26.6.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

18


TREOIR (AE) 2019/1023 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais, agus maidir le dícháílíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 53 agus 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é cuspóir na Treorach seo rannchuidiú le feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh agus bacainní ar fheidhmiú saoirsí bunúsacha a bhaint, amhail saorghluaiseacht chaipitil agus saoirse bhunaíochta, ar bacainní iad a eascraíonn as difríochtaí idir dlíthe agus nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le hathstruchtúrú coisctheach, dócmhainneacht urscaoileadh fiachais, agus dícháilíochtaí. Gan cur isteach ar chearta agus saoirsí bunúsacha oibrithe, tá sé mar aidhm leis an Treoir seo bacainní den sórt sin a bhaint trína áirithiú: go bhfuil rochtain ag fiontair inmharthana agus fiontraithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu ar chreataí éifeachtacha náisiúnta um athstruchtúrú coisctheach a chuireann ar a gcumas leanúint de bheith ag feidhmiú; gur féidir le fiontraithe macánta atá dócmhainneach nó a bhfuil rófhéichiúnas acu tairbhiú d'urscaoileadh iomlán fiachais tar éis tréimhse réasúnta ama, ar ní é a ligfidh dóibh dara deis a bheith acu; agus go bhfeabhsaítear éifeachtacht na nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais, go háirithe d'fhonn a bhfad a ghiorrú.

(2)

Le hathstruchtúrú, ba cheart cur ar chumas féichiúnaithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu leanúint i mbun gnó, go hiomlán nó go páirteach, trí athrú a chur ar chomhdhéanamh, ar choinníollacha nó ar struchtúr a sócmhainní agus a ndliteanas nó aon chuid eile dá struchtúr caipitil — lena n-áirítear trí shócmhainní nó codanna den ghnólacht a dhíol, nó, i gcás ina ndéantar foráil leis an dlí náisiúnta, an ghnólacht féin a dhíol, agus trí athruithe oibríochtúla a dhéanamh chomh maith. Mura bhforáiltear go sonrach dá mhalairt leis an dlí náisiúnta, ba cheart, le hathruithe oibríochtúla, amhail na conarthaí a fhoirceannadh nó a leasú nó sócmhainní a dhíol nó diúscairt eile a dhéanamh ar shócmhainní, na ceanglais ghinearálta dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta bearta den sórt sin a chomhlíonadh, go háirithe na rialacha sa dlí sibhialta agus i ndlí an tsaothair. Ba cheart na coimircí dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta a chomhlíonadh i gcás babhtálacha fiachais ar chothromas, freisin. Thar aon ní eile, ba cheart do chreataí um athstruchtúrú coisctheach cur ar chumas na bhféichiúnaithe athstruchtúrú éifeachtach a dhéanamh ag céim luath d'fhonn dócmhainneacht a sheachaint, rud a dhéanfaidh leachtú neamhriachtanach gnóthas inmharthana a theorannú. Ba cheart do na creataí sin cabhrú le caillteanas post agus caillteanas eolais agus scileanna a chosc, agus uasmhéadú a dhéanamh ar an luach iomlán do chreidiúnaithe — i gcomparáid leis an méid a gheobhaidís i gcás leachtú shócmhainní an fhiontair nó i gcás na chéad rogha eile is fearr mura mbeadh plean ann — agus d'úinéirí agus don gheilleagar ina iomláine chomh maith.

(3)

Sa bhreis air sin, ba cheart, le creataí um athstruchtúrú coisctheach, carnadh iasachtaí neamhthuillmheacha a chosc. Toisc creataí éifeachtacha um athstruchtúrú coisctheach a bheith ar fáil, d'áiritheofaí go ndéanfaí gníomh sula loicfeadh fiontair ar a gcuid iasachtaí, agus ar an gcaoi sin chuideofaí leis an riosca a laghdú go n-éireodh iasachtaí neamhthuillmheach dá dtiocfadh cora timthriallacha chun donais, agus an tionchar diúltach gaolmhar ar an earnáil airgeadais a mhaolú. D'fhéadfaí céatadán suntasach de ghnóthaí agus de phoist a shábháil dá mbeadh nósanna imeachta coisctheacha sna Ballstáit ar fad ina bhfuil bunaíochtaí, sócmhainní nó creidiúnaithe na ngnólachtaí lonnaithe. Ba cheart cearta na bpáirtithe ar fad, lena n-áirítear na hoibrithe, a chosaint go cothrom sa phróiseas athstruchtúrúcháin. Ag an am céanna, ba cheart gnólachtaí nach bhfuil aon ionchas inmharthana acu a leachtú chomh tapa agus is féidir. I gcás ina mbíonn deacrachtaí airgeadais ag féichiúnaí nach bhfuil inmharthana go heacnamaíoch nó nach furasta inmharthanacht eacnamaíoch a bhaint amach dó arís, d'fhéadfadh iarrachtaí athstruchtúrúcháin luas a chur le carnadh a chuid caillteanas chun aimhleas na gcreidiúnaithe, na bhfostaithe agus páirtithe leasmhara eile, agus chun aimhleas an gheilleagair ina iomláine freisin.

