart í a úsáid ach oiread mar chuid den chóireáil a bheadh tugtha do na scairshealbhóirí, na comhaltaí imréitigh agus creidiúnaithe eile mura ndearna an t-údarás réitigh gníomhaíocht réitigh.

I gcás ina bhfuair na scairshealbhóirí, comhaltaí imréitigh agus creidiúnaithe eile, chun a n-éilimh a íoc nó a chúiteamh, níos lú ná an méid a bheadh faighte acu mura mbeadh an t-údarás réitigh tar éis gníomhaíocht réitigh a dhéanamh i ndáil leis an CPL sa dóigh go mbeidís faoi réir oibleagáidí a d’fhéadfadh a bheith gan íoc de bhun rialacha mainneachtana an CPL nó socruithe conarthacha eile ina rialacha oibríochta agus go mbeadh bhfoirceannadh déanta ar an CPL de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, ba cheart iad a bheith i dteideal an difríocht a bheith íoctha leo. Níor cheart cliaint a chur san áireamh sa chomparáid sin, agus níor cheart dóibh a bheith i dteideal aon difríocht sa chóireáil a bheith íoctha leo, ach amháin i gcás ina mbeidh bonn conarthach ann d’éileamh díreach ó chliaint i gcoinne an CPL, rud a fhágann gur creidiúnaithe de chuid an CPL iad. Is sna cásanna sin amháin is féidir leis an údarás réitigh tionchar díreach a chuid gníomhaíochtaí a rialú. Ba cheart go bhféadfaí agóid a dhéanamh i gcoinne na comparáide sin ar leithligh ón gcinneadh réitigh. Ba cheart saoirse a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an nós imeachta le haon difríocht cóireála a chinnfear a íoc leis na scairshealbhóirí, leis na comhaltaí imréitigh agus le creidiúnaithe eile.

(48)

Is féidir le gníomhaíochtaí téarnaimh agus réitigh difear indíreach a dhéanamh do chliaint agus do chliaint indíreacha nach creidiúnaithe de chuid an CPL iad, a mhéid a bheidh costais téarnaimh agus réitigh curtha ar aghaidh chuig na cliaint sin agus chuig na cliaint indíreacha sin faoi na socruithe conarthacha is infheidhme. Dá bhrí sin, ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar thionchar cáis téarnaimh agus réitigh CPL ar chliaint agus ar chliaint indíreacha trí na socruithe conarthacha céanna leis na comhaltaí imréitigh agus leis na cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh dóibh. Is féidir an méid sin a bhaint amach trína áirithiú, má cheadaíonn socruithe conarthacha do chomhaltaí imréitigh iarmhairtí diúltacha na n-uirlisí réitigh a chur ar aghaidh chuig a gcliaint, go n-áireofar sna socruithe conarthacha sin freisin, ar bhonn coibhéiseach, comhréireach, ceart cliant i leith aon chúiteamh a gheobhaidh comhaltaí imréitigh ón CPL nó aon choibhéis airgid den chúiteamh sin nó aon fháltais a gheobhaidh siad tar éis éileamh ar bhonn an phrionsabail gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as, a mhéid a bhaineann siadsan le suíomhanna cliant. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin freisin maidir le socruithe conarthacha na gcliant agus na gcliant indíreach a chuireann seirbhísí imréitigh indíreacha ar fáil dá gcliaint.

(49)

Chun réiteach éifeachtach CPL a áirithiú, aon chaillteanais nach mór a leithdháileadh ionas gur féidir leis an CPL a leabhar oibleagáidí gan íoc a chomhoiriúnú arís agus a oibleagáidí íocaíochta reatha a chomhlíonadh, ba cheart iad a chinneadh a bheaichte is féidir sa phróiseas luachála. Ba cheart luacháil shócmhainní agus dhliteanais an CPL a bhfuil ag cliseadh air a bheith bunaithe ar thoimhdí atá cóir, stuama agus réalaíoch an tráth a chuirtear na huirlisí réitigh i bhfeidhm. Níor cheart, áfach, staid airgeadais an CPL difear a dhéanamh do luach na ndliteanas sa luacháil. Ba cheart na húdaráis réitigh a bheith in ann, ar chúiseanna práinne, luacháil ghasta a dhéanamh ar shócmhainní nó ar dhliteanais an CPL a bhfuil ag cliseadh air. Ba cheart an luacháil sin a bheith sealadach agus ba cheart feidhm a bheith aici go dtí go ndéanfar luacháil neamhspleách.

(50)

Nuair a rachaidh an CPL faoi réiteach, ba cheart don údarás réitigh aon oibleagáidí conarthacha gan íoc a leagtar amach i rialacha oibríochta an CPL a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear bearta téarnaimh nach bhfuil thart, ach amháin i gcás ina mbeidh sé níos iomchuí cumhacht nó uirlis eile réitigh a fheidhmiú chun éifeachtaí díobhálacha don chobhsaíocht airgeadais a mhaolú nó chun feidhmeanna criticiúla an CPL a chinntiú ar mhodh tráthúil. Ba cheart an ceart a bheith ag an údarás réitigh, ach gan an oibleagáid a bheith air, na hoibleagáidí conarthacha sin a fhorfheidhmiú fós tar éis an réitigh murab ann a thuilleadh do na cúiseanna le staonadh óna bhforfheidhmiú. Ionas go mbeidh na comhaltaí imréitigh agus na páirtithe ábhartha eile in ann ullmhú d’fhorfheidhmiú na n-oibleagáidí atá fágtha, ba cheart don údarás réitigh fógra a thabhairt do na comhaltaí imréitigh ábhartha agus roimh ré. Tréimhse idir trí mhí agus sé mhí ba cheart a bheith sa tréimhse réamhfhógra sin.

Ba cheart don údarás réitigh, i gcomhairle le húdaráis inniúla agus le húdaráis réitigh na gcomhaltaí imréitigh dá ndéantar difear agus le haon pháirtithe eile a gheall na hoibleagáidí atá ann cheana agus atá fós gan íoc, a chinneadh an bhfuil deireadh leis na cúiseanna le staonadh ó na hoibleagáidí conarthacha a fhorfheidhmiú agus an ndéanfar na hoibleagáidí eile a fhorfheidhmiú. Más ann do na cúiseanna fós, ba cheart don údarás réitigh staonadh ó na hoibleagáidí sin a fhorfheidhmiú. Ba cheart na fáltais ó fhorfheidhmiú moillithe na n-oibleagáidí conarthacha atá gan íoc a úsáid chun aisghabháil a dhéanamh ar aon chistí poiblí arna n-úsáid chun éilimh a íoc ar éilimh iad de bhun an phrionsabail gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as agus a eascraíonn as cinneadh an údaráis réitigh staonadh ó na hoibleagáidí seo a fhorfheidhmiú nó ó aon uirlis chobhsaíochta rialtais a chur i bhfeidhm. Níor cheart don údarás réitigh leas a bhaint as cumhacht an fhorfheidhmithe mhoillithe ach amháin sa mhéid nach sáraítear an prionsabal gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as i leith an gheallsealbhóra a bheidh faoi réir an fhorfheidhmithe mhoillithe. I gcás caillteanas mainneachtana, ba cheart don údarás réitigh an CPL a athbhunú go dtí leabhar comhoiriúnaithe agus caillteanais gan íoc a leithdháileadh trí uirlisí leithdháilte suíomhanna agus caillteanais a chur i bhfeidhm. I gcás caillteanais neamh-mhainneachtana, ba cheart na caillteanais a iompar le hionstraimí caipitil rialála agus a leithdháileadh ar na scairshealbhóirí de réir a n-acmhainneachta trí ionstraimí úinéireachta a chealú nó a aistriú nó trí dhianchaolú. I gcás nach leor na hionstraimí sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis réitigh fiachas agus dliteanais neamhurraithe a dhíluacháil, i gcomhréir lena n-aicmiú faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta is infheidhme, agus uirlisí leithdháilte caillteanais a úsáid, a mhéid is gá gan an chobhsaíocht airgeadais i gcoitinne a chur i mbaol.

(51)

Más rud é, tar éis na caillteanais a iompar agus, i gcás inarb infheidhme, an CPL a bheith athbhunaithe ina leabhar comhoiriúnaithe, go leanann acmhainní réamh-mhaoinithe an CPL de bheith ídithe, ba cheart don údarás réitigh a áirithiú go n-athbhunófaí na hacmhainní sin do na leibhéil atá riachtanach chun na ceanglais rialála a chomhlíonadh, bíodh sé sin trí leanúint d’fheidhmiú na n-uirlisí i rialacha oibríochta an CPL nó trí ghníomhaíochtaí eile. Go háirithe, ba cheart an deis a bheith ag údaráis réitigh cúiteamh a thabhairt do chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a bheadh i dteideal íocaíocht chúitimh ar bhonn an phrionsabail gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as, i leith uirlisí leithdháilte caillteanais a bheith curtha i bhfeidhm a mbeadh de thoradh orthu caillteanais de bhreis ar na caillteanais a d’iompródh na comhaltaí imréitigh faoina n-oibleagáidí faoi rialacha oibríochta an CPL le hionstraimí úinéireachta, le hionstraimí fiachais nó le hionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar bhrabúis an CPL amach anseo. Agus méid agus foirm an chúitimh á measúnú aige, féadfaidh an t-údarás réitigh, mar shampla, fóntacht airgeadais an CPL, cáilíochtaí na n-ionstraimí atá ar fáil mar chúiteamh, agus an coimirce nach ceart go mbeadh creidiúnaí ar bith níos measa as a bhreithniú. Chun struchtúr leordhóthanach dreasachtaí a choimeád, ba cheart a léiriú, i ndáil leis an gcúiteamh sin, a mhéid a thacaigh comhalta imréitigh le téarnamh an CPL, agus ba cheart, dá réir sin, na hoibleagáidí conarthacha gan íoc atá ar na comhaltaí imréitigh i leith an CPL sin a chur san áireamh freisin. Ba cheart an cúiteamh sin a bhaint as aon teidlíocht íocaíochta faoin bprionsabal gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as.

(52)

Ba cheart do na húdaráis réitigh a áirithiú freisin go n-íoslaghdófar costais réiteach an CPL agus go gcaithfear go cothromasach le creidiúnaithe den aicme chéanna. Ba cheart an t-údarás réitigh bheith in ann gníomh réitigh a dhéanamh a imíonn ón bprionsabal go gcaitear go comhionann le gach creidiúnaí, más ar mhaithe le leas an phobail atá sé na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus má tá sé comhréireach leis an riosca a bhfuil aghaidh á tabhairt air. Má úsáideann an t-údarás réitigh beart mar sin, níor cheart go ndéanfaí idirdhealú ar éinne ar bhonn a náisiúntachta.

(53)

Le réiteach CPL, níor cheart go n-iarrfaí tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách. Ba cheart na huirlisí téarnaimh agus na huirlisí réitigh nach bhfuil lánfheidhmithe, agus go háirithe an uirlis díluachála, a chur i bhfeidhm a oiread is féidir roimh nó i gcomhthráth le haon instealladh caipitil ón earnáil phoiblí nó a choibhéis de thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a thugtar don CPL. Tá sí le bheith ina rogha deiridh go n-úsáidfí tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách chun cúnamh a thabhairt le réiteach institiúidí a bhfuil ag cliseadh orthu, tá an úsáid sin le bheith teoranta ó thaobh ama agus tá na forálacha ábhartha maidir le Státchabhair le bheith á gcomhlíonadh aici.

(54)

Le córas éifeachtach réitigh, ba cheart íoslaghdú a dhéanamh ar na costais a bhíonn le hiompar ag na cáiníocóirí de dheasca réiteach an CPL a bhfuil ag cliseadh air. Ba cheart a áirithiú leis gur féidir CPLanna a réiteach gan an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol. Ba cheart don uirlis díluachála agus na huirlisí leithdháilte caillteanais agus suíomhanna an cuspóir sin a bhaint amach trína áirithiú go mbainfidh caillteanais iomchuí do na scairshealbhóirí agus do na contrapháirtithe atá i measc chreidiúnaithe an CPL a bhfuil ag cliseadh air agus go n-iompróidh siad sciar iomchuí de na costais a eascraíonn ó chliseadh an CPL. Dá bhrí sin, leis na huirlisí díluachála agus na huirlisí leithdháilte caillteanais agus suíomhanna méadaítear an dreasacht do scairshealbhóirí agus contrapháirtithe an CPL faireachán a dhéanamh ar shláinte an CPL sna gnáthchúinsí i gcomhréir le moltaí an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais”(BCA) dá bhforailtear ina dhoiciméad “Key Attributes of Effective Resolution Regimes for Financial Institution s”.

(55)

Chun a áirithiú go bhfuil an tsolúbthacht is gá ag na húdaráis réitigh chun caillteanais agus suíomhanna a leithdháileadh ar chontrapháirtithe i raon cúinsí, ba cheart na húdaráis sin a bheith in ann na huirlisí leithdháilte suíomhanna agus caillteanais a chur i bhfeidhm i gcás inarb é an cuspóir na seirbhísí criticiúla imréitigh laistigh den CPL atá faoi réiteach a choimeád agus é sin a dhéanamh in éineacht le seirbhísí criticiúla a aistriú chuig CPL idirlinne nó chuig tríú páirtí, sula mbeidh an chuid iarmharach den CPL ag scor den oibriú agus á foirceannadh.

(56)

I gcás ina gcuirfear na huirlisí leithdháilte suíomhanna agus caillteanais i bhfeidhm leis an gcuspóir inmharthanacht an CPL a bhfuil ag cliseadh air a athbhunú lena chur ar a chumas dó leanúint de bheith ag oibriú mar ghnóthas leantach, maille leis an réiteach ba cheart an lucht bainistíochta a athrú, ach amháin i gcás inarb iomchuí agus inar gá an lucht bainistíochta a choinneáil chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, agus ba cheart athstruchtúrú a dhéanamh ar an CPL agus ar a ghníomhaíochtaí ina dhiaidh sin ar bhealach a rachadh i ngleic le cúiseanna an chliste. Ba cheart an t-athstruchtúrú sin a dhéanamh trí phlean atheagrúcháin gnó a chur chun feidhme, agus ba cheart an plean sin a bheith comhoiriúnach leis an bplean athstruchtúraithe a d’fhéadfadh a bheith ar an CPL a chur isteach de bhun an chreata Státchabhrach.

(57)

Ba cheart na huirlisí leithdháilte suíomhanna agus caillteanais a fheidhmiú d’fhonn leabhar an CPL a ath-chomhoiriúnú, aon chaillteanais eile a chosc agus acmhainní breise a fháil chun cuidiú le hathchaipitliú an CPL agus a acmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú. Chun a áirithiú go bhfuil siad éifeachtach agus go mbainfidh siad a gcuspóir amach, ba cheart iad a bheith infheidhme maidir le raon chomh leathan agus is féidir de chonarthaí óna n-eascraíonn dliteanais neamhurraithe nó lena bhfágtar gan chomhoiriúnú leabhar an CPL a bhfuil ag cliseadh air. Ba cheart foráil a dhéanamh iontu maidir leis an deis suíomhanna mainnitheoirí a cheantáil i measc na gcomhaltaí imréitigh atá fágtha, nó iad a leithdháileadh go héigeantach a mhéid nach bhfuil na socruithe deonacha arna mbunú mar chuid den phlean téarnaimh ídithe tráth a théitear faoi réiteach, chun conarthaí na gcomhaltaí imréitigh mainnithe, na seirbhíse imréitigh nó na haicme táirgí dá ndéantar difear agus conarthaí eile de chuid an CPL a fhoirceannadh i bpáirt nó ina n-iomláine, chun tuilleadh caolchorrlaigh a chur ar na híocaíochtaí corrlaigh athrúcháin amach leis na comhaltaí sin agus, i gcás inarb infheidhme, lena gcliaint, chun aon ghlaonna nach bhfuil thart ar airgead tirim i gcomhair téarnaimh a leagtar amach sna pleananna téarnaimh a fheidhmiú, agus chun glaonna breise ar airgead tirim i gcomhair réitigh a fheidhmiú agus díluacháil a dhéanamh ar na hionstraimí caipitil agus fiachais arna n-eisiúint ag an CPL nó ar dhliteanais neamhurraithe eile agus aon ionstraimí fiachais a chomhshó ina scaireanna. Áirítear leis sin an deis na huirlisí leithdháilte caillteanais a chur i bhfeidhm chun rannchuidiú le leabhar comhoiriúnaithe a athbhunú trí chistí a sholáthar don CPL chun glacadh le tairiscint cheant, lena gcuirtear ar a chumas don CPL suíomhanna an mhainnitheora a leithdháileadh nó íocaíochtaí a dhéanamh ar na conarthaí foirceanta.

(58)

Nuair a bheidh an uirlis leithdháilte caillteanais á chur i bhfeidhm lena bhféadfar laghdú a dhéanamh ar luach aon ghnóthachan is iníoctha ag an CPL le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana, ba cheart don údarás réitigh brath ar phróiseáil an chorrlaigh athrúcháin i gcomhréir le struchtúr cuntais an CPL, le feidhmiú an laghdaithe ar luach aon ghnóthachan atá iníoctha ag an CPL le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana le linn téarnaimh, más infheidhme, agus leis an bprionsabal gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as.

(59)

Agus urraim chuí á tabhairt acu don tionchar ar an gcobhsaíocht airgeadais agus mar rogha dheireanach, ba cheart do na húdaráis réitigh a bheith in ann conarthaí áirithe a eisiamh nó a eisiamh i bpáirt ón leithdháileadh suíomhanna agus caillteanais i roinnt cúinsí. I gcás ina gcuirfear eisiaimh den sort sin i bhfeidhm, ba cheart é a bheith indéanta leibhéal na neamhchosanta nó an chaillte a chuirfear i bhfeidhm ar chonarthaí eile a mhéadú chun na heisiaimh sin a chur san áireamh faoi réir urramú an phrionsabail gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as.

(60)

I gcás inar cuireadh i bhfeidhm na huirlisí réitigh chun feidhmeanna criticiúla nó gnó inmharthana CPL a aistriú chuig eintiteas fónta amhail ceannaitheoir ón earnáil phríobháideach nó CPL idirlinne, ba cheart an chuid iarmharach den CPL a leachtú laistigh d’achar iomchuí ama ag féachaint d’aon ghá go soláthródh an CPL a bhfuil ag cliseadh air seirbhísí nó tacaíocht le go mbeadh an ceannaitheoir nó an CPL idirlinne in ann na gníomhaíochtaí a dhéanamh nó na seirbhísí a sholáthar a leagadh air de bhua an aistrithe sin.

(61)

Leis an uirlis díolta gnó, ba cheart na húdaráis a bheith in ann an CPL nó codanna dá ghnó a dhíol le ceannaitheoir amháin nó níos mó gan toiliú na scairshealbhóirí. Agus an uirlis díolta gnó á cur i bhfeidhm, ba cheart do na húdaráis socruithe a dhéanamh maidir leis an CPL sin nó an chuid sin dá ghnó a mhargú trí phróiseas oscailte trédhearcach neamh-idirdhealaitheach, agus é mar aidhm aige an praghas díola a uasmhéadú.

(62)

Aon ghlanfháltais ó aistriú sócmhainní nó dliteanas an CPL faoi réiteach nuair a chuirfear an uirlis díolta gnó i bhfeidhm, ba cheart iad a dhul chun tairbhe don eintiteas a bheidh fágtha sna himeachtaí foirceanta. Aon ghlanfháltais ó aistriú ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag an CPL faoi réiteach nuair a chuirfear an uirlis díolta gnó i bhfeidhm, ba cheart iad a dhul chun tairbhe do na scairshealbhóirí. Aon chomaoin a íocfaidh an ceannaitheoir, ba cheart di dul chun tairbhe freisin d’aon chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana ar éirigh caillteanais dóibh. Ba cheart aon ghlanfháltais nó tairbhe den sórt sin a bheith faoi réir aisghabháil iomlán aon chiste phoiblí dá bhforáiltear i réiteach. Ba cheart na fáltais a ríomh glan ar na costais a d’eascair ó chliseadh an CPL agus ón bpróiseas réitigh.

(63)

Chun díolachán an ghnó a chur i gcrích go tráthúil agus an chobhsaíocht airgeadais a chosaint, ba cheart an measúnú ar an gceannaitheoir a gheobhaidh sealúchas cáilitheach a dhéanamh ar mhodh tráthúil nach gcuirfidh moill ar chur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó. Ba cheart don CPL nó don cheannaitheoir nó dóibh araon, ag brath ar éifeachtaí na huirlise díolta gnó agus cineál na héadála, a bheith in ann cearta comhaltachta atá ann cheana a fheidhmiú nó a choimeád agus rochtain a bheith aige ar chórais íocaíochta agus socraíochta agus ar bhonneagair mhargaidh airgeadais agus ionaid trádála eile atá nasctha. Níor cheart na cearta sin a dhiúltú ar bhonn neamh-chomhlíonadh na gcritéar ábhartha comhaltachta nó rannpháirtíochta, ná ar bhonn rátáil chreidmheasa neamhleor. I gcás ceannaitheoir nach gcomhlíonann na critéir sin, ní féidir leis na cearta sin a fheidhmiú ach ar feadh tréimhse a shonróidh an t-údarás réitigh.

(64)

Is dócha go mbeidh tábhacht shistéamach leis an bhfaisnéis maidir le margú an CPL a bhfuil ag cliseadh air agus maidir leis na caibidlíochtaí le faighteoirí féideartha sula gcuirfear an uirlis díolta gnó i bhfeidhm. Chun an chobhsaíocht airgeadais a áirithiú, tá sé tábhachtach go bhfuil sé indéanta nochtadh poiblí na faisnéise sin a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a chur siar ar feadh an ama is gá chun réiteach an CPL a phleanáil agus a struchtúrú i gcomhréir leis na tréimhsí ama a cheadaítear faoin gcóras maidir le drochúsáid mhargaidh.

(65)

Ós CPL é atá, ina iomláine nó i bpáirt, faoi úinéireacht údaráis phoiblí amháin nó níos mó nó faoi rialú an údaráis réitigh, ba cheart é a bheith mar phríomhchuspóir ag an CPL idirlinne a áirithiú go leanfar de na seirbhísí airgeadais bunriachtanacha a sholáthar do chomhaltaí imréitigh agus do chliaint an CPL a cuireadh faoi réiteach agus go leanfar de na gníomhaíochtaí airgeadais bunriachtanacha a dhéanamh. Ba cheart an CPL idirlinne a oibriú mar eintiteas ar gnóthas leantach inmharthana é agus ba cheart é a chur ar ais ar an margadh nuair is iomchuí na dálaí nó é a fhoirceannadh nuair nach mbíonn sé inmharthana a thuilleadh.

(66)

I gcás nach mbeadh fáil ar aon roghanna eile nó inar féidir a léiriú nár leor iad chun an chobhsaíocht airgeadais a chosaint, ba cheart rannpháirtíocht rialtais a bheith ceadmhach, trí thacaíocht chothromais nó úinéireacht phoiblí shealadach, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair, lena n-áirítear athstruchtúrú oibríochtaí an CPL. Chun baol morálta a sheachaint, níor cheart an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách sin a sholáthar ach amháin mar rogha dheireanach, ba cheart í a bheith de chineál sealadach agus ba cheart i gcónaí í a aisghabháil thar thréimhse iomchuí ama. Dá bhrí sin, a fhad nach bac é ar uirlisí cobhsaíochta rialtais a chur i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit socruithe cuimsitheacha inchreidte a bhunú chun cistí a fhorchúiteamh. Ní dochar cur i bhfeidhm uirlisí cobhsaithe rialtais, ar dhiscréid an bhainc cheannais amháin, fiú le linn tráth struis, do ról aon bhainc cheannais i leachtacht a sholáthar go féideartha don chóras airgeadais.

(67)

Chun a áirithiú go mbeidh údarás réitigh in ann na huirlisí leithdháilte caillteanais agus suíomhanna a chur i bhfeidhm ar chonarthaí le heintitis atá bunaithe i dtríú tíortha, ba cheart aithint na féidearthachta an méid sin a dhéanamh a áireamh i rialacha oibríochtúla an CPL.

(68)

Na cumhachtaí dlíthiúla uile is gá a d’fhéadfaí a fheidhmiú, arna gcomhcheangal ar mhodhanna éagsúla, agus na huirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm, ba cheart iad a bheith ag na húdaráis réitigh. Ar na cumhachtaí sin, ba cheart a áireamh an chumhacht chun ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais an CPL a bhfuil ag cliseadh air a aistriú chuig eintiteas eile amhail CPL eile nó CPL idirlinne, an chumhacht chun ionstraimí úinéireachta a dhíluacháil nó a chealú, nó dliteanais an CPL a bhfuil ag cliseadh air a dhíluacháil nó a chomhshó, an chumhacht chun an corrlach athrúcháin a dhíluacháil, an chumhacht chun forfheidhmiú a dhéanamh ar aon oibleagáidí gan íoc de chuid an tríú páirtí i ndáil leis an CPL lena n-áirítear glaonna ar airgead tirim i gcomhair téarnaimh, mar a leagtar amach i rialacha oibríochta an CPL, agus leithdháiltí suíomhanna, an chumhacht chun glaonna ar airgead tirim i gcomhair réitigh a fheidhmiú, an chumhacht chun conarthaí an CPL a fhoirceannadh i bpáirt agus ina n-iomláine, an chumhacht chun an lucht bainistíochta a athrú agus an chumhacht chun moratóir sealadach a fhorchur ar éilimh a íoc. Ba cheart an CPL agus comhaltaí a bhoird agus a lucht bainistíochta sinsearaí leanúint de bheith faoi dhliteanas, faoi réir an dlí shibhialta nó choiriúil náisiúnta i ndáil le cliseadh an CPL.

(69)

Ba cheart ceanglais nós imeachta a bheith ar áireamh sa chreat réitigh lena n-áiritheofar go dtabharfar fógra iomchuí maidir le gníomhaíochtaí réitigh agus go bpoibleofar iad. De bhrí gur dócha faisnéis a gheobhaidh na húdaráis réitigh agus a gcomhairleoirí gairmiúla le linn an phróisis réitigh a bheith íogair, sula bpoibleofar an cinneadh réitigh, ba cheart í a bheith faoi réir córas éifeachtach rúndachta. Is gá a chur san áireamh go bhféadfaí éifeachtaí forleathana a bheith ann de bharr faisnéis maidir le hábhar agus sonraí pleananna téarnaimh agus réitigh agus de bharr toradh aon mheasúnaithe ar na pleananna sin, go háirithe ar na gnóthais lena mbaineann. Aon fhaisnéis a sholáthrófar maidir le cinneadh sula ndéanfar an cinneadh sin, bíodh sé i dtaobh na coinníollacha réitigh a bheith comhlíonta, i dtaobh uirlis shonrach a úsáid nó i dtaobh aon ghníomhaíocht a úsáid i rith na n-imeachtaí, d’fhéadfadh sé go mbeadh éifeachtaí dá barr ar na leasanna poiblí agus príobháideacha a mbaineann an ghníomhaíocht leo. D’fhéadfadh sé gur leor an fhaisnéis go bhfuil an t-údarás réitigh ag scrúdú CPL áirithe le go mbainfeadh éifeachtaí diúltacha don CPL sin. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go mbeidh sásraí iomchuí ann chun rúndacht na faisnéise sin a choimeád, amhail ábhar agus sonraí na bpleananna téarnaimh agus réitigh agus toradh aon mheasúnaithe a dhéanfar sa chomhthéacs sin.

(70)

Ba cheart cumhachtaí coimhdeacha a bheith ag na húdaráis réitigh chun a áirithiú gurb éifeachtach a bheidh aistriú na n-ionstraimí úinéireachta nó na n-ionstraimí fiachais agus na sócmhainní, na ndliteanas, na gceart agus na n-oibleagáidí, lena n-áirítear suíomhanna agus na corrlaigh ghaolmhara. Faoi réir na gcoimircí arna sonrú sa Rialachán seo, ba cheart go n-áireofaí ar na cumhachtaí sin an chumhacht cearta tríú páirtí a bhaint de na hionstraimí nó de na sócmhainní arna n-aistriú agus an chumhacht conarthaí a fhorfheidhmiú agus foráil a dhéanamh do leanúnachas na socruithe maidir le faighteoir na sócmhainní agus na n-ionstraimí úinéireachta arna n-aistriú. Níor cheart difear a dhéanamh do chearta na bhfostaithe conradh fostaíochta a fhoirceannadh, áfach. Níor cheart difear a dhéanamh ach oiread don cheart atá ag páirtí conradh leis an CPL faoi réiteach, nó le grúpeintiteas de, a fhoirceannadh ar chúiseanna nach mbaineann le réiteach an CPL a bhfuil ag cliseadh air. Ba cheart an chumhacht choimhdeach a bheith ag na húdaráis réitigh ceangal a chur ar an CPL iarmharach atáthar a fhoirceannadh de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta seirbhísí a sholáthar a bhfuil gá leo le gur féidir leis an CPL ar aistríodh sócmhainní, conarthaí nó ionstraimí airgeadais chuige de bhua chur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó, nó le gur féidir leis an CPL idirlinne a ghnó a sheoladh.

(71)

Ós rud é gurbh fhéidir sé gur ghá bearta bainistithe géarchéime a dhéanamh go práinneach de thoradh rioscaí tromchúiseacha don chobhsaíocht airgeadais sa Bhallstát agus san Aontas, aon nós imeachta faoin dlí náisiúnta i ndáil leis an iarratas ar fhaomhadh breithiúnach ex-ante ar bheart bainistithe géarchéime agus breithniú na cúirte ar an iarratas sin, ba cheart é a dhéanamh go mear. I bhfianaise an cheanglais beart bainistithe géarchéime a dhéanamh go práinneach, ba cheart don chúirt a cinneadh a thabhairt laistigh de 24 uair an chloig agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis an údarás ábhartha a chinneadh a dhéanamh láithreach tar éis chinneadh na cúirte. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar do cheart na bpáirtithe leasmhara a iarraidh ar an gcúirt an cinneadh a chur i leataobh ar feadh tréimhse theoranta tar éis don údarás réitigh an beart bainistithe géarchéime a dhéanamh.

(72)

I gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt, tá an ceart chun próise cuí ag na páirtithe lena mbaineann agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil i gcoinne na mbeart a dhéanann difear dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart na cinntí a dhéanfaidh na húdaráis réitigh a bheith faoi réir an chirt achomhairc.

(73)

D’fhéadfadh sé go dteastódh measúnuithe eacnamaíocha agus mórchorrlach lánroghnach le haghaidh na gníomhaíochta réitigh a dhéanfadh na húdaráis réitigh náisiúnta. Tá ag na húdaráis réitigh náisiúnta, go sonrach, an saineolas is gá chun na measúnuithe sin a dhéanamh agus chun úsáid iomchuí an chorrlaigh lánroghnaigh a chinneadh. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go n-úsáidfidh na cúirteanna náisiúnta na measúnuithe eacnamaíocha arna ndéanamh ag na húdaráis réitigh náisiúnta sa chomhthéacs sin mar bhonn agus iad ag déanamh athbhreithniú ar na bearta bainistithe géarchéime lena mbaineann. Níor cheart do chineál casta na measúnuithe sin, áfach, a chosc ar chúirteanna náisiúnta scrúdú a dhéanamh féachaint an bhfuil an fhianaise ar a bhfuil an t-údarás réitigh ag brath cruinn, iontaofa agus comhsheasmhach ó thaobh fíricí de, an bhfuil an fhaisnéis ábhartha uile san fhianaise sin ar cheart í a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar chás casta agus an seasann an fhianaise leis na conclúidí ar thángthas orthu ar bhonn na fianaise sin.

(74)

Chun cásanna fíorphráinne a chumhdach, agus ós rud é go bhféadfadh sé go gcuirfí bac ar leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla dá gcuirfí aon chinneadh de chuid na n-údarás réitigh ar fionraí, is gá foráil a dhéanamh nach gcuirfear, de thoradh achomharc a bheith curtha isteach, éifeachtaí an chinnidh a bhfuiltear ag agóid ina choinne ar fionraí go huathoibríoch agus gur cheart cinneadh an údaráis réitigh a bheith infhorfheidhmithe láithreach.

(75)

Ina theannta sin, i gcás inar gá chun tríú páirtithe a chosaint a bhfuil sócmhainní, conarthaí, cearta agus dliteanais an CPL faoi réiteach faighte acu de mheon macánta de bhua fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh ag na húdaráis réitigh agus chun cobhsaíocht na margaí airgeadais a áirithiú, níor cheart an ceart achomhairc difear a dhéanamh d’aon ghníomh riaracháin ná d’aon idirbheart arna dtabhairt i gcrích ar bhonn cinneadh a cuireadh ar neamhní. I gcásanna den sórt sin, ba cheart, dá bhrí sin, na leigheasanna ar chinneadh éagórach a bheith teoranta do chúiteamh a bhronnadh as an díobháil a d’fhulaing na daoine dá ndéantar difear.

(76)

Chun go ndéanfar réiteach éifeachtúil, agus chun coinbhleachtaí dlínse a sheachaint, níor cheart aon ghnáthimeachtaí dócmhainneachta maidir leis an CPL a bhfuil ag cliseadh air a oscailt ná leanúint d’aon ghnáthimeachtaí dócmhainneachta maidir leis le linn don údarás réitigh a chumhachtaí réitigh a fheidhmiú nó na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm, ach amháin ar thionscnamh an údaráis réitigh nó ar thoiliú chuige dó. Is fónta agus is gá, oibleagáidí conarthacha áirithe a chur ar fionraí ar feadh tréimhse theoranta chun go mbeidh an t-am ag an údarás réitigh chun na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm. Níor cheart, áfach, feidhm a bheith aige sin maidir le hoibleagáidí an CPL a bhfuil ag cliseadh air i leith na gcóras arna n-ainmniú faoi Threoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), lena n-áirítear CPLanna eile agus bainc cheannais. Le Treoir 98/26/CE, laghdaítear an riosca a bhaineann le bheith rannpháirteach i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús, go háirithe tríd an suaitheadh a laghdú i gcás dócmhainneacht rannpháirtí i gcóras den chineál sin. Chun a áirithiú go mbeidh feidhm iomchuí ag na cosaintí sin i gcásanna géarchéime, agus deimhneacht iomchuí á coimeád d’oibreoirí córas socraíochta íocaíochta agus urrús agus rannpháirtithe margaidh eile, níor cheart a mheas go bhfuil bearta coiscthe géarchéime nó gníomhaíochtaí réitigh ina n-imeachtaí dócmhainneachta de réir bhrí Threoir 98/26/CE, ar choinníoll go leanfar de na hoibleagáidí substainteacha faoin gconradh a chur i gcrích. Níor cheart an bonn a bhaint ó oibriú córais arna ainmniú faoi Threoir 98/26/CE ná ón gceart ar urrús comhthaobhach a ráthaítear leis an Treoir sin.

(77)

Chun a áirithiú go mbeidh ag na húdaráis réitigh, agus sócmhainní agus dliteanais á n-aistriú acu chuig ceannaitheoir ón earnáil phríobháideach nó chuig CPL idirlinne, tréimhse iomchuí le haghaidh shainaithint na gconarthaí is gá a aistriú, d’fhéadfadh sé gur iomchuí srianta comhréireacha a chur ar chearta na gcontrapháirtithe clabhsúr a chur ar chonarthaí airgeadais, nó iad a luathú nó a fhoirceannadh ar bhealach eile, sula ndéanfar an t-aistriú. Bheadh srianta den sórt sin riachtanach le go bhféadfadh na húdaráis léargas fírinneach a fháil ar chlár chomhardaithe an CPL a bhfuil ag cliseadh air, gan na hathruithe ar luach agus scóip a thiocfadh le feidhmiú fairsing na gceart chun foirceanta. Chun nach gcuirfear isteach ar chearta conarthacha na gcontrapháirtithe ach an t-íosmhéid is gá, ba cheart an srian ar na cearta chun foirceanta a bheith teoranta don tréimhse is giorra is féidir agus níor cheart feidhm a bheith aige ach amháin i ndáil leis an mbeart coiscthe géarchéime nó leis an ngníomhaíocht réitigh, lena n-áirítear aon teagmhas a tharlódh a bheadh bainteach go díreach le cur i bhfeidhm birt den sórt sin, agus na cearta chun foirceanta a eascraíonn ó aon mhainneachtain eile, lena n-áirítear mainneachtain íocaíocht a dhéanamh nó corrlaigh a sholáthar, ba cheart leanúint dá bhfeidhmiú.

(78)

Chun socruithe margaidh caipitil dlisteanacha a chaomhnú i gcás ina n-aistreofar, seachas an t-iomlán, roinnt de na sócmhainní, na conarthaí, na cearta agus na dliteanais atá ag CPL a bhfuil ag cliseadh air, is iomchuí coimircí a chur san áireamh chun cosc a chur, de réir mar is iomchuí, ar scaradh dliteanas, ceart agus conarthaí atá nasctha, de réir mar is iomchuí. An srian sin ar chleachtais áirithe maidir le conarthaí nasctha agus an chomhthaobhacht ghaolmhar, ba cheart go gcuimseofaí leis freisin conarthaí leis an gcontrapháirtí céanna a chumhdaítear le socruithe urrúis, socruithe comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil, socruithe fritháirimh, comhaontuithe glanluachála clabhsúir, agus socruithe airgeadais struchtúrtha. I gcás ina mbeidh feidhm ag an gcoimirce, ba cheart do na húdaráis réitigh iarracht a dhéanamh na conarthaí nasctha uile a bhaineann le socrú atá faoi chosaint a aistriú, nó iad uile a choinneáil sa CPL iarmharach a bhfuil ag cliseadh air. Leis na coimircí sin, ba cheart a áirithiú go gcuirfear isteach a laghad is féidir ar an gcóireáil caipitil rialála ar neamhchosaintí arna gcumhdach le socrú glanluachála chun críocha Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(79)

Soláthraíonn CPLanna an Aontais seirbhísí do chomhaltaí imréitigh agus dá gcliaint atá lonnaithe i dtríú tíortha agus soláthraíonn CPLanna tríú tíortha seirbhísí do chomhaltaí imréitigh agus dá gcliaint atá lonnaithe san Aontas Eorpach. Le réiteach éifeachtach a dhéanamh ar CPLanna atá gníomhach go hidirnáisiúnta, is gá comhar idir údaráis na mBallstát agus údaráis tríú tír. Chun na críche sin, ba cheart do ESMA treoir a thabhairt maidir leis an ábhar ábhartha sna socruithe comhair atá le tabhairt i gcríoch le húdaráis tríú tíortha. Ba cheart a áirithiú leis na socruithe comhair sin go ndéanfar pleanáil éifeachtach, cinnteoireacht éifeachtach agus comhordú éifeachtach i ndáil le CPLanna atá gníomhach go hidirnáisiúnta. Ba cheart do na húdaráis réitigh náisiúnta imeachtaí réitigh tríú tír a aithint agus a fhorfheidhmiú i gcúinsí áirithe. Ba cheart comhar a dhéanamh freisin maidir le fochuideachtaí CPLanna de chuid an Aontais nó de chuid tríú tíortha agus maidir lena gcomhaltaí imréitigh agus a gcliaint.

(80)

Chun a áirithiú go ndéanfar feidhmiú comhsheasmhach ar phionóis riaracháin ar fud na mBallstát i leith sáruithe ar an Rialachán seo, ba cheart a fhoráil leis an Rialachán seo do liosta de príomhphionóis riaracháin agus de bhearta eile riaracháin is gá a bheith ar fáil do na húdaráis réitigh agus do na húdaráis inniúla, don chumhacht chun na pionóis riaracháin agus na bearta eile riaracháin sin a fhorchur ar gach duine, dlítheanach nó nádúrtha, atá freagrach as sárú, agus do liosta de phríomhchritéir chun leibhéal agus cineál na bpionós riaracháin agus na mbeart eile riaracháin sin a chinneadh agus do leibhéil pionós riaracháin airgid. Leis na pionóis riaracháin agus na bearta eile riaracháin, ba cheart tosca amhail aon tairbhe airgeadais a sainíodh atá mar thoradh ar an sárú, tromchúis agus fad an tsáraithe, aon tosca géaraitheacha nó maolaitheacha, an gá go mbeadh éifeacht dhíspreagach ag fíneálacha riaracháin agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart lascaine a chur san áireamh mar gheall ar chomhar a rinneadh leis an údarás réitigh nó leis an údarás inniúil a chur san áireamh. Ba cheart cearta bunúsacha, mar a leagtar síos sa Chairt iad, a urramú le glacadh agus foilsiú pionós riaracháin.

(81)

Chun comhchuibhiú comhsheasmhach agus cosaint iomchuí a áirithiú le haghaidh na rannpháirtithe sa mhargadh ar fud an Aontais, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ESMA a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun sonrú a dhéanamh ar na heilimintí seo a leanas (a) inneachar na socruithe agus na nósanna imeachta i scríbhinn maidir le feidhmiú na gcoláistí réitigh; (b) an mhodheolaíocht chun ríomh agus cothabháil a dhéanamh ar mhéid na n-acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe breise atá le húsáid ag an CPL faoi théarnamh agus na nósanna imeachta, i gcás nach mbeidh acmhainní dílse den sórt sin ar fáil, dul ar iontaoibh bearta athshlánaithe faoina n-éileoidh an CPL ranníocaíochtaí ó chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana agus faoina ndéanfaidh sé na comhaltaí imréitigh sin a aisíoc ina dhiaidh sin; (c) an mhodheolaíocht mheasúnaithe i leith pleananna téarnaimh; (d) inneachar na bpleananna réitigh; (e) ord leithdháilte, tréimhse uasta agus sciar uasta bhrabúis bhliantúla an CPL faoin sásra um chúiteamh le linn téarnaimh; (f) eilimintí atá ábhartha maidir le luachálacha a dhéanamh; (g) an mhodheolaíocht chun an maolán a ríomh i leith caillteanais bhreise atá le cur san áireamh i luachálacha sealadacha; (h) na heilimintí íosta ba cheart a áireamh in atheagrú gnó; (i) critéir nach mór do phlean atheagrúcháin gnó a chomhlíonadh; (j) an mhodheolaíocht maidir le luacháil chríochnaitheach faoin bprionsabal nach ceart go mbeadh creidiúnaí ar bith níos measa as; (k) na coinníollacha faoina gcuirfidh comhaltaí imréitigh cúiteamh ar aghaidh chuig a gcliaint i gcomhréir leis an bprionsabal um shiméadracht chonarthach agus na coinníollacha faoina bhfuiltear lena mheas go bhfuil sé comhréireach.

(82)

Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann aon oibleagáidí imréitigh arna mbunú de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chur ar fionraí, arna iarraidh sin d’údarás imréitigh CPL atá faoi réiteach nó dá údarás inniúil, ar a dtionscnamh féin nó ar iarraidh ón údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht comhalta imréitigh de chuid an CPL atá faoi réiteach, agus tar éis do ESMA tuairim neamhcheangailteach a thabhairt, i gcás cineál sonrach contrapháirtí nó aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar arna n-imréiteach ag CPL atá faoi réiteach. An cinneadh chun oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí, níor cheart é a ghlacadh ach amháin más gá chun an chobhsaíocht airgeadais agus muinín an mhargaidh a chaomhnú, go háirithe chun éifeachtaí gabhála a sheachaint agus chun cosc a chur le neamhchosaintí móra agus éiginnte i leith CPL a bheith ag contrapháirtithe agus ag infheisteoirí. Chun an cinneadh a ghlacadh, ba cheart don Choimisiún an méid seo a leanas a chur san áireamh: na cuspóirí réitigh, na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 le haghaidh díorthaigh thar an gcuntar a chur faoi réir na hoibleagáide imréitigh maidir leis na díorthaigh thar an gcuntar sin a bhfuiltear ag iarraidh fionraí ina leith agus an gá an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí d’fhonn cobhsaíocht airgeadais agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas a chaomhnú.. Ba cheart do ESMA a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid trádála a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a chur ar fionraí i gcás ina measfaidh sé gur athrú ábhartha ar na critéir maidir leis an oibleagáid trádála é an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí. Fionraí de chineál sealadach ba cheart a bheith ann, agus an deis ann síneadh a chur léi. Ar an dóigh chéanna, ba cheart ról choiste riosca an CPL, mar a leagtar amach in Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, a mhéadú chun an CPL a spreagadh a thuilleadh lena rioscaí a bhainistiú go stuama agus a stóinseacht a fheabhsú.

Ba cheart do chomhaltaí an choiste riosca a bheith in ann an t-údarás inniúil a chur ar an eolas nuair nach leanfaidh an CPL comhairle an choiste riosca, agus ba cheart d’ionadaithe na gcomhaltaí imréitigh agus na gcliant ar an gcoiste riosca a bheith in ann an fhaisnéis arna soláthar a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar a neamhchosaintí i leith an CPL, i gcomhréir le coimircí rúndachta agus gan dochar do na teorainneacha le malartú faisnéise den sórt sin a leagtar amach i ndlí na hiomaíochta. Ar deireadh, ba cheart rochtain a bheith ag údaráis réitigh na CPLanna ar an bhfaisnéis uile is gá atá i stórtha trádála. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a leasú dá réir sin.

(83)

Chun a áirithiú go gcuirfear athchóiriú thagarmharc ráta úis BCA chun feidhme mar is cuí, is gá soiléiriú a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh maidir le hidirbhearta a rinneadh nó a rinneadh a nuachan sula dtiocfaidh na ceanglais imréitigh nó chorrlaigh i bhfeidhm maidir le hidirbhearta díorthach thar an gcuntar lena dtagraítear do thagarmharc ráta úis (trádálacha leagáide), nach mbeidh na hidirbhearta sin faoi réir na gceanglas dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nuair a dhéanfar iad a nuachan chun athchóiriú thagarmharc an ráta úis a chur chun feidhme nó chun ullmhú don chur chun feidhme sin, agus chun na críche sin amháin. Dá ndéanfaí amhlaidh, sheachnófaí freisin an riosca nach mbeadh contrapháirtithe an Aontais Eorpaigh sna trádálacha leagáide ullamh nuair a thiocfadh athrú is ábhartha ar thagarmharc sonrach nó nuair a chuirfí deireadh leis, rud a mhaolódh ábhair imní maidir leis an gcobhsaíocht airgeadais freisin. Tá an cur chuige sin i gcomhréir leis an treoir idirnáisiúnta ó Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) agus ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO).

(84)

Chun réiteach CPLAnna a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach, ba cheart gan feidhm a bheith ag na ráthaíochtaí dá bhforáiltear i dTreoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) maidir le haon srian ar fhorfheidhmiú socraithe airgeadais chomhthaobhaigh nó ar éifeacht socraithe airgeadais chomhthaobhaigh urrús, ar aon ghlanluacháil socraíochta nó ar aon fhoráil fritháirimh a forchuireadh dá bhforailtear sa Rialachán seo.

