8.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 438/1


TREOIR (AE) 2021/2167 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2021

maidir le seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53 agus Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is tosaíocht ag an Aontas é straitéis chuimsitheach a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na n-iasachtaí neamhthuillmheacha (NPLanna). Cé gurb iad na hinstitiúidí creidmheasa agus na Ballstáit go príomha atá freagrach as aghaidh a thabhairt ar NPLanna, tá gné shoiléir Aontais ag roinnt le laghdú na stoc reatha de NPLanna, agus freisin le cosc a chur le haon charnadh iomarcach NPLanna amach anseo. I bhfianaise a idirnasctha atá na córais bhaincéireachta agus airgeadais ar fud an Aontais, mar a n-oibríonn institiúidí creidmheasa san iliomad dlínsí agus Ballstát, is mó dóchúlacht atá ann go mbeidh éifeachtaí iarmharta ann idir na Ballstáit agus san Aontas i gcoitinne, ó thaobh an fháis eacnamaíoch agus na cobhsaíochta airgeadais de.

(2)

Le córas airgeadais comhtháite, feabhsófar buanseasmhacht an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta in aghaidh suaitheadh neamhfhabhrach trí chomhroinnt rioscaí trasteorann phríobháideach a éascú, agus laghdófar ag an am céanna an gá le comhroinnt rioscaí phoiblí a laghdú. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart don Aontas an t-aontas baincéireachta a chomhlánú agus aontas na margaí caipitil (CMU) a fhorbairt tuilleadh. Tá sé bunriachtanach go dtabharfaí aghaidh ar stoic arda NPLanna agus ar charnadh féideartha NPLanna amach anseo chun an t-aontas baincéireachta a neartú ar an ábhar go bhfuil sé fíor-riachtanach chun an iomaíocht san earnáil baincéireachta a áirithiú, chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus chun iasachtú a spreagadh i dtreo is go gcruthófar poist agus fás laistigh den Aontas.

(3)

I gconclúidí ón gComhairle an 11 Iúil 2017 maidir le Plean Gníomhaíochta chun Dul i nGleic le hIasachtaí Neamhthuillmheacha san Eoraip (an “Plean Gníomhaíochta”), iarradh ar institiúidí éagsúla bearta iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt tuilleadh ar an líon ard NPLanna san Aontas agus chun carnadh féideartha na NPLanna sin amach anseo a chosc. Sa Phlean Gníomhaíochta, leagtar amach cur chuige cuimsitheach lena ndírítear ar mheascán de ghníomhaíochtaí beartais comhlántacha i gceithre réimse: (i) maoirseacht agus rialú baincéireachta, (ii) creataí athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus aisghabhála fiach a athchóiriú, (iii) margaí tánaisteacha le haghaidh sócmhainní tochsail a fhorbairt, agus (iv) athstruchtúrú an chórais baincéireachta a chothú. Tá an ghníomhaíocht sna réimsí sin le déanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais i gcás inarb iomchuí. D’fhógair an Coimisiún rún den chineál céanna i dteachtaireacht uaidh an 11 Deireadh Fómhair 2017 maidir leis an aontas baincéireachta a chomhlánú, inar iarradh go mbeadh pacáiste cuimsitheach ann maidir le dul i ngleic le NPLanna laistigh den Aontas.

(4)

Leis an Treoir seo, maille le bearta eile a chuir an Coimisiún chun tosaigh, chomh maith leis an ngníomhaíocht a rinne an Banc Ceannais Eorpach (BCE) i gcomhthéacs na maoirseachta baincéireachta faoin Sásra Maoirseachta Aonair agus a rinne an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cruthófar an timpeallacht iomchuí d’institiúidí creidmheasa chun déileáil le NPLanna ar a gcláir chomhardaithe, agus laghdófar an baol go mbeadh NPLanna ag carnadh san am atá le teacht.

(5)

Agus cineálacha cur chuige macrastuamachta á bhforbairt aige chun cosc a chur ar theacht chun cinn rioscaí uile-chórais a bhaineann le NPLanna, ceanglaítear ar an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), rabhaidh mhacrastuamachta agus moltaí macrastuamachta a bhaineann leis an margadh tánaisteach le haghaidh NPLanna a eisiúint, i gcás inarb iomchuí.

(6)

Le Rialachán (AE) 2019/630 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), tugadh isteach rialacha nua i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) lena gceanglaítear ar institiúidí creidmheasa acmhainní leordhóthanacha a chur i leataobh nuair a thagann iasachtaí nua chun bheith neamhthuillmheach, rud ba cheart dreasachtaí iomchuí a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar NPLanna ag céim luath agus cosc a chur ar charnadh iomarcach NPLanna. I gcás ina dtagann iasachtaí chun bheith neamhthuillmheach, d’fhagfadh sásraí forfheidhmithe níos éifeachtúla a bheith ann go mbeadh institiúidí creidmheasa in ann straitéis iomlánaíoch a chur chun feidhme chun NPLanna a fhorfheidhmiú, faoi réir coimircí láidre agus éifeachtacha d’iasachtaithe. Mar sin féin, más amhlaidh stoic de NPLanna a bheith ró-ard, ba cheart go mbeadh institiúidí creidmheasa in ann iad a dhíol i margaí tánaisteacha éifeachtúla, iomaíocha agus trédhearcacha le hoibreoirí eile. Déanann údaráis inniúla institiúidí creidmheasa iad a threorú agus é sin á dhéanamh acu, bunaithe ar na cumhachtaí atá acu cheana a bhaineann go sonrach le bainc, cumhachtaí Cholún 2 mar a thugtar orthu, faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. I gcás NPLanna a bheith ina bhfadhb shuntasach agus leathan, bíonn na Ballstáit in ann cuideachtaí bainistíochta sócmhainní náisiúnta a chur ar bun nó bearta malartacha eile a dhéanamh faoi chuimsiú na rialacha reatha maidir leis an státchabhair agus maidir le réiteach bainc.

(7)

Leis an Treoir seo, ba cheart a chur ar chumas institiúidí creidmheasa déileáil níos fearr le hiasachtaí a thagann chun bheith neamhthuillmheach trí fheabhas a chur ar na coinníollacha le haghaidh an creidmheas a dhíol le tríú páirtithe. Thairis sin, nuair a bhíonn ar institiúidí creidmheasa aghaidh a thabhairt ar charnadh mór NPLanna agus gurb amhlaidh easpa foirne agus saineolais a bheith orthu chun iad a sheirbhísiú i gceart, ba cheart dóibh a bheith in ann seirbhísiú na n-iasachtaí sin a sheachfhoinsiú chuig seirbhíseoir creidmheasa speisialaithe nó an comhaontú creidmheasa a aistriú chuig ceannaitheoir creidmheasa ag a bhfuil an goile riosca agus an saineolas is gá chun é a bhainistiú.

(8)

Cé go dtagraítear go coitianta do na téarmaí “iasachtaí” agus “bainc” sa díospóireacht phoiblí i roinnt Ballstát, úsáidtear anseo feasta na téarmaí “creidmheas” nó “comhaontuithe creidmheasa” agus “institiúid creidmheasa”. Thairis sin, leis an Treoir seo, cumhdaítear cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach agus an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin.

(9)

Leis an Treoir seo, ba cheart forbairt margaí tánaisteacha le haghaidh NPLanna san Aontas a chothú trí bhaic ar aistriú NPLanna ag institiúidí creidmheasa chuig ceannaitheoirí creidmheasa a dhíothú, agus trí choimircí a leagan síos lena n-aghaidh, agus cearta iasachtaithe á gcoimirciú ag an am céanna. Le haon bhearta a ghlacfar, ba cheart na ceanglais údarúcháin le haghaidh seirbhíseoirí creidmheasa a chomhchuibhiú. Dá bhrí sin, leis an Treoir seo, ba cheart creat uile-Aontais a bhunú do cheannaitheoirí agus seirbhíseoirí comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa, trínar cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa údarú a fháil ó údaráis inniúla na mBallstát, agus a bheith faoi réir mhaoirseacht na n-údarás sin.

(10)

Faoi láthair, ní féidir le ceannaitheoirí creidmheasa ná seirbhíseoirí creidmheasa leas a bhaint as an margadh inmheánach de bharr bacainní arna gcur i bhfeidhm ag córais náisiúnta éagsúla in éagmais córas rialála agus maoirseachta tiomnaithe agus comhleanúnach. Faoi láthair, níl aon chomhchaighdeáin de chuid an Aontais ann i gcomhar rialáil seirbhíseoirí creidmheasa. Go háirithe, níor socraíodh aon chomhchaighdeáin maidir le bailiú fiach a rialáil. Tá rialacha an-éagsúil ag na Ballstáit maidir le conas atá ceannaitheoirí creidmheasa in ann comhaontuithe creidmheasa a fháil ó institiúidí creidmheasa. Ní dhéantar ceannaitheoirí creidmheasa a cheannaíonn creidmheas arna eisiúint ag institiúidí creidmheasa a rialáil i roinnt Ballstát, agus i gcinn eile tá siad faoi réir ceanglais éagsúla, arb ionann iad uaireanta agus ceanglas údarú a fháil mar institiúid creidmheasa. Mar thoradh ar na difríochtaí sin idir ceanglais rialála, tá bacainní nach beag ar chreidmheas a cheannach go dlíthiúil ar bhonn trasteorann san Aontas, go príomha trí mhéadú a dhéanamh ar na costais chomhlíonta nach mór a íoc nuair a bhítear ag iarraidh punanna creidmheasa a cheannach. Dá thoradh sin, is i líon teoranta Ballstát a oibríonn ceannaitheoirí creidmheasa, agus tá an iomaíocht lag sa mhargadh inmheánach dá bharr ar an ábhar go bhfuil líon na gceannaitheoirí creidmheasa leasmhara fós íseal. Dá réir sin, tá margadh tánaisteach neamhéifeachtúil ann le haghaidh NPLanna. Sa bhreis air sin, is iondúil gur beag é an líon margaí, ar margaí náisiúnta iad go bunúsach, atá ann do NPLanna.

(11)

Bhí rannpháirtíocht theoranta ceannaitheoirí creidmheasa ina siocair leis an éileamh íseal, an iomaíocht lag agus praghsanna tairisceana ísle ar phunanna comhaontuithe creidmheasa maidir le margaí tánaisteacha, rud atá ina dhíspreagadh d’institiúidí creidmheasa comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha a dhíol. Dá bhrí sin, tá gné shoiléir Aontais ag baint le forbairt margaí le haghaidh creidmheasanna arna ndeonú ag institiúidí creidmheasa agus arna ndíol le ceannaitheoirí creidmheasa. Ar thaobh amháin, ba cheart é a bheith indéanta d’institiúidí creidmheasa comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha a dhíol ar fud an Aontais i margaí tánaisteacha éifeachtúla, iomaíocha agus trédhearcacha. Ar an taobh eile, i ngeall ar thabhairt i gcrích an aontais baincéireachta agus CMU, is gá gníomhú chun cosc a chur le carnadh comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha ar chláir chomhardaithe institiúidí creidmheasa ionas gur féidir leo leanúint de bheith ag comhlíonadh an róil atá acu maidir leis an ngeilleagar a mhaoiniú. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear leis an Treoir seo ceannaitheoirí creidmheasa agus iad ag gníomhú i gcaitheamh a gceirde, a ngnó nó a ngairme nuair a fhaigheann siad comhaontú creidmheasa ach i gcás inar comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach é an comhaontú creidmheasa sin.

(12)

Creidmheas neamhthuillmheach arna dheonú ar dtús ag institiúid creidmheasa, d’fhéadfadh sé teacht chun bheith tuillmheach agus an creidmheas á sheirbhísiú. Sa chás sin, ba cheart seirbhíseoirí creidmheasa a bheith in ann leanúint dá ngníomhaíochtaí a dhéanamh, bunaithe ar a n-údarú mar sheirbhíseoirí creidmheasa i gcomhréir leis an Treoir seo.

(13)

Déanann Ballstáit áirithe gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a rialáil, bíodh is nach ionann an rialáil sin ó cheann go chéile acu. Ar an gcéad dul síos, ní dhéanann ach roinnt Ballstát na gníomhaíochtaí sin a rialáil, agus, iad siúd a dhéanann iad a rialáil, déanann siad iad a shainiú go han-éagsúil le chéile. Tá costais mhéadaithe an chomhlíonta rialála ina mbacainn ar fhorbairt straitéisí fairsingithe trí bhíthin bunú tánaisteach nó soláthar trasteorann seirbhísí. Ar an dara dul síos, éilíonn líon nach beag de na Ballstáit údaruithe i gcomhair roinnt de na gníomhaíochtaí a ngabhann na seirbhíseoirí creidmheasa dóibh. Leis na húdaruithe sin, forchuirtear ceanglais éagsúla agus ní dhéantar foráil d’fhéidearthachtaí a bheith ann méadú trasteorann a dhéanamh. Uair amháin eile, is bacainn é sin ar sholáthar seirbhísí trasteorann. Ar deireadh, i roinnt cásanna, ceanglaítear nach mór a bheith bunaithe go háitiúil de réir an dlí, rud a chuireann bac ar an tsaoirse seirbhísí trasteorann a sholáthar.

(14)

Cé gur féidir le seirbhíseoirí creidmheasa a seirbhísí a sholáthar d’institiúidí creidmheasa agus do cheannaitheoirí creidmheasa nach institiúidí creidmheasa iad, tá margadh iomaíoch agus comhtháite le haghaidh seirbhíseoirí creidmheasa nasctha le forbairt margaidh iomaíoch agus chomhtháite le haghaidh ceannaitheoirí creidmheasa. Is minic a chinneann ceannaitheoirí creidmheasa gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsiú chuig eintitis eile toisc nach bhfuil sé d’acmhainneacht acu creidmheas a sheirbhísiú iad féin, agus, dá bhrí sin, is féidir drogall a bheith orthu creidmheas a cheannach ó institiúidí creidmheasa mura féidir leo seirbhísí áirithe a sheachfhoinsiú.

(15)

Fágann an easpa brú iomaíoch ar an margadh le haghaidh creidmheas a cheannach agus le haghaidh gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa go ngearrann gnólachtaí seirbhísithe creidmheasa táillí arda ar cheannaitheoirí creidmheasa as a gcuid seirbhísí agus is siocair é sin le praghsanna ísle ar mhargaí tánaisteacha le haghaidh creidmheasa. Mar gheall air sin, laghdaítear na dreasachtaí atá ann d’institiúidí creidmheasa scaradh lena stoc de NPLanna.

(16)

Dá bhrí sin, is gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar sheasamh ceannaitheoirí creidmheasa agus seirbhíseoirí creidmheasa i ndáil le creidmheas neamhthuillmheach arna dheonú ar dtús ag institiúidí creidmheasa. Mar sin féin, ní dochar an Treoir seo do rialacha dhlí an Aontais agus rialacha an dlí náisiúnta lena rialaítear tionscnamh creidmheasa, lena n-áirítear i gcásanna inar féidir a mheas go bhfuil seirbhíseoirí creidmheasa i mbun idirghabháil creidmheasa. Ní dochar an Treoir seo freisin do rialacha náisiúnta lena bhforchuirtear ceanglais bhreise i ndáil le ceannaitheoir creidmheasa nó seirbhíseoir creidmheasa a mhéid a bhaineann le téarmaí agus coinníollacha comhaontaithe creidmheasa a athchaibidliú.

(17)

Tá sé de rogha ag na Ballstáit rialáil a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach seo, amhail seirbhísí arna dtairiscint i gcomhair comhaontuithe creidmheasa arna n-eisiúint ag institiúidí neamhchreidmheasa nó gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa arna ndéanamh ag daoine nádúrtha, lena n-áirítear trí cheanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais faoin Treoir seo a fhorchur. Ní bhainfeadh na heintitis agus na daoine nádúrtha sin tairbhe, áfach, as an bhféidearthacht leas a bhaint as nós imeachta an phas chun na seirbhísí sin a thairiscint i mBallstáit eile.

(18)

Leis an Treoir seo, níor cheart difear a dhéanamh do shrianta faoin dlí náisiúnta maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach a aistriú, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmhigh féin a aistriú, ar comhaontú é nach bhfoirceanntar i gcomhréir leis an dlí sibhialta náisiúnta agus é mar éifeacht leis sin go dtagann na méideanna uile is iníoctha faoin gcomhaontú creidmheasa chun bheith dlite láithreach, i gcás ina n-éilítear é sin don aistriú chuig eintiteas atá lasmuigh den chóras bhaincéireachta. Dá réir sin, beidh Ballstáit ann ina mbeidh, agus na rialacha náisiúnta á gcur san áireamh, fáil comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha nach bhfuil thar téarma, nó atá níos lú ná 90 lá thar téarma, nó nach bhfoirceanntar i gcomhréir leis an dlí sibhialta náisiúnta, fós teoranta. Tá sé de rogha ag na Ballstáit aistriú comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha a rialáil, lena n-áirítear trí cheanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais faoin Treoir seo a fhorchur.

(19)

Leis an Treoir seo, níor cheart difear a dhéanamh do dhlí an Aontais a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair shibhialta, go háirithe na forálacha i dtaca leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus i dtaca le dlínse, lena n-áirítear cur i bhfeidhm na ngníomhartha agus na bhforálacha sin i gcásanna aonair faoi Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 (8) agus Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Tá ceangal ar na creidiúnaithe uile agus ar aon duine ag a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu dlí an Aontais a urramú agus iad ag plé leis na húdaráis tomhaltóra agus na húdaráis náisiúnta chun a áirithiú go ndéantar cearta an tomhaltóra a chosaint.

(20)

Ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa agus do cheannaitheoirí creidmheasa gníomhú de mheon macánta i gcónaí, caitheamh go cothrom le hiasachtaithe agus a bpríobháideachas a urramú. Níor cheart dóibh iasachtaithe a chiapadh ná faisnéis mhíthreorach a thabhairt dóibh. Ba cheart dóibh, roimh an gcéad bhailiú fiach agus aon uair a iarrfaidh iasachtaithe amhlaidh orthu, faisnéis a sholáthar d’iasachtaithe i dtaobh an aistrithe a tharla, chéannacht agus shonraí teagmhála an cheannaitheora creidmheasa agus chéannacht agus shonraí teagmhála an tseirbhíseora creidmheasa a sholáthar, i gcás ina gceaptar ceann, mar aon le faisnéis i dtaobh na méideanna atá dlite ag an iasachtaí agus ráiteas ina luaitear go leanann dlí ábhartha uile an Aontais agus an dlí náisiúnta ábhartha uile d’fheidhm a bheith acu, i measc nithe eile.

