2.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 277/137


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2021/1269 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Aibreán 2021

lena leasaítear Treoir Tharmligthe (AE) 2017/593 a mhéid a bhaineann le tosca inbhuanaitheachta a chomhtháthú sna hoibleagáidí um rialachas táirgí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (1), agus go háirithe Airteagal 16(12), agus Airteagal 24(13) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá níos inbhuanaithe, níos tíosaí ar acmhainní agus níos ciorclaí i gcomhréir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ríthábhachtach chun iomaíochas fadtéarmach gheilleagar an Aontais a áirithiú. In 2016, thug an tAontas Comhaontú Pháras i gcrích (2). Faoi Airteagal 2(1), pointe (c) de Chomhaontú Pháras, leagtar síos an cuspóir chun neartú a dhéanamh ar an bhfreagairt don athrú aeráide, i measc modhanna eile, trína áirithiú go mbeidh sreafaí airgeadais comhsheasmhach le bealach i dtreo astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa agus le forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de.

(2)

Ag aithint dó an dúshlán sin, thíolaic an Coimisiún an Comhaontú Glas don Eoraip (3) i mí na Nollag 2019. Is straitéis nua fáis é an Comhaontú Glas don Eoraip arb é is aidhm dó an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir agus rathúil, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha agus iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de, nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann feasta faoi 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Éilítear leis an gcuspóir sin go dtabharfar comharthaí soiléire d’infheisteoirí maidir lena n-infheistíochtaí chun sócmhainní tréigthe a sheachaint agus maoiniú inbhuanaithe a thiomsú.

(3)

I mí an Mhárta 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún a Phlean Gníomhaíochta i dtaca le “Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú” (4) lena gcuirtear straitéis uaillmhianach chuimsitheach ar bun maidir le maoiniú inbhuanaithe. Ceann de na cuspóirí a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta sin is ea sreafaí caipitil a atreorú chuig infheistíocht inbhuanaithe chun fás inbhuanaithe cuimsitheach a bhaint amach.

(4)

Trí chur chun feidhme cuí an Phlean Gníomhaíochta, spreagtar éileamh na n-infheisteoirí ar infheistíochtaí inbhuanaithe. Is gá dá bhrí sin a shoiléiriú gur cheart tosca inbhuanaitheachta agus cuspóirí a bhaineann le hinbhuanaitheacht a bhreithniú de réir na gceanglas rialachais táirgí atá leagtha síos i dTreoir Tharmligthe (AE) 2017/593 ón gCoimisiún (5).

(5)

Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a mhonaraíonn agus a dháileann ionstraimí airgeadais tosca inbhuanaitheachta a chur san áireamh sa phróiseas chun táirgí a fhormheas i gcás gach ionstraime airgeadais agus sna socruithe eile maidir le rialachas agus maoirseacht táirgí le haghaidh gach ionstraime airgeadais atá beartaithe a dháileadh ar chliaint atá ag lorg ionstraimí airgeadais a bhfuil próifíl a bhaineann leis an inbhuanaitheacht acu.

(6)

Ós rud é gur cheart an spriocmhargadh a shocrú ar leibhéal mionsonraithe leordhóthanach, níor cheart gur leor ráiteas ginearálta go bhfuil próifíl a bhaineann le hinbhuanaitheacht ag ionstraim airgeadais. Seachas sin ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a mhonaraíonn agus a dháileann ionstraimí airgeadais an grúpa cliant a bhfuil cuspóirí inbhuanaitheachta acu a bhfuil an ionstraim airgeadais ceaptha le bheith dáilte orthu a shonrú.

(7)

Chun a áirithiú gur féidir le cliaint nach bhfuil sainroghanna inbhuanaitheachta acu teacht go réidh freisin ar ionstraimí airgeadais lena mbaineann tosca inbhuanaitheachta, níor cheart a cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta grúpaí cliant a shainaithint a bhfuil an ionstraim airgeadais lena mbaineann tosca inbhuanaitheachta neamhoiriúnach dá riachtanais, dá saintréithe ná dá gcuspóirí.

(8)

Ba cheart tosca inbhuanaitheachta ionstraime airgeadais a chur i láthair ar bhealach trédhearcach chun a chur ar chumas an dáileora an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil dá chliaint nó dá chliaint fhéideartha.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir Tharmligthe (AE) 2017/593 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir Tharmligthe (AE) 2017/593

Leasaítear Treoir Tharmligthe (AE) 2017/593 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear mír 5 leis mar seo a leanas:

“5.   ciallaíonn ‘tosca inbhuanaitheachta’ tosca inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24) de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

(*1)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht in earnáil na seirbhísí airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).”;"

(2)

Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

i mír 9, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad na chéad fhomhíre:

“9.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta an spriocmhargadh a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh gach ionstraime airgeadais a shainaithint ar leibhéal mionsonraithe leordhóthanach agus na cineálacha cliant a shonrú a bhfuil an ionstraim airgeadais comhoiriúnach lena riachtanais, a shaintréithe agus lena chuspóirí, lena n-áirítear aon chuspóirí a bhaineann leis an inbhuanaitheacht. Mar chuid den phróiseas sin, sainaithneoidh an gnólacht aon ghrúpa cliant nach bhfuil an ionstraim airgeadais comhoiriúnach dá riachtanais, dá saintréithe ná dá gcuspóirí seachas i gcás ina gcuirtear tosca inbhuanaitheachta san áireamh leis na hionstraimí airgeadais. I gcás ina gcomhoibríonn gnólachtaí infheistíochta chun ionstraim airgeadais a mhonarú, ní gá ach spriocmhargadh amháin a shainaithint.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:

“11.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta a chinneadh an gcomhlíontar riachtanais, saintréithe agus cuspóirí sainaitheanta an spriocmhargaidh le hionstraim airgeadais, lena n-áirítear trí iniúchadh a dhéanamh ar na gnéithe seo a leanas:

(a)

tá próifíl riosca/luaíochta na hionstraime airgeadais comhsheasmhach leis an spriocmhargadh;

(b)

tá tosca inbhuanaitheachta na hionstraime airgeadais, i gcás inarb ábhartha, comhsheasmhach leis an spriocmhargadh;

(c)

tá dearadh na hionstraime airgeadais bunaithe ar ghnéithe a théann chun tairbhe an chliaint seachas samhail ghnó atá ag brath ar dhrochthorthaí cliant le bheith brabúsach.”;

(c)

i mír 13, cuirtear an dara fomhír seo a leanas isteach:

“Déanfar tosca inbhuanaitheachta na hionstraime airgeadais a chur i láthair ar bhealach trédhearcach agus an fhaisnéis ábhartha a sholáthar do dháileoirí chun aird chuí a thabhairt ar aon chuspóir inbhuanaitheachta lena mbaineann de chuid an chliaint nó de chuid an chliaint ionchasaigh.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 14:

“14.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta athbhreithniú a dhéanamh ar na hionstraimí airgeadais a mhonaraíonn siad ar bhonn rialta, agus aon teagmhas a d’fhéadfadh difear ábhartha a dhéanamh i leith an riosca fhéideartha don spriocmhargadh sainaitheanta á chur san áireamh. Measfaidh gnólachtaí infheistíochta an bhfuil an ionstraim airgeadais comhsheasmhach i gcónaí le riachtanais, tréithe agus cuspóirí an spriocmhargaidh, lena n-áirítear aon chuspóirí a bhaineann le hinbhuanaitheacht, agus an ndáiltear é ar an spriocmhargadh, nó an ndáiltear é ar chliaint a bhfuil a riachtanais, a saintréithe agus a gcuspóirí neamhoiriúnach don ionstraim airgeadais.”;

(3)

Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad na chéad fhomhíre:

“2.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta socruithe leordhóthanacha maidir le rialachas táirgí a bheith i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfuil na táirgí agus na seirbhísí atá beartaithe acu a thairiscint nó a mholadh ag luí le riachtanais, saintréithe, agus cuspóirí, lena n-áirítear aon chuspóir a bhaineann le hinbhuanaitheacht, atá ag spriocmhargadh sainaitheanta agus go mbeidh an straitéis dáilte atá beartaithe comhsheasmhach leis an spriocmhargadh sainaitheanta. Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta cúinsí agus riachtanais na gcliant a bhfuil sé beartaithe acu díriú orthu a shainaithint agus a mheasúnú go hiomchuí chun a áirithiú nach gcuirfear leasanna na gcliant i mbaol mar thoradh ar bhrúnna tráchtála nó cistiúcháin. Mar chuid den phróiseas sin, sainaithneoidh gnólachtaí infheistíochta aon ghrúpa cliant nach bhfuil an táirge nó an tseirbhís comhoiriúnach dá riachtanais, dá saintréithe agus dá gcuspóirí seachas i gcás ina gcuirtear tosca inbhuanaitheachta san áireamh leis na hionstraimí airgeadais.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta athbhreithniú a dhéanamh ar na táirgí infheistíochta a thairgeann siad nó a mholann siad agus ar na seirbhísí a sholáthraíonn siad ar bhonn rialta, agus aon teagmhas a d’fhéadfadh difear ábhartha a dhéanamh i leith an riosca don spriocmhargadh aitheanta á chur san áireamh. Déanfaidh gnólachtaí, ar a laghad, measúnú an bhfuil an táirge nó an tseirbhís fós i gcomhréir leis na riachtanais, na saintréithe agus na cuspóirí, lena n-áirítear aon chuspóir a bhaineann le hinbhuanaitheacht, atá ag an spriocmhargadh sainaitheanta agus an bhfuil an straitéis dáilte atá beartaithe fós iomchuí. Déanfaidh gnólachtaí athmhachnamh ar an spriocmhargadh agus/nó nuashonróidh siad na socruithe maidir le rialachas táirgí má thagann siad ar an eolas gur shainaithin siad go mícheart an spriocmhargadh le haghaidh táirge nó seirbhíse ar leith nó nach gcomhlíonann an táirge nó an tseirbhís cúinsí an spriocmhargaidh shainaitheanta a thuilleadh, amhail cásanna ina n-éiríonn an táirge neamhleachtach nó an-luaineach de dheasca athruithe ar an margadh.”.

Airteagal 2

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 21 Lúnasa 2022 ar a dhéanaí, is é sin, na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 22 Samhain 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.

(2)  Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).

(3)  COM(2019) 640 final.

(4)  COM(2018) 97 final.

(5)  Treoir Tharmligthe (AE) 2017/593 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hionstraimí airgeadais agus cistí ar le cliaint iad a chosaint, oibleagáidí um rialachas táirgí agus na rialacha is infheidhme maidir le táillí, coimisiúin nó tairbhí airgeadaíochta nó neamhairgeadaíochta ar bith a sholáthar nó a fháil (IO L 87, 31.3.2017, lch. 500).