(85)

I dTreoracha (AE) 2017/1132 (14), 2004/25/CE (15) agus 2007/36/CE (16) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tá rialacha maidir le scairshealbhóirí agus creidiúnaithe CPLanna a thagann faoi raon feidhme na dTreoracha sin a chosaint. I gcás nach mór d’údaráis réitigh gníomhú go tapa faoin Rialachán seo, d’fhéadfadh na rialacha sin a bheith ina mbac ar ghníomhaíocht réitigh éifeachtach agus ar chur i bhfeidhm uirlisí agus cumhachtaí réitigh ag údaráis réitigh. Ba cheart, dá bhrí sin, maoluithe faoi Threoir 2014/59/AE a leathnú chuig gníomhartha a ghlactar de bhun an Rialacháin seo. Chun a áirithiú go mbeidh an t-uasmhéid deimhneachta dlíthiúla ann do gheallsealbhóirí, ba cheart na maoluithe a shainiú go soiléir cúng, agus níor cheart iad a úsáid ach ar mhaithe le leas an phobail agus nuair a bheidh na truicir réitigh bainte amach.

(86)

Chun dúbailt ceanglas a sheachaint, ba cheart Treoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) a leasú chun na heintitis sin a eisiamh óna raon feidhme ar eintitis iad atá údaraithe freisin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

(87)

Déantar foráil in Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le hidirthréimhse nach mbeadh feidhm lena linn ag Airteagal 35 ná 36 den Rialachán sin maidir leis na CPLanna nó na hionaid trádála sin a chuir iarratas chuig a n-údarás inniúil i dtaobh tairbhiú de na socruithe idirthréimhseacha, i leith díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán. An idirthréimhse inar féidir le húdarás inniúil náisiúnta ionad trádála nó CCP a dhíolmhú lena linn, i leith díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán, ó chur i bhfeidhm Airteagail 35 agus 36 den Rialachán sin, chuaigh sí in éag an 3 Iúil 2020. Tá tionchar diúltach ag timpeallacht an mhargaidh atá ann faoi láthair, lena mbaineann leibhéal ard neamhchinnteachta agus luaineachta arna spreagadh ag paindéim COVID-19, ar CPLanna agus ar oibríochtaí ionad trádála, ós rud é go bhfuil méadú tagtha ar rioscaí oibriúcháin. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag na rioscaí méadaithe sin, mar aon le hacmhainneacht theoranta chun iarrataí ar rochtain a mheas agus chun ascnamh sreabh idirbheart a bhainistiú, ar fheidhmiú ordúil na margaí nó ar an gcobhsaíocht airgeadais. Ina theannta sin, déantar foráil leis an Rialachán sin maidir le córas nua díorthach arna dtrádáil ar mhalartán i dtaobh rochtain ar bhonneagair chriticiúla mhargaidh, a bhfuil sé ina aidhm leis cothromaíocht a bhaint amach idir breis iomaíochta i measc na mbonneagar sin agus an gá atá ann a sláine oibríochtúil a chaomhnú.

Dá bhrí sin, cé go bhféachtar leis an Rialachán sin le margadh iomaíoch a chruthú do bhonneagair airgeadais, níor cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a bheith ag súil go gcoinneofar ar bun na rialacha agus na tosaíochtaí atá ann faoi láthair nuair a thiocfaidh athrú ar chúinsí eacnamaíocha mar thoradh, go háirithe, ar mhór-ghéarchéim eacnamaíoch. Is amhlaidh atá go háirithe i réimse ina bhfágann an idirghníomhaíocht idir bonneagair chriticiúla mhargaidh, amhail bonneagair thrádála agus imréitigh, go n-éilítear leibhéal eisceachtúil athléimneachta oibríochtúla, toisc go mbeadh riosca ard ó thaobh cobhsaíocht airgeadais ag baint le haon chliseadh ar na bonneagair chriticiúla sin. Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, cuirtear siar go ceann bliain amháin, go dtí an 3 Iúil 2021, dáta chur i bhfeidhm an chórais nua rochtana oscailte d’ionaid trádála agus do CPLanna a chuireann ar fáil seirbhísí trádála agus imréitigh i ndáil le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán.

(88)

Chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht ar údaráis réitigh na CPLanna sna fóraim ábhartha uile, chun a áirithiú go mbeidh ag ESMA an saineolas uile is gá chun na cúraimí a chur i gcrích a bhaineann le téarnamh agus réiteach CPLanna, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a leasú chun údaráis réitigh náisiúnta CPLanna a chuimsiú i gcoincheap na n-údarás inniúil a leagtar síos sa Rialachán sin.

(89)

Chun cinntí ESMA a ullmhú i ndáil leis na cúraimí a shanntar dó a bhaineann le dréachtchaighdeáin theicniúla a fhorbairt maidir le luachálacha ex-ante agus ex-post agus maidir leis na coláistí réitigh agus na pleananna réitigh, agus a bhaineann le treoirlínte a fhorbairt maidir leis na coinníollacha le haghaidh réitigh, agus maidir le hidirghabháil cheangailteach, agus chun a áirithiú go mbeidh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) agus a chomhaltaí rannpháirteach go cuimsitheach in ullmhú na gcinntí sin, ba cheart do ESMA coiste réitigh inmheánach (“coiste réitigh inmheánach ESMA”) a bhunú a mbeadh na húdaráis réitigh ina gcomhaltaí ann. I gcás inarb ábhartha, ba cheart cuireadh a thabhairt d’údaráis inniúla a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach, agus d’údaráis réitigh mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2014/59/AE, lena n-áirítear an Bord Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí.

(90)

Ba cheart dul i gcomhairle le Coiste Réitigh ESMA agus an creat coincheapúil á ullmhú le haghaidh measúnuithe ar athléimneacht CPLanna i leith forbairtí dochracha margaidh, i gcás ina n-áirítear leis an measúnú sin éifeacht chomhiomlán na socruithe maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais. I gcásanna den sórt sin, ba cheart dul i gcomhairle le Coiste Réitigh ESMA freisin nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar thorthaí na dtástálacha struis sin.

(91)

Urramaítear sa Rialachán seo na cearta bunúsacha agus cloítear ann leis na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt.

(92)

Agus cinntí nó gníomhaíochtaí á ndéanamh faoin Rialachán seo, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis réitigh aird chuí a thabhairt i gcónaí ar thionchar a gcinntí agus a ngníomhaíochtaí ar an gcobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit eile agus ar an staid eacnamaíoch sna Ballstáit eile ina bhfuil oibríochtaí an CPL criticiúil nó tábhachtach le haghaidh na margaí airgeadais áitiúla, lena n-áirítear an áit a bhfuil na comhaltaí imréitigh sin lonnaithe agus, i gcás ina mbeidh faisnéis ábhartha ar fáil, cliaint na gcomhaltaí sin lonnaithe agus an áit a bhfuil na hionaid trádála nasctha agus na bonneagair margaidh airgeadais nasctha, lena n-áirítear CPLanna idir-inoibritheacha, bunaithe.

(93)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, mar atá comhchuibhiú na rialacha agus na bpróiseas maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr na n-éifeachtaí ar an Aontas ina iomláine a thiocfadh as cliseadh aon CPL, is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(94)

Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí 12 Lúnasa 2022 chun na bearta cur chun feidhme bunriachtanacha go léir a bhunú agus chun ligean do CPLanna agus do rannpháirtithe eile sa mhargadh na bearta riachtanacha a dhéanamh chun críocha comhlíontachta. Maidir leis an gceanglas atá ar an CPL acmhainní dílse tiomnaithe a úsáid le linn téarnaimh, áfach, agus maidir leis na forálacha i dtaobh comhaltaí imréitigh a chúiteamh sa chás urghnách ina gcuirfear caolchorrlach i bhfeidhm i leith gnóthachain ar chorrlach athrúcháin le linn téarnaimh, tá siad ag brath ar na caighdeáin theicniúla rialála iomchuí a bheith i bhfeidhm. Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh ama a chur le cur siar an dáta teacht i bhfeidhm le haghaidh na forála sin go dtí 12 Feabhra 2023. Ina theannta sin, ba cheart forálacha áirithe a bhfuil feidhm acu maidir le pleananna téarnaimh CPL agus glacadh agus athbhreithniú pleananna téarnaimh, lena n-áirítear an oibleagáid plean téarnaimh a chur isteach, a chur i bhfeidhm ó dháta níos luaithe, toisc go bhfuil pleananna téarnaimh ag na CPLanna uile cheana féin, mar a cheanglaítear leis na Prionsabail maidir le Bonneagar an Mhargaidh Airgeadais arna bhfoilsiú ag an gCoiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta agus ag IOSCO. I gcás CPLanna atá údaraithe cheana faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ba cheart dóibh na bearta iomchuí a dhéanamh lena áirithiú go mbeidh siad in ann a bpleananna téarnaimh a chur faoi bhráid a n-údarás inniúil ar a dhéanaí an 12 Feabhra 2022. Na forálacha sin a bhaineann le pleananna téarnaimh, ba cheart iad a chur i bhfeidhm ón 12 Feabhra 2022. I gcás nach ndeachthas i gcomhairle leis an údarás réitigh maidir le plean téarnaimh an CPL, a luaithe a thiocfaidh forálacha eile an Rialacháin seo chun bheith infheidhme, ba cheart d’údarás inniúil an CPL dul i gcomhairle leis an údarás réitigh gan mhoill maidir le plean téarnaimh an CPL. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do chontrapháirtithe, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 lena mbeartaítear cur chun feidhme cuí a dhéanamh ar athchóiriú tagarmharcanna ráta úis an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais a áirithiú ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(95)

Lena áirithiú nach gcuirfear feidhmiú ordúil margaí ná an chobhsaíocht airgeadais i mbaol de bharr na rioscaí oibríochtúla méadaithe a eascraíonn as cur i bhfeidhm an chórais rochtana oscailte le haghaidh díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán, agus chun aon neamhleanúnachas a sheachaint, is gá síneadh na n-idirthréimhsí sin ón 4 Iúil 2020 go dtí an 3 Iúil 2021 a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach.

(96)

Leis an Rialachán seo, ba cheart a áirithiú go mbeidh cumas leordhóthanach iompair caillteanais agus cumas leordhóthanach athchaipitliúcháin ag CPLanna chun a áirithiú go n-iomprófaí na caillteanais agus go ndéanfaí athchaipitliú go mín tapa ar bhealach a mbeadh an tionchar is lú is féidir aige ar an gcobhsaíocht airgeadais agus é mar aidhm, ag an am céanna, go seachnófaí aon tionchar ar cháiníocóirí. I gcomhréir leis na prionsabail arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta maidir le córais éifeachtacha réitigh le haghaidh institiúidí airgeadais a d’fhorbair an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo go ndéanfaidh sealbhóirí cothromais de chuid CPL caillteanais a iompar ar dtús i gcás réitigh ar bhealach lena n-íoslaghdaítear an riosca go ndéanfadh sealbhóirí cothromais agóid dhlíthiúil, ar an mbonn gur mó a gcaillteanais sa réiteach ná na caillteanais a thabhóidís faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta (an prionsabal nach ceart go mbeadh creidiúnaí ar bith níos measa as). An 15 Samhain 2018, d’fhoilsigh an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais páipéar comhairliúcháin maidir le húsáid acmhainní airgeadais chun tacú le réiteach CPLanna agus maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear le cothromas CPLanna i gcás réitigh, “Financial resources to support CCP resolution and the treatment of CCP equity in resolutio n”.

Bunaithe ar an aiseolas a fuarthas i ndáil leis an bpáipéar sin agus ar mheasúnuithe breise a rinneadh, tá sé beartaithe ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais treoir a eisiúint ag deireadh 2020 maidir leis an gcaoi ar cheart cothromas a úsáid agus CPL á réiteach leis an riosca a íoslaghdú go ndéanfadh sealbhóirí cothromais agóid dhlíthiúil ar bhonn an phrionsabail gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as. Ach an treoir sin a bheith foilsithe, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann le díluacháil cothromais i gcás réitigh trí na caighdeáin arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta sin a chur san áireamh. I dteannta an athbhreithnithe shonraigh sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo cúig bliana tar éis dháta a theacht i bhfeidhm, inter alia trí aon fhorbairtí idirnáisiúnta breise a chur san áireamh. Ba cheart príomhábhair áirithe ar a laghad a bhaineann le téarnamh agus réiteach CPLanna a chumhdach san athbhreithniú ginearálta sin, amhail acmhainní airgeadais atá ar fáil d’údaráis réitigh chun caillteanais neamh-mhainneachtana a chumhdach agus acmhainní dílse na CPLanna féin a bheidh le húsáid le linn téarnaimh agus réitigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha agus nósanna imeachta maidir le téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha (CPLanna) arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus rialacha maidir le socruithe le tríú tíortha i réimse téarnaimh agus réitigh CPLanna.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “CPL” contrapháirtí lárnach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(2)

ciallaíonn “coláiste réitigh” an coláiste arna bhunú de bhun Airteagal 4;

(3)

ciallaíonn “údarás réitigh” údarás arna ainmniú ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 3;

(4)

ciallaíonn “uirlis réitigh” uirlis réitigh faoi mar a leagtar amach in Airteagal 27(1);

(5)

ciallaíonn “cumhacht réitigh” aon cheann de na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagail 48 go 58;

(6)

ciallaíonn “cuspóirí réitigh” na cuspóirí réitigh a leagtar síos in Airteagal 21;

(7)

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás arna ainmniú ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(8)

ciallaíonn “teagmhas mainneachtana” cás inar dhearbhaigh an CPL go bhfuil ceann acu seo a leanas ar mainneachtain:

(a)

comhalta imréitigh amháin nó níos mó, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; nó

(b)

CPL idir-inoibritheach amháin nó níos mó i gcomhréir leis na socruithe conarthacha ábhartha nó leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

(9)

ciallaíonn “teagmhas neamh-mhainneachtana” cás ina dtabhaíonn CPL caillteanais ar chúis ar bith seachas teagmhas mainneachtana, lena n-áirítear clistí gnó, coimeádta, infheistíochta, dlíthiúla nó oibríochtúla nó calaois, lena n-áirítear clistí mar thoradh ar chibearionsaithe, ach gan a bheith teoranta dóibh;

(10)

ciallaíonn “plean réitigh” cinneadh plean réitigh le haghaidh CPL a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 12;

(11)

ciallaíonn “gníomhaíocht réitigh” cinneadh CPL a chur faoi réiteach de bhun Airteagal 22, uirlis réitigh a chur i bhfeidhm, nó cumhacht réitigh amháin nó níos mó a fheidhmiú;

(12)

ciallaíonn “comhalta imréitigh” comhalta imréitigh mar a shainmhínítear i bpointe 14 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(13)

ciallaíonn “máthairghnóthas” máthairghnóthas mar a shainmhínítear i bpointe (15)(a) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(14)

ciallaíonn “CPL tríú tír” CPL a bhfuil a cheannoifig bunaithe i dtríú tír;

(15)

ciallaíonn “socrú fritháirimh” socrú faoinar féidir dhá éileamh nó níos mó, nó dhá oibleagáid nó níos mó, atá dlite idir an CPL atá faoi réiteach agus contrapháirtí a fhritháireamh i gcoinne a chéile;

(16)

ciallaíonn “bonneagar an mhargaidh airgeadais” nó “BMA” CPL, taisclann lárnach urrús, stór trádála, córas íocaíochta nó córas eile arna shainmhíniú agus arna ainmniú ag Ballstát faoi phointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE;

(17)

ciallaíonn “ionad trádála” ionad trádála mar a shainmhínítear i bpointe 4 in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(18)

ciallaíonn “cliant” cliant mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(19)

ciallaíonn “O-SIIanna” institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo dá dtagraítear in Airteagal 131(3) de Threoir 2013/36/AE;

(20)

ciallaíonn “cliant indíreach” gnóthas a bhfuil socruithe imréitigh indíreacha bunaithe aige le comhalta imréitigh de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(21)

ciallaíonn “CPL idir-inoibritheach” CPL a bhfuil socrú idir-inoibritheachta bunaithe leis;

(22)

ciallaíonn “plean téarnaimh” plean téarnaimh arna tharraingt suas agus arna choimeád ar bun ag CPL i gcomhréir le hAirteagal 9;

(23)

ciallaíonn “bord” an bord riaracháin nó maoirseachta, nó an dá rud, a cuireadh ar bun de bhun dhlí náisiúnta na gcuideachtaí agus i gcomhréir le hAirteagal 27(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(24)

ciallaíonn “coláiste maoirseachta” an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(25)

ciallaíonn “caipiteal” caipiteal mar a shainmhínítear i bpointe 25 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(26)

ciallaíonn “mainneachtain i bhfoirm cascáide” mainneachtain i bhfoirm cascáide i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(27)

ciallaíonn “feidhmeanna criticiúla” gníomhaíochtaí, seirbhísí nó oibríochtaí a sholáthraítear do thríú páirtithe atá lasmuigh den CPL arb é ba dhócha a thiocfadh as dá scoirfí díobh go ndéanfaí seirbhísí atá bunriachtanach don fhíorgheilleagar a shuaitheadh nó go ndéanfaí cobhsaíocht airgeadais i mBallstát amháin nó ní ba mhó a shuaitheadh de thoradh mhéid, sciar margaidh, nascacht inmheánach agus sheachtrach, chastacht nó ghníomhaíochtaí trasteorann CPL, ag féachaint go háirithe d’inionadaitheacht na ngníomhaíochtaí, na seirbhísí nó na n-oibríochtaí sin;

(28)

ciallaíonn “grúpa” grúpa mar a shainmhínítear i bpointe 16 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(29)

ciallaíonn “BMA nasctha” BMA a bhfuil socruithe conarthacha déanta ag an CPL leis, lena n-áirítear socruithe idir-inoibritheachta;

(30)

ciallaíonn “tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách” Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), nó aon tacaíocht airgeadais phoiblí eile ar an leibhéal fornáisiúnta, ar Státchabhair a bheadh inti dá bhforálfaí di ar an leibhéal náisiúnta, a sholáthraítear chun inmharthanacht, leachtacht nó sócmhainneacht CPL a chaomhnú nó a athbhunú;

(31)

ciallaíonn “conarthaí airgeadais” conarthaí agus comhaontuithe mar a shainmhínítear i bpointe 100 d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE;

(32)

ciallaíonn “gnáthimeachtaí dócmhainneachta” comh-imeachtaí dócmhainneachta arb é atá i gceist leo féichiúnaí a dhífheistiú i bpáirt nó ina iomláine agus leachtaitheoir nó riarthóir a cheapadh is infheidhme de ghnáth maidir le CPLanna faoin dlí náisiúnta agus a bhaineann go sonrach leis na hinstitiúidí sin nó is infheidhme i gcoitinne maidir le haon duine nádúrtha nó dlítheanach;

(33)

ciallaíonn “ionstraimí úinéireachta” scaireanna, ionstraimí eile a thugann úinéireacht, ionstraimí atá in-chomhshóite ina scaireanna nó ina n-ionstraimí úinéireachta eile nó a thugann an ceart scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile a fháil, agus ionstraimí arb ionann iad agus leasanna i scaireanna nó in ionstraimí úinéireachta eile;

(34)

ciallaíonn “údarás náisiúnta macrastuamachta ainmnithe” an t-údarás a bhfuil sé de chúram air an beartas macrastuamachta a sheoladh dá dtagraítear i Moladh B1 de Mholtaí an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (BERS) an 22 Nollaig 2011 maidir le sainordú macrastuamachta na n-údarás náisiúnta (BERS/2011/3);

(35)

ciallaíonn “ciste mainneachtana” ciste mainneachtana atá á choinneáil ag CPL i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(36)

ciallaíonn “acmhainní réamh-mhaoinithe” acmhainní atá ag an duine dlítheanach ábhartha agus atá ar fáil gan srian dó;

(37)

ciallaíonn “lucht bainistíochta sinsearaí” an duine nó na daoine a bhainistíonn gnó an CPL go hiarbhír, agus comhalta nó comhaltaí feidhmiúcháin an bhoird;

(38)

ciallaíonn “stór trádála” stór trádála mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

(39)

ciallaíonn “creat Státchabhrach an Aontais” an creat a bhunaítear le hAirteagal 107, Airteagal 108 agus Airteagal 109 CFAE agus rialacháin agus gach gníomh de chuid an Aontais, lena n-áirítear treoirlínte, teachtaireachtaí agus fógraí, arna ndéanamh nó arna nglacadh de bhun Airteagal 108(4) nó Airteagal 109 CFAE;

(40)

ciallaíonn “ionstraimí fiachais” bannaí agus cineálacha eile fiachais inaistrithe neamhurraithe, ionstraimí lena gcruthaítear nó lena n-aithnítear fiachas, agus ionstraimí lena dtugtar cearta chun ionstraimí fiachais a fháil;

(41)

ciallaíonn “corrlach tosaigh” corrlach arna bhailiú ag an CPL chun neamhchosaint fhéideartha thodhchaí a chumhdach ar chomhaltaí imréitigh a sholáthraíonn an corrlach agus, i gcás inarb ábhartha, ar na CPLanna san eatramh idir an bailiú corrlaigh deiridh agus leachtú suíomhanna tar éis do chomhalta imréitigh nó do CPL idir-inoibritheach mainneachtain;

(42)

ciallaíonn “corrlach athrúcháin” corrlach arna bhailiú nó arna íoc chun neamhchosaintí reatha a léiriú atá de thoradh ar athruithe ar phraghsanna margaidh;

(43)

ciallaíonn “glao ar airgead tirim i gcomhair réitigh” iarraidh ar chomhaltaí imréitigh acmhainní airgid thirim a sholáthar don CPL, de bhreis ar acmhainní réamh-mhaoinithe, bunaithe ar chumhachtaí reachtúla atá ar fáil d’údarás réitigh i gcomhréir le hAirteagal 31;

(44)

ciallaíonn “glao ar airgead tirim i gcomhar téarnaimh” iarraidh ar chomhaltaí imréitigh acmhainní airgid thirim, seachas glao ar airgead tirim i gcomhair réitigh, a sholáthar don CPL, de bhreis ar acmhainní réamh-mhaoinithe, bunaithe ar na socruithe conarthacha a leagtar amach i rialacha oibríochta an CPL;

(45)

ciallaíonn “cumhachtaí aistrithe” na cumhachtaí a shonraítear i bpointe (c) agus (d) d’Airteagal 48(1) chun scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, ionstraimí fiachais, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais, nó aon mheascán de na hítimí sin, a aistriú ó CPL atá faoi réiteach chuig faighteoir;

(46)

ciallaíonn “díorthach” díorthach mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(47)

ciallaíonn “socrú glanluachála” socrú faoinar féidir roinnt éileamh nó oibleagáidí a chomhshó ina nglanéileamh aonair, lena n-áirítear socrú glanluachála clabhsúir faoina ndéanfar, i gcás ina dtarlóidh teagmhas forfheidhmithe (pé sainmhíniú a thugtar air sin nó pé áit a shainmhínítear é), oibleagáidí na bpáirtithe a luathú sa dóigh go mbeidh siad dlite láithreach bonn nó go bhfoirceannfar iad agus, i gceachtar den dá chás, go ndéanfar iad a chomhshó ina nglanéileamh aonair nó go ndéanfar glanéileamh aonair a chur ina n-ionad, lena n-áirítear foráil maidir le glanluacháil chlabhsúir mar a shainmhínítear i bpointe (n)(i) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE (20) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus glanluacháil mar a shainmhínítear i bpointe (k) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE;

(48)

ciallaíonn “beart coiscthe géarchéime” feidhmiú cumhachtaí chun ceangal a chur ar CPL bearta a dhéanamh chun easnaimh ar a phlean téarnaimh a leigheas faoi Airteagal 10(8) agus (9), feidhmiú cumhachtaí chun dul i ngleic nó deireadh a chur le baic ar inréititheacht faoi Airteagal 16, nó cur i bhfeidhm birt luath-idirghabhála faoi Airteagal 18 den Rialachán seo;

(49)

ciallaíonn “ceart chun foirceanta” ceart chun conradh a fhoirceannadh, ceart chun oibleagáidí a luathú, a fhritháireamh nó a ghlanluacháil nó chun clabhsúr a chur ar oibleagáidí, nó aon fhoráil chomhchosúil lena ndéantar oibleagáid páirtí sa chonradh a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chur ar ceal, nó foráil lena gcuirtear cosc le teacht chun cinn oibleagáide faoin gconradh a thiocfadh chun cinn murach an fhoráil sin;

(50)

ciallaíonn “socrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil” socrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE;

(51)

ciallaíonn “banna faoi chumhdach” banna faoi chumhdach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);

(52)

ciallaíonn “imeachtaí réitigh tríú tír” gníomhaíocht faoi dhlí tríú tír chun bainistiú a dhéanamh ar chliseadh CPL tríú tír atá inchomparáide, ó thaobh na gcuspóirí agus na dtorthaí tuartha de, le gníomhaíochtaí réitigh faoin Rialachán seo;

(53)

ciallaíonn “údaráis náisiúnta ábhartha” na húdaráis réitigh, na húdaráis inniúla nó na haireachtaí inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán seo nó de bhun Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE nó údaráis eile sna Ballstáit a bhfuil cumhachtaí acu i ndáil le sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPLanna tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh ina ndlínse féin;

(54)

ciallaíonn “údarás ábhartha tríú tír” údarás tríú tír atá freagrach as feidhmeanna a dhéanamh atá inchomparáide le feidhmeanna atá ag údaráis réitigh nó ag údaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo.

TEIDEAL II

ÚDARÁIS, COLÁISTE RÉITIGH AGUS NÓSANNA IMEACHTA RÉITIGH

Roinn 1

Údaráis réitigh, coláistí réitigh agus rannpháirteachas údarás maoirseachta eorpach

Airteagal 3

Údaráis réitigh agus aireachtaí inniúla a ainmniú

1.   Déanfaidh gach Ballstát údarás réitigh amháin nó níos mó a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú a leagtar amach sa Rialachán seo.

Is iad na bainc cheannais náisiúnta, na haireachtaí inniúla, na húdaráis riaracháin phoiblí nó údaráis eile a bhfuil cumhachtaí riaracháin phoiblí de chúram orthu a bheidh sna húdaráis réitigh.

2.   Beidh ag na húdaráis réitigh an saineolas, na hacmhainní agus an cumas oibríochtúil chun bearta réitigh a chur i bhfeidhm agus chun a gcumhachtaí a fheidhmiú leis an luas agus leis an tsolúbthacht is gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

3.   I gcás ina gcuirfear feidhmeanna eile de chúram ar údarás réitigh arna ainmniú de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh na socruithe struchtúracha leordhóthanacha i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint idir na feidhmeanna arna gcur de chúram ar an údarás réitigh de bhun an Rialacháin seo agus na feidhmeanna eile uile arna gcur de chúram ar an údarás céanna. Go háirithe, cuirfear socruithe i bhfeidhm chun neamhspleáchas oibríochtúil éifeachtach a áirithiú, lena n-áirítear foireann, línte tuairiscithe agus próiseas cinnteoireachta ar leithligh de chuid an údaráis réitigh sin, ar aon chúraimí a fhéadfaidh an t-údarás réitigh a dhéanamh de bhun Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar údarás inniúil an CPL agus ar na cúraimí a fhéadfaidh an t-údarás réitigh a dhéanamh mar údarás inniúil na gcomhaltaí imréitigh dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

4.   Leis na ceanglais a chuirtear in iúl i mír 3, ní choiscfear línte tuairiscithe a bheith ag teacht le chéile ar an leibhéal is airde d’eagraíocht lena gcuimsítear feidhmeanna nó údaráis éagsúla ná go bhféadfaí baill foirne a roinnt, faoi choinníollacha réamhshainithe, idir na feidhmeanna eile a chuirtear de chúram ar an údarás réitigh chun freastal ar ualach oibre atá ard go sealadach, nó ionas go mbeidh an t-údarás réitigh in ann leas a bhaint as saineolas ball foirne comhroinnte.

5.   Údaráis a fheidhmíonn feidhmeanna maoirseachta agus réitigh faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus faoin Rialachán seo, agus daoine a fheidhmíonn na feidhmeanna sin thar a gceann, oibreoidh siad i ndlúthchomhar le chéile agus cinntí réitigh á n-ullmhú, á bpleanáil agus á gcur i bhfeidhm acu, i gcás inar eintitis ar leithligh iad an t-údarás réitigh agus an t-údarás inniúil agus i gcás ina ndéanfaidh na t-eintiteas céanna na feidhmeanna.

6.   Glacfaidh na húdaráis réitigh na rialacha inmheánacha atá i bhfeidhm acu chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i mír 3, lena n-áirítear rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil agus malartú faisnéise idir na réimsí feidhme éagsúla, agus poibleoidh sé na rialacha inmheánacha sin.

7.   I gcás na mBallstát nár bunaíodh aon CPL iontu, féadfaidh siad maolú a dhéanamh ar na ceanglais a leagtar amach i mír 3, ach amháin maidir le socruithe chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

8.   Ainmneoidh gach Ballstát aon aireacht amháin a bheidh freagrach as feidhmiú na bhfeidhmeanna arna gcur de chúram ar an aireacht inniúil de bhun an Rialacháin seo.

9.   I gcás nach í an aireacht inniúil an t-údarás réitigh i mBallstát, déanfaidh an t-údarás réitigh an aireacht inniúil a chur ar an eolas gan moill mhíchuí faoi na cinntí a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo agus, mura leagtar síos a mhalairt sa dlí náisiúnta, formheas a fháil uaidh sula gcuirfear chun feidhme cinntí a mbeidh tionchar fioscach díreach nó impleachtaí sistéamacha ag baint leo agus ar dócha go mbeidh tionchar fioscach díreach ina thoradh orthu.

10.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, faoi na húdaráis réitigh arna n-ainmniú de bhun mhír 1.

11.   I gcás ina n-ainmneoidh Ballstát níos mó ná údarás réitigh amháin de bhun mhír 1, beidh an méid seo a leanas ar áireamh san fhógra dá dtagraítear i mír 10:

(a)

na cúiseanna a thugann údar cuí leis an ainmniú iolrach sin;

(b)

leithdháileadh na bhfeidhmeanna agus na bhfreagrachtaí idir na húdaráis sin;

(c)

an chaoi a n-áirithítear an comhordú eatarthu; agus

(d)

an t-údarás réitigh atá ainmnithe ina údarás teagmhála ar mhaithe le comhar agus comhordú le húdaráis ábhartha na mBallstát eile.

12.   Foilseoidh ESMA liosta de na húdaráis réitigh agus de na húdaráis teagmhála a dtabharfar fógra fúthu de bhun mhír 10.

Airteagal 4

Coláistí réitigh

1.   Déanfaidh údarás réitigh an CPL coláiste réitigh a bhunú agus a bhainistiú, agus déanfaidh sé cathaoirleacht air, chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 12, 15 agus 16 a dhéanamh, agus áiritheoidh sé comhar agus comhordú leis na húdaráis is comhaltaí den choláiste réitigh agus, i gcás inarb iomchuí, comhar le húdaráis inniúla agus údaráis réitigh tríú tír.

Soláthróidh na coláistí réitigh creat faoina ndéanfaidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis ábhartha eile na cúraimí seo a leanas:

(a)

faisnéis a mhalartú is ábhartha maidir le pleananna réitigh a tharraingt suas, lena n-áirítear maidir leis an tionchar sistéamach a bheidh ag cur chun feidhme an phlean réitigh a chur san áireamh, maidir le cur i bhfeidhm bearta ullmhúcháin agus coisctheacha, agus maidir le réiteach;

(b)

pleananna réitigh a tharraingt suas de bhun Airteagal 12;

(c)

measúnú a dhéanamh ar inréititheacht CPLanna de bhun Airteagal 15;

(d)

baic ar inréititheacht CPLanna a shainaithint, dul i ngleic leo agus deireadh a chur leo, de bhun Airteagal 16; agus

(e)

comhordú a dhéanamh ar an gcumarsáid phoiblí maidir le pleananna agus straitéisí réitigh.

2.   Is iad seo a leanas a bheidh ina gcomhaltaí den choláiste réitigh:

(a)

údarás réitigh CPL;

(b)

údarás inniúil CPL;

(c)

údaráis inniúla agus údaráis réitigh na gcomhaltaí imréitigh dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an Banc Ceannais Eorpach (BCE) faoi chuimsiú na gcúraimí maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa faoi chuimsiú an tsásra maoirseachta aonair arna dtabhairt dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (22) agus an Bord Réitigh Aonair (BRA) ina ról mar údarás réitigh ar institiúidí creidmheasa laistigh den sásra réitigh aonair arna thabhairt dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;

(d)

údaráis inniúla agus údaráis réitigh na gcomhaltaí imréitigh, seachas iadsan dá dtagraítear i bpointe (c). Cuirfidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh sin údarás réitigh an CPL ar an eolas agus tabharfaidh siad údar cuí lena rannpháirtíocht sa choláiste bunaithe ar a measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag réiteach an CPL ar an gcobhsaíocht airgeadais ina mBallstát faoi seach;

(e)

údaráis inniúla nó údaráis réitigh chliaint na gcomhaltaí imréitigh, ar choinníoll nach bhfuil comhalta óna mBallstát féin sa choláiste cheana féin i gcomhréir le pointí (c), (d), (f), (g) nó (h) den mhír seo. Cuirfidh na húdaráis sin údarás réitigh an CPL ar an eolas agus tabharfaidh siad údar cuí lena rannpháirtíocht sa choláiste bunaithe ar a measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag réiteach an CPL ar an gcobhsaíocht airgeadais ina mBallstát faoi seach;

(f)

na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(g)

údaráis inniúla agus údaráis réitigh na CPLanna dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(h)

na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(i)

comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(j)

na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(k)

bainc cheannais eisiúna airgeadraí de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais arna n-imréiteach ag an CPL, seachas iadsan dá dtagraítear i bpointe (j). Cuirfidh na bainc cheannais eisiúna sin údarás réitigh an CPL ar an eolas agus tabharfaidh siad údar cuí lena rannpháirtíocht sa choláiste bunaithe ar a measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag réiteach an CPL ar a n-airgeadra eisiúna faoi seach;

(l)

údarás inniúla an mháthairghnóthais, i gcás inarb infheidhme;

(m)

an aireacht inniúil, i gcás nach é an t-údarás réitigh dá dtagraítear i bpointe (a) an aireacht inniúil;

(n)

ESMA; agus

(o)

an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh 1093/2010.

3.   Ní bheidh cearta vótála sna coláistí réitigh ag ESMA, ag ÚBE, ná ag na húdaráis dá dtagraítear i bpointí (d), (e), (k) agus (l) de mhír 2.

I gcás inar comhalta den choláiste BCE de bhun pointí (c) agus (j) de mhír 2, beidh dhá vóta aige sa choláiste.

4.   Údaráis inniúla agus údaráis réitigh na gcomhaltaí imréitigh atá bunaithe i dtríú tíortha agus údaráis inniúla agus údaráis réitigh CPLanna tríú tír a bhfuil socruithe idir-inoibritheachta curtha ar bun ag an CPL leo, féadfar iarraidh orthu a bheith rannpháirteach sa choláiste réitigh mar bhreathnóirí. Féadfaidh siad freastal ar an gcoláiste ar choinníoll go mbeidh ceanglais rúndachta ar na húdaráis sin a bheidh coibhéiseach, i dtuairim údarás réitigh an CPL, i gcáil chathaoirleach an choláiste réitigh, leis na ceanglais rúndachta a leagtar síos in Airteagal 73.

Féadfar rannpháirtíocht údarás tríú tír sa choláiste réitigh a theorannú do shaincheisteanna ar leith maidir le forfheidhmiú trasteorann a phlé, lena bhféadfar an méid seo a leanas a áireamh:

(a)

forfheidhmiú éifeachtach agus comhordaithe ar ghníomhaíochtaí réitigh, go háirithe i gcomhréir le hAirteagal 53 agus le hAirteagal 77;

(b)

sainaithint agus díothú na mbac a d’fhéadfadh cosc a chur le gníomhaíocht éifeachtach réitigh, ar baic iad a d’fhéadfadh a eascairt ó éagsúlacht sna dlíthe lena rialaítear comhthaobhacht, socruithe glanluachála agus fritháirimh, agus ó chumhachtaí nó straitéisí difriúla maidir le téarnamh agus réiteach;

(c)

sainaithint agus comhordú aon ghá le ceanglais nua maidir le ceadúnú, aithint nó údarú, ag cur san áireamh gur gá gníomhaíochtaí réitigh a chur i gcrích go tráthúil;

(d)

fionraí fhéideartha aon oibleagáide imréitigh i gcás na n-aicmí ábhartha sócmhainní dá ndéanfar difear de thoradh réiteach an CPL de bhun Airteagal 6a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó de bhun aon fhoráil choibhéiseach i ndlí náisiúnta an tríú tír lena mbaineann;

(e)

an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag amchriosanna éagsúla ar na huaireanta scoir gnó is infheidhme maidir le deireadh le trádáil.

5.   Beidh údarás réitigh an CPL ina cháil mar chathaoirleach an choláiste réitigh freagrach as na cúraimí seo a leanas:

(a)

socruithe agus nósanna imeachta a bhunú i scríbhinn maidir le feidhmiú an choláiste réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí eile an choláiste réitigh;

(b)

gníomhaíochtaí uile an choláiste réitigh a chomhordú;

(c)

cruinnithe uile an choláiste réitigh a ghairm agus cathaoirleacht a dhéanamh orthu;

(d)

comhaltaí uile an choláiste réitigh a choinneáil go hiomlán ar an eolas sula n-eagrófar na cruinnithe, maidir leis na príomh-shaincheisteanna a bheidh le plé sna cruinnithe sin agus maidir leis na nithe a bheidh le meas chun críocha an phlé sin;

(e)

cinneadh a dhéanamh an iarrfar ar údaráis tríú tír, agus cé na húdaráis tríú tír a n-iarrfar orthu, freastal ar chruinnithe áirithe den choláiste réitigh i gcomhréir le mír 4;

(f)

malartú tráthúil na faisnéise ábhartha uile idir comhaltaí an choláiste réitigh a chumasú, a chur chun cinn agus a chomhordú; agus

(g)

comhaltaí uile an choláiste a choinneáil ar an eolas, ar mhodh tráthúil, faoi chinntí agus faoi thorthaí na gcruinnithe sin.

6.   Chun feidhmiú na gcúraimí a sannadh don choláiste a éascú, beidh comhaltaí an choláiste dá dtagraítear i mír 2 i dteideal rannchuidiú le socrú chláir oibre chruinnithe an choláiste, go háirithe trí phointí a chur le clár oibre an chruinnithe.

7.   Chun feidhmiú comhsheasmhach agus comhleanúnach na gcoláistí réitigh ar fud an Aontais a áirithiú, déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun inneachar na socruithe agus na nósanna imeachta i scríbhinn maidir le feidhmiú na gcoláistí réitigh dá dtagraítear i mír 1 a shonrú.

Chun na caighdeáin rialála sin a ullmhú, cuirfidh ESMA san áireamh forálacha ábhartha na rialachán tarmligthe arna nglacadh ar bhonn Airteagal 88(7) de Threoir 2014/59/AE.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Feabhra 2022.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 5

Coiste Réitigh ESMA

1.   Cruthóidh ESMA coiste réitigh (“Coiste Réitigh ESMA”) de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun críche na cinntí a ullmhú a chuirtear de chúram ar ESMA sa Rialachán seo, cé is moite de na cinntí a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 11 den Rialachán seo.

Déanfaidh Coiste Réitigh ESMA tarraingt suas agus comhordú pleananna réitigh a chur chun cinn freisin, agus forbróidh sé modhanna chun CPLanna a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach.

2.   Beidh Coiste Réitigh ESMA comhdhéanta de na húdaráis arna n-ainmniú de bhun Airteagal 3(1) den Rialachán seo.

Iarrfar ar na húdaráis dá dtagraítear i bpointí (i) agus (v) d’Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a bheith rannpháirteach i gCoiste Réitigh ESMA mar bhreathnóirí.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, comhoibreoidh ESMA leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (EIOPA), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus le ÚBE faoi chuimsiú Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach arna bhunú in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.   Chun críocha an Rialacháin seo, áiritheoidh ESMA go bhfuil scaradh struchtúrach ann idir Coiste Réitigh ESMA agus na feidhmeanna eile dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 6

Comhar idir údaráis

1.   Oibreoidh údaráis inniúla, údaráis réitigh agus ESMA i ndlúthchomhar le chéile chun críocha an Rialacháin seo. Go háirithe, le linn na céime téarnaimh, ba cheart don údarás inniúil agus do chomhaltaí an choláiste maoirseachta comhoibriú agus cumarsáid éifeachtúil a dhéanamh leis an údarás réitigh, chun a chur ar a chumas don údarás réitigh gníomhú go tráthúil.

2.   Oibreoidh údarás réitigh CPL agus údaráis réitigh a chomhaltaí imréitigh i ndlúthchomhar le chéile agus é ina aidhm acu a áirithiú nach bhfuil aon bhaic ann ó thaobh réitigh de.

3.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh le ESMA chun críocha an Rialacháin seo, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Soláthróidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh gan mhoill do ESMA an fhaisnéis uile is gá chun a chuid dualgas a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Roinn 2

Cinnteoireacht agus nósanna imeachta

Airteagal 7

Prionsabail ghinearálta maidir leis an gcinnteoireacht

Cuirfidh na húdaráis inniúla, na húdaráis réitigh agus ESMA na prionsabail agus na gnéithe uile seo a leanas san áireamh nuair a bheidh cinntí á nglacadh acu agus gníomhaíocht á ndéanamh acu de bhun an Rialacháin seo:

(a)

go n-áiritheofar éifeachtacht agus comhréireacht aon chinnidh nó aon ghníomhaíochta i ndáil le CPL ar leith, agus na tosca seo a leanas ar a laghad á gcur san áireamh:

(i)

foirm dhlíthiúil, úinéireacht agus struchtúr eagrúcháin an CPL, go háirithe, i gcás inarb infheidhme, aon idirthuilleamaíochtaí laistigh den ghrúpa lena mbaineann an CPL;

(ii)

cineál, méid agus castacht ghnó an CPL, go háirithe méid agus struchtúr na margaí ar a bhfreastalaíonn sé agus leachtacht na margaí sin faoi dhálaí anáis;

(iii)

struchtúr, cineál agus éagsúlacht chomhaltaí imréitigh an CPL, agus, a mhéid atá an fhaisnéis sin ar fáil, struchtúr, cineál agus éagsúlacht líonra cliant agus cliant indíreach a chomhaltaí imréitigh;

(iv)

inionadaitheacht fheidhmeanna criticiúla an CPL sna margaí ar a bhfreastalaíonn sé;

(v)

idirnascthacht an CPL le BMAanna eile, le hionaid trádála agus le hinstitiúidí airgeadais agus leis an gcóras airgeadais i gcoitinne;

(vi)

an imréitíonn an CPL aon chonradh díorthach thar an gcuntar a bhaineann le haicme díorthach thar an gcuntar a dearbhaíodh a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; agus

(vii)

iarmhairtí iarbhír nó féideartha na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus in Airteagal 22(2).

(b)

go bhféachfar leis na riachtanais a chomhlíonadh ó thaobh éifeachtúlachta, tráthúlachta, práinn chuí na cinnteoireachta, nuair is gá, agus ó thaobh costais a choimeád chomh híseal agus is féidir nuair a dhéanfar cinntí agus gníomhaíocht, agus é á áirithiú san am céanna go maolófar suaitheadh margaí a mhéid is féidir;

(c)

go ndéanfar an úsáid a bhaintear as tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a sheachaint a mhéid is féidir, nach mbeidh tacaíocht den sórt sin ar fáil ná in úsáid ach amháin mar rogha dheireanach agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45, agus nach gcruthófar aon ionchas maidir le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách;

(d)

go gcomhoibreoidh na húdaráis réitigh, na húdaráis inniúla agus údaráis eile le chéile lena áirithiú go ndéanfar cinntí agus gníomhaíocht ar bhealach comhordaithe éifeachtúil;

(e)

go saineofar go soiléir róil agus freagrachtaí na n-údarás ábhartha laistigh de gach Ballstát;

(f)

go suífear leasanna na mBallstát ina soláthraíonn an CPL seirbhísí agus ina bhfuil a chomhaltaí imréitigh bunaithe, agus a mhéid is eol sin, ina bhfuil cliaint agus cliaint indíreacha na gcomhaltaí sin bunaithe, lena n-áirítear an cás ina n-ainmneoidh Ballstáit na cliaint nó na cliaint indíreacha sin mar O-SIIanna, agus ina bhfuil aon BMAanna nasctha, lena n-áirítear CPLanna idir-inoibritheacha, agus go háirithe tionchar aon chinnidh nó aon ghníomhaíochta nó neamhghníomhaíochta ar chobhsaíocht airgeadais nó ar acmhainní fioscacha na mBallstát sin agus an Aontais ina iomláine;

(g)

nach féidir le húdaráis réitigh ná coláistí réitigh a cheangal ar na Ballstáit tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a sholáthar, ná cur isteach ar fhlaithiúnas buiséadach ná ar fhreagrachtaí fioscacha a na mBallstát;

(h)

go gcaithfear cothromaíocht a bhaint amach idir leasanna na gcomhaltaí imréitigh dá ndéanfar difear, agus a mhéid is eol sin, leasanna a gcliant agus a gcliant indíreach, leasanna a gcreidiúnaithe agus gheallsealbhóirí eile an CPL sna Ballstáit lena mbaineann trí aon dochar éagórach a dhéanfar do leas gníomhaithe áirithe ná cosaint éagórach a thabharfar dóibh, lena n-áirítear leithdháileadh éagórach ualaigh, sna Ballstáit agus ó Bhallstát go chéile, a sheachaint;

(i)

gurb é a thuigfear, ar a laghad, as aon oibleagáid faoin Rialachán seo dul i gcomhairle le húdarás sula ndéanfar aon chinneadh nó aon ghníomhaíocht, an oibleagáid dul i gcomhairle leis maidir leis na heilimintí sin den chinneadh beartaithe nó den ghníomhaíocht bheartaithe a bhfuil nó ar dócha go mbeidh éifeacht acu ar na comhaltaí imréitigh, na cliaint, na BMAnna nasctha nó na hionaid trádála nó tionchar ar chobhsaíocht airgeadais an Bhallstáit ina bhfuil na comhaltaí imréitigh, na cliaint, na BMAnna nasctha nó na hionaid trádála bunaithe nó lonnaithe;

(j)

i gcás ina dtabharfaidh údarás saincheist ar aird a bhaineann le cobhsaíocht airgeadais a Bhallstáit, go ndéanfaidh an t-údarás réitigh agus coláiste réitigh an CPL í a mheas go mion agus, mura gcuirfidh siad an imní a léiríodh san áireamh, go míneoidh siad i scríbhinn na cúiseanna nach ndearna siad amhlaidh;

(k)

go gcomhlíonfar na pleananna réitigh dá dtagraítear in Airteagal 12, murab amhlaidh, agus cúinsí an cháis á gcur san áireamh, gur gá diall ó na pleananna sin chun gur fearr a bhainfear amach na cuspóirí réitigh;

(l)

go n-áiritheofar trédhearcacht i leith na n-údarás ábhartha in aon chás inar féidir, agus i ngach cás nuair is dócha go mbeidh impleachtaí ag cinneadh nó gníomhaíocht a bheartaítear ar chobhsaíocht airgeadais nó acmhainní fioscacha aon Bhallstáit ábhartha;

(m)

go gcomhordóidh siad agus go gcomhoibreoidh siad a dhlúithe is féidir, agus leis an aidhm costas foriomlán an réitigh a laghdú; agus

(n)

go ndéanfar íoslaghdú a mhéid is féidir ar na nithe seo a leanas: éifeachtaí diúltacha eacnamaíocha agus sóisialta aon chinnidh, lena n-áirítear tionchair dhiúltacha ar chobhsaíocht airgeadais, ar na Ballstáit go léir ina soláthraíonn an CPL seirbhísí agus ina bhfuil a chomhaltaí imréitigh, agus a mhéid is eol sin, cliaint agus cliaint indíreacha na gcomhaltaí sin, lena n-áirítear an cás ina n-ainmneoidh Ballstáit na cliaint nó na cliaint indíreacha sin mar O-SIIanna, agus ina bhfuil BMAnna nasctha, lena n-áirítear CPLanna idir-inoibritheacha, bunaithe.