(21)

Sa bhreis air sin, ní laghdaítear leis an Treoir seo raon feidhme rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus, sa mhéid go gcáilíonn ceannaitheoirí creidmheasa mar chreidiúnaithe faoi Threoir 2008/48/CE (10) agus Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), ba cheart dóibh a bheith faoi réir na n-oibleagáidí sonracha a leagtar amach in Airteagal 20 de Threoir 2008/48/CE agus Airteagal 35 de Threoir 2014/17/AE, faoi seach. Thairis sin, ní dochar an Treoir seo don chosaint a thugtar do thomhaltóirí arna ráthú le Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), lena dtoirmisctear cleachtais tráchtála éagóracha lena n-áirítear iad siúd a dhéantar le linn forfheidhmiú conartha i gcás ina gcuirtear tomhaltóir amú maidir le cearta nó oibleagáidí an tomhaltóra, nó ina ndéantar é a chiapadh, a chomhéigniú nó tionchar míchuí a imirt air lena n-áirítear ó thaobh uainiú, suíomh, nádúr nó comhsheasmhacht na ngníomhaíochtaí forfheidhmithe, ó thaobh úsáid teanga bagraí nó maslaí nó úsáid iompair bhagraigh nó mhaslaigh, nó ó thaobh bagairtí go ndéanfaí aon ghníomhaíocht nach féidir a dhéanamh go dlíthiúil.

(22)

Le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, áirithítear an ceart chun éisteacht chóir agus phoiblí a fháil ó bhinse neamhspleách neamhchlaonta agus an fhéidearthacht go ndéanfadh dlíodóir an duine a chomhairliú, a chosaint agus a ionadú. Is féidir an méid sin a bheith thar a bheith ábhartha don tuiscint iomlán agus chruinn ar na saincheisteanna agus na hargóintí dlíthiúla uile a bhfuil aghaidh á tabhairt orthu agus chun ullmhú cuimsitheach ionadaíochta cúirte don chás atá faoi dhíospóid a áirithiú. Ba cheart iasachtaithe nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu a bheith in ann dul i muinín cúnamh dlíthiúil, i gcás inar gá sin chun rochtain éifeachtach ar an gceartas a áirithiú agus faoi na coinníollacha a leagtar síos leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme.

(23)

Tugann institiúidí creidmheasa faoi ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa mar chuid dá ngnáthghnó. Tá na hoibleagáidí céanna orthu maidir le comhaontuithe creidmheasa arna n-eisiúint acu féin agus maidir leosan arna gceannach ó institiúid creidmheasa eile. Ós rud é go bhfuil siad á rialáil agus faoi mhaoirseacht cheana, bheadh dúbailt costas údaraithe agus comhlíonta ann nár ghá dá ndéanfaí an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir lena ngníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa nó maidir lena ngníomhaíochtaí ceannaigh agus dá bhrí sin ní chumhdaítear leis an Treoir seo iad. Maidir le gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa, i ndáil le comhaontuithe creidmheasa tuillmheacha agus neamhthuillmheacha araon, a bheith á seachfhoinsiú ag institiúidí creidmheasa chuig seirbhíseoirí creidmheasa nó chuig tríú páirtithe eile, tá sé sin lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo freisin toisc go bhfuil ceangal cheana ar institiúidí creidmheasa cloí leis na rialacha seachfhoinsithe is infheidhme. Thairis sin, na creidiúnaithe sin ar institiúidí neamhchreidmheasa iad ach atá, mar sin féin, á maoirsiú ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2008/48/CE nó le Treoir 2014/17/AE agus a thugann faoi ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa i gcás creidmheasanna arna ndeonú do thomhaltóirí mar chuid dá ngnáthghnó, ní chumhdaítear iad leis an Treoir seo agus gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa á ndéanamh acu sa Bhallstát sin. Ina theannta sin, bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha, cuideachtaí bainistíochta agus cuideachtaí infheistíochta (ar choinníoll nach bhfuil cuideachta bainistíochta ainmnithe ag cuideachta infheistíochta) atá údaraithe nó cláraithe faoi Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) nó Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), níor cheart dóibh teacht faoi raon feidhme na Treorach seo ach oiread. Ar deireadh, tá roinnt gairmeacha ann a dhéanann gníomhaíochtaí coimhdeacha atá cosúil le gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa mar chuid dá ngairm, eadhon nótairí poiblí, dlíodóirí agus báillí a shaothraíonn a ngníomhaíochtaí gairmiúla faoin dlí náisiúnta, agus a chuireann forfheidhmiú beart ceangailteach chun feidhme agus, dá bhrí sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann na gairmeacha sin a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na Treorach seo.

(24)

Chun go mbeidh ceannaitheoirí creidmheasa agus seirbhíseoirí creidmheasa atá ann cheana in ann dul in oiriúint do cheanglais na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus, go háirithe, chun go mbeifear in ann seirbhíseoirí creidmheasa a údarú, fágann an Treoir seo gur féidir le heintitis atá ag soláthar gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa faoi láthair leanúint de bheith ag déanamh amhlaidh ina mBallstát baile go ceann tréimhse 6 mhí tar éis spriocdháta trasuí na Treorach seo. Tar éis dhul in éag na tréimhse 6 mhí sin, níor cheart ach seirbhíseoirí creidmheasa arna n-údarú faoi na dlíthe náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a bheith ceadaithe oibriú ar an margadh.

(25)

Ballstáit a bhfuil rialacha i bhfeidhm cheana acu atá coibhéiseach leis na rialacha a bhunaítear sa Treoir seo le haghaidh gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa, nó atá níos déine ná na rialacha sin, ba cheart dóibh a bheith in ann an fhéidearthacht atá ann eintitis atá ann cheana a sholáthraíonn gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a bheith aitheanta go huathoibríoch mar sheirbhíseoirí creidmheasa údaraithe a aithint ina ndlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo.

(26)

An t-údarú a thugtar do sheirbhíseoir creidmheasa chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sholáthar ar fud an Aontais, ba cheart é a bheith faoi réir tacar aonfhoirmeach agus comhchuibhithe coinníollacha ba cheart na húdaráis inniúla a chur i bhfeidhm ar bhealach comhréireach.

(27)

Chun laghdú ar an gcosaint a thugtar don iasachtaí a sheachaint agus chun iontaoibh a chur chun cinn, leis na coinníollacha faoina ndeonaítear agus faoina gcoinnítear údarú mar sheirbhíseoir creidmheasa, ba cheart a áirithiú go bhfuil ag seirbhíseoirí creidmheasa, ag daoine a bhfuil sealúchas cáilitheach sa seirbhíseoir creidmheasa ina seilbh acu, agus ag comhaltaí d’fhoras bainistíochta nó riaracháin an tseirbhíseora, taifead póilíneachta glan i ndáil le cionta coiriúla ábhartha a bhaineann le coireanna i gcoinne maoine, coireanna a bhaineann le gníomhaíochtaí airgeadais, sciúradh airgid, calaois nó coireanna i gcoinne na sláine fisiciúla, i measc nithe eile, agus nach bhfuil siad faoi réir nós imeachta dócmhainneachta ná nár dearbhaíodh ina bhféimhigh iad roimhe sin, mura rud é go ndearnadh iad a athbhunú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Maidir le comhlíonadh an cheanglais go raibh comhaltaí d’fhoras bainistíochta nó riaracháin na seirbhíseoirí creidmheasa trédhearcach, oscailte agus comhoibritheach ina gcuid déileálacha gnó leis na húdaráis mhaoirseachta agus rialála san am a chuaigh thart, ba cheart measúnú a dhéanamh air sin ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don údarás inniúil, nó atá ar eolas aige, tráth a dheonaítear an t-údarú. Mura bhfuil aon fhaisnéis ar fáil, nó mura bhfuil aon eolas ar aon fhaisnéis, nó mura ndearnadh aon idirghníomhaíocht leis na húdaráis mhaoirseachta agus rialála an uair sin, meastar an ceanglas a bheith comhlíonta.

(28)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ag bainistíocht seirbhíseora creidmheasa, ina hiomláine, eolas agus taithí leormhaith chun an gnó a dhéanamh ar bhealach inniúil agus freagrach, de réir na gníomhaíochta atá le déanamh. Is faoi gach Ballstát atá sé na ceanglais maidir le dea-cháil agus eolas agus taithí leormhaith a leagan síos, ach níor cheart, leis na ceanglais sin, dochar a dhéanamh do shaorghluaiseacht seirbhíseoirí creidmheasa údaraithe laistigh den Aontas. Chun na críche sin, ba cheart do ÚBE treoirlínte a fhorbairt chun an baol a laghdú go mbeadh léirithe éagsúla ann ar na ceanglais maidir le heolas agus taithí leormhaith. Thairis sin, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha i gcomhair cosaint féichiúnaithe mar aon leis na rialacha i gcomhair cosaint sonraí pearsanta, ba cheart socruithe rialachais iomchuí agus sásraí rialaithe inmheánaigh iomchuí a bhunú, mar aon le nósanna imeachta iomchuí le haghaidh gearáin a thaifeadadh agus a láimhseáil, agus ba cheart iad a bheith faoi réir maoirseachta. Sa bhreis air sin, ba cheart nósanna imeachta leormhaithe maidir le frithsciúradh airgid agus maidir le frithmhaoiniú sceimhlitheoireachta a bheith i bhfeidhm ag seirbhíseoirí creidmheasa i gcás ina ndéantar, le forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), seirbhíseoirí creidmheasa a ainmniú mar eintitis faoi oibleagáid chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac. Thairis sin, ba cheart oibleagáid a bheith ar sheirbhíseoirí creidmheasa gníomhú go cothrom agus aird chuí a thabhairt ar stádas airgeadais na n-iasachtaithe. I gcás seirbhísí comhairle féich lena n-éascaítear aisíocaíocht fiach a bheith ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na seirbhíseoirí smaoineamh ar na hiasachtaithe a threorú chuig na seirbhísí sin.

(29)

Ba cheart do na Ballstáit a chinneadh, ina ndlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, cé acu a cheadaítear nó nach gceadaítear do sheirbhíseoirí creidmheasa ar a gcríoch cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú agus gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa á ndéanamh acu. I gcásanna ina gceadaítear i mBallstát cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú agus ina bhfuil sé beartaithe ag seirbhíseoirí creidmheasa déanamh amhlaidh mar chuid dá samhail ghnó, ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais bhreise maidir leis na seirbhíseoirí creidmheasa sin, chun déileáil leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcásanna dócmhainneachta, eadhon leithscaradh cuntas agus cistí, agus freisin i gcásanna ina n-urscaoilfear an t-iasachtaí. I gcás ina gcuireann Ballstát baile seirbhíseora creidmheasa toirmeasc ar sheirbhíseoirí creidmheasa cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú, ní féidir le seirbhíseoir creidmheasa é sin a dhéanamh, ina Bhallstát baile ná in aon Bhallstát óstach, fiú má cheadaíonn Ballstát óstach cistí a fháil agus a shealbhú, go díreach toisc nach raibh an seirbhíseoir creidmheasa údaraithe chun na críche sin ag a Bhallstát baile. I gcodarsnacht leis sin, i gcás ina gceadaíonn Ballstát baile do sheirbhíseoirí creidmheasa cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú agus ina n-áiríonn sé na ceanglais ábhartha ina dhlí náisiúnta, ba cheart seirbhíseoir creidmheasa a bheith in ann cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú ina Bhallstát baile agus freisin in aon Bhallstát óstach a cheadaíonn freisin cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú.

(30)

Chun nósanna imeachta fadálacha agus éiginnteacht a sheachaint, is gá ceanglais a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis a cheanglaítear ar iarratasóirí ar údarú mar sheirbhíseoir creidmheasa a thíolacadh, mar aon le sprioc-amanna réasúnacha le haghaidh údarú a eisiúint agus na himthosca ina dtarraingeofaí siar é. I gcás ina ndéanann údaráis inniúla údarú seirbhíseora creidmheasa a sholáthraíonn gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa i mBallstáit eile a tharraingt siar, ba cheart údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, agus údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas freisin, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile, a chur ar an eolas faoi sin. Mar an gcéanna, ba cheart clár nó liosta poiblí cothrom le dáta a bhunú sa Bhallstát baile agus sa Bhallstát óstach agus a chur ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin na n-údarás inniúil chun trédhearcacht a áirithiú a mhéid a bhaineann le líon agus céannacht na seirbhíseoirí creidmheasa údaraithe.

(31)

Níor cheart an caidreamh conarthach idir an seirbhíseoir creidmheasa agus an ceannaitheoir creidmheasa ná oibleagáidí an tseirbhíseora creidmheasa i leith an cheannaitheora creidmheasa a athrú mar thoradh ar ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe seirbhísí creidmheasa. Ba cheart seirbhíseoirí creidmheasa a bheith freagrach as a áirithiú nach é a bheidh mar thoradh ar a ngníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe seirbhísí creidmheasa go mbeidh riosca oibriúcháin míchuí ann, ná nach gcomhlíonfaidh an soláthraí seirbhísí creidmheasa aon cheanglais faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, ná nach gcuirfear srian le hacmhainneacht maoirseora rialála a dhualgas a chomhlíonadh agus cearta an iasachtaí a choimirciú.

(32)

Nuair a chuireann ceannaitheoir creidmheasa de chúram ar sheirbhíseoir creidmheasa comhaontú creidmheasa a bhainistiú agus a fhorfheidhmiú, déanann an ceannaitheoir creidmheasa a chearta agus a dhualgais agus freisin a theagmháil dhíreach leis an iasachtaí a tharmligean chuig an seirbhíseoir creidmheasa agus é fós freagrach ar deireadh thiar. Dá réir sin, ba cheart an caidreamh idir ceannaitheoir creidmheasa agus seirbhíseoir creidmheasa a bhunú go soiléir i gcomhaontú seirbhísithe creidmheasa i scríbhinn agus ba cheart na húdaráis inniúla a bheith in ann a fhíorú conas a chinntear caidreamh den sórt sin. Thairis sin, ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa gníomhú go cothrom agus aird chuí a thabhairt ar stádas airgeadais na n-iasachtaithe. Sa mhéid nach ndéanann an ceannaitheoir creidmheasa féin seirbhísiú na gcomhaontuithe creidmheasa a fhaigheann sé, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil go bhfuil ceangal ar an seirbhíseoir creidmheasa agus ar an gceannaitheoir creidmheasa a chomhaontú sa chomhaontú seirbhísithe creidmheasa go dtabharfaidh an seirbhíseoir creidmheasa fógra don cheannaitheoir creidmheasa sula ndéanfaidh sé gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsiú.

(33)

Chun a áirithiú go mbeidh an ceart ag seirbhíseoir creidmheasa tabhairt faoi ghníomhaíochtaí trasteorann agus chun foráil a dhéanamh maidir leis an maoirseacht ar na gníomhaíochtaí sin, leis an Treoir seo, cuirtear ar bun nós imeachta maidir le ceart seirbhíseora creidmheasa údaraithe tabhairt faoi ghníomhaíochtaí trasteorann a fheidhmiú. Ba cheart an chumarsáid idir údaráis inniúla na mBallstát baile agus na mBallstát óstach, mar aon leis an gcumarsáid le seirbhíseoir creidmheasa, a dhéanamh laistigh de sprioc-amanna réasúnacha. Ba cheart údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas faisnéis faoi ghníomhaíochtaí trasteorann a fháil freisin ó údaráis inniúla an Bhallstáit baile.

(34)

Ba cheart seirbhíseoir creidmheasa a dhéanann gníomhaíochtaí i mBallstát óstach a bheith faoi réir na srianta agus na gceanglas arna mbunú i ndlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh sin i gcomhréir leis an Treoir seo, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an toirmeasc ar chistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú, ar srianta agus ceanglais iad nach mbaineann le ceanglais údarúcháin eile de chuid seirbhíseoirí creidmheasa. Más rud é, faoi fhorálacha náisiúnta Ballstáit óstaigh lena dtrasuitear an Treoir seo, go bhforchuirtear ceanglais bhreise i gcomhair údarú mar sheirbhíseoir creidmheasa, níor cheart feidhm a bheith ag ceanglais bhreise den sórt sin maidir le seirbhíseoirí creidmheasa a dhéanann gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa trasteorann sa Bhallstát óstach sin.

(35)

Chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtach agus éifeachtúil ar sheirbhíseoirí creidmheasa trasteorann, ba cheart creat sonrach a chruthú don chomhar idir údaráis inniúla na mBallstát baile agus na mBallstát óstach agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas. Leis an gcreat sin, ba cheart go bhféadfaí faisnéis a mhalartú, agus rúndacht na faisnéise á caomhnú ag an am céanna, go bhféadfadh rúndacht ghairmiúil a bheith ann, go bhféadfaí cearta aonair agus cearta gnó a chosaint, go bhféadfaí cigireachtaí ar an láthair nó lasmuigh den láthair a dhéanamh, go bhféadfaí cúnamh a sholáthar, agus go bhféadfaí torthaí seiceálacha agus cigireachtaí agus aon bhearta arna ndéanamh a fhógairt.

