11.7.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

80


TREOIR (AE) 2019/1151 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le húsáid uirlisí agus próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(1) agus pointí (b), (c), (f) agus (g) d’Airteagal 50(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I dTreoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) leagtar síos inter alia na rialacha maidir le nochtadh agus le hidirnascadh na gclár lárnach, tráchtála agus cuideachtaí de chuid na mBallstát.

(2)

Ceann de na réamhriachtanais chun margadh inmheánach iomaíoch a fheidhmiú go héifeachtach, a nuachóiriú, agus a chuíchóiriú ó thaobh riaracháin agus chun iomaíochas agus iontaofacht cuideachtaí a áirithiú ná úsáid uirlisí digiteacha agus próiseas digiteach chun gur fusa gníomhaíocht eacnamaíoch a thionscnamh, chun dlús a chur léi agus chun í a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí ó thaobh ama agus costais trí chuideachta a chur ar bun nó trí bhrainse de chuid na cuideachta sin a oscailt i mBallstát eile, agus chun faisnéis chuimsitheach agus inrochtana a sholáthar maidir le cuideachtaí.

(3)

Is den riachtanas é timpeallacht dhlíthiúil agus riaracháin a áirithiú atá in ann do na dúshláin shóisialta agus eacnamaíocha nua a bhaineann leis an domhandú agus leis an digitiú, chun, ar lámh amháin, na coimircí riachtanacha a sholáthar in aghaidh na mí-úsáide agus na calaoise agus, ar an lámh eile, cuspóirí a shaothrú amhail an fás eacnamaíoch a chur chun cinn, poist a chruthú agus infheistíocht a mhealladh chuig an Aontas, a mbeadh mar thoradh orthu go léir go mbeadh tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta ann don tsochaí trí chéile.

(4)

Faoi láthair, tá éagsúlachtaí suntasacha idir Ballstáit ó thaobh uirlisí ar líne a bheith ar fáil lena gceadaítear d’fhiontraithe agus do chuideachtaí cumarsáid a dhéanamh le húdaráis maidir le nithe a bhaineann le dlí na gcuideachtaí. Tá éagsúlacht ann ó Bhallstát go Ballstát maidir le seirbhísí ríomhrialtais. Soláthraíonn roinnt de na Ballstáit seirbhisí cuimsitheacha, atá so-úsáidte, agus atá ar fad ar fáil ar líne, ach, os a choinne sin, níl cinn eile in ann réitigh ar líne a sholáthar ag mórchéimeanna áirithe de shaolré comhlachta. Mar shampla, ní cheadaíonn roinnt Ballstát cuideachtaí a chlárú nó athruithe ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis a chomhdú leis an gclár ach má dhéantar an méid sin i bpearsa, ceadaíonn roinnt díobh na gníomhartha sin a dhéanamh i bpearsa nó ar líne, agus i mBallstáit eile, ní féidir iad a dhéanamh ach ar líne.

(5)

Thairis sin, maidir le rochtain ar fhaisnéis chuideachta, ordaítear le dlí an Aontais gur gá tacar íosta sonraí a sholáthar saor in aisce i gcónaí. Tá raon feidhme na faisnéise sin fós teoranta, áfach. Tá éagsúlacht ann maidir leis an rochtain ar fhaisnéis den sórt sin, agus níos mó faisnéise á cur ar fáil saor in aisce i roinnt Ballstát ná i gcinn eile, agus, dá thoradh sin, tá míchothromaíocht san Aontas.

(6)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún A Digital Single Market Strategy for Europe (“Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip”) agus sa Teachtaireacht uaidh EU e-Government Action Plan 2016-2020: Accelerating the digital transformation of government (“Plean Gníomhaíochta AE maidir le ríomh-Rialtas 2016-2020: Dlús a chur le claochlú digiteach rialtais”), cuireadh béim ar ról údarás poiblí i gcuidiú le gnólachtaí a gcuid gníomhaíochtaí a chur ar bun gan stró, oibriú ar líne agus leathnú amach thar theorainneacha. Aithnítear go sonrach i bPlean Gníomhaíochta AE maidir le ríomh-Rialtas an tábhacht a bhaineann le feabhas a chur ar úsáid uirlisí digiteacha agus ceanglais a bhaineann le dlí na gcuideachtaí á gcomhlíonadh. De bhreis air sin, d’iarr na Ballstáit sa Tallinn Declaration on eGovernment (“Dearbhú Thaillinn maidir le ríomh-Rialtas”) an 6 Deireadh Fómhair 2017 go gcuirfí dlús le hiarrachtaí ar nósanna imeachta leictreonacha atá éifeachtúil agus úsáideoir-lárnach a sholáthar san Aontas.

(7)

I Meitheamh 2017, idirnascadh na gclár lárnach, tráchtála agus cuideachtaí de chuid na mBallstát, rud a éascaíonn rochtain trasteorann ar fhaisnéis faoi chuideachta go mór san Aontas agus a chuireann ar chumas clár sna Ballstáit cumarsáid a dhéanamh go leictreonach le chéile i ndáil le hoibríochtaí trasteorann áirithe a dhéanann difear do chuideachtaí.

(8)

Chun foirmiú cuideachtaí agus clárú brainsí a éascú agus chun na costais, an t-am agus na hualaí riaracháin a bhaineann leis na próisis sin a laghdú, go háirithe i ndáil le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”) mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (4), ba cheart nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun go bhféadfar foirmiú cuideachtaí agus clárú brainsí a dhéanamh go hiomlán ar líne. Níor cheart, leis an Treoir seo, go gcuirfí de cheangal ar chuideachtaí na nósanna imeachta sin a úsáid. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, áfach, cinneadh a dhéanamh i dtaca le roinnt nósanna imeachta ar líne, nó gach nós imeachta ar líne, a dhéanamh éigeantach. Ní ó tháillí riaracháin a ghearrtar as cuideachta a chur ar fhoirmiú nó brainse a chlárú amháin a dhíorthaíonn na costais agus na hualaí reatha a bhaineann le nósanna imeachta formáidiú agus clárúcháin sin, ach ó cheanglais eile freisin, rud a fhágann go mbíonn níos mó ama de dhíth chun an próiseas a chur i gcrích, go háirithe nuair atá gá le láithreacht fhisiciúil an iarratasóra. Ina theannta sin, ba cheart faisnéis faoi nósanna imeachta den sórt sin a chur ar fáil saor in aisce agus ar líne.

(9)

I Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), lena mbunaítear an Tairseach Aonair Dhigiteach, déantar foráil maidir le rialacha ginearálta i ndáil le faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh atá ábhartha i leith feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a sholáthar ar líne. Sa Treoir seo, leagtar síos rialacha sonracha a bhaineann le cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta a fhoirmiú ar líne, le brainsí a chlárú augs le doiciméid agus faisnéis a chomhdú ag cuideachtaí agus brainsí (“nósanna imeachta ar líne”), nach gcumhdaítear leis an Rialachán sin. Go háirithe, ba cheart go soláthródh na Ballstáit faisnéis shonrach maidir leis na nósanna imeachta ar líne dá bhforáiltear sa Treoir seo chomh maith le samhail-ionstraimí comhdhéanaimh (“teimpléid”) ar shuíomhanna gréasáin inrochtana tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach.

(10)

Dá bhféadfaí cuideachtaí a fhoirmiú agus brainsí a chlárú go hiomlán ar líne agus doiciméid agus faisnéis a chomhdú go hiomlán ar líne, bheadh cuideachtaí in ann uirlisí digiteacha a úsáid agus teagmhálacha á ndéanamh acu le húdaráis inniúla de chuid na mBallstát. Chun iontaoibh a fheabhsú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ríomh-shainaitheantas slán agus úsáid seirbhísí iontaoibhe indéanta i gcás úsáideoirí náisiúnta agus úsáideoirí trasteorann i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. De bhreis air sin, chun ríomh-shainaitheantas trasteorann a chumasú, ba cheart do na Ballstáit scéimeanna ríomh-shainaitheantais a chur ar bun lena ndéanfar foráil maidir le modhanna ríomh-shainaitheantais údaraithe. D’úsáidfí na scéimeanna náisiúnta sin mar bhonn chun modhanna ríomh-shainaitheantais a aithint arna n-eisiúint i mBallstát eile. Chun ardleibhéal iontaoibhe a áirithiú i gcásanna trasteorann, níor cheart ach modhanna ríomh-shainaitheantais a chomhlíonann Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a aithint. In aon chás, leis an Treoir seo, níor cheart a cheangal ar na Ballstáit ach clárú ar líne cuideachtaí agus a mbrainsí a chumasú agus leomhadh d’iarratasóirí ar saoránaigh de chuid an Aontais iad comhdú a dhéanamh ar líne trína meáin ríomh-shainaitheantais a aithint. Ba cheart do na Ballstáit a chinneadh cén chaoi a gcuirtear na modhanna sainaitheantais a aithníonn siad ar fáil go poiblí, lena n-áirítear iadsan nach dtagann faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

(11)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit saor chun a chinneadh cé hiad na daoine a meastar faoin dlí náisiúnta ar iarratasóirí iad i ndáil le nósanna imeachta ar líne ar choinníoll nach gcuireann sé sin teorainn le raon feidhme agus le cuspóir na Treorach seo.

(12)

Chun éascú a dhéanamh ar nósanna imeachta ar líne do chuideachtaí, ba cheart go n-áiritheofaí le cláir na mBallstát go mbeadh na rialacha i leith táillí is infheidhme maidir leis na nósanna imeachta ar líne dá bhforáiltear sa Treoir seo agus go mbeidís trédhearcach agus curtha i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach. Níor cheart gur dochar do shaoirse chonarthach, áfach, an ceanglas go mbeadh na rialacha maidir le táillí trédhearcach, i gcás inarb infheidhme, idir na hiarratasóirí agus na daoine a chuidíonn leo in aon chuid den fhoirmiú ar líne nó de na nósanna imeachta comhdúcháin, lena n-áirítear an tsaoirse praghas iomchuí a chaibidliú le haghaidh na seirbhísí sin.