(4)

Tá difríochtaí idir na Ballstáit maidir le réimse na nósanna imeachta atá ar fáil d'fhéichiúnaithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu chun athstruchtúrú a dhéanamh ar a ngnólacht. Tá réimse teoranta de nósanna imeachta ag roinnt de na Ballstáit, rud a chiallaíonn nach féidir le gnólachtaí athstruchtúrú a dhéanamh ach amháin ag céim réasúnta déanach, i gcomhthéacs nósanna imeachta dócmhainneachta. I mBallstáit eile, is féidir athstruchtúrú a dhéanamh ag céim níos luaithe ach níl na nósanna imeachta atá ar fáil chomh héifeachtach agus a d'fhéadfaidís a bheith nó tá siad an-fhoirmiúil, agus, go háirithe, cuirtear teorainn le feidhm a bhaint as próisis lasmuigh den chúirt. Tá réitigh choisctheacha ag éirí níos coitianta sa dlí dócmhainneachta nua-aimseartha. Faoin nós sin, tugtar tús áite do chuir chuige a bhfuil mar aidhm acu gnólacht a thabhairt ar ais chun feidhme nó, ar a laghad na haonaid sin dá chuid atá fós inmharthana go heacnamaíoch de a shábháil, murarb ionann leis an gcur chuige traidisiúnta ina ndéantar gnó a bhfuil deacrachtaí airgeadais aige a leachtú. Is minic go mbíonn an cleachtas sin, i measc buntáistí eile don gheilleagar, ina chabhair chun poist a chaomhnú nó caillteanas post inseachanta a laghdú. Ar an gcuma chéanna, tá éagsúlachtaí idir na Ballstáit maidir leis na rialacha náisiúnta lena dtugtar dara deis d'fhiontraithe, go háirithe trí urscaoileadh a dheonú dóibh maidir leis na fiachais a thabhaigh siad agus iad i mbun gnó, i dtaca le fad na tréimhse urscaoilte agus na coinníollacha a bhaineann le hurscaoileadh den sórt sin a dheonú. Chomh maith leis sin, bíonn éagsúlacht ann ó thaobh rannpháirtíocht údarás breithiúnach nó riaracháin nó ó thaobh rannpháirtíocht cheapacháin na n-údarás sin — bíonn rannpháirtíocht fhíorbheag nó ní ann di in aon chor i mBallstáit áirithe agus bíonn rannpháirtíocht iomlán i mBallstáit eile.

(5)

I gcuid mhór de na Ballstáit, tógann sé breis agus 3 bliana ar fhiontraithe atá dócmhainneach ach atá macánta chun go ndéantar a gcuid fiachas a urscaoileadh agus chun tosú arís as an nua. Mar thoradh ar chreataí um urscaoileadh fiachais agus dícháilíochtaí atá neamhéifeachtach, bíonn ar fhiontraithe athlonnú i ndlínsí eile chun tairbhiú de thús nua i dtréimhse réasúnta ama, rud a chuireann costais shuntasacha sa bhreis ar a gcuid creidiúnaithe agus ar na fiontraithe féin. Cuireann na horduithe fada dícháilithe a ghabhann go minic le nós imeachta as a dtiocfaidh urscaoileadh bacainní ar an tsaoirse gabháil i mbun gníomhaíocht fiontraíochta féinfhostaithe agus í a shaothrú.

(6)

Toisc thábhachtach a spreagann rátaí ísle téarnaimh agus a stopann infheisteoirí ó ghnó a dhéanamh i ndlínsí ina bhfuil an baol go dtógfaidh nósanna imeachta rófhada agus go mbeidh siad róchostasach is ea an rófhad ama a thógann nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus urscaoilte i roinnt de na Ballstáit.