(36)

Réamhriachtanas ba cheart a bheith ann chun go nglacfadh ceannaitheoirí creidmheasa agus seirbhíseoirí creidmheasa an ról chucu féin ná go mbeadh deis acu rochtain a fháil ar an bhfaisnéis ábhartha uile agus ba cheart do na Ballstáit a chur ar a gcumas an méid sin a dhéanamh, agus rialacha cosanta sonraí an Aontais agus rialacha náisiúnta cosanta sonraí á gcomhlíonadh ag an am céanna. Sa chomhthéacs sin, tá sé riachtanach go ndéanfadh institiúidí creidmheasa faisnéis mhionsonraithe a sholáthar do cheannaitheoirí creidmheasa ionchasacha ionas go mbeidh siad in ann a measúnú féin a dhéanamh ar an luach atá ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó ar luach an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin. Níor cheart d’institiúidí creidmheasa an fhaisnéis sin a sholáthar ach uair amháin le linn an phróisis, bíodh sé sin le linn na céime tosaigh nó le linn na gcéimeanna ina dhiaidh sin, ach in aon chás sula dtabharfar an conradh aistrithe i gcrích. Tá an oibleagáid sin faisnéis a sholáthar riachtanach, agus tá údar léi, chun go mbeidh ceannaitheoirí creidmheasa ionchasacha in ann roghanna eolasacha a dhéanamh sula ndéanfaidh siad idirbheart agus, dá bhrí sin, tá sé dlisteanach d’institiúidí creidmheasa sonraí pearsanta iasachtaithe a chomhroinnt le ceannaitheoirí creidmheasa ionchasacha. Ba cheart faisnéis den sórt sin a bheith teoranta go docht don mhéid is gá chun a chur ar chumas ceannaitheoirí creidmheasa ionchasacha measúnú a dhéanamh ar an luach atá ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó ar luach an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, agus ar an dóchúlacht go n-aisghabhfar luach an chomhaontaithe sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfar, le soláthar na faisnéise do cheannaitheoirí creidmheasa ionchasacha, agus leis an úsáid a bhaintear aisti ina dhiaidh sin, creat ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí.

(37)

I gcás ina n-aistríonn institiúid creidmheasa comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha, ba cheart é a bheith de cheangal uirthi a húdarás inniúil agus údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a chur ar an eolas, ar bhonn débhliantúil, faoi iarmhéid comhiomlán gan íoc na bpunann creidmheasa aistrithe ar a laghad, agus freisin faoi líon agus méid na gcreidmheasanna a áirítear agus cibé an bhfuil comhaontuithe creidmheasa arna dtabhairt i gcrích le tomhaltóirí san áireamh san aistriú. Maidir le gach punann chreidmheasa a aistrítear in idirbheart aonair, ba cheart a bheith san áireamh san fhaisnéis a sholáthraítear aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an cheannaitheora creidmheasa, nó, i gcás inarb infheidhme, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh a ionadaí, nó, i gcás nach mbeidh sé sin ar fáil, céannacht agus seoladh an cheannaitheora creidmheasa agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus seoladh a ionadaí san Aontas. Ba cheart údaráis inniúla a bheith in ann a cheangal go soláthrófaí an fhaisnéis ar bhonn ráithiúil ina ionad sin, aon uair is dóigh leo gur gá sin, lena n-áirítear mar gheall ar líon ard na n-idirbheart le linn tréimhse ghéarchéime. Ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh an fhaisnéis sin a tharchur chuig na húdaráis atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar an gceannaitheoir creidmheasa. Le ceanglais trédhearcachta den sórt sin, is féidir faireachán comhchuibhithe agus éifeachtach a dhéanamh ar aistriú comhaontuithe creidmheasa laistigh den Aontas. Chun prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh, ba cheart d’údaráis inniúla, chun dúbláil a sheachaint, faisnéis atá ar fáil dóibh cheana ar bhealaí eile, go háirithe maidir le hinstitiúidí creidmheasa, a chur san áireamh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an seirbhíseoir creidmheasa fós freagrach as ceanglais maidir le fógra a thabhairt d’údaráis inniúla i dtaca le punann chreidmheasa a luaithe a aistreofar punann den sórt sin chuig ceannaitheoir creidmheasa.

(38)

Aithníodh sa Phlean Gníomhaíochta go ndéanfaí bonneagar sonraí institiúidí creidmheasa a neartú trí shonraí aonfhoirmeacha caighdeánaithe a bheith acu le haghaidh comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha. Tá teimpléid sonraí forbartha ag ÚBE lena soláthraítear faisnéis faoi risíochtaí creidmheasa sa leabhar baincéireachta agus a fhágann go bhfuil ceannaitheoirí ionchasacha in ann luach na gcomhaontuithe creidmheasa a mheasúnú agus a ndícheall cuí a dhéanamh. Ar thaobh amháin, dá gcuirfí teimpléid sonraí den sórt sin i bhfeidhm maidir le comhaontuithe creidmheasa, laghdófaí neamhshiméadrachtaí faisnéise idir ceannaitheoirí agus díoltóirí ionchasacha comhaontuithe creidmheasa agus, ar an dóigh sin, rannchuideofaí le forbairt margaidh thánaistigh fheidhmiúil san Aontas. Ar an taobh eile, i gcás teimpléid sonraí den sórt sin a bheith rómhionsonraithe, is féidir iad a bheith ina n-ualach iomarcach ar institiúidí creidmheasa gan aon sochar suntasach a bheith ann ó thaobh na faisnéise de. Dá bhrí sin, ba cheart do ÚBE athbhreithniú a dhéanamh ar na teimpléid sonraí d’fhonn tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu i dtreo is go mbeidís ina gcaighdeáin theicniúla cur chun feidhme le haghaidh institiúidí creidmheasa. Ba cheart ceangal a bheith ar institiúidí creidmheasa na teimpléid sonraí a úsáid le haghaidh aistrithe comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha, lena n-áirítear aistrithe chuig institiúidí creidmheasa eile. Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le haistrithe comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha, agus maidir leosan amháin, agus ní chuimsítear léi idirbhearta casta i gcás ina n-áirítear comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha mar chuid d’idirbheart den sórt sin, lena n-áirítear díolacháin brainsí, díolacháin línte gnó nó díolacháin punann cliant nach bhfuil teoranta do chomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha agus aistrithe mar chuid d’oibríocht athstruchtúraithe leanúnach de chuid na hinstitiúide creidmheasa is díoltóir laistigh d’imeachtaí dócmhainneachta, réitigh nó leachtaithe. Chun prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh, ba cheart na ceanglais faisnéise sin a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa ar bhealach comhréireach ag féachaint do chineál agus méid na gcreidmheasanna. Ag an am céanna, ba cheart, le méid na hoibleagáide atá ar institiúidí creidmheasa teimpléid sonraí a chomhlíonadh, dáta thabhairt i gcrích na gcomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha a chur san áireamh. Ba cheart díoltóirí eile comhaontuithe creidmheasa a bheith in ann na caighdeáin sin a úsáid chun éascaíocht a dhéanamh ar luacháil comhaontuithe creidmheasa chun a ndíolta. Sa bhreis air sin, maidir le hidirbhearta urrúsúcháin, i gcás ina ndéantar foráil do theimpléid trédhearcachta éigeantacha, ba cheart aon tuairisciú dúbailte mar thoradh ar an Treoir seo a sheachaint.

(39)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh, arna bhforbairt ag ÚBE, chun sonrú a dhéanamh ar na teimpléid atá le húsáid ag institiúidí creidmheasa chun an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Treoir seo a sholáthar. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

(40)

Ós rud é nach bhfuil ceannaitheoirí creidmheasa ag cruthú creidmheas nua agus, ina ionad sin, agus amhail dá bhforáiltear sa Treoir seo, nach bhfuil siad ach ag ceannach comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha atá ann cheana ar a bpriacal féin, ní ábhar buartha iad ó thaobh stuamachta de agus is diomaibhseach an méid a d’fhéadfaidís cur le riosca córasach. Dá bhrí sin, níl údar maith le ceangal a chur ar cheannaitheoirí creidmheasa iarratas a dhéanamh ar údarú, ach tá sé tábhachtach, áfach, go leanfadh rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta maidir le cosaint tomhaltóirí d’fheidhm a bheith acu agus gurb iad na cearta sin a eascraíonn ón gcomhaontú creidmheasa tosaigh a bheadh i gcearta na n-iasachtaithe i gcónaí.

(41)

B’fhéidir go ndéanfadh ceannaitheoirí creidmheasa tríú tír níos deacra d’iasachtaithe an Aontais é brath ar a gcearta faoi dhlí an Aontais agus d’údaráis náisiúnta maoirseacht a dhéanamh ar fhorfheidhmiú comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha. B’fhéidir go gcuirfí drogall ar institiúidí creidmheasa freisin roimh chomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha den sórt sin a aistriú chuig ceannaitheoirí creidmheasa tríú tír mar gheall ar an riosca do cháil atá i gceist. Sa mhéid nach institiúid creidmheasa, ná institiúid neamhchreidmheasa arna maoirsiú ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2008/48/CE nó le Treoir 2014/17/AE, ná seirbhíseoir creidmheasa arna údarú san Aontas, é an t-ionadaí de cheannaitheoir creidmheasanna arna ndeonú do dhaoine nádúrtha, lena n-áirítear tomhaltóirí agus oibrithe neamhspleácha, nó ionadaí ceannaitheora tríú tír creidmheasanna arna ndeonú do mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ba cheart don ionadaí sin eintiteas den sórt sin a cheapadh chun a áirithiú go gcaomhnófar na caighdeáin chéanna maidir le cearta iasachtaithe tar éis aistriú an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh.

(42)

Thairis sin, chun a áirithiú, ar bhealach níos fearr, go gcaomhnófar na caighdeáin chéanna maidir le cearta tomhaltóirí tar éis aistriú comhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh, ba cheart a chur de cheangal freisin ar cheannaitheoir creidmheasa a bhfuil sainchónaí air san Aontas, nó a bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a bhfuil a cheannoifig aige san Aontas, institiúid creidmheasa, nó institiúid neamhchreidmheasa arna maoirsiú ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2008/48/CE nó le Treoir 2014/17/AE, nó seirbhíseoir creidmheasa, a cheapadh chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i ndáil le comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha a thugtar i gcrích le tomhaltóirí.

(43)

Ba cheart Ballstáit óstacha a bheith in ann síneadh a chur leis an oibleagáid seirbhíseoir creidmheasa a cheapadh i ndáil le comhaontuithe creidmheasa eile. I gcásanna ina n-áiríonn aistriú punainne creidmheasa comhaontuithe creidmheasa le tomhaltóirí, daoine nádúrtha eile nó FBManna ar ina leith is gá institiúid creidmheasa, nó institiúid neamhchreidmheasa arna maoirsiú ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2008/48/CE nó le Treoir 2014/17/AE, nó seirbhíseoir creidmheasa, a cheapadh, agus ina n-áiríonn sé go comhuaineach comhaontuithe eile creidmheasa ar ina leith nach gá ceapachán den sórt sin, ba cheart don cheannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, dá ionadaí, an oibleagáid ceapacháin a chomhlíonadh i ndáil le comhaontuithe creidmheasa le tomhaltóirí, daoine nádúrtha eile nó FBManna. Ba cheart don seirbhíseoir creidmheasa agus don cheannaitheoir creidmheasa dlí an Aontais is infheidhme agus an dlí náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh, agus ba cheart na cumhachtaí is gá chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar a ngníomhaíocht a thabhairt do na húdaráis náisiúnta i mBallstáit aonair.

(44)

Nuair a cheanglaítear ar cheannaitheoir creidmheasa, nó ar a ionadaí arna ainmniú i gcomhréir leis an Treoir seo, seirbhíseoir creidmheasa, nó institiúid creidmheasa, nó institiúid neamhchreidmheasa arna maoirsiú ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2008/48/CE nó le Treoir 2014/17/AE, a cheapadh, agus a roghnaíonn sé na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, a bhainistiú agus a fhorfheidhmiú é féin, meastar an ceannaitheoir creidmheasa, nó a ionadaí arna ainmniú i gcomhréir leis an Treoir seo, a bheith ina sheirbhíseoir creidmheasa, agus, dá bhrí sin, ba cheart é a údarú faoin Treoir seo.

(45)

Ceannaitheoirí creidmheasa a úsáideann seirbhísí seirbhíseoirí creidmheasa, nó seirbhísí insititiúidí creidmheasa, nó seirbhísí institiúidí neamhchreidmheasa arna maoirsiú ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2008/48/CE nó le Treoir 2014/17/AE, ba cheart dóibh údaráis inniúla a mBallstáit baile a chur ar an eolas faoi sin ionas go mbeidh na húdaráis inniúla ábhartha in ann a gcumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú a mhéid a bhaineann le hiompar an tseirbhíseora creidmheasa, nó iompar na hinstitiúide creidmheasa, nó iompar na hinstitiúide neamhchreidmheasa arna maoirsiú ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2008/48/CE nó le Treoir 2014/17/AE, i leith an iasachtaí. Ba cheart do cheannaitheoirí creidmheasa na húdaráis inniúla atá i gceannas ar a maoirseacht a chur ar an eolas go tráthúil freisin má fhostaíonn siad seirbhíseoir creidmheasa éagsúil, institiúid creidmheasa éagsúil, nó institiúid neamhchreidmheasa éagsúil arna maoirsiú ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2008/48/CE nó le Treoir 2014/17/AE.

(46)

Na ceannaitheoirí creidmheasa a fhorfheidhmíonn an comhaontú creidmheasa ceannaithe ar bhonn díreach, ba cheart dóibh sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomhaontú creidmheasa, lena n-áirítear rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí is infheidhme maidir leis an iasachtaí. Tá feidhm fós ag rialacha náisiúnta a bhaineann go háirithe le conarthaí a fhorfheidhmiú, le cosaint tomhaltóirí agus leis an dlí coiriúil agus ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go gcomhlíonfaidh na ceannaitheoirí creidmheasa sin rialacha den sórt sin ar chríoch na mBallstát.

(47)

Chun forfheidhmiú na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo a éascú, i gcás nach bhfuil sainchónaí ar cheannaitheoir creidmheasa san Aontas, nó nach bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, nach bhfuil a cheannoifig aige san Aontas, ba cheart a fhoráil sa dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo gurb amhlaidh, i gcás ina ndéantar comhaontú creidmheasa a aistriú, a ainmneoidh ceannaitheoir creidmheasa tríú tír ionadaí a bhfuil sainchónaí air san Aontas, nó a bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a bhfuil a cheannoifig aige san Aontas, a mbeidh sé de shainordú ar na húdaráis inniúla cumarsáid a dhéanamh leis sa bhreis ar an gceannaitheoir creidmheasa nó ina ionad. Tá an t-ionadaí sin freagrach as na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar cheannaitheoirí creidmheasa leis an Treoir seo gan dochar d’oibleagáidí a fhorchuirtear ar sheirbhíseoirí creidmheasa. Ba cheart do cheannaitheoirí creidmheasa a aistríonn comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha údarás inniúil an Bhallstáit baile a chur ar an eolas, ar bhonn débhliantúil agus ar leibhéal comhiomlánaithe, faoi iarmhéid comhiomlán gan íoc na bpunann creidmheasa aistrithe ar a laghad, agus freisin faoi líon agus méid na gcreidmheasanna a áirítear, agus cibé an bhfuil comhaontuithe creidmheasa arna dtabhairt i gcrích le tomhaltóirí san áireamh san aistriú. Maidir le gach punann a aistrítear in idirbheart aonair, ba cheart a bheith san áireamh san fhaisnéis a sholáthraítear aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an cheannaitheora creidmheasa, nó, i gcás inarb infheidhme, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh a ionadaí san Aontas, nó, i gcás nach mbeidh sé sin ar fáil, céannacht agus seoladh an cheannaitheora creidmheasa agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus seoladh a ionadaí san Aontas. Ba cheart údaráis inniúla a bheith in ann a cheangal go soláthrófaí an fhaisnéis ar bhonn ráithiúil ina ionad sin, aon uair is dóigh leo gur gá sin, lena n-áirítear mar gheall ar líon ard na n-idirbheart le linn tréimhse ghéarchéime.

(48)

Faoi láthair, déantar údarú agus maoirseacht seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa sna Ballstáit a chur ar iontaoibh údaráis éagsúla, agus dá bhrí sin tá sé bunriachtanach go ndéanfadh na Ballstáit ról údarás den sórt sin a shoiléiriú agus cumhachtaí leormhaithe a leithdháileadh, go háirithe ar an ábhar go mb’fhéidir go mbeadh orthu maoirseacht a dhéanamh ar eintitis atá i mbun seirbhísí a sholáthar i mBallstáit eile. Chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtúil agus chomhréireach ar fud an Aontais, ba cheart do na Ballstáit na cumhachtaí is gá a dheonú d’údaráis inniúla ionas gur féidir leo a gcuid dualgas faoin Treoir seo a dhéanamh, lena n-áirítear an chumhacht chun an fhaisnéis is gá a fháil, sáruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Treoir seo a fhiosrú, gearáin ó iasachtaithe a láimhseáil agus pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha a fhorchur, lena n-áirítear údaruithe a tharraingt siar. I gcás ina gcuirtear pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha den sórt sin i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis inniúla i bhfeidhm iad ar bhealach comhréireach agus go dtabharfaidh siad cúiseanna lena gcuid cinntí agus, sa bhreis air sin, gur cheart na cinntí sin a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach lena n-áirítear i gcásanna nach ngníomhaíonn údaráis inniúla laistigh de na tréimhsí ama arna leagan síos.

(49)

Ní dochar na forálacha a bhaineann le sáruithe ar an Treoir seo don cheart atá ag Ballstát idirghabháil a dhéanamh i gcásanna ina ndéantar sáruithe ar an dlí náisiúnta a bhaineann le cosaint tomhaltóirí, le cearta iasachtaithe nó le gníomhaíochtaí coiriúla, mar shampla. I gcásanna den sórt sin, is iad údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas na húdaráis atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh faoi cibé an ndearnadh sárú ar an dlí náisiúnta agus dá bhrí sin níl a gcumhachtaí teoranta leis an Treoir seo.

(50)

Ós rud é go mbeidh feidhmíocht margaí tánaisteacha ag brath cuid mhaith ar dhea-cháil na n-eintiteas lena mbaineann, ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa sásra éifeachtúil a bhunú trína ndéanfaí gearáin ó iasachtaithe a láimhseáil. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ag na húdaráis is inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar cheannaitheoirí creidmheasa agus ar sheirbhíseoirí creidmheasa nósanna imeachta éifeachtacha agus inrochtana chun déileáil le gearáin ó iasachtaithe.