Airteagal 8

Malartú faisnéise

1.   Déanfaidh na húdaráis réitigh, na húdaráis inniúla agus ESMA, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin orthu, an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le feidhmiú a gcúram faoin Rialachán seo a sholáthar dá chéile go tráthúil.

2.   De mhaolú ar mhír 1, ní nochtfaidh na húdaráis réitigh faisnéis rúnda arna soláthar ag údarás tríú tír ach amháin i gcás ina mbeidh toiliú i scríbhinn tugtha ag an údarás sin roimh ré.

3.   Soláthróidh na húdaráis réitigh an fhaisnéis uile a bhaineann le cinntí nó bearta do na húdaráis réitigh lena gceanglaítear fógra a thabhairt don aireacht sin, dul i mbun comhairliúchán leis an aireacht sin nó toiliú na haireachta sin ina leith.

TEIDEAL III

ULLMHÚCHÁN

CAIBIDIL I

Pleanáil téarnaimh agus réitigh

Roinn 1

Pleanáil téarnaimh

Airteagal 9

Pleananna téarnaimh

1.   Déanfaidh na CPLanna plean téarnaimh a tharraingt suas agus a choinneáil ar bun ina leagfar síos na bearta a bheidh le déanamh i gcás teagmhais mhainneachtana agus teagmhais neamh-mhainneachtana araon, agus teaglaim den dá rud sin, chun a bhfóntacht airgeadais a athbhunú, gan aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách, agus chun ligean dóibh leanúint d’fheidhmeanna criticiúla a sholáthar i ndiaidh do mheathlú suntasach teacht ar a staid airgeadais nó más ann do bhaol go sáróidh siad na ceanglais chaipitil agus stuamachta atá orthu faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

2.   Leis na bearta a áireofar sa phlean téarnaimh:

(a)

tabharfar aghaidh go cuimsitheach éifeachtach ar na rioscaí uile a shainaithneofar sna cásanna éagsúla, lena n-áirítear easnaimh leachtachta neamhchumhdaithe féideartha;

(b)

i gcás caillteanais de bharr teagmhas mainneachtana, áiritheofar go n-athbhunófar leabhar comhoiriúnaithe agus go ndéanfar leithdháileadh iomlán na gcaillteanas neamhchumhdaithe ar chomhaltaí imréitigh, agus ar a gcliaint más creidiúnaithe díreacha de chuid an CPL iad na cliaint sin, agus ar scairshealbhóirí, agus leasanna na ngeallsealbhóirí uile á gcur san áireamh;

(c)

áireofar socruithe iompair caillteanais leordhóthanacha chun na caillteanais a d’fhéadfadh teacht as gach cineál teagmhas neamh-mhainneachtana a chumhdach; agus

(d)

cumasófar acmhainní airgeadais an CPL, lena n-áirítear a chistí dílse, a athshlánú go leibhéal a bheidh leordhóthanach chun go gcomhlíonfaidh an CPL a chuid oibleagáidí faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus chun tacú le feidhmiú leanúnach, tráthúil fheidhmeanna criticiúla an CPL.

3.   Beidh ar áireamh sa phlean téarnaimh creat táscairí, bunaithe ar phróifíl riosca an CPL, lena sainaithneofar na cúinsí ina ndéanfar na bearta a leagfar síos sa phlean téarnaimh. Féadfaidh na táscairí a bheith de chineál cáilíochtúil nó de chineál cainníochtúil i ndáil le fóntacht airgeadais agus inmharthanacht oibríochtúil an CPL agus ba cheart a chumasú leo go bhféadfaí bearta téarnaimh a dhéanamh sách luath le go mbeadh dóthain ama ann an plean a chur chun feidhme.

4.   Cuirfidh CPLanna socruithe iomchuí i bhfeidhm chun faireachán rialta a dhéanamh ar na táscairí dá dtagraítear i mír 3. Tuairisceoidh CPLanna dá n-údaráis inniúla maidir le toradh an fhaireacháin sin. Tarchuirfidh na húdaráis inniúla faisnéis chuig an gcoláiste maoirseachta, i gcás ina measann siad go mbaineann suntas leis an bhfaisnéis sin.

5.   Déanfaidh ESMA, i gcomhar le BERS, faoin 12 Feabhra 2022 treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun an t-íosliosta táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a shainiú.

6.   Áireoidh CPLanna ina rialacha oibríochta forálacha lena léireofar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint acu i gcás ina mbeidh sé beartaithe acu, chun spriocanna an phróisis téarnaimh a bhaint amach, na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

bearta a dhéanamh dá bhforáiltear ina bplean téarnaimh, d’ainneoin gan na táscairí ábhartha a bheith comhlíonta; nó

(b)

gan bearta a dhéanamh dá bhforáiltear ina bplean téarnaimh, d’ainneoin na táscairí ábhartha a bheith comhlíonta.

Cuirfear aon chinneadh a ghlacfar de bhun na míre seo, agus an t-údar atá leis, in iúl don údarás inniúil gan mhoill.

7.   I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag CPL a phlean téarnaimh a chur i ngníomh, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil faoi chineál agus faoi mhéid na bhfadhbanna atá sainaitheanta aige, agus na cúinsí ábhartha uile á leagan amach aige chomh maith leis na bearta téarnaimh nó aon bheart eile a bheidh beartaithe aige chun dul i ngleic leis an staid mar aon leis na tréimhsí ama a mheastar a bheidh ag teastáil chun a fhóntacht airgeadais a athbhunú trí bhíthin na mbearta sin a úsáid.

I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil go bhféadfaidh beart téarnaimh a bheartaíonn CPL a dhéanamh éifeachtaí díobhálacha nach beag a bheith aige ar an gcóras airgeadais nó nach dócha go mbeidh sé éifeachtach, féadfaidh sé ceangal a chur ar an CPL staonadh ón mbeart sin a dhéanamh.

Tar éis an fógra a fháil de réir an dara fomhír de mhír 6 den Airteagal seo, déanfaidh an t-údarás inniúil na cúinsí a mheasúnú láithreach bonn féachaint an gá, i gcomhréir le hAirteagal 18, cumhachtaí luath-idirghabhála a úsáid.

8.   Cuirfidh an t-údarás inniúil an t-údarás réitigh agus an coláiste maoirseachta ar an eolas go pras, agus cuirfidh an t-údarás réitigh an coláiste maoirseachta ar an eolas go pras faoi aon fhógra a fuarthas i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 6 agus i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 7 agus faoi aon treoir a thabharfaidh an t-údarás inniúil ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 7.

I gcás ina ndéanfar údarás inniúil a chur ar an eolas i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 7 den Airteagal seo, déanfaidh sé aon luach saothair cothromais agus ionstraimí a láimhseáiltear mar chothromas, lena n-áirítear íocaíochtaí díbhinne agus aischeannach á ndéanamh ag an CPL, a shrianadh nó a thoirmeasc a mhéid is mó is féidir gan teagmhas mainneachtana a ghníomhachtú, agus féadfaidh sé aon íocaíochtaí a thabharfar mar luach saothair athraitheach arna sainiú i mbeartas luacha saothair an CPL de bhun Airteagal 26(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, sochair phinsin lánroghnacha nó pacáistí téarfa don lucht bainistíochta sinsearaí mar a shainmhínítear i bpointe 29 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a shrianadh nó a thoirmeasc.

9.   Déanfaidh CPLanna a bpleananna téarnaimh a athbhreithniú, a thástáil agus, i gcás inar gá, a thabhairt cothrom le dáta uair sa bhliain ar a laghad agus, in aon chás, tar éis aon athrú ar a struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil nó ar a staid ghnó nó airgeadais a d’fhéadfadh difear ábhartha a dhéanamh do na pleananna sin nó a d’éileodh ar bhealach eile go n-athrófaí na pleananna sin. Féadfaidh na húdaráis inniúla ceangal a chur ar CPLanna a bpleananna téarnaimh a thabhairt cothrom le dáta níos minice.

10.   Tarraingeofar suas pleananna téarnaimh i gcomhréir le Roinn A den Iarscríbhinn agus cuirfear san áireamh iontu na hidirthuilleamaíochtaí ábhartha uile laistigh den ghrúpa lena mbaineann an CPL. Féadfaidh na húdaráis inniúla ceangal a chur ar CPLanna faisnéis bhreise a áireamh ina bpleananna téarnaimh. I gcás inarb ábhartha, rachaidh údarás inniúil an CPL i gcomhairle le húdarás inniúil mháthairghnóthas an CPL.

11.   Le pleananna téarnaimh:

(a)

ní thoimhdeofar aon rochtain ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách, ar chúnamh leachtachta éigeandála ó bhanc ceannais ná ar chúnamh leachtachta ó bhanc ceannais arna sholáthar faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, aibíocht agus ráta ús, ná ní thoimhdeofar go bhfaighfear iad sin.

(b)

breithneofar leasanna na ngeallsealbhóirí uile ar dócha go ndéanfaidh an plean difear dóibh, lena n-áirítear comhaltaí imréitigh agus, a mhéid is eol sin, leasanna a gcliant díreach agus indíreach; agus

(c)

áiritheofar nach mbeidh neamhchosaintí gan teorainn ag na comhaltaí imréitigh i leith an CPL agus go mbeidh caillteanais fhéideartha agus easnaimh leachtachta fhéideartha na ngeallsealbhóirí trédhearcach, intomhaiste, inbhainstithe agus inrialaithe.

12.   Déanfaidh ESMA, i gcomhar le BERS, faoin 12 Feabhra 2022 treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ina sonrófar tuilleadh an raon cásanna a bheidh le breithniú chun críocha mhír 1 den Airteagal seo. Agus na treoirlínte sin á n-eisiúint aige, cuirfidh ESMA san áireamh, i gcás inarb iomchuí, cleachtaí maoirseachta tástála struis.

13.   I gcás inar cuid de ghrúpa é an CPL agus inar cuid den phlean téarnaimh iad comhaontuithe conarthacha maidir le tacaíocht ó mháthairghnóthas nó ó ghrúpeintiteas, déanfar breathnú sa phlean téarnaimh ar chásanna inar dodhéanta na comhaontuithe sin a chomhlíonadh.

14.   Tar éis teagmhas mainneachtana nó teagmhas neamh-mhainneachtana, úsáidfidh CPL méid breise dá acmhainní dílse réamh-mhaoinithe tiomnaithe, sula n-úsáidfear na socruithe agus na bearta dá dtagraítear i bpointe 15 de Roinn A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ní bheidh an méid sin níos lú ná 10 %, ná níos mó ná 25 %, de na ceanglais chaipitil rioscabhunaithe arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Chun an ceanglas sin a chomhlíonadh, féadfaidh an CPL úsáid a bhaint as an méid caipitil atá ina sheilbh, sa bhreis ar na ceanglais caipitil íosta ina leith, chun an tairseach fógartha dá dtagraítear sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 648/2012 a chomhlíonadh.

15.   Forbróidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE agus tar éis dó dul i gcomhairle le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an mhodheolaíocht chun ríomh agus cothabháil a dhéanamh ar an méid breise acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe a bheidh le húsáid i gcomhréir le mír 14. Agus na caighdeáin theicniúla sin á bhforbairt aige, cuirfidh ESMA na nithe seo a leanas ar fad san áireamh:

(a)

struchtúr agus eagrúchán inmheánach na CPLanna agus cineál, raon feidhme agus castacht a ngníomhaíochtaí;

(b)

struchtúr na ndreasachtaí atá ann do scairshealbhóirí, lucht bainistíochta agus comhaltaí imréitigh na CPLanna agus do chliaint na gcomhaltaí imréitigh;

(c)

a oiriúnaí atá sé do na CPLanna, ag brath ar na hairgeadraí ina bhfuil na hionstraimí airgeadais a imréitíonn siad ainmnithe, na hairgeadraí a nglactar leo mar chomhthaobhacht agus an riosca a eascraíonn óna ngníomhaíochtaí, go háirithe i gcás nach n-imréitíonn siad díorthaigh thar an gcuntar mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, an méid breise sin acmhainní dílse tiomnaithe a infheistiú i sócmhainní seachas na sócmhainní sin dá dtagraítear in Airteagal 47(1) den Rialachán sin; agus

(d)

na rialacha is infheidhme maidir le CPLanna tríú tír agus na cleachtais atá acu, chomh maith leis na forbairtí idirnáisiúnta maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna, chun iomaíochas CPLanna an Aontais atá gníomhach go hidirnáisiúnta a chaomhnú, mar aon le hiomaíochas CPLanna an Aontais i gcomparáid le CPLanna tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh san Aontas.

I gcás ina gcinnfidh ESMA, ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír, gurb iomchuí do CPLanna áirithe an méid breise sin acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe a infheistiú i sócmhainní seachas na sócmhainní sin dá dtagraítear in Airteagal 47(1) de Rialachán (AE) 648/2012, sonróidh sé freisin:

(a)

an nós imeachta trína bhféadfaidh CPLanna, i gcás nach mbeidh na hacmhainní sin ar fáil láithreach, leas a bhaint as bearta téarnaimh lena gceanglaítear ranníocaíocht airgeadais ó chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana.

(b)

an nós imeachta a leanfaidh CPLanna chun na comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana dá dtagraítear i bpointe (a) a aisíoc ina dhiaidh sin suas leis an méid a bheidh le húsáid i gcomhréir le mír 14 den Airteagal seo.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Feabhra 2022.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

16.   Déanfaidh an CPL sásraí leordhóthanacha a fhorbairt chun páirt i dtarraingt suas an phlean téarnaimh sin a thabhairt do na BMAnna nasctha agus do na geallsealbhóirí sin a d’iompródh caillteanais, a thabhódh costais nó a dhéanfadh ranníocaíocht chun easnaimh leachtachta a chumhdach i gcás ina gcuirfí an plean téarnaimh chun feidhme.

17.   Déanfaidh bord an CPL an plean téarnaimh a mheasúnú, ag cur san áireamh comhairle an choiste riosca i gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus é a fhormheas sula gcuirfidh sé faoi bhráid an údaráis inniúil é.

18.   I gcás ina gcinnfidh bord an CPL gan comhairle an choiste riosca a leanúint, cuirfidh sé an t-údarás inniúil ar an eolas go pras i gcomhréir le hAirteagal 28(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus tabharfaidh sé míniú mionsonraithe ar an gcinneadh sin don údarás inniúil.

19.   Déanfar na pleananna téarnaimh a chomhtháthú i rialachas corparáideach agus i gcreat bainistíochta riosca foriomlán an CPL.

20.   Na bearta arna leagan amach sna pleananna téarnaimh a chruthaíonn oibleagáidí airgeadais nó conarthacha ar chomhaltaí imréitigh agus, i gcásanna inarb ábhartha, ar chliaint agus ar chliaint indíreacha, ar BMAnna nasctha nó ar ionaid trádála, beidh siad mar chuid de rialacha oibríochta CPLanna.

21.   Áiritheoidh CPLanna go bhfuil na bearta a leagtar amach sna pleananna téarnaimh infhorfheidhmithe i gcónaí i ngach dlínse ina bhfuil comhaltaí imréitigh, BMAnna nasctha nó ionaid trádála lonnaithe.

22.   An oibleagáid atá ar CPLanna i dtaobh an ceart chun glao ar airgead tirim i gcomhair téarnaimh a áireamh ina bpleananna téarnaimh agus, más infheidhme, i dtaobh luach aon ghnóthachan is iníoctha ag na CPLanna le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a laghdú, ní bheidh sí infheidhme maidir leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagail 1(4) agus 1(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

23.   Cuirfidh comhaltaí imréitigh in iúl dá gcliaint ar bhealach soiléir trédhearcach an bhféadfadh bearta i bplean téarnaimh an CPL difear a dhéanamh dóibh, agus conas a d’fhéadfadh siad difear a dhéanamh dóibh.

Airteagal 10

Measúnú ar phleananna téarnaimh

1.   Cuirfidh CPLanna a bpleananna téarnaimh faoi bhráid an údaráis inniúil.

2.   Tarchuirfidh an t-údarás inniúil gach plean chuig an gcoláiste maoirseachta agus chuig an údarás réitigh gan moill mhíchuí. Déanfaidh an t-údarás inniúil, i gcomhar leis an gcoláiste maoirseachta i gcomhréir leis an nós imeachta in Airteagal 11, athbhreithniú ar an bplean téarnaimh agus déanfaidh sé measúnú ar a mhéid a chomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 9 laistigh de shé mhí ó cuireadh isteach an plean.

3.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an bplean téarnaimh, cuirfidh an t-údarás inniúil agus an coláiste maoirseachta na tosca seo a leanas san áireamh:

(a)

struchtúr caipitil an CPL, a mhainneachtain i bhfoirm cascáide, leibhéal castachta an struchtúir eagraíochtúil, inionadaitheacht a chuid gníomhaíochtaí agus próifíl riosca an CPL, lena n-áirítear i dtéarmaí rioscaí airgeadais, rioscaí oibríochta agus rioscaí cibearshlándála;

(b)

an tionchar foriomlán a d’imreodh cur chun feidhme an phlean réitigh orthu seo a leanas:

(i)

na comhaltaí imréitigh, agus a mhéid is eol sin, a gcliaint agus a gcliaint indíreacha, lena n-áirítear i gcás inar ainmníodh iad mar O-SIIanna;

(ii)

aon BMAnna nasctha;

(iii)

margaí airgeadais, lena n-áirítear ionaid trádála, a bhfreastalaíonn an CPL orthu; agus

(iv)

córas airgeadais aon Bhallstáit agus an Aontais ina iomláine;

(c)

an gcruthaíonn na huirlisí téarnaimh agus a n-ord arna sonrú sa phlean téarnaimh dreasachtaí iomchuí d’úinéirí an CPL, dá chomhaltaí imréitigh, agus dá gcliaint, i gcás inar féidir, mar is ábhartha, chun an riosca a thugann siad chuig an gcóras nó a thabhaíonn siad ann a rialú, chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí glactha riosca agus bainistíochta riosca an CPL, agus chun rannchuidiú le próiseas bainistíochta mainneachtana an CPL.

4.   Agus an plean téarnaimh á mheasúnú aige, ní chuirfidh an t-údarás inniúil comhaontuithe maidir le tacaíocht ó mháthairghnóthas san áireamh mar chodanna bailí den phlean téarnaimh ach amháin i gcás ina mbeidh na comhaontuithe sin ceangailteach de réir conartha.

5.   Scrúdóidh an t-údarás réitigh an plean téarnaimh chun aon bhearta a shainaithint a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh d’inréititheacht an CPL. I gcás ina sainaithneofar aon bhearta den sórt sin, déanfaidh an t-údarás réitigh aird an údaráis inniúil a tharraingt orthu agus cuirfidh sé moltaí faoi bhráid an údaráis inniúil maidir le bealaí chun aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchar na mbeart sin ar inréititheacht an CPL, laistigh de dhá mhí ón bplean téarnaimh a bheith tarchurtha ag an údarás inniúil.

6.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil gan gníomhú i dtaca le moltaí an údaráis réitigh de bhun mhír 5, tabharfaidh sé an t-údar ina iomláine atá leis an gcinneadh sin don údarás réitigh.

7.   I gcás ina n-aontóidh an t-údarás inniúil le moltaí an údaráis réitigh, nó ina measfaidh sé, i gcomhar leis an gcoláiste maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 11, go bhfuil easnaimh ábhartha ar an bplean téarnaimh nó baic ábhartha ar chur i bhfeidhm an phlean, tabharfaidh sé fógra do CPL agus tabharfaidh sé deis dó a thuairimí a chur faoina bhráid.

8.   Féadfaidh an t-údarás inniúil, agus tuairimí an CPL á gcur san áireamh aige, ceangal a chur ar an CPL plean athbhreithnithe a chur faoina bhráid, laistigh de dhá mhí, tréimhse ar féidir síneadh míosa a chur léi, ina léireofar an chaoi a bhfuiltear ag dul i ngleic leis na heasnaimh nó leis na baic sin. Déanfar measúnú ar an bplean athbhreithnithe i gcomhréir le míreanna 2 go 7.

9.   I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh agus i gcomhar leis an gcoláiste meastóireachta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 11, nár tugadh dóthain airde sa phlean athbhreithnithe ar na heasnaimh agus ar na baic, nó i gcás nach mbeidh aon phlean athbhreithnithe curtha isteach ag an CPL, ceanglóidh sé ar an CPL athruithe sonracha a dhéanamh ar an bplean laistigh de thréimhse réasúnach, arna sainiú ag an údarás inniúil.

10.   I gcás nach féidir na heasnaimh nó na baic sin a leigheas go leordhóthanach le hathruithe sonracha ar an bplean, cuirfidh an t-údarás inniúil, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh agus, i gcomhar leis an gcoláiste maoirseachta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 11, ceangal ar an CPL aon athruithe a shainaithint, laistigh de thráthchlár réasúnach, a bheidh le déanamh ar a ghnó chun dul i ngleic leis na heasnaimh ar an bplean téarnaimh nó na baic ar chur chun feidhme an phlean téarnaimh.

I gcás ina mainneoidh an CPL na hathruithe sin a shainaithint laistigh den tráthchlár arna leagan síos ag an údarás inniúil, nó i gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh agus i gcomhar leis an gcoláiste maoirseachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 11, nach mbeadh na gníomhaíochtaí a moladh leordhóthanach chun dul i ngleic leis na heasnaimh nó na baic ar chur chun feidhme an phlean téarnaimh, cuirfidh an t-údarás inniúil de cheangal ar an CPL gníomhaíochtaí sonraithe a dhéanamh, laistigh de thréimhse réasúnach, arna sainiú ag an údarás inniúil, maidir le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí seo a leanas, agus aird á tabhairt ar a thromchúisí atá na heasnaimh agus na baic agus ar an éifeacht a bheadh ag na bearta ar ghnó an CPL agus ar chumas an CPL leanúint de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chomhlíonadh:

(a)

próifíl riosca an CPL a laghdú;

(b)

feabhas a chur ar chumas an CPL dul faoi athchaipitliú go tráthúil chun na ceanglais chaipitil agus stuamachta atá air a chomhlíonadh;

(c)

straitéis agus struchtúr an CPL a athbhreithniú;

(d)

athruithe a dhéanamh ar an mainneachtain i bhfoirm cascáide, ar na bearta téarnaimh agus ar shocruithe leithdháilte caillteanais eile chun an inréititheacht agus athléimneacht na bhfeidhmeanna criticiúla a fheabhsú;

(e)

athruithe a dhéanamh ar struchtúr rialachais an CPL.

11.   An iarraidh dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 10, beidh sí réasúnaithe agus tabharfar fógra fúithi i scríbhinn don CPL.

12.   Déanfaidh ESMA, i gcomhar le CEBC agus BERS, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar a thuilleadh na tosca dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 3.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Feabhra 2022.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 11

Nós imeachta maidir le comhordú i gcás pleananna téarnaimh

1.   Déanfaidh an coláiste maoirseachta an plean téarnaimh a scrúdú agus, i gcás ina measfaidh aon chomhalta den choláiste go bhfuil easnaimh ábhartha ar an bplean téarnaimh nó aon bhac ábhartha ar chur chun feidhme an phlean, cuirfidh an comhalta sin moltaí faoi bhráid údarás inniúil an CPL maidir leis na hábhair sin laistigh de dhá mhí ón bplean téarnaimh a bheith tarchurtha ag an údarás inniúil.

2.   Déanfaidh an coláiste maoirseachta cinneadh comhpháirteach maidir leis na saincheisteanna seo uile a leanas:

(a)

an t-athbhreithniú agus an measúnú ar an bplean téarnaimh;

(b)

cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 10(7), (8) (9) agus (10).

3.   Tiocfaidh an coláiste maoirseachta ar chinneadh comhpháirteach maidir leis na saincheisteanna dá dtagraítear i mír 2 laistigh de cheithre mhí ón dáta a tharchuirfidh an t-údarás inniúil an plean téarnaimh.

Féadfaidh ESMA cúnamh a thabhairt don choláiste, arna iarraidh sin d’údarás inniúil laistigh den choláiste maoirseachta, teacht ar chinneadh comhpháirteach i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.   I gcás ina mainneoidh an coláiste, tar éis ceithre mhí ón dáta a tharchuirfear an plean téarnaimh, teacht ar chinneadh comhpháirteach maidir leis na saincheisteanna dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh údarás inniúil an CPL a chinneadh féin.

Déanfaidh údarás inniúil an CPL an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag cur san áireamh thuairimí na gcomhaltaí eile den choláiste arna gcur in iúl le linn na tréimhse ceithre mhí. Tabharfaidh údarás inniúil an CPL fógra faoin gcinneadh sin i scríbhinn don CPL agus do chomhaltaí eile an choláiste.

5.   I gcás nach dtiocfar ar chinneadh comhpháirteach faoi dheireadh na tréimhse ceithre mhí sin, agus ina n-easaontóidh tromlach simplí de na comhaltaí a bhfuil vóta acu le togra an údaráis inniúil i leith cinneadh comhpháirteach maidir le hábhar i ndáil le measúnú na bpleananna téarnaimh nó cur chun feidhme na mbeart de bhun phointí (a), (b) agus (d) d’Airteagal 10(10) den Rialachán seo, féadfaidh aon duine de na comhaltaí lena mbaineann a bhfuil vóta acu, ar bhonn an tromlaigh sin, an t-ábhar sin a tharchur chuig ESMA i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Fanfaidh údarás inniúil an CPL leis an gcinneadh arna ghlacadh ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus déanfaidh sé cinneadh i gcomhréir le cinneadh ESMA.

6.   Measfar gurb é an tréimhse ceithre mhí an chéim idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ESMA a chinneadh laistigh d’aon mhí amháin ón tráth a chuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuige. Ní chuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuig ESMA má tá an tréimhse ceithre mhí thart nó má thángthas ar chinneadh comhpháirteach. Mura dtagann ESMA ar chinneadh laistigh d’aon mhí amháin, beidh feidhm ag cinneadh údarás inniúil an CPL.

Roinn 2

Pleanáil réitigh

Airteagal 12

Pleananna réitigh

1.   Déanfaidh údarás réitigh an CPL, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil agus i gcomhar leis an gcoláiste réitigh, plean réitigh a tharraingt suas don CPL i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 14.

2.   Déanfar foráil sa phlean réitigh do na gníomhaíochtaí réitigh a fhéadfaidh an t-údarás réitigh a dhéanamh i gcás ina gcomhlíonfaidh an CPL na coinníollacha maidir le réiteach dá dtagraítear in Airteagal 22.

3.   Cuirfear an méid seo a leanas ar a laghad san áireamh sa phlean réitigh:

(a)

cliseadh an CPL, lena n-áirítear in imthosca éagobhsaíochta airgeadais níos leithne nó teagmhais ar fud an chórais, de dheasca ceann amháin nó teaglaim de na nithe seo:

(i)

teagmhais mhainneachtana, agus

(ii)

teagmhais neamh-mhainneachtana;

(b)

an tionchar a d’imreodh an cur chun feidhme orthu seo a leanas:

(i)

na comhaltaí imréitigh, agus a mhéid is eol sin, a gcliaint agus a gcliaint indíreacha, lena n-áirítear i gcás ina n-ainmneofar iad mar O-SIIanna agus iadsan ar dócha go mbeidh siad faoi réir bearta téarnaimh nó gníomhaíochtaí réitigh i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE;

(ii)

aon BMAnna nasctha;

(iii)

na margaí airgeadais, lena n-áirítear ionaid trádála, a bhfreastalaíonn an CPL orthu; agus

(iv)

córas airgeadais aon Bhallstáit nó an Aontais ina iomláine, agus, a mhéid is féidir, i dtríú tíortha ina soláthraíonn sé seirbhísí;

(c)

an chaoi agus na cúinsí faoina bhféadfaidh CPL iarratas a dhéanamh chun saoráidí an bhainc ceannais a úsáid arna soláthar faoi théarmaí caighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, le haibíocht agus le hús, agus sainaithint na sócmhainní sin a mbeifí ag súil leis go gcáileoidís mar chomhthaobhacht.

4.   Ní thoimhdeofar sa phlean réitigh aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách;

(b)

cúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de;

(c)

cúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, le haibíocht agus le hús.

5.   Sa phlean réitigh déanfar toimhdí stuama maidir leis na hacmhainní airgeadais atá ar fáil mar uirlisí réitigh a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus maidir leis na hacmhainní a mheasfar a bheidh ar fáil i gcomhréir le rialacha agus socruithe an CPL tráth a théitear faoi réiteach. Cuirfear san áireamh sna toimhdí stuama sin torthaí ábhartha na dtástálacha struis is déanaí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, a shonraítear i bpointe (b) d’Airteagal 24a (7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, chomh maith le cásanna dálaí foircneacha margaidh a théann thar na dálaí atá i bplean téarnaimh an CPL.

6.   Déanfaidh údarás réitigh an CPL, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil agus i gcomhar leis an gcoláiste réitigh i gcomhréir leis an nós imeachta in Airteagal 14, athbhreithniú ar na pleananna réitigh agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé cothrom le dáta iad ar a laghad uair sa bhliain agus, i gcás ar bith, i ndiaidh aon athruithe ar struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil an CPL, ar a staid ghnó nó airgeadais nó aon athrú eile a dhéanann difear is ábhartha d’éifeachtacht an phlean.

Cuirfidh an CPL agus an t-údarás inniúil an t-údarás réitigh ar an eolas go pras faoi aon athrú den sórt sin.

7.   Sonrófar sa phlean réitigh na cúinsí agus na cásanna éagsúla ina mbeidh na huirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm agus ina mbeidh na cumhachtaí réitigh á bhfeidhmiú. Déanfar idirdhealú soiléir ann, trí chásanna éagsúla go háirithe, idir cliseadh de dheasca teagmhais mhainneachtana, de dheasca teagmhais neamh-mhainneachtana agus de dheasca teaglaim den dá cheann, agus idir cineálacha éagsúla teagmhas neamh-mhainneachtana. Áireofar na nithe seo a leanas sa phlean réitigh, agus iad cainníochtaithe nuair is iomchuí agus nuair is féidir:

(a)

achoimre ar phríomheilimintí an phlean, ina ndéantar idirdhealú idir teagmhais mhainneachtana, teagmhais neamh-mhainneachtana agus teaglaim den dá cheann;

(b)

achoimre ar na hathruithe ábhartha ar an CPL a tharla ó tugadh an plean réitigh cothrom le dáta go deireanach;

(c)

tuairisc ar conas a d’fhéadfaí feidhmeanna criticiúla an CPL a dheighilt go dlíthiúil agus go heacnamaíoch, a mhéid is gá, óna chuid feidhmeanna eile chun leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla sin a áirithiú agus an CPL faoi réiteach;

(d)

meastachán ar an tráthchlár chun gach eilimint ábhartha den phlean a chur chun feidhme, lena n-áirítear chun acmhainní airgeadais an CPL a athshlánú;

(e)

tuairisc mhionsonraithe ar an measúnú ar inréititheacht arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 15;

(f)

tuairisc ar aon bhearta a cheanglaítear de bhun Airteagal 16 chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréititheacht arna sainaithint mar thoradh ar an measúnú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 15 nó chun deireadh a chur leis na baic sin;

(g)

tuairisc ar na próisis chun luach agus indíoltacht fheidhmeanna criticiúla agus shócmhainní an CPL a chinneadh;

(h)

tuairisc mhionsonraithe ar na socruithe lena n-áiritheofar go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Airteagal 13 cothrom le dáta agus ar fáil i gcónaí do na húdaráis réitigh;

(i)

míniú maidir leis an gcaoi a bhféadfaí gníomhaíochtaí réitigh a mhaoiniú gan toimhdiú i ndáil leis na heilimintí dá dtagraítear i mír 4;

(j)

tuairisc mhionsonraithe ar na straitéisí réitigh éagsúla a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm de réir na gcásanna éagsúla a d’fhéadfadh bheith ann agus na tráthchláir lena mbaineann;

(k)

tuairisc ar idirthuilleamaíochtaí criticiúla idir an CPL agus rannpháirtithe eile sa mhargadh agus idir an CPL agus soláthraithe seirbhísí criticiúla, socruithe idir-inoibritheachta agus naisc le BMAnna eile, chomh maith le bealaí chun aghaidh a thabhairt ar na hidirthuilleamaíochtaí sin go léir;

(l)

tuairisc ar idirthuilleamaíochtaí inghrúpa criticiúla agus ar bhealaí chun aghaidh a thabhairt orthu;

(m)

tuairisc ar na roghanna éagsúla lena n-áiritheofar na nithe seo a leanas:

(i)

rochtain ar íocaíochtaí agus ar sheirbhísí imréitigh agus ar bhonneagair eile;

(ii)

oibleagáidí i leith comhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb iomchuí, a gcliaint agus aon BMAnna nasctha a shocrú go tráthúil;

(iii)

rochtain na gcomhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, a gcliaint ar bhonn trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach ar urrúis nó cuntais airgid arna soláthar ag an CPL agus urrúis nó urrús comhthaobhacht in airgead tirim breactha go dtí an CPL nó ina sheilbh atá dlite do na rannpháirtithe sin;

(iv)

leanúnachas maidir le hoibríochtaí na nasc idir an CPL agus BMAnna eile agus idir an CPL agus ionaid trádála;

(v)

caomhnú inaistritheacht shuíomhanna na gcliant agus na gcliant indíreach agus a sócmhainní gaolmhara; agus

(vi)

caomhnú ceadúnas, údaruithe, aitheantas agus ainmniúchán dlíthiúil CPL i gcás inar gá d’fheidhmiú leanúnach fheidhmeanna criticiúla an CPL, lena n-áirítear a aitheantas chun críocha na rialacha ábhartha maidir le críochnaitheacht socraíochta a chur i bhfeidhm agus chun críocha na rannpháirtíochta in BMAnna eile nó na naisc leo nó naisc le hionaid trádála;

(n)

tuairisc ar an gcaoi a bhfaighidh an t-údarás réitigh an fhaisnéis is gá chun an luacháil dá dtagraítear in Airteagal 24 a dhéanamh;

(o)

anailís ar thionchar an phlean ar fhostaithe CPL, lena n-áirítear measúnú ar aon chostais ghaolmhara, agus tuairisc ar na nósanna imeachta atá beartaithe chun dul i gcomhairle leis an bhfoireann le linn an phróisis réitigh, agus na rialacha náisiúnta agus na córais náisiúnta le haghaidh comhphlé leis na comhpháirtithe sóisialta á gcur san áireamh;

(p)

plean chun cumarsáid a dhéanamh leis na meáin agus leis an bpobal ionas go bhféadfar a bheith chomh trédhearcach agus is féidir;

(q)

tuairisc ar oibríochtaí agus ar chórais bhunriachtanacha chun feidhmiú leanúnach phróisis oibríochta an CPL a choinneáil ar bun;

(r)

tuairisc ar na socruithe chun fógra a thabhairt don choláiste réitigh i gcomhréir le hAirteagal 72(1);

(s)

tuairisc ar na bearta chun inaistritheacht suíomhanna agus sócmhainní gaolmhara na gcomhaltaí imréitigh agus chliaint an CPL mainneachtana ón CPL mainneachtana go CPL eile, nó go CPL idirlinne, a éascú gan difear a dhéanamh ag an am céanna do na caidrimh chonarthacha idir comhaltaí imréitigh agus a gcuid cliant.

8.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 7 a nochtadh don CPL lena mbaineann. Féadfaidh an CPL a thuairim faoin bplean réitigh a chur in iúl don údarás réitigh i scríbhinn. Áireofar an tuairim sin sa phlean.

9.   Tar éis do ESMA dul i gcomhairle le BERS, agus forálacha ábhartha na ngníomh tarmligthe arna nglacadh ar bhonn Airteagal 10(9) de Threoir 2014/59/AE á gcur san áireamh aige, agus prionsabal na comhréireachta á chomhlíonadh aige, ullmhóidh sé dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar a thuilleadh inneachar an phlean réitigh i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt aige, cuirfidh ESMA ar a gcumas d’údaráis réitigh solúbthacht leordhóthanach a bheith acu chun sainiúlachtaí a gcreata dhlíthiúil náisiúnta i réimse an dlí dócmhainneachta a chur san áireamh, chomh maith le cineál agus castacht an ghnó imréitigh a dhéanann na CPLanna.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Feabhra 2022.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 13

Dualgas na CPLanna comhoibriú agus faisnéis a sholáthar

1.   De réir mar is gá, comhoibreoidh na CPLanna i dtarraingt suas na bpleananna réitigh agus soláthróidh siad dá n-údarás réitigh, bíodh sin ar bhonn díreach nó trí bhíthin a n-údarás inniúil, an fhaisnéis uile is gá chun na pleananna sin a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear an fhaisnéis agus an anailís a shonraítear i Roinn B den Iarscríbhinn.

Aon fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír atá ar fáil cheana do na húdaráis inniúla, soláthróidh na húdaráis sin do na húdaráis réitigh í.

2.   Féadfaidh na húdaráis réitigh ceangal a chur ar CPLanna taifid mhionsonraithe a sholáthar dóibh ar na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bhfuil siad ina bpáirtí iontu. Féadfaidh na húdaráis réitigh teorainn ama a shonrú maidir leis na taifid sin a chur ar fáil maille le teorainneacha ama éagsúla a shonrú i gcás cineálacha éagsúla conarthaí.

3.   Déanfaidh CPL faisnéis a mhalartú go tráthúil lena údaráis inniúla chun éascaíocht a dhéanamh don mheasúnú ar phróifílí riosca an CPL agus ar an idirnascthacht le BMAanna eile, le hinstitiúidí eile airgeadais agus leis an gcóras airgeadais i gcoitinne dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 den Rialachán seo. Tarchuirfidh na húdaráis inniúla faisnéis chuig an gcoláiste maoirseachta, i gcás ina measann siad go mbaineann suntas leis an bhfaisnéis sin.

Airteagal 14

Nós imeachta maidir le comhordú i gcás pleananna réitigh

1.   Déanfaidh an t-údarás réitigh dréachtphlean réitigh, an fhaisnéis arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 13 agus aon fhaisnéis bhreise is ábhartha don choláiste réitigh a tharchur chuig an gcoláiste réitigh.

2.   Déanfaidh an coláiste réitigh cinneadh comhpháirteach faoin bplean réitigh agus faoi aon athruithe air laistigh de thréimhse cheithre mhí ón dáta a tharchuirfidh an t-údarás réitigh an plean sin dá dtagraítear i mír 1.

Áiritheoidh an t-údarás réitigh go ndéanfar an fhaisnéis uile a sholáthar do ESMA is ábhartha do ról ESMA i gcomhréir leis an Airteagal seo.

3.   Féadfaidh an t-údarás réitigh a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 4(4), páirt a thabhairt d’údaráis tríú tír agus an plean réitigh á tharraingt suas agus á athbhreithniú, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais rúndachta a leagtar síos in Airteagal 73 agus gur ó dhlínsí iad ina bhfuil aon cheann de na heintitis seo a leanas bunaithe:

(a)

máthairghnóthas an CPL, i gcás inarb infheidhme;

(b)

comhaltaí imréitigh an CPL i gcás ina mbeidh a ranníocaíocht do chiste mainneachtana an CPL, ar bhonn comhiomlán in imeacht tréimhse bliana, níos mó ná ranníocaíochtaí an tríú Ballstáit leis na ranníocaíochtaí is mó dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(c)

fochuideachtaí an CPL, i gcás inarb infheidhme;

(d)

soláthraithe eile seirbhísí criticiúla don CPL;

(e)

CPLanna idir-inoibritheacha.

4.   Féadfaidh ESMA, ar iarratas ó údarás réitigh, cuidiú leis an gcoláiste réitigh cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

5.   I gcás ina mainneoidh an coláiste réitigh, tar éis ceithre mhí ón dáta a tharchuirfear an plean réitigh, teacht ar chinneadh comhpháirteach, déanfaidh an t-údarás réitigh a chinneadh féin maidir leis an bplean réitigh. Déanfaidh an t-údarás réitigh a chinneadh agus aird aige ar thuairimí na gcomhaltaí eile den choláiste réitigh arna gcur in iúl le linn na tréimhse ceithre mhí. Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra i scríbhinn faoin gcinneadh don CPL agus do chomhaltaí eile an choláiste réitigh.

6.   I gcás inarb amhlaidh faoi dheireadh na tréimhse ceithre mhí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, nach dtiocfar ar chinneadh comhpháirteach agus ina n-easaontóidh tromlach simplí de na comhaltaí a bhfuil vóta acu le togra an údaráis réitigh i leith cinneadh comhpháirteach maidir le hábhar i ndáil leis an bplean réitigh, féadfaidh aon duine de na comhaltaí lena mbaineann a bhfuil vóta acu, ar bhonn an tromlaigh sin, an t-ábhar sin a chur faoi bhráid ESMA i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Fanfaidh údarás réitigh an CPL leis an gcinneadh arna dhéanamh ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus déanfaidh sé cinneadh i gcomhréir le cinneadh ESMA.

Measfar gurb é an tréimhse ceithre mhí an chéim idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Glacfaidh ESMA a chinneadh laistigh de mhí amháin ón dáta a chuirfear an t-ábhar faoina bhráid. Ní chuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuig ESMA má tá an tréimhse ceithre mhí thart nó má thángthas ar chinneadh comhpháirteach. Mura dtagann ESMA ar chinneadh laistigh d’aon mhí amháin, beidh feidhm ag cinneadh an údaráis réitigh.

7.   I gcás ina nglacfar cinneadh comhpháirteach de bhun mhír 1 agus go measfaidh aon údarás réitigh nó aireacht inniúil faoi mhír 6 go gcuireann ábhar an easaontais isteach ar fhreagrachtaí buiséadacha a Bhallstáit, cuirfidh údarás réitigh an CPL tús le hathmheasúnú ar an bplean réitigh.

CAIBIDIL II

Inréititheacht

Airteagal 15

Measúnú ar inréititheacht

1.   Déanfaidh an t-údarás réitigh, i gcomhordú leis an gcoláiste réitigh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17, agus tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, measúnú ar a mhéid a bheidh CPL inréitithe gan toimhdiú i ndáil le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách;

(b)

cúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de;

(c)

cúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, le haibíocht agus le hús.

2.   Measfar go mbeidh CPL inréitithe i gcás ina measfaidh an t-údarás réitigh go mbeidh sé indéanta agus inchreidte é a leachtú de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta nó é a réiteach trí na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú agus leanúnachas fheidhmeanna criticiúla an CPL a áirithiú agus aon úsáid tacaíochta airgeadais poiblí urghnáiche, agus, a mhéid is mó is féidir, aon iarmhairt dhíobhálach shuntasach ar an gcóras airgeadais mar aon leis an bhféidearthacht go mbeadh na geallsealbhóirí dá ndéantar difear faoi mhíbhuntáiste míchuí, á seachaint.

Áireofar ar na héifeachtaí díobhálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír éagobhsaíocht airgeadais níos leithne nó teagmhais shistéamacha in aon Bhallstát.

Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra do ESMA go tráthúil i gcás ina measfaidh sé nach bhfuil CPL inréitithe.

3.   Arna iarraidh sin don údarás réitigh, léireoidh CPL an méid seo a leanas:

(a)

nach ann d’aon ní a chuirfeadh bac ar luach ionstraimí úinéireachta a laghdú i ndiaidh fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh, is cuma socruithe conarthacha gan chomhlíonadh nó bearta eile i bplean réitigh an CPL a bheith ídithe go hiomlán nó gan a bheith; agus

(b)

nach gcuireann conarthaí an CPL le comhaltaí réitigh nó le tríú páirtithe ar chumas na gcomhaltaí réitigh nó na dtríú páirtithe sin agóid a dhéanamh go rathúil i leith fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh ag údarás réitigh ná ní shaorann iad ó bheith faoi réir na gcumhachtaí sin ar shlí eile.

4.   Chun críocha an mheasúnaithe ar inréititheacht dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an t-údarás réitigh, nuair is ábhartha, na nithe a shonraítear i Roinn C den Iarscríbhinn.

5.   Faoin 12 Lúnasa 2022, déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le BERS, treoirlínte a eisiúint chun cóineasú cleachtas réitigh a chur chun cinn maidir le cur i bhfeidhm roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   Déanfaidh an t-údarás réitigh, i gcomhar leis an gcoláiste réitigh, an measúnú ar inréititheacht le linn dó an plean réitigh a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 12.

Airteagal 16

Dul i ngleic le baic ar inréititheacht nó deireadh a chur leo

1.   I gcás ina dtiocfaidh an t-údarás réitigh, i gcomhordú leis an gcoláiste réitigh, tar éis an mheasúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 15 agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17, ar an tátal go bhfuil baic ábhartha ar inréititheacht CPL ann, ullmhóidh an t-údarás réitigh, i gcomhar leis an údarás inniúil, tuarascáil a chuirfidh sé faoi bhráid an CPL agus an choláiste réitigh.

Sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar anailís ar na baic ábhartha ar chur i bhfeidhm éifeachtach na n-uirlisí réitigh agus ar fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh i ndáil leis an CPL, measfar inti tionchar na mbac sin ar shamhail ghnó an CPL agus molfar bearta spriocdhírithe lena ndéanfar na baic sin a bhaint.

2.   Cuirfear ar fionraí an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 14 ar choláistí réitigh teacht ar chinneadh comhpháirteach faoi na pleananna réitigh tar éis thíolacadh na tuarascála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo go dtí go nglacfaidh an t-údarás réitigh de bhun mhír 3 den Airteagal seo leis na bearta lena ndéanfar na baic ábhartha ar inréititheacht a bhaint nó go dtí go gcinnfear bearta malartacha de bhun mhír 4 den Airteagal seo.

3.   Laistigh de cheithre mhí tar éis an dáta a gheofar an tuarascáil a cuireadh isteach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, molfaidh an CPL bearta féideartha don údarás réitigh chun aghaidh a thabhairt ar na baic ábhartha a shainaithnítear sa tuarascáil nó chun iad a bhaint. Cuirfidh an t-údarás réitigh aon bheart arna mholadh ag an CPL in iúl don choláiste réitigh. Déanfaidh an t-údarás réitigh agus an coláiste réitigh a mheasúnú, i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 17(1), an dtéann na bearta sin i ngleic go héifeachtach leis na baic sin nó an gcuireann siad deireadh leo go héifeachtach.

4.   I gcás ina dtiocfaidh an t-údarás réitigh, i gcomhar leis an gcoláiste réitigh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17, ar an tátal nach laghdófaí go héifeachtach, de bharr na mbeart arna moladh ag an CPL i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, na baic a shainaithnítear sa tuarascáil nó nach ndéanfaí iad a bhaint dá mbarr, sainaithneoidh an t-údarás réitigh bearta malartacha a chuirfidh sé in iúl don choláiste réitigh chun gur féidir leis cinneadh comhpháirteach a dhéanamh ina leith i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 17(1).

Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sna bearta malartacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

an bhagairt ar chobhsaíocht airgeadais atá i gceist leis na baic ábhartha sin ar inréititheacht CPL;

(b)

an tionchar is dócha a bheidh ag na bearta malartacha ar na nithe seo a leanas:

(i)

an CPL, lena n-áirítear a shamhail ghnó agus a éifeachtúlacht oibríochtúil;

(ii)

a chomhaltaí imréitigh, agus a mhéid is eol sin, a gcliaint agus a gcliaint indíreacha, lena n-áirítear i gcás inar ainmníodh iad mar O-SIIanna;

(iii)

aon BMAnna nasctha;

(iv)

na margaí airgeadais, lena n-áirítear ionaid trádála, a bhfreastalaíonn an CPL orthu;

(v)

córas airgeadais aon Bhallstáit nó an Aontais ina iomláine; agus

(vi)

an margadh inmheánach; agus

(c)

na héifeachtaí ar sholáthar seirbhísí imréitigh comhtháite le haghaidh táirgí éagsúla agus éarlaisiú punainne thar aicmí sócmhainní.

Chun críocha phointí (a) agus (b) den dara fomhír, rachaidh an t-údarás réitigh i gcomhairle leis an údarás inniúil agus leis an gcoláiste réitigh agus, i gcás inarb iomchuí, leis na húdaráis náisiúnta mhacrastuamachta ainmnithe ábhartha.

5.   Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra don CPL i scríbhinn, bíodh sin ar bhonn díreach nó go hindíreach tríd an údarás inniúil, faoi na bearta malartacha atá le déanamh ionas gur féidir deireadh a chur leis na baic ar inréititheacht. Tabharfaidh an t-údarás réitigh údar cuí leis an bhfáth nach bhféadfaí, leis na bearta a mhol an CPL, na baic ábhartha ar inréititheacht a bhaint agus leis an bhfáth a mbeadh na bearta malartacha éifeachtach chun déanamh amhlaidh.

6.   Molfaidh an CPL plean, laistigh de mhí amháin, chun na bearta malartacha a chomhlíonadh, le hachar ama réasúnta chun an plean a chur chun feidhme. Má mheasann an t-údarás réitigh go bhfuil gá leis, féadfaidh an t-údarás réitigh an t-achar ama atá beartaithe a ghiorrú nó síneadh a chur leis.

7.   Chun críocha mhír 4, féadfaidh an t-údarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, agus achar ama réasúnta á cheadú aige don chur chun feidhme, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

ceangal a chur ar an CPL comhaontuithe seirbhíse a athbhreithniú nó a tharraingt suas, bíodh sin laistigh de ghrúpaí nó le tríú páirtithe, chun soláthar feidhmeanna criticiúla a chumhdach;

(b)

ceangal a chur ar an CPL a neamhchosaintí neamhchumhdaithe uasta aonair agus comhiomlána a theorannú;

(c)

ceangal a chur ar an CPL athruithe a dhéanamh ar an gcaoi a mbailíonn sé corrlaigh agus a gcoinníonn sé iad de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(d)

ceangal a chur ar an CPL athruithe a dhéanamh ar chomhdhéanamh a chistí mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus ar líon na gcistí sin;

(e)

ceanglais faisnéise bhreise de chineál sonrach nó rialta a fhorchur ar an CPL;

(f)

ceangal a chur ar an CPL sócmhainní sonracha a dhífheistiú;

(g)

ceangal a chur ar an CPL gníomhaíochtaí sonracha atá ann cheana nó atá beartaithe a theorannú nó scor díobh;

(h)

ceangal a chur ar an CPL athruithe a dhéanamh ar a phlean téarnaimh, rialacha oibríochtúla agus socruithe conarthacha eile;

(i)

forbairt línte gnó nua nó línte gnó atá ann cheana nó soláthar seirbhísí nua nó seirbhísí atá ann cheana a shrianadh nó cosc a chur leo;

(j)

athruithe ar struchtúir dhlíthiúla nó oibríochtúla an CPL nó ar aon ghrúpeintiteas, atá á rialú aige go díreach nó go hindíreach, a cheangal chun a áirithiú go bhféadfar na feidhmeanna criticiúla a dheighilt go dlíthiúil agus go hoibríochtúil ó fheidhmeanna eile trí uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm;

(k)

ceangal a chur ar an CPL a sheirbhísí imréitigh difriúla a dheighilt ar bhonn oibríochtúil agus airgeadais d’fhonn roinnt aicmí sócmhainní sonracha a scaradh ó aicmí sócmhainní eile agus, i gcás ina measfar gurb iomchuí, tacair ghlanluachála lena gcumhdaítear aicmí sócmhainní difriúla a shrianadh;

(l)

ceangal a chur ar an CPL máthairghnóthas a chur ar bun san Aontas;

(m)

ceangal a chur ar an CPL dliteanais a eisiúint is féidir a dhíluacháil nó a chomhshó, nó acmhainní airgeadais eile a chur i leataobh chun a chumas iompair caillteanais, a chumas athchaipitliúcháin agus a chumas athshlánúcháin acmhainní réamh-mhaoinithe a mhéadú;

(n)

ceangal a chur ar an CPL céimeanna eile a thabhairt le go mbeidh caipiteal, dliteanais agus conarthaí eile in ann caillteanais a iompar, an CPL a athchaipitliú nó acmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú. I measc na ngníomhaíochtaí a bhreithnítear, féadfar a áireamh go háirithe iarracht a dhéanamh aon dliteanas atá eisithe ag an CPL a chaibidil an athuair, nó téarmaí conarthacha a athbhreithniú, d’fhonn a áirithiú go mbeadh éifeacht le cinneadh ar bith ón údarás réitigh an dliteanas, an ionstraim nó an conradh sin a dhíluacháil, a chomhshó nó a athstruchtúrú, faoi dhlí na dlínse lena rialaítear an dliteanas nó an ionstraim sin;

(o)

i gcás inar fochuideachta é an CPL, comhordú leis na húdaráis ábhartha d’fhonn ceangal a chur ar an máthairghnóthas cuideachta sealbhaíochta ar leithligh a chur ar bun chun an CPL a rialú, i gcás ina mbeidh an beart sin riachtanach chun réiteach an CPL a éascú agus aon éifeachtaí díobhálacha ar eintitis eile an ghrúpa a sheachaint a d’fhéadfadh teacht as cur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh agus as feidhmiú na gcumhachtaí réitigh;

(p)

naisc idir-inoibritheacha an CPL a shrianadh nó a thoirmeasc i gcás inar gá an srian nó an toirmeasc sin chun éifeachtaí díobhálacha ar bhaint amach cuspóirí réitigh a sheachaint.

Airteagal 17

Nós imeachta maidir le comhordú chun dul i ngleic le baic ar inréititheacht agus chun iad a bhaint

1.   Déanfaidh an coláiste réitigh cinneadh comhpháirteach faoin méid seo a leanas:

(a)

sainaithint na mbac ábhartha ar inréititheacht de bhun Airteagal 15(1);

(b)

measúnú a dhéanamh ar na bearta arna moladh ag an CPL de bhun Airteagal 16(3), de réir mar is gá;

(c)

na bearta malartacha a cheanglaítear de bhun Airteagal 16(4).

2.   Glacfar an cinneadh comhpháirteach faoi shainaithint na mbac ábhartha ar inréititheacht dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, glacfar é laistigh de cheithre mhí ón tráth a chuirfear an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 16(1) faoi bhráid an choláiste réitigh.

3.   Glacfar an cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo laistigh de cheithre mhí ón tráth a chuirfear isteach na bearta arna moladh ag an CPL chun deireadh a chur leis na baic ar inréititheacht dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

4.   Glacfar an cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo laistigh de cheithre mhí ón tráth a chuirfear an coláiste réitigh ar an eolas faoi na bearta malartacha dá dtagraítear in Airteagal 16(4).

5.   Beidh na cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 1 réasúnaithe agus cuirfidh an t-údarás réitigh fógra ina leith i scríbhinn chuig an CPL agus, i gcás ina measfaidh an t-údarás réitigh go bhfuil sé sin ábhartha, chuig a mháthairghnóthas.

6.   Féadfaidh ESMA, arna iarraidh sin ag údarás réitigh an CPL, cuidiú leis an gcoláiste réitigh cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7.   I gcás ina mainneoidh an coláiste réitigh, tar éis ceithre mhí ón dáta a tharchuirfear an tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 16(1), cinneadh comhpháirteach a ghlacadh, déanfaidh an t-údarás réitigh a chinneadh féin maidir leis na bearta iomchuí is gá a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 16(5). Déanfaidh an t-údarás réitigh a chinneadh tar éis dó tuairimí na gcomhaltaí eile den choláiste réitigh arna gcur in iúl le linn na tréimhse ceithre mhí a chur san áireamh.

Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra i scríbhinn faoin gcinneadh don CPL, dá mháthairghnóthas, i gcás inarb ábhartha, agus do chomhaltaí eile an choláiste réitigh.

8.   I gcás inarb amhlaidh, faoi dheireadh na tréimhse ceithre mhí dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, nach dtiocfar ar chinneadh comhpháirteach agus ina n-easaontóidh tromlach simplí de na comhaltaí a bhfuil vóta acu le togra an údaráis réitigh i leith cinneadh comhpháirteach maidir le hábhar dá dtagraítear i bpointe (j), (l) nó (o) d’Airteagal 16(7) den Rialachán seo, féadfaidh aon duine de na comhaltaí lena mbaineann a bhfuil vóta acu, ar bhonn an tromlaigh sin, an t-ábhar sin a chur faoi bhráid ESMA i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Fanfaidh údarás réitigh an CPL leis an gcinneadh arna dhéanamh ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus déanfaidh sé cinneadh i gcomhréir le cinneadh ESMA.

Measfar gurb é an tréimhse ceithre mhí an chéim idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Glacfaidh ESMA a chinneadh laistigh de mhí amháin ón dáta a chuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuige. Ní chuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuig ESMA má tá an tréimhse ceithre mhí thart nó má thángthas ar chinneadh comhpháirteach. Mura dtagann ESMA ar chinneadh laistigh d’aon mhí amháin, beidh feidhm ag cinneadh an údaráis réitigh.

TEIDEAL IV

LUATH-IDIRGHABHÁIL

Airteagal 18

Bearta luath-idirghabhála

1.   I gcás ina mbeidh CPL ag sárú, nó inar dócha go mbeidh sé ag sárú sula i bhfad, ceanglais chaipitil agus stuamachta Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó inar riosca é don chobhsaíocht airgeadais san Aontas nó i mBallstát amháin nó níos mó dá chuid, nó i gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil gur cosúil ar dhóigheanna eile go bhfuil géarchéim ag teacht chun cinn lena bhféadfaí difear a dhéanamh d’oibríochtaí an CPL, go háirithe an cumas atá aige seirbhísí imréitigh a sholáthar, féadfaidh an t-údarás inniúil na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

ceangal a chur ar an CPL an plean téarnaimh a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 9(6) den Rialachán seo, i gcás nach ionann na cúinsí ba shiocair leis an luath-idirghabháil a dhéanamh agus na toimhdí a leagadh amach sa phlean téarnaimh tosaigh;

(b)

ceangal a chur ar an CPL ceann amháin nó níos mó de na socruithe nó de na bearta a leagtar amach sa phlean téarnaimh a chur chun feidhme laistigh d’achar sonrach ama. I gcás ina dtabharfar an plean cothrom le dáta de bhun phointe (a), áireofar sna socruithe nó sna bearta sin aon socruithe nó bearta uasdátaithe;

(c)

ceangal a chur ar an CPL na cúiseanna atá leis an sárú nó leis an sárú dóchúil a luaitear i mír 1 a shainaithint agus clár gníomhaíochta a tharraingt suas, lena n-áirítear bearta agus tréimhsí ama iomchuí;

(d)

ceangal a chur ar an CPL cruinniú dá scairshealbhóirí a chomóradh nó, i gcás ina mainneoidh an CPL an ceanglas sin a chomhlíonadh, go ndéanfaidh na húdaráis inniúla an cruinniú sin a chomóradh. Sa dá chás, is é an t-údarás inniúil a shocróidh an clár, lena n-áirítear na cinntí a bheidh á meas lena nglacadh ag na scairshealbhóirí;

(e)

a cheangal go ndéanfar comhalta amháin nó níos mó den bhord nó bainisteoirí sinsearacha a chur as oifig nó daoine eile a chur ina n-ionad i gcás ina bhfaighfear aon duine de na daoine sin a bheith neamhinniúil ar a ndualgais a chomhlíonadh de bhun Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(f)

a cheangal go ndéanfar athruithe ar straitéis ghnó an CPL;

(g)

a cheangal go ndéanfar athruithe ar struchtúir dhlíthiúla nó oibríochtúla an CPL;

(h)

an fhaisnéis uile a sholáthar don údarás réitigh is gá le plean réitigh an CPL a thabhairt cothrom le dáta chun ullmhúchán a dhéanamh i gcomhair réiteach féideartha an CPL agus luacháil a shócmhainní agus a dhliteanas i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo, lena n-áirítear aon fhaisnéis a fhaightear trí chigireachtaí ar an láthair;

(i)

a cheangal go ndéanfar, i gcás inar gá sin agus i gcomhréir le mír 4, bearta téarnaimh an CPL a chur chun feidhme;

(j)

ceangal a chur ar an CPL staonadh ó bhearta téarnaimh áirithe a chur chun feidhme i gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil go bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith ag cur chun feidhme na mbeart sin ar chobhsaíocht airgeadais san Aontas nó i mBallstát amháin nó níos mó dá chuid;

(k)

ceangal a chur ar an CPL a acmhainní airgeadais a athshlánú go tráthúil chun a cheanglais chaipitil agus stuamachta a chomhlíonadh nó an comhlíonadh sin a choinneáil ar bun;

(l)

ceangal a chur ar an CPL ordú a thabhairt do chomhaltaí imréitigh cuireadh a thabhairt dá gcliaint páirt dhíreach a ghlacadh i gceantanna arna n-eagrú ag an CPL nuair a fhágann cineál an cheant go bhfuil údar leis an rannpháirtíocht eisceachtúil sin. Cuirfidh comhaltaí imréitigh a gcliaint ar an eolas go cuimsitheach faoin gceant de réir na dtreoracha a gheobhaidh siad ón CPL. Go háirithe, sonróidh an CPL an sprioc-am nach mbeifear in ann a bheith rannpháirteach sa cheant ina dhiaidh. Cuirfidh na cliaint an CPL ar an eolas go díreach, roimh an sprioc-am sin, má tá siad toilteanach a bheith rannpháirteach sa cheant. Ansin déanfaidh an CPL an próiseas tairisceana a éascú do na cliaint sin. Ní bheidh cliant údaraithe chun páirt a ghlacadh sa cheant ach amháin más féidir leis a léiriú don CPL go bhfuil an gaol conarthach iomchuí curtha ar bun aige le comhalta imréitigh chun na hidirbhearta a d’fhéadfadh teacht as an gceant a fhorghníomhú agus a imréiteach;

(m)

aon luach saothair ar chothromas agus ionstraimí a láimhseáiltear mar chothromas a shrianadh nó a thoirmeasc a mhéid is mó is féidir gan teagmhas mainneachtana a ghníomhachtú, lena n-áirítear íocaíochtaí díbhinne agus aischeannach á ndéanamh ag an CPL, agus féadfaidh sé aon íocaíochtaí a thabharfar mar luach saothair athraitheach mar a shainmhínítear i mbeartas luacha saothair an CPL de bhun Airteagal 26(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, sochair phinsin lánroghnacha nó pacáistí téarfa leis an lucht bainistíochta sinsearaí mar a shainmhínítear i bpointe 29 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a shrianadh, a thoirmeasc nó a chalcadh.

2.   I gcás gach birt díobh dá dtagraítear i mír 1, leagfaidh an t-údarás inniúil síos spriocdháta iomchuí agus déanfaidh sé meastóireacht ar éifeachtacht na mbeart sin a luaithe a bheidh siad curtha i gcrích.

3.   Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil na bearta dá bhforáiltear i bpointí (a) go (m) de mhír 1 a chur i bhfeidhm ach amháin tar éis dó tionchar na mbeart sin sna Ballstáit eile ina mbíonn an CPL ag feidhmiú nó ag soláthar seirbhísí a chur san áireamh agus tar éis na húdaráis inniúla ábhartha a chur ar an eolas faoi sin, go háirithe i gcás ina mbeidh oibríochtaí an CPL criticiúil nó tábhachtach do na margaí airgeadais áitiúla, lena n-áirítear na háiteanna ina bhfuil comhaltaí imréitigh, ionaid trádála nasctha agus BMAnna bunaithe.

4.   Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil an beart dá bhforáiltear i bpointe (i) de mhír 1 a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás inar chun leasa an phobail an beart sin agus inar gá é chun aon cheann de na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:

(a)

an chobhsaíocht airgeadais a choimeád san Aontas nó i mBallstát amháin nó níos mó dá chuid;

(b)

leanúnachas fheidhmeanna criticiúla an CPL agus rochtain ar na seirbhísí sin a choimeád ar bhonn trédhearcach neamh-idirdhealaitheach;

(c)

stóinseacht airgeadais an CPL a choimeád nó a athbhunú.

Ní chuirfidh an t-údarás inniúil an beart dá bhforáiltear i bpointe (i) de mhír 1 i bhfeidhm maidir le bearta a bhaineann le haistriú maoine, ceart nó dliteanas de chuid CPL eile.

5.   I gcás ina n-úsáidfidh CPL ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana na gcomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana i gcomhréir le hAirteagal 45(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, cuirfidh sé an t-údarás inniúil agus an t-údarás réitigh ar an eolas gan moill mhíchuí agus míneoidh sé ar léiriú é an teagmhas sin ar laigí nó fadhbanna de chuid an CPL sin.

6.   I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ESMA agus don údarás réitigh ina leith agus rachaidh sé i gcomhairle leis an gcoláiste maoirseachta i ndáil leis na bearta atá beartaithe dá bhforáiltear i mír 1.

Tar éis dó na fógraí sin a thabhairt agus dul i gcomhairle leis an gcoláiste maoirseachta, cinnfidh an t-údarás inniúil an gcuirfidh sé aon cheann de na bearta dá bhforáiltear i mír 1 i bhfeidhm. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don choláiste maoirseachta, don údarás réitigh agus do ESMA i leith an chinnidh faoi na bearta atá le déanamh.

7.   Tar éis dó fógra a fháil faoin gcéad fhomhír de mhír 6 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás réitigh ceangal a chur ar an CPL teagmháil a dhéanamh le ceannaitheoirí ionchasacha ionas gur féidir leis ullmhúchán a dhéanamh dá réiteach, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 41 agus na bhforálacha rúndachta a leagtar síos in Airteagal 73.

8.   Déanfaidh ESMA, faoin 12 Feabhra 2022 treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na dtruicear lena spreagtar úsáid na mbeart dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a chur chun cinn.

Airteagal 19

Lucht bainistíochta sinsearaí agus comhaltaí den bhord a chur as oifig

1.   I gcás ina mbeidh meath suntasach ar staid airgeadais CPL, nó i gcás ina mbeidh an CPL ag sárú na gceanglas dlíthiúil atá air, lena n-áirítear a rialacha oibríochta, agus i gcás nach leor na bearta eile a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 18 chun an meath sin a chur ina cheart, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go gcuirfear lucht na bainistíochta sinsearaí uile nó cuid díobh nó comhaltaí uile bhord an CPL, nó cuid díobh, as oifig.

I gcás ina gceanglóidh an t-údarás inniúil go gcuirfear lucht na bainistíochta sinsearaí uile nó comhaltaí uile bhord an CPL, nó cuid díobh, as oifig, tabharfaidh sé fógra do ESMA, don údarás réitigh agus don choláiste maoirseachta.

2.   Déanfar an bhainistíocht shinsearach nua nó an bord nua a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus déanfar sin faoi réir fhormheas nó thoiliú an údaráis inniúil. I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil nach leor é mar bheart an lucht bainistíochta sinsearaí nó an bord dá dtagraítear san Airteagal seo a ionadú, féadfaidh sé riarthóir sealadach amháin nó níos mó a cheapadh don CPL chun teacht in ionad bhord agus lucht bainistíochta sinsearaí an CPL nó chun bheith ag obair leo ar bhonn sealadach. Beidh na cáilíochtaí, an cumas agus an t-eolas is gá ag aon riarthóir sealadach chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh agus beidh sé nó sí saor ó aon choinbhleacht leasa.

Airteagal 20

Cúiteamh a chur ar fáil do chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana

1.   Gan dochar don fhreagracht atá ar chomhaltaí imréitigh caillteanais a sheasamh a théann níos faide ná an mhainneachtain i bhfoirm cascáide, i gcás ina mbeidh CPL atá faoi théarnamh mar gheall ar theagmhas neamh-mhainneachtana tar éis na socruithe agus na bearta a chur i bhfeidhm chun laghdú a dhéanamh ar luach aon ghnóthachan is iníoctha ag an CPL le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana mar a leagtar amach ina phlean téarnaimh, agus mar thoradh air sin nach bhfuil sé tar éis dul faoi réiteach, féadfaidh údarás inniúil an CPL ceangal a chur ar an CPL na comhaltaí imréitigh a chúiteamh as a gcaillteanas trí íocaíochtaí in airgead tirim nó, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé ceangal a chur ar an CPL ionstraimí a eisiúint lena n-aithnítear éileamh ar bhrabúis an CPL amach anseo. An fhéidearthacht ó thaobh cúiteamh a sholáthar do chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana, ní bheidh feidhm aici maidir lena gcaillteanais de bhun gealltanais chonarthacha i gcás na gcéimeanna bainistíochta mainneachtana nó athshlánaithe.

Na híocaíochtaí in airgead tirim nó luach na n-ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar bhrabúis an CPL amach anseo a eiseofar do gach comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana dá ndéanfar difear, beidh siad comhréireach lena gcaillteanas de bhreis ar a ngealltanais chonarthacha. Leis na hionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar bhrabúis an CPL amach anseo, beidh an sealbhóir i dteideal íocaíochtaí a fháil ón CPL ar bhonn bliantúil go dtí go ndéanfar an caillteanas a fhorchúiteamh, ina iomláine más féidir é, faoi réir líon uasta iomchuí blianta ó dháta na heisiúna. Má tá na comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana tar éis na caillteanais bhreise a chur ar aghaidh chuig a gcliaint, beidh sé d’oibleagáid ar na comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana na híocaíochtaí arna bhfáil ag an CPL a chur ar aghaidh chuig a gcliaint, a mhéid a eascraíonn as caillteanais atá á gcúiteamh bainteach le suíomhanna cliant. Déanfar sciar uasta iomchuí de bhrabúis bhliantúla an CPL a úsáid i leith íocaíochtaí a bhaineann leis na hionstraimí sin.

2.   Déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar an t-ord ina gcaithfear cúiteamh a íoc, an t-uaslíon iomchuí blianta agus an sciar uasta iomchuí de bhrabúis bhliantúla an CPL dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Feabhra 2022.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

TEIDEAL V

RÉITEACH

CAIBIDIL I

Cuspóirí, coinníollacha agus prionsabail ghinearálta

Airteagal 21

Cuspóirí réitigh

1.   Agus na huirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm ag an údarás réitigh agus na cumhachtaí réitigh á bhfeidhmiú aige, beidh aird aige ar na cuspóirí réitigh uile seo a leanas, arb ionann tábhacht atá acu, agus coimeádfaidh sé ar mheá chothrom iad de réir mar is iomchuí ag féachaint do chineál agus do chúinsí gach cáis:

(a)

leanúnachas a áirithiú i dtaca le feidhmeanna criticiúla an CPL, go háirithe:

(i)

oibleagáidí an CPL i leith a chomhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, a gcliant a shocrú go tráthúil;

(ii)

rochtain leanúnach a bheith ag comhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, a gcliaint ar urrúis nó cuntais airgid thirim arna soláthar ag an CPL agus ar chomhthaobhacht i bhfoirm sócmhainní airgeadais atá i seilbh an CPL;

(b)

leanúnachas na nasc sin leis na BMAnna a áirithiú, ar naisc iad a n-imreofaí tionchar diúltach ábhartha, dá ndéanfaí iad a shuaitheadh, ar an gcobhsaíocht airgeadais san Aontas nó i gceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, nó ar chur i gcrích tráthúil feidhmeanna íocaíochtaí, imréitigh, socraíochta agus coinneála taifead;

(c)

díobháil shuntasach don chóras airgeadais san Aontas nó i gceann amháin nó níos mó dá chuid Ballstát a sheachaint, go háirithe trí éifeacht ghabhála anáis airgeadais idir comhaltaí imréitigh an CPL, a gcliaint nó an córas airgeadais foriomlán, lena n-áirítear BMAnna eile, a chosc nó a mhaolú agus trí smacht an mhargaidh agus muinín an phobail a choimeád; agus

(d)

cistí poiblí a chosaint trí spleáchas ar an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách agus riosca ionchasach caillteanas do cháiníocóirí a íoslaghdú.

2.   Agus na cuspóirí a leagtar amach i mír 1 á saothrú aige, féachfaidh an t-údarás réitigh leis an gcostas réitigh a íoslaghdú do na geallsealbhóirí uile dá ndéantar difear agus le scriosadh luach an CPL a sheachaint, mura rud é gur gá an scriosadh sin chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

Airteagal 22

Coinníollacha maidir le réiteach

1.   Déanfaidh an t-údarás réitigh gníomhaíocht réitigh i ndáil le CPL ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil ag cliseadh ar an CPL nó ar dócha go gclisfear air, arna chinneadh sin ag aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

an t-údarás inniúil, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh;

(ii)

an t-údarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, i gcás ina mbeidh na huirlisí is gá ag an údarás réitigh chun teacht ar an tátal sin;

(b)

nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon bhearta malartacha ón earnáil phríobháideach, lena n-áirítear plean téarnaimh nó socruithe conarthacha eile an CPL, nó aon ghníomhaíocht mhaoirseachta, lena n-áirítear bearta luath-idirghabhála, go gcuirfidís cosc le cliseadh an CPL laistigh de thréimhse ama réasúnach, ag féachaint do na cúinsí ábhartha uile;

(c)

go bhfuil gá le gníomhaíocht réitigh ar mhaithe le leas an phobail chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh a bhaint amach, ach a bheith comhréireach leo, i gcás nár leor de bheart chun na cuspóirí réitigh sin a bhaint amach an oiread céanna an CPL a fhoirceannadh faoi ghnáthnósanna imeachta dócmhainneachta.

2.   Chun críocha phointe (a)(ii) de mhír 1, soláthróidh an t-údarás inniúil don údarás réitigh, ar a thionscnamh féin agus gan mhoill, aon fhaisnéis lena bhféadfaí léiriú a thabhairt go bhfuil ag cliseadh ar an CPL nó gur dócha go gclisfidh air. Soláthróidh an t-údarás inniúil freisin don údarás réitigh, arna iarraidh sin, aon fhaisnéis eile is gá chun a mheasúnú a dhéanamh.

3.   Chun críocha phointe (a) de mhír 1, measfar go bhfuil ag cliseadh ar an CPL nó gur dócha go gclisfear air i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na cúinsí seo:

(a)

go bhfuil na ceanglais údarúcháin atá ar CPL á sárú aige ar chaoi a thabharfadh údar cuí lena údarú a tharraingt siar de bhun Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó ar dócha go mbeidh siad á sárú ar an gcaoi sin aige;

(b)

nach bhfuil an CPL ábalta, nó ar dócha nach mbeidh sé ábalta, feidhm chriticiúil a fheidhmiú;

(c)

nach bhfuil an CPL ábalta, nó ar dócha nach mbeidh sé ábalta, a inmharthanacht a athbhunú trí chur chun feidhme a bheart téarnaimh;

(d)

nach bhfuil an CPL ábalta, nó ar dócha nach mbeidh sé ábalta, a fhiacha nó dliteanais eile a íoc a íoc de réir mar a bheidh siad dlite;

(e)

go bhfuil tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ag teastáil ón CPL.

4.   Chun críocha phointe (e) de mhír 3, ní mheasfar gur tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a bheidh i gceist le tacaíocht airgeadais phoiblí i gcás ina gcomhlíonfaidh sí na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

gurb é atá ann ráthaíocht Stáit chun tacaíocht a thabhairt do shaoráidí leachtachta arna gcur ar fáil ag banc ceannais i gcomhréir le coinníollacha an bhainc ceannais nó ráthaíocht Stáit maidir le dliteanais nua-eisithe;

(b)

go bhfuil gá leis na ráthaíochtaí Stáit dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas agus chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú; agus

(c)

go bhfuil na ráthaíochtaí Stáit dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo teoranta do CPLanna sócmhainneacha, faoi réir formheas críochnaitheach faoi chreat Státchabhrach an Aontais, go bhfuil siad de chineál réamhchúramach agus sealadach, go bhfuil siad comhréireach chun iarmhairtí an tsuaite thromchúisigh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo a leigheas agus nach n-úsáidtear iad chun caillteanais atá tabhaithe ag an CPL, nó ar dócha go dtabhóidh sé iad amach anseo, a chúiteamh.

5.   Féadfaidh an t-údarás réitigh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh freisin i gcás ina measfaidh sé go bhfuil bearta téarnaimh curtha i bhfeidhm ag an CPL nó go bhfuil sé ar intinn aige é sin a dhéanamh, ar bearta iad lena bhféadfaí cliseadh an CPL a chosc ach a mbeadh éifeachtaí díobhálacha suntasacha acu ar chóras airgeadais an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit.

6.   Eiseoidh ESMA treoirlínte chun cóineasú na gcleachtas maoirseachta agus réitigh a chur chun cinn a fhad a bhaineann le cur i bhfeidhm na gcúinsí faoina measfar go bhfuil ag cliseadh ar CPL nó ar dócha go gclisfidh air faoin 12 Feabhra 2022, agus aird aige, de réir mar is iomchuí, ar chineál agus castacht na seirbhísí arna soláthar ag na CPLanna atá bunaithe san Aontas.

Agus na treoirlínte sin á bhforbairt aige, cuirfidh ESMA san áireamh na treoirlínte arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 32(6) de Threoir 2014/59/AE.

Airteagal 23

Prionsabail ghinearálta a bhaineann le réiteach

1.   Déanfaidh an t-údarás réitigh na bearta ar fad is iomchuí chun na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 27 a chur i bhfeidhm agus chun na cumhachtaí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 48 a fheidhmiú i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)

go ndéanfar na hoibleagáidí conarthacha uile agus na socruithe eile uile i bplean téarnaimh an CPL a fhorfheidhmiú, sa mhéid nár ídíodh iad sula ndeachthas faoi réiteach, mura rud é go gcinnfidh an t-údarás réitigh gurb amhlaidh, chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach go tráthúil, gur níos iomchuí aon cheann nó an dá cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(i)

staonadh ó oibleagáidí conarthacha ar leith a fhorfheidhmiú faoi phlean téarnaimh an CPL ná diall ón bplean ar bhealach eile;

(ii)

uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm nó na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú.

(b)

gurb iad scairshealbhóirí an CPL faoi réiteach a iompróidh na chéad chaillteanais a bheidh ann de thoradh na n-oibleagáidí agus na socruithe uile dá dtagraítear i bpointe (a) a fhorfheidhmiú agus i gcomhréir leis an bpointe sin;

(c)

gurb iad creidiúnaithe an CPL faoi réiteach a iompróidh na caillteanais i ndiaidh na scairshealbhóirí i gcomhréir le hord tosaíochta a n-éileamh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, ach amháin má fhoráiltear dá mhalairt go sainráite sa Rialachán seo;

(d)

go gcaithfear ar bhealach cothromasach le creidiúnaithe an CPL ar den aicme chéanna iad;

(e)

nár cheart do scairshealbhóirí, comhaltaí imréitigh agus creidiúnaithe eile an CPL caillteanais a thabhú ar mó iad ná na caillteanais a bheadh tabhaithe acu sna cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 60;

(f)

go gcuirfear bord agus lucht bainistíochta sinsearaí in ionad bord agus lucht bainistíochta sinsearaí an CPL a bheidh faoi réiteach, seachas sna cásanna sin ina measfaidh an t-údarás réitigh é a bheith riachtanach an bord agus lucht bainistíochta sinsearaí a choinneáil, go hiomlán nó go páirteach, chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach;

(g)

go gcuirfidh na húdaráis réitigh ionadaithe na bhfostaithe ar an eolas agus go rachaidh siad i gcomhairle leo i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta, lena gcomhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta nó lena gcleachtas náisiúnta;

(h)

go gcuirfear uirlisí réitigh i bhfeidhm agus go bhfeidhmeofar cumhachtaí réitigh gan dochar do na forálacha maidir le hionadaíocht na bhfostaithe ar chomhlachtaí bainistíochta amhail dá bhforáiltear sna dlíthe náisiúnta, sna comhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta nó sa chleachtas náisiúnta; agus

(i)

i gcás inar cuid de ghrúpa é CPL, go gcuirfidh na húdaráis réitigh san áireamh an tionchar a bheidh aige sin ar ghrúpeintitis eile, go háirithe nuair a bheidh BMAnna eile sa ghrúpa sin, agus ar an ngrúpa ina iomláine.

2.   Féadfaidh na húdaráis réitigh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh a dhiallann ó na prionsabail a leagtar amach i bpointí (d) nó (e) de mhír 1 den Airteagal seo i gcás ina mbeidh údar leis ar mhaithe le leas an phobail d’fhonn na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus nuair is comhréireach é leis an riosca dá dtugtar aghaidh air. Mar sin féin, i gcás ina dtabhóidh scairshealbhóir, comhalta imréitigh nó aon chreidiúnaí eile caillteanais ar mó iad ná na caillteanais a bheadh tabhaithe aige sna cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 60 mar thoradh ar an diall sin, beidh feidhm ag an teidlíocht chun íocaíocht na difríochta faoi Airteagal 62.

3.   Soláthróidh bord agus lucht bainistíochta sinsearaí an CPL faoi réiteach don údarás réitigh an cúnamh go léir is gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

CAIBIDIL II

Luacháil

Airteagal 24

Cuspóirí na luachála

1.   I dtaca le gníomhaíochtaí réitigh a bheidh le déanamh, áiritheoidh na húdaráis réitigh gur ar bhonn luacháil lena n-áiritheofar measúnú cothrom, stuama agus réadúil ar shócmhainní, ar dhliteanais, ar chearta agus ar oibleagáidí an CPL a dhéanfar iad.

2.   Sula gcuirfidh an t-údarás réitigh CPL faoi réiteach, áiritheoidh sé go ndéanfar luacháil tosaigh chun a chinneadh ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le réiteach faoi Airteagal 22(1).

3.   Tar éis don údarás réitigh cinneadh a dhéanamh CPL a chur faoi réiteach áiritheoidh sé go ndéanfar an dara luacháil chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

a bheith mar fhaisnéis le haghaidh an chinnidh faoin ngníomhaíocht réitigh iomchuí atá le déanamh;

(b)

a áirithiú go n-aithneofar go hiomlán aon chaillteanais ar shócmhainní agus ar chearta an CPL tráth a chuirfear na huirlisí réitigh i bhfeidhm;

(c)

a bheith mar fhaisnéis le haghaidh an chinnidh faoi mhéid an chealaithe nó an chaolaithe i dtaca le hionstraimí úinéireachta, agus le haghaidh an chinnidh faoi luach agus líon na n-ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint nó arna n-aistriú de thoradh fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh;

(d)

a bheith mar fhaisnéis le haghaidh an chinnidh faoi mhéid na díluachála nó an chomhshó i dtaca le haon dliteanais neamhurraithe, lena n-áirítear ionstraimí fiachais;

(e)

i gcás ina gcuirtear na huirlisí leithdháilte caillteanais agus suíomhanna i bhfeidhm, a bheith mar fhaisnéis le haghaidh an chinnidh faoi mhéid na gcaillteanas a bheidh le cur i bhfeidhm in aghaidh éilimh na gcreidiúnaithe dá ndéantar difear, a n-oibleagáidí gan íoc nó a suíomhanna i ndáil leis an CPL, faoi mhéid an ghlao ar airgead tirim i gcomhair réitigh agus faoin ngá atá leis an nglao sin;

(f)

i gcás ina gcuirtear an uirlis CPL idirlinne i bhfeidhm, a bheith mar fhaisnéis le haghaidh an chinnidh faoi na sócmhainní, na dliteanais, na cearta agus na hoibleagáidí nó na hionstraimí úinéireachta a fhéadfar a aistriú chuig an CPL idirlinne agus le haghaidh an chinnidh faoi luach aon chomaoine a fhéadfar a íoc leis an CPL faoi réiteach nó, i gcás inarb ábhartha, le húinéirí na n-ionstraimí úinéireachta;

(g)

i gcás ina gcuirtear an uirlis díolacháin ghnó i bhfeidhm, a bheith mar fhaisnéis le haghaidh an chinnidh faoi na sócmhainní, na cearta agus na dliteanais nó na hionstraimí úinéireachta a fhéadfar a aistriú chuig an tríú páirtí is ceannaitheoir agus a bheith mar fhaisnéis le haghaidh thuiscint an údaráis réitigh ar a bhfuil i gceist le téarmaí tráchtála chun críocha Airteagal 40.

Chun críocha phointe (d), cuirfear san áireamh sa luacháil aon chaillteanais a dhéanfaí a iompar ach na hoibleagáidí gan íoc atá ar na comhaltaí imréitigh nó ar thriú páirtithe eile agus atá dlite don CPL a fhorfheidhmiú agus cuirfear san áireamh leibhéal an chomhshó atá le cur i bhfeidhm ar na hionstraimí fiachais.

4.   Ní fhéadfaidh na luachálacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a bheith faoi réir achomharc i gcomhréir le hAirteagal 74 ach amháin in éineacht leis an gcinneadh faoi uirlis réitigh a chur i bhfeidhm nó faoi chumhacht réitigh a fheidhmiú.

Airteagal 25

Ceanglais maidir le luacháil

1.   Maidir leis na luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 24, áiritheoidh an t-údarás réitigh:

(a)

go ndéanfaidh duine atá neamhspleách ar aon údarás poiblí agus ar an CPL iad; nó

(b)

go ndéanfaidh an t-údarás réitigh iad, i gcás nach féidir le duine dá dtagraítear i bpointe (a) iad a dhéanamh.

2.   Measfar na luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 24 a bheith cinntitheach i gcás ina ndéanfaidh duine dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo iad agus ina gcomhlíonfar na ceanglais uile a leagtar síos san Airteagal seo.

3.   Gan dochar do chreat Státchabhrach an Aontais, i gcás inarb infheidhme, beidh luacháil chinntitheach bunaithe ar thoimhdí stuama agus ní thoimhdeofar sa luacháil aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a d’fhéadfadh a bheith ann, aon chúnamh leachtachta éigeandála ó bhanc ceannais, nó aon chúnamh leachtachta ó bhanc ceannais a sholáthraítear faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, le haibíocht agus le hús do CPL ón tráth a dhéanfar gníomhaíocht réitigh. Lena chois sin, cuirfear san áireamh sa luacháil gnóthú aon speansas réasúnach a thabhóidh an CPL faoi réiteach i gcomhréir le hAirteagal 27(10).

4.   Forlíonfar luacháil chinntitheach leis an bhfaisnéis seo a leanas arna sealbhú ag an CPL:

(a)

clár comhardaithe atá cothrom le dáta agus tuarascáil ar staid airgeadais an CPL, lena n-áirítear acmhainní réamh-mhaoinithe eile atá ar fáil agus ceangaltais airgeadais atá gan íoc;

(b)

taifid na gconarthaí imréitithe dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; agus

(c)

aon fhaisnéis faoin margadh agus faoi luachanna cuntasaíochta a shócmhainní, dliteanas agus suíomhanna, lena n-áirítear éilimh ábhartha agus oibleagáidí atá gan íoc agus atá dlite don CPL nó atá ag dul dó.

5.   Tabharfar le fios i luacháil chinntitheach foroinnt na gcreidiúnaithe in aicmí i gcomhréir lena leibhéal tosaíochta faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme. Áireofar sa luacháil chomh maith meastachán ar an gcaoi a mbeifí ag súil go ndéanfaí gach aicme scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a láimhseáil agus an prionsabal a shonraítear i bpointe (e) d’Airteagal 23(1) á chur i bhfeidhm.

Ní dhéanfaidh an meastachán dá dtagraítear sa chéad fhomhír dochar don luacháil dá dtagraítear in Airteagal 61.

6.   Agus na caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 36(14) agus (15) de Threoir 2014/59/AE agus arna nglacadh de bhun Airteagal 36(16) de á gcur san áireamh, déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun go sonrófar:

(a)

na cúinsí ina measfar go bhfuil duine neamhspleách ar an údarás réitigh agus ar an CPL araon chun críocha mhír 1 den Airteagal seo;

(b)

an mhodheolaíocht a úsáidfear chun measúnú a dhéanamh ar luach shócmhainní agus dhliteanais an CPL; agus

(c)

an chaoi a ndéanfar na luachálacha a scaradh faoi Airteagail 24 agus 61 den Rialachán seo.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Feabhra 2022.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 26

Luacháil shealadach

1.   Measfar gur luachálacha sealadacha iad na luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 24 nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25(2).

Áireofar sna luachálacha sealadacha maolán i leith caillteanas breise mar aon le húdar iomchuí leis an maolán sin.

2.   I gcás ina ndéanfaidh údaráis réitigh gníomhaíocht réitigh ar bhonn luacháil shealadach, áiritheoidh siad go ndéanfar luacháil chinntitheach a luaithe is indéanta.

Maidir leis an luacháil chinntitheach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh an t-údarás réitigh:

(a)

gur féidir aitheantas iomlán a thabhairt d’aon chaillteanais de chuid an CPL ina leabhair;

(b)

go mbeidh sí ina faisnéis le haghaidh chinneadh éilimh ó chreidiúnaithe a aisiompú nó luach na comaoine íoctha a mhéadú, i gcomhréir le mír 3.

3.   I gcás ina mbeidh meastachán na luachála cinntithí ar ghlanluach sócmhainní an CPL níos airde ná meastachán na luachála sealadaí ar ghlanluach sócmhainní an CPL, féadfaidh an t-údarás réitigh:

(a)

an luach atá ar éilimh na gcreidiúnaithe dá ndéantar difear agus a bhfuil díluacháil nó athstruchtúrú déanta orthu a mhéadú;

(b)

ceangal a chur ar CPL idirlinne íocaíocht bhreise comaoine i ndáil leis na sócmhainní, na dliteanais, na cearta agus na hoibleagáidí a dhéanamh leis an CPL faoi réiteach nó, de réir mar a bheidh, i ndáil leis na hionstraimí úinéireachta, an íocaíocht a dhéanamh le húinéirí na n-ionstraimí sin.

4.   Agus na caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 36(15) de Threoir 2014/59/AE á gcur san áireamh agus arna nglacadh de bhun Airteagal 36(16) de, déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun go sonrófar, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, an mhodheolaíocht a úsáidfear chun an maolán maidir le caillteanais bhreise atá le háireamh i luachálacha sealadacha a ríomh.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Feabhra 2022.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL III

Uirlisí réitigh

Roinn 1

Prionsabail ghinearálta

Airteagal 27

Forálacha ginearálta maidir le huirlisí réitigh

1.   Déanfaidh údaráis réitigh gníomhaíochtaí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 21 trí aon cheann de na huirlisí réitigh seo a leanas a chur i bhfeidhm ina n-aonar nó i gcomhcheangal ar bith:

(a)

an uirlis leithdháilte suíomhanna agus an uirlis leithdháilte caillteanais;

(b)

an uirlis díluachála agus chomhshó;

(c)

an uirlis díola gnó;

(d)

an uirlis CPL idirlinne.

2.   I gcás géarchéim shistéamach, féadfaidh Ballstát, mar rogha dheireanach, tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a sholáthar freisin trí úsáid uirlisí cobhsaíochta rialtais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 45, 46 agus 47 ar choinníoll go bhfaighfear formheas roimh ré agus formheas críochnaitheach faoi chreat Státchabhrach an Aontais agus i gcás ina ndéanfar foráil maidir le socruithe inchreidte chun cistí a aisghabháil go tráthúil cuimsitheach i gcomhréir le mír 10 den Airteagal seo.

3.   Sula gcuirfear na huirlisí dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm, déanfaidh an t-údarás réitigh na nithe seo a leanas a fhorfheidhmiú:

(a)

aon chearta atá ann cheana agus atá gan chomhlíonadh de chuid an CPL, lena n-áirítear oibleagáidí conarthacha ar chomhaltaí imréitigh glaonna ar airgead tirim i gcomhair téarnaimh a shásamh, acmhainní breise a sholáthar don CPL, nó suíomhanna comhaltaí imréitigh mainneachtana a ghlacadh, bíodh sé trí cheant nó trí mhodh comhaontaithe eile i rialacha oibríochta an CPL;

(b)

aon oibleagáid chonarthach atá ann cheana agus atá gan íoc a chuirfidh ceangal ar pháirtithe cé is moite de chomhaltaí imréitigh aon chineál tacaíochta airgeadais a sholáthar.

Féadfaidh an t-údarás réitigh na hoibleagáidí conarthacha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a fhorfheidhmiú i bpáirt i gcás nach féidir na hoibleagáidí conarthacha sin a fhorfheidhmiú ina n-iomláine laistigh d’achar réasúnta ama.

4.   De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an t-údarás réitigh gan na hoibleagáidí ábhartha atá ann cheana agus atá gan íoc a fhorfheidhmiú i bpáirt nó ina n-iomláine chun éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcóras airgeadais nó éifeacht ghabhála fhorleathan a sheachaint, nó i gcás inarb iomchuí na huirlisí dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm chun cuspóirí réitigh a bhaint amach in am trátha.

5.   I gcás nach ndéanfaidh an t-údarás réitigh, go páirteach nó go hiomlán, na hoibleagáidí atá ann cheana agus atá gan íoc a fhorfheidhmiú mar a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 3 nó i mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás réitigh na hoibleagáidí atá fós ann a fhorfheidhmiú laistigh de 18 mí tar éis a mheas go bhfuil ag cliseadh ar an CPL nó gur dócha go gclisfidh air i gcomhréir le hAirteagal 22, ar choinníoll nach ann a thuilleadh do na cúiseanna atá le staonadh ó na hoibleagáidí sin a fhorfheidhmiú. Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra don chomhalta imréitigh agus don pháirtí eile trí mhí go sé mhí sula ndéanfaidh sé an oibleagáid atá fós ann a fhorfheidhmiú. Úsáidfear na fáltais ó na hoibleagáidí atá fágtha arna bhforfheidhmiú chun úsáid cistí poiblí a aisghabháil.

Tar éis dó dul i gcomhairle le húdaráis inniúla agus le húdaráis réitigh na gcomhaltaí imréitigh dá ndéantar difear agus le haon pháirtithe eile atá faoi ghealltanas de bharr oibleagáidí atá ann cheana agus atá gan íoc, cinnfidh an t-údarás réitigh an ann a thuilleadh do na cúiseanna le staonadh ó na hoibleagáidí, atá ann cheana agus atá gan íoc, a fhorfheidhmiú agus an ndéanfar oibleagáidí atá fágtha a fhorfheidhmiú. I gcás ina ndiallfaidh an t-údarás réitigh ó thuairimí na n-údarás a ndeachthas i gcomhairle leo, tabharfaidh sé, i scríbhinn, cúiseanna a bhfuil údar cuí leo leis an méid sin a dhéanamh.