(7)

Eascraíonn costais bhreise d'infheisteoirí as na difríochtaí idir na Ballstáit maidir le nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar an riosca go mbeadh deacrachtaí airgeadais ag féichiúnaithe i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit nó an riosca a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i ngnólachtaí inmharthana a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu, agus na costais bhreise a bhaineann le hathstruchtúrú a dhéanamh ar fhiontair a bhfuil bunaíocht, creidiúnaithe nó sócmhainní acu i mBallstáit eile. Is amhlaidh an cás go mór mór nuair atá athstruchtúrú á dhéanamh ar ghrúpaí idirnáisiúnta cuideachtaí. Luann infheisteoirí gur neamhchinnteacht maidir le rialacha dócmhainneachta nó an baol a bhaineann le nósanna imeachta dócmhainneachta atá fada agus casta i dtír eile an phríomhchúis atá acu gan infheistíocht a dhéanamh ná dul i mbun caidreamh gnó le contrapháirtí lasmuigh den Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe. Tá an neamhchinnteacht sin ina díspreagadh dá bharr sin a chuireann bac ar shaoirse bunaíochta gnóthas agus fiontraíocht a chur chun cinn agus a dhéanann dochar d'fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh. Den chuid is mó, na hacmhainní atá ag teastáil chun na rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí trasteorann a mheasúnú, ní bhíonn siad ag micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”) go háirithe.

(8)

Mar thoradh ar na difríochtaí i measc na mBallstát i nósanna imeachta um athstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais, bíonn coinníollacha míchothroma ag baint le rochtain ar chreidmheas agus rátaí téarnaimh atá míchothrom sna Ballstáit. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach do mhargadh inmheánach dea-fheidhmiúil i gcoitinne agus go háirithe d'fheidhmiú Aontas na Margaí Caipitil, agus d'athléimneacht na ngeilleagar Eorpach, lena n-áirítear caomhnú agus cruthú post, go mbeadh comhchuibhiú níos mó i réimse an athstruchtúrúcháin, na dócmhainneachta agus an urscaoilte fiachais agus dícháilíochtaí.

(9)

Ba cheart laghdú a dhéanamh freisin ar an gcostas a bhaineann le measúnú riosca agus le forfheidhmiú trasteorann éileamh chreidiúnaithe fiontraithe a bhfuil rófhéichiúnas acu agus a athlonnaíonn chuig Ballstát eile chun urscaoileadh fiachais a fháil i dtréimhse ama atá i bhfad níos giorra. Chomh maith leis sin, ba cheart na costais bhreise a bhíonn ar fhiontraithe a laghdú a eascraíonn as an ngá atá le hathlonnú chuig Ballstát eile chun tairbhe a bhaint as urscaoileadh fiachais. Ina theannta sin, cuireann na bacainní a eascraíonn as orduithe fada dícháilithe atá nasctha le dócmhainneacht nó rófhéichiúnas fiontraí fiontraíocht faoi chois.

(10)

Ba cheart aon oibríocht athstruchtúraithe, go háirithe aon oibríocht mhór ag a bhfuil tionchar suntasach, a bheith bunaithe ar idirphlé leis na geallsealbhóirí. Ba cheart a chumhdach leis an idirphlé sin rogha na mbeart atá beartaithe maidir le cuspóirí na hoibríochta athstruchtúraithe, chomh maith le roghanna eile, agus ba cheart a áirithiú rannpháirtíocht leordhóthanach ionadaithe oibrithe a bheith ann de réir mar a fhoráiltear i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta.

(11)

Níl na bacainní ar fheidhmiú saoirsí bunúsacha teoranta do shuíomhanna trasteorann agus dóibh sin amháin. Ós rud é go bhfuil an margadh aonair ag éirí níos idirnasctha - de bharr saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, caipitil agus oibrithe - agus go bhfuil an ghné dhigiteach den mhargadh ag dul i neart i gcónaí, níl ach fíorbheagán fiontar atá náisiúnta amach is amach má chuirtear na gnéithe ábhartha ar fad san áireamh, amhail an bunachar cliant atá acu, an slabhra soláthair, réimse gníomhaíochtaí agus a mbonn infheisteoirí agus caipitil. D'fhéadfadh dócmhainneachtaí, ar dócmhainneachtaí náisiúnta amháin iad fiú, tionchar a bheith acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh tríd an éifeacht a bhíonn ag dócmhainneachtaí, ar a dtugtar éifeacht an domanó, trínar féidir le dócmhainneacht féichiúnaí tuilleadh dócmhainneachtaí a spreagadh sa slabhra soláthair.