(51)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 (16) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) araon maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha na Treorach seo. Go háirithe, i gcás ina bhpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha na Treorach seo, ba cheart an chríoch shonrach a shonrú, ba cheart tagairt don bhunús dlí ábhartha, ba cheart na ceanglais slándála ábhartha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh, agus ba cheart prionsabail an riachtanais, na comhréireachta, an teorannaithe de réir cuspóra, agus na tréimhse coinneála sonraí trédhearcaí agus comhréirí a urramú. Chun na gcríoch sin, is fearr cód iompair a bheith ann ar fud an tionscail, i gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) 2016/679. Lena chois sin, ba cheart cosaint sonraí pearsanta trí dhearadh agus cosaint sonraí mar réamhshocrú a bheith leabaithe sna córais próiseála sonraí uile arna bhforbairt agus arna n-úsáid faoi chuimsiú na Treorach seo. Mar an gcéanna, ba cheart an comhar riaracháin agus an cúnamh frithpháirteach idir údaráis inniúla na mBallstát a bheith comhoiriúnach leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679, agus i gcomhréir le rialacha náisiúnta cosanta sonraí lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme.

(52)

Chun ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a áirithiú, déantar foráil i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta do líon ceart agus coimircí i ndáil le comhaontuithe creidmheasa arna ndeonú do thomhaltóir. Tá feidhm ag na cearta agus na coimircí sin go háirithe maidir le caibidlíocht agus tabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa, maidir le húsáid cleachtas tráchtála éagothrom idir gnólachtaí agus tomhaltóirí mar a leagtar síos i dTreoir 2005/29/CE agus maidir le feidhmíocht nó mainneachtain an chomhaontaithe creidmheasa. Is amhlaidh an cás go háirithe i ndáil le comhaontuithe creidmheasa tomhaltóirí fadtéarmacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/17/AE, i dtaca le ceart an tomhaltóra oibleagáidí an tomhaltóra faoi chomhaontú creidmheasa a urscaoileadh go hiomlán nó go páirteach sula dtéann an comhaontú creidmheasa sin in éag nó a bheith curtha ar an eolas trí bhíthin na Bileoige Faisnéise Caighdeánaithe Eorpaí, i gcás inarb iomchuí, go bhféadfaí comhaontú creidmheasa a aistriú chuig ceannaitheoir creidmheasa. Níor cheart cearta an iasachtaí a athrú ach oiread más amhlaidh gur nuachan conartha atá in aistriú an chomhaontaithe creidmheasa idir institiúid creidmheasa agus ceannaitheoir creidmheasa. Mar phrionsabal ginearálta, ba cheart a áirithiú nach mbeidh iasachtaithe níos measa as tar éis aistriú a gcomhaontaithe creidmheasa ó institiúid creidmheasa chuig ceannaitheoir creidmheasa. Leis an Treoir seo, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit forálacha níos déine a chur i bhfeidhm chun iasachtaithe a chosaint.

(53)

Gan dochar d’oibleagáidí eile faoi Threoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE, agus chun ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a áirithiú, ba cheart na Treoracha sin a leasú, chun a áirithiú go ndéanfar, in am trátha agus sula ndéanfar aon mhodhnuithe ar théarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe creidmheasa, liosta soiléir agus cuimsitheach d’aon athruithe den sórt sin, an t-amscála dá gcur chun feidhme agus na mionsonraí is gá, mar aon le hainm agus seoladh an údaráis náisiúnta a bhfuil an tomhaltóir in ann gearán a thaisceadh leis, a chur faoi bhráid an tomhaltóra.

(54)

An fhaisnéis maidir leis an modhnú ar théarmaí agus coinníollacha comhaontaithe creidmheasa faoi Threoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE, mar a thugtar isteach leis na leasuithe a leagtar amach sa Treoir seo, níor cheart di difear a dhéanamh d’aon cheann de chearta an tomhaltóra a leagtar síos i dTreoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE, lena n-áirítear cearta faisnéise.

(55)

Fágann an tábhacht a leagann reachtóir an Aontais ar an gcosaint a thugtar do thomhaltóirí i dTreoir 93/13/CEE ón gComhairle (18) agus i dTreoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE nár cheart, le sannadh ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó sannadh an chomhaontaithe creidmheasa é féin, do cheannaitheoir creidmheasa, difear a dhéanamh don leibhéal cosanta a dheonaítear le dlí an Aontais do thomhaltóirí ar dhóigh ar bith. Dá bhrí sin, ba cheart do cheannaitheoirí creidmheasa agus seirbhíseoirí creidmheasa dlí an Aontais is infheidhme agus an dlí náisiúnta is infheidhme de réir mar is infheidhme maidir leis an gcomhaontú creidmheasa tosaigh a chomhlíonadh agus ba cheart don iasachtaí an leibhéal céanna cosanta a choinneáil amhail dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais is infheidhme agus faoin dlí náisiúnta is infheidhme nó mar a chinntear le rialacha an Aontais nó rialacha náisiúnta maidir le heasaontacht dlíthe. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéanfar costais ar bith a bhaineann le haistriú an chomhaontaithe creidmheasa a ghearradh ar an iasachtaí, seachas iad sin a bheidh ar áireamh cheana sa chomhaontú creidmheasa sin. A mhéid a bhaineann le muirir ar thomhaltóirí i gcás mainneachtana, ba cheart leasuithe ar Threoir 2008/48/CE a thabhairt isteach lena gceanglaítear ar na Ballstáit cloí leis na rialacha céanna agus atá i dTreoir 2014/17/AE maidir le huasteorainneacha a chur ar tháillí agus ar phionóis.

(56)

I ndáil le tomhaltóirí, ba cheart Treoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE a leasú leis an Treoir seo chun a leagan síos gur cheart do na Ballstáit a cheangal ar chreidiúnaithe beartais agus nósanna imeachta leormhaithe a bheith acu ionas go ndéanfaidh siad iarrachtaí, i gcás inarb iomchuí, ar staonadh réasúnta a fheidhmiú sula dtionscnófar imeachtaí foriaimh. Ba cheart aird a thabhairt ar Threoirlínte ÚBE an 19 Lúnasa 2015 maidir le riaráistí agus foriamh, ar Threoirlínte ÚBE an 31 Deireadh Fómhair 2018 maidir le risíochtaí neamhthuillmheacha agus staonta a bhainistiú agus ar Threoraíocht ó BCE ó Mhárta 2017 do na bainc maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha. Agus cinneadh á dhéanamh acu faoi cé na bearta staonta a dhéanfaidh siad, ba cheart go gcuirfeadh creidiúnaithe san áireamh imthosca aonair an tomhaltóra, leasanna agus cearta an tomhaltóra agus cumas an tomhaltóra an creidmheas a aisíoc, lena n-áirítear go háirithe más rud é go bhfuil an comhaontú creidmheasa urraithe ag maoin chónaithe dhochorraithe arb í príomháit chónaithe an tomhaltóra í. Ba cheart bearta staonta a bheith in ann a bheith comhdhéanta de lamháltais áirithe ar an tomhaltóir, amhail athmhaoiniú iomlán nó páirteach comhaontaithe creidmheasa, nó modhnú ar a théarmaí agus a choinníollacha atá ann cheana, lena n-áirítear, i measc nithe eile, síneadh ar a théarma, athrú ar an gcineál comhaontaithe creidmheasa, íocaíocht na haisíocaíochta tráthchoda ar fad, nó cuid di, a iarchur go ceann tréimhse, athrú ar an ráta úis, tairiscint sosa íocaíochta, aisíocaíochtaí páirteacha, comhshó airgeadra, maitheamh páirteach agus comhdhlúthú fiach. Ba cheart bearta staonta iomchuí a bheith i bhfeidhm ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta. Níl an liosta de bhearta staonta dá bhforáiltear sa Treoir seo, mar leasuithe ar Threoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE, ina liosta uileghabhálach, agus, dá bhrí sin, tá sé de shaoirse i gcónaí ag na Ballstáit foráil a dhéanamh do bhearta breise. Ar an gcuma chéanna, tá sé de rogha ag na Ballstáit gan foráil a dhéanamh do bheart sonrach sa chás ina mbeartaítear amhlaidh ar an leibhéal náisiúnta, fad a bheidh líon réasúnta beart ar fáil fós. I gcás fiacha neamhíoctha a bheith fós ann tar éis imeachtaí foriaimh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcosnófar dálaí íosta maireachtála agus ba cheart dóibh bearta a chur i bhfeidhm chun aisíocaíocht fiach a éascú agus rófhéichiúnas fadtéarmach á sheachaint ag an am céanna. Ar a laghad i gcás ina ndéanann an praghas arna fháil ar an maoin chónaithe dhochorraithe difear don mhéid atá dlite den tomhaltóir, ba cheart do na Ballstáit na creidiúnaithe a spreagadh le céimeanna réasúnacha a ghlacadh chun an praghas is fearr is féidir a fháil ar an maoin chónaithe dhochorraithe fhoriata i gcomhthéacs dálaí margaidh. Níor cheart do na Ballstáit cosc a chur ar na páirtithe i gcomhaontú creidmheasa a chomhaontú go sainráite gur leor an t-urrús a aistriú chuig an gcreidiúnaí chun an creidmheas a aisíoc, go háirithe nuair atá an creidmheas urraithe ag príomháit chónaithe an tomhaltóra.

(57)

Chun a áirithiú nach ndéanfar difear do leibhéal cosanta an tomhaltóra i gcás ina ndéanfar cearta an chreidiúnaithe faoi chomhaontú creidmheasa morgáiste nó an comhaontú creidmheasa féin a shannadh do thríú páirtí, ba cheart leasú ar Threoir 2014/17/AE a thabhairt isteach chun a leagan síos, i gcásanna ina n-aistreofar creidmheas atá cumhdaithe ag an Treoir sin, go mbeidh an tomhaltóir i dteideal pléadáil i gcoinne an cheannaitheora creidmheasa aon chosaint a bhí ar fáil don tomhaltóir i gcoinne an chreidiúnaithe bunaidh agus go mbeidh sé nó sí i dteideal a bheith curtha ar an eolas faoin sannadh.

(58)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (19), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. Maidir leis an Treoir seo, measann reachtóir an Aontais go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(59)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an 24 Eanáir 2019.

(60)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú éifeachtúil na Treorach seo, de réir mar a dhéantar dul chun cinn i ndáil le bunú margaidh thánaistigh inmheánaigh le haghaidh comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha lena ngabhann ardleibhéal cosanta tomhaltóirí. Is maith atá an Coimisiún in ann anailís a dhéanamh ar shaincheisteanna trasteorann sonracha nach féidir le Ballstáit aonair a shainaithint ná aghaidh a thabhairt orthu mar is cuí, amhail an baol go sciúrfar airgead agus go maoineofar an sceimhlitheoireacht, ar baol é a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa agus gníomhaíochtaí ceannaitheoirí creidmheasa agus i ndáil leis an gcomhar idir údaráis inniúla ó Bhallstáit éagsúla. Is iomchuí, dá bhrí sin, gur cheart a bheith san áireamh freisin in athbhreithniú an Choimisiúin ar an Treoir seo measúnú críochnúil ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a dhéanann seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa agus ar an gcomhar riaracháin idir údaráis inniúla.

(61)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon forbairt margaí tánaisteacha le haghaidh NPLanna san Aontas a fheabhsú, agus fós a áirithiú go mbeidh breis cosanta neartaithe ann d’iasachtaithe, go háirithe do thomhaltóirí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Teideal I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, leagtar síos creat comhchoiteann agus ceanglais le haghaidh an mhéid seo a leanas:

(a)

seirbhíseoirí creidmheasa ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, arna eisiúint ag institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas, agus a ghníomhaíonn thar ceann ceannaitheoir creidmheasa;

(b)

ceannaitheoirí creidmheasa ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, arna eisiúint ag institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

seirbhíseoirí creidmheasa a ghníomhaíonn thar ceann ceannaitheoir creidmheasa i leith cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i leith an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, arna eisiúint ag institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme;

(b)

ceannaitheoirí creidmheasa ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, arna eisiúint ag institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

2.   Maidir le comhaontuithe creidmheasa a thagann faoina raon feidhme, ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do phrionsabail dhlí na gconarthaí ná do phrionsabail an dlí shibhialta faoin dlí náisiúnta maidir le cearta creidiúnaí a aistriú faoi chomhaontú creidmheasa, nó leis an gcomhaontú creidmheasa féin a aistriú, ná don chosaint a dheonaítear do thomhaltóirí nó d’iasachtaithe go háirithe de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 593/2008 agus (AE) Uimh. 1215/2012, agus Threoracha 93/13/CEE, 2008/48/CE agus 2014/17/AE agus na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear na Treoracha sin nó forálacha ábhartha eile de dhlí an Aontais agus den dlí náisiúnta a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus cearta iasachtaithe.

3.   Leis an Treoir seo, ní dhéanfar difear do na srianta a fhorchuirtear i ndlíthe náisiúnta na mBallstát maidir le cearta creidiúnaí a aistriú faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin a aistriú, nach bhfuil thar téarma, nó atá níos lú ná 90 lá thar téarma, nó nach bhfuil foirceanta i gcomhréir leis an dlí sibhialta náisiúnta.

4.   Leis an Treoir seo, ní dhéanfar difear do na ceanglais i ndlíthe náisiúnta na mBallstát maidir le seirbhísiú a dhéanamh ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó ar an gcomhaontú creidmheasa féin, i gcás inarb eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) é an ceannaitheoir creidmheasa chomh fada agus gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na dlíthe náisiúnta sin:

(a)

ní dhéantar difear don leibhéal cosanta tomhaltóirí dá bhforáiltear sa Treoir seo;

(b)

áirithítear go bhfaighidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá ó sheirbhíseoirí creidmheasa.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an seirbhísiú ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó ar an gcomhaontú creidmheasa féin, arna dhéanamh ag:

(i)

institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas;

(ii)

bainisteoir cistí infheistíochta malartacha (BCIM) atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE, nó cuideachta bainistíochta, nó cuideachta infheistíochta atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE ar choinníoll nár ainmnigh an chuideachta infheistíochta cuideachta bainistíochta faoin Treoir sin, thar ceann an chiste a ndéanann sí bainistiú air;

(iii)

institiúid neamhchreidmheasa atá faoi réir maoirseacht ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 20 de Threoir 2008/48/CE nó le hAirteagal 35 de Threoir 2014/17/AE agus gníomhaíochtaí á ndéanamh aici sa Bhallstát sin;

(b)

an seirbhísiú ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó ar an gcomhaontú creidmheasa féin, nár eisigh institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas ach amháin i gcás ina gcuirtear comhaontú creidmheasa arna eisiúint ag institiúid creidmheasa den sórt sin in ionad chearta an chreidiúnaí faoin gcomhaontú creidmheasa, nó in ionad an chomhaontaithe creidmheasa féin;

(c)

ceannach ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, ag institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas;

(d)

aistriú ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó an chomhaontaithe creidmheasa féin, a aistríodh roimh an dáta dá dtagraítear in Airteagal 32(2), an chéad fhomhír.

6.   An seirbhísiú ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó ar an gcomhaontú creidmheasa féin, arna dhéanamh ag nótairí poiblí agus báillí mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta nó ag dlíodóirí mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2), pointe (a), de Threoir 98/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) agus gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa á ndéanamh acu mar chuid dá ngairm, féadfaidh na Ballstáit an seirbhísiú sin a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na Treorach seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “institiúid creidmheasa” institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(2)

ciallaíonn “creidiúnaí” institiúid creidmheasa a d’eisigh creidmheas, nó ceannaitheoir creidmheasa;

(3)

ciallaíonn “iasachtaí” duine dlítheanach nó nádúrtha a thug comhaontú creidmheasa i gcrích le hinstitiúid creidmheasa, lena n-áirítear a comharba dlíthiúil nó a sannaí;

(4)

ciallaíonn “comhaontú creidmheasa” comhaontú mar a eisíodh, a modhnaíodh nó ar cuireadh comhaontú eile ina ionad ar dtús, trína ndeonaíonn institiúid creidmheasa creidmheas i bhfoirm íocaíochta iarchurtha, iasachta nó garaíochta airgeadais eile den chineál céanna.

(5)

ciallaíonn “comhaontú seirbhísithe creidmheasa” conradh i scríbhinn arna thabhairt i gcrích idir ceannaitheoir creidmheasa agus seirbhíseoir creidmheasa maidir leis na seirbhísí atá le soláthar ag an seirbhíseoir creidmheasa thar ceann an cheannaitheora creidmheasa;

(6)

ciallaíonn “ceannaitheoir creidmheasa” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas institiúid creidmheasa, a cheannaíonn cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, i gcaitheamh a thrádála, a ghnó nó a ghairme, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme;

(7)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí creidmheasa” tríú páirtí a úsáideann seirbhíseoir creidmheasa chun aon cheann de na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh;

(8)

ciallaíonn “seirbhíseoir creidmheasa” duine dlítheanach a bhainistíonn agus a fhorfheidhmíonn, i gcaitheamh a ghnó, na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, thar ceann ceannaitheoir creidmheasa, agus a dhéanann ar a laghad gníomhaíocht seirbhísithe creidmheasa amháin nó níos mó;

(9)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa” ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

aon íocaíochtaí a bheidh dlite a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa nó faoin gcomhaontú creidmheasa féin a bhailiú nó a aisghabháil ón iasachtaí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(b)

aon téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó leis an gcomhaontú creidmheasa féin, a athchaibidliú leis an iasachtaí, i gcomhréir leis na treoracha a thugann an ceannaitheoir creidmheasa, i gcás nach idirghabhálaí creidmheasa é an seirbhíseoir creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (f), de Threoir 2008/48/CE nó in Airteagal 4, pointe (5), de Threoir 2014/17/AE;

(c)

aon ghearáin a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa nó leis an gcomhaontú creidmheasa féin a riar;

(d)

aon athruithe ar rátaí úis nó ar mhuirir nó aon íocaíochtaí atá dlite a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa nó leis an gcomhaontú creidmheasa féin a chur in iúl don iasachtaí;

(10)

ciallaíonn “Ballstát baile”, maidir le seirbhíseoir creidmheasa, an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe suite nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig suite nó, maidir le ceannaitheoir creidmheasa, an Ballstát ina bhfuil sainchónaí ar an gceannaitheoir creidmheasa nó ar a ionadaí, nó ina bhfuil a oifig chláraithe suite nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig suite;

(11)

ciallaíonn “Ballstát óstach” Ballstát, cé is moite den Bhallstát baile, ina bhfuil brainse bunaithe ag seirbhíseoir creidmheasa nó ina soláthraíonn sé gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa, agus in aon chás ina bhfuil sainchónaí ar an iasachtaí, nó ina bhfuil a oifig chláraithe suite nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig suite;

(12)

ciallaíonn “tomhaltóir” duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gcomhaontuithe creidmheasa a chumhdaítear leis an Treoir seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó nó gairm an duine sin;

(13)

ciallaíonn “comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach” comhaontú creidmheasa a aicmítear mar risíocht neamhthuillmheach i gcomhréir le hAirteagal 47a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Teideal II

SEIRBHÍSEOIRÍ CREIDMHEASA

CAIBIDIL I

Údarú seirbhíseoirí creidmheasa

Airteagal 4

Ceanglais ghinearálta

1.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar sheirbhíseoir creidmheasa údarú a fháil i mBallstát baile sula rachaidh sé i mbun gníomhaíochtaí ar a chríoch i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht chun údarú a dheonú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo do na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 21(3).