(13)

Maidir le táillí a bhaineann le nósanna imeachta ar líne, lena n-áirítear na táillí a ghearrfar leis na cláir, ba cheart iad a ríomh bunaithe ar chostais na seirbhísí lena mbaineann. D’fhéadfadh táillí den sórt sin, inter alia, costais a chumhdach a bheadh ag baint le mionseirbhísí a cuireadh ar fáil saor in aisce. Agus méid an chostais á ríomh acu, ba cheart go mbeadh na Ballstáit i dteideal gach costas a bhaineann le nósanna imeachta ar líne a dhéanamh a chur san áireamh, lena n-áirítear sciar na bhforchostas a d’fhéadfaí a chur ina leith sin. Thairis sin ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit muirir ag ráta comhréidh a fhorchur agus méid chostas na táillí sin a shocrú ar feadh tréimhse éiginnte, ar choinníoll go ndéanann sé seiceáil ag eatraimh rialta nach dtéann táillí den sórt sin thar an meánchostas ar na seirbhísí atá i gceist. Aon táillí le haghaidh nósanna imeachta ar líne a ghearrfar leis na cláir sna Ballstáit, níor cheart go rachaidís thar an gcostas aisghabhála ar na seirbhísí sin a sholáthar. Thairis sin, i gcás ina mbeadh íocaíocht i gceist le cur i gcrích an nós imeachta, ba cheart go bhféadfaí an íocaíocht a dhéanamh trí sheirbhísí íocaíochta trasteorann atá ar fáil go forleathan, amhail cártaí creidmheasa agus aistrithe bainc.

(14)

Ina theannta sin, ba cheart go gcuideodh na Ballstáit daoine atá ag iarraidh cuideachta a fhoirmiú nó brainse a bhunú trí fhaisnéis áirithe a sholáthar tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach agus, i gcás inarb infheidhme, ar an Tairseach don r-Cheartais, ar bhealach beacht agus éasca le húsáid, i ndáil le nósanna imeachta agus ceanglais maidir le foirmiú agus comhdúchán le haghaidh cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta, brainsí a fhoirmiú, agus doiciméid agus faisnéis a chomhdú, rialacha a bhaineann le dícháiliú stiúrthóirí agus cur síos ar chumhachtaí agus ar fhreagrachtaí chomhalta de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta cuideachta.

(15)

Ba cheart an deis a bheith ann cuideachtaí a fhoirmiú agus go hiomlán ar líne. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit, áfach, teorainn a chur le foirmiú ar líne cineálacha áirithe cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta, mar a shonraítear sa Treoir seo, mar gheall ar an gcastacht a bhaineann le foirmiú cineálacha eile cuideachtaí i ndlí náisiúnta. In aon chás, ba cheart do na Ballstáit rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le foirmiú cuideachtaí ar líne. Ba cheart go mbeadh sé indéanta foirmiú ar líne a dhéanamh trí dhoiciméid nó faisnéis a chur isteach i bhfoirm leictreonach, gan dochar do cheanglais na mBallstát maidir le hionchorprú ábhartha agus le nósanna imeachta a leagtar síos leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear na ceanglais sin a bhaineann le nósanna imeachta dlíthiúla maidir le hionstraimí comhdhéanaimh a tharraingt suas, agus le barántúlacht, beaichte, inchreidteacht, iontaofacht agus foirm iomchuí dhlíthiúil na ndoiciméad nó na faisnéise a chuirtear isteach. Níor cheart go ndéanfadh na ceanglais ábhartha agus na ceanglais nós imeachta sin nósanna imeachta ar líne dodhéanta áfach, go háirithe cuideachta a fhoirmiú agus brainse a chlárú ar líne. I gcásanna nach mbeadh sé indéanta go teicniúil cóipeanna leictreonacha de dhoiciméid a fháil, ar cóipeanna iad a chomhlíonann ceanglais na mBallstát, d’fhéadfaí, go heisceachtúil, go n-éileofaí doiciméid i bhfoirm páipéir.

(16)

I gcásanna inar comhlíonadh gach foirmiúlacht is gá maidir le cuideachta a fhoirmiú ar líne, lena n-áirítear an ceanglas maidir le cuideachta a chur ar fáil i gceart na doiciméid agus an fhaisnéis go léir, ba cheart go dtarlódh foirmiú cuideachtaí ar líne go gasta os comhair aon údarás, aon duine nó aon chomhlachtaí atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné de na nósanna imeachta ar líne. I gcásanna ina bhfuil amhras ann, áfach, faoi chomhlíonadh na bhfoirmiúlachtaí riachtanacha, lena n-áirítear maidir le sainaitheantas an iarratasóra, dlíthiúlacht ainm na cuideachta, dícháiliú stiúrthóra nó go gcomhlíonfadh aon fhaisnéis nó aon doiciméad ceanglais dhlithiúla, nó i gcásanna ina bhfuil drochamhras ann faoi chalaois nó faoi mhí-úsáid, féadfaidh níos mó ama a bheith i gceist leis an bhfoirmiú ar líne agus níor cheart go gcuirfí tús leis an spriocdháta le haghaidh na n-údarás go dtí go mbeadh na foirmiúlachtaí sin comhlíonta. In aon chás, murar féidir an nós imeachta a thabhairt i gcrích faoin spriocdháta, ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit go dtugtar fógra don iarratasóir maidir leis na cúiseanna leis an moill.

(17)

Chun go bhféadfar cuideachta a fhoirmiú ar líne nó brainse a chlárú ar líne go tráthúil, níor cheart do na Ballstáit é a chur de choinníoll le foirmiú cuideachta nó clárú brainse ar líne go bhfaighfear aon cheadúnas nó údarú sula bhféadfar foirmiú cuideachta nó clárú brainse a chur i gcrích ach amháin i gcás ina leagtar síos é sa dlí náisiúnta chun rialú cuí gníomhaíochtaí áirithe a áirithiú. Tar éis foirmiú nó clárú a dhéanamh, ba cheart rialáil a dhéanamh leis an dlí náisiúnta ar na cásanna nach bhféadfaidh cuideachtaí nó brainsí gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh gan ceadúnas ná údarú a fháil.

(18)

Chun cúnamh a thabhairt do ghnólachtaí, go háirithe FMBanna, a ngnó a chur ar bun, ba cheart an deis a bheith ann cuideachta phríobháideach faoi dhliteanas teoranta a fhoirmiú trí theimpléid a úsáid ar samhailionstraimí comhdhéanaimh iad ba cheart a bheith ar fáil ar líne. Ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit go bhféadfaí teimpléid den sórt sin a úsáid le haghaidh foirmiú cuideachta ar líne, agus dá bhrí sin ba cheart go mbeidís saor a luach dlíthiúil a chinneadh. Féadfar tacar roghanna réamhshainithe a bheith sna teimpléid sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart do na hiarratasóirí a bheith in ann rogha a dhéanamh idir teimpléid a úsáid nó cuideachta a fhoirmiú trí ionstraimí comhdhéanaimh saincheaptha a úsáid agus ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit teimpléid a sholáthar do chineálacha eile cuideachtaí freisin.

(19)

Chun déanamh de réir na dtraidisiún atá ag na Ballstáit cheana i leith dhlí na gcuideachtaí, is gá solúbthacht a bheith ann maidir leis an modh ina n-áiritheoidh siad córas iomlán ar líne chun foirmiú cuideachtaí agus clárú brainsí, mar aon le comhdú doiciméad agus faisnéise, lena n-áirítear i ndáil leis an ról atá ag nótairí nó dlíodóirí in aon chuid de na nósanna imeachta ar líne den sórt sin. Maidir le nithe a bhaineann le nósanna imeachta, nach ndéantar iad a rialáil sa Treoir seo, ba cheart iad a rialáil leis an dlí náisiúnta.

(20)

De bhreis air sin, chun dul i ngleic le calaois, le sciúradh airgid agus le fuadach cuideachta agus chun coimircí a sholáthar d’iontaofacht agus d’inchreidteacht doiciméad agus faisnéise atá sna cláir náisiúnta, ba cheart a áireamh freisin sna forálacha maidir le nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Treoir seo rialuithe dlíthiúlachta maidir le sainaitheantas agus le hinniúlacht dhlíthiúil daoine atá ag iarraidh cuideachta a fhoirmiú nó brainse a chlárú nó doiciméid nó faisnéis a chomhdú ar líne. D’fhéadfadh na rialuithe sin a bheith mar chuid de sheiceáil dlíthiúlachta arna héileamh ag roinnt de na Ballstáit. Maidir leis na meáin agus na modhanna chun na rialuithe sin a dhéanamh, áfach, ba cheart é a bheith faoi na Ballstáit iad a fhorbairt agus a ghlacadh. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rannpháirtíocht nótairí nó dlíodóirí a éileamh in aon chuid de nósanna imeachta ar líne. Níor cheart, áfach, an rannpháirtíocht sin a bheith ina cosc ar an nós imeachta a chur i gcrích go hiomlán ar líne.

(21)

I gcás ina bhfuil údar cuí leis mar gheall ar an leas poiblí chun cosc a chur ar mhí-úsáid nó athrú sainaitheantais, nó chun a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha maidir le hinniúlacht dhlíthiúil agus údarás an iarratasóra a bheith ina n-ionadaithe do chuideachta ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit bearta a ghlacadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, lena bhféadfaí láithreacht fhisiciúil an iarratasóra, nó aon duine nó aon chomhlacht a bhfuil sainordú acu faoin dlí náisiúnta chun déileáil le gné ar bith de nósanna imeachta ar líne, a éileamh i gcás inar gá an chuideachta a fhoirmiú agus brainse a chlárú. Níor cheart, áfach, go n-éileofaí an láithreacht fhisiciúil sin ach de réir an cháis seachas ar bhonn córasach, agus níor cheart go n-éileofaí í ach amháin i gcás ina bhfuil drochamhras ann faoi fhalsú sainaitheantais nó neamhchomhlíonadh rialacha maidir le hinniúlacht dhlíthiúil agus údarás na n-iarratasóirí a bheith ina n-ionadaithe don chuideachta. Ba cheart go mbeadh an drochamhras sin bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil do na húdaráis nó do dhaoine nó comhlachtaí a bhfuil sainordú acu faoi dhlíthe náisiúnta na rialuithe sin a dhéanamh. I gcás ina n-éilítear láithreacht fhisiciúil, ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit go bhféadtar aon chéimeanna eile den nós imeachta a chur i gcrích ar líne. Ba cheart go mbeadh an cumas gníomhú san áireamh i gcoincheap na hinniúlachta dlíthiúla.

(22)

Ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit freisin ar chumas a n-údarás, a ndaoine nó a gcomhlachtaí inniúla a fhíorú, trí rialuithe leictreonacha comhlántacha ar shainaitheantas, ar inniúlacht dhlíthiúil agus ar dhlíthiúlacht, cibé ar comhlíonadh gach coinníoll ba ghá le haghaidh foirmiú cuideachtaí. Ba cheart a áireamh, leis na rialaithe sin, inter alia, físchomhdhálacha nó modhanna eile ar líne a chuireann nasc fíorama closamhairc ar fáil.