Déanfar an ceanglas na hoibleagáidí atá fágtha a chomhlíonadh, sna cúinsí dá dtagraítear sa mhír seo, a áireamh i rialacha agus i socruithe conarthacha eile an CPL.

6.   Féadfaidh an t-údarás réitigh a cheangal ar an CPL comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a chúiteamh i leith a gcaillteanas a eascraíonn ó uirlisí leithdháilte caillteanais a chur i bhfeidhm, i gcás inar mó na caillteanais sin ná na caillteanais a thabhódh an comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana faoina oibleagáidí faoi rialacha oibríochta an CPL, ar choinníoll go mbeadh an comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana i dteideal íocaíocht na difríochta dá dtagraítear in Airteagal 62.

Féadfaidh an cúiteamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith i bhfoirm ionstraimí úinéireachta, ionstraimí fiachais nó ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar bhrabúis an CPL amach anseo.

Beidh méid na n-ionstraimí a eiseofar chuig gach comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana dá ndéantar difear comhréireach leis an gcaillteanas breise dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Cuirfear san áireamh leis aon oibleagáidí conarthacha de chuid na gcomhaltaí imréitigh i leith an CPL atá gan íoc agus bainfear í as aon teidlíocht chun íocaíocht na difríochta dá dtagraítear in Airteagal 62.

Beidh méid na n-ionstraimí bunaithe ar an luacháil arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(3).

7.   I gcás ina gcuirfear ceann amháin de na huirlisí cobhsaíochta rialtais i bhfeidhm, feidhmeoidh an t-údarás réitigh an chumhacht chun ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a dhíluacháil agus a chomhshó sula gcuirfear an uirlis cobhsaíochta rialtais i bhfeidhm nó go comhuaineach lena cur i bhfeidhm.

I gcás ina mbeidh caillteanais airgeadais le seasamh ag comhaltaí imréitigh de thoradh uirlis réitigh seachas an uirlis díluachála agus chomhshó a úsáid, feidhmeoidh an t-údarás réitigh an chumhacht chun ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a dhíluacháil agus a chomhshó díreach sula gcuirfear an uirlis réitigh i bhfeidhm nó go comhuaineach lena chur i bhfeidhm, mura rud é go bhfágfadh cur i bhfeidhm oird eile go ndéanfaí íoslaghdú ar an diall ón bprionsabal “gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as” a leagtar amach in Airteagal 60, agus gurbh fhearr a bhainfí amach na cuspóirí réitigh.

8.   I gcás nach gcuirfear i bhfeidhm ach na huirlisí réitigh dá dtagraítear i bpointí (c) agus pointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo, agus nach n-aistreofar ach cuid de shócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais an CPL faoi réiteach i gcomhréir le hAirteagail 40 agus 42, déanfar an chuid iarmharach den CPL sin a fhoirceannadh i gcomhréir le gnáthimeachtaí dócmhainneachta.

9.   Ní bheidh feidhm ag rialacha an dlí dócmhainneachta náisiúnta i dtaca le hin-neamhnitheacht nó neamh-infhorfheidhmitheacht gníomhartha dlí a dhéanfadh díobháil do chreidiúnaithe, ní bheidh feidhm acu maidir le haistrithe sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanas ó CPL arb ina leith a chuirtear uirlisí réitigh nó uirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais i bhfeidhm.

10.   Déanfaidh na Ballstáit, thar tréimhse iomchuí ama, aon chistí poiblí arna n-úsáid mar uirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais dá dtagraítear i Roinn 7 den Chaibidil seo a aisghabháil agus déanfaidh na húdaráis réitigh, aon speansais réasúnacha arna dtabhú acu i dtaca le cur i bhfeidhm na n-uirlisí nó na cumhachtaí réitigh a aisghabháil, mar chreidiúnaí fabhraithe. Is uathu seo a leanas, inter alia, a thiocfaidh an aisghabháil sin:

(a)

CPL faoi réiteach lena n-áirítear aon cheann dá éilimh in aghaidh comhaltaí imréitigh mainneachtana;

(b)

aon chomaoin arna íoc ag an gceannaitheoir leis an CPL, mar chreidiúnaí fabhraithe sara ndéantar Airteagal 40(4) a chur i bhfeidhm, i gcás inar cuireadh an uirlis díolta gnó i bhfeidhm;

(c)

aon fháltais a ghintear de thoradh fhoirceannadh an CPL idirlinne, mar chreidiúnaí fabhraithe, sara ndéantar Airteagal 42(5) a chur i bhfeidhm;

(d)

aon fháltais a ghintear de thoradh an uirlis tacaíochta cothromaispoiblí dá dtagraítear in Airteagal 46 agus an uirlis úinéireachta poiblí sealadaí dá dtagraítear in Airteagal 47 a bheith curtha i bhfeidhm, lena n-áirítear na fáltais a ghintear de thoradh a ndíola.

11.   Agus na huirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm, áiritheoidh na húdaráis réitigh, ar bhonn luacháil a chomhlíonann Airteagal 25, athbhunú leabhair chomhoiriúnaithe, leithdháileadh iomlán na gcaillteanas, athshlánú acmhainní réamh-mhaoinithe an CPL nó an CPL idirlinne, agus athchaipitliú an CPL nó an CPL idirlinne.

Áiritheoidh na húdaráis réitigh go ndéanfar na hacmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú agus an CPL nó an CPL idirlinne a athchaipitliú, mar a thagraítear dó sa chéad fhomhír, a mhéid is leor chun cumas an CPL nó an CPL idirlinne a athbhunú i dtaobh chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdarú agus chun leanúint d’fheidhmeanna criticiúla an CPL nó an CPL idirlinne a dhéanamh, agus rialacha oibríochta an CPL nó an CPL idirlinne á gcur san áireamh.

D’ainneoin uirlisí réitigh eile a chur i bhfeidhm, féadfaidh na húdaráis réitigh na huirlisí dá dtagraítear in Airteagail 30 agus 31 a chur i bhfeidhm chun an CPL a athchaipitliú.

Roinn 2

Uirlisí leithdháilte suíomhanna agus leithdháilte caillteanais

Airteagal 28

Cuspóir agus raon feidhme na n-uirlisí leithdháilte suíomhanna agus caillteanais

1.   Cuirfidh údaráis réitigh an uirlis leithdháilte suíomhanna i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 29 agus cuirfidh siad na huirlisí leithdháilte caillteanais i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 30 agus 31.

2.   Cuirfidh na húdaráis réitigh na huirlisí dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm i leith na gconarthaí a bhaineann le seirbhísí imréitigh agus leis an gcomhthaobhacht a bhaineann leis na seirbhísí sin arna breacadh go dtí an CPL.

3.   Cuirfidh údaráis réitigh an uirlis leithdháilte suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 29 i bhfeidhm chun leabhar an CPL nó, i gcás inarb ábhartha, an CPL idirlinne a ath-chomhoiriúnú.

Cuirfidh údaráis réitigh na huirlisí leithdháilte caillteanais dá dtagraítear in Airteagail 30 agus 31 i bhfeidhm chun críocha aon cheann de na cuspóirí seo a leanas:

(a)

chun caillteanais an CPL arna measúnú i gcomhréir le hAirteagal 25 a chumhdach;

(b)

chun cur ar chumas an CPL an athuair oibleagáidí íocaíochta a chomhlíonadh de réir mar a bheidh siad dlite;

(c)

chun an toradh dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) maidir le CPL idirlinne a bhaint amach;

(d)

chun tacú le haistriú ghnó an CPL chuig tríú páirtí sócmhainneach trí uirlis díola gnó.

Féadfaidh na húdaráis réitigh an uirlis leithdháilte caillteanais dá dtagraítear in Airteagal 30 a chur i bhfeidhm i ndáil le caillteanais a eascraíonn as teagmhas mainneachtana agus i ndáil le caillteanais a eascraíonn as teagmhas neamh-mhainneachtana. Má chuirtear an uirlis leithdháilte caillteanais dá dtagraítear in Airteagal 30 i bhfeidhm i ndáil le caillteanais a eascraíonn as teagmhas neamh-mhainneachtana, ní chuirfear I bhfeidhm í ach suas le méid carnach atá coibhéiseach le ranníocaíocht na gcomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana le cistí mainneachtana an CPL, a dháilfear i measc comhaltaí imréitigh i gcomhréir lena ranníocaíochtaí leis na cistí mainneachtana.

4.   Ní chuirfidh na húdaráis réitigh na huirlisí leithdháilte caillteanais dá dtagraítear in Airteagail 30 agus 31 den Rialachán seo i bhfeidhm maidir leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagail 1(4) agus 1(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Airteagal 29

Foirceannadh conarthaí – i bpáirt nó go hiomlán

1.   Féadfaidh an t-údarás réitigh roinnt de chonarthaí seo a leanas an CPL atá faoi réiteach, nó iad ar fad, a fhoirceannadh:

(a)

na conarthaí leis an gcomhalta imréitigh ar mainneachtain;

(b)

conarthaí na seirbhíse imréitigh nó na haicme sócmhainní dá ndéantar difear;

(c)

conarthaí eile an CPL atá faoi réiteach.

Ní dhéanfaidh an t-údarás réitigh na conarthaí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo a fhoirceannadh ach amháin i gcás nach ndearnadh aistriú na sócmhainní agus na suíomhanna de thoradh na gconarthaí sin de réir bhrí Airteagal 48(5) agus (6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Agus an chumhacht faoin gcéad fhomhír á úsáid aige, déanfaidh an t-údarás réitigh conarthaí dá dtagraítear faoi gach ceann de phointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír a fhoirceannadh ar bhealach comhchosúil, gan idirdhealú a dhéanamh idir contrapháirtithe na gconarthaí sin, cé is moite de na hoibleagáidí conarthacha sin nach féidir a fhorfheidhmiú laistigh de thréimhse ama réasúnach.

2.   Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra do na comhaltaí imréitigh ábhartha uile faoin dáta ar a ndéantar aon chonradh dá dtagraítear i mír 1 a fhoirceannadh.

3.   Sula ndéanfar aon chonarthaí dá dtagraítear i mír 1 a fhoirceannadh, glacfaidh an t-údarás réitigh na céimeanna seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé ceangal ar an CPL faoi réiteach gach conradh a luacháil agus iarmhéideanna cuntais gach comhalta imréitigh a nuashonrú;

(b)

cinnfidh sé an ghlansuim atá iníoctha ag gach comhalta imréitigh nó atá iníoctha leis, ag cur san áireamh aon chorrlach athrúcháin atá dlite ach atá gan íoc, lena n-áirítear corrlach athrúcháin atá dlite de thoradh na luachálacha conartha dá dtagraítear i bpointe (a); agus

(c)

cuirfidh sé na glansuimeanna cinnte in iúl do gach comhalta imréitigh agus cuirfidh sé ceangal ar an CPL iad a íoc nó a bhailiú dá réir.

Déanfaidh na comhaltaí imréitigh, gan moill mhíchuí, cur i bhfeidhm na huirlise sin a chur in iúl dá gcliaint, chomh maith leis an mbealach a ndéanann an cur i bhfeidhm sin difear dóibh.

4.   Bunófar an luacháil dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3, a mhéid is féidir, ar phraghas cothrom margaidh arna chinneadh ar bhonn rialacha agus socruithe dílse an CPL mura rud é go measfaidh an t-údarás réitigh gur gá modh praghas-aimsithe iomchuí eile a úsáid.

5.   I gcás nach mbeidh comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana ábalta an ghlanshuim a chinntear i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo a íoc, féadfaidh an t-údarás imréitigh, ag féachaint d’Airteagal 21 den Rialachán seo, ceangal a chur ar an CPL an comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana a chur ar mainneachtain agus úsáid a bhaint as a chorrlach tosaigh agus a ranníocaíocht i leith an chiste mainneachtana i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

6.   I gcás ina mbeidh conradh amháin nó níos mó de na cineálacha conartha dá dtagraítear i mír 1 foirceanta ag údarás réitigh, cuirfidh an t-údarás réitigh cosc sealadach ar an CPL imréiteach a dhéanamh ar aon chonradh nua den chineál céanna leis an gconradh a foirceannadh.

Ní fhéadfaidh an t-údarás réitigh cead a thabhairt don CPL tosú ar imréiteach na gcineálacha conartha sin an athuair ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

comhlíonann an CPL ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; agus

(b)

eisíonn agus foilsíonn an t-údarás réitigh fógra chuige sin trí úsáid a bhaint as na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 72(3).

7.   Déanfaidh ESMA, faoin 12 Feabhra 2022, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena sonrófar a thuilleadh an mhodheolaíocht a úsáidfidh an t-údarás réitigh chun an luacháil dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo a chinneadh.

Airteagal 30

Laghdú ar luach aon ghnóthachan is iníoctha ag an CPL le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana

1.   Féadfaidh an t-údarás réitigh méid oibleagáidí íocaíochta an CPL le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a laghdú i gcás ina dtiocfaidh na hoibleagáidí sin ó ghnóthachain atá dlite i gcomhréir le próisis an CPL chun corrlach athrúcháin a íoc nó íocaíocht a bhfuil an éifeacht eacnamaíoch chéanna léi a dhéanamh.

2.   Ríomhfaidh an t-údarás réitigh aon laghdú ar oibleagáidí íocaíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo trí úsáid a bhaint as sásra leithdháileacháin cothromasach a chinntear sa luacháil arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(3) agus a chuirtear in iúl do na comhaltaí imréitigh a luaithe agus a chuirtear an uirlis réitigh i bhfeidhm. Déanfaidh na comhaltaí imréitigh, gan moill mhíchuí, cur i bhfeidhm na huirlise sin a chur in iúl dá gcliaint, chomh maith leis an mbealach a ndéanann an cur i bhfeidhm sin difear dóibh. Na gnóthachain ghlana iomlána atá le laghdú i gcomhair gach comhalta imréitigh, beidh siad i gcomhréir leis na méideanna atá dlite ón CPL.

3.   Beidh feidhm ag an laghdú i luach na ngnóthachan atá iníoctha agus beidh sé ina cheangal láithreach ar an CPL agus ar chomhaltaí imréitigh dá ndéantar difear ón uair a dhéanfaidh an t-údarás réitigh gníomhaíocht réitigh.

4.   Ní bheidh aon éileamh ag comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana in aon imeachtaí ina dhiaidh sin in aghaidh an CPL, nó in aghaidh an eintitis a thiocfaidh i gcomharbas air, a thiocfaidh as an laghdú ar oibleagáidí íocaíochta dá dtagraítear i mír 1.

Ní fhágfaidh an chéad fhomhír den mhír seo go gcoscfar ar údaráis réitigh a cheangal ar an CPL comhaltaí imréitigh a chúiteamh, i gcás ina bhfaighfear amach go sáraíonn leibhéal an laghdaithe atá bunaithe ar an luacháil shealadach dá dtagraítear in Airteagal 26(1) leibhéal an laghdaithe is gá bunaithe ar an luacháil chinntitheach dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

5.   I gcás nach laghdóidh an t-údarás réitigh luach na ngnóthachan atá iníoctha ach i bpáirt, leanfaidh an méid iarmharach is iníoctha atá gan íoc de bheith dlite don chomhalta imréitigh neamh-mhainneachtana.

6.   Áireoidh an CPL ina rialacha oibríochtúla tagairt don chumhacht chun na hoibleagáidí íocaíochta dá dtagraítear i mír 1 a laghdú sa bhreis ar aon socruithe comhchosúla dá bhforáiltear sna rialacha oibríochta sin ag céim an téarnaimh agus áiritheoidh sé go dtabharfar socruithe conarthacha i gcrích ionas go mbeidh an t-údarás réitigh in ann a chumhachtaí a fheidhmiú faoin Airteagal seo.

Airteagal 31

Glao ar airgead tirim i gcomhair réitigh

1.   Féadfaidh an t-údarás réitigh a cheangal ar chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana ranníocaíocht in airgead tirim a dhéanamh leis an CPL suas le dhá oiread an méid is ionann agus a ranníocaíocht le ciste mainneachtana an CPL. An oibleagáid sin chun ranníocaíocht a dhéanamh in airgead tirim, áireofar í i rialacha agus socruithe conarthacha eile an CPL freisin mar ghlao ar airgead tirim i gcomhair réitigh arna choinneáil don údarás réitigh atá i mbun gníomhaíocht réitigh a dhéanamh. I gcás ina nglaofaidh an t-údarás réitigh ar mhéid de bhreis ar an ranníocaíocht leis an gciste mainneachtana, déanfaidh sé amhlaidh tar éis measúnú a dhéanamh ar thionchar na huirlise sin ar chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana agus ar chobhsaíocht airgeadais na mBallstát, i gcomhar le húdaráis réitigh comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana.

I gcás ina n-oibríonn an CPL ilchistí mainneachtana, agus ina gcuirtear an uirlis i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar theagmhas mainneachtana, comhfhreagróidh méid na ranníocaíochta in airgead tirim dá dtagraítear sa chéad fhomhír do ranníocaíocht an chomhalta imréitigh le ciste mainneachtana na seirbhíse imréitigh nó na haicme sócmhainní dá ndéantar difear.

I gcás ina n-oibríonn an CPL ilchistí mainneachtana, agus ina gcuirtear an uirlis i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar theagmhas neamh-mhainneachtana, comhfhreagróidh méid na ranníocaíochta in airgead tirim dá dtagraítear sa chéad fhomhír do shuim ranníocaíochtaí an chomhalta imréitigh le cistí mainneachtana uile an CPL.

Féadfaidh an t-údarás an glao ar airgead tirim i gcomhair réitigh a fheidhmiú, bíodh triail bainte as na hoibleagáidí conarthacha uile lena n-éilítear ranníocaíochtaí airgid thirim ó chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana nó ná bíodh.

Cinnfidh an t-údarás réitigh méid ranníocaíochta airgid thirim gach comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana i gcomhréir lena ranníocaíocht leis an gciste mainneachtana suas go dtí an teorainn dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Féadfaidh an t-údarás réitigh a cheangal ar an CPL comhaltaí imréitigh a chúiteamh i leith mhéid an bharrachais a d’fhéadfadh a bheith i nglao ar airgead tirim i gcomhair réitigh, i gcás ina bhfaighfear amach go sáraíonn leibhéal an ghlao ar airgead tirim i gcomhair réitigh arna chur i bhfeidhm atá bunaithe ar luacháil shealadach de réir Airteagal 26(1) an leibhéal is gá bunaithe ar an luacháil chinntitheach dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

2.   Mura n-íocann comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana an méid a cheanglaítear, féadfaidh an t-údarás réitigh ceangal a chur ar an CPL an comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana sin a chur ar mainneachtain agus úsáid a bhaint as a chorrlach tosaigh agus a ranníocaíocht i leith chiste mainneachtana i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 suas go dtí an méid a cheanglaítear.

Roinn 3

Ionstraimí úinéireachta nó ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a dhíluacháil agus a chomhshó

Airteagal 32

Ceanglas maidir le hionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a dhíluacháil agus a chomhshó

1.   Cuirfidh an t-údarás réitigh an uirlis díluachála agus chomhshó i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 33 i ndáil le hionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag an CPL faoi réiteach nó dliteanais neamhurraithe eile chun caillteanais a iompar, chun an CPL sin nó CPL idirlinne a athchaipitliú, nó chun tacú le cur i bhfeidhm na huirlise díola gnó.

2.   Bunaithe ar an luacháil a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 24(3), cinnfidh an t-údarás réitigh na nithe seo a leanas:

(a)

an méid ar dá réir nach mór ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a dhíluacháil ag cur san áireamh aon chaillteanais atá le hiompar trí aon oibleagáidí de chuid na gcomhaltaí imréitigh nó tríú páirtithe eile atá gan íoc agus atá dlite don CPL a fhorfheidhmiú; agus

(b)

an méid ar dá réir nach mór ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a chomhshó ina n-ionstraimí úinéireachta chun ceanglais chaipitil an CPL nó an CPL idirlinne a athbhunú.

Airteagal 33

Forálacha lena rialaítear díluacháil nó comhshó ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanas neamhurraithe eile

1.   Cuirfidh an t-údarás réitigh an uirlis díluachála agus chomhshó i bhfeidhm i gcomhréir le tosaíocht na n-éileamh is infheidhme faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

2.   Sula ndéanfar príomhshuim na n-ionstraimí fiachais nó dliteanas neamhurraithe eile a laghdú nó a chomhshó, laghdóidh an t-údarás réitigh méid ainmniúil na n-ionstraimí úinéireachta i gcomhréir leis na caillteanais agus suas go dtí a luach iomlán, i gcás inar gá.

I gcás, i gcomhréir leis an luacháil a rinneadh de bhun Airteagal 24(3), ina gcoimeádfaidh an CPL glanluach deimhneach i ndiaidh méid ainmniúil na n-ionstraimí úinéireachta a laghdú, cuirfidh an t-údarás réitigh na hionstraimí úinéireachta sin ar ceal, nó, de réir mar a bheidh, déanfaidh sé iad a mhaolú.

3.   Déanfaidh an t-údarás réitigh príomhshuim na n-ionstraimí fiachais nó dliteanas neamhurraithe eile a laghdú, a chomhshó, nó an dá rud, a mhéid is gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, agus suas go dtí luach iomlán na n-ionstraimí nó na ndliteanas sin, i gcás inar gá.

4.   Ní chuirfidh an t-údarás réitigh an uirlis díluachála agus chomhshó i bhfeidhm i ndáil leis na dliteanais seo a leanas:

(a)

dliteanais i leith fostaithe, maidir le tuarastal fabhraithe, sochair phinsin nó luach saothair socraithe eile, seachas aon chomhpháirt athraitheach de luach saothair nach bhfuil rialáilte le comhaontú cómhargála;

(b)

dliteanais i leith creidiúnaithe tráchtála nó trádála a eascraíonn as earraí nó seirbhísí a sholáthar don CPL, ar earraí agus seirbhísí iad atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú laethúil a oibríochtaí, lena n-áirítear seirbhísí TF, fóntais agus cíos, seirbhísiú agus cothabháil áitribh;

(c)

dliteanais i leith údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta, ar choinníoll gur dliteanais tosaíochta iad na dliteanais sin faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme;

(d)

dliteanais atá dlite do chórais nó d’oibreoirí córas atá ainmnithe i gcomhréir le Treoir 98/26/CE, do rannpháirtithe a mhéid a n-eascraíonn na dliteanais as a rannpháirtíocht sna córais sin, do CPLanna eile, agus do bhainc cheannais;

(e)

corrlaigh tosaigh.

5.   I gcás ina laghdófar méid ainmniúil ionstraime úinéireachta nó príomhshuim na hionstraime fiachais nó dliteanas neamhurraithe eile, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

(a)

laghdú buan a bheidh sa laghdú sin;

(b)

ní bheidh éileamh ag sealbhóir na hionstraime i dtaca leis an laghdú sin, cé is moite d’aon dliteanas atá fabhraithe cheana, aon dliteanas i leith damáistí a d’fhéadfadh teacht chun cinn de thoradh achomharc ina ndéantar agóid in aghaidh dhlíthiúlacht an laghdaithe sin, aon éileamh bunaithe ar ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint nó arna n-aistriú de bhun mhír 6 den Airteagal seo, nó aon éileamh ar íocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 62; agus

(c)

i gcás nach mbeidh sa laghdú sin ach laghdú páirteach, leanfaidh an comhaontú lenar cruthaíodh an dliteanas tosaigh d’fheidhm a bheith aige i dtaca leis an méid iarmharach atá faoi réir leasuithe riachtanacha ar théarmaí an chomhaontaithe sin mar gheall ar an laghdú.

Ní chuirfidh pointe (a) den chéad fhomhír cosc ar údaráis réitigh sásra uasluachála a úsáid chun sealbhóirí ionstraimí fiachais nó dliteanas neamhurraithe eile a chúiteamh agus, ina dhiaidh sin, sealbhóirí ionstraimí úinéireachta, i gcás ina bhfaighfear amach go sáraíonn an leibhéal díluachála arna chur i bhfeidhm atá bunaithe ar luacháil shealadach dá dtagraítear in Airteagal 26(1) na méideanna is gá bunaithe ar an luacháil chinntitheach dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

6.   Agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile á gcomhshó de bhun mhír 3, féadfaidh an t-údarás réitigh ceangal a chur ar an CPL ionstraimí úinéireachta a eisiúint do shealbhóirí ionstraimí fiachais nó dliteanas neamhurraithe eile nó iad a aistriú chucu.

7.   Ní dhéanfaidh an t-údarás réitigh ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a chomhshó de bhun mhír 3 ach i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

eisítear na hionstraimí úinéireachta sula n-eiseoidh an CPL aon ionstraimí úinéireachta chun go gcuirfidh an Stát nó eintiteas rialtais cistí dílse ar fáil; agus

(b)

is cúiteamh iomchuí do na sealbhóirí fiachais dá ndéantar difear an ráta comhshó i leith aon chaillteanas a thabhófaí de thoradh fheidhmiú na gcumhachtaí díluachála agus comhshó, ar aon dul leis an gcaoi a láimhseáiltear iad faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

I gcás ina ndéanfar ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a chomhshó go hionstraimí úinéireachta, déanfar na hionstraimí úinéireachta a shuibscríobh nó a aistriú gan mhoill i ndiaidh an chomhshó.

8.   Chun críocha mhír 7, áiritheoidh an t-údarás réitigh, i gcomhthéacs tharraingt suas agus choinneáil ar bun phlean réitigh an CPL agus mar chuid de na cumhachtaí chun baic ar inréititheacht an CPL a bhaint, go mbeidh an CPL in ann an líon ionstraimí úinéireachta is gá a eisiúint i gcónaí.

Airteagal 34

Tionchar díluachála agus comhshó

Cuirfidh an t-údarás réitigh na cúraimí uile riaracháin agus nós imeachta is gá i gcrích nó déanfaidh sé a cheangal iad a chur i gcrích chun éifeacht a thabhairt do chur i bhfeidhm na huirlise díluachála agus comhshó, lena n-áirítear:

(a)

gach clár ábhartha a leasú;

(b)

ionstraimí úinéireachta nó ionstraimí fiachais a dhíliostú ó thrádáil nó deireadh a chur lena dtrádáil;

(c)

ionstraimí úinéireachta nua a liostú nó a ligean isteach chun a dtrádála; agus

(d)

aon ionstraimí fiachais a bhfuil díluacháil déanta orthu a athliostú nó a athligean isteach chun a dtrádála, gan an ceanglas maidir le réamheolaire a eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24).

Airteagal 35

Deireadh a chur le constaicí nós imeachta maidir le díluacháil agus comhshó

1.   I gcás ina gcuirfear Airteagal 32(1) i bhfeidhm, cuirfidh an t-údarás inniúil ceangal ar an CPL, líon leordhóthanach ionstraimí úinéireachta a choimeád i gcónaí chun a áirithiú go bhféadfaidh an CPL ionstraimí úinéireachta nua leordhóthanacha a eisiúint agus go bhféadfaí eisiúint ionstraimí úinéireachta nó an comhshó in ionstraimí úinéireachta a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

2.   Cuirfidh an t-údarás réitigh an uirlis díluachála agus chomhshó i bhfeidhm beag beann ar aon fhorálacha in ionstraimí corpraithe nó i reachtanna an CPL, lena n-áirítear i ndáil le cearta réamhcheannaigh i gcomhair scairshealbhóirí nó ceanglais maidir le toiliú na scairshealbhóirí le méadú caipitil.

Airteagal 36

Plean atheagrúcháin gnó a chur isteach

1.   Laistigh d’aon mhí amháin tar éis na huirlisí dá dtagraítear in Airteagal 32 a chur i bhfeidhm, déanfaidh CPLanna athbhreithniú ar na cúiseanna lena chliseadh, agus cuirfidh siad faoi bhráid an údaráis réitigh é taobh le plean atheagrúcháin gnó i gcomhréir le hAirteagal 37. I gcás ina mbeidh creat Státchabhrach an Aontais infheidhme, beidh an plean sin, lena n-áirítear tar éis aon leasuithe i gcomhréir le hAirteagal 38 agus arna chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 39, comhoiriúnach leis an bplean athstruchtúraithe a cheanglaítear ar an CPL a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis an gcreat sin.

I gcás inar gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, féadfaidh an t-údarás réitigh síneadh suas go dhá mhí ar a mhéad a chur leis an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   I gcás ina n-éileofar fógra a thabhairt i leith plean athstruchtúraithe faoi chreat Státchabhrach an Aontais, beidh cur isteach an phlean atheagrúcháin gnó gan dochar don spriocdháta a leagtar síos i gcomhair chur isteach an phlean athstruchtúraithe sin sa chreat sin.

3.   Cuirfidh an t-údarás réitigh an t-athbhreithniú agus an plean atheagrúcháin gnó, agus aon phlean athbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 38, faoi bhráid an údaráis inniúil agus an choláiste réitigh.

Airteagal 37

Ábhar an phlean atheagrúcháin gnó

1.   Leis an bplean atheagrúcháin gnó dá dtagraítear in Airteagal 36, leagfar amach bearta arb é is aidhm dóibh inmharthanacht fhadtéarmach an CPL nó codanna dá ghnó a athbhunú laistigh d’achar ama réasúnach. Bunófar na bearta sin ar thoimhdí réalaíocha i dtaca le dálaí na margaí eacnamaíocha agus airgeadais faoina bhfeidhmeoidh an CPL.

Sa phlean atheagrúcháin gnó cuirfear san áireamh staid na margaí airgeadais faoi láthair agus a staid ionchasach agus léireofar na toimhdí maidir leis an gcás is fearr chomh maith leis an gcás is measa, lena n-áirítear teaglaim teagmhas chun príomhleochaileachtaí an CPL a aithint. Cuirfear na toimhdí i gcomparáid le tagarmharcanna uile-earnála iomchuí.

2.   Áireofar na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa phlean atheagrúcháin gnó:

(a)

anailís mhionsonraithe ar na tosca agus na cúinsí ba údar le cliseadh an CPL nó lena chliseadh dóchúil;

(b)

tuairisc ar na bearta atá le glacadh chun inmharthanacht fhadtéarmach an CPL a athbhunú; agus

(c)

clár ama le haghaidh chur chun feidhme na mbeart sin.

3.   Ar na bearta arb é is aidhm dóibh inmharthanacht fhadtéarmach an CPL a athbhunú, féadfar na cinn seo a áireamh:

(a)

atheagrúchán agus athstruchtúrú ghníomhaíochtaí an CPL;

(b)

athruithe ar chórais oibríochtúla agus ar bhonneagar an CPL;

(c)

sócmhainní nó línte gnó a dhíol;

(d)

athruithe ar bhainistíocht riosca an CPL.

4.   Déanfaidh ESMA faoin 12 Feabhra 2023 dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar a thuilleadh na heilimintí íosta ba cheart a áireamh i bplean atheagrúcháin gnó de bhun mhír 2.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 38

An plean atheagrúcháin gnó a mheasúnú agus a ghlacadh

1.   Laistigh de mhí amháin ón dáta a chuireann an CPL an plean atheagrúcháin gnó isteach de bhun Airteagal 36(1), déanfaidh an t-údarás réitigh agus an t-údarás inniúil measúnú féachaint an athbhunódh na bearta dá bhforáiltear sa phlean sin inmharthanacht fhadtéarmach an CPL ar bhealach is féidir brath air.

I gcás ina mbeidh an t-údarás réitigh agus an t-údarás inniúil sásta go n-athbhunódh an plean inmharthanacht fhadtéarmach an CPL, déanfaidh an t-údarás réitigh an plean a fhormheas.

2.   I gcás nach mbeidh an t-údarás réitigh nó an t-údarás inniúil sásta go n-athbhunódh na bearta dá bhforáiltear sa phlean inmharthanacht fhadtéarmach an CPL, tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra don CPL i leith na n-ábhar imní atá aige agus cuirfidh sé ceangal air plean leasaithe ina dtugtar aghaidh ar na hábhair imní sin a chur isteach arís laistigh de dhá sheachtain ón bhfógra.

3.   Déanfaidh an t-údarás réitigh agus an t-údarás inniúil measúnú ar an bplean arna chur isteach arís agus tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra don CPL laistigh de sheachtain amháin ón dáta a fhaigheann sé an plean sin an dtugtar aghaidh ar na hábhair imní ar bhealach iomchuí nó an gá tuilleadh leasuithe.

4.   Déanfaidh ESMA, faoin 12 Feabhra 2023, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar na critéir a bheidh le comhlíonadh ag plean atheagrúcháin gnó ionas go ndéanfaidh an t-údarás réitigh é a fhormheas de bhun mhír 1.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 39

An plean atheagrúcháin gnó a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air

1.   Cuirfidh an CPL an plean atheagrúcháin gnó chun feidhme agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an údaráis réitigh agus an údaráis inniúil faoi mar a iarradh agus, ar a laghad, uair amháin in aghaidh gach sé mhí maidir leis an dul chun cinn atá déanta aige chun an plean sin a chur chun feidhme.

2.   Féadfaidh an t-údarás réitigh, le comhaontú an údaráis inniúil, ceangal a chur ar an CPL an plean a athbhreithniú i gcás inar gá chun an aidhm dá dtagraítear in Airteagal 37(1) a bhaint amach.

Roinn 4

An uirlis díolta gnó

Airteagal 40

An Uirlis Díolta Gnó

1.   Féadfaidh an t-údarás réitigh na nithe seo a leanas a aistriú chuig ceannaitheoir nach CPL idirlinne é:

(a)

ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag CPL faoi réiteach; agus

(b)

aon sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a bhaineann le CPL faoi réiteach.

Déanfar an t-aistriú dá dtagraítear sa chéad fhomhír in éagmais thoiliú scairshealbhóirí an CPL nó aon tríú páirtí cé is moite den cheannaitheoir agus gan aon cheanglais nós imeachta faoi dhlí na gcuideachtaí nó faoi dhlí na n-urrús a chomhlíonadh cé is moite díobh sin dá bhforáiltear in Airteagal 41.

2.   Is ar théarmaí tráchtála a dhéanfar aistriú a dhéantar de bhun mhír 1, ag féachaint do na cúinsí agus i gcomhréir le creat Státchabhrach an Aontais.

Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, glacfaidh an t-údarás réitigh gach céim réasúnach chun téarmaí tráchtála a bhaint amach atá i gcomhréir leis an luacháil arna déanamh faoi Airteagal 24(3).

3.   Faoi réir Airteagal 27(10), rachaidh aon chomaoin a íocfaidh ceannaitheoir chun sochair:

(a)

d’úinéirí na n-ionstraimí úinéireachta, i gcás ina ndearnadh an gnó a dhíol trí ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag an CPL faoi réiteach a aistriú ó shealbhóirí na n-ionstraimí sin chuig an gceannaitheoir;

(b)

don CPL faoi réiteach, i gcás ina ndearnadh an gnó a dhíol trí shócmhainní nó trí dhliteanais an CPL ar fad, nó cuid díobh, a aistriú chuig an gceannaitheoir;

(c)

d’aon chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana ar éirigh caillteanais dóibh mar thoradh ar chur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh le linn réitigh, i gcomhréir leis na caillteanais a d’éirigh dóibh le linn réitigh.

4.   Déanfar aon chomaoin arna híoc ag an gceannaitheoir i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo a leithdháileadh mar a leanas:

(a)

tráth a tharlaíonn teagmhas a chumhdaítear le mainneachtain i bhfoirm cascáide an CPL mar a leagtar amach in Airteagail 43 agus 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, in aisiompú an oird inar forchuireadh na caillteanais le mainneachtain i bhfoirm cascáide an CPL; nó

(b)

tráth a tharlaíonn teagmhas nach gcumhdaítear le mainneachtain i bhfoirm cascáide an CPL mar a leagtar amach in Airteagail 43 agus 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, in aisiompú an oird inar leithdháileadh na caillteanais i gcomhréir le haon rialacha is infheidhme de chuid an CPL.

Déanfar leithdháileadh aon chomaoine a bheidh fágtha ansin i gcomhréir le tosaíocht na n-éileamh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

5.   Féadfaidh an t-údarás réitigh an chumhacht aistrithe dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú níos mó ná uair amháin chun aistrithe breise d’ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag an CPL faoi réiteach nó, de réir mar a bheidh, de shócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais an CPL a dhéanamh.

6.   Féadfaidh an t-údarás réitigh, le toiliú an cheannaitheora, na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a aistríodh chuig an gceannaitheoir a aistriú ar ais chuig an CPL faoi réiteach, nó na hionstraimí úinéireachta a aistriú ar ais chuig na daoine ar leo iad i dtosach.

I gcás ina mbainfidh an t-údarás réitigh úsáid as an gcumhacht aistrithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh oibleagáid ar an CPL faoi réiteach nó ar na húinéirí ar leo iad i dtosach aon sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais, nó ionstraimí úinéireachta den sórt sin a thógáil ar ais.

7.   Cuirfear i gcrích aon aistriú a dhéantar de bhun mhír 1, bíodh údarú ag an gceannaitheoir na seirbhísí a sholáthar agus na gníomhaíochtaí a chur i gcrích de thoradh na héadála nó ná bíodh.

I gcás nach n-údarófar don cheannaitheoir na seirbhísí a sholáthar agus na gníomhaíochtaí a eascróidh as an éadáil a dhéanamh, déanfaidh an t-údarás réitigh, i gcomhairle leis an údarás inniúil, measúnú díchill chuí mar is iomchuí ar an gceannaitheoir agus áiritheoidh sé go mbeidh an cumas gairmiúil agus teicniúil ag an gceannaitheoir chun feidhmeanna an CPL ceannaithe a dhéanamh agus go ndéanfaidh an ceannaitheoir iarratas ar údarú a luaithe is indéanta agus laistigh de mhí amháin, ar a dhéanaí, ón uair a chuirtear an uirlis díola gnó i bhfeidhm. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go ndéanfar aon iarratas den sórt sin ar údarú a mheas ar bhealach luathaithe.

8.   I gcás ina dtiocfaidh éadáil sealúchais cháilithigh nó méadú ar shealúchas cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 as aistriú na n-ionstraimí úinéireachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an t-údarás inniúil an measúnú dá dtagraítear san Airteagal sin laistigh de thréimhse nach gcuireann moill ar chur i bhfeidhm na huirlise díola gnó agus nach gcuireann cosc leis an ngníomhaíocht réitigh na cuspóirí réitigh ábhartha a bhaint amach.

9.   I gcás nach gcríochnóidh an t-údarás inniúil an measúnú dá dtagraítear i mír 8 faoin dáta a bheidh feidhm le haistriú na n-ionstraimí úinéireachta, beidh feidhm leis an méid seo a leanas:

(a)

beidh éifeacht dlí láithreach ag aistriú na n-ionstraimí úinéireachta ón dáta a aistrítear iad;

(b)

le linn na tréimhse measúnaithe agus le linn aon tréimhse dhífheistithe dá bhforáiltear i bpointe (f) den mhír seo, cuirfear ar fionraí cearta vótála an cheannaitheora a ghabhann leis na hionstraimí úinéireachta sin agus is san údarás réitigh amháin a dhílseofar iad, agus ní bheidh aon oibleagáid ar an údarás réitigh na cearta sin a fheidhmiú agus, mura rud é go mbeidh mórfhaillí nó mí-iompar tromchúiseach le tuiscint sa ghníomh nó sa neamhghníomh, ní bheidh sé faoi dhliteanas iad a fheidhmiú ná staonadh ó iad a fheidhmiú;

(c)

le linn na tréimhse measúnaithe agus le linn aon tréimhse dhífheistithe dá bhforáiltear i bpointe (f) den mhír seo, ní bheidh feidhm maidir leis an aistriú sin ag aon phionóis dá bhforáiltear in Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ná ag bearta i leith na gceanglas a shárú maidir le héadálacha nó diúscairtí sealúchas cáilitheach dá bhforáiltear in Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(d)

tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra i scríbhinn don údarás réitigh agus don cheannaitheoir i leith thoradh a mheasúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 go pras tar éis dó a mheasúnú a chur i gcrích;

(e)

i gcás nach gcuirfidh an t-údarás inniúil i gcoinne an aistrithe, measfar na cearta vótála a ghabhann leis na hionstraimí úinéireachta a bheith dílsithe ina n-iomláine sa cheannaitheoir ón lá a thabharfar an fógra dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo;

(f)

i gcás ina gcuirfidh an t-údarás inniúil i gcoinne aistriú na n-ionstraimí úinéireachta, leanfaidh pointe (b) d’fheidhm a bheith aige agus féadfaidh an t-údarás réitigh, tar éis dó na dálaí margaidh a chur san áireamh, tréimhse dhífheistithe a chur ar bun ina ndéanfaidh an ceannaitheoir na hionstraimí úinéireachta sin a dhífheistiú.

10.   Chun críocha a chearta a fheidhmiú i leith seirbhísí a chur ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, measfar an ceannaitheoir a bheith leantach ar CPL faoi réiteach agus féadfaidh sé leanúint d’aon cheart a fheidhmiú agus a d’fheidhmigh an CPL faoi réiteach i ndáil leis na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a aistrítear.

11.   Ní chuirfear cosc ar an gceannaitheoir dá dtagraítear i mír 1 cearta ballraíochta an CPL a fheidhmiú agus rochtain a fháil ar na córais íocaíochta agus socraíochta nó ar BMAnna nasctha agus ionaid trádála eile ar choinníoll go gcomhlíonann an ceannaitheoir na critéir le haghaidh ballraíocht nó rannpháirtíocht sna córais, sna bonneagair nó sna hionaid trádála sin.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, ní dhiúltófar rochtain ar chórais íocaíochta agus socraíochta ná ar BMAnna agus ionaid trádála nasctha eile don cheannaitheoir ar an bhforas nach bhfuil rátáil chreidmheasa ó ghníomhaireacht rátála creidmheasa ag an gceannaitheoir, nó go bhfuil an rátáil sin faoi bhun na leibhéal rátála a éilítear ionas go ndeonófar rochtain ar na córais nó na bonneagair nó na hionaid trádála sin.

I gcás nach gcomhlíonfaidh an ceannaitheoir na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an ceannaitheoir leanúint de chearta ballraíochta an CPL a fheidhmiú agus rochtain a bheith aige ar na córais sin agus ar bhonneagair eile agus ar ionaid trádála ar feadh na tréimhse a shaineoidh an t-údarás réitigh. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 12 mhí.

12.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, scairshealbhóirí, creidiúnaithe, comhaltaí imréitigh agus cliaint an CPL atá faoi réiteach, agus tríú páirtithe eile nach n-aistrítear na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais atá acu, ní bheidh aon chearta acu ar na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais arna n-aistriú ná ní bheidh aon cheart acu i dtaca leo.

Airteagal 41

An uirlis díolta gnó: ceanglais nós imeachta

1.   I gcás ina gcuirfidh sé an uirlis díola gnó i bhfeidhm maidir le CPL, fógróidh an t-údarás réitigh go bhfuil fáil ar na sócmhainní, cearta, oibleagáidí, dliteanais, nó ar na hionstraimí úinéireachta a bheartaítear a aistriú, nó déanfaidh sé socruithe maidir lena margú. Féadfar comhthiomsuithe cearta, sócmhainní, oibleagáidí agus dliteanas a mhargú astu féin.

2.   Gan dochar do chreat Státchabhrach an Aontais, i gcás inarb infheidhme, déanfar an mhargaíocht dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a)

beidh sí chomh trédhearcach agus is féidir agus ní thabharfaidh sí bréagléiriú is ábhartha ar shócmhainní, cearta, oibleagáidí, dliteanais, nó ionstraimí úinéireachta an CPL, ag féachaint do na cúinsí agus, go háirithe, don ghá le cobhsaíocht airgeadais a choimeád;

(b)

ní thabharfaidh sí buntáiste míchuí do cheannaitheoirí a d’fhéadfadh a bheith ann nó ní dhéanfaidh sí idirdhealú eatarthu;

(c)

beidh sí saor ó aon choinbhleacht leasa;

(d)

cuirfidh sí san áireamh an gá atá le gníomhaíocht réitigh tapa a dhéanamh;

(e)

beidh sé d’aidhm aici an praghas díola i gcomhair ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais lena mbaineann a uasmhéadú a oiread agus is féidir.

Ní chuirfidh na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír cosc ar an údarás réitigh ceannaitheoirí áirithe a d’fhéadfadh a bheith ann a lorg.

3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh an t-údarás réitigh an uirlis díolta gnó a chur i bhfeidhm gan an ceanglas margaithe a chomhlíonadh, nó féadfaidh sé na sócmhainní, cearta, oibleagáidí, dliteanais nó na hionstraimí úinéireachta a mhargú gan na critéir dá dtagraítear i mír 2 a chomhlíonadh i gcás ina gcinnfidh sé gur dócha go mbainfeadh comhlíonadh an cheanglais sin nó na gcritéar sin an bonn de cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh, lena n-áirítear trí bhagairt ábhartha a chruthú don chobhsaíocht airgeadais.

Roinn 5

Uirlis CPL idirlinne

Airteagal 42

Uirlis CPL idirlinne

1.   Féadfaidh an t-údarás réitigh na nithe seo a leanas a aistriú chuig CPL idirlinne:

(a)

ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag CPL faoi réiteach; agus

(b)

aon sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a bhaineann leis an CPL faoi réiteach.

Féadfar an t-aistriú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh in éagmais thoiliú scairshealbhóirí an CPL faoi réiteach nó aon tríú páirtí cé is moite den CPL idirlinne agus gan aon cheanglais nós imeachta faoi dhlí na gcuideachtaí nó faoi dhlí na n-urrús a chomhlíonadh cé is moite díobh sin dá bhforáiltear in Airteagal 43.

2.   Is é a bheidh sa CPL idirlinne duine dlítheanach arb amhlaidh:

(a)

go rialaíonn an t-údarás réitigh é agus gur faoi úinéireacht iomlán nó pháirteach údaráis phoiblí amháin nó níos mó atá sé a bhféadfadh an t-údarás réitigh a bheith mar cheann díobh; agus

(b)

go mbunaítear nó go n-úsáidtear é chun na hionstraimí úinéireachta ar fad nó cuid díobh arna n-eisiúint ag CPL faoi réiteach a fháil agus a shealbhú nó sócmhainní, cearta, oibleagáidí agus dliteanais an CPL ar fad, nó cuid díobh, a fháil agus a shealbhú d’fhonn feidhmeanna criticiúla an CPL a choinneáil ar bun agus an CPL a dhíol ina dhiaidh sin.

3.   Agus an uirlis CPL idirlinne á cur i bhfeidhm, áiritheoidh an t-údarás réitigh nach mó luach iomlán na ndliteanas agus na n-oibleagáidí arna n-aistriú chuig an CPL idirlinne ná luach iomlán na gceart agus na sócmhainní arna n-aistriú ón CPL faoi réiteach.

4.   Faoi réir Airteagal 27(10), rachaidh aon chomaoin a íocfaidh an CPL idirlinne chun sochair:

(a)

d’úinéirí na n-ionstraimí úinéireachta, i gcás ina ndearnadh an t-aistriú chuig an CPL idirlinne trí ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag CPL faoi réiteach a aistriú ó shealbhóirí na n-ionstraimí sin chuig an CPL idirlinne;

(b)

don CPL faoi réiteach, i gcás ina ndearnadh an t-aistriú chuig an CPL idirlinne trí shócmhainní nó trí dhliteanais uile an CPL sin, nó cuid díobh, a aistriú chuig an CPL idirlinne;

(c)

d’aon chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana ar éirigh caillteanais dóibh tar éis chur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh le linn réitigh, atá comhréireach lena gcaillteanais le linn réitigh.