Airteagal 5

Ceanglais maidir le húdarú a dheonú

1.   Gan dochar d’Airteagal 6, déanfaidh na Ballstáit na ceanglais seo a leanas a leagan síos maidir le húdarú dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a dheonú:

(a)

is duine dlítheanach é an t-iarratasóir amhail dá dtagraítear in Airteagal 54 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus tá a oifig chláraithe nó, mura bhfuil oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a cheannoifig, sa Bhallstát ina bhfuil údarú á lorg ag an iarratasóir;

(b)

tá dea-cháil leordhóthanach ar chomhaltaí orgán bainistíochta nó riaracháin an iarratasóra, rud a léirítear trí chruthúnas a thabhairt ar an méid seo a leanas:

(i)

tá taifead póilíneachta nó taifead náisiúnta eile ar bhonn comhionann acu atá glan i ndáil le cionta coiriúla ábhartha, go háirithe na cionta sin a bhaineann le maoin, seirbhísí agus gníomhaíochtaí airgeadais, sciúradh airgid, úsaireacht, calaois, coireanna cánach, sárú ar rúndacht ghairmiúil nó le sláine fhisiciúil, agus freisin i ndáil le haon chionta eile faoi dhlíthe a bhaineann le cuideachtaí, féimheacht, dócmhainneacht nó cosaint tomhaltóirí;

(ii)

ní chuirfear as dá ndea-cháil le héifeachtaí carnacha mioneachtraí;

(iii)

bhí siad trédhearcach, oscailte agus comhoibritheach i gcónaí ina ndéileálacha go dtí seo leis na húdaráis mhaoirseachta agus rialála;

(iv)

níl siad faoi réir aon nós imeachta dócmhainneachta leanúnach ná níor dearbhaíodh féimheach roimhe sin iad mura ndearnadh iad a aischur i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(c)

tá eolas agus taithí leormhaith ag orgán bainistíochta nó riaracháin an iarratasóra chun an gnó a dhéanamh ar bhealach inniúil agus freagrach;

(d)

tá dea-cháil leordhóthanach ar na daoine a bhfuil sealúchais cháilitheacha san iarratasóir ina seilbh acu de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (36), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, rud a léirítear trí na ceanglais a leagtar amach i bpointí (b)(i) agus (iv) den mhír seo a chomhlíonadh;

(e)

tá socruithe daingne rialachais agus sásraí rialaithe inmheánaigh leormhaithe i bhfeidhm ag an iarratasóir, lena n-áirítear nósanna imeachta bainistithe riosca agus cuntasaíochta, lena n-áirithítear go n-urramaítear cearta iasachtaithe agus go gcomhlíontar na dlíthe lena rialaítear cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó an comhaontú creidmheasa féin, agus go gcomhlíontar Rialachán (AE) 2016/679;

(f)

cuireann an t-iarratasóir beartas iomchuí i bhfeidhm lena n-áirithítear comhlíonadh na rialacha i dtaobh iasachtaithe a chosaint agus go gcaithfear go cothrom agus go dícheallach leo, lena n-áirítear trína stádas airgeadais agus, i gcás ina mbeidh sin ar fáil, an gá atá ann iasachtaithe den sórt sin a threorú chuig seirbhísí comhairle fiachais nó chuig seirbhísí sóisialta a chur san áireamh;

(g)

tá nósanna imeachta inmheánacha leormhaithe agus sonracha i bhfeidhm ag an iarratasóir lena n-áirithítear go ndéanfar gearáin ó iasachtaithe a thaifeadadh agus a láimhseáil;

(h)

tá nósanna imeachta leormhaithe maidir le frithsciúradh airgid agus maidir le frithmhaoiniú sceimhlitheoireachta i bhfeidhm ag an iarratasóir i gcás ina n-ainmnítear, le forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2015/849, seirbhíseoirí creidmheasa mar eintitis faoi oibleagáid chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac;

(i)

tá an t-iarratasóir, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme, faoi réir ceanglais maidir le tuairisciú agus nochtadh poiblí.

2.   Déanfaidh ÚBE, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile agus na leasanna uile lena mbaineann a léiriú, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo.

3.   Diúltóidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údarú dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a dheonú i gcás nach gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus, i gcás inarb ábhartha, in Airteagal 6(2), pointe (a).

Airteagal 6

Cumas cistí a shealbhú

1.   Cinnfidh na Ballstáit an fíor an méid seo a leanas maidir le seirbhíseoirí creidmheasa, agus gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa á ndéanamh acu ina gcríoch:

(a)

tá cead acu cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú chun na cistí sin a aistriú chuig ceannaitheoirí creidmheasa; nó

(b)

tá toirmeasc orthu cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú.

2.   I gcásanna ina gceadaítear do sheirbhíseoirí creidmheasa cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú faoi mhír 1, pointe (a), déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

ceanglas a leagan síos, sa bhreis ar na ceanglais maidir le húdarú a dheonú a leagtar amach in Airteagal 5(1), go bhfuil cuntas ar leithligh ag an iarratasóir in institiúid creidmheasa ina nbhfuiltear chun gach ciste a fhaightear ó iasachtaithe a chreidiúnú agus a shealbhú go dtí go gcuirfear chuig an gceannaitheoir creidmheasa faoi seach iad, faoi na coinníollacha arna gcomhaontú leis an gceannaitheoir creidmheasa;

(b)

a áirithiú go ndéantar na cistí sin a chosaint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ar mhaithe leis na ceannaitheoirí creidmheasa i gcoinne éilimh chreidiúnaithe eile na seirbhíseoirí creidmheasa, go háirithe i gcás dócmhainneachta;

(c)

a chinneadh, i gcás ina ndéanann iasachtaí íocaíocht le seirbhíseoir creidmheasa chun na méideanna atá dlite a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, a aisíoc i bpáirt nó go hiomlán, go gcaitear leis an íocaíocht sin mar íocaíocht a íocadh leis an gceannaitheoir creidmheasa;

(d)

ceangal a chur ar sheirbhíseoir creidmheasa admháil nó litir urscaoilte a sheachadadh chuig an iasachtaí, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile, aon uair a fhaigheann an seirbhíseoir creidmheasa cistí ón iasachtaí, lena n-admhaítear na suimeanna a fuarthas.

3.   I gcás nach bhfuil sé beartaithe ag seirbhíseoir creidmheasa cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú mar chuid dá shamhail ghnó, cuirfidh an seirbhíseoir creidmheasa an méid atá beartaithe aige in iúl ina iarratas ar an údarú dá dtagraítear in Airteagal 4(1). I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i gcomhréir le i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo.

Airteagal 7

Nós imeachta chun seirbhíseoirí creidmheasa a údarú

1.   Bunóidh na Ballstáit nós imeachta chun seirbhíseoirí creidmheasa a údarú lenar féidir le hiarratasóir iarratas a dhéanamh agus an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun go mbeidh údarás inniúil an Bhallstát baile in ann a fhíorú go bhfuil na coinníollacha uile a leagtar síos sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 5(1), agus, i gcás inarb ábhartha, in Airteagal 6(2), pointe (a), comhlíonta ag an iarratasóir.

2.   Beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an iarratas ar údarú seirbhíseoirí creidmheasa dá dtagraítear i mír 1:

(a)

fianaise ar stádas dlíthiúil an iarratasóra agus cóip dá ghníomh corpraithe agus d’fhodhlíthe an chomhlachta;

(b)

seoladh cheannoifig an iarratasóra nó a oifige cláraithe;

(c)

céannacht chomhaltaí orgán bainistíochta nó riaracháin an iarratasóra agus na ndaoine a bhfuil sealúchais cháilitheacha ina seilbh acu de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (36), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(d)

fianaise go gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (b) agus pointe (c);

(e)

fianaise go gcomhlíonann na daoine a bhfuil sealúchais cháilitheacha ina seilbh acu de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (36), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (d), den Treoir seo;

(f)

fianaise ar na socruithe rialachais agus na sásraí rialaithe inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (e);

(g)

fianaise ar an mbeartas dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (f);

(h)

fianaise ar na nósanna imeachta inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (g);

(i)

fianaise ar na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (h);

(j)

i gcás inarb ábhartha, fianaise gur ann do chuntas ar leithligh in institiúid creidmheasa amhail dá bhforáiltear in Airteagal 6(2), pointe (a);

(k)

aon chomhaontú seachfhoinsithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 12(1).

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla de chuid Ballstáit baile a mheas, laistigh de 45 lá ón iarratas ar údarú a fháil, an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit, laistigh de 90 lá ón iarratas iomlán a fháil nó, má mheastar an t-iarratas a bheith neamhiomlán, ón bhfaisnéis a éilítear a fháil, go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile fógra a thabhairt don iarratasóir i dtaobh an ndearnadh an t-údarú a dheonú nó a dhiúltú agus na cúiseanna leis an diúltú a thabhairt.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cead achomhairc os comhair binse ag iarratasóir i gcásanna ina gcinnfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile iarratas ar údarú a dhiúltú de bhun Airteagal 5(3) agus freisin i gcásanna, laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear i mír 4 den Airteagal seo, nach ndéanfaidh na húdaráis inniúla aon chinneadh i leith an iarratais.

Airteagal 8

Údarú a tharraingt siar

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe is gá, agus na cumhachtaí smachtbhannaí, i gcomhréir le hAirteagal 22 chun an t-údarú a deonaíodh do sheirbhíseoir creidmheasa a tharraingt siar, i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann de na nithe seo a leanas maidir le seirbhíseoir creidmheasa den sórt sin:

(a)

ní bhaineann sé úsáid as an údarú laistigh de 12 mhí ón tráth a deonaíodh é;

(b)

déanann sé an t-údarú a thréigean go sainráite;

(c)

scoir sé de bheith i mbun gníomhaíochtaí seirbhíseora creidmheasa le níos mó ná 12 mhí;

(d)

tá údarú faighte aige trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó trí mhodhanna neamhrialta eile;

(e)

ní chomhlíonann sé a thuilleadh na ceanglais maidir le húdarú a dheonú mar sheirbhíseoir creidmheasa a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus, i gcás inarb ábhartha, in Airteagal 6(2), pointe (a);

(f)

déanann sé sárú tromchúiseach ar na rialacha is infheidhme, lena n-áirítear na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, nó ar rialacha eile maidir le cosaint tomhaltóirí, lena n-áirítear rialacha is infheidhme an Bhallstáit óstaigh agus an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas.

2.   I gcás ina dtarraingítear siar údarú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh ar an eolas láithreach i gcásanna ina soláthraíonn an seirbhíseoir creidmheasa seirbhísí faoi Airteagal 13, agus go ndéanfar amhlaidh freisin i gcás údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile.

Airteagal 9

Liosta nó clár na seirbhíseoirí creidmheasa údaraithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh agus go gcothabhálfaidh na húdaráis inniúla ar a laghad liosta nó, i gcás ina meastar é a bheith níos iomchuí, clár náisiúnta, de na seirbhíseoirí creidmheasa uile atá údaraithe seirbhísí a sholáthar laistigh dá gcríoch, lena n-áirítear seirbhíseoirí creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí faoi Airteagal 13 den Treoir seo.

Forbróidh ÚBE treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir le liostaí nó cláir den sórt sin a bhunú agus a chothabháil agus maidir leis na cineálacha faisnéise atá iontu a shonrú chun machaire comhréidh a ráthú ar fud an Aontais agus chun trédhearcacht a ráthú do cheannaitheoirí creidmheasa agus d’iasachtaithe.

2.   Déanfar an liosta nó an clár dá dtagraítear i mír 1 inrochtana go poiblí ar shuíomh gréasáin na n-údarás inniúil agus déanfar é a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta.

3.   I gcás inar tarraingíodh údarú siar de bhun Airteagal 8, déanfaidh na húdaráis inniúla an liosta nó an clár dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt cothrom le dáta gan mhoill.

Airteagal 10

Caidreamh leis an iasachtaí, cumarsáid maidir leis an aistriú agus cumarsáid a dhéantar ina dhiaidh sin

1.   Cuirfidh na Ballstáit na nithe seo a leanas de cheangal ar cheannaitheoirí creidmheasa agus seirbhíseoirí creidmheasa, sa chaidreamh a bhíonn acu le hiasachtaithe:

(a)

gníomhú de mheon macánta, go cothrom agus go gairmiúil;

(b)

faisnéis a sholáthar d’iasachtaithe nach bhfuil míthreorach, doiléir nó bréagach;

(c)

faisnéis phearsanta agus príobháideachas iasachtaithe a urramú agus a chosaint;

(d)

cumarsáid a dhéanamh le hiasachtaithe ar bhealach nach ann do chiapadh, do chomhéigean nó do thionchar míchuí.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, tar éis aon aistriú ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó aistriú an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, chuig ceannaitheoir creidmheasa, agus roimh an gcéad bhailiú fiachais i gcónaí, ach freisin aon uair arna iarraidh sin ag an iasachtaí, go ndéanfaidh an ceannaitheoir creidmheasa nó, nuair a cheapfar é chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh, an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó an seirbhíseoir creidmheasa, cumarsáid a sheoladh chuig an iasachtaí ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile, ina n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

faisnéis faoin aistriú a tharla, lena n-áirítear dáta an aistrithe;

(b)

céannacht agus sonraí teagmhála an cheannaitheora creidmheasa;

(c)

nuair a cheapfar é, céannacht agus sonraí teagmhála an tseirbhíseora creidmheasa nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii);

(d)

nuair a cheapfar é, fianaise maidir le húdarú seirbhíseora creidmheasa arna dheonú de bhun Airteagal 7;

(e)

i gcás inarb ábhartha, céannacht agus sonraí teagmhála an tsoláthraí seirbhísí creidmheasa;

(f)

agus an méid sin á chur in iúl ar bhealach feiceálach, pointe tagartha teagmhála ag an gceannaitheoir creidmheasa nó, nuair a cheapfar é chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh, ag an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó ag an seirbhíseoir creidmheasa agus, i gcás inarb ábhartha, ag an soláthraí seirbhísí creidmheasa, óna bhfaighfear faisnéis nuair is gá;

(g)

faisnéis faoi na méideanna atá dlite ag an iasachtaí tráth na cumarsáide, ina sonraítear cad atá dlite mar chaipiteal, mar ús, mar tháillí agus mar mhuirir cheadaithe eile;

(h)

ráiteas ina gcuirtear in iúl go bhfuil feidhm i gcónaí ag dlí ábhartha uile an Aontais agus ag an dlí náisiúnta ábhartha uile a bhaineann go háirithe le conarthaí a fhorfheidhmiú, le cosaint tomhaltóirí, le cearta iasachtaithe agus leis an dlí coiriúil;

(i)

ainm, seoladh agus sonraí teagmhála údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an iasachta, nó ina bhfuil a oifig chláraithe suite nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig suite agus lenar féidir leis an iasachtaí gearán a dhéanamh.

Beidh an chumarsáid dá bhforáiltear sa chéad fhomhír scríofa i dteanga atá soiléir agus intuigthe don phobal i gcoitinne.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, i ngach cumarsáid a dhéanfar leis an iasachtaí ina dhiaidh sin, go ndéanfaidh an ceannaitheoir creidmheasa nó, nuair a cheapfar é chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh, an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó an seirbhíseoir creidmheasa, an fhaisnéis a leagtar amach i mír 2, pointe (f), den Airteagal seo a áireamh, ach amháin i gcás inarb í an chéad chumarsáid í tar éis seirbhíseoir creidmheasa nua a cheapadh, agus sa chás sin áireofar freisin an fhaisnéis a leagtar amach i mír 2, pointe (c) agus pointe (d), den Airteagal seo.

4.   Ní dochar míreanna 2 agus 3 d’aon cheanglais bhreise maidir le cumarsáid dá bhforáiltear i ndlí eile an Aontais is infheidhme nó sa dlí náisiúnta eile is infheidhme.

Airteagal 11

Caidreamh conarthach idir seirbhíseoir creidmheasa agus ceannaitheoir creidmheasa

1.   Nuair nach ndéanann ceannaitheoir creidmheasa é féin gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa, áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh an seirbhíseoir creidmheasa a cheaptar a sheirbhísí i leith cearta creidiúnaí a bhainistiú agus a fhorfheidhmiú faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i leith an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, ar bhonn comhaontú seirbhísithe creidmheasa leis an gceannaitheoir creidmheasa.