(23)

Chun a áirithiú go dtugtar cosaint do gach duine a idirghníomhaíonn le cuideachtaí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann iompar calaoiseach nó iompar mí-úsaideach a chosc trí cheapadh duine ina stiúrthóir ar chuideachta a dhiúltú, ag cur san áireamh iompar an duine sin roimhe seo ní hamháin ina gcríoch féin, ach i gcás ina bhforáiltear dó faoin dlí náisiúnta, chomh maith le faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit eile. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an cead ag na Ballstáit fáisnéis a iarraidh ó na Ballstáit eile. D’fhéadfadh an freagra a bheith ina fhaisnéis maidir le dícháiliú atá i bhfeidhm nó faisnéis eile atá ábhartha le haghaidh dícháiliú sa Bhallstát a fuair an freagra. Ba cheart go mbeadh na hiarrataí sin ar fhaisnéis indéanta trí chóras idirnascadh na gclár. Maidir leis sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit saor chun roghnú cén bealach is fearr an fhaisnéis sin a bhailiú, amhail trí fhaisnéis ábhartha a bhailiú ó aon chláir nó ó áiteanna eile ina bhfuil sí stóráilte i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó trí chláir thiomnaithe a chruthú nó trí ranna tiomnaithe ar chláir ghnó. I gcás ina bhfuil gá le faisnéis bhreise, amhail na tréimhsí agus na forais don dícháiliú, ba cheart an cead a bheith ag na Ballstáit í a sholáthar trí na córais atá ar fáil do mhalartú faisnéise, i gcomhréir le dlíthe náisiúnta. Níor cheart don Treoir seo, áfach, oibleagáid a chruthú go n-iarrfaí an fhaisnéis sin i ngach cás. Thairis sin, níor cheart, toisc an cead a bheith ann faisnéis maidir le dícháiliú i mBallstát eile a chur san áireamh, go gceanglófaí ar na Ballstáit dícháilithe atá i bhfeidhm i mBallstáit eile a aithint.

(24)

Chun a áirithiú go dtugtar cosaint do gach duine a idirghníomhaíonn le cuideachtaí nó le brainsí agus chun iompar calaoiseach nó mí-úsáideach a chosc, tá sé tábhachtach go mbeadh ar chumas údarás inniúil sna Ballstáit a fhíorú cibé an bhfuil toirmeasc ar dhuine atá le ceapadh mar stiúrthóir cúraimí stiúrthóra a dhéanamh. Chuige sin, ba cheart go mbeadh údaráis inniúla ar an eolas faoi cibé an bhfuil duine ar leith ar taifead ar aon chlár atá ábhartha le haghaidh dícháiliú stiúrthóirí sna Ballstáit eile trí mheán chóras idirnascadh na gclár. Níor cheart go ndéanfadh na cláir, na húdaráis ná na daoine nó na comhlachtaí a bhfuil sainordú tugtha dóibh faoin dlí náisiúnta, aon ghné de nósanna imeachta a lámhseáil, na sonraí pearsanta sin a stóráil ar feadh tréimhse níos faide nár mar is gá chun measúnú a dhéanamh ar incháilitheacht an duine atá le ceapadh mar stiúrthóir. Féadfaidh go mbeidh gá ag na heintitis sin, áfach, an fhaisnéis sin a stóráil ar feadh tréimhse níos faide i bhfianaise go bhféadfaí athbhreithniú féideartha a dhéanamh ar chinneadh diúltach. In aon chás, níor cheart go rachadh an tréimhse choinneála thar an tréimhse a leagtar síos i rialacha náisiúnta do choinneáil aon sonraí pearsanta maidir le foirmiú cuideachta nó le clárú brainse nó maidir le doiciméid agus faisnéis a chomhdú atá bainteach leis.

(25)

Ba cheart na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo a bhaineann le cuideachtaí a fhoirmiú ar líne agus brainsí a chlárú a bheith gan dochar d’aon fhoirmiúlachtaí eile nach mbaineann le dlí na gcuideachtaí ar gá do chuideachta iad a chomhlíonadh chun oibríochtaí a thosú i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

(26)

Maidir le foirmiú cuideachtaí agus clárú brainsí ar líne, chun na costais agus na hualaí ar chuideachtaí a laghdú, i rith shaolré na gcuideachtaí, ba cheart a bheith in ann freisin doiciméid agus faisnéis a thíolacadh go hiomlán ar líne do chláir náisiúnta. San am céanna, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an deis a cheadú doiciméid agus faisnéis a chomhdú trí mheán eile, lena n-áirítear ar pháipéar. Ina theannta sin, ba cheart faisnéis chuideachta a nochtadh a luaithe a chuirfear an fhaisnéis ar fáil don phobal sna cláir náisiúnta sin, ós rud é go bhfuil siad idirnasctha feasta agus go bhfuil siad ina bpointe tagartha cuimsitheach d’úsáideoirí. Chun nach gcuirfear isteach ar an modh nochta atá ann cheana, ba cheart é a bheith de rogha ag na Ballstáit freisin an fhaisnéis chuideachta uile nó cuid di a fhoilsiú in iris náisiúnta, agus iad á áirithiú san am céanna go seolfaidh an clár an fhaisnéis go leictreonach chuig an iris náisiúnta sin. Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta maidir le luach dlíthiúil na gclár agus le ról irise náisiúnta.

(27)

Chun go n-éascófar an chaoi ar féidir an fhaisnéis atá stóráilte ar na cláir náisiúnta a chuardach agus a mhalartú le córais eile, maidir leis na doiciméid agus leis an bhfaisnéis uile arna soláthar d’aon údarás nó duine nó comhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné de na nósanna imeachta ar líne, mar chuid de na nósanna imeacht ar líne dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú tar éis don idirthréimhse dul in éag gur féidir leis na cláir iad a stóráil i bhformáid atá inléite agus inchuardaithe ag meaisín nó mar shonraí struchtúrtha. Ciallaíonn an méid sin gur cheart go ndéanfaí formáid an chomhaid a struchtúrú sa chaoi is go mbeadh na feidhmchláir bogearraí in ann sonraí sonracha agus a struchtúr inmheánach a aithint, a shainaithint agus a asbhaint. Níor cheart go gcuimseodh formáid inchuardaithe doiciméid agus faisnéise sínithe scanta nó sonraí eile nach bhfuil oiriúnach do mheaisín-inléiteacht. Ós rud é go bhféadfadh sé gur ghá athruithe a dhéanamh ar na córais atá ag na Ballstáit cheana féin, ba cheart tréimhse thrasuí níos faide a bheith i gceist le haghaidh an cheanglais sin.

(28)

Chun costais a chiorrú agus an t-ualach riaracháin agus fad na nósanna imeachta a laghdú do chuideachtaí, ba cheart do na Ballstáit “prionsabal na haonuaire” a chur i bhfeidhm i réimse dhlí na gcuideachtaí, atá daingnithe san Aontas, mar a léirítear, inter alia, trí Rialachán (AE) 2018/1724, trí Phlean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Choimisiúin Eorpaigh nó trí Dhearbhú Thaillinn ar Ríomhsheirbhísí Rialtais. Is éard atá i gceist le prionsabal na haonuaire a chur i bhfeidhm ná nach n-iarrtar ar chuideachtaí an fhaisnéis chéanna a chur faoi bhráid údaráis phoiblí níos mó ná uair amháin. Mar shampla, níor cheart go mbeadh ar chuideachtaí an fhaisnéis chéanna a thíolacadh don chlár náisiúnta agus don iris náisiúnta. Ina ionad sin, ba cheart don chlár an fhaisnéis a tíolacadh cheana a sholáthar go díreach don iris náisiúnta. Ar an gcuma chéanna, i gcás ina bhfuil cuideachta foirmithe i mBallstát amháin agus inar mian léi brainse a chlárú i mBallstát eile, ba cheart don chuideachta a bheith in ann leas a bhaint as doiciméid nó as an bhfaisnéis a tíolacadh do chlár roimhe sin. De bhreis air sin, i gcás ina bhfuil cuideachta foirmithe i mBallstát amháin ach ina bhfuil brainse i mBallstát eile aici, ba cheart an chuideachta a bheith in ann athruithe áirithe ar a faisnéis chuideachta a thíolacadh don chlár ina bhfuil an chuideachta cláraithe, agus dó sin amháin, gan an gá an fhaisnéis chéanna a thíolacadh don chlár ina bhfuil an brainse cláraithe. Ina ionad sin, ba cheart faisnéis amhail athrú ar ainm cuideachta nó athrú ar oifig chláraithe na cuideachta a mhalartú go leictreonach idir an clár ina bhfuil an chuideachta cláraithe agus an clár ina bhfuil an brainse cláraithe trí úsáid a bhaint as córas idirnascadh na gclár.

(29)

Chun a áirithiú go mbeidh faisnéis chomhsheasmhach atá cothrom le dáta ar fáil maidir le cuideachtaí san Aontas agus méadú breise a chur ar thrédhearcacht, ba cheart an deis a bheith ann idirnascadh na gclár a úsáid chun faisnéis a mhalartú faoi aon chineál cuideachta atá cláraithe i gcláir na mBallstát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart é a bheith de rogha ag na Ballstáit cóipeanna leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis faoi na cineálacha cuideachtaí eile sin a chur ar fáil trí idirnascadh na gclár freisin.

(30)

Ar mhaithe le trédhearcacht agus le cosaint leasanna oibrithe, creidiúnaithe agus scairshealbhóirí mionlaigh, agus chun muinín a chur chun cinn in idirbhearta gnó, lena n-áirítear iad siúd de chineál trasteorann laistigh den mhargadh inmheánach, tá sé tábhachtach gur féidir le hinfheisteoirí, le geallsealbhóirí, le comhpháirtithe gnó agus le húdaráis rochtain a fháil gan stró ar fhaisnéis chuideachta. Chun feabhas a chur ar inrochtaineacht na faisnéise sin, ba cheart breis faisnéise a bheith ar fáil saor in aisce i ngach Ballstát. Ba cheart go n-áireodh an fhaisnéis sin stádas na cuideachta agus faisnéis maidir lena brainsí i mBallstáit eile, chomh maith le faisnéis i ndáil le daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar ceann cuideachta, bíodh sé sin mar chomhlacht nó mar chomhaltaí na cuideachta sin. Thairis sin, ní bheidh an praghas ar chóip de na doiciméid agus den fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 14 a fháil, nó cóip de chuid díobh nó di a fháil, bíodh sin trí mheáin pháipéir nó trí mheáin leictreonacha, níos airde ná an costas riaracháin a bhaineann leis sin, lena n-áirítear costais forbartha agus cothabhála na gclár, ar choinníoll nach bhfuil an praghas díréireach i ndáil leis an bhfaisnéis a lorgaíodh.