5.   Déanfar aon chomaoin arna híoc ag an CPL idirlinne i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo a leithdháileadh mar a leanas:

(a)

tráth a tharlaíonn teagmhas a chumhdaítear le mainneachtain i bhfoirm cascáide an CPL mar a leagtar amach in Airteagail 43 agus 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, in aisiompú an oird inar forchuireadh na caillteanais le mainneachtain i bhfoirm cascáide an CPL; nó

(b)

tráth a tharlaíonn teagmhas nach gcumhdaítear le mainneachtain i bhfoirm cascáide an CPL mar a leagtar amach in Airteagail 43 agus 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, in aisiompú an oird inar leithdháileadh na caillteanais i gcomhréir le haon rialacha is infheidhme de chuid an CPL.

Déanfar leithdháileadh aon chomaoine a bheidh fágtha i gcomhréir le tosaíocht na n-éileamh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

6.   Féadfaidh an t-údarás réitigh an chumhacht aistrithe dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú níos mó ná uair amháin chun aistrithe breise d’ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag CPL nó dá shócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a dhéanamh.

7.   Féadfaidh an t-údarás réitigh na cearta, oibleagáidí, sócmhainní nó dliteanais a aistríodh chuig an CPL idirlinne a aistriú ar ais chuig an CPL faoi réiteach, nó féadfaidh sé na hionstraimí úinéireachta a aistriú ar ais chuig na húinéirí ar leo iad i dtosach i gcás ina bhforálfar don aistriú sin go sainráite san ionstraim lena ndéantar an t-aistriú dá dtagraítear i mír 1.

I gcás ina mbainfidh an t-údarás réitigh úsáid as an gcumhacht aistrithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh sé d’oibleagáid ar an CPL faoi réiteach nó ar na húinéirí ar leo iad i dtosach na sócmhainní, cearta, oibleagáidí agus dliteanais sin a thógáil ar ais, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha sa chéad fhomhír den mhír seo nó i mír 8.

8.   I gcás nach dtiocfaidh ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais áirithe faoi aicmí ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanas nó i gcás nach gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha maidir le haistriú a shonraítear san ionstraim lena ndearnadh an t-aistriú, féadfaidh an t-údarás réitigh iad a aistriú ón CPL idirlinne ar ais chuig an CPL faoi réiteach nó chuig na húinéirí ar leo iad i dtosach.

9.   Féadfar aistriú dá dtagraítear i míreanna 7 agus 8 a dhéanamh tráth ar bith, agus comhlíonfaidh sé aon choinníollacha eile a luaitear san ionstraim lena ndearnadh an t-aistriú chun na críche ábhartha.

10.   Féadfaidh an t-údarás réitigh ionstraimí úinéireachta nó sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a aistriú ón CPL idirlinne chuig tríú páirtí.

11.   Chun críocha a chearta a fheidhmiú i leith seirbhísí a chur ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, measfar CPL idirlinne a bheith leantach ar CPL faoi réiteach agus féadfaidh sé leanúint d’aon cheart a fheidhmiú agus a d’fheidhmigh an CPL faoi réiteach i ndáil leis na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a aistrítear.

Chun aon chríoch eile, féadfaidh údaráis réitigh a éileamh go measfar CPL idirlinne a bheith leantach ar CPL faoi réiteach, agus go bhféadfaidh sé leanúint d’aon cheart a fheidhmiú agus a d’fheidhmigh an CPL faoi réiteach i ndáil leis na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a aistrítear.

12.   Ní chuirfear cosc ar an CPL idirlinne cearta ballraíochta CPL a fheidhmiú ná rochtain a fháil ar chórais íocaíochta agus socraíochta agus ar BMAnna agus ionaid trádála nasctha eile, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na critéir le haghaidh ballraíochta agus rannpháirtíochta sna córais, sna BMAnna agus sna hionaid trádála sin.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, ní dhiúltófar rochtain ar chórais íocaíochta agus socraíochta ná ar aon BMAnna agus ionaid trádála eile don CPL idirlinne ar an bhforas nach bhfuil rátáil chreidmheasa ó ghníomhaireacht rátála creidmheasa aige, nó go bhfuil an rátáil sin faoi bhun na leibhéal rátála a éilítear ionas go ndeonófar rochtain ar na córais nó ar na bonneagair nó na hionaid trádála sin.

I gcás nach gcomhlíonfaidh an CPL idirlinne na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an CPL idirlinne leanúint de chearta ballraíochta an CPL a fheidhmiú agus rochtain a bheith aige ar na córais sin agus ar bhonneagair eile agus ionaid trádála ar feadh na tréimhse ama a shaineoidh an t-údarás réitigh. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 12 mhí.

13.   Ní bheidh aon éileamh ag scairshealbhóirí, creidiúnaithe, comhaltaí imréitigh agus cliaint an CPL faoi réiteach agus tríú páirtithe eile nach n-aistrítear na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais atá acu chuig an CPL idirlinne, ní bheidh aon chearta acu ar na sócmhainní, ar na cearta, oibleagáidí nó dliteanais arna n-aistriú chuig an CPL idirlinne, nó in aghaidh bhord nó lucht bainistíochta sinsearaí an CPL idirlinne, nó i dtaca leo.

14.   Ní bheidh dualgas nó freagracht ar an CPL idirlinne i leith scairshealbhóirí nó creidiúnaithe an CPL faoi réiteach, agus ní bheidh bord nó lucht bainistíochta sinsearaí an CPL idirlinne faoi dhliteanas i leith na scairshealbhóirí nó na gcreidiúnaithe sin as gníomhartha agus neamhghníomhartha i gcomhlíonadh a ndualgas dóibh, ach amháin más de thoradh mórfhaillí nó mí-iompar tromchúiseach an gníomh nó an neamhghníomh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 43

CPL idirlinne: ceanglais nós imeachta

1.   Comhlíonfaidh an CPL idirlinne na ceanglais uile seo a leanas:

(a)

iarrfaidh an CPL idirlinne faomhadh an údaráis réitigh i gcomhair na nithe uile seo a leanas:

(i)

rialacha corpraithe an CPL idirlinne;

(ii)

comhaltaí bhord an CPL idirlinne, i gcás nach mbeidh na comhaltaí sin ceaptha go díreach ag an údarás réitigh;

(iii)

freagrachtaí agus luach saothair chomhaltaí bhord an CPL idirlinne, i gcás nach gcinnfidh an t-údarás réitigh an luach saothair agus na freagrachtaí; agus

(iv)

straitéis agus próifíl riosca an CPL idirlinne; agus

(b)

glacfaidh an CPL idirlinne ar lámh údaruithe an CPL faoi réiteach chun na seirbhísí a sholáthar nó na gníomhaíochtaí a dhéanamh a bheidh de thoradh an aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 42(1) den Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

D’ainneoin phointe (b) den chéad fhomhír agus i gcás inar gá chun cuspóirí an réitigh a bhaint amach, féadfar an CPL idirlinne a údarú gan Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chomhlíonadh ar feadh tréimhse ghearr ag tús a oibrithe. Chun na críche sin, cuirfidh an t-údarás réitigh iarraidh ar an údarú sin faoi bhráid an údaráis inniúil. Má chinneann an t-údarás inniúil an t-údarú sin a thabhairt, cuirfidh sé in iúl an tréimhse dá dtarscaoiltear an oibleagáid ar an CPL idirlinne ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chomhlíonadh. Ní faide ná 12 mhí an tréimhse sin. Le linn na tréimhse sin, measfar gur CPL cáilitheach a bheidh sa CPL idirlinne, mar a shainmhínítear i bpointe (88) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 chun críocha an Rialacháin sin.

D’ainneoin na tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír, i gcás ceanglais stuamachta faoi Chaibidil III de Theideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní dhéanfar an tarscaoileadh ach ar feadh tréimhse suas le trí mhí. Féadfar síneadh ama a chur leis ar feadh tréimhse amháin nó dhá thréimhse eile suas le trí mhí más gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

2.   Faoi réir aon srianta arna bhforchur i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais nó rialacha iomaíochta náisiúnta, is é lucht bainistíochta an CPL idirlinne a oibreoidh an CPL idirlinne agus é mar chuspóir aige feidhmeanna criticiúla an CPL idirlinne a choinneáil ar bun agus an CPL idirlinne nó aon chuid de na sócmhainní, cearta, oibleagáidí agus dliteanais atá aige a dhíol le ceannaitheoir amháin nó níos mó ón earnáil phríobháideach. Déanfar an díolachán sin nuair is iomchuí na dálaí margaidh, agus laistigh den tréimhse a shonraítear i mír 5 agus, i gcás inarb infheidhme, i mír 6.

3.   Déanfaidh an t-údarás réitigh cinneadh nach CPL idirlinne a thuilleadh é an CPL idirlinne de réir bhrí Airteagal 42(2) in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

tá na cuspóirí réitigh comhlíonta;

(b)

cumascann an CPL idirlinne le heintiteas eile;

(c)

ní chomhlíonann an CPL idirlinne na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 42(2) a thuilleadh;

(d)

díoladh an CPL idirlinne nó díoladh na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais nach mór ar fad atá aige i gcomhréir le míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo;

(e)

téann an tréimhse a shonraítear i mír 5 den Airteagal seo nó, i gcás inarb infheidhme, i mír 6 den Airteagal seo, in éag;

(f)

socraíodh na conarthaí a d’imréitigh an CPL idirlinne, chuaigh siad in éag nó cuireadh clabhsúr orthu agus tá cearta agus oibleagáidí an CPL maidir leis na conarthaí sin glanta ina n-iomláine dá réir.

4.   Sula ndíolfar an CPL idirlinne nó na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais atá aige, fógróidh an t-údarás réitigh na heilimintí atá ar fáil a bhfuil sé i gceist a dhíol, agus áiritheoidh sé go margófar go hoscailte agus go trédhearcach iad, agus nach dtabharfar bréagléiriú is ábhartha orthu.

Cuirfidh an t-údarás réitigh an díolachán dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcrích ar théarmaí tráchtála agus ní thabharfaidh sé buntáiste míchuí do cheannaitheoirí a d’fhéadfadh a bheith ann ná ní dhéanfaidh sé idirdhealú eatarthu.

5.   Déanfaidh an t-údarás réitigh oibríocht an CPL idirlinne a fhoirceannadh dhá bhliain tar éis an dáta a dhéanfar an t-aistriú deireanach ón CPL faoi réiteach.

I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás réitigh oibríocht CPL idirlinne a fhoirceannadh, iarrfaidh sé ar an údarás inniúil údarú an CPL idirlinne a tharraingt siar.

6.   Féadfaidh an t-údarás réitigh síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i mír 5 le haghaidh tréimhse bliana bhreise amháin nó níos mó i gcás inar gá an síneadh chun na torthaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) de mhír 3 a bhaint amach.

An cinneadh chun síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i mír 5, beidh sé réasúnaithe agus beidh measúnú mionsonraithe ann ar staid an CPL idirlinne maidir le dálaí agus ionchas ábhartha an mhargaidh.

7.   I gcás ina ndéanfar oibríochtaí CPL idirlinne a fhoirceannadh sna cúinsí dá dtagraítear i bpointe (d) nó (e) de mhír 3, foirceannfar an CPL idirlinne faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, rachaidh aon fháltais arna nginiúint de thoradh fhoirceannadh an CPL idirlinne chun sochair dá scairshealbhóirí.

I gcás ina mbainfear úsáid as CPL idirlinne chun sócmhainní agus dliteanais níos mó ná aon CPL faoi réiteach amháin a aistriú, sannfar na fáltais dá dtagraítear sa dara fomhír trí thagairt do na sócmhainní agus na dliteanais ó gach ceann de na CPLanna faoi réiteach.

Roinn 6

Socruithe airgeadais breise

Airteagal 44

Acmhainní cistiúcháin malartacha

Féadfaidh an t-údarás réitigh conarthaí a dhéanamh chun cineálacha eile tacaíochta airgeadais a fháil ar iasacht nó chun teacht a bheith aige orthu, lena n-áirítear ó acmhainní réamh-mhaoinithe atá ar fáil in aon chistí mainneachtana neamhídithe sa CPL faoi réiteach, i gcás inar gá chun freastal ar riachtanais leachtachta shealadacha chun a áirithiú go gcuirfear na huirlisí réitigh i bhfeidhm go héifeachtach.

Roinn 7

Uirlisí cobhsaíochta rialtais

Airteagal 45

Uirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais

1.   I gcás an-eisceachtúil ina mbeidh géarchéim shistéamach ann, féadfaidh na Ballstáit uirlisí cobhsaíochta an rialtais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 46 agus 47 chun CPL a réiteach i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas, agus sa chás sin amháin:

(a)

tá gá leis an tacaíocht airgeadais chun na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 21 a chomhlíonadh;

(b)

ní bhaintear úsáid as an tacaíocht airgeadais ach mar rogha dheireanach i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo tar éis measúnú a dhéanamh ar na huirlisí réitigh uile agus leas a bhaint astu a mhéid is mó is infheidhme fad a choimeádtar an chobhsaíocht airgeadais;

(c)

tá an tacaíocht airgeadais teoranta ó thaobh ama;

(d)

comhlíonann an tacaíocht airgeadais creat Státchabhrach an Aontais; agus

(e)

tá socruithe cuimsitheacha, inchreidte sainithe roimh ré ag an mBallstát, ar bhealach atá comhsheasmhach le creat státchabhrach an Aontais, chun na cistí poiblí arna n-úsáid a aisghabháil, thar tréimhse ama oiriúnach, agus i gcomhréir le hAirteagal 27(10), sa mhéid is nach n-aisghabhtar iad ina n-iomláine tríd an díol le ceannaitheoirí príobháideacha i gcomhréir le hAirteagal 46(3) nó 47(2).

Cuirfear uirlisí cobhsaíochta rialtais i bhfeidhm i gcomhréir leis an dlí náisiúnta faoi cheannaireacht na haireachta inniúla nó an rialtais inniúil i ndlúthchomhar leis an údarás réitigh nó faoi cheannaireacht an údaráis réitigh.

2.   Chun éifeacht a thabhairt do na huirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais, beidh na cumhachtaí réitigh ábhartha a shonraítear in Airteagail 48 go 58 ag na haireachtaí nó rialtais inniúla agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar Airteagail 52, 54 agus 72.

3.   Measfar go gcuirfear uirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais i bhfeidhm mar rogha dheireanach chun críocha phointe (b) de mhír 1 i gcás ina gcomhlíonfar aon cheann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

cinneann an aireacht nó an rialtas inniúil agus an t-údarás réitigh, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an mbanc ceannais agus leis an údarás inniúil, nár leor na huirlisí réitigh atá fágtha a chur i bhfeidhm chun díobháil shuntasach don chóras airgeadais a sheachaint;

(b)

cinneann an aireacht nó an rialtas inniúil agus an t-údarás réitigh nár leor na huirlisí réitigh atá fágtha a chur i bhfeidhm chun leas an phobail a chosaint, i gcás inar thug an banc ceannais cúnamh leachtachta urghnách don CPL roimhe sin;

(c)

maidir leis an uirlis úinéireachta poiblí sealadaí, cinneann an aireacht nó an rialtas inniúil, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an údarás inniúil agus leis an údarás réitigh, nár leor na huirlisí réitigh atá fágtha a chur i bhfeidhm chun leas an phobail a chosaint, i gcás inar tugadh tacaíocht cothromais phoiblí tríd an uirlis tacaíochta gnáthscaireanna don CPL roimhe sin.

Airteagal 46

Uirlis tacaíochta cothromais phoiblí

1.   Féadfar tacaíocht airgeadais a sholáthar chun CPL a athchaipitliú mar mhalairt ar ionstraimí úinéireachta.

2.   Bainisteofar CPLanna atá faoi réir uirlis tacaíochta cothromais phoiblí ar bhonn tráchtála agus gairmiúil.

3.   Díolfar na hionstraimí úinéireachta dá dtagraítear i mír 1 le ceannaitheoir príobháideach a luaithe a bheidh na cúinsí cearta tráchtála agus airgeadais ann.

Airteagal 47

Uirlis úinéireachta poiblí sealadaí

1.   Féadfar úinéireacht phoiblí shealadach a ghlacadh ar CPL trí ordú aistrithe amháin nó níos mó d’ionstraimí úinéireachta arna ndéanamh ag Ballstát chuig aistrí arb é ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

ainmnitheach an Bhallstáit; nó

(b)

cuideachta atá faoi úinéireacht iomlán an Bhallstáit.

2.   Bainisteofar CPLanna atá faoi réir na huirlise úinéireachta poiblí sealadaí ar bhonn tráchtála agus ar bhonn gairmiúla agus, ag féachaint don fhéidearthacht i dtaobh costas an réitigh a aisghabháil, díolfar iad le ceannaitheoir príobháideach a luaithe a bheidh na cúinsí cearta tráchtála agus airgeadais ann. Agus tráthúlacht dhíol an CPL á cinneadh, cuirfear an staid airgeadais agus dálaí ábhartha an mhargaidh san áireamh.

CAIBIDIL IV

Cumhachtaí réitigh

Airteagal 48

Cumhachtaí ginearálta

1.   Beidh na cumhachtaí ar fad is gá ag an údarás réitigh chun na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm go héifeachtach, lena n-áirítear na cumhachtaí ar fad seo a leanas:

(a)

ceangal a chur ar dhuine ar bith aon fhaisnéis is gá a chur ar fáil don údarás réitigh chun gníomhaíocht réitigh a chinneadh agus a ullmhú, lena n-áirítear nuashonruithe agus faisnéis bhreise i dteannta na faisnéise sin a chuirtear ar fáil sa phlean réitigh nó atá riachtanach trí chigireachtaí ar an láthair;

(b)

stiúir a ghlacadh ar CPL faoi réiteach agus na cearta agus na cumhachtaí go léir a fheidhmiú a tugadh do shealbhóirí ionstraimí úinéireachta agus do bhord an CPL, lena n-áirítear na cearta agus na cumhachtaí faoi rialacha oibríochta an CPL;

(c)

na hionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag CPL faoi réiteach a aistriú;

(d)

cearta, sócmhainní, oibleagáidí nó dliteanais an CPL a aistriú chuig eintiteas eile, le toiliú uaidh;

(e)

príomhshuim CPL nó méid gan íoc atá dlite i ndáil le hionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile CPL faoi réiteach a laghdú, lena n-áirítear é a laghdú go nialas;

(f)

ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile de CPL faoi réiteach a chomhshó ina n-ionstraimí úinéireachta den CPL sin nó de CPL idirlinne ar aistríodh sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPL faoi réiteach chuige;

(g)

ionstraimí fiachais a chealú arna n-eisiúint ag CPL faoi réiteach;

(h)

méid ainmniúil ionstraimí úinéireachta CPL faoi réiteach a laghdú, lena n-áirítear é a laghdú go nialas, agus na hionstraimí úinéireachta sin a chealú;

(i)

ceangal a chur ar CPL faoi réiteach ionstraimí nua úinéireachta a eisiúint, lena n-áirítear scaireanna tosaíochta agus ionstraimí in-chomhshóite teagmhasacha;

(j)

i dtaca le hionstraimí fiachais agus dliteanais eile den CPL, an chumhacht a n-aibíocht a leasú nó a athrú, an méid úis is iníoctha a leasú, nó an dáta a bheidh an t-ús iníoctha a leasú, lena n-áirítear an íocaíocht a chur ar fionraí ar feadh tréimhse shealadach;

(k)

clabhsúr a chur ar chonarthaí airgeadais agus iad a fhoirceannadh;

(l)

bord agus lucht bainistíochta sinsearaí de CPL faoi réiteach a scor nó bord eile a chur ina ionad;

(m)

ceangal a chur ar an údarás inniúil ceannaitheoir sealúchais cháilithigh a mheasúnú go tráthúil de mhaolú ar na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(n)

méid an chorrlaigh athrúcháin atá ag dul do chomhalta imréitigh CPL faoi réiteach a laghdú, lena n-áirítear é a laghdú go nialas;

(o)

suíomhanna oscailte agus aon sócmhainní gaolmhara, lena n-áirítear socruithe comhthaobhachta aistrithe teidil agus airgeadais urrúis ábhartha, socruithe fritháirimh, agus socruithe glanluachála, a aistriú ó chuntas an chomhalta imréitigh mainneachtana chuig comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana ar bhealach atá comhsheasmhach le hAirteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(p)

aon oibleagáidí conarthacha atá ar chomhaltaí imréitigh an CPL faoi réiteach agus atá gan íoc a fhorfheidhmiú nó, i gcás inar gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, staonadh ó na hoibleagáidí conarthacha sin a fhorfheidhmiú nó diall ar shlí eile ó rialacha oibríochta an CPL;

(q)

aon oibleagáidí conarthacha de chuid mháthairghnóthas an CPL faoi réiteach atá ann cheana agus atá gan íoc a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais a sholáthar don CPL trí ráthaíochtaí nó línte creidmheasa; agus

(r)

ceangal a chur ar chomhaltaí imréitigh ranníocaíochtaí breise in airgead tirim a sholáthar faoi réir na teorann dá dtagraítear in Airteagal 31.

Féadfaidh na húdaráis réitigh na cumhachtaí a fheidhmiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina n-aonar nó i gcomhcheangal.

2.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo agus i gcreat Státchabhrach an Aontais, ní bheidh an t-údarás imréitigh faoi réir aon chuid de na ceanglais seo a leanas i gcás ina bhfeidhmeoidh sé na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ceanglas maidir le faomhadh nó toiliú a fháil ó aon duine poiblí nó príobháideach;

(b)

ceanglais maidir le hionstraimí airgeadais, cearta, oibleagáidí, sócmhainní nó dliteanais CPL faoi réiteach nó CPL idirlinne a aistriú;

(c)

ceanglas maidir le fógra a thabhairt d’aon duine poiblí nó príobháideach;

(d)

ceanglas maidir le haon fhógra nó réamheolaire a fhoilsiú;

(e)

ceanglas le haon doiciméad a chomhdú nó a chlárú le haon údarás eile.

Airteagal 49

Cumhachtaí coimhdeacha

1.   I gcás ina bhfeidhmeofar cumhacht dá dtagraítear in Airteagal 48(1) den Rialachán seo, féadfaidh an t-údarás imréitigh aon cheann de na cumhachtaí coimhdeacha seo a leanas a fheidhmiú freisin:

(a)

faoi réir Airteagal 67, foráil d’aistriú a theacht i bhfeidhm atá saor ó aon dliteanas nó ualú a dhéanann difear do na hionstraimí airgeadais, cearta, oibleagáidí, sócmhainní nó dliteanais arna n-aistriú;

(b)

cearta a bhaint chun ionstraimí úinéireachta breise a fháil;

(c)

ceangal a chur ar an údarás ábhartha ligean isteach aon ionstraimí airgeadais lena dtrádáil ar mhargadh rialáilte, nó ar an liostú oifigiúil, a scor nó a chur ar fionraí arb ionstraimí iad arna n-eisiúint ag an CPL de bhun Threoir 2001/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25);

(d)

a fhoráil go ndéileálfar leis an gceannaitheoir nó leis an CPL idirlinne, de bhun Airteagail 40 agus 42 faoi seach, ionann is dá mba an CPL faoi réiteach é, chun críoch aon cheart atá ag an CPL faoi réiteach nó aon oibleagáidí atá air, nó aon ghníomhaíochtaí arna ndéanamh aige, lena n-áirítear aon chearta nó oibleagáidí a bhaineann le rannpháirtíocht i mbonneagar margaidh;

(e)

ceangal a chur ar an CPL faoi réiteach nó ar an gceannaitheoir nó ar an CPL idirlinne, i gcás inarb ábhartha, faisnéis agus cúnamh a chur ar fáil don pháirtí eile;

(f)

a fhoráil i ndáil leis an gcomhalta imréitigh ar faighteoir aon suíomhanna é a dhéantar a leithdháileadh air trí na cumhachtaí i bpointí (o) agus (p) d’Airteagal 48(1), go ngabhfaidh sé aon chearta nó oibleagáidí a bhaineann le rannpháirtíocht sa CPL i ndáil leis na suíomhanna sin air féin;

(g)

téarmaí conartha ina bhfuil an CPL faoi réiteach ina pháirtí a chealú nó a mhodhnú nó ina gcuirtear an ceannaitheoir nó an CPL idirlinne mar pháirtí in ionad an CPL faoi réiteach;

(h)

rialacha oibríochta an CPL faoi réiteach a mhodhnú nó a leasú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann lena théarmaí um inrochtaineacht ar imréiteach dá chomhaltaí imréitigh agus rannpháirtithe eile;

(i)

ballraíocht comhalta imréitigh a aistriú ón CPL faoi réiteach chuig ceannaitheoir an CPL nó CPL idirlinne.

Aon cheart cúitimh dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ní mheasfar gur dliteanas nó ualú é sin chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír.

2.   Féadfaidh an t-údarás réitigh foráil a dhéanamh do shocruithe leanúnachais is gá lena áirithiú go mbeidh an ghníomhaíocht réitigh éifeachtach agus go bhféadfaidh an ceannaitheoir nó an CPL idirlinne an ghnólacht arna aistriú a oibriú. Féadtar a chuimsiú leis na socruithe leanúnachais sin:

(a)

leanúnachas conarthaí a rinne an CPL faoi réiteach, chun go nglacfaidh an ceannaitheoir nó an CPL idirlinne cearta agus dliteanais an CPL faoi réiteach a bhaineann le haon ionstraim airgeadais, ceart, oibleagáid, sócmhainn nó dliteanas a aistríodh agus chun dul in ionad an CPL faoi réiteach, go sainráite nó go hintuigthe, sna doiciméid chonarthacha ábhartha ar fad;

(b)

an ceannaitheoir nó an CPL idirlinne a chur in ionad an CPL faoi réiteach in aon imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le haon ionstraim airgeadais, ceart, oibleagáid, sócmhainn nó dliteanas a aistríodh.

3.   Ní dhéanfaidh na cumhachtaí dá bhforáiltear i bpointe (d) de mhír 1 agus pointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo difear do na nithe seo a leanas:

(a)

ceart fostaí an CPL conradh fostaíochta a fhoirceannadh; ná

(b)

faoi réir Airteagail 55, 56 agus 57, cearta conarthacha páirtí i gconradh a fheidhmiú, lena n-áirítear an ceart chun foirceanta, i gcás ina bhforálfar amhlaidh i dtéarmaí an chonartha, más toradh é ar ghníomh nó neamhghníomh a rinne an CPL roimh an aistriú, nó a rinne an ceannaitheoir nó an CPL idirlinne tar éis an aistrithe.

Airteagal 50

Bainistíocht speisialta

1.   Féadfaidh an t-údarás réitigh bainisteoir speisialta amháin nó níos mó a cheapadh chun a chur in ionad bord CPL faoi réiteach. Is duine de dhea-cháil leordhóthanach a bheidh sa bhainisteoir speisialta agus beidh saineolas leordhóthanach ag an mbainisteoir ar sheirbhísí airgeadais, bainistíocht riosca agus seirbhísí imréitigh i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

2.   Beidh cumhachtaí ar fad na scairshealbhóirí agus bhord an CPL ag an mbainisteoir speisialta. Ní dhéanfaidh an bainisteoir speisialta na cumhachtaí sin a fheidhmiú ach amháin faoi rialú an údaráis réitigh. Féadfaidh an t-údarás réitigh teorainn a chur le gníomhaíochtaí an bhainisteora speisialta nó toiliú a éileamh roimh ré do ghníomhartha áirithe.

An ceapachán dá dtagraítear i mír 1 agus na téarmaí agus na coinníollacha a ghabhann leis an gceapachán sin, cuirfidh an t-údarás réitigh ar fáil don phobal é.

3.   Ceapfar an bainisteoir speisialta ar feadh tréimhse nach faide ná bliain amháin. Féadfaidh an t-údarás réitigh an tréimhse sin a athnuachan nuair is gá chun cuspóirí an réitigh a bhaint amach.

4.   Déanfaidh an bainisteoir speisialta gach beart is gá le cuspóirí an réitigh a chur chun cinn agus gníomhaíochtaí réitigh arna ndéanamh ag an údarás réitigh a chur chun feidhme. I gcás neamhréireachta nó coinbhleachta, beidh sáraíocht ag an dualgas reachtúil sin ar aon dualgas bainistíochta eile i gcomhréir le reachtanna an CPL nó an dlí náisiúnta.

5.   Tarraingeoidh an bainisteoir speisialta tuarascálacha suas don údarás réitigh ceapacháin ar eatraimh thráthrialta arna leagan amach ag an údarás réitigh agus ag tús théarma a shainordaithe agus ag deireadh théarma a shainordaithe. Beidh tuairisc mhionsonraithe sna tuarascálacha sin ar staid airgeadais an CPL agus sonrófar na cúiseanna a bheidh leis na bearta a dhéanfar.

6.   Féadfaidh an t-údarás réitigh an bainisteoir speisialta a chur as oifig am ar bith. I gcás ar bith, cuirfidh sé an bainisteoir speisialta as oifig sna cásanna seo a leanas:

(a)

beidh ag cliseadh ar an mbainisteoir speisialta na dualgais a chur i gcrích i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha arna leagan amach ag an údarás réitigh;

(b)

b’fhearr a bhainfí cuspóirí an réitigh amach tríd an mbainisteoir speisialta a chur as oifig nó bainisteoir eile a chur ina ionad; nó

(c)

ní chomhlíontar coinníollacha an cheapacháin níos mó.

Airteagal 51

An chumhacht soláthar seirbhísí agus saoráidí a éileamh

1.   Féadfaidh an t-údarás réitigh a cheangal ar CPL faoi réiteach, ar aon eintiteas sa ghrúpa céanna leis an CPL nó ar aon cheann de chomhaltaí imréitigh an CPL aon seirbhísí nó saoráidí is gá a sholáthar chun a chur ar chumas ceannaitheora nó CPL idirlinne an gnólacht a aistreofar chuige a oibriú go héifeachtach.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír beag beann ar eintiteas sa ghrúpa céanna leis an CPL nó ceann amháin de chomhaltaí réitigh an CPL a bheith i ndiaidh dul i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta nó a bheith faoi réiteach é féin.

2.   Féadfaidh an t-údarás réitigh oibleagáidí a fhorfheidhmiú arna bhforchur, de bhun mhír 1, ag údaráis réitigh i mBallstáit eile ina bhfeidhmítear na cumhachtaí sin maidir le heintitis sa ghrúpa céanna leis an CPL faoi réiteach, nó maidir le comhaltaí imréitigh an CPL sin.

3.   Ní áireofar aon chineál tacaíochta airgeadais sna seirbhísí agus sna saoráidí dá dtagraítear i mír 1.

4.   Soláthrófar na seirbhísí agus na saoráidí dá bhforáiltear de bhun mhír 1:

(a)

de réir na dtéarmaí tráchtála céanna inar soláthraíodh iad don CPL go díreach sular cuireadh an ghníomhaíocht réitigh i gcrích, i gcás inarb ann do chomhaontú chun críocha na seirbhísí agus na saoráidí sin a sholáthar; nó

(b)

de réir téarmaí tráchtála réasúnacha, i gcás nach ann do chomhaontú chun críocha na seirbhísí agus na saoráidí sin a sholáthar nó i gcás go ndeachaigh an comhaontú sin in éag.

Airteagal 52

Cumhacht Ballstát eile chun bearta coiscthe géarchéime nó gníomhaíochtaí réitigh a fhorfheidhmiú

1.   I gcás ina mbeidh ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPL faoi réiteach lonnaithe i mBallstát, nó arna rialú faoi dhlí Bhallstáit, seachas Ballstát an údaráis réitigh, beidh éifeacht ag aon aistriú nó gníomhaíocht réitigh i leith na n-ionstraimí, na sócmhainní, na gceart, na n-oibleagáidí nó na ndliteanas sin i gcomhréir le dlí an Bhallstáit eile sin.

2.   Cuirfidh údaráis na mBallstát ábhartha eile gach cúnamh is gá ar fáil d’údarás réitigh Bhallstáit lena áirithiú go n-aistreofar aon ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais chuig an gceannaitheoir nó CPL idirlinne nó sula ngabhfaidh éifeacht le haon ghníomhaíocht eile réitigh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

3.   Scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus tríú páirtithe dá ndéantar difear le haistriú ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh siad i dteideal an t-aistriú sin a chosc, a cheistiú ná a chur i leataobh faoi dhlí an Bhallstáit ina bhfuil na sócmhainní lonnaithe nó faoi dhlí an Bhallstáit a rialaíonn aistriú na n-ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, ceart, oibleagáidí nó dliteanas.

4.   I gcás ina gcuirfidh údarás réitigh Ballstáit na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagail 28 go 32 i bhfeidhm, agus i gcás ina n-áireofar ar chonarthaí, dliteanais, ionstraimí úinéireachta nó ionstraimí fiachais an CPL faoi réiteach ionstraimí, conarthaí nó dliteanais arna rialú faoi dhlí Ballstáit eile, nó dliteanais atá dlite do chreidiúnaithe agus conarthaí i leith comhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, a gcliaint atá lonnaithe sa Bhallstát eile sin, áiritheoidh na húdaráis ábhartha sa Bhallstát eile sin go ngabhfaidh éifeacht le haon ghníomhaíocht a dhéanfar de bharr na n-uirlisí réitigh sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, i gcás scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus comhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, a gcliant dá ndéanann na huirlisí réitigh sin difear, ní bheidh siad i dteideal agóid a dhéanamh i gcoinne an laghdaithe ar an bpríomhshuim nó an méid is iníoctha den ionstraim nó dliteanas nó a chomhshó nó a athstruchtúrú, de réir mar a bheidh, ach faoi dhlí Bhallstát an údaráis réitigh.

5.   Cinnfear na cearta agus na coimircí seo a leanas i gcomhréir le dlí Bhallstát an údaráis réitigh:

(a)

an ceart atá ag scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus tríú páirtithe achomharc a dhéanamh de bhun Airteagal 74 i gcoinne aistriú ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

(b)

an ceart atá ag creidiúnaithe dá ndéantar difear achomharc a dhéanamh de bhun Airteagal 74 i gcoinne laghdú a dhéanamh ar an bpríomhshuim nó ar an méid is iníoctha nó ar chomhshó nó ar athstruchtúrú ionstraime, dliteanais nó conartha a chumhdaítear le mír 4 den Airteagal seo; agus

(c)

na coimircí i gcomhair aistrithe páirteacha, dá dtagraítear i gCaibidil V, maidir le sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 53

Cumhacht maidir le sócmhainní, conarthaí, cearta, dliteanais, oibleagáidí agus ionstraimí úinéireachta daoine atá lonnaithe i dtríú tíortha nó a rialaítear le dlí tríú tíortha

1.   I gcás ina mbainfidh gníomhaíocht réitigh le sócmhainní nó conarthaí daoine atá lonnaithe i dtríú tír nó ionstraimí úinéireachta, cearta, oibleagáidí nó dliteanais arna rialú le dlí tríú tír, féadfaidh an t-údarás ceanglas a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh an CPL faoi réiteach agus faighteoir na sócmhainní, na gconarthaí, na n-ionstraimí úinéireachta, na gceart, na n-oibleagáidí nó na ndliteanas sin gach beart is gá chun a áirithiú go ngabhfaidh éifeacht leis an ngníomhaíocht;

(b)

beidh na hionstraimí úinéireachta, sócmhainní nó cearta ag an CPL faoi réiteach nó glanfaidh an CPL faoi réiteach na dliteanais agus na hoibleagáidí ar son an fhaighteora go dtí go bhfuil an beart éifeachtach;

(c)

déanfar costais réasúnacha an fhaighteora arna dtabhú go cuí i dtaca le haon bheart a chur i gcrích faoi phointí (a) agus (b) den mhír seo a aisíoc ar aon slí dá dtagraítear in Airteagal 27(10).

2.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, ceanglóidh an t-údarás réitigh ar an CPL a áirithiú go n-áireofar foráil ina chonarthaí agus i gcomhaontuithe eile le comhaltaí imréitigh agus sealbhóirí ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais atá lonnaithe i dtríú tíortha nó atá faoi rialú dlí tríú tíortha, go gcomhaontóidh siad a bheith faoi cheangal ag aon ghníomhaíocht i leith a sócmhainní, a gconarthaí, a gcearta, a n-oibleagáidí agus a ndliteanais a dhéanfaidh an t-údarás réitigh, lena n-áirítear Airteagail 28, 32, 55, 56 agus 57 a chur i bhfeidhm.

Féadfaidh an t-údarás réitigh ceangal a chur ar an CPL a áirithiú go n-áireofar foráil den sórt sin ina chonarthaí agus i gcomhaontuithe eile le sealbhóirí dliteanas eile atá lonnaithe i dtríú tíortha nó atá faoi rialú dlí tríú tíortha. Féadfaidh an t-údarás réitigh ceangal a chur ar an CPL tuairim dhlíthiúil réasúnaithe ó shaineolaí neamhspleách dlí a thabhairt dó lena ndearbhaítear infhorfheidhmitheacht dlí agus éifeachtacht na bhforálacha sin.

3.   I gcás nach mbeidh éifeacht leis an ngníomhaíocht réitigh dá dtagraítear i mír 1, beidh an gníomh sin neamhbhailí maidir leis na hionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais lena mbaineann.

Airteagal 54

Eisiamh téarmaí conarthacha áirithe le linn luath-idirghabhála agus le linn réitigh

1.   Beart coiscthe géarchéime nó gníomhaíocht réitigh a dhéanfar i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó aon teagmhas a bhaineann go díreach leis an ngníomhaíocht sin a chur i bhfeidhm, ní mheasfar gur imeachtaí dócmhainneachta, teagmhas forfheidhmithe ná teagmhas mainneachtana de réir bhrí Threoir 2002/98/26/CE, Threoir 2002/47/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 faoi seach iad, ar choinníoll go leanfar de na hoibleagáidí substainteacha faoin gconradh, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le híocaíocht agus seachadadh, agus soláthar comhthaobhachta, a fheidhmiú.

Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, imeachtaí réitigh tríú tíortha a aithnítear de bhun Airteagal 77, nó thairis sin i gcás ina gcinnfidh an t-údarás réitigh amhlaidh, measfar gur gníomhaíocht réitigh iad sin a dhéanfar i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Ní bhainfear úsáid as gníomhaíocht coiscthe géarchéime nó gníomhaíocht réitigh dá dtagraítear i mír 1 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

aon fhoirceannadh, fionraí, modhnú, glanluacháil nó cearta fritháirimh a fheidhmiú, lena n-áirítear conradh a rinne aon eintiteas den ghrúpa ar leis an CPL lena n-áirítear forálacha nó oibleagáidí trasmhainneachtana a ráthaítear nó lena bhfuil tacaíocht ó aon eintiteas grúpa thairis sin;

(b)

maidir le haon urrús ar aon mhaoin den CPL lena mbaineann nó aon eintiteas grúpa maidir le conradh lena n-áirítear forálacha trasmhainneachtana, seilbh a fháil orthu, rialú a dhéanamh orthu nó iad a fhorfheidhmiú; nó

(c)

difear a dhéanamh d’aon chearta conarthacha atá ag an CPL lena mbaineann nó atá ag aon eintiteas grúpa maidir le conradh lena n-áirítear forálacha trasmhainneachtana.

Airteagal 55

An chumhacht oibleagáidí áirithe a chur ar fionraí

1.   Féadfaidh an t-údarás réitigh aon oibleagáidí íocaíochta nó seachadta den dá chontrapháirtí a chur ar fionraí i gconradh ar bith a rinne CPL faoi réiteach ó fhoilsiú an fhógra fionraí i gcomhréir le hAirteagal 72 go deireadh an lae oibre tar éis an fhoilsithe sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, ciallóidh deireadh an lae oibre meánoíche i mBallstát an údaráis réitigh.

2.   I gcás ina mbeadh oibleagáid íocaíochta nó seachadta dlite le linn na tréimhse fionraí, beidh an oibleagáid íocaíochta nó seachadta dlite go díreach ar dhul in éag don tréimhse fionraí.

3.   Ní fheidhmeoidh an t-údarás réitigh an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 maidir le hoibleagáidí íocaíochta agus seachadta atá dlite do chórais nó d’oibreoirí córas arna n-ainmniú chun críocha Threoir 98/26/CE, CPLanna eile, agus bainc cheannais.

Airteagal 56

Cumhacht chun teorainn a chur le leasanna urrúis a fhorfheidhmiú

1.   Féadfaidh an t-údarás réitigh cosc a chur ar chreidiúnaithe urraithe CPL faoi réiteach leasanna urrúis a fhorfheidhmiú maidir le haon sócmhainní den CPL sin faoi réiteach ó fhoilsiú fhógra an tsrianta i gcomhréir le hAirteagal 72 go deireadh an lae oibre tar éis an fhoilsithe sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, ciallóidh deireadh an lae oibre meánoíche i mBallstát an údaráis réitigh.

2.   Ní fheidhmeoidh an t-údarás réitigh an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 i ndáil le haon leas urrúis córas nó oibreoirí córas arna n-ainmniú chun críocha Threoir 98/26/CE, CPLanna eile agus bainc cheannais, ar shócmhainní arna ngealladh nó arna soláthar mar chorrlach ag an CPL faoi réiteach.

Airteagal 57

Cumhacht chun cearta foirceanta a chur ar fionraí go sealadach

1.   Féadfaidh an t-údarás réitigh cearta foirceanta aon pháirtí i gconradh le CPL faoi réiteach a chur ar fionraí ó fhoilsiú fhógra an fhoirceanta i gcomhréir le hAirteagal 72 go deireadh an lae oibre tar éis an fhoilsithe sin, ar choinníoll go leanfar de bheith ag feidhmiú oibleagáidí íocaíochta agus seachadta agus soláthar comhthaobhachta.

Chun críocha na chéad fhomhíre, ciallóidh deireadh an lae oibre meánoíche i mBallstát an údaráis réitigh.

2.   Ní fheidhmeoidh an t-údarás réitigh an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 i ndáil le córais nó oibreoirí córas arna n-ainmniú chun críocha Threoir 98/26/CE, CPLanna eile agus bainc cheannais.

3.   Féadfaidh páirtí i gconradh ceart foirceanta a fheidhmiú faoin gconradh sin roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina bhfaighidh an páirtí sin fógra ón údarás réitigh nach mbeidh na cearta agus na dliteanais arna gcumhdach leis an gconradh:

(a)

á n-aistriú chuig eintiteas eile; nó

(b)

faoi réir díluachála, comhshó, nó cur i bhfeidhm uirlis réitigh chun caillteanais agus suíomhanna a leithdháileadh.

4.   I gcás nár tugadh an fógra dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, féadfar cearta foirceanta a fheidhmiú ar dhul in éag don tréimhse fionraí, faoi réir Airteagal 54, mar a leanas:

(a)

i gcás inar aistríodh na cearta agus na dliteanais arna gcumhdach leis an gconradh chuig eintiteas eile, féadfaidh contrapháirtí cearta foirceanta a fheidhmiú i gcomhréir le téarmaí an chonartha sin sa chás sin amháin inarb é an faighteoir is cúis leis an teagmhas forfheidhmithe a bheith ann nó é leanúint ar aghaidh;

(b)

i gcás ina bhfanfaidh na cearta agus na dliteanais arna gcumhdach leis an gconradh ag an CPL, féadfaidh contrapháirtí ceart foirceanta a fheidhmiú i gcomhréir leis na coinníollacha maidir le foirceannadh a leagtar amach sa chonradh idir an CPL agus an contrapháirtí ábhartha más rud é go dtarlóidh an teagmhas forfheidhmithe, nó go leanfaidh sé ar aghaidh, tar éis dhul in éag d’fhionraí faoi mhír 1 den Airteagal seo, agus sa chás sin amháin.

Airteagal 58

An chumhacht rialú a dhéanamh ar an CPL

1.   Féadfaidh an t-údarás réitigh rialú a dhéanamh ar an CPL faoi réiteach chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

gníomhaíochtaí agus seirbhísí an CPL a bhainistiú, agus cumhachtaí a scairshealbhóirí agus a bhoird á bhfeidhmiú aige;

(b)

dul i gcomhairle leis an gcoiste riosca;

(c)

sócmhainní agus maoin an CPL faoi réiteach a bhainistiú agus a dhiúscairt.

Féadfaidh an t-údarás réitigh an rialú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhéanamh go díreach nó féadfaidh bainisteoir speisialta arna cheapadh ag an údarás réitigh i gcomhréir le hAirteagal 50(1) a dhéanamh amhlaidh go hindíreach.

2.   I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás réitigh rialú ar an CPL, ní mheasfar gur cúlstiúrthóir nó stiúrthóir de facto é an t-údarás réitigh faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 59

Feidhmiú cumhachtaí ag údaráis réitigh

Gan dochar d’Airteagal 74, déanfaidh údaráis réitigh gníomhaíochtaí réitigh trí ordú feidhmiúcháin i gcomhréir le hinniúlachtaí agus nósanna imeachta riaracháin náisiúnta.

CAIBIDIL V

Coimircí

Airteagal 60

Prionsabal gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as

I gcás ina gcuirfidh an t-údarás réitigh uirlis réitigh amháin nó níos mó i bhfeidhm, áiritheoidh sé nach dtabhóidh scairshealbhóirí, comhaltaí imréitigh ná creidiúnaithe eile caillteanais ar mó iad ná mar a thabhóidís mura ndéanfadh an t-údarás réitigh gníomhaíocht réitigh i ndáil leis an CPL tráth a mheas an t-údarás réitigh gur comhlíonadh na coinníollacha réitigh de bhun Airteagal 22(1) agus gur foirceannadh an CPL ina ionad sin faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, tar éis chur i bhfeidhm iomlán na n-oibleagáidí conarthacha is infheidhme agus na socruithe eile ina rialacha oibríochta.

Airteagal 61

Luacháil i leith an iarratais ar an bprionsabal gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as

1.   Chun críocha comhlíonadh a mheas maidir leis an bprionsabal gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as mar a leagtar síos in Airteagal 60, áiritheoidh an t-údarás réitigh go ndéanfaidh duine neamhspleách luacháil chomh luath agus is féidir tar éis chur i gcrích na gníomhaíochta réitigh nó na ngníomhaíochtaí réitigh.

2.   Áireofar sa luacháil dá dtagraítear i mír 1:

(a)

an chaoi a gcaithfí le scairshealbhóirí, comhaltaí imréitigh agus creidiúnaithe eile mura mbeadh an t-údarás réitigh tar éis gníomhaíocht réitigh a dhéanamh maidir leis an CPL tráth a mheas an t-údarás réitigh gur comhlíonadh na coinníollacha réitigh de bhun Airteagal 22(1) agus i gcás go mbeadh an CPL foirceanta ina ionad sin faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, tar éis chur i bhfeidhm iomlán na n-oibleagáidí conarthacha is infheidhme agus na socruithe eile ina rialacha oibríochta;

(b)

an chaoi ar caitheadh go hiarbhír le scairshealbhóirí, comhaltaí imréitigh agus creidiúnaithe eile le linn an CPL a réiteach;

(c)

an bhfuil nó nach bhfuil aon difríocht ann idir an chaoi a gcaitear leo dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus an chaoi a gcaitear leo dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo.