2.   Déanfar foráil maidir leis an méid seo a leanas sa chomhaontú seirbhísithe creidmheasa dá dtagraítear i mír 1:

(a)

tuairisc mhionsonraithe ar na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa atá le déanamh ag an seirbhíseoir creidmheasa;

(b)

leibhéal luach saothair an tseirbhíseora creidmheasa nó conas a dhéanfar an luach saothair a ríomh;

(c)

a mhéid agus is féidir leis an seirbhíseoir creidmheasa ionadaíocht a dhéanamh ar an gceannaitheoir creidmheasa i ndáil leis an iasachtaí;

(d)

gealltanas ó na páirtithe dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó maidir leis an gcomhaontaú creidmheasa féin, a chomhlíonadh, lena n-áirítear i leith cosaint tomhaltóirí agus sonraí;

(e)

clásal lena gceanglaítear caitheamh go cothrom agus go dícheallach leis na hiasachtaithe.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ceanglas sa chomhaontú seirbhísithe creidmheasa dá dtagraítear i mír 1, ceanglas ar dá bhun a thugann an seirbhíseoir creidmheasa fógra don cheannaitheoir creidmheasa sula ndéanfaidh sé aon cheann dá ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsiú.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa na taifid seo a leanas a choimeád agus a chothabháil ar feadh 5 bliana ar a laghad ón dáta ar a ndéantar an comhaontú seirbhísithe creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 a fhoirceannadh, nó ar feadh na tréimhse teorann reachtúla is infheidhme sa Bhallstát baile, ach i gceachtar cás ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana:

(a)

comhfhreagras ábhartha leis an gceannaitheoir creidmheasa agus leis an iasachtaí araon, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta is infheidhme;

(b)

treoracha ábhartha a fuarthas ón gceannaitheoir creidmheasa i leith cearta creidiúnaí faoi gach comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i leith an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, a ndéanann sé bainistiú agus forghníomhú orthu nó air thar ceann an cheannaitheora creidmheasa sin, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta is infheidhme;

(c)

an comhaontú seirbhísithe creidmheasa.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an seirbhíseoir creidmheasa na taifid dá dtagraítear i mír 4 ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin.

Airteagal 12

Seachfhoinsiú ag seirbhíseoir creidmheasa

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina mbainfidh seirbhíseoir creidmheasa úsáid as soláthraí seirbhísí creidmheasa chun aon cheann de na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh, go leanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa de bheith lánfhreagrach as na hoibleagáidí uile faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a chomhlíonadh. Beidh seachfhoinsiú na ngníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa sin faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

comhaontú seachfhoinsithe i scríbhinn a thabhairt i gcrích idir an seirbhíseoir creidmheasa agus an soláthraí seirbhísí creidmheasa faoina bhfuil sé de cheangal ar an soláthraí seirbhísí creidmheasa na forálacha dlíthiúla is infheidhme a chomhlíonadh, lena n-áirítear na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, agus dlí ábhartha an Aontais nó an dlí náisiúnta ábhartha is infheidhme maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó maidir leis an gcomhaontú creidmheasa féin;

(b)

tá toirmeasc ar na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa uile a sheachfhoinsiú ag an am céanna chuig soláthraí seirbhísí creidmheasa;

(c)

ní dhéantar an caidreamh conarthach atá idir an seirbhíseoir creidmheasa agus an ceannaitheoir creidmheasa ná oibleagáidí an tseirbhíseora creidmheasa i leith an cheannaitheora creidmheasa nó i leith iasachtaithe a athrú de bharr an chomhaontaithe seachfhoinsithe leis an soláthraí seirbhísí creidmheasa;

(d)

ní dhéantar difear don mhéid a chomhlíonann seirbhíseoir creidmheasa ceanglais a údaraithe mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) trí sheachfhoinsiú a dhéanamh ar chuid dá ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa;

(e)

ní chuireann an seachfhoinsiú chuig an soláthraí seirbhísí creidmheasa cosc ar an maoirseacht a dhéanann údaráis inniúla ar sheirbhíseoir creidmheasa i gcomhréir le hAirteagail 14 agus 21;

(f)

tá rochtain dhíreach ag an seirbhíseoir creidmheasa ar an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsítear chuig an soláthraí seirbhísí creidmheasa;

(g)

tar éis comhaontú seachfhoinsithe a fhoirceannadh, tá an saineolas agus na hacmhainní ag an seirbhíseoir creidmheasa chun bheith in ann na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa seachfhoinsithe a sholáthar.

Ní dhéanfar gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsiú ar bhealach a dhéanfadh dochar do cháilíocht rialú inmheánach an tseirbhíseora creidmheasa, nó d’fhóntacht nó do leanúnachas a ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an seirbhíseoir creidmheasa údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh ar an eolas, sula ndéanfaidh sé a ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsiú i gcomhréir le mír 1.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa taifid ar threoracha ábhartha a sholáthraítear don soláthraí seirbhísí creidmheasa a choimeád agus a chothabháil, i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta is infheidhme, agus taifid ar an gcomhaontú seachfhoinsithe dá dtagraítear i mír 1 ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ón dáta ar a ndéantar an comhaontú seachfhoinsithe a fhoirceannadh, nó ar feadh na tréimhse teorann reachtúla is infheidhme sa Bhallstát, ach i gceachtar cás suas le huastréimhse 10 mbliana.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an seirbhíseoir creidmheasa agus an soláthraí seirbhísí creidmheasa an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh cead ag soláthraithe seirbhísí creidmheasa cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú.

CAIBIDIL II

Gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa trasteorann

Airteagal 13

Saoirse chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sholáthar i mBallstát óstach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag seirbhíseoir creidmheasa, tar éis dó údarú a fháil i gcomhréir le hAirteagal 4(1) i mBallstát baile, na seirbhísí sin a chumhdaítear leis an údarú sin a sholáthar san Aontas, gan dochar d’aon srianta nó ceanglais atá bunaithe i ndlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh i gcomhréir leis an Treoir seo, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, toirmeasc ar chistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú, ar srianta iad nach mbaineann le ceanglais údarúcháin eile de chuid seirbhíseoirí creidmheasa, nó leo siúd atá bunaithe chun athchaibidliú a dhéanamh ar na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa nó leis an gcomhaontú creidmheasa féin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag seirbhíseoir creidmheasa a bhfuil údaraithe faighte aige i gcomhréir le hAirteagal 4(1) i mBallstát baile seirbhísí a sholáthar i mBallstát óstach, go dtíolacfaidh an seirbhíseoir creidmheasa chuig údarás inniúil an Bhallstáit baile an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

an Ballstát óstach ina bhfuil sé beartaithe ag an seirbhíseoir creidmheasa seirbhísí a sholáthar agus, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar eolas ag an seirbhíseoir creidmheasa cheana féin, an Ballstát inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile;

(b)

i gcás inarb infheidhme, seoladh bhrainse an tseirbhíseora creidmheasa atá bunaithe sa Bhallstát óstach;

(c)

i gcás inarb infheidhme, céannacht agus seoladh an tsoláthraí seirbhísí creidmheasa sa Bhallstát óstach;

(d)

céannacht na ndaoine atá freagrach as soláthar gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a bhainistiú sa Bhallstát óstach;

(e)

i gcás inarb infheidhme, mionsonraí na mbeart a rinneadh chun nósanna imeachta inmheánacha, socruithe rialachais agus sásraí rialaithe inmheánaigh an tseirbhíseora creidmheasa a oiriúnú chun a áirithiú go gcomhlíontar na dlíthe is infheidhme maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa nó maidir leis an gcomhaontú creidmheasa féin;

(f)

tuairisc ar an nós imeachta atá bunaithe chun go gcomhlíonfaí na rialacha maidir le frithsciúradh airgid agus maidir le frithmhaoiniú sceimhlitheoireachta, trína n-ainmnítear, le dlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh lena dtrasuitear Treoir (AE) 2015/849, seirbhíseoirí creidmheasa mar eintitis faoi oibleagáid chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac;

(g)

go bhfuil na modhanna iomchuí ag an seirbhíseoir creidmheasa chun cumarsáid a dhéanamh i dteanga an Bhallstáit óstaigh nó i dteanga an chomhaontaithe creidmheasa;

(h)

cibé acu atá nó nach bhfuil an seirbhíseoir creidmheasa údaraithe ina Bhallstát baile chun cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú.

3.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile, laistigh de 45 lá ón bhfaisnéis uile dá dtagraítear in mír 2 a fháil, an fhaisnéis sin a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, agus tabharfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh admháil fála ina leith sin gan mhoill. Ina dhiaidh sin, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile in iúl don seirbhíseoir creidmheasa an dáta ar ar cuireadh an fhaisnéis in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus an dáta ar a dtugann na húdaráis inniúla sin admháil fála i leith na faisnéise. Chomh maith leis sin, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 2 in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cead achomhairc os comhair binse ag seirbhíseoir creidmheasa i gcás ina mainníonn údaráis inniúla an Bhallstáit baile an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a chur in iúl.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an seirbhíseoir creidmheasa in ann tosú ar sheirbhísí a sholáthar sa Bhallstát óstach ón tráth is luaithe díobh seo a leanas:

(a)

an tráth a fhaightear teachtaireacht ó údarás inniúla an Bhallstáit óstaigh ina n-admhaítear go bhfuarthas an teachtaireacht dá dtagraítear i mír 3;

(b)

in éagmais aon admháil fála i leith na teachtaireachta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a fháil, tar éis dhul in éag thréimhse 2 mhí ón dáta a chuirtear an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 2 faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh seirbhíseoir creidmheasa údaráis inniúla an Bhallstáit baile ar an eolas faoi aon athrú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis a cheanglaítear a chur in iúl i gcomhréir le mír 2. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 3, 4 agus 5.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh taifead sa liosta nó sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 9 maidir leis na seirbhíseoirí creidmheasa atá údaraithe gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sholáthar ar a gcríoch agus mionsonraí an Bhallstáit baile.

Airteagal 14

Maoirseacht ar sheirbhíseoirí creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile athbhreithniú agus meastóireacht ar an dóigh a mbíonn ceanglais na Treorach seo á gcomhlíonadh go leanúnach ag seirbhíseoir creidmheasa a dhéanann gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa i mBallstát óstach.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile maoirseacht a dhéanamh ar sheirbhíseoirí creidmheasa, iad a imscrúdú agus pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha a fhorchur orthu i leith cheanglais na Treorach seo agus a ngníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa á ndéanamh acu i mBallstát óstach.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile na bearta a rinneadh i leith an tseirbhíseora creidmheasa a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus, i gcás inarb iomchuí, d’údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanann seirbhíseoir creidmheasa gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa i mBallstát óstach, go n-oibreoidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile, i ndlúthchomhar le chéile i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna agus a ndualgas, go háirithe agus seiceálacha, imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair á ndéanamh acu.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile, i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna agus a ndualgas dá bhforáiltear sa Treoir seo, cúnamh a iarraidh ar údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh ar bhrainse atá curtha ar bun i mBallstát óstach, nó ar sholáthraí seirbhísí creidmheasa atá ceaptha i mBallstát óstach. Déanfar an chigireacht ar an láthair ar bhrainse nó ar sholáthraí seirbhísí creidmheasa i gcomhréir le dlí an Bhallstáit ina ndéantar an chigireacht.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit freisin go bhfuil údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh i dteideal cinneadh a dhéanamh i leith na mbeart is iomchuí atá le déanamh i ngach cás ar leith chun freagairt don iarraidh ar chúnamh ó údaráis inniúla an Bhallstáit baile.

7.   I gcás ina gcinnfidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh thar ceann údaráis inniúla an Bhallstáit baile, cuirfidh siad torthaí na gcigireachtaí sin in iúl gan mhoill d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile.

8.   Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh seiceálacha, cigireachtaí agus imscrúduithe a dhéanamh i leith gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sholáthraítear laistigh dá gcríoch ag seirbhíseoir creidmheasa atá údaraithe i mBallstát baile ar a dtionscnamh féin. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh torthaí na seiceálacha, na gcigireachtaí agus na n-imscrúduithe sin a sholáthar d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile gan mhoill.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil fianaise ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh go sáraíonn seirbhíseoir creidmheasa a dhéanann gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa laistigh dá chríoch, dá bhforáiltear in Airteagal 13, na rialacha is infheidhme, lena n-áirítear oibleagáidí a eascraíonn as na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, go dtarchuirfidh siad an fhianaise sin chuig údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus go n-iarrfaidh siad ar údaráis inniúla an Bhallstáit baile bearta iomchuí a dhéanamh, gan dochar do chumhachtaí maoirseachta, imscrúdaitheacha agus smachtbhannaí údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, maidir leis an seirbhíseoir creidmheasa faoin dlí náisiúnta, eadhon iad sin is infheidhme maidir leis an gcreidmheas nó an comhaontú creidmheasa.

10.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil fianaise ag údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile, go sáraíonn seirbhíseoir creidmheasa na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo, nó sna rialacha náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcreidmheas nó an comhaontú creidmheasa, go dtarchuirfidh siad an fhianaise sin chuig údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus go n-iarrfaidh siad ar údaráis inniúla an Bhallstáit baile bearta iomchuí a dhéanamh, gan dochar do chumhachtaí maoirseachta, imscrúdaitheacha agus smachtbhannaí údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, ná do chumhachtaí údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas chun pionóis a fhorchur, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile.

11.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile mionsonraí aon nós imeachta riaracháin nó nós imeachta eile a tionscnaíodh i leith na fianaise a sholáthair an Ballstát óstach, nó aon phionóis riaracháin nó bearta ceartaitheacha a rinneadh i gcoinne an tseirbhíseora creidmheasa, nó cinneadh réasúnaithe a bhí le gan aon bhearta a dhéanamh, a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a tharchur an fhianaise tráth nach déanaí ná 2 mhí ó dháta na hiarrata dá dtagraítear i mír 9. I gcás ina dtionscnaítear nós imeachta, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh ar an eolas go rialta faoina stádas.

12.   I gcás ina leanann seirbhíseoir creidmheasa de na rialacha is infheidhme a shárú, lena n-áirítear a oibleagáidí faoin Treoir seo, agus tar éis d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh an Ballstát baile a chur ar an eolas faoi sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh i dteideal pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha iomchuí a fhorchur chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir seo nuair a bheidh feidhm ag ceachtar de na nithe seo a leanas:

(a)

ní dhearna an seirbhíseoir creidmheasa bearta leormhaithe agus éifeachtacha chun an sárú a chur ina cheart laistigh de thréimhse réasúnta ama; nó

(b)

i gcás práinneach, tá gá le gníomhaíocht láithreach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt thromchúiseach do chomhleasanna na n-iasachtaithe.

Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh na pionóis riaracháin agus na bearta ceartaitheacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhorchur d’ainneoin aon phionóis riaracháin agus aon bhearta ceartaitheacha atá forchurtha cheana ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile.

Anuas air sin, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí breise de chuid seirbhíseora creidmheasa a sháraíonn na rialacha is infheidhme, lena n-áirítear a oibleagáidí faoin Treoir seo, go dtí go ndéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile cinneadh leormhaith nó go dtí go ndéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa bearta chun an sárú a leigheas.

TEIDEAL III

CEANNAITHEOIRÍ CREIDMHEASA

Airteagal 15

Ceart chun faisnéise maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach nó maidir leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh institiúid creidmheasa an fhaisnéis is gá do cheannaitheoir creidmheasa ionchasach maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó maidir leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, agus, más infheidhme, maidir leis an gcomhthaobhacht, ionas go mbeidh an ceannaitheoir creidmheasa ionchasach in ann a mheasúnú féin a dhéanamh ar luach chearta an chreidiúnaí faoin gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó ar luach an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, agus ar an dóchúlacht go n-aisghabhfar luach an chomhaontaithe sin sula ndéanfaidh sé conradh maidir le haistriú chearta an chreidiúnaí sin faoin gcomhaontú creidmheasa neamhthuillhmheach, nó maidir le haistriú an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, agus cosaint na faisnéise a chuir an institiúid creidmheasa ar fáil agus cosaint rúndacht na sonraí gnó á n-áirithiú aige.

2.   Ar bhonn débhliantúil, cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar institiúidí creidmheasa a aistríonn chuig ceannaitheoir creidmheasa cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Treoir seo, agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 4(5) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an cheannaitheora creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 19, nó i gcás nach ann d’aitheantóir den sórt sin:

(i)

céannacht an cheannaitheora creidmheasa nó céannacht chomhaltaí orgán bainistíochta agus riaracháin an cheannaitheora creidmheasa agus na ndaoine a bhfuil sealúchais cháilitheacha sa cheannaitheoir creidmheasa ina seilbh acu de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (36), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus

(ii)

seoladh an cheannaitheora creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, seoladh a ionadaí atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 19;

(b)

iarmhéid comhiomlán gan íoc chearta an chreidiúnaí faoi na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha nó iarmhéid comhiomlán gan íoc na gcomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha arna n-aistriú;

(c)

líon agus méid chearta an chreidiúnaí faoi na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha nó líon agus méid na gcomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha arna n-aistriú;

(d)

an bhfuil cearta an chreidiúnaí faoi na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha, nó na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha iad féin, a tugadh i gcrích le tomhaltóirí agus na cineálacha sócmhainní lena n-urraítear na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha san áireamh san aistriú, nuair is infheidhme.

3.   Féadfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 a chur de cheangal ar institiúidí creidmheasa an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír sin a sholáthar ar bhonn ráithiúil nuair a mheasann na húdaráis inniúla sin go bhfuil gá leis, lena n-áirítear d’fhonn faireachán níos fearr a dhéanamh ar líon mór aistrithe a d’fhéadfadh tarlú le linn tréimhse ghéarchéime.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, agus aon fhaisnéis eile a mheasann siad a bheith riachtanach chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a dhéanamh i gcomhréir leis an Treoir seo, a chur in iúl gan mhoill d’údaráis inniúla Bhallstát baile an cheannaitheora creidmheasa.

5.   Cuirfear míreanna 1 go 4 i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 16

Caighdeáin theicniúla cur chun feidhme le haghaidh teimpléid sonraí

1.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na teimpléid a shonrú a bheidh le húsáid ag institiúidí creidmheasa chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15(1) a sholáthar, chun faisnéis mhionsonraithe maidir lena risíochtaí creidmheasa sa leabhar baincéireachta a sholáthar do cheannaitheoirí creidmheasa chun anailís, dícheall cuí airgeadais agus luacháil a dhéanamh ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó ar an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin.