(31)

I láthair na huaire, is féidir leis na Ballstáit pointí rochtana roghnacha a bhunú i ndáil le córas idirnascadh na gclár. Mar sin féin, ní féidir leis an gCoimisiún páirtithe leasmhara eile a nascadh le córas idirnascadh na gclár. Chun go bhféadfaidh páirtithe leasmhara eile tairbhe a bhaint as idirnascadh na gclár agus a áirithiú go mbeidh faisnéis atá cruinn, cothrom le dáta agus iontaofa fós ag a gcórais maidir le cuideachtaí, ba cheart a údarú don Choimisiún pointí rochtana breise a bhunú. Níor cheart do na pointí rochtana sin a bheith ar fáil ach amháin do chórais a fhorbraíonn agus a oibríonn an Coimisiún nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais chun a bhfeidhmeanna riaracháin a chomhlíonadh nó forálacha dhlí an Aontais a chomhlíonadh.

(32)

Chun cuidiú le cuideachtaí atá bunaithe sa mhargadh inmhéanach a ngníomhaíochtaí gnó a leathnú ar bhealach níos éasca thar theorainneacha, ba cheart iad a bheith in ann brainsí a oscailt agus a chlárú i mBallstát eile ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit, ar bhealach comhchosúil le cuideachtaí, clárú brainsí ar líne agus comhdú doiciméad agus faisnéise ar líne a chumasú agus, ar an gcaoi sin, cuidiú chun costais a chiorrú, agus, san am céanna, an t-ualach riaracháin agus fad ama na bhfoirmiúlachtaí a bhaineann leis an leathnú trasteorann a laghdú.

(33)

Agus brainse cuideachta atá cláraithe i mBallstát eile á chlárú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann faisnéis áirithe a fhíorú freisin maidir leis an gcuideachta trí chóras idirnascadh na gclár. De bhreis air sin, i gcás ina ndúntar brainse i mBallstát amháin, ba cheart do chlár an Bhallstáit sin an Ballstát ina bhfuil an chuideachta cláraithe a chur ar an eolas faoi sin trí chóras idirnascadh na gclár agus ba cheart don dá chlár an fhaisnéis sin a chlárú.

(34)

Chun comhsheasmhacht le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta a áirithiú, is gá an fhoráil i ndáil leis an gCoiste Teagmhála nach bhfuil ann níos mó a scriosadh, agus na cineálacha cuideachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2017/1132 a nuashonrú.

(35)

Chun go bhféadfar athruithe eile a dhéanamh amach anseo ar dhlíthe na mBallstát agus ar reachtaíocht an Aontais i ndáil le cineálacha cuideachtaí, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an liosta de na cineálacha cuideachtaí atá in Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IIA a ghabhann le Treoir (AE) 2017/1132 a nuashonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(36)

Ní dhéanann forálacha na Treorach seo difear do na dlíthe náisiúnta i dtaca le bearta cánach Ballstát nó a bhforálacha críche agus riaracháin, lena n-áirítear na hoibleagáidí a bhaineann le clárú cuideachtaí.

(37)

Ní dhéanann an Treoir seo difear d’fhorálacha Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) ina dtugtar aghaidh ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus le maoiniú sceimhlitheoireachta, go háirithe na hoibleagáidí a bhaineann leis na bearta iomchuí díchill chuí do chustaiméirí a dhéanamh ar bhonn riosca-íogair agus i ndáil le húinéir tairbhiúil aon eintiteas a cruthaíodh le gairid a aithint agus a chlárú i mBallstát a ionchorpraithe. Níor cheart go ndéanfaí difear ach oiread d’oibleagáidí eile faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí naisiúnta, lena n-áirítear iadsan a eascraíonn ó fhrithsciúradh airgid, ó chur i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus ó rialacha na húinéireachta tairbhiúla. Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do chumhachtaí na mBallstát diúltú do fhoirmiú cuideachtaí agus do chlárú brainsí i gcásanna de chalaois nó de mhí-úsáid, ná do ghníomhaíochtaí iniúchóireachta agus forfheidhmiúcháin na mBallstát, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a dhéanann na póilíní nó údaráis inniúla eile.

(38)

Ba cheart an Treoir seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais um chosaint sonraí agus le cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta mar a chumhdaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta daoine nádúrtha faoin Treoir seo, ní mór í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(39)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus thug sé tuairim uaidh an 26 Iúil 2018.

(40)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, is é sin réitigh dhigiteacha bhreise a sholáthar do chuideachtaí sa mhargadh inmhéanach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(41)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (11), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a thraschur.

(42)

I bhfianaise chastacht na n-athruithe is gá ar chórais náisiúnta chun forálacha na Treorach seo a chomhlíonadh, agus i bhfianaise na ndifríochtaí suntasacha atá ann faoi láthair idir na Ballstáit i ndáil le húsáid uirlisí agus próiseas digiteach i gcomhthéacs dhlí na cuideachta, is iomchuí é a fhoráil go mbeadh na Ballstáit a bhfuil deacrachtaí áirithe acu i dtrasuíomh roinnt forálacha den Treoir seo in ann fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an ngá atá acu le tairbhe a bhaint as síneadh suas le 1 bliain amháin a chur leis tréimhse ábhartha cur chun feidhme. Ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit ina iúl na cúiseanna oibiachtúla atá acu cur isteach ar shíneadh den sórt sin.

(43)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo. De bhun mhír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart an mheastóireacht sin a bhunú ar chúig chritéar mar atá éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach agus ba cheart í a bheith mar bhonn le measúnuithe tionchair ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ba cheart go gcuideodh na Ballstáit le déanamh na meastóireachta sin trí shonraí a sholáthar don Choimisiún, ar sonraí iad atá ar fáil dóibh maidir le conas atá ag éirí go praiticiúil le cuideachtaí a fhoirmiú ar líne cuideachtaí, mar shampla sonraí maidir le líon na bhfoirmithe ar líne, líon na gcásanna inar úsáideadh teimpléid nó inar éilíodh láithreacht fhisiciúil agus meánfhad agus costais na bhfoirmithe ar líne.

(44)

Ba cheart faisnéis a bhailiú chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na Treorach seo i gcoinne na gcuspóirí a shaothraítear inti agus chun bheith mar bhonn eolais le meastóireacht i gcomhréir le mír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

(45)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2017/1132 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir (AE) 2017/1132

Leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach tar éis an dara fleasc:

“—

na rialacha maidir le foirmiú cuideachta agus le clárú ar líne a mbrainsí agus maidir le doiciméid agus faisnéis a chomhdú ar líne a dhéanann cuideachtaí agus a mbrainsí,”;

(2)

i dTeideal I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil III:

“Nósanna imeachta ar líne (foirmiú, clárú agus comhdú), nochtadh agus cláir”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

“Airteagal 13

Raon feidhme

Beidh feidhm ag na bearta comhordaithe dá bhforbraítear leis an Roinn seo agus le Roinn 1A maidir le forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann leis na cineálacha cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus i gcás ina sonrófar sin, a bhaineann leis na cineálacha cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn IIA.”;

(4)

cuirtear isteach na hAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 13a

Sainmhínithe

Chun críocha na Caibidle seo:

(1)

ciallaíonn ‘modh ríomh-shainaitheantais’ modh ríomh-shainaitheantais mar a shainmhínítear é i bpointe (2) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(2)

ciallaíonn ‘scéim ríomh-shainaitheantais’ scéim ríomh-shainaitheantais mar a shainmhínítear í i bpointe (4) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(3)

ciallaíonn ‘modhanna leictreonacha’ trealamh leictreonach a úsáidtear do phróiseáil, lena n-áirítear comhbhrú digiteach agus stóráil sonraí agus trína seoltar an fhaisnéis ar an gcéad dul síos agus trína bhfaightear iad ag an gceann scríbe; seolfar, tíolacfar agus cuirfear ar fáil an fhaisnéis sin go hiomlán ar bhealach a chinnfidh na Ballstáit;

(4)

ciallaíonn ‘foirmiú’ an próiseas iomlán lena bhfoirmítear cuideachta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear tarraingt suas a dhéanamh ar ionstraim chomhdhéanamh na cuideachta agus na céimeanna go léir is gá ionas go ndéanfaí cuideachta a iontráil ar an gclár;

(5)

ciallaíonn ‘clárú brainsí’ próiseas as a dtagann nochtadh doiciméad agus faisnéise a bhaineann le brainse nua-oscailte i mBallstát;

(6)

ciallaíonn ‘teimpléad’ samhail le haghaidh na hionstraime comhdhéanaimh de chuid cuideachta arna tarraingt suas ag na Ballstáit i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus a úsáidtear chun cuideachta a fhoirmiú ar líne i gcomhréir le hAirteagal 13g.

Airteagal 13b

Modhanna sainaitheantais a aithint chun críocha nósanna imeachta ar líne

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh iarratasóirí ar saoránaigh de chuid an Aontais iad na modhanna sainaitheantais seo a leanas a úsáid agus iad i mbun na nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear sa Chaibidil seo:

(a)

modh ríomh-shainaitheantais arna eisiúint faoi scéim ríomh-shainaitheantais arna formheas ag a mBallstát féin;

(b)

modh ríomh-shainaitheantais arna eisiúint i mBallstát eile agus arna aithint chun críche fíordheimhniú trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

2.   Féadfaidh na Ballstáit aitheantas na modhanna ríomh-shainaitheantais a dhiúltú, i gcás nach gcomhlíonann leibhéil dearbhaithe na modhanna leictreonacha sainaitheantais sin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

3.   Cuirfear an pobal ar an eolas faoi gach modh sainaitheantais arna aithint ag na Ballstáit.

4.   I gcás ina bhfuil údar cuí leis mar gheall ar an leas poiblí chun mí-úsáid nó athrú sainaitheantais a chosc féadfaidh na Ballstáit, chun críocha sainaitheantas iarratasóra a fhíorú, bearta a ghlacadh a d’fhéadfadh láithreacht fhisiciúil iarratasóra a éileamh roimh aon údarás nó aon duine nó comhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné de na nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear sa Chaibidil seo, lena n-áirítear ionstraim chomhdhéanaimh chuideachta a tharraingt suas. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar láithreacht fhisiciúil iarratasóra a éileamh ach amháin de réir an cháis i gcás ina bhfuil cúiseanna amhrais ann faoi fhalsú sainaitheantais, agus i gcás inar féidir aon chéimeanna eile den nós imeachta a chur i gcrích ar líne.