3.   Chun na cóireálacha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a ríomh, bainfidh an méid seo a leanas leis an luacháil dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ní thabharfar aird ar aon soláthar de thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách don CPL faoi réiteach, de chúnamh leachtachta éigeandála ó bhanc ceannais, nó de chúnamh leachtachta ó bhanc ceannais a sholáthraítear faoi chomhthaobhacht neamhchaighdeánach, faoi aibíocht agus faoi théarmaí rátaí úis;

(b)

bunófar í ar na caillteanais a thabhódh comhaltaí imréitigh agus creidiúnaithe eile go réalaíoch, dá mba rud é go ndearnadh an CPL a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, tar éis chur i bhfeidhm iomlán na n-oibleagáidí conarthacha is infheidhme agus na socruithe eile ina rialacha oibríochta;

(c)

cuirfear san áireamh inti meastachán atá réasúnach ó thaobh na tráchtála de ar na costais athsholáthair dhírigh, lena n-áirítear aon cheanglais chorrlaigh bhreise, arna dtabhú ag na comhaltaí imréitigh chun a nglansuíomhanna inchomparáide sa mhargadh a athoscailt laistigh de thréimhse iomchuí trí dhálaí éifeachtacha an mhargaidh a bhreithniú, lena n-áirítear doimhneacht an mhargaidh agus cumas an mhargaidh méid ábhartha na nglansuíomhanna sin a idirbheartú laistigh den tréimhse sin; agus

(d)

bunófar í ar mhodheolaíocht phraghsála an CPL féin mura rud é nach léiríonn an mhodheolaíocht sin i gcomhair praghsanna a chinneadh dálaí éifeachtacha an mhargaidh.

Léireoidh fad na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír impleachtaí an dlí dócmhainneachta is infheidhme agus saintréithe na nglansuíomhanna ábhartha.

4.   Beidh an luacháil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo éagsúil leis an luacháil arna déanamh faoi Airteagal 24(3).

5.   Déanfaidh ESMA, agus na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagail 49(5) agus 74(4) de Threoir 2014/59/AE á gcur san áireamh, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, ina sonrófar an mhodheolaíocht chun an luacháil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh, lena n-áirítear ríomh na gcaillteanas tar éis leachtú a eascraíonn as na costais dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír (3) den Airteagal seo dá mba rud é go ndearnadh an CPL a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, tar éis chur i bhfeidhm iomlán na n-oibleagáidí conarthacha is infheidhme agus na socruithe eile ina rialacha oibríochta.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Feabhra 2022.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 62

Coimirce i gcomhair scairshealbhóirí, comhaltaí imréitigh agus creidiúnaithe eile

I gcás, i gcomhréir leis an luacháil a rinneadh faoi Airteagal 61, ina dtabhóidh aon scairshealbhóir, comhalta imréitigh nó creidiúnaí eile caillteanais níos mó ná mar a thabhódh sé mura mbeadh gníomhaíocht réitigh déanta ag an údarás réitigh maidir leis an CPL agus dá mba rud é go ndearnadh an CPL a fhoirceannadh ina ionad sin faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, tar éis chur i bhfeidhm iomlán na n-oibleagáidí conarthacha is infheidhme nó socruithe eile ina rialacha oibríochta, beidh an scairshealbhóir, an comhalta imréitigh nó an creidiúnaí eile sin i dteideal íocaíocht na difríochta a fháil.

Airteagal 63

Cosaint do chliaint agus do chliaint indíreacha

1.   Sna socruithe conarthacha lena gceadaítear do chomhaltaí imréitigh iarmhairtí diúltacha na n-uirlisí réitigh a chur ar aghaidh chuig a gcliaint, áireofar freisin, ar bhonn coibhéiseach, comhréireach, ceart na gcliant ar aon chúiteamh a gheobhaidh comhaltaí imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 27(6) nó aon choibhéis airgid thirim den chúiteamh sin nó aon fháltais a gheobhaidh siad tar éis éileamh arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 62 a mhéid a bhaineann na fáltais sin le suíomhanna cliaint. Beidh feidhm ag na forálacha sin freisin maidir le socruithe conarthacha na gcliant agus na gcliant indíreach a chuireann seirbhísí imréitigh indíreacha ar fáil dá gcliaint.

2.   Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a shonrú, ar bhealach trédhearcach, a mhéid a cheadaítear le rúndacht socruithe conarthacha, na coinníollacha faoina gceanglaítear cúiteamh, coibhéis airgid thirim an chúitimh sin nó aon fháltais dá dtagraítear i mír 1 a chur ar aghaidh, agus na coinníollacha faoina measfar é, í nó iad sin a bheith comhréireach.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Feabhra 2022.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 64

Íocaíochtaí a aisghabháil

Déanfaidh an t-údarás réitigh, mar chreidiúnaí fabhraithe agus a mhéid is féidir, aon speansais réasúnacha arna dtabhú i ndáil le híocaíocht dá dtagraítear in Airteagal 62 a aisghabháil ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

ón CPL faoi réiteach, mar chreidiúnaí fabhraithe;

(b)

ó aon chomaoin a íocann ceannaitheoir i gcás inar cuireadh an uirlis díolta gnó i bhfeidhm;

(c)

ó aon fháltais a ghintear de thoradh fhoirceannadh an CPL idirlinne.

Airteagal 65

Beart coimirce do chontrapháirtithe in aistrithe páirteacha

Beidh feidhm ag na cosaintí dá bhforáiltear in Airteagail 66, 67 agus 68 sna cúinsí seo a leanas:

(a)

i gcás ina n-aistreoidh an t-údarás réitigh cuid de na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPL faoi réiteach chuig ceannaitheoir nó, le linn uirlis réitigh a chur i bhfeidhm, ó CPL idirlinne chuig ceannaitheoir; agus

(b)

i gcás ina bhfeidhmeoidh an t-údarás réitigh na cumhachtaí dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 49(1).

Airteagal 66

Socruithe i dtaobh comhthaobhacht airgeadais, fritháireamh agus glanluacháil a chosaint

Áiritheoidh an t-údarás réitigh nach gcuirfear uirlis réitigh i bhfeidhm, seachas an uirlis leithdháilte suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 29, ar bhealach ina aistreofar cuid de na cearta agus de na dliteanais ach gan iad ar fad faoi shocrú comhthaobhacht airgeadais aistrithe teidil, socrú fritháirimh nó socrú glanluachála idir CPL faoi réiteach agus páirtithe eile sna socruithe, ná ar bhealach ina ndéanfar na cearta agus na dliteanais a mhodhnú nó a fhoirceannadh faoi na socruithe sin trí bhíthin cumhachtaí coimhdeacha a úsáid.

Áireofar sna socruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír aon socrú ina bhfuil na páirtithe i dteideal na cearta sin agus na dliteanais sin a fhritháireamh nó a ghlanluacháil.

Airteagal 67

Cosaint i gcomhair socruithe urrúis

Áiritheoidh an t-údarás réitigh nach gcuirfear uirlis réitigh i bhfeidhm ar bhealach go mbeidh aon chuid de na nithe seo a leanas amhlaidh maidir le socruithe urrúis idir CPL faoi réiteach agus páirtithe eile sna socruithe sin:

(a)

aistriú sócmhainní a bhfuil an dliteanas arna urrú ina gcoinne mura ndéantar dliteanas agus sochar an urrúis a aistriú freisin;

(b)

aistriú dliteanais urraithe mura ndéantar sochar an urrúis a aistriú freisin;

(c)

aistriú shochar an urrúis mura ndéantar an dliteanas urraithe a aistriú freisin;

(d)

modhnú nó foirceannadh socrú urrúis trí úsáid cumhachtaí coimhdeacha, arb é an éifeacht a bheidh leis an modhnú sin nó leis an bhfoirceannadh sin go scoirfidh an dliteanas a bheith urraithe.

Airteagal 68

Cosaint i gcomhair socruithe airgeadais struchtúrtha agus bannaí faoi chumhdach

Áiritheoidh an t-údarás réitigh nach gcuirfear uirlis réitigh i bhfeidhm ar bhealach ina mbeidh aon chuid de na nithe seo a leanas amhlaidh maidir le socruithe airgeadais struchtúrtha, lena n-áirítear bannaí faoi chumhdach:

(a)

cuid de na sócmhainní, cearta agus dliteanais ach gan iad ar fad, a chomhdhéanann socrú airgeadais struchtúrtha, nó atá mar chuid de, ina bhfuil an CPL faoi réiteach ina pháirtí, cuid díobh sin a aistriú;

(b)

na sócmhainní, cearta agus dliteanais ar sócmhainní, cearta agus dliteanais iad a chomhdhéanann socrú airgeadais struchtúrtha, nó atá mar chuid de, ina bhfuil an CPL faoi réiteach ina pháirtí, a fhoirceannadh nó a mhodhnú trí úsáid a bhaint as cumhachtaí coimhdeacha;

Chun críocha na chéad fhomhíre, aireofar sna socruithe airgeadais struchtúrtha urrúsacháin agus ionstraimí a úsáidtear chun críoch fálaithe atá ina gcuid lárnach den chomhthiomsú cumhdaigh agus a ndéantar iad a urrú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar bhealach comhchosúil le bannaí cumhdaithe, lena gcuimsítear deonú agus sealbhú urrúis ag páirtí sa socrú nó ag iontaobhaí, gníomhaire nó ainmnitheach.

Airteagal 69

Aistrithe páirteacha: córais um thrádáil, imréiteach agus socraíocht a chosaint

1.   Áiritheoidh an t-údarás réitigh nach gcuirfear uirlis réitigh i bhfeidhm ar bhealach ina ndéanfar difear d’oibriú córas agus rialacha córas arna gcumhdach le Treoir 98/26/CE, i gcás ina ndéanfaidh an t-údarás réitigh na nithe seo a leanas:

(a)

cuid de na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPL faoi réiteach, ach ní hiad ar fad, a aistriú chuig eintiteas eile;

(b)

téarmaí conartha a chealú nó a leasú ina bhfuil an CPL faoi réiteach ina pháirtí nó ceannaitheoir nó CPL idirlinne a chur in ionad páirtí.

2.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh an t-údarás réitigh nach gcuirfear uirlis réitigh i bhfeidhm ar bhealach go mbeidh aon chuid de na torthaí seo a leanas ann:

(a)

ordú aistrithe a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 98/26/CE;

(b)

tionchar a imirt ar infhorfheidhmitheacht orduithe aistrithe agus glanluachála mar a cheanglaítear le hAirteagail 3 agus 5 de Threoir 98/26/CE;

(c)

tionchar a imirt ar úsáid cistí, urrús nó saoráidí creidmheasa mar a cheanglaítear le hAirteagal 4 de Threoir 98/26/CE;

(d)

tionchar a imirt ar chosaint urrús comhthaobhachta mar a cheanglaítear le hAirteagal 9 de Threoir 98/26/CE.

CAIBIDIL VI

Oibleagáidí nós imeachta

Airteagal 70

Ceanglais fógartha

1.   Tabharfaidh an CPL fógra don údarás inniúil i gcás ina measfaidh sé go bhfuil ag cliseadh air nó gur dócha go gclisfear air faoi mar a thagraítear dó sin in Airteagal 22(2),.

2.   Cuirfidh an t-údarás inniúil an t-údarás réitigh ar an eolas faoi aon fhógraí arna bhfáil faoi mhír 1 agus faoi aon téarnamh nó aon bhearta eile i gcomhréir le Teideal IV a chuireann an t-údarás inniúil de cheangal ar an CPL a dhéanamh.

Cuirfidh an t-údarás inniúil an t-údarás réitigh ar an eolas faoi aon chás éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bhaineann le CPL agus faoi aon fhógra arna fháil i gcomhréir le hAirteagal 48 den Rialachán sin.

3.   I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil nó údarás réitigh go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 22(1) nó in Airteagal 22(3) comhlíonta maidir le CPL, tabharfaidh sé fógra gan moill mhíchuí do na comhlachtaí seo a leanas:

(a)

an t-údarás inniúil nó réitigh don CPL sin;

(b)

an t-údarás inniúil do mháthairghnóthas an CPL;

(c)

an banc ceannais;

(d)

an aireacht inniúil;

(e)

BERS agus an t-údarás náisiúnta macrastuamachta ainmnithe; agus

(f)

an coláiste maoirseachta agus an coláiste réitigh don CPL sin.

Airteagal 71

Cinneadh an údaráis inniúil

1.   Tar éis fógra a fháil ón údarás inniúil de bhun Airteagal 70(3), cinnfidh an t-údarás réitigh an bhfuil gá le haon ghníomhaíocht réitigh.

2.   Sa chinneadh an ndéanfar gníomhaíocht réitigh i ndáil le CPL nó nach ndéanfar, beidh eolas ar na nithe seo a leanas:

(a)

measúnú an údaráis réitigh i dtaobh an gcomhlíonann an CPL na coinníollacha maidir le réiteach;

(b)

aon ghníomhaíocht atá ar intinn ag an údarás réitigh a dhéanamh, lena n-áirítear an cinneadh maidir le hiarratas a dhéanamh ar fhoirceannadh, riarthóir a cheapadh nó aon bheart eile faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta is infheidhme.

Airteagal 72

Oibleagáidí nós imeachta na n-údarás réitigh

1.   Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra don choláiste réitigh faoi na gníomhaíochtaí réitigh atá ar intinn aige a dhéanamh. Cuirfear in iúl freisin san fhógra sin cé acu atá nó nach bhfuil na gníomhaíochtaí réitigh ag diall ón bplean réitigh.

Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra do na húdaráis seo a leanas, a luaithe is indéanta tar éis gníomhaíocht réitigh a dhéanamh:

(a)

an CPL faoi réiteach;

(b)

an coláiste réitigh;

(c)

an t-údarás náisiúnta macrastuamachta ainmnithe agus BERS;

(d)

an Coimisiún, BCE agus EIOPA; agus

(e)

oibreoirí na gcóras a chumhdaítear le Treoir 98/26/CE ina mbíonn an CPL atá faoi réiteach rannpháirteach.

2.   Leis an bhfógra dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, beidh cóip d’aon ordú nó ionstraim trína ndéantar an ghníomhaíocht ábhartha agus luafar ann an dáta óna mbeidh feidhm ag an ngníomhaíocht réitigh.

San fhógra a thabharfar don choláiste réitigh de bhun an dara fomhír de mhír 1, tabharfar na cúiseanna le haon diall ón bplean réitigh.

3.   Foilseofar cóip den ordú nó ionstraim faoina ndéantar an ghníomhaíocht réitigh, nó fógra ina dtugtar achoimre ar éifeachtaí na gníomhaíochta réitigh agus, más infheidhme, na téarmaí agus an tréimhse fionraí nó srianta dá dtagraítear in Airteagail 55, 56 agus 57 den Rialachán seo, foilseofar iad sna háiteanna seo uile a leanas:

(a)

suíomh gréasáin an údaráis réitigh;

(b)

suíomh gréasáin an údaráis inniúil, murab ionann é agus an t-údarás réitigh, agus suíomh gréasáin ESMA;

(c)

suíomh gréasáin an CPL atá faoi réiteach; agus

(d)

i gcás ina ligfear isteach ionstraimí úinéireachta nó ionstraimí fiachais an CPL atá faoi réiteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, an modh a úsáidtear maidir le nochtadh faisnéis rialáilte faoin CPL atá faoi réiteach de bhun Airteagal 21(1) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26).

4.   I gcás nach ligfear isteach na hionstraimí úinéireachta nó na hionstraimí fiachais chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, áiritheoidh an t-údarás réitigh go seolfar na doiciméid lena gcuirtear cruthúnas an ordaithe dá dtagraítear i mír 3 chuig sealbhóirí ionstraimí úinéireachta agus creidiúnaithe an CPL atá faoi réiteach, sealbhóirí a bhfuil an t-údarás réitigh eolach fúthu trí chláir nó trí bhunachair sonraí an CPL atá faoi réiteach.

Airteagal 73

Rúndacht

1.   Beidh ceanglais na rúndachta gairmiúla ina gceangal i ndáil leis na daoine seo a leanas:

(a)

údaráis réitigh;

(b)

údaráis inniúla, ESMA agus ÚBE;

(c)

aireachtaí inniúla;

(d)

bainisteoirí speisialta nó riarthóirí sealadacha a cheaptar faoin Rialachán seo;

(e)

faighteoirí féideartha a ndéanann na húdaráis inniúla teagmháil leo nó atá iarrtha ag na húdaráis réitigh, is cuma má rinneadh an teagmháil nó an tsirtheoireacht sin mar ullmhúchán leis an uirlis díolta gnó a chur i bhfeidhm, agus is cuma an raibh éadáil mar thoradh ar an tsirtheoireacht;

(f)

iniúchóirí, cuntasóirí, comhairleoirí dlí agus gairmiúla, luachálaithe agus saineolaithe eile a fhostaítear go díreach nó go hindíreach ag na húdaráis réitigh, na húdaráis inniúla nó ag na faighteoirí féideartha dá dtagraítear i bpointe (e);

(g)

bainc cheannais agus údaráis eile atá rannpháirteach sa phróiseas réitigh;

(h)

CPL idirlinne;

(i)

lucht bainistíochta sinsearach agus baill bhord an CPL, agus fostaithe na gcomhlachtaí nó na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (a) go (k) roimh a gceapadh, lena linn agus dá éis;

(j)

comhaltaí uile eile an choláiste réitigh nach dtagraítear dóibh i bpointí (a), (b), (c) agus (g); agus

(k)

aon duine eile a soláthraíonn nó a sholáthraigh seirbhísí go díreach nó go hindíreach, go buan nó anois is arís, do dhaoine dá dtagraítear i bpointí (a) go (j).

2.   D’fhonn a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais rúndachta a leagtar amach i míreanna 1 agus 3, áiritheoidh na daoine a luaitear i bpointí (a), (b), (c), (g), (h) agus (j) de mhír 1 go bhfuil rialacha inmheánacha i bhfeidhm, lena n-áirítear rialacha chun rúndacht eolais a ráthú idir daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis an bpróiseas réitigh.

3.   Beidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 faoi thoirmeasc faisnéis rúnda a gheofar a nochtadh le linn a ngníomhaíochtaí gairmiúla nó ó údarás inniúil nó ó údarás réitigh i ndáil lena bhfeidhmeanna faoin Rialachán seo, d’aon duine nó d’aon údarás, mura rud é gur ag feidhmiú a bhfeidhmeanna a bheidh siad faoin Rialachán seo nó i bhfoirm achoimre nó chomhiomlán sa chaoi nach féidir CPLanna aonair a shainaithint nó le toiliú sainráite nó réamhthoiliú an údaráis nó an CPL a chuir an fhaisnéis ar fáil.

Sula ndéantar aon chineál faisnéise a nochtadh, déanfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 measúnú ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh nochtadh na faisnéise sin a imirt ar leas an phobail maidir le beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch, ar leasanna tráchtála daoine nádúrtha agus dlítheanacha, chun críche cigireachtaí, ar imscrúduithe agus ar iniúchtaí.

Áiritheofar leis an nós imeachta maidir le héifeachtaí nochta faisnéise a sheiceáil go bhfuil measúnú sonrach ar éifeachtaí aon nochta ar ábhair agus ar mhionsonraí na bpleananna téarnaimh agus réitigh dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 12 agus toradh aon mheasúnaithe a dhéanfar faoi Airteagail 10 agus 15.

I gcás sárú ar an Airteagal seo, beidh aon duine nó eintiteas dá dtagraítear i mír 1 faoi réir dliteanas sibhialta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

4.   De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 faisnéis rúnda a mhalartú le haon cheann acu seo a leanas, ar choinníoll go bhfuil an faighteoir faoi réir ceanglais rúndachta chun críocha an mhalartaithe sin:

(a)

aon duine eile i gcás inar gá chun críoch pleanála nó gníomhaíocht réitigh a dhéanamh;

(b)

coistí fiosrúcháin parlaiminteacha sa Bhallstát, cúirteanna iniúchóirí sa Bhallstát agus eintitis eile atá i gceannas ar fhiosrúcháin sa Bhallstát;

(c)

údaráis náisiúnta atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar chórais íocaíochta, údaráis atá freagrach as gnáthimeachtaí dócmhainneachta, údaráis ar cuireadh de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar eintitis earnála eile airgeadais, údaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar mhargaí airgeadais agus gnóthais árachais agus cigirí atá ag gníomhú thar a gceann, údaráis atá freagrach as cobhsaíocht an chórais airgeadais sna Ballstáit a choimeád trí rialacha macrastuamachta a úsáid, údaráis atá freagrach as cobhsaíocht an chórais airgeadais a chosaint, agus daoine atá freagrach as iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh.

5.   Ní chuirfidh an tAirteagal seo cosc ar an méid seo a leanas:

(a)

fostaithe agus saineolaithe na gcomhlachtaí nó na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (a) go (g), agus i bpointe (j), de mhír 1 faisnéis a roinnt eatarthu féin laistigh de gach comhlacht nó eintiteas;

(b)

údaráis réitigh agus údaráis inniúla, lena n-áirítear a bhfostaithe agus a saineolaithe, faisnéis a chomhroinnt le chéile agus le húdaráis réitigh eile de chuid an Aontais, údaráis inniúla eile de chuid an Aontais, aireachtaí inniúla, bainc cheannais, údaráis atá freagrach as gnáthimeachtaí dócmhainneachta, údaráis atá freagrach as cobhsaíocht an chórais airgeadais sna Ballstáit a choimeád trí rialacha macrastuamachta a úsáid, daoine a bhfuil sé de chúram orthu iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar chuntais, ÚBE, ESMA nó, faoi réir Airteagal 80, údaráis tríú tír a chomhlíonann feidhmeanna atá coibhéiseach le feidhmeanna na n-údarás réiteach nó, faoi réir ceanglais dhiana rúndachta, faighteoir féideartha chun gníomhaíocht réitigh a phleanáil nó a chur i gcrích.

6.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar don dlí náisiúnta maidir le nochtadh faisnéise chun críche imeachtaí dlíthiúla i gcásanna coiriúla nó cásanna sibhialta.

CAIBIDIL VII

Ceart chun achomhairc agus eisiamh gníomhaíochtaí eile

Airteagal 74

Formheas breithiúnach ex-ante agus cearta ar achomharc

1.   Féadfaidh cinneadh beart coiscthe géarchéime nó gníomhaíocht réitigh a dhéanamh a bheith faoi réir údarú breithiúnach ex-ante, i gcás ina bhforálfar dó sin sa dlí náisiúnta, i gcás ina mbeidh an nós imeachta a bhaineann leis an údarú sin agus breithniú na cúirte gasta.

2.   Cinneadh beart coiscthe géarchéime a dhéanamh nó cinneadh aon chumhacht a fheidhmiú, seachas gníomhaíocht réitigh, beidh ceart ar achomharc i gcoinne an chinnidh sin ag gach duine a ndéanann cinneadh den chineál sin difear dó.

3.   Gach duine a ndéanann cinneadh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh difear dó, beidh ceart ar achomharc ag an duine sin i gcoinne an chinnidh sin.

4.   Beidh an ceart ar achomharc dá dtagraítear in Airteagal 3 faoi réir na gceanglas seo a leanas:

(a)

agus achomharc á dhéanamh, ní bheidh aon fhionraí uathoibríoch i gceist ar éifeachtaí an chinnidh a bhfuiltear ag agóid ina choinne;

(b)

beidh cinneadh an údaráis réitigh infhorfheidhmithe láithreach agus, mar thoradh air sin, beidh toimhde infhrisnéise gur i gcoinne leas an phobail a bheadh sé an forfheidhmiú a chur ar fionraí; agus

(c)

beidh an nós imeachta maidir leis an achomharc gasta.

5.   Bainfidh an chúirt leas as na measúnuithe eacnamaíocha a dhéanfaidh an t-údarás réitigh ar na fíricí mar bhonn lena measúnú féin.

6.   I gcás inar gá, chun cosaint leasanna tríú páirtithe atá ag gníomhú de mheon macánta a bhfuil ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPL atá faoi réiteach faighte acu de bhun gníomhaíocht réitigh, ní bheidh feidhm ag neamhniú cinneadh údaráis réitigh ar ghníomhartha nó idirbhearta riaracháin ina dhiaidh sin a chuir an t-údarás réitigh lena mbaineann i gcrích, ar nithe iad a bhí bunaithe ar an gcinneadh neamhnithe.

Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh na leigheasanna atá ar fáil don iarrthóir nuair a dhéantar cinneadh de chuid an údaráis réitigh a neamhniú teoranta do chúiteamh ar aon chaillteanas a tharla mar gheall ar an gcinneadh sin.

Airteagal 75

Srianta ar imeachtaí eile

1.   Ní thosófar gnáthimeachtaí dócmhainneachta maidir le CPL, ach amháin ar thionscnamh an údaráis réitigh nó le toiliú uaidh i gcomhréir le mír 3.

2.   Tabharfar fógra do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis réitigh gan mhoill maidir le haon iarratas ar ghnáthimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh maidir le CPL, is cuma má tá an CPL faoi réiteach nó más rud é gur poiblíodh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 72(3).

3.   Ní dhéanfaidh na húdaráis atá freagrach as gnáthimeachtaí dócmhainneachta na himeachtaí sin a thionscnamh ach amháin tar éis don údarás réitigh fógra a thabhairt dóibh faoina chinneadh gan aon ghníomhaíocht réitigh a dhéanamh maidir leis an CPL nó i gcás nach bhfaighfear aon fhógra laistigh de sheacht lá den fhógra dá dtagraítear i mír 2.

I gcás inar gá, ionas go gcuirfear na huirlisí agus na cumhachtaí réitigh i bhfeidhm go héifeachtach, féadfaidh na húdaráis réitigh a iarraidh ar an gcúirt bac a chur i bhfeidhm ar aon ghníomhaíocht bhreithiúnach nó imeacht breithiúnach ina bhfuil CPL faoi réiteach nó ina bhféadfadh an CPL sin a bheith ina pháirtí ar feadh tréimhse iomchuí ama i gcomhréir leis na cuspóirí réitigh.

TEIDEAL VI

CAIDREAMH LE TRÍÚ TÍORTHA

Airteagal 76

Comhaontuithe le tríú tíortha

1.   I gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, féadfaidh an Coimisiún moltaí a thíolacadh don Chomhairle maidir le comhaontuithe a chaibidil le haon tríú tír amháin nó níos mó i dtaca leis na modhanna comhair idir na húdaráis réitigh agus na húdaráis ábhartha tríú tír i ndáil le pleanáil téarnaimh agus réitigh maidir le CPLanna agus CPLanna tríú tír, maidir leis na cásanna seo a leanas:

(a)

soláthraíonn CPL tríú tír seirbhísí, nó a bhfuil fochuideachtaí aige, i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit;

(b)

soláthraíonn CPL atá bunaithe i mBallstát seirbhísí nó tá fochuideachta amháin nó níos mó aige i dtríú tír.

2.   Féachfar leis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go háirithe, le próisis agus socruithe a áirithiú ar mhaithe le comhar maidir le cur i gcrích na gcúraimí agus feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 79, lena n-áirítear malartú na faisnéise is gá chun na críocha sin.

Airteagal 77

Imeachtaí réitigh tríú tír a aithint agus a fhorfheidhmiú

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le himeachtaí réitigh tríú tír mura rud é go mbeidh comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 76(1) tagtha i bhfeidhm leis an tríú tír ábhartha agus go dtí go dtarlóidh sin. Beidh feidhm aige freisin tar éis do chomhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 76(1) a theacht i bhfeidhm leis an tríú tír ábhartha sa mhéid is nach bhfuil aithint agus forfheidhmiú imeachtaí réitigh tríú tír á rialú ag an gcomhaontú sin.

2.   Tabharfaidh údaráis náisiúnta ábhartha aitheantas d’imeachtaí réitigh tríú tír a bhaineann le CPL tríú tír in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

soláthraíonn an CPL tríú tír seirbhísí i mBallstát amháin nó níos mó nó tá fochuideachtaí bunaithe aige i mBallstát amháin nó níos mó;

b)

tá sócmhainní, cearta nó dliteanais ag an CPL tríú tír atá lonnaithe i mBallstát amháin nó níos mó nó tá siad á rialú le dlí na mBallstát sin.

Áiritheoidh údaráis náisiúnta ábhartha forfheidhmiú na n-imeachtaí réitigh tríú tír aitheanta i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

3.   Beidh an chumhacht ag na húdaráis náisiúnta ábhartha na nithe seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

(a)

na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

sócmhainní CPL tríú tír atá lonnaithe ina mBallstát nó á rialú le dlí a mBallstáit; agus

(ii)

cearta nó dliteanais CPL tríú tír atá cláraithe ina mBallstát nó á rialú le dlí a mBallstáit, nó i gcás ina mbeidh éilimh i ndáil le cearta agus dliteanais den sórt sin infhorfheidhmithe ina mBallstát;

(b)

aistriú ionstraimí úinéireachta i bhfochuideachta atá bunaithe sa Bhallstát ainmniúcháin a fhoirbhiú, lena n-áirítear ceangal ar dhuine eile an t-aistriú a fhoirbhiú;

(c)

na cumhachtaí in Airteagail 55, 56 agus 57 a fheidhchuimiú maidir le cearta aon pháirtí conradh a bheith aige le heintiteas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcás gur gá cumhachtaí den sórt sin chun imeachtaí réitigh tríú tír a fhorfheidhmiú; agus

(d)

bail neamh-infheidhmithe a chur ar aon cheart conarthaí a fhoirceannadh, a leachtú nó a luathú, nó difear a dhéanamh do chearta conarthacha eintitis dá dtagraítear i mír 2 agus grúpeintitis eile, i gcás ina dtiocfaidh ceart den sórt sin ó ghníomhaíocht réitigh a rinneadh maidir le CPL tríú tír, cibé acu ón údarás réitigh tríú tír féin nó de bhun ceanglais dlí nó rialála maidir le socruithe réitigh sa tír sin, ar choinníoll go leantar de bheith ag feidhmiú na n-oibleagáidí substainteacha faoin gconradh, lena n-áirítear oibleagáidí íocaíochta agus seachadta agus soláthar comhthaobhachta.

4.   Ní dochar aitheantas agus forfheidhmiú imeachtaí dócmhainneachta tríú tír do ghnáthimeachtaí dócmhainneachta is infheidhme faoi dhlí náisiúnta.

Airteagal 78

Ceart aithint agus forfheidhmiú imeachtaí réitigh tríú tír a dhiúltú

De mhaolú ar Airteagal 77(2), féadfaidh na húdaráis náisiúnta ábhartha diúltú aitheantas a thabhairt d’imeachtaí réitigh tríú tír nó diúltú na himeachtaí sin a fhorfheidhmiú in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

bheadh éifeachtaí díobhálacha ag na himeachtaí réitigh tríú tír ar chobhsaíocht airgeadais ina mBallstát;

(b)

ní chaithfí ar an gcaoi chéanna, faoi imeachtaí réitigh baile an tríú tír, le creidiúnaithe, comhaltaí imréitigh ná, i gcás inarb infheidhme, a gcliaint atá lonnaithe ina mBallstát agus a chaithfí le creidiúnaithe agus comhaltaí imréitigh tríú tír, agus, i gcás inarb infheidhme, a gcliaint ag a bhfuil cearta dlíthiúla comhchosúla;

(c)

bheadh impleachtaí fioscacha ábhartha ar an mBallstát ag aithint agus ag forfheidhmiú imeachtaí réitigh tríú tír;

(d)

bheadh an aithint nó an forfheidhmiú contrártha leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 79

Comhar le húdaráis tríú tíortha

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le comhar le tríú tír mura rud é go mbeidh comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 76(1) tagtha i bhfeidhm leis an tríú tír ábhartha agus go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Beidh feidhm aige freisin tar éis do chomhaontú idirnáisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 76(1) a theacht i bhfeidhm leis an tríú tír ábhartha a mhéid nach bhfuil ábhar an Airteagail seo á rialú leis an gcomhaontú sin.

2.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh údaráis inniúla nó údaráis réitigh socruithe comhair a chur i gcrích leis na húdaráis ábhartha tríú tír seo a leanas, ag cur san áireamh socruithe comhair atá ann cheana a bunaíodh de bhun Airteagal 25(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012:

(a)

i gcás ina soláthróidh CPL tríú tír seirbhísí nó ina bhfuil fochuideachtaí aige i mBallstát amháin nó níos mó dá chuid, údaráis ábhartha tríú tír ina bhfuil an CPL bunaithe;

(b)

i gcás ina soláthróidh CPL seirbhísí i dtríú tír nó i gcás ina bhfuil fochuideachta tríú tír amháin nó níos mó aige, údaráis ábhartha tríú tír ina soláthraítear na seirbhísí sin nó ina bhfuil na fochuideachtaí bunaithe.

3.   Leis na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, bunófar próisis agus socruithe idir na húdaráis rannpháirteacha d’fhonn an fhaisnéis riachtanach a chomhroinnt agus chun na cúraimí seo a leanas a dhéanamh i gcomhar le chéile, agus chun na cumhachtaí seo a leanas a fheidhmiú maidir le CPLanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír sin nó maidir le grúpaí lena n-áirítear na CPLanna sin:

(a)

pleananna réitigh a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 12 agus ceanglais chomhchosúla faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;

(b)

measúnú ar inréititheacht institiúidí agus grúpaí den sórt sin, i gcomhréir le hAirteagal 15 agus ceanglais chomhchosúla faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;

(c)

cur i bhfeidhm na gcumhachtaí chun dul i ngleic le hinréititheacht nó baic léi a bhaint de bhun Airteagal 16 agus aon chumhachtaí comhchosúla faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;

(d)

cur i bhfeidhm bearta luath-idirghabhála de bhun Airteagal 18 agus cumhachtaí comhchosúla faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha; agus

(e)

cur i bhfeidhm uirlisí réitigh agus feidhmiú cumhachtaí réitigh agus cumhachtaí comhchosúla a tugadh do na húdaráis ábhartha tríú tír.

4.   Sna socruithe comhair a thabharfar i gcrích idir údaráis réitigh agus údaráis inniúla na mBallstát agus na dtríú tíortha de bhun mhír 2, féadfaidh forálacha maidir leis na nithe seo a leanas a bheith san áireamh:

(a)

an malartú faisnéise atá riachtanach d’fhonn phleananna réitigh a ullmhú agus a choimeád;

(b)

comhairliúchán agus comhar i leith pleananna réitigh a tharraingt suas, lena n-áirítear prionsabail maidir le feidhmiú cumhachtaí faoi Airteagal 77 agus cumhachtaí comhchosúla faoi dhlí na dtríú dtíortha ábhartha;

(c)

an malartú faisnéise atá de dhíth chun na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus cumhachtaí réitigh agus cumhachtaí comhchosúla a fheidhmiú faoi dhlí na dtríú tír ábhartha;

(d)

luathrabhadh do pháirtithe sa socrú comhair, nó dul i gcomhairle leo, sula ndéanfar aon bheart suntasach faoin Rialachán seo nó faoi dhlí ábhartha tríú tír a dhéanann difear don CPL nó don ghrúpa lena mbaineann an socrú;

(e)

comhordú na cumarsáide poiblí i gcás gníomhaíochtaí comhpháirteacha réitigh:

(f)

nósanna imeachta agus socruithe maidir le malartú faisnéise agus comhar faoi phointí (a) go (e) den mhír seo, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí ghrúpaí bainistithe géarchéime a chur ar bun agus a fheidhmiú.

Chun a áirithiú go gcuirfear mír 3 i bhfeidhm ar bhealach coiteann aonfhoirmeach comhsheasmhach, eiseoidh ESMA treoirlínte ar chineálacha agus ábhar na bhforálacha dá dtagraítear sa mhír seo faoin 12 Lúnasa 2022.

5.   Tabharfaidh údaráis réitigh agus údaráis inniúla fógra do ESMA maidir le haon chomhaontuithe comhair atá curtha i gcrích i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 80

Malartú faisnéise rúnda

1.   Ní dhéanfaidh údaráis réitigh, údaráis inniúla, aireachtaí inniúla agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis náisiúnta ábhartha eile faisnéis rúnda a mhalartú, lena n-áirítear pleananna téarnaimh, le húdaráis ábhartha tríú tír ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na húdaráis tríú tír sin faoi réir ceanglais agus caighdeáin rúndachta gairmiúla a mheastar a bheith ar a laghad coibhéiseach leo sin a fhorchuirtear le hAirteagal 73, i dtuairim na n-údarás ar fad lena mbaineann; agus

(b)

tá gá leis an bhfaisnéis le haghaidh chur i gcrích fheidhmeanna na n-údarás ábhartha tríú tír faoi dhlí náisiúnta atá inchomparáide leo sin faoin Rialachán seo agus ní úsáidtear an fhaisnéis chun aon chríche eile.

2.   A mhéid a bhaineann an malartú faisnéise le sonraí pearsanta, beidh láimhseáil agus tarchur sonraí pearsanta den sórt sin faoi rialú dhlí an Aontais is infheidhme agus an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

3.   I gcás ina dtiocfaidh faisnéis rúnda ó Bhallstát eile, ní nochtfaidh údaráis réitigh, údaráis inniúla agus aireachtaí inniúla an fhaisnéis sin le húdaráis ábhartha tríú tír ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

glacann údarás ábhartha an Bhallstáit ónar tháinig an fhaisnéis leis an nochtadh sin; agus

(b)

ní nochtar an fhaisnéis ach amháin chun na gcríoch a cheadaítear leis an údarás dá dtagraítear i bpointe (a).

4.   Chun críocha an Airteagail seo, meastar faisnéis a bheith faoi rún má tá sí faoi rún ceanglais rúndachta faoi dhlí an Aontais.

TEIDEAL VII

BEARTA AGUS PIONÓIS RIARACHÁIN

Airteagal 81

Pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin

1.   Gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla agus iad a fhorchur, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha i ndáil le pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin is infheidhme i gcás nár comhlíonadh an Rialachán seo, agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear iad chun feidhme.

I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit gan rialacha a leagan síos i ndáil le pionóis riaracháin maidir le sáruithe atá faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta, cuirfidh siad forálacha ábhartha an dlí choiriúil in iúl don Choimisiún agus do ESMA. Beidh na pionóis riaracháin agus na bearta eile riaracháin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Faoin 12 Lúnasa 2022, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus do ESMA maidir leis na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do ESMA gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.

2.   I gcás ina mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 maidir le CPLanna agus maidir le comhaltaí imréitigh, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina dtarlóidh sárú, go bhféadfar na pionóis riaracháin nó na bearta eile riaracháin dá dtagraítear sa mhír sin a chur i bhfeidhm, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta, maidir le bord agus lucht bainistíochta sinsearaí CPLanna, agus chomhaltaí imréitigh agus daoine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta.

3.   Na cumhachtaí chun pionóis riaracháin nó bearta eile riaracháin a fhorchur dá bhforáiltear sa Rialachán seo, déanfar iad a bhronnadh ar údaráis réitigh nó, i gcás nach ionann iad, ar údaráis inniúla, ag brath ar chineál an tsáraithe. Beidh na cumhachtaí uile bailithe faisnéise agus imscrúdúcháin is gá ag údaráis réitigh agus údaráis inniúla chun a bhfeidhmeanna faoi seach a dhéanamh. I bhfeidhmiú a gcumhachtaí chun pionóis a fhorchur, rachaidh údaráis réitigh agus údaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh an toradh inmhianaithe ar phionóis riaracháin nó ar bhearta eile riaracháin agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú agus iad ag déileáil le cásanna trasteorann.

4.   Feidhmeoidh údaráis réitigh agus údaráis inniúla a gcumhachtaí chun pionóis riaracháin nó bearta eile riaracháin a fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an dlí náisiúnta ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

go díreach;

(b)

i gcomhar le húdaráis eile;

(c)

faoina bhfhreagracht trí tharmligean d’údaráis den chineál sin;

(d)

trí iarratas a chur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

Airteagal 82

Forálacha sonracha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit lena ndlíthe, lena rialacháin agus lena bhforálacha riaracháin go ndéanfar foráil do phionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin i leith na gcásanna seo a leanas ar a laghad:

(a)

mainneachtain pleananna téarnaimh a tharraingt suas, a choinneáil ar bun agus a nuashonrú de shárú ar Airteagal 9;

(b)

mainneachtain an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun pleananna réitigh a fhorbairt, de shárú ar Airteagal 13; agus

(c)

mainneachtain an CPL fógra a thabhairt don údarás inniúil nuair a bheidh an CPL ag cliseadh nó nuair is dócha go gclisfidh sé, de shárú ar Airteagal 70(1).

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, go n-áireoidh na pionóis riaracháin agus na bearta eile riaracháin is féidir a chur i bhfeidhm an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

ráiteas poiblí lena léirítear an duine nádúrtha, an CPL nó duine dlítheanach eile atá freagrach agus cineál an tsáraithe;

(b)

ordú ina gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach scor den iompraíocht agus gan bheith i mbun na hiompraíochta sin an athuair;

(c)

toirmeasc sealadach ar chomhaltaí bhainistíocht shinsearach an CPL nó ar aon duine nádúrtha eile, a chinntear a bheith freagrach, feidhmeanna a fheidhmiú in CPL;

(d)

i gcás duine dlítheanach, fíneálacha riaracháin suas go 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin sa bhliain ghnó roimhe sin. I gcás inar fochuideachta máthairghnóthais é an duine dlítheanach, is éard a bheidh sa láimhdeachas ábhartha an láimhdeachas ag teacht as cuntais chomhdhlúite an mháthairghnóthais deiridh sa bhliain ghnó roimhe sin;

(e)

i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin suas le EUR 5 000 000, nó sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfheagrach san airgeadra náisiúnta ar an 11 Feabhra 2021 agus;

(f)

fíneálacha riaracháin suas le dhá oiread mhéid an tsochair a díorthaíodh ón sárú i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh.

Airteagal 83

Pionóis riaracháin nó bearta eile riaracháin a fhoilsiú

1.   Foilseoidh údaráis réitigh nó údaráis inniúla ar a suíomh gréasáin oifigiúil aon phionóis riaracháin nó aon bhearta riaracháin arna bhforchur acu i leith sáruithe ar an Rialachán seo i gcás nach raibh na pionóis nó na bearta sin faoi réir achomhairc nó ina bhfuil an ceart achomhairc tar éis teacht chun deiridh. Déanfar an foilsiú sin gan moill mhíchuí tar éis an duine nádúrtha nó dlítheanach a chur ar an eolas faoin bpionós nó faoin mbeart sin, agus áireofar leis faisnéis faoi shaghas agus cineál an tsáraithe agus faoi chéannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ar a bhfuil an pionós nó an beart á fhorchur.

I gcás ina gceadóidh Ballstáit foilsiú pionós riaracháin nó bearta eile riaracháin a bhfuil achomharc ina gcoinne, foilseoidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis inniúla ar a suímh ghréasáin oifigiúla, gan moill mhíchuí, faisnéis maidir le stádas an achomhairc sin agus lena thoradh.

2.   Foilseoidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis inniúla na pionóis riaracháin nó na bearta eile riaracháin arna bhforchur acu ar bhonn anaithnid, ar bhealach atá i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, in aon cheann de na cúinsí seo a leanas:

(a)

i gcás ina ngearrfar an pionós riaracháin nó an beart eile riaracháin ar dhuine nádúrtha, agus nuair a thaispeánfar go bhfuil foilsiú na sonraí pearsanta díréireach mar thoradh ar réamh-mheastachán éigeantach ar chomhréireacht an fhoilsithe sin;

(b)

i gcás ina gcuirfeadh an foilsiú cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú coiriúil nó imeachtaí coiriúla atá fós ar siúl i gcontúirt;

(c)

i gcás ina mbeadh an foilsiú ina chúis, a mhéid is féidir a dhéanamh amach, le damáiste díréireach don CPL nó do na daoine nádúrtha atá i gceist.

Mar rogha air sin, féadfar, sna cásanna sin, foilsiú na sonraí atá i gceist a chur siar go ceann tréimhse réasúnach, más dóigh go dtiocfaidh deireadh leis na cúiseanna a ndéanfaí an foilsiú i ndíth ainm laistigh den tréimhse sin.

3.   Áiritheoidh údaráis réitigh agus údaráis inniúla go bhfanfaidh aon fhoilseachán atá i gcomhréir leis an Airteagal seo, ar a suíomh gréasáin oifigiúil go ceann tréimhse cúig bliana ar a laghad. Ní dhéanfar sonraí pearsanta atá san fhoilseachán a choinneáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis réitigh nó an údaráis inniúil ach amháin ar feadh na tréimhse is gá i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

4.   Faoin 12 Lúnasa 2022, cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin arna bhfoilsiú ar bhonn anaithnid ag Ballstáit mar a fhoráiltear dó faoi mhír 2 agus go háirithe maidir le cibé an raibh difríochtaí suntasacha ann idir Ballstáit ina leith sin nó nach raibh. Tabharfar aghaidh sa tuarascáil sin freisin ar aon éagsúlachtaí suntasacha maidir leis an ré ar lena linn a fhoilseofar pionóis riaracháin nó bearta eile riaracháin faoi dhlí náisiúnta na mBallstát maidir le pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin a fhoilsiú.

Airteagal 84

An bunachar sonraí lárnach a chothabháil ag ESMA

1.   Faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 73, cuirfidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis inniúla ESMA ar an eolas faoi na pionóis riaracháin uile arna bhforchur acu faoi Airteagal 81 agus faoi stádas aon achomhairc i gcoinne pionós den sórt sin, agus an toradh a bhí air.

2.   Coinneoidh ESMA ar bun bunachar sonraí lárnach de na pionóis riaracháin a chuirtear in iúl dó chun críche faisnéis a mhalartú idir údaráis réitigh, agus chun na críche sin amháin, nach mbeidh rochtain air ach amháin ag údaráis réitigh agus a dhéanfar a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na húdaráis réitigh.

3.   Coinneoidh ESMA ar bun bunachar sonraí lárnach de na pionóis riaracháin a chuirtear in iúl dó chun críche faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla, agus chun na críche sin amháin, nach mbeidh rochtain air ach amháin ag údaráis inniúla agus a dhéanfar a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na húdaráis inniúla.

4.   Coinneoidh ESMA ar bun leathanach gréasáin ar a shuíomh gréasáin reatha ina mbeidh naisc chuig na pionóis riaracháin a fhoilsíonn gach údarás réitigh agus chuig na pionóis riaracháin a fhoilsíonn gach údarás inniúil faoi Airteagal 83 agus léireoidh sé an tréimhse dá bhfoilsíonn gach Ballstát pionóis.

Airteagal 85

Cumhachtaí chun pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin a fhorchur a fheidhmiú agus iad a bheith á gcur i bhfeidhm go héifeachtach ag údaráis inniúla agus údaráis réitigh

Áiritheoidh na Ballstáit, agus cinneadh á dhéanamh ag na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh maidir le cineál na bpionós riaracháin nó na mbeart eile riaracháin agus leibhéal na bhfíneálacha riaracháin, go gcuirfidh siad na cúinsí ábhartha uile san áireamh, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí:

(a)

tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b)

méid freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach;

(c)

neart airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach, mar shampla, arna léiriú ag láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó ag ioncam bliantúil an duine nádúrtha atá freagrach;

(d)

méid na mbrabús a ghnóthaigh nó na gcaillteanas a sheachain an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(e)

na caillteanais do thríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(f)

an leibhéal comhair idir an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach agus an údarás inniúil agus an údarás réitigh;

(g)

sáruithe roimhe sin ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach;

(h)

aon iarmhairtí sistéamacha féideartha de thoradh an tsáraithe.