2.   Sonróidh ÚBE sna dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na réimsí sonraí, lena n-áirítear na réimsí sonraí atá éigeantach, agus an chaoi a ndéileáiltear le faisnéis rúnda mar a leagtar amach in Airteagal 15(1).

3.   Beidh na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme comhréireach le cineál agus méid na gcreidmheasanna agus na bpunann creidmheasa.

4.   Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 á n-ullmhú, cuirfidh ÚBE gach ceann de na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)

na cleachtais mhargaidh atá ann cheana maidir le comhroinnt sonraí idir ceannaitheoirí agus díoltóirí;

(b)

an t-aiseolas a fuarthas ó úsáideoirí maidir lena dtaithí ar theimpléid idirbhearta iasachtaí neamhthuillmheacha ÚBE atá ann cheana a úsáid;

(c)

ceanglais chomhchosúla atá ann cheana ar leibhéal na mBallstát;

(d)

an tábhacht a bhaineann le costais phróiseála a íoslaghdú d’institiúidí creidmheasa agus do cheannaitheoirí creidmheasa.

5.   Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Meán Fómhair 2022.

6.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

7.   Úsáidfear na teimpléid sonraí d’idirbhearta a bhaineann le creidmheasanna arna n-eisiúint an 1 Iúil 2018 nó ina dhiaidh sin, ar creidmheasanna iad a tháinig chun bheith neamhthuillmheach tar éis an 28 Nollaig 2021. Maidir leis na creidmheasanna a thionscnaítear idir an 1 Iúil 2018 agus dáta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh institiúidí creidmheasa an teimpléad sonraí a chomhlánú leis an bhfaisnéis atá ar fáil dóibh cheana féin.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh institiúidí creidmheasa na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 i bhfeidhm freisin maidir le haistriú ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó aistriú an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, chuig institiúidí creidmheasa eile. Bainfidh institiúidí creidmheasa úsáid as na teimpléid sonraí chun faisnéis a sholáthar idir institiúidí creidmheasa i gcásanna nach n-aistrítear ach cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin.

Airteagal 17

Oibleagáidí ceannaitheoirí creidmheasa

1.   Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

ceapfaidh ceannaitheoir creidmheasa a bhfuil sainchónaí air san Aontas, nó a bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a cheannoifig san Aontas eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó seirbhíseoir creidmheasa, chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i leith cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i leith an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, arna dtabhairt i gcrích le tomhaltóirí;

(b)

i gcás nach bhfuil sainchónaí ar cheannaitheoir creidmheasa san Aontas, nó nach bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a cheannoifig san Aontas, déanfaidh a ionadaí, atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 19(1), eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó seirbhíseoir creidmheasa, a cheapadh, ach amháin i gcásanna inar eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó seirbhíseoir creidmheasa, é an t-ionadaí féin, chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i leith cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i leith an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, arna dtabhairt i gcrích le:

(i)

daoine nádúrtha, lena n-áirítear tomhaltóirí agus oibrithe neamhspleácha;

(ii)

micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (23).

Féadfaidh na Ballstáit óstacha an ceanglas dá bhforáiltear sa chéad fhomhír a leathnú chuig comhaontuithe creidmheasa eile.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh ceannaitheoir creidmheasa faoi réir aon cheanglais bhreise maidir le ceannach ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó ceannach an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, seachas mar a fhoráiltear sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, nó i bhforálacha an dlí um chosaint tomhaltóirí, dlí na gconarthaí, an dlí sibhialta nó an dlí coiriúil is infheidhme. Áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh dlí ábhartha an Aontais agus an dlí náisiúnta ábhartha a bhaineann go háirithe le forfheidhmiú conarthaí, cosaint tomhaltóirí, cearta iasachtaithe, tionscnamh creidmheasa, rialacha rúndachta banc agus an dlí coiriúil d’fheidhm a bheith acu maidir leis an gceannaitheoir creidmheasa ar aistriú chearta an chreidiúnaí faoin gcomhaontú creidmheasa, nó ar aistriú an chomhaontaithe creidmheasa féin, chuig an gceannaitheoir creidmheasa. Ní dhéanfar difear don leibhéal cosanta a chuirtear ar fáil faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta do thomhaltóirí agus d’iasachtaithe eile, mar aon le rialacha dócmhainneachta, le haistriú chearta an chreidiúnaí faoin gcomhaontú creidmheasa, nó le haistriú an chomhaontaithe creidmheasa féin, chuig ceannaitheoir creidmheasa, gan dochar do rialacha náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le nótaí gealltanais ná billí malairte.

3.   Ní dochar an Treoir seo do chumhachtaí náisiúnta maidir le cláir chreidmheasa, lena n-áirítear an chumhacht faisnéis a éileamh ar cheannaitheoirí creidmheasa maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó maidir leis an gcomhaontú creidmheasa féin, agus maidir lena fheidhmíocht.

4.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do cheannaitheoirí creidmheasa daoine nádúrtha a fhostú chun na comhaontuithe creidmheasa atá faighte acu a sheirbhísiú. Beidh na daoine nádúrtha sin faoi réir córas náisiúnta rialála agus maoirseachta agus ní bhainfidh siad tairbhe as an tsaoirse dá bhforáiltear sa Treoir seo chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i mBallstát eile.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa a cheaptar, nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an gceannaitheoir creidmheasa de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus Airteagail 18 agus 20 a chomhlíonadh thar ceann an cheannaitheora creidmheasa. I gcásanna nach gceaptar seirbhíseoir creidmheasa nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), leanfaidh an ceannaitheoir creidmheasa nó a ionadaí de bheith faoi réir na n-oibleagáidí sin.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa a cheaptar, nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an gceannaitheoir creidmheasa i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena n-áirítear i ndáil le mír 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh thar ceann an cheannaitheora creidmheasa.

Airteagal 18

Seirbhíseoirí creidmheasa nó eintitis eile a úsáid

1.   I gcás ina gceapfaidh an ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19 eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó seirbhíseoir creidmheasa, chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i ndáil le cearta aistrithe an chreidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i ndáil leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar an gceannaitheoir creidmheasa sin nó ar a ionadaí údaráis inniúla a Bhallstáit baile a chur ar an eolas faoi chéannacht agus seoladh an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó an tseirbhíseora creidmheasa, ar a dhéanaí ar an dáta a gcuirtear tús leis na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa.

2.   I gcás ina gceapfaidh an ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19 eintiteas seachas an t-eintiteas a dtugtar fógra ina leith faoi mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra faoi sin d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile ar a dhéanaí ar dháta an athraithe sin agus cuirfidh sé in iúl céannacht agus seoladh an eintitis nua atá ceaptha aige chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i ndáil le cearta aistrithe an chreidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach nó i ndáil leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin.

3.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar údaráis inniúla Bhallstát baile an cheannaitheora creidmheasa an fhaisnéis a fuarthas i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 a tharchur gan moill mhíchuí chuig údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, chuig údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, agus chuig údaráis inniúla Bhallstát baile an tseirbhíseora creidmheasa nua.

Airteagal 19

Ionadaí de cheannaitheoir creidmheasa tríú tír

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil, i gcás ina ndéanfar cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach a aistriú, nó ina ndéanfar an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin a aistriú, go ndéanfaidh ceannaitheoir creidmheasa nach bhfuil sainchónaí air san Aontas, nó nach bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a cheannoifig san Aontas ionadaí a bhfuil sainchónaí air san Aontas nó a bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a cheannoifig san Aontas a ainmniú i scríbhinn.

2.   Is chuig an ionadaí dá dtagraítear i mír 1 maille leis an gceannaitheoir creidmheasa nó ina ionad sin a dhíreoidh na húdaráis inniúla na saincheisteanna go léir a bhaineann leis an Treoir seo a chomhlíonadh go leanúnach agus is air a bheidh an fhreagracht iomlán as comhlíonadh na n-oibleagáidí a forchuireadh ar an gceannaitheoir creidmheasa faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo.

Airteagal 20

Aistriú ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó aistriú an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, ag ceannaitheoir creidmheasa agus cumarsáid leis na húdaráis inniúla

1.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar cheannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, a thraschuireann cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, údaráis inniúla a Bhallstáit baile a chur ar an eolas ar bhonn débhliantúil faoi aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an cheannaitheora creidmheasa nua agus, i gcás inarb infheidhme, faoina ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19 nó, i gcás nach ann d’aitheantóir den sórt sin, faoi na nithe seo a leanas:

(a)

céannacht an cheannaitheora creidmheasa nua nó, i gcás inarb infheidhme, céannacht a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, nó céannacht chomhaltaí orgán bainistíochta nó riaracháin an cheannaitheora creidmheasa nua nó a ionadaí agus céannacht na ndaoine a bhfuil sealúchais cháilitheacha sa cheannaitheoir creidmheasa nua nó ina ionadaí ina seilbh acu de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (36), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus

(b)

seoladh an cheannaitheora creidmheasa nua nó, i gcás inarb infheidhme, seoladh an ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19.

Ina theannta sin, cuirfidh an ceannaitheoir creidmheasa nó a ionadaí údaráis inniúla a Bhallstáit baile ar an eolas faoin méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

iarmhéid comhiomlán gan íoc chearta an chreidiúnaí faoi na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha nó iarmhéid comhiomlán gan íoc na gcomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha arna na-aistriú;

(b)

líon agus méid chearta an chreidiúnaí faoi na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha nó líon agus méid na gcomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha arna n-aistriú;

(c)

an bhfuil cearta an chreidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, a tugadh i gcrích le tomhaltóirí agus na cineálacha sócmhainní lena n-urraítear na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha san áireamh san aistriú, nuair is infheidhme.

2.   Féadfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 a chur de cheangal ar cheannaitheoirí creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a n-ionadaithe a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír sin a sholáthar ar bhonn ráithiúil nuair a mheasann na húdaráis inniúla sin go bhfuil gá leis, lena n-áirítear chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar líon mór aistrithe a d’fhéadfadh tarlú le linn tréimhse ghéarchéime.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 an fhaisnéis a fuarthas i gcomhréir leis na míreanna sin a tharchur gan moill mhíchuí chuig údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus údaráis inniúla Bhallstát baile an cheannaitheora creidmheasa nua.

TEIDEAL IV

MAOIRSEACHT

Airteagal 21

Maoirseacht ag údaráis inniúla

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh seirbhíseoirí creidmheasa agus, i gcás inarb infheidhme, soláthraithe seirbhísí creidmheasa ar chucu a seachfhoinsíodh gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 12, go gcomhlíonfaidh siad na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo ar bhonn leanúnach agus áiritheoidh siad go mbeidh na gníomhaíochtaí sin faoi réir maoirseacht leormhaith ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile chun an chomhlíontacht sin a mheasúnú.

2.   Áiritheoidh Ballstát baile an cheannaitheora creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, go mbeidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 10 agus in Airteagail 17 go 20 i dtaca leis an gceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, lena ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19.

3.   Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as na feidhmeanna agus na dualgais a dhéanamh faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo.

4.   I gcás ina n-ainmníonn na Ballstáit níos mó ná údarás inniúil amháin de bhun mhír 3, cinnfidh siad a gcúraimí faoi seach agus ainmneoidh siad údarás amháin le bheith ina phointe iontrála aonair le haghaidh na malartuithe agus na n-idirghníomhaíochtaí uile is gá le húdaráis inniúla na mBallstát baile nó na mBallstát óstach.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm le go bhféadfaidh na húdaráis inniúla a ainmníodh de bhun mhír 3 den Airteagal seo an fhaisnéis is gá a fháil ó cheannaitheoirí creidmheasa nó a n-ionadaithe a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, seirbhíseoirí creidmheasa, soláthraithe seirbhísí creidmheasa ar chucu a sheachfhoinsíonn seirbhíseoir creidmheasa gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa faoi Airteagal 12, iasachtaithe nó aon duine eile nó aon údarás poiblí eile, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

measúnú ar chomhlíontacht leanúnach na gceanglas a leagtar síos sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo;

(b)

sáruithe féideartha ar na ceanglais sin a imscrúdú;

(c)

pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha a fhorchur i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 23.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an saineolas, na hacmhainní, an acmhainneacht oibríochtúil agus na cumhachtaí is gá ag na húdaráis inniúla a ainmníodh de bhun mhír 3 chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a leagtar síos sa Treoir seo a fheidhmiú.

Airteagal 22

Ról maoirseachta agus cumhachtaí na n-údarás inniúil

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile a ainmníodh de bhun Airteagal 21(3) gach cumhacht maoirseachta, imscrúdaitheach agus smachtbhannaí a bhfuil gá leo chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a leagtar síos sa Treoir seo a fheidhmiú, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:

(a)

an chumhacht chun údarú a dheonú nó a dhiúltú de bhun Airteagail 5 agus 6;

(b)

an chumhacht chun údarú a tharraingt siar de bhun Airteagal 8;

(c)

an chumhacht chun toirmeasc a chur ar aon ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa;

(d)

an chumhacht chun cigireachtaí ar an láthair agus cigireachtaí lasmuigh den láthair a dhéanamh;

(e)

an chumhacht chun pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha a fhorchur i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 23;

(f)

an chumhacht chun comhaontuithe seachfhoinsithe arna dtabhairt i gcrích idir seirbhíseoirí creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí creidmheasa a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 12(1);

(g)

an chumhacht chun a cheangal ar sheirbhíseoirí creidmheasa comhaltaí de chuid a n-orgán bainistíochta nó riaracháin a bhriseadh as a bpost nuair a mhainníonn siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (b), a chomhlíonadh;

(h)

an chumhacht chun a cheangal ar sheirbhíseoirí creidmheasa a socruithe rialachais inmheánaigh agus a sásraí rialaithe inmheánaigh a mhodhnú nó a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go héifeachtach go n-urramófar cearta iasachtaithe i gcomhréir leis na dlíthe lena rialaítear an comhaontú creidmheasa;

(i)

an chumhacht chun a cheangal ar sheirbhíseoirí creidmheasa a mbeartais arna nglacadh a mhodhnú nó a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go gcaitear go cothrom agus go dícheallach le hiasachtaithe, agus gearáin ó iasachtaithe a thaifeadadh agus a láimhseáil;

(j)

an chumhacht chun níos mó faisnéise a iarraidh maidir le haistriú ceart creidiúnaí faoin gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó aistriú an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a ainmníodh de bhun Airteagal 21(3) agus d’údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile, na cumhachtaí go léir is gá chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a leagtar síos sa Treoir seo a fheidhmiú.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile, trí chur chuige rioscabhunaithe a chur i bhfeidhm, meastóireacht ar an gcaoi ar chuir seirbhíseoir creidmheasa chun feidhme na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointí (e) go (h).

4.   Cinnfidh na Ballstáit raon an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 3, ag féachaint do mhéid, do chineál, do scála agus do chastacht ghníomhaíochtaí an tseirbhíseora creidmheasa lena mbaineann.

5.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, nó an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile, a chur ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta dá dtagraítear i mír 3 arna iarraidh sin ar cheann de na húdaráis inniúla sin, nó i gcás ina measann údaráis inniúla an Bhallstáit baile gurb iomchuí sin. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile mionsonraí aon phionóis riaracháin nó aon bhearta ceartaitheacha arna bhforchur a tharchur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus, i gcás inarb iomchuí, chuig údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 3 á déanamh acu, go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus an Bhallstát óstaigh, agus an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile, gach faisnéis riachtanach a mhalartú ionas gur féidir leo a bhfeidhmeanna agus a ndualgais faoi seach a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit baile a cheangal ar sheirbhíseoir creidmheasa, soláthraí seirbhísí creidmheasa nó ceannaitheoir creidmheasa nó a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19 nach gcomhlíonann ceanglais na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo na gníomhaíochtaí nó na céimeanna is gá a ghlacadh, go luath, chun na forálacha sin a chomhlíonadh.

Airteagal 23

Pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha

1.   Gan dochar do cheart na mBallstát pionóis choiriúla a leagan síos, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha lena mbunaítear pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha iomchuí a bheidh infheidhme sna cásanna seo a leanas ar a laghad:

(a)

mainníonn seirbhíseoir creidmheasa an ceanglas a leagtar amach sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 11 nó déanann sé comhaontú seachfhoinsithe lena sáraítear na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 12 nó déanann an soláthraí seirbhísí creidmheasa ar chuige a seachfhoinsíodh na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa sárú tromchúiseach ar na forálacha dlíthiúla is infheidhme, lena n--áirítear na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo;

(b)

le socruithe rialachais agus sásraí rialaithe inmheánacha seirbhíseora creidmheasa, a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (e), mainnítear cearta an iasachtaí agus comhlíonadh na rialacha maidir le sonraí pearsanta a chosaint a urramú;

(c)

níl beartas de chuid seirbhíseora creidmheasa leormhaith chun iasachtaithe a láimhseáil i gceart mar a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (f);

(d)

le nósanna imeachta inmheánacha de chuid seirbhíseora creidmheasa mar a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (g), mainnítear foráil a dhéanamh chun gearáin ó iasachtaithe a thaifeadadh agus a láimhseáil de réir na n-oibleagáidí a leagtar amach sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo;

(e)

mainníonn ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19 an fhaisnéis dá bhforáiltear i bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagail 18 agus 20 a chur in iúl a chomhlíonadh;

(f)

mainníonn ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19 ceanglas na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 17 a chomhlíonadh;

(g)

mainníonn ceannaitheoir creidmheasa ceanglas na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 19 a chomhlíonadh;

(h)

mainníonn institiúid creidmheasa an fhaisnéis a leagtar amach sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 15 a chur in iúl a chomhlíonadh;

(i)

ceadaíonn seirbhíseoir creidmheasa do dhuine amháin nó níos mó nach raibh ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (b), a bheith ina chomhalta nó ina comhalta de chuid a orgán bainistíochta nó riaracháin nó fanacht ina chomhalta nó ina comhalta dá chuid;

(j)

mainníonn seirbhíseoir creidmheasa na ceanglais a leagtar amach sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 24 a chomhlíonadh;

(k)

mainníonn ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, seirbhíseoirí creidmheasa nó aon eintiteas a luaitear faoi Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 10 a chomhlíonadh;

(l)

faigheann seirbhíseoir creidmheasa cistí ó iasachtaithe agus sealbhaíonn sé iad nuair nach gceadaítear sin i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (b);

(m)

mainníonn seirbhíseoir creidmheasa na ceanglais a leagtar amach sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 6(2) a chomhlíonadh.