Airteagal 13c

Forálacha ginearálta maidir le nósanna imeachta ar líne

1.   Beidh an Treoir seo gan dochar do dhlíthe náisiúnta a dhéanann, i gcomhréir le córais agus le traidisiúin dlí na mBallstát, aon údaráis nó duine nó comhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta a ainmniú chun déileáil le haon ghné de chuideachtaí a bhunú, de bhrainsí a chlárú ar líne agus de dhoiciméid agus faisnéis a chomhdú ar líne.

2.   Beidh an Treoir seo gan dochar freisin do na nósanna imeachta agus na ceanglais a leagtar síos leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le nósanna imeachta dlíthiúla le haghaidh ionstraimí comhdhéanaimh a tharraingt suas, ar choinníoll go bhfuil foirmiú ar líne cuideachta, amhail dá dtagraítear in Airteagal 13g, agus clárú ar líne brainse, amhail dá dtagraítear in Airteagal 28a, chomh maith le doiciméid agus faisnéis a chomhdú ar líne, amhail dá dtagraítear in Airteagal 13j agus Airteagal 28a, fós indéanta.

3.   Na ceanglais faoin dlí náisiúnta is infheidhme i dtaca le barántúlacht, cruinneas, iontaofacht, inchreidteacht, agus foirm chuí dhlíthiúil na ndoiciméad nó na faisnéise arna dtíolacadh ar choinníoll go bhfuil foirmiú ar líne, amhail dá dtagraítear in Airteagal 13g agus clárú brainse ar líne, amhail dá dtagraítear in Airteagal 28a, chomh maith le comhdú ar líne ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis, amhail dá dtagraítear in Airteagal 13j agus Airteagal 28b, fós indéanta.

Airteagal 13d

Táillí le haghaidh nósanna imeachta ar líne

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na rialacha i leith táillí is infheidhme maidir leis na nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear sa Chaibidil seo trédhearcach agus go gcuirfear i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach iad.

2.   Aon táillí do nósanna imeachta ar líne a ghearrfar leis na cláir, dá dtagraítear in Airteagal 16 ní bheidh siad níos mó ná aisghabháil na gcostas as seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil.

Airteagal 13e

Íocaíochtaí

I gcás inar gá íocaíocht a dhéanamh chun nós imeachta a leagtar síos sa Chaibidil seo a chur i gcrích, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir an íocaíocht sin a dhéanamh trí bhíthin seirbhís íocaíochta ar líne atá le fáil go forleathan a úsáidtear le haghaidh íocaíochtaí trasteorann trína gceadaítear an duine a rinne an íocaíocht a shainaithint, agus arna soláthar ag institiúid airgeadais nó soláthraí seirbhíse íocaíochta atá bunaithe i mBallstát.

Airteagal 13f

Ceanglais faisnéise

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis bheacht agus sho-úsáidte ar fáil saor in aisce ar a laghad i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi ar thairseacha clárúcháin nó ar shuíomhanna gréasáin atá inrochtana tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach chun cabhrú cuideachtaí a fhoirmiú agus brainsí a chlárú. Cumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis:

(a)

rialacha maidir le cuideachtaí a fhoirmiú, lena n-áirítear nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear in Airteagal 13g agus Airteagal 13j, agus ceanglais maidir le húsáid teimpléad agus maidir le doiciméid foirmithe eile, sainaithint daoine, úsáid teangacha agus táillí is infheidhme;

(b)

rialacha maidir le brainsí a chlárú, lena n-áirítear nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear in Airteagal 28a agus Airteagal 28b, agus ceanglais maidir doiciméid chlárúcháin, sainaithint daoine, agus úsáid teangacha;

(c)

achoimre ar na rialacha maidir le ballraíocht i gcomhlacht riaracháin, i gcomhlacht bainistíochta agus i gcomhlacht maoirseachta cuideachta, lena n-áirítear na rialacha maidir le dícháiliú stiúrthóirí agus maidir leis na húdaráis nó comhlachtaí atá freagrach as an bhfaisnéis faoi stiúrthóirí dícháilithe a choimeád;

(d)

achoimre ar chumhachtaí agus freagrachtaí chomhlacht riaracháin, chomhlacht bainistíochta agus chomhlacht maoirseachta chuideachta, lena n-áirítear údaráis ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta i leith tríú páirtithe.

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch 73).”"

(5)

i dTeideal I, Caibidil III, cuirtear an Roinn seo a leanas isteach:

Roinn 1A

Foirmiú ar líne, comhdú ar líne agus nochtadh

Airteagal 13g

Cuideachtaí a fhoirmiú ar líne

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar cuideachtaí a fhoirmiú go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás ná os comhair aon duine ná comhlacht a bheidh sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné d’fhoirmiú ar líne cuideachtaí, lena n-áirítear ionstraim chomhdhéanaimh chuideachta a tharraingt suas, faoi réir na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 13b(4) agus i mír (8) den Airteagal sin.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan nósanna imeachta foirmithe ar líne a sholáthar le haghaidh cineálacha cuideachtaí eile seachas iad sin a liostaítear in Iarscríbhinn IIA.

2.   Leagfaidh na Ballstáit rialacha mionsonraithe síos maidir le cuideachtaí a fhoirmiú ar líne, lena n-áirítear rialacha maidir le húsáid teimpléad, amhail dá dtagraítear in Airteagal 13h agus na doiciméid agus an fhaisnéis is gá chun cuideachta a fhoirmiú. Mar chuid de na rialacha sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an foirmiú ar líne a dhéanamh trí dhoiciméid nó faisnéis a thíolacadh i bhfoirm leictreonach, lena n-áirítear cóipeanna leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 16a(4).

3.   Sna rialacha dá dtagraítear i mír 2, déanfar foráil maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

na nósanna imeachta chun a áirithiú go bhfuil inniúlacht dhlíthiúil is gá agus údaráis ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta ag na hiarratasóirí;

(b)

na modhanna chun sainaitheantas na n-iarratasóirí a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 13b;

(c)

na ceanglais a chuirtear ar na hiarratasóirí seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a úsáid;

(d)

na nósanna imeachta chun dlíthiúlacht chuspóir na cuideachta a fhíorú sa mhéid go ndéantar foráil do sheiceálacha den sórt sin faoin dlí náisiúnta;

(e)

na nósanna imeachta chun dlíthiúlacht ainm na cuideachta a fhíorú sa mhéid go ndéantar foráil do sheiceálacha den sórt sin faoin dlí náisiúnta;

(f)

na nósanna imeachta chun ceapachán stiúrthóirí a fhíorú.

4.   Sna rialacha dá dtagraítear i mír 2, féadfar foráil a dhéanamh, go háirithe, maidir leis an méid seo a leanas freisin:

(a)

na nósanna imeachta chun dlíthiúlacht na n-ionstraimí comhdhéanaimh cuideachta a áirithiú, lena n-áirítear úsáid cheart teimpléad a fhíorú;

(b)

na hiarmhairtí a bhaineann le dícháiliú stiúrthóirí ag an údarás inniúil in aon Bhallstát;

(c)

an ról atá ag nótaire nó ag aon duine nó comhlacht eile atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné den phróiseas maidir le cuideachta a fhoirmiú ar líne;

(d)

foirmiú ar líne a eisiamh i gcásanna inar gá scairchaipiteal na cuideachta a íoc trí ranníocaíochtaí comhchineáil.

5.   Ní chuirfidh na Ballstáit mar choinníoll le foirmiú cuideachta ar líne é go bhfaighfear aon cheadúnas nó údarú sula gclárófar an chuideachta, ach amháin i gcás ina bhfuil coinníoll den sórt sin fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí áirithe a mhaoirsiú go cuí mar a leagtar síos sa dlí náisiúnta.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar gá scairchaipiteal a íoc mar chuid den nós imeachta chun cuideachta a fhoirmiú, go bhféadfar íocaíocht den sórt sin a dhéanamh ar líne, i gcomhréir le hAirteagal 13e, le cuntas bainc an bhainc atá ag oibriú san Aontas. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar cruthúnas ar na híocaíochtaí sin a sholáthar ar líne freisin.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an foirmiú ar líne i gcrích laistigh de chúig lá oibre i gcásanna ina bhfoirmítear cuideachta ag daoine nádúrtha amháin a úsáideann na teimpléid dá dtagraítear in Airteagal 13h, nó laistigh de dheich lá oibre i gcásanna eile, ón dáta is déanaí de na dátaí seo a leanas:

(a)

an dáta a chuirtear i gcrích na foirmiúlachtaí riachtanacha uile maidir le foirmiú ar líne, lena n-áirítear na doiciméid agus an fhaisnéis uile a chomhlíonann an dlí náisiúnta ag údarás nó ag duine nó comhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné d’fhoirmiú cuideachta;

(b)

an dáta a íocfar táille chlárúcháin, an tráth a dhéanfar íocaíocht in airgead tirim le haghaidh scairchaipiteal nó, i gcás inar gá íocaíocht le haghaidh an scairchaipiteal a sholáthar trí ranníocaíocht chomhchineáil, dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta.

Más rud é nach féidir an nós imeachta a chur i gcrích laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear sa mhír seo, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar fógra don iarratasóir maidir leis na cúiseanna atá leis an moill.

8.   I gcás ina bhfuil údar cuí leis ar chúiseanna leasa phoiblí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha maidir le hinniúlacht dhlíthiúil agus le húdarás na n-iarratasóirí ionadaíocht a dhéanamh thar ceann cuideachta, féadfaidh údarás nó duine atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné d’fhoirmiú ar líne cuideachta, lena n-áirítear an ionstraim chomhdhéanaimh a tharraingt suas, láithreacht fhisiciúil an iarratasóra a éileamh. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar, i gcásanna den sórt sin, láithreacht fhisiciúil na n-iarratasóirí a éileamh ach amháin de réir an cháis, i gcásanna ina bhfuil cúiseanna amhrais ann maidir le neamhchomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (a) mír 3. Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go bhféadfar céim ar bith eile den nós imeachta a chur i gcrích ar líne i gcónaí.

Airteagal 13h

Teimpléid chun cuideachtaí a fhoirmiú ar líne

1.   Cuirfidh na Ballstáit teimpléid ar fáil, le haghaidh na gcineálacha cuideachtaí uile a liostaítear in Iarscríbhinn IIA, ar thairseacha clárúcháin nó ar shuíomhanna gréasáin atá inrochtana tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach. Féadfaidh na Ballstáit teimpléid a chur ar fáil ar líne freisin chun cineálacha eile cuideachtaí a fhoirmiú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh iarratasóirí na teimpléid, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a úsáid mar chuid den nós imeachta foirmithe ar líne, dá dtagraítear in Airteagal 13g. Más rud é go n-úsáidfidh na hiarratasóirí na teimpléid sin i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 13g(4), measfar go mbeidh an ceanglas a bhaineann le hionstraimí comhdhéanamh na cuideachta a dhréachtú agus a dheimhniú i bhfoirm chuí dhlíthiúil i gcásanna nach ndéantar foráil maidir le rialú coisctheach riaracháin nó rialú coisctheach breithiúnach a leagtar síos in Airteagal 10, measfar go mbeidh sé comhlíonta.

Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear d’aon cheangal faoin dlí náisiúnta, an fhoirm chuí dhlí le haghaidh ionstraimí comhdhéanaimh a tharraingt suas i bhfoirm chuí dhlí, chomh fada agus go bhfanfaidh an foirmiú ar líne, dá dtagraítear in Airteagal 13g, indéanta.

3.   Ní mór do na Ballstáit na teimpléid a chur ar fáil ar a laghad i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi. Is chun críche eolais amháin a bheidh fáil ar theimpléid i dteangacha eile seachas teanga nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann, seachas má chinneann na Ballstáit gur féidir cuideachta a fhoirmiú le teimpléid i dteangacha eile den sórt sin freisin.

4.   Déanfar inneachar na dteimpléad a rialáil leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 13i

Stiúrthóirí dícháilithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rialacha acu maidir le dícháiliú stiúrthóirí. Sna rialacha sin, déantar foráil don fhéidearthacht aon dhícháiliú atá i bhfeidhm nó faisnéis ábhartha faoi dhícháiliú i mBallstát eile. Chun críche an Airteagail seo, áiritheofar ar na stiúrthóirí ar a laghad na daoine dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 14(d).

2.   Féadfaidh na Ballstáit a éileamh go ndéanfadh daoine, a bhfuil iarratas á ndéanamh acu le bheith ina stiúrthóirí, a dhearbhú an bhfuil siad ar an eolas faoi aon imthosca a bhféadfadh dícháiliú a bheith mar thoradh orthu sa Bhallstát lena mbaineann.

Féadfaidh na Ballstáit diúltú duine a cheapadh ina stiúrthóir ar chuideachta i gcás ina mbeidh an duine sin dícháilithe i láthair na huaire ó ghníomhú mar stiúrthóir i mBallstát eile.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leo freagairt d’iarraidh ó Bhallstát eile ar fhaisnéis ábhartha do dhícháiliú stiúrthóirí faoi dhlí an Bhallstáit atá ag tabhairt freagra ar an iarraidh sin.

4.   Chun freagairt d’iarraidh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit ar a laghad na socruithe is gá chun a áirithiú gur féidir faisnéis a sholáthar gan mhoill maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil duine ar leith dícháilithe nó taifeadta in aon cheann dá gcláir, ina bhfuil faisnéis ábhartha do dhícháiliú stiúrthóirí, trí mheán an chórais dá dtagraítear in Airteagal 22. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis bhreise a mhalartú freisin, amhail maidir leis an tréimhse agus na forais dícháilithe. Déanfar an malartú sin a rialáil leis an dlí náisiúnta.

5.   Déanfaidh an Coimisiúin socruithe mionsonraithe agus mionsonraí teicniúla a bhaineann leis an malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo trí bhíthin na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 24.

6.   Beidh feidhm ag míreanna 1 go 5 den Airteagal seo mutatis mutandis i gcás ina gcomhdóidh cuideachta faisnéis a bhaineann le ceapadh stiúrthóra nua sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 16.

7.   Déanfar sonraí pearsanta na ndaoine dá dtagraítear san Airteagal sin a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus leis an dlí náisiúnta chun cur ar chumas an údaráis inniúil nó ar chumas an duine nó an chomhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta measúnú a dhéanamh ar fhaisnéis riachtanach maidir le dícháiliú duine mar stiúrthóir d’fhonn iompar calaoiseach nó mí-úsáideach eile a chosc agus cosaint a áirithiú do gach duine a mbíonn baint acu le cuideachtaí nó brainsí.

Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na cláir dá dtagraítear in Airteagal 16, údaráis ná daoine nó comhlachtaí, atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné de na nósanna imeachta ar líne, na sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur chun críche an Airteagail seo a stóráil níos faide ná mar is gá agus in aon chás ní nach faide ná aon sonraí pearsanta a bhaineann le foirmiú cuideachta, clárú brainse nó comhdú ag cuideachta nó brainse.

Airteagal 13j

Doiciméid agus faisnéis chuideachta a chomhdú ar líne

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar doiciméid agus faisnéis, amhail dá dtagraítear in Airteagal 14, lena n-áirítear aon mhodhnú orthu, a chomhdú ar líne leis an gclár laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear le dlíthe an Bhallstáit ina bhfuil an chuideachta cláraithe. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an comhdú sin a chur i gcrích go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás ná aon duine nó comhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil leis an gcomhdú ar líne, faoi réir na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 13b(4) agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 13g(8).

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar tionscnamh agus sláine na ndoiciméad arna gcomhdú ar líne a fhíorú go leictreonach.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a éileamh go ndéanfadh cuideachtaí áirithe nó na cuideachtaí uile doiciméid agus faisnéis áirithe nó na doiciméid agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 1 a chomhdú ar líne.

4.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 13g (2) go (5) maidir le doiciméid agus faisnéis a chomhdú ar líne.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go leanfar d’fhoirmeacha eile comhdaithe seachas na cinn dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear le meán leictreonach nó ar páipéar, ag cuideachtaí, ag nótairí nó aon duine nó comhlachtaí eile atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun comhdú den sórt sin a dhéanamh.”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

“Airteagal 16

Nochtadh sa chlár

1.   I ngach Ballstát, osclófar comhad i gclár lárnach, tráchtála nó cuideachtaí (‘an clár’), le haghaidh gach ceann de na cuideachtaí atá cláraithe ann.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aitheantóir uathúil Eorpach (‘EUID’), dá dtagraítear i bpointe (8) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/884 (*2) ón gCoimisiún, ag cuideachtaí lena bhféadfar iad a aithint gan iomrall sa chumarsáid a dhéanfar idir cláir trí chóras idirnascadh na gclár arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 22 (‘córas idirnascadh na gclár’). Beidh san aitheantóir uathúil sin, ar a laghad, eilimintí lena mbeifear in ann Ballstát an chláir a shainaithint, mar aon leis an gclár tionscnaimh intíre agus an uimhir chuideachta sa chlár sin agus, i gcás inarb iomchuí, gnéithe chun earráidí sainaitheanta a sheachaint.

2.   Coimeádfar sa chomhad dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na doiciméid agus an fhaisnéis uile a cheanglaítear a nochtadh de bhun Airteagal 14, nó cuirfear isteach go díreach sa chlár iad agus déanfar ábhar na n-iontrálacha sa chlár a thaifeadadh sa chomhad.

Na doiciméid agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 14, beag beann ar an modh a ndéanfar iad a chomhdú, is i bhfoirm leictreonach a choimeádfar sa chomhad nó a chuirfear isteach go díreach sa chlár iad. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an clár na doiciméid agus an fhaisnéis sin uile a chomhdaítear i bhfoirm pháipéir a chomhshó i bhfoirm leictreonach chomh tapa agus is féidir.

Áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis na doiciméid agus leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 a comhdaíodh i bhfoirm pháipéir roimh an 31 Nollaig 2006, go n-iompóidh an clár iad i bhfoirm leictreonach ar iarratas ar nochtadh a fháil trí mheán leictreonach.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar na doiciméid agus an fhaisnéis, dá dtagraítear in Airteagal 14, a nochtadh trína gcur ar fáil don phobal sa chlár. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit a éileamh freisin go ndéanfaí cuid de na doiciméid agus den fhaisnéis nó na doiciméid agus an fhaisnéis uile a fhoilsiú in iris náisiúnta arna hainmniú chun na críche sin nó ar mheán a bheadh chomh héifeachtach céanna. Is éard a bheidh i gceist leis na meáin sin, ar a laghad, leas a bhaint as córas trína bhféadfaí rochtain a fháil, in ord croineolaíoch, ar an bhfaisnéis fhoilsithe trí ardán lárnach leictreonach. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh an clár go ndéanfar na doiciméid agus an fhaisnéis sin a sheoladh go leictreonach trí an gclár chuig an iris náisiúnta nó chuig an ardán lárnach leictreonach.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun aon neamhréireacht a sheachaint idir an méid atá sa chlár agus sa chomhad.

Déanfaidh Ballstáit a éilíonn doiciméad agus faisnéise a fhoilsiú in iris náisiúnta nó ar ardán lárnach leictreonach na bearta is gá a ghlacadh chun aon neamhréireacht a sheachaint idir an méid a nochtar i gcomhréir le mír 3 agus an méid a fhoilsítear san iris nó ar an ardán.

I gcás aon neamhréireachtaí faoin Airteagal seo, beidh forlámhas ag na doiciméid agus faisnéis arna gcur ar fáil sa chlár.

5.   Ní fhéadfaidh an chuideachta brath ar na doiciméid ná ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 mar fhianaise i gcoinne tríú páirtithe ach amháin tar éis dóibh a bheith nochta i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, murar chruthaigh an chuideachta go raibh na tríú páirtithe ar an eolas faoi sin.

Mar sin féin, maidir le hidirbhearta a dhéanfar roimh an séú lá déag i ndiaidh an nochta, ní rachfar i muinín na ndoiciméad ná na faisnéise mar fhianaise i gcoinne tríú páirtithe a chruthaigh nárbh fhéidir go raibh siad ar an eolas fúthu.

Féadfaidh tríú páirtithe i gcónaí dul i muinín aon doiciméad agus aon fhaisnéis nach bhfuil na foirmiúlachtaí maidir le nochtadh tugtha chun críche go fóill ina leith, ach amháin i gcásanna nach mbíonn éifeacht ar bith ag doiciméid nó faisnéis den sórt sin mar gheall ar neamhnochtadh.

6.   Maidir leis na doiciméid agus leis an bhfaisnéis uile arna dtíolacadh mar chuid de chuideachta a fhoirmiú, de bhrainse a chlárú nó de chuideachta nó brainse a chumhdú, áiritheoidh na Ballstáit go stórálfar iad sna cláir i bhformáid atá inléite ag meaisín agus inchuardaithe nó mar shonraí struchtúrtha.”;

(*2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/884 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2015 lena mbunaítear sonraíochtaí agus nósanna imeachta is gá le haghaidh chóras idirnascadh na gclár arna bhunú le Treoir 2009/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 144, 10.6.2015, lch. 1)."