TEIDEAL VIII

LEASUITHE AR RIALACHÁIN (AE) UIMH. 1095/2010, (AE) UIMH. 648/2012, (AE) UIMH. 600/2014, (AE) UIMH. 806/2014 AGUS (AE) 2015/2365 AGUS TREORACHA 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE AGUS (AE) 2017/1132

Airteagal 86

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 mar a leanas:

(1)

i bpointe (3) d’Airteagal 4, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(iv)

maidir le Rialachán (AE) Uimh. 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), údarás réitigh mar a shainmhínítear i bpointe 3 d’Airteagal 2 den Rialachán sin.”;

(*)  Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh 600/2014, (AE) Uimh 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L022 22.1.2021, lch. 1).”;"

(2)

in Airteagal 40(5), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Chun gníomhú faoi réim raon feidhme Rialachán (AE) 2021/23 féadfaidh ionadaí ón údarás réitigh i ngach Ballstát a bheith in éineacht leis an gcomhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, i gcás inarb iomchuí sin, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin.”.

Airteagal 87

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:

(1)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 6b

Fionraí na hoibleagáide imréitigh i gcás réitigh

1.   I gcás ina gcomhlíonfaidh CPL na coinníollacha faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), féadfaidh údarás réitigh an CPL a ainmnítear faoi Airteagal 3(1) den Rialachán seo nó an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 22(1) den Rialachán seo, ar a dtionscnamh féin nó ar iarraidh ó údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht ar chomhalta imréitigh de chuid an CPL faoi réiteach, iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo a chur ar fionraí i leith aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó i leith cineál sonrach contrapháirtí i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

na haicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh a bhfuiltear ag iarraidh fionraí ina leith, údaraítear don CPL atá faoi réiteach iad a imréiteach; agus

(b)

is gá an oibleagáid imréitigh d’aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó do chineál sonrach contrapháirtí a chur ar fionraí chun bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas maidir le réiteach an CPL, nó chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin, agus tá an cur ar fionraí sin i gcomhréir leis na haidhmeanna sin.

Beidh fianaise go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) den fhomhír sin ag gabháil leis an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Tabharfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad fhomhír fógra faoina iarraidh réasúnaithe do ESMA agus do BERS, an tráth céanna a chuirtear an iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin.

2.   Laistigh de 24 uair an chloig tar éis fógra faoin iarraidh a fháil ón údarás dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, agus, a mhéid is féidir, tar éis dul i gcomhairle le BERS, déanfaidh ESMA tuairim a eisiúint maidir leis an bhfionraí atá beartaithe agus an gá le bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas, nó aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin, á chur san áireamh, maidir leis na cuspóirí réitigh a leagtar síos in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/23 agus maidir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 5(4) agus (5) den Rialachán seo.

3.   I gcás ina measfaidh ESMA go bhfuil fionraí na hoibleagáide imréitigh ina athrú ábhartha ar na critéir chun go ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid trádála dá dtagraítear in Airteagal 32(5) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, féadfaidh ESMA iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) agus (2) den Rialachán sin a chur ar fionraí i leith na n-aicmí sonracha céanna de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hiarrata an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí.

Cuirfidh ESMA a iarraidh réasúnaithe faoi bhráid an údaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 agus do BERS an tráth céanna a chuirtear an iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin.

4.   Ní phoibleofar na hiarrataí dá dtagraítear i mír 1 agus 3 agus an tuairim dá dtagraítear i mír 2.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí tar éis na hiarrata dá dtagraítear i mír 1 a fháil, ar bhonn na gcúiseanna agus na fianaise arna soláthar ag an údarás dá dtagraítear i mír 1, an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí i ndáil leis na haicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar le gníomh cur chun feidhme, nó an fionraí a dhiúltú.

Agus an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír sin á ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an tuairim a d’eisigh ESMA dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/23 , na critéir a leagtar amach in Airteagal 5(4) agus (5) den Rialachán seo maidir leis na haicmí díorthach thar an gcuntar sin agus an gá leis an bhfionraí chun bagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú rianúil na margaí airgeadais san Aontas a sheachaint nó chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin.

I gcás ina ndiúltóidh an Coimisiún an fionraí a iarradh, tabharfaidh sé cúiseanna ina leith sin i scríbhinn don údarás iarrthach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 agus do ESMA. Cuirfidh an Coimisiún in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle láithreach ina leith sin agus cuirfidh sé na cúiseanna a tugadh don údarás iarrthach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 ar aghaidh chucu agus chuig ESMA. Ní dhéanfar an fhaisnéis sin a phoibliú.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).

6.   I gcás ina n-iarrfaidh ESMA é i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, féadfar leis an ngníomh cur chun feidhme lena gcuirtear an oibleagáid imréitigh ar fionraí an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 do na haicmí sonracha céanna de dhíorthaigh thar an gcuntar a chur ar fionraí freisin, faoi réir chur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh.

7.   Fionraí na hoibleagáide imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, na hoibleagáide trádála, déanfar iad a chur in iúl don údarás iarrthach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo agus do ESMA, agus déanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus sa chlár poiblí dá dtagraítear in Airteagal 6.

8.   Beidh fionraí na hoibleagáide imréitigh de bhun mhír 5 bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná trí mhí ó dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 6 bailí ar feadh na tréimhse tosaigh céanna.

9.   I gcás ina mbeidh feidhm i gcónaí leis na forais atá ann an fionraí a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, síneadh ama a chur leis an bhfionraí dá dtagraítear i mír 5 ar feadh tréimhsí breise nach mó ná trí mhí, agus nach mó ná 12 mhí tréimhse iomlán na fionraí. Déanfar aon síneadh ama leis an bhfionraí a fhoilsiú i gcomhréir le mír 7.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).

10.   Féadfaidh aon cheann de na húdaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 iarraidh a eisiúint don Choimisiún síneadh a chur le fionraí na hoibleagáide imréitigh, in am trátha roimh dheireadh na tréimhse fionraí tosaigh dá dtagraítear i mír 5 nó na tréimhse sínte dá dtagraítear i mír 9.

Beidh fianaise ag gabháil leis an iarraidh go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 á gcomhlíonadh i gcónaí.

Tabharfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad fhomhír a iarraidh réasúnaithe do ESMA agus do BERS, an tráth céanna a thugtar an iarraidh don Choimisiún.

Ní dhéanfar an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a phoibliú.

Gan moill mhíchuí tar éis fógra faoin iarraidh a fháil, agus má mheasann sé gur gá sin, tar éis dul i gcomhairle le BERS, déanfaidh ESMA tuairim a eisiúint don Choimisiún maidir le cé acu atá nó nach bhfuil feidhm fós ag na forais is bonn leis an bhfionraí, agus an gá le bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas, nó le haghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin, na cuspóirí réitigh a leagtar síos in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/23 , agus na critéir a leagtar amach i d’Airteagal 5(4) agus (5) den Rialachán seo á gcur san áireamh. Seolfaidh ESMA cóip den tuairim sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ní dhéanfar an tuairim sin a phoibliú.

Féadfaidh an gníomh cur chun feidhme a chuireann síneadh le fionraí na hoibleagáide imréitigh síneadh a chur freisin le tréimhse fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 6.

Beidh an síneadh a chuirfear le fionraí na hoibleagáide trádála bailí ar feadh na tréimhse céanna leis an síneadh a chuirfear le fionraí na hoibleagáide imréitigh.

(*)  Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena léasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh 600/2014 (AE) Uimh 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 022, 22.1.2021, lch. 1)”."

(2)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 13a

Tagarmharcanna úis in idirbhearta leagáide a ionadú

1.   Féadfaidh contrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 11(3) leanúint de na nósanna imeachta bainistithe riosca atá i bhfeidhm acu ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo i dtaca le conarthaí de dhíorthaigh thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach a dhéanfar, nó a dhéanfar a nuachan, roimh an dáta a bheidh éifeacht ag an oibleagáid chun nósanna imeachta bainistithe riosca de bhun Airteagal 11(3) a bheith ann i gcás, tar éis an 11 Feabhra 2021 ina ndéanfar na conarthaí sin a nuachan chun tagarmharc an ráta úis dá dtagraíonn siad a ionadú nó chun forálacha cúltaca maidir leis an tagarmharc sin a thabhairt isteach, agus chuige sin amháin.

2.   Na hidirbhearta a dhéanfar nó a dhéanfar a nuachan, roimh an dáta a bheidh éifeacht ag an oibleagáid imréitigh de bhun Airteagal 4 agus a dhéanfar a nuachan ina dhiaidh sin, tar éis an 11 Feabhra 2021, chun críche tagarmharc an ráta úis dá dtagraíonn siad a ionadú nó chun forálacha cúltaca maidir leis an tagarmharc sin a thabhairt isteach, agus chun na críche sin amháin, ní thiocfaidh siad, ar an gcúis sin, faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4.”;

(3)

in Airteagal 24a(7), cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

ar a laghad uair sa bhliain, measúnuithe uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú ar athléimneacht CPLanna i leith forbairtí dochracha sa mhargadh i gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, ag cur san áireamh, i gcás inar féidir, éifeacht chomhiomlán na socruithe téarnaimh agus réitigh CPL ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais;”;

(4)

in Airteagal 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Cuirfidh an coiste riosca comhairle ar an mbord faoi aon socruithe a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar bhainistiú riosca an CPL, amhail athrú suntasach ar a shamhail riosca, na nósanna imeachta mainneachtana, na critéir maidir le comhaltaí imréitigh a ghlacadh nó imréiteach aicmí nua ionstraimí nó d’eisfhoinsiú feidhmeanna. Cuirfidh an coiste riosca aon riosca nua a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athléimneacht an CPL in iúl don bhord go tráthúil. Ní theastaíonn comhairle an choiste riosca d’oibríochtaí laethúla an CPL. Ba cheart iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh dul i gcomhairle leis an gcoiste riosca maidir le forbairtí a mbeidh tionchar acu ar bhainistíocht riosca an CPL i gcásanna éigeandála, lena n-áirítear forbairtí a bhaineann le neamhchosaintí chomhaltaí imréitigh ar an CPL agus idirthuilleamaíochtaí le CPLanna eile.”;

(5)

in Airteagal 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Cuirfidh CPL an t-údarás inniúil agus an coiste riosca ar an eolas go pras faoi aon chinneadh ina gcinneann an bord gan comhairle an choiste riosca a leanúint agus míneoidh sé cinneadh den sórt sin. Féadfaidh an coiste riosca nó aon bhall den choiste riosca an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoi aon réimse ina measann sé nár leanadh comhairle de chuid an choiste riosca.”;

(6)

In Airteagal 37(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Cuirfidh an CPL an t-údarás inniúil ar an eolas maidir le haon fhorbairt dhiúltach shuntasach maidir le próifíl riosca aon cheann dá chomhaltaí imréitigh arna cinneadh i gcomhthéacs mheasúnú an CPL dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó aon mheasúnú eile le conclúid chomhchosúil, lena n-áirítear aon mhéadú ar an riosca a thugann aon chomhaltaí imréitigh dá chuid chuig an CPL, a mheasann an CPL go bhféadfadh an riosca sin nós imeachta mainneachtana a ghníomhachtú.”;

(7)

in Airteagal 38, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“8.   Cuirfidh comhaltaí imréitigh an CPL a gcuid cliant reatha nó féideartha ar an eolas go soiléir faoi na caillteanais fhéideartha nó costais fhéideartha eile a d’fhéadfaidís a iompar mar thoradh ar chur i bhfeidhm nósanna imeachta bainistithe mainneachtana agus socruithe leithdháilte caillteanais agus suíomhanna faoi rialacha oibríochta an CPL, lena n-áirítear an cineál cúitimh a d’fhéadfaidís a fháil, agus Airteagal 48(7) á chur san áireamh. Soláthrófar faisnéis atá mionsonraithe go leor do chliaint lena áirithiú go dtuigfidh siad na caillteanais sa chás is measa nó na costais eile a d’fhéadfadh a bheith i ndán dóibh i gcás ina ndéanfaidh an CPL bearta téarnaimh.”;

(8)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 45a

Srianta sealadacha i gcás teagmhas suntasach neamh-mhainneachtana

1.   I gcás teagmhas suntasach neamh-mhainneachtana mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/23, féadfaidh an t-údarás inniúil ceangal a chur ar an CPL staonadh ó aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas ar feadh tréimhse a shonróidh an t-údarás inniúil, ar tréimhse í nach faide ná cúig bliana:

(a)

íocaíocht díbhinne a dhéanamh nó gealltanas neamh-inchúlghairthe a thabhairt chun íocaíocht díbhinne a dhéanamh, ach amháin i gcás cearta i leith díbhinní dá dtagraítear go sonrach i Rialachán (AE) 2021/23 mar chineál cúitimh;

(b)

aischeannach gnáthscaireanna;

(c)

oibleagáid a chruthú luach saothair inathraitheach mar a shainítear i mbeartas luacha saothair an CPL de bhun Airteagal 26(5) den Rialachán seo, sochair phinsin lánroghnacha nó pacáistí téarfa a íoc leis an lucht bainistíochta sinsearaí mar a shainmhínítear i bpointe 29 d’Airteagal 2 den Rialachán seo.

Ní chuirfidh an t-údarás inniúil srian ar an CPL i dtaobh aon cheann de na gníomhaíochtaí sa chéad fhomhír a dhéanamh, má tá oibleagáid dhlíthiúil ar an CPL an ghníomhaíocht sin a dhéanamh agus má bunaíodh an oibleagáid roimh na teagmhais de bhun na chéad fhomhíre.

2.   Féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh na srianta i mír 1 a tharscaoileadh i gcás ina measfaidh sé nach laghdódh tarscaoileadh na srianta sin cainníocht ná infhaighteacht acmhainní dílse an CPL, go háirithe acmhainní dílse atá ar fáil lena n-úsáid mar bheart téarnaimh.

3.   Déanfaidh ESMA faoin 12 Feabhra 2022 dréacht-treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ina sonrófar a thuilleadh na cúinsí ina bhféadfaidh an t-údarás inniúil a iarraidh ar an CPL staonadh ó aon cheann de na gníomhaíochtaí a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.”;

(9)

In Airteagal 81(3), an chéad fhomhír, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(r)

na húdaráis réitigh a ainmnítear faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 2021/23 .”.

Airteagal 88

Leasú ar Rialachán (AE) 2015/2365

In Airteagal 12(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(n)

na húdaráis réitigh a ainmnítear faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*).

Airteagal 89

Leasuithe ar Threoir 2002/47/CE

Leasaítear Treoir 2002/47/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 4 go 7 den Treoir seo maidir le haon srian ar fhorfheidhmiú na socruithe comhthaobhachta airgeadais nó aon srian ar éifeacht socraithe comhthaobhachta airgeadais urrús, ar aon ghlanluacháil socraíochta nó ar aon fhoráil fritháirimh arna forchur de bhua Theideal IV, Caibidil V nó Caibidil VI de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), nó de bhua Theideal V, Caibidil III, Roinn 3, nó de bhua Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**) nó maidir le haon srian den chineál sin arna fhorchur de bhua cumhachtaí den chineál céanna i ndlí Ballstáit chun cuidiú le réiteach ordúil aon eintitis dá dtagraítear i bpointe (c)(iv) nó (d) de mhír 2 den Airteagal seo atá faoi réir coimircí ar coibhéiseach iad ar a laghad leo sin a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil VII de Threoir 2014/59/AE agus i dTeideal V, Caibidil V de Rialachán (AE) 2021/23.”

(*)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)."

(**)  Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh 600/2014 (AE) Uimh 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 022, 22.1.2021, lch. 1).”;"

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9a:

“Airteagal 9a

Treoir 2008/48/CE, Treoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) 2021/23

Ní dochar an Treoir seo do Threoir 2008/48/CE, do Threoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) 2021/23 .”.

Airteagal 90

Leasú ar Threoir 2004/25/CE

In Airteagal 4(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag Airteagal 5(1) den Treoir seo i gcás ina gcuirfear i bhfeidhm uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) nó i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**).

Airteagal 91

Leasuithe ar Threoir 2007/36/CE

Leasaítear Treoir 2007/36/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an Treoir seo i gcás ina gcuirfear i bhfeidhm uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) nó i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**).”

(*)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)."

(**)  Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) Uimh. (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 022, 22.1.2021, lch. 1)."

(2)

In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an cruinniú ginearálta, chun críocha Threoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh go bailí, comhghairm chuig cruinniú ginearálta a eisiúint, nó na reachtanna a mhodhnú le forordú go n-eiseofar comhghairm chuig cruinniú ginearálta, ar fhógra níos giorra ná mar a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, chun méadú ar an gcaipiteal a chinneadh, ar choinníoll nach dtionólfar an cruinniú laistigh de dheich lá féilire den chomhghairm, go gcomhlíonfar coinníollacha Airteagal 27 nó 29 de Threoir 2014/59/AE nó Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/23, agus go mbeidh gá leis an méadú ar an gcaipiteal ionas go seachnófar na coinníollacha réitigh a leagtar síos in Airteagail 32 agus 33 de Threoir 2014/59/AE nó in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/23.”.

Airteagal 92

Leasú ar Threoir (AE) 2017/1132

Leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 84, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag Airteagal 49, Airteagal 58(1), Airteagal 68(1), (2) agus (3), an chéad fhomhír d’Airteagal 70(2), Airteagail 72 go 75, ná 79, 80 agus 81 den Treoir seo i gcás cur i bhfeidhm na n-uirlisí, na gcumhachtaí agus na sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) nó i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**).

(*)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)."

(**)  Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh 600/2014 (AE) Uimh 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 022, 22.1.2021, lch. 1).”."

(2)

Leasaítear Article 86a mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) de mhír 3:

“(b)

tá an chuideachta faoi réir uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá dtagraítear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE nó i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) de mhír 4:

“(c)

faoi réir bearta coiscthe géarchéime mar a shainmhínítear iad i bpointe (101) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE nó i bpointe (48) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/23 .”;

(3)

in Airteagal 87, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le cuideachtaí atá faoi réir chur i bhfeidhm uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE nó i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23.”;

(4)

leasaítear Airteagal 120 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) de mhír 4:

“(b)

tá an chuideachta faoi réir uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá dtagraítear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE nó i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 .”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) de mhír 5:

“(c)

faoi réir bearta coiscthe géarchéime mar a shainmhínítear iad i bpointe (101) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE nó i bpointe (48) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/23 .”

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 160a:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) de mhír 4:

“(b)

tá an chuideachta faoi réir uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá dtagraítear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE nó i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 .”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) de mhír 5:

“(c)

faoi réir bearta coiscthe géarchéime mar a shainmhínítear iad i bpointe (101) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE nó i bpointe (48) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/23 .”.

Airteagal 93

Leasú ar Threoir 2014/59/AE

In Airteagal 1, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le heintitis atá údaraithe freisin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.”.

Airteagal 94

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

athuimhrítear an chéad fhomhír mar mhir 1;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le heintitis atá údaraithe freisin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.”.

Airteagal 95

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014

In Airteagal 54(2), cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad na chéad fomhíre:

“Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil gá le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán a eisiamh ó raon feidhme Airteagail 35 agus 36 i gcomhréir le hAirteagal 52(12), féadfaidh CCP nó ionad trádála, roimh an 11 Feabhra 2021 iarratas a chur isteach chuig a údarás inniúil chun cead a fháil leas a bhaint as socruithe idirthréimhseacha. Féadfaidh an t-údarás inniúil, agus aird aige ar rioscaí a eascraíonn as cur i bhfeidhm na gceart rochtana faoi Airteagail 35 nó faoi Airteagal 36 a mhéid a bhaineann le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán d’fheidhmiú ordúil an CCP ábhartha nó an ionaid trádála, a chinneadh nach mbeadh feidhm ag Airteagal 35 ná Airteagal 36 maidir leis an CCP ábhartha nó leis an ionad trádála, faoi seach, i dtaca le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán, ar feadh idirthréimhse go dtí an 3 Iúil 2021. I gcás ina bhformheasfar tréimhse idirthréimhseach den sórt sin, ní thairbheoidh an CCP ná an t-ionad trádála de na cearta rochtana faoi Airteagal 35 nó faoi Airteagal 36 a mhéid a bhaineann le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán ar feadh ré na tréimhse sin. Nuair a dhéanfar idirthréimhse a fhormheas, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ESMA agus, i gcás CCP, do choláiste na n-údarás inniúil i leith an CCP sin.”.

TEIDEAL IX

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 96

Athbhreithniú

Faoin 12 Feabhra 2024, déanfaidh ESMA measúnú ar na riachtanais foirne agus ar na riachtanais acmhainní a eascraíonn as a chumhachtaí agus a dhualgas a ghlacadh ar láimh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.

Faoin 12 Feabhra 2026, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus déanfaidh sé tuarascáil ina leith sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar an méid seo a leanas ar a laghad a mheasúnú inti:

(a)

a iomchuí agus a leordhóthanaí atá na hacmhainní airgeadais atá ar fáil don údarás réitigh chun caillteanais a eascraíonn as teagmhas neamh-mhainneachtana a chumhdach;

(b)

méid acmhainní dílse an CPL atá le húsáid le linn téarnaimh agus réitigh agus na modhanna lena n-úsáid; agus

(c)

an leordhóthanach iad na huirlisí réitigh atá ar fáil don údaráis réitigh.

I gcás inarb iomchuí, beidh tograí le haghaidh athbhreithniú an Rialacháin ag gabháil leis an tuarascáil sin.

Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm Airteagal 27(7) a athbhreithniú. Déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú an gá leasuithe breise i ndáil leis an uirlis díluachála agus chomhshó a chur i bhfeidhm i gcás réitigh CPLanna i gcomhar le huirlisí réitigh eile a mbeidh caillteanais airgeadais le seasamh ag comhaltaí imréitigh mar thoradh orthu. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ina leith sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus tograí maidir leis an Rialachán seo a leasú ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí.

Faoin 12 Lúnasa 2027, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo agus ar a chur chun feidhme agus déanfaidh sé measúnú ar éifeachtacht na socruithe rialachais i dtaca le téarnamh agus réiteach CPLanna san Aontas agus déanfaidh sé tuarascáil faoi sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus tograí ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí, maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo.

Airteagal 97

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 12 Lúnasa 2022 cé is moite den mhéid seo a leanas:

Airteagal 95, a mbeidh feidhm aige ón 4 Iúil 2020;

Airteagail 87(2), a mbeidh feidhm acu ón 11 Feabhra 2021;

Airteagail 9(1), 9(2), 9(3) 9(4), 9(6), 9(7), 9(9), 9(10), 9(12), 9(13), 9(16), 9(17), 9(18), 9(19), 10(1), 10(2), 10(3), 10(8), 10(9), 10(10), 10(11), 10(12) agus 11, a mbeidh feidhm acu ón 12 Feabhra 2022;

Airteagail 9(14) agus 20, a mbeidh feidhm acu ón 12 Feabhra 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Nollaig 2020.

Thar ceann na Parlaiminte

An tUachtarán

D. M. Sassoli

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. Roth


(1)  IO C 209, 30.6.2017, lch. 28.

(2)  IO C 372, 1.11.2017, lch. 6

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 17 Samhain 2020. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(5)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

(9)  Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45).

(10)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le Treoir 2013/36/AE maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(12)  Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).

(13)  Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (IO L 168, 27.6.2002, lch. 43).

(14)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

(15)  Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (IO L 142, 30.4.2004, lch. 12).

(16)  Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le cearta áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe a fheidhmiú (IO L 184, 14.7.2007, lch. 17).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012(IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(19)  Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).

(20)  Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (IO L 168, 27.6.2002, lch. 43).

(21)  Treoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2014/59/AE (IO L 328, 18.12.2019, lch. 29).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí speisialta don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(24)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).

(25)  Treoir 2001/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le hurrúis a ghlacadh ar liostú oifigiúil stocmhalartáin agus maidir le faisnéis a fhoilseofar faoi na hurrúis sin (IO L 184, 6.7.2001, lch. 1).

(26)  Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).


IARSCRÍBHINN

ROINN A

Ceanglais maidir le pleananna téarnaimh

Áireofar an méid seo a leanas sa phlean téarnaimh:

(1)

achoimre ar phríomheilimintí an phlean agus achoimre ar an gcumas téarnaimh foriomlán;

(2)

achoimre ar na hathruithe ábhartha a rinneadh ar an CPL ón bplean téarnaimh is déanaí a comhdaíodh;

(3)

plean cumarsáide agus nochta ina leagtar amach conas a bheartaíonn an CPL a údarás inniúil a choinneáil ar an eolas maidir le staid an téarnaimh agus aon fhrithghníomh diúltach margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann a bhainistiú agus é ag gníomhú ar bhealach chomh trédhearcach agus is féidir;

(4)

raon cuimsitheach de ghníomhaíochtaí caipitil, de ghníomhaíochtaí leithdháilte caillteanais, leithdháilte suímh, agus de ghníomhaíochtaí leachtachta atá riachtanach chun inmharthanacht agus fóntacht airgeadais an CPL a choimeád nó a athbhunú, lena n-áirítear chun a leabhar comhoiriúnaithe agus a chaipiteal a athbhunú, agus chun acmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú agus rochtain a choimeád ar fhoinsí leachtacha leordhóthanacha atá riachtanach don CPL ionas go leanfaidh sé de bheith ina ghnóthas leantach inmharthana agus de bheith ag cur a sheirbhísí criticiúla ar fáil i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ar bhonn Airteagal 16(3) agus 44(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Féadfar a áireamh ar na gníomhaíochtaí leithdháilte caillteanais glaonna ar airgead tirim i gcomhair téarnaimh agus laghdú ar luach na ngnóthachan is iníoctha ag an CPL le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana, i gcás ina sainítear iad i rialacha oibríochta an CPL, agus ní bhainfear úsáid iontu as na corrlaigh tosaigh arna mbreacadh ag comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana chun caillteanais a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 45(4) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(5)

measúnú ar na roghanna téarnaimh maidir le:

(i)

tionchar a gcur chun feidhme ar shócmhainneacht, leachtacht, suíomhanna cistiúcháin, brabúsacht agus oibríochtaí an CPL;

(ii)

tionchar seachtrach agus iarmhairtí sistéamacha a gcur chun feidhme maidir le feidhmeanna criticiúla, scairshealbhóirí, comhaltaí imréitigh, creidiúnaithe agus geallsealbhóirí eile an CPL, agus i gcás inarb infheidhme, an chuid eile den ghrúpa, agus a mhéid is eol sin, cliaint agus cliaint indíreacha an CPL;

(iii)

a indéanta atá sé iad a chur chun feidhme, tar éis anailís mhionsonraithe a dhéanamh ar rioscaí, ar bhaic agus ar réitigh ar na baic; agus

(iv)

tionchar a gcur chun feidhme ar leanúnachas oibríochtaí, go háirithe acmhainní daonna agus TF, agus ar an rochtain ar bhonneagair airgeadais eile.

(6)

coinníollacha agus nósanna imeachta iomchuí lena n-áiritheofar cur chun feidhme tráthúil na ngníomhaíochtaí téarnaimh, lena n-áireofar meastachán ar an tréimhse ama is gá chun gach gné ábhartha den phlean a chur i gcrích;

(7)

tuairisc mhionsonraithe ar aon bhac ábhartha ar chur chun feidhme éifeachtach tráthúil an phlean agus cuirfear san áireamh sa tuairisc sin freisin an tionchar a bheidh aige sin ar na comhaltaí imréitigh agus na cliaint, lena n-áireofar cásanna inar dócha go ndéanfaidh comhaltaí imréitigh bearta i gcomhréir lena bpleananna téarnaimh dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 7 de Threoir 2014/59/AE agus, i gcás inarb iomchuí, an tionchar a bheidh aige sin ar an gcuid eile den ghrúpa;

(8)

measúnú ar oiriúnacht na roghanna téarnaimh i dtaobh aghaidh a thabhairt ar gach cás ábhartha den phlean téarnaimh, bunaithe ar an gcaoi a ndéantar an méid seo a leanas leis na roghanna sin:

(i)

trédhearcacht a áirithiú agus a cheadú dóibh siúd a d’fhéadfadh a bheith neamhchosanta ar chaillteanais agus ar easnaimh leachtachta na caillteanais agus easnaimh fhéideartha sin a thomhas, a bhainistiú agus a rialú;

(ii)

dreasachtaí a sholáthar do scairshealbhóirí, do chomhaltaí imréitigh agus dá gcliaint agus don chóras airgeadais; agus

(iii)

an tionchar diúltach ar chomhaltaí imréitigh agus ar a gcliaint agus ar an gcóras airgeadais a íoslaghdú;

(9)

sainaithint na bhfeidhmeanna criticiúla;

(10)

tuairisc mhionsonraithe ar na próisis chun luach agus indíoltacht chroílínte gnó, oibríochtaí agus shócmhainní an CPL a chinneadh;

(11)

tuairisc mhionsonraithe ar an gcaoi a ndéanfar an phleanáil réitigh a chomhtháthú le struchtúr rialachais chorparáidigh an CPL, faoin gcaoi ar cuid de rialacha oibríochta an CPL í, rialacha ar chomhaontaigh na comhaltaí imréitigh orthu, mar aon le beartais agus nósanna imeachta lena rialófar faomhadh an phlean réitigh agus sainaithint na ndaoine sin san eagraíocht atá freagrach as an bplean a tharraingt suas agus a chur chun feidhme;

(12)

socruithe agus bearta lena dtabharfar dreasachtaí do chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana tairiscintí iomaíocha a dhéanamh ar cheantanna ar shuíomhanna comhalta a mhainnigh;

(13)

socruithe agus bearta lena n-áiritheofar rochtain leordhóthanach a bheith ag an CPL ar fhoinsí cistiúcháin theagmhasaigh, lena n-áireofar foinsí féideartha leachtachta, lena chur ar a chumas dó leanúint dá oibríochtaí a dhéanamh agus na hoibleagáidí atá air a chomhlíonadh de réir mar a bheidh siad dlite;

(14)

measúnú ar an gcomhthaobhacht atá ar fáil agus measúnú ar an bhféidearthacht ó thaobh acmhainní nó leachtacht a aistriú thar línte gnó;

(15)

socruithe agus bearta:

(i)

chun riosca a laghdú;

(ii)

chun conarthaí, cearta, sócmhainní agus dliteanais a athstruchtúrú;

(iii)

chun línte gnó a athstruchtúrú;

(iv)

ar gá iad chun rochtain leanúnach a choinneáil ar bun ar BMAnna agus ar ionaid trádála;

(v)

ar gá iad chun feidhmiú leanúnach phróisis oibríochtúla an CPL a choinneáil ar bun, lena n-áireofar a bhonneagar agus a sheirbhísí TF;

(vi)

chun conarthaí a fhoirceannadh go páirteach nó go hiomlán; agus

(vii)

chun laghdú a dhéanamh ar luach aon ghnóthachan is iníoctha ag an CPL le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana, más infheidhme, ag brath ar an gcineál ionstraimí a imréitíonn an CPL; agus

(viii)

chun oibleagáid a chur ar chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana ranníocaíocht in airgead tirim a dhéanamh leis an CPL a bheidh chomh mór ar a laghad le ranníocaíocht gach comhalta imréitigh leis an gciste mainneachtana. An oibleagáid sin i dtaobh glao ar airgead tirim i gcomhair téarnaimh, cuirfear san áireamh í freisin i rialacha agus i socruithe conarthacha eile an CPL agus déanfar tagairt di iontu.

(16)

réamhshocruithe chun díol sócmhainní nó línte gnó a éascú laistigh de thréimhse ama is iomchuí d’athbhunú na fóntachta airgeadais, lena n-áirítear measúnú ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag díol den sórt sin ar oibríochtaí an CPL;

(17)

i gcás ina mbeartaítear gníomhaíochtaí nó straitéisí bainistíochta eile chun an fhóntacht airgeadais a athbhunú, tuairisc ar na gníomhaíochtaí nó ar na straitéisí sin agus ar an éifeacht airgeadais ionchasach a bheidh acu;

(18)

réamhbhearta atá déanta ag an CPL nó atá beartaithe aige a dhéanamh chun cur chun feidhme an phlean téarnaimh a éascú, lena n-áireofar iad sin is gá chun athchaipitliú tráthúil an CPL a éascú, a leabhar comhoiriúnaithe a athbhunú agus a acmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú mar aon le hinfhorfheidhmitheacht an phlean sin ar bhonn trasteorann;

(19)

creat táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla lena sainaithneofar na pointí ag a bhféadfar gníomhaíochtaí iomchuí dá dtagraítear sa phlean a dhéanamh;

(20)

i gcás inarb infheidhme, anailís ar an gcaoi a bhféadfaidh an CPL iarratas a chur isteach, sna coinníollacha a dtugtar aghaidh orthu sa phlean, chun saoráidí an bhainc ceannais a úsáid mar aon le hanailís ar cathain a fhéadfaidh an CPL sin a dhéanamh, agus na hacmhainní sin a mbeifí ag súil leis go gcáileoidís mar chomhthaobhacht a shainaithint faoi théarmaí shaoráid an bhainc ceannais;

(21)

agus forálacha Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) 648/2012 á gcur san áireamh, raon cásanna a dhéanfadh difear mór d’fhóntacht airgeadais nó d’inmharthanacht oibríochtúil an CPL agus a bheadh ábhartha maidir le dálaí sonracha an CPL amhail a mheascán táirgí, a shamhail ghnó agus a chreat leachtachta agus rialachais riosca, lena n-áirítear cásanna lena mbaineann teagmhais ar fud an chórais nó teagmhais a bhaineann go sonrach leis an eintiteas dlíthiúil agus le haon ghrúpa lena mbaineann sé agus strus a bhaineann go sonrach le comhaltaí imréitigh aonair an CPL nó, i gcás inarb iomchuí, le BMA nasctha; agus

(22)

agus Airteagal 34 agus Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) 648/2012 á gcur san áireamh, raon cásanna a dhéanfadh difear mór d’fhóntacht airgeadais nó d’inmharthanacht oibríochtúil an CPL agus a bheadh ina dtoradh ar strus nó ar mhainneachtain ceann amháin nó níos mó dá chomhaltaí, lena n-áirítear cásanna a théann thar strus nó mainneachtain an dá chomhalta imréitigh ar a laghad a bhfuil na neamhchosaintí is mó ina leith ag an CPL faoi dhálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte, agus a bheadh ina dtoradh freisin ar chúiseanna eile lena n-áirítear caillteanais ó ghníomhaíochtaí infheistíochta an CPL nó ó fhadhbanna oibríochtúla, lena n-áirítear mórbhagairtí seachtracha ar oibríochtaí CPL i ngeall ar chur isteach seachtrach, suaitheadh seachtrach nó eachtra sheachtrach chibearbhunaithe.

ROINN B

Faisnéis a fhéadfaidh na húdaráis réitigh a iarraidh ar CPLanna a sholáthar chun pleananna réitigh a tharraingt suas agus a choinneáil ar bun

Chun pleananna réitigh a tharraingt suas agus a choinneáil ar bun, féadfaidh údaráis réitigh iarraidh ar CPLanna an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a sholáthar:

(1)

tuairisc mhionsonraithe ar struchtúr eagraíochtúil an CPL lena n-áirítear liosta de na daoine dlítheanacha uile;

(2)

sainaithint na sealbhóirí díreacha agus céatadán na gceart vótála agus na gceart eile atá ag gach duine dlítheanach;

(3)

suíomh an uile dhuine dhlítheanaigh, a dhlínse chorpraithe, a cheadúnú agus an phríomhfhoireann bainistíochta a bhaineann leis;

(4)

mapáil ar fheidhmeanna criticiúla agus ar chroílínte gnó an CPL, lena n-áirítear mionsonraí chlár comhardaithe na bhfeidhmeanna agus na línte gnó sin, trí thagairt do dhaoine dlítheanacha;

(5)

tuairisc mhionsonraithe ar chomhpháirteanna ghníomhaíochtaí gnó an CPL agus a chuid eintiteas dlíthiúil uile, ina ndéanfar deighilt, de réir cineálacha seirbhísí agus méideanna imréitithe faoi seach ar a laghad, idir leas oscailte, corrlach tosaigh, sreabha an chorrlaigh athrúcháin, cistí mainneachtana agus aon chearta measúnúcháin ghaolmhara nó gníomhaíochtaí téarnaimh eile a bhaineann leis na línte gnó sin;

(6)

mionsonraí faoi ionstraimí caipitil agus ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag an CPL agus ag a eintitis dhlíthiúla;

(7)

sainaithint na bhfoinsí óna bhfuair an CPL comhthaobhacht agus an fhoirm ina raibh sí (aistriú teidil nó leas urrúis), cé dó ar gheall sé comhthaobhacht agus an fhoirm inar gheall sé í maille leis an té ag a bhfuil an chomhthaobhacht, agus, sa dá chás, an dlínse ina bhfuil an chomhthaobhacht lonnaithe;

(8)

tuairisc ar neamhchosaintí an CPL agus a eintiteas dlíthiúil lasmuigh den chlár comhardaithe, lena n-áirítear mapáil chuig a oibríochtaí criticiúla agus a chroílínte gnó;

(9)

fáluithe ábhartha an CPL lena n-áirítear mapáil chuig daoine dlítheanacha;

(10)

sainaithint neamhchosaintí agus thábhacht chomhaltaí imréitigh an CPL faoi seach mar aon le hanailís ar an tionchar a bheadh ag cliseadh na bpríomhchomhaltaí imréitigh ar an CPL;

(11)

gach córas ina ndéanann an CPL líon ábhartha idirbheart nó méid ábhartha luacha idirbheart, lena n-áirítear mapáil chuig daoine dlítheanacha an CPL, a oibríochtaí criticiúla agus a chroílínte gnó;

(12)

gach córas íocaíochta, córas imréitigh nó córas socraíochta a bhfuil an CPL ina chomhalta de, cibé acu comhalta díreach nó indíreach, lena n-áirítear mapáil chuig daoine dlítheanacha an CPL, a oibríochtaí criticiúla agus a chroílínte gnó;

(13)

fardal mionsonraithe de na príomhchórais faisnéise bainistíochta maille le tuairisc orthu, iad sin a bhaineann le bainistíocht riosca, le cuntasaíocht, agus le tuairisciú airgeadais agus rialála arna n-úsáid ag an CPL san áireamh, lena n-áirítear mapáil chuig daoine dlítheanacha an CPL, a oibríochtaí criticiúla agus a chroílínte gnó;

(14)

sainaithint úinéirí na gcóras a shainaithnítear faoi phointe (13); comhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse a bhaineann leo, agus gach bogearra, córas nó ceadúnas, lena n-áirítear mapáil chuig eintitis dhlíthiúla an CPL, a oibríochtaí criticiúla agus a chroílínte gnó;

(15)

sainaithint agus mapáil na ndaoine dlítheanacha mar aon le hidirnaisc agus idirthuilleamaíochtaí na ndaoine dlítheanacha éagsúla amhail:

(i)

pearsanra, saoráidí nó córais chomhchoiteanna nó chomhroinnte;

(ii)

socruithe caipitil, cistiúcháin nó leachtachta;

(iii)

neamhchosaintí ar chreidmheas atá ann cheana nó a d’fhéadfadh bheith ann;

(iv)

comhaontuithe trasráthaíochta, socruithe maidir le comhthaobhacht fhrithpháirteach, forálacha trasmhainneachtana agus socruithe glanluachála idir fhochuideachtaí;

(v)

aistrithe riosca agus socruithe maidir le trádáil “droim le droim”;

(vi)

comhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse;

(16)

an t-údarás inniúil agus an t-údarás réitigh do gach duine dlítheanach, i gcás nach ionann iad agus na húdaráis a ainmnítear faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus faoi Airteagal 3 den Rialachán seo;

(17)

comhalta an bhoird atá freagrach as an bhfaisnéis is gá a sholáthar chun plean téarnaimh an CPL a tharraingt suas mar aon leo sin atá freagrach, i gcás nach ionann iad agus an comhalta réamhráite, as na daoine dlítheanacha éagsúla, na feidhmeanna criticiúla agus na croílínte gnó;

(18)

tuairisc ar na socruithe atá curtha ar bun ag an CPL chun a áirithiú, i gcás réitigh, go mbeidh teacht ag an údarás réitigh ar an bhfaisnéis uile is gá, arna chinneadh sin ag an údarás réitigh, chun na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú;

(19)

na comhaontuithe uile a rinne an CPL agus a n-eintitis dhlíthiúla le tríú páirtithe, ar féidir iad a fhoirceannadh le cinneadh ó na húdaráis uirlis réitigh a chur i bhfeidhm nó i gcás ina ndéanfaidh iarmhairtí an fhoirceanta sin difear do chur i bhfeidhm na huirlise réitigh;

(20)

tuairisc ar fhoinsí féideartha leachtachta lena dtacófar leis an réiteach;

(21)

faisnéis faoi ualú sócmhainní, sócmhainní leachtacha, gníomhaíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe, straitéisí fálúcháin agus cleachtais chlárúcháin.

ROINN C

Ábhair nach mór don údarás réitigh a mheas agus measúnú á dhéanamh aige ar inréititheacht CPL

Nuair a bheidh inréititheacht CPL á measúnú aige, déanfaidh an t-údarás réitigh na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

(1)

a mhéid is féidir leis an CPL na croílínte gnó agus na hoibríochtaí criticiúla a mhapáil chuig daoine dlítheanacha;

(2)

a mhéid a bheidh na struchtúir dhlíthiúla agus chorparáideacha ag teacht leis na croílínte gnó agus na hoibríochtaí criticiúla;

(3)

a mhéid a choiscfidh struchtúr dlíthiúil an CPL cur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh mar thoradh ar líon na ndaoine dlítheanacha, ar a chasta atá struchtúr an ghrúpa nó ar a dheacra atá sé línte gnó a ailíniú le grúpeintitis;

(4)

a mhéid a bheidh socruithe i bhfeidhm lena bhforálfar don phearsanra, don bhonneagar, don chistiú, don leachtacht agus don chaipiteal bunriachtanach chun tacú leis na croílínte gnó agus na hoibríochtaí criticiúla agus chun iad a choimeád;

(5)

gurb ann do chomhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse agus gur comhaontuithe láidre iad;

(6)

a mhéid a bheidh na comhaontuithe seirbhíse arna gcoimeád ag an CPL infhorfheidhmithe go hiomlán i gcás ina ndéanfar an CPL a réiteach;

(7)

a mhéid a bheidh struchtúr rialachais an CPL leordhóthanach chun bainistiú a dhéanamh ar bheartais inmheánacha an CPL i leith a chomhaontuithe ar leibhéal na seirbhísí agus chun comhlíonadh na mbeartas sin a áirithiú;

(8)

a mhéid a bheidh próiseas curtha ar bun ag an CPL chun na seirbhísí arna gcur ar fáil faoi chomhaontuithe maidir le leibhéal na seirbhíse a aistriú go tríú páirtithe i gcás ina ndéanfar na feidhmeanna criticiúla nó na croílínte gnó a dheighilt ó fheidhmeanna agus línte eile;

(9)

a mhéid a bheidh pleananna teagmhasacha nó bearta teagmhasacha i bhfeidhm chun rochtain leanúnach ar chórais íocaíochta agus socraíochta a áirithiú;

(10)

leordhóthanacht na gcóras faisnéise bainistíochta chun a áirithiú go mbeidh na húdaráis réitigh i gcumas faisnéis bheacht iomlán a bhailiú a bhaineann leis na croílínte gnó agus leis na hoibríochtaí criticiúla d’fhonn cinnteoireacht phras a éascú;

(11)

cumas na gcóras faisnéise bainistíochta chun an fhaisnéis atá riachtanach do réiteach éifeachtach an CPL a chur ar fáil i gcónaí fiú amháin faoi dhálaí a bheidh ag athrú go mear;

(12)

a mhéid a bheidh tástáil déanta ag an CPL ar a chórais faisnéise bainistíochta faoi na cásanna struis atá sainithe ag an údarás réitigh;

(13)

a mhéid is féidir leis an CPL leanúnachas a chóras faisnéise bainistíochta a áirithiú don CPL dá ndéanfar difear agus don CPL nua araon i gcás ina mbeidh na hoibríochtaí criticiúla agus na croílínte gnó deighilte ón gcuid eile de na hoibríochtaí agus na línte eile gnó;

(14)

a mhéid a bheidh aon ráthaíochtaí inghrúpa á soláthar faoi dhálaí an mhargaidh agus a bheidh na córais bainistíochta riosca a bhaineann leis na ráthaíochtaí sin láidir, i gcás ina dtairbheoidh an CPL de na ráthaíochtaí sin nó ina mbeidh sé neamhchosanta ar na ráthaíochtaí sin;

(15)

a mhéid a dhéanfar aon idirbheart inghrúpa ar choinníollacha margaidh agus a bheidh na córais bainistithe riosca a bhaineann leis na ráthaíochtaí sin láidir, i gcás ina mbeidh an CPL rannpháirteach in idirbhearta den chineál sin;

(16)

a mhéid a mhéadófar an éifeacht ghabhála ar fud an ghrúpa de thoradh ráthaíochtaí nó idirbhearta inghrúpa a úsáid;

(17)

a mhéid a fhéadfaidh drochthionchar a bheith ag réiteach an CPL ar aon chuid dá ghrúpa, go háirithe i gcás ina mbeidh BMAnna eile sa ghrúpa sin, nuair is infheidhme;

(18)

an mbeidh na huirlisí réitigh ag údaráis tríú tír is gá chun tacú le gníomhaíochtaí réitigh a dhéanfaidh údaráis réitigh an Aontais, agus na féidearthachtaí a bheidh ann don Aontas agus d’údaráis tríú tír gníomhaíochtaí a dhéanamh i gcomhordú le chéile;

(19)

a indéanta a bheidh sé uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ar bhealach a chomhlíonfaidh na cuspóirí réitigh, agus na huirlisí a bheidh ar fáil agus struchtúr an CPL á gcur san áireamh;

(20)

aon cheanglais shonracha is gá chun ionstraimí úinéireachta nua dá dtagraítear in Airteagal 33(1) a eisiúint.

(21)

na socruithe agus na modhanna lena bhféadfaí cur isteach ar phróiseas an réitigh i gcás CPL ag a bhfuil comhaltaí imréitigh nó socruithe comhthaobhachta atá bunaithe i ndlínsí éagsúla;

(22)

a inchreidte a bheidh sé uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ar bhealach a chomhlíonfaidh na cuspóirí réitigh, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar chomhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, a gcliaint, ar chontrapháirtithe eile agus ar fhostaithe á chur san áireamh mar aon le gníomhaíochtaí eile a fhéadfaidh na húdaráis tríú tír a dhéanamh;

(23)

a mhéid is féidir meastóireacht leordhóthanach a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag réiteach an CPL ar an gcóras airgeadais agus ar mhuinín an mhargaidh airgeadais;

(24)

a mhéid is féidir éifeacht shuntasach dhíobhálach, cibé acu éifeacht dhíreach nó indíreach í sin, a bheith ag réiteach an CPL ar an gcóras airgeadais, ar mhuinín an mhargaidh agus ar an ngeilleagar;

(25)

a mhéid is féidir srian a chur le héifeacht ghabhála ar CPLanna eile nó ar mhargaí airgeadais eile trí na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm nó na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú; agus

(26)

a mhéid a fhéadfaidh éifeacht shuntasach a bheith ag réiteach an CPL ar fheidhmiú na gcóras íocaíochta agus socraíochta.