2.   Beidh na pionóis riaracháin agus na bearta ceartaitheacha dá dtagraítear i mír 1 éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus cuirfear an méid seo a leanas ar a laghad san áireamh iontu:

(a)

údarú chun gníomhaíochtaí a dhéanamh mar sheirbhíseoir creidmheasa a tharraingt siar;

(b)

ordú lena gcuirtear ceangal ar sheirbhíseoir creidmheasa nó ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, ar a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19 an sárú a leigheas, scor den iompraíocht atá i gceist agus gan gabháil don iompraíocht sin arís;

(c)

pionóis riaracháin airgid.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha chun feidhme go héifeachtach.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh an cineál pionóis riaracháin nó birt cheartaithigh agus méid na bpionós riaracháin airgid á gcinneadh, go gcuirfidh na húdaráis inniúla na himthosca ábhartha san áireamh, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b)

méid freagrachta an tseirbhíseora creidmheasa nó an cheannaitheora creidmheasa nó i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19 atá freagrach as an sárú;

(c)

láidreacht airgeadais an tseirbhíseora creidmheasa nó an cheannaitheora creidmheasa atá freagrach as an sárú, lena n-áirítear trí thagairt a dhéanamh do láimhdeachas iomlán duine dhlítheanaigh nó d’ioncam bliantúil duine nádúrtha;

(d)

tábhacht an bhrabúis a fuarthas nó an chaillteanais a seachnaíodh de thoradh an tsáraithe a rinne an seirbhíseoir creidmheasa nó an ceannaitheoir creidmheasa nó i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, atá freagrach as an sárú, a mhéid is féidir na brabúis nó na caillteanais sin a chinneadh;

(e)

na caillteanais a tharla do thríú páirtithe mar gheall ar an sárú, a mhéid is féidir na caillteanais sin a chinneadh;

(f)

an méid a chomhoibríonn an seirbhíseoir creidmheasa nó an ceannaitheoir creidmheasa atá freagrach as an sárú leis na húdaráis inniúla;

(g)

sáruithe a rinne an seirbhíseoir creidmheasa nó an ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, atá freagrach as an sárú;

(h)

aon iarmhairtí sistéamacha iarbhír nó féideartha a bhaineann leis an sárú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis na húdaráis inniúla na pionóis riaracháin agus na bearta ceartaitheacha a leagtar amach i mír 2 a chur i bhfeidhm maidir le comhaltaí den orgán bainistíochta nó riaracháin agus maidir le daoine aonair eile atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit, sula ndéanfaidh siad aon chinneadh lena bhforchuirtear na pionóis riaracháin nó na bearta ceartaitheacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, go dtabharfaidh na húdaráis inniúla don seirbhíseoir creidmheasa lena mbaineann, don cheannaitheoir creidmheasa lena mbaineann nó, i gcás inarb infheidhme, dá ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, an deis éisteacht a fháil.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le haon chinneadh lena bhforchuirtear na pionóis riaracháin nó na bearta ceartaitheacha a leagtar amach i mír 2 a fhorchur, go mbeidh sé cuí-réasúnaithe agus go mbeidh sé faoi réir cead achomhairc.

8.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan rialacha a leagan síos maidir le pionóis riaracháin i gcás sáruithe atá faoi réir pionóis choiriúla faoina ndlí náisiúnta. Sa chás sin, cuirfidh na Ballstáit forálacha ábhartha an dlí choiriúil in iúl don Choimisiún.

TEIDEAL V

COIMIRCÍ AGUS AN DUALGAS COMHOIBRIÚ A DHÉANAMH

Airteagal 24

Gearáin

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh agus go gcothabhálfaidh seirbhíseoirí creidmheasa nósanna imeachta trédhearcacha éifeachtacha chun gearáin ó iasachtaithe a láimhseáil.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh seirbhíseoirí creidmheasa gearáin ó iasachtaithe a láimhseáil saor in aisce agus go dtaifeadfaidh seirbhíseoirí creidmheasa na gearáin agus na bearta a dhéantar chun aghaidh a thabhairt orthu.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh agus go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla nós imeachta maidir le gearáin ó iasachtaithe i dtaca le ceannaitheoirí creidmheasa, seirbhíseoirí creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí creidmheasa a láimhseáil, agus go láimhseálfar go pras iad tráth a gheofar iad.

Airteagal 25

Cosaint sonraí pearsanta

Déanfar próiseáil sonraí pearsanta chun críocha na Treorach seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725.

Airteagal 26

Comhar idir na húdaráis inniúla

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagail 8, 13, 14, 15, 18, 20 agus 22 i gcomhar le chéile nuair is gá chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a dhéanamh nó chun a gcumhachtaí a fheidhmiú faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo. Déanfaidh na húdaráis inniúla sin comhordú ar a ngníomhaíochtaí freisin chun dúbailt agus forluí a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint agus cumhachtaí maoirseachta agus pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha á gcur i bhfeidhm acu maidir le cásanna trasteorann.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a dhéanamh faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a sholáthar dá chéile gan moill mhíchuí, arna iarraidh sin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis an bhfaisnéis rúnda a fhaigheann na húdaráis inniúla agus iad i mbun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais faoin Treoir seo, nach n-úsáidfidh siad an fhaisnéis sin ach amháin chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a dhéanamh. Beidh an malartú faisnéise idir údaráis inniúla faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 76 de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24).

4.   Déanfaidh na Ballstáit foráil go mbeidh gach duine atá ag obair, nó a d’oibrigh, do na húdaráis inniúla agus iniúchóirí nó saineolaithe a ghníomhaíonn thar ceann na n-údarás inniúil faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

5.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta riaracháin agus eagraíochtúla is gá chun an comhar dá bhforáiltear san Airteagal seo a éascú.

6.   Éascóidh ÚBE an malartú faisnéise idir údaráis inniúla sna Ballstáit agus cuirfidh sé an comhar eatarthu chun cinn.

TEIDEAL VI

LEASUITHE

Airteagal 27

Leasuithe ar Threoir 2008/48/CE

Leasaítear Treoir 2008/48/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 11a

Faisnéis maidir le téarmaí agus coinníollacha comhaontaithe creidmheasa a mhodhnú

Gan dochar d’oibleagáidí eile dá bhforáiltear sa Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit, sula ndéanfaidh an creidiúnaí téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe creidmheasa a mhodhnú, go gcuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl don tomhaltóir:

(a)

tuairisc shoiléir ar na hathruithe atá molta agus, i gcás inarb infheidhme, ar an ngá atá le toiliú an tomhaltóra nó ar na hathruithe a tugadh isteach trí fheidhmiú an dlí;

(b)

clár ama chun na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (a) a chur chun feidhme;

(c)

na modhanna gearáin atá ar fáil don tomhaltóir maidir leis na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (a);

(d)

an tréimhse ama inar féidir aon ghearán den sórt sin a thaisceadh;

(e)

ainm agus seoladh an údaráis inniúil ar féidir leis an tomhaltóir an gearán sin a chur faoina bhráid.”;

(2)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 16a

Riaráistí agus forfheidhmiú

1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar chreidiúnaithe beartais agus nósanna imeachta leormhaithe a bheith acu ionas go ndéanfaidh siad iarrachtaí, i gcás inarb iomchuí, ar staonadh réasúnta a fheidhmiú sula dtionscnófar imeachtaí forfheidhmiúcháin. Leis na bearta staonta sin, cuirfear san áireamh, i measc gnéithe eile, imthosca an tomhaltóra agus féadfar na nithe seo a leanas, i measc féidearthachtaí eile, a bheith i gceist leo:

(a)

athmhaoiniú iomlán nó páirteach comhaontaithe creidmheasa;

(b)

modhnú ar théarmaí agus ar choinníollacha reatha comhaontaithe creidmheasa, a bhféadfaidh na nithe seo a leanas, i measc nithe eile, a bheith san áireamh ann:

(i)

síneadh a chur le téarma an chomhaontaithe creidmheasa;

(ii)

an cineál comhaontaithe creidmheasa a athrú;

(iii)

íocaíocht na haisíocaíochta tráthchoda ar fad nó cuid di a iarchur go ceann tréimhse;

(iv)

an ráta úis a athrú;

(v)

sos íocaíochta a thairiscint;

(vi)

aisíocaíochtaí páirteacha;

(vii)

comhshó airgeadra;

(viii)

maitheamh páirteach agus comhdhlúthú fiach.

2.   Ní dochar liosta na mbeart staonta féideartha a leagtar amach i mír 1, pointe (b), do na rialacha a leagtar amach sa dlí náisiúnta agus ní cheanglaítear leis ar na Ballstáit foráil a dhéanamh do na bearta sin uile ina ndlí náisiúnta.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal, i gcás ina gceadaítear don chreidiúnaí muirir a eascraíonn as an mainneachtain a shainiú agus a fhorchur ar an tomhaltóir, nach mbeidh na muirir sin níos mó ná an méid is gá chun an creidiúnaí a chúiteamh as costais a thabhaigh sé mar thoradh ar an mainneachtain.

4.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do chreidiúnaithe muirir bhreise a fhorchur ar an tomhaltóir i gcás mainneachtana. Sa chás sin, cuirfidh na Ballstáit uasteorainn ar na muirir sin.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22(1):

“1.   A mhéid atá forálacha comhchuibhithe sa Treoir seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit forálacha nach bhfuil i gcomhréir leo sin a leagtar síos sa Treoir seo a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta. Mar sin féin, ní chuirfear cosc, le hAirteagal 16a(3) agus (4), ar na Ballstáit forálacha níos déine a choinneáil ná a thabhairt isteach chun tomhaltóirí a chosaint.”.

Airteagal 28

Leasuithe ar Threoir 2014/17/AE

Leasaítear Treoir 2014/17/AE mar a leanas:

(1)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 27a

Faisnéis maidir le téarmaí agus coinníollacha comhaontaithe creidmheasa a mhodhnú

Gan dochar d’oibleagáidí eile dá bhforáiltear sa Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit, sula ndéanfaidh an creidiúnaí téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe creidmheasa a mhodhnú, go gcuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl don tomhaltóir:

(a)

tuairisc shoiléir ar na hathruithe atá molta agus, i gcás inarb infheidhme, ar an ngá atá le toiliú an tomhaltóra nó ar na hathruithe a tugadh isteach trí fheidhmiú an dlí;

(b)

clár ama chun na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (a) a chur chun feidhme;

(c)

na modhanna gearáin atá ar fáil don tomhaltóir maidir leis na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (a);

(d)

an tréimhse ama inar féidir aon ghearán den sórt sin a thaisceadh;

(e)

ainm agus seoladh an údaráis inniúil ar féidir leis an tomhaltóir an gearán sin a chur faoina bhráid.”;

(2)

leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar chreidiúnaithe beartais agus nósanna imeachta leormhaithe a bheith acu ionas go ndéanfaidh siad iarrachtaí, i gcás inarb iomchuí, ar staonadh réasúnta a fheidhmiú sula dtionscnófar imeachtaí foriaimh. Leis na bearta staonta sin, cuirfear san áireamh, i measc gnéithe eile, imthosca an tomhaltóra agus féadfar na nithe seo a leanas, i measc féidearthachtaí eile, a bheith i gceist leo:

(a)

athmhaoiniú iomlán nó páirteach comhaontaithe creidmheasa;

(b)

modhnú ar théarmaí agus ar choinníollacha reatha comhaontaithe creidmheasa, a bhféadfaidh na nithe seo a leanas, i measc nithe eile, a bheith san áireamh ann:

(i)

síneadh a chur le téarma an chomhaontaithe creidmheasa;

(ii)

an cineál comhaontaithe creidmheasa a athrú;

(iii)

íocaíocht na haisíocaíochta tráthchoda ar fad nó cuid di a iarchur go ceann tréimhse;

(iv)

an ráta úis a athrú;

(v)

sos íocaíochta a thairiscint;

(vi)

aisíocaíochtaí páirteacha;

(vii)

comhshó airgeadra;

(viii)

maitheamh páirteach agus comhdhlúthú fiach.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Ní dochar liosta na mbeart staonta féideartha a leagtar amach i mír 1, pointe (b), do na rialacha a leagtar amach sa dlí náisiúnta agus ní cheanglaítear leis ar na Ballstáit foráil a dhéanamh do na bearta sin uile ina ndlí náisiúnta.”;

(3)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 28a

Cearta an chreidiúnaí nó an comhaontú creidmheasa féin a shannadh

1.   I gcás ina sannfar cearta an chreidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó an comhaontú creidmheasa féin, do thríú páirtí, beidh an tomhaltóir i dteideal aon chosaint a bhí ar fáil ag an tomhaltóir i gcoinne an chreidiúnaí bunaidh a phléadáil i gcoinne an tsannaí, lena n-áirítear fritháireamh i gcás inar ceadmhach sin sa Bhallstát lena mbaineann.

2.   Cuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoi shannadh dá dtagraítear i mír 1, ach amháin i gcás ina leanfaidh an creidiúnaí bunaidh, trí chomhaontú leis an sannaí, den chreidmheas a sheirbhísiú i leith an tomhaltóra.”.

TEIDEAL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 29

Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 30

Meastóireacht

1.   Faoin 29 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus tíolacfaidh sé tuarascáil maidir leis na príomhchinntí do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Is é a bheidh sa mheastóireacht an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

líon na seirbhíseoirí creidmheasa údaraithe san Aontas agus líon na seirbhíseoirí creidmheasa a sholáthraíonn a seirbhísí i mBallstát óstach;

(b)

líon na gceart creidiúnaithe faoi chomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha nó líon na gcomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha a cheannaíonn ceannaitheoirí creidmheasa ó institiúidí creidmheasa a bhfuil sainchónaí orthu nó a bhfuil a n-oifig chláraithe nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe acu faoina ndlí náisiúnta, a gceannoifig sa Bhallstát céanna leis an institiúid creidmheasa, nó i mBallstát eile seachas Ballstát na hinstitiúide creidmheasa, nó lasmuigh den Aontas;

(c)

measúnú ar an riosca reatha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a dhéanann seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa;

(d)

measúnú ar an gcomhar idir na húdaráis inniúla faoi Airteagal 26;

2.   I gcás ina dtiocfaidh fadhbanna suntasacha chun cinn maidir le feidhmiú na Treorach seo de bharr na meastóireachta, leagfar amach sa tuarascáil an chaoi a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh, lena n-áirítear bearta agus tráthchlár don athbhreithniú ionchasach.

Airteagal 31

Clásal athbhreithnithe

Gan dochar do shainchumais reachtacha Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, faoin 29 Nollaig 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an méid seo a leanas faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle:

(a)

leormhaitheas an chreata rialála maidir le tabhairt isteach féideartha uasteorainneacha ar mhuirir arna dtabhú i gcás na mainneachtana is infheidhme maidir le comhaontuithe creidmheasa arna dtabhairt i gcrích leis na bpáirtithe seo a leanas:

(i)

daoine nádúrtha chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó nó gairm na ndaoine nádúrtha sin;

(ii)

FBManna, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;

(iii)

aon iasachtaí, ar choinníoll go bhfuil an creidmheas ráthaithe ag duine nádúrtha nó go bhfuil sé urraithe le sócmhainní nó le maoin ar leis an duine nádúrtha sin iad nó í;

(b)

gnéithe ábhartha de chomhaontuithe creidmheasa, lena n-áirítear bearta staonta féideartha, arna dtabhairt i gcrích leis na páirtithe seo a leanas:

(i)

daoine nádúrtha chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó nó gairm na ndaoine nádúrtha sin;

(ii)

FBManna, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;

(iii)

aon iasachtaí, ar choinníoll go bhfuil an creidmheas ráthaithe ag duine nádúrtha nó go bhfuil sé urraithe le sócmhainní nó le maoin ar leis an duine nádúrtha sin iad nó í;

(c)

an gá atá le caighdeáin theicniúla cur chun feidhme nó rialála nó modhanna eile iomchuí a fhorbairt chun formáidí coiteanna tuairiscithe a thabhairt isteach le haghaidh cumarsáid le hiasachtaithe faoi Airteagal 10(2) agus maidir le bearta staonta, agus a indéanta atá sé na caighdeáin agus na modhanna sin a fhorbairt.

I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad mhír.

Airteagal 32

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 29 Nollaig 2023. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

2.   Cuirfidh siad na forálacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm ón 30 Nollaig 2023.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, eintitis atá i mbun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa cheana féin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an 30 Nollaig 2023, ceadófar dóibh leanúint de na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa sin a dhéanamh ina mBallstát baile go dtí an 29 Meitheamh 2024 nó go dtí an dáta a bhfaighidh siad údarú i gcomhréir leis an Treoir seo, cibé acu is túisce.

Ballstáit a bhfuil córais i bhfeidhm acu cheana atá comhionann leis na córais a bhunaítear leis an Treoir seo le haghaidh gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa, nó atá níos déine ná iad sin, féadfaidh siad cead a thabhairt d’eintitis atá i mbun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa cheana féin faoi na córais sin an 30 Nollaig 2023 a bheith aitheanta go huathoibríoch mar sheirbhíseoirí creidmheasa údaraithe leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo.

3.   Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha dá dtagraítear i mír 1, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

4.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 34

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, 24 Samhain 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 444, 10.12.2018, lch. 15.

(2)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 43.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Samhain 2021.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2019/630 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le cumhdach caillteanais íosta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha (IO L 111, 25.4.2019, lch. 4).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(10)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

(11)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).

(12)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“an Treoir maidir le Cleachtais Trádála Éagóracha”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(13)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(14)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(15)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(16)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(18)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(19)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(20)  Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).

(21)  Treoir 98/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 chun cleachtas ghairm an dlíodóra ar bhonn buan i mBallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuarthas an cháilíocht a éascú (IO L 77, 14.3.1998, lch. 36).

(22)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(23)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(24)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).