(7)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 16a

Rochtain ar fhaisnéis nochta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar cóipeanna de na doiciméid agus den fhaisnéis uile nó d’aon chuid díobh nó di, dá dtagraítear in Airteagal 14, a fháil ón gclár ar iarratas a fháil agus go bhféadfar iarratais den sórt sin a thíolacadh don chlár ar páipéar nó le meán leictreonach.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach bhféadfar cineálacha nó codanna áirithe de na doiciméid agus den fhaisnéis, a comhdaíodh i bhfoirm pháipéir an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, a fháil trí mheán leictreonach i gcás ina mbeidh tréimhse shonraithe caite idir dáta an chomhdaithe agus dáta an iarratais. Ní bheidh tréimhse níos gairide ná 10 mbliana i gceist le tréimhse shonraithe den sórt sin.

2.   Ní bheidh an praghas ar chóip de na doiciméid agus den fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 14 a fháil, nó cóip de chuid díobh nó di a fháil, níos airde ná an costas riaracháin a bhaineann leis sin, lena n-áirítear costais forbartha agus cothabhála na gclár, is cuma cé acu ar páipéar nó le meán leictreonach a thabharfar í.

3.   Cóipeanna leictreonacha agus páipéir a sholáthrófar d’iarratasóir, déanfar iad a dheimhniú mar ‘cóipeanna dílse’ mura bhfágfaidh an t-iarratasóir an deimhniú sin ar lár.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cóipeanna agus sleachta leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis arna soláthar as an gclár a fhíordheimhniú le seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 chun a ráthú go mbeidh na cóipeanna agus sleachta leictreonacha soláthartha as an gclár agus gur cóip dhílis a bheidh iontu den doiciméad atá coinnithe sa chlár nó go mbeidh sé ag teacht leis an bhfaisnéis atá ann.”;

(8)

in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear fáisnéis atá cothrom le dáta ar fáil lena míneofar forálacha an dlí náisiúnta ar dá mbun atá tríú páirtithe in ann dul i muinín na faisnéise agus gach cineál doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 14, i gcomhréir le hAirteagal 16(3), (4) agus (5).”;

(9)

leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Cuirfear cóipeanna leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 ar fáil don phobal freisin trí chóras idirnascadh na gclár. Féadfaidh na Ballstáit na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 a chur ar fáil freisin do chineálacha cuideachtaí seachas na cinn a liostaítear in Iarscríbhinn II.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (a):

“(a)

na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14, lena n-áiritear le haghaidh cineálacha cuideachtaí seachas na cinn a liostaítear in Iarscríbhinn II i gcás ina gcuirfidh na Ballstáit na doiciméid sin ar fáil;”;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

“Airteagal 19

Na táillí is féidir a ghearradh le haghaidh doiciméad agus faisnéise

1.   Ní bheidh na táillí a ghearrfar chun teacht ar na doiciméid agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14 trí chóras idirnascadh na gclár níos airde ná an costas riaracháin lena mbaineann, lena n-áirítear costais forbartha agus chothabhála na gclár.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar a laghad an fhaisnéis agus na doiciméid seo a leanas ar fáil saor in aisce trí chóras idirnascadh na gclár:

(a)

ainm nó ainmneacha agus foirm dhlíthiúil na cuideachta;

(b)

oifig chláraithe na cuideachta agus an Ballstát ina bhfuil sí cláraithe;

(c)

uimhir chlárúcháin na cuideachta agus a EUID;

(d)

mionsonraí maidir le suíomh gréasáin na cuideachta i gcás ina mbeidh sonraí den sórt sin taifeadta sa chlár náisiúnta;

(e)

stádas na cuideachta, amhail an tráth a dhúntar í, an tráth a bhaintear den chlár í, an tráth a dhéantar í a fhoirceannadh, an tráth a dhéantar í a dhíscaoileadh, an tráth atá sí gníomhach nó neamhghníomhach go heacnamaíoch mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta agus i gcás ina mbeidh sé taifeadta sna cláir náisiúnta;

(f)

cuspóir na cuideachta, i gcás ina mbeidh sé taifeadta sa chlár náisiúnta;

(g)

bunsonraí daoine, atá údaraithe ag an gcuideachta faoi láthair, cibé mar chomhlacht nó mar chomhaltaí d’aon chomhlacht den sórt sin, chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na cuideachta agus iad ag déileáil le tríú páirtithe agus in imeachtaí dlíthiúla agus faisnéis i ndáil le cibé ar féidir leis na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na cuideachta é sin a dhéanamh ina n-aonar nó an bhfuil sé de cheangal orthu gníomhú go comhpháirteach;

(h)

faisnéis faoi aon bhrainse arna oscailt ag an gcuideachta i mBallstát eile lena n-áirítear ainm, uimhir chlárúcháin, EUID agus an Ballstát ina bhfuil an brainse cláraithe.

3.   Ní ghearrfar aon táille, ó thaobh na gclár de, mar gheall ar mhalartú aon fhaisnéis trí chóras idirnascadh na gclár.

4.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (d) agus (f) ar fáil saor in aisce d’údaráis na mBallstát eile amháin.”;

(11)

scriostar Airteagal 20(3);

(12)

leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

(a)

i mír 4, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Féadfaidh an Coimisiún pointí roghnacha a bhunú le haghaidh rochtain ar chóras idirnascadh na gclár freisin. Is éard a bheidh sna pointí rochtana sin ná córais a fhorbraíonn agus a oibríonn an Coimisiún nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais chun a bhfeidhmeanna riaracháin a chomhlíonadh nó forálacha dhlí an Aontais a chomhlíonadh. Cuirfidh an Coimisiún fógra chuig na Ballstáit gan moill mhíchuí faoi bhunú na bpointí rochtana sin agus faoi aon athruithe suntasacha a rinneadh ar oibriú na bpointí.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Déanfar rochtain ar fhaisnéis ó chóras idirnascadh na gclár a sholáthair tríd an tairseach agus trí na pointí rochtana roghnacha arna mbunú ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún.”;

(13)

leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

an tsonraíocht theicniúil lena sainítear na modhanna chun faisnéis a mhalartú idir clár na cuideachta agus clár an bhrainse dá dtagraítear in Airteagail 20, 28a, 28c, 30a agus 34;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

liosta mionsonraithe na sonraí a bheidh le tarchur ar mhaithe le faisnéis a mhalartú idir na cláir, amhail dá dtagraítear in Airteagail 20, 28a, 28c, 30a, 34 agus 130;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (n):

“(n)

an nós imeachta agus na ceanglais theicniúla a bhaineann leis na pointí rochtana roghnacha ar an ardán a nascadh dá dtagraítear in Airteagal 22;”,

(d)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(o)

na socruithe mionsonraithe agus na sonraí teicniúla a bhaineann leis na modhanna chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13i a mhalartú idir cláir.”;

(e)

i ndeireadh an Airteagail, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh de bhun phointí (d), (e), (n) agus (o) faoin 1 Feabhra 2021.”;

(14)

i dTeideal I, Caibidil III, Roinn 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

Rialacha maidir le clárú agus nochtadh is infheidhme maidir le brainsí cuideachtaí ó Bhallstáit eile ”;

(15)

i dTeideal I, Caibidil III, Roinn 2, cuirtear na hAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 28a

Brainsí a chlárú ar líne

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar brainse cuideachta a ndéantar í a rialáil le dlí Ballstáit eile a chlárú go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás ná aon duine nó comhlacht eile sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné den iarratas ar chlárú brainsí, faoi réir na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 13b(4) agus mutatis mutandis in Airteagal 13g(8).

2.   Leagfaidh na Ballstáit rialacha mionsonraithe síos chun brainsí a chlárú ar líne, lena n-áirítear rialacha maidir leis na doiciméid agus leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a chur faoi bhráid údarás inniúil. Mar chuid de na rialacha sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an clárú ar líne a dhéanamh trí fhaisnéis nó doiciméid a thíolacadh i bhfoirm leictreonach, lena n-áirítear cóipeanna leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 16a(4), nó trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis nó as na doiciméid a tíolacadh do chlár roimhe sin.

3.   Sna rialacha dá dtagraítear i mír 2, déanfar foráil maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

an nós imeachta chun an inniúlacht dhlíthiúil na n-iarratasóirí is gá agus a n-údaráis ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta a áirithiú;

(b)

na modhanna chun sainaitheantas an duine nó na ndaoine a bhfuil an brainse á chlárú acu a fhíorú nó na modhanna chun sainaitheantas a ionadaí nó a n-ionadaithe a fhíorú;

(c)

na ceanglais a chuirtear ar na hiarratasóirí seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a úsáid.

4.   Sna rialacha, dá dtagraítear i mír 2, féadfar foráil a dhéanamh freisin maidir leis na nósanna imeachta seo a leanas:

(a)

dlíthiúlacht chuspóir an bhrainse a fhíorú;

(b)

dlíthiúlacht ainm an bhrainse a fhíorú;

(c)

dlíthiúlacht na ndoiciméad agus na faisnéise arna dtíolacadh le haghaidh chlárú an bhrainse a fhíorú;

(d)

foráil a dhéanamh maidir leis an ról atá ag nótaire nó ag aon duine nó comhlacht eile atá rannpháirteach sa phróiseas chun an brainse a chlárú faoi na forálacha náisiúnta is infheidhme.

5.   Féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis faoin gcuideachta a fhíorú le córas idirnascadh na gclár agus brainse cuideachta arna bhunú i mBallstát eile á chlárú.

Ní chuirfidh na Ballstáit mar choinníoll le clárú brainse ar líne é go bhfaighfear aon cheadúnas nó údarú sula gclárófar an brainse, ach amháin i gcás ina bhfuil coinníoll den sórt sin fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí áirithe a mhaoirsiú go cuí mar a leagtar síos sa dlí náisiúnta.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar clárú ar líne brainse a chur i gcrích laistigh de 10 lá oibre ó chur i gcrích na bhfoirmiúlachtaí uile, lena n-áirítear na doiciméid agus an fhaisnéis riachtanach uile a fháil a chomhlíonann an dlí náisiúnta ag údarás nó ag duine nó comhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné de chlárú brainse;

Más rud é nach féidir brainse a chlárú laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear sa mhír seo, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar fógra don iarratasóir maidir leis na cúiseanna atá leis an moill.

7.   I ndiaidh brainse cuideachta arna bunú faoi dhlí Ballstáit eile a chlárú, tabharfaidh clár an Bhallstáit ina bhfuil an brainse sin cláraithe fógra don Bhallstát ina bhfuil an chuideachta cláraithe ann á rá go ndearnadh an brainse a chlárú le córas idirnascadh na gclár. Admhóidh an Ballstát ina bhfuil an chuideachta cláraithe go bhfuarthas an fógra sin agus déanfaidh sé an fhaisnéis a thaifeadadh ina chlár gan mhoill.

Airteagal 28b

Doiciméid agus faisnéis a chomhdú ar líne le haghaidh brainsí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar na doiciméid agus an fhaisnéis, dá dtagraítear in Airteagal 30, nó aon mhodhnú orthu, a chomhdú ar líne laistigh den tréimhse dá bhforáiltear le dlíthe na mBallstát ina bhfuil an brainse bunaithe. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an comhdú sin a chur i gcrích go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás ná os comhair aon duine ná aon chomhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta le déileáil leis an gcomhdú ar líne, faoi réir na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 13b(4) agus a leagtar síos mutatis mutandis in Airteagal 13g(8).

2.   Tá feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 28a (2) go (5) maidir le comhdú ar líne do bhrainsí.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a éileamh go ndéanfaí doiciméid agus faisnéis áirithe nó na doiciméid agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 1 a chomhdú ar líne amháin.

Airteagal 28c

Dúnadh brainsí

Ar na doiciméid agus ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 30(1) a fháil, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an clár de chuid Ballstáit ina bhfuil brainse cuideachta cláraithe ann, le córas idirnascadh na gclár, an clár de chuid Ballstáit ina bhfuil an chuideachta cláraithe ann a chur ar an eolas gur dúnadh a brainse agus gur baineadh den chlár é. Admhóidh clár Bhallstát na cuideachta go bhfuarthas an fógra sin, leis an gcóras sin freisin agus clárófar an fhaisnéis sin, gan mhoill.”;

(16)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 30a

Athruithe ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis na cuideachta

Tabharfaidh an Ballstát ina bhfuil cuideachta cláraithe fógra gan mhoill, le córas idirnascadh na gclár, don Bhallstát ina bhfuil brainse de chuid na cuideachta cláraithe, sa chás go gcomhdófar athrú i leith aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

ainm na cuideachta;

(b)

oifig chláraithe na cuideachta;

(c)

uimhir chlárúcháin na cuideachta sa chlár;

(d)

foirm dhlíthiúil na cuideachta;

(e)

na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (f) d’Airteagal 14.

Ar an bhfógra dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo, admhóidh an clár ina bhfuil an brainse cláraithe, le córas idirnascadh na gclár, go bhfuarthas an fógra sin agus áiritheoidh sé go ndéanfar na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 30(1) a nuashonrú gan mhoill.”;

(17)

in Airteagal 31, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfar a mheas go bhfuil nochtadh éigeantach doiciméad cuntasaíochta dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 30(1) comhlíonta tríd an nochtadh i gclár an Bhallstáit ina bhfuil an chuideachta cláraithe i gcomhréir le pointe (f) d’Airteagal 14.”;

(18)

scriostar Airteagal 43.

(19)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 161:

“Airteagal 161

Cosaint sonraí

Beidh próiseáil aon sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs na Treorach seo faoi réir Rialachán (AE) 2016/679.”;

(20)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 162a

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi aon athruithe ar na cineálacha cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta dá bhforáiltear ina ndlí náisiúnta lena ndéanfaí difear d’inneachar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IIA.

I gcás ina gcuireann Ballstát an Coimisiún ar an eolas de bhur na chéad mhíre den Airteagal seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún an liosta de na cineálacha cuideachtaí atá in Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IIA a oiriúnú de réir na faisnéise dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 163.”;

(21)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 163:

“Airteagal 163

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 25(3) agus in Airteagal 162a a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 31 Iúil 2019.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 25(3) agus in Airteagal 162a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 25(3) nó Airteagal 162a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 3 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(22)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an seachtú fleasc is fiche:

“—

:

An tSualainn

:

publikt aktiebolag;”;

(23)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an seachtú fleasc is fiche:

“—

:

An tSualainn

:

privat aktiebolag

publikt aktiebolag;”;

(24)

Cuirtear isteach Iarscríbhinn IIA, mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 1 Lúnasa 2021 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

2.   D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun pointe (5) d’Airteagal 1 den Treoir seo, a mhéid a bhaineann Airteagal 13i agus Airteagal 13j(2) de Threoir (AE) 2017/1132, agus pointe (6) d’Airteagal 1 den Treoir seo, a mhéid a bhaineann Airteagal 16(6) de Threoir (AE) 2017/1132, faoin 1 Lúnasa 2023.

3.   De mhaolú ar mhír 1, Ballstáit a mbíonn deacrachtaí ar leith acu maidir leis an Treoir seo a thrasuí, beidh siad i dteideal tairbhe a bhaint as síneadh ama ar an tréimhse dá bhforáiltear sa mhír sin suas le bliain. Cuirfidh siad cúiseanna oibiachtúla ar fáil maidir leis an ngá le síneadh ama. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir lena rún leas a bhaint as síneadh ama den sórt sin faoin 1 Lúnasa 2021.

4.   Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

5.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tuairisciú, athbhreithniú agus bailiú sonraí

1.   Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Lúnasa 2024, nó má bhaineann aon Bhallstát úsáid as an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 2(3) tráth nach déanaí ná an 1 Lúnasa 2025, meastóireacht ar na forálacha a thugtar isteach leis an Treoir seo i dTreoir (AE) 2017/1132 seo agus tuarascáil ar na príomhthorthaí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, cé is moite de na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a ndéanfar an meastóireacht agus tuarascáil ina leith tráth nach déanaí ná an 1 Lúnasa 2026.

Maidir leis an bhfaisnéis is gá chun na tuarascálacha a ullmhú, déanfaidh na Ballstáit í a thabhairt don Choimisiún, is é sin, trí shonraí faoin líon clárúchán ar líne agus faoi chostais ghaolmhara a sholáthar.

2.   Déanfar meastóireacht ar na nithe seo a leanas, inter alia, sa tuarascáil ón gCoimisiún:

(a)

a indéanta atá sé foráil a dhéanamh maidir le clárú go hiomlán ar líne do na cineálacha cuideachtaí seachas na cinn sin a liostaítear in Iarscríbhinn IIA;

(b)

a indéanta atá sé teimpléid ó na Ballstáit a sholáthar le haghaidh gach cineál cuideachta faoi dhliteanas teoranta agus an gá atá le teimpléad comhchuibhithe a sholáthar ar fud an Aontais lena úsáid ag na Ballstáit uile i gcomhair na gcineálacha cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IIA agus a indéanta atá sé déanamh amhlaidh;

(c)

an taithí phraiticiúil le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le dícháiliú stiúrthóirí dá dtagraítear in Airteagal 13i;

(d)

na modhanna a bhaineann le comhdú ar líne agus rochtain ar líne, lena n-áirítear comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár a úsáid;

(e)

an gá atá le níos mó faisnéise ná mar a cheanglaítear in Airteagal 19(2) a chur ar fáil saor in aisce agus an gá atá le rochtain neamhualaithe ar an bhfaisnéis sin a áirithiú agus a indéanta atá sé déanamh amhlaidh;

(f)

an gá atá le prionsabal na haonuaire a chur i bhfeidhm tuilleadh agus a indéanta atá sé déanamh amhlaidh.

3.   Beidh ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí, tograí chun Treoir (AE) 2017/1132 a leasú.

4.   D’fhonn meastóireacht iontaofa ar na forálacha a thugtar isteach leis an Treoir seo i dTreoir (AE) 2017/1132 a chur ar fáil, déanfaidh na Ballstáit sonraí a bhailiú maidir le conas mar atá ag éirí le foirmiú ar líne i gcleachtas. De ghnáth, ba cheart go gcuimseofaí san fhaisnéis sin an líon foirmithe ar líne, an líon cásanna inar baineadh úsáid as teimpléid nó ina raibh gá le láithreacht fhisiciúil agus fad agus costas meánach na bhfoirmithe ar líne. Cuirfidh siad an fhaisnéis sin in iúl don Choimisiún faoi dhó, tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dháta an trasuí.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 24.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Meitheamh 2019.

(3)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

(4)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(7)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(8)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(9)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(11)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN IIA

NA CINEÁLACHA CUIDEACHTAÍ

DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 13, 13f, 13h, agus 162a

:

An Bheilg

:

société privée à responsabilité limitée/besloten vennootschap met beperkte aansprakelijkheid,

société privée à responsabilité limitée unipersonnelle/Eenpersoons besloten vennootschap met beperkte aansprakelijkheid;

:

An Bhulgáir

:

дружество с ограничена отговорност,

еднолично дружество с ограничена отговорност;

:

Poblacht na Seice

:

společnost s ručením omezeným;

:

An Danmhairg

:

Anpartsselskab;

:

An Ghearmáin

:

Gesellschaft mit beschränkter Haftung;

:

An Eastóin

:

osaühing;

:

Éire

:

private company limited by shares or by guarantee/cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna nó ráthaíochta,

designated activity company/cuideachta ghníomhaíochta ainmnithe;

:

An Ghréig

:

εταιρεία περιορισμένης ευθύνης,

ιδιωτική κεφαλαιουχική εταιρεία;

:

An Spáinn

:

sociedad de responsabilidad limitada;

:

An Fhrainc

:

société à responsabilité limitée,

entreprise unipersonnelle à responsabilité limitée,

société par actions simplifiée,

société par actions simplifiée unipersonnelle;

:

An Chróit

:

društvo s ograničenom odgovornošću,

jednostavno društvo s ograničenom odgovornošću;

:

An Iodáil

:

società a responsabilità limitata,

società a responsabilità limitata semplificata;

:

An Chipir

:

ιδιωτική εταιρεία περιορισμένης ευθύνης με μετοχές ή/και με εγγύηση;

:

An Laitvia

:

sabiedrība ar ierobežotu atbildību;

:

An Liotuáin

:

uždaroji akcinė bendrovė;

:

Lucsamburg

:

société à responsabilité limitée;

:

An Ungáir

:

korlátolt felelősségű társaság;

:

Málta

:

private limited liability company/kumpannija privata;

:

An Ísiltír

:

besloten vennootschap met beperkte aansprakelijkheid;

:

An Ostair

:

Gesellschaft mit beschränkter Haftung;

:

An Pholainn

:

spółka z ograniczoną odpowiedzialnością;

:

An Phortaingéil

:

sociedade por quotas;

:

An Rómáin

:

societate cu răspundere limitată;

:

An tSlóivéin

:

družba z omejeno odgovornostjo;

:

An tSlóvaic

:

spoločnosť s ručením obmedzeným;

:

An Fhionlainn

:

yksityinen osakeyhtiö/privat aktiebolag;

:

An tSualainn

:

privat aktiebolag;

:

An Ríocht Aontaithe

:

private company limited by shares or guarantee.”