(12)

Le Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) déileáltar le ceisteanna dlínse, le haitheantas agus forfheidhmiú, leis an dlí is infheidhme agus comhoibriú in imeachtaí dócmhainneachta trasteorann chomh maith leis an idirnasc idir cláir dhócmhainneachta. Cumhdaíonn an Rialachán sin raon feidhme nósanna imeachta coisctheacha a chuireann tarrtháil féichiúnaí atá inmharthana go heacnamaíoch chun cinn chomh maith le nósanna imeachta a thugann dara deis d'fhiontraithe. Mar sin féin, leis an Rialachán sin, ní théitear i ngleic leis na neamhréitigh idir na nósanna imeachta sin sa dlí náisiúnta. Ina theannta sin, ní bhainfeadh ionstraim a bheadh teoranta do dhócmhainneachtaí trasteorann amháin na bacainní go léir ar shaorghluaiseacht, ná ní bheadh sé indéanta ag infheisteoirí cineál trasteorann nó intíre na ndeacrachtaí airgeadais a d'fhéadfadh a bheith ag féichiúnaí sa todhchaí a chinneadh roimh ré. Is gá, dá bhrí sin, dul thar ábhair a bhaineann le comhoibriú breithiúnach agus íoschaighdeáin shubstainteacha a bhunú maidir le nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach agus nósanna imeachta as a dtagann urscaoileadh fiachais d'fhiontraithe.

(13)

Níor cheart gur dhochar an Treoir seo do raon feidhme Rialachán (AE) 2015/848. Is é atá mar aidhm leis a bheith i gcomhréir go hiomlán leis an Rialachán sin, agus é a chomhlánú freisin, trína cheangal ar na Ballstáit nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach a chur ar bun lena gcomhlíontar íosphrionsabail áirithe éifeachtachta. Ní athraíonn sé an cur chuige a glacadh sa Rialachán sin deis a thabhairt do na Ballstáit nósanna imeachta a choinneáil nó a thabhairt isteach nach gcomhlíonann coinníoll na poiblíochta maidir le fógra a thabhairt faoi Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Rialachán sin agus aitheantas trasteorann na nósanna imeachta dócmhainneachta agus aitheantas agus in-fhorfheidhmitheacht breithiúnas. Cé nach gceanglaíonn an Treoir go gcomhlíonann nósanna imeachta atá faoina raon feidhme na coinníollacha uile le haghaidh fógra a thabhairt faoin Iarscríbhinn sin, is é is aidhm dó aitheantas trasteorann na nósanna imeachta sin agus aitheantas agus in-fhorfheidhmitheacht breithiúnas a éascú.

(14)

Is é is buntáiste chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2015/848 go ndéantar foráil ann le coimircí i gcoinne athshuí éagórach lárionad príomhleasa an fhéichiúnaí le linn imeachtaí dócmhainneachta trasteorann. Ba cheart feidhm a bheith ag srianta áirithe maidir le himeachtaí nach gcumhdaítear faoin Rialachán seo.

(15)

Is gá na costais a bhaineann le hathstruchtúrú a laghdú d'fhéichiúnaithe agus do chreidiúnaithe. Dá bhrí sin, ba cheart laghdú a dhéanamh ar na difríochtaí idir na Ballstáit a chuireann isteach ar luath-athstruchtúrú féichiúnaithe inmharthana a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu agus ar an bhféidearthacht a bhaineann le hurscaoileadh fiachais d'fhiontraithe macánta. Ba cheart gurbh fhearrde trédhearcacht, deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht san Aontas dá bharr sin. Chomh maith leis sin, ba cheart dó na sochair a uasmhéadú do gach cineál creidiúnaí agus infheisteora agus infheistíocht trasteorann a spreagadh. Le níos mó comhleanúnachais le hathstruchtúrú agus nósanna imeachtaí dócmhainneachta, ba cheart athstruchtúrú grúpaí cuideachtaí a éascú beag beann ar an áit a bhfuil comhaltaí an ghrúpa suite san Aontas.

(16)

Cuidíonn baint na mbacainní ar athstruchtúrú coisctheach éifeachtach a dhéanamh ar fhéichiúnaithe inmharthana a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu le híoslaghdú a dhéanamh ar chaillteanas post agus ar chaillteanais luacha do chreidiúnaithe sa slabhra soláthair agus caomhnaíonn sé saineolas agus scileanna agus dá réir sin baineann an geilleagar i gcoitinne tairbhe as. Má éascaítear urscaoileadh fiachais d'fhiontraithe, chuideofaí lena n-eisiamh ón margadh fostaíochta a sheachaint agus cuirtear ar a gcumas gníomhaíochtaí fiontraíochta a atosú, agus ciall cheannaithe acu ón taithí a fuair siad roimhe sin. Anuas ar an méid sin, mar thoradh ar fhad na nósanna imeachta um athstruchtúrú a ghiorrú, bheadh na rátaí téarnaimh do chreidiúnaithe níos airde mar nár ghnách tarlú le himeacht ama ach go gcaillfeadh an féichiúnaí níos mó luacha. Ar deireadh, de bharr creataí éifeachtacha dócmhainneachta a bheith ann d'fhéadfaí measúnú níos fearr a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le cinntí i dtaca le hiasachtaí a thabhairt agus a fháil, chomh maith le maolú a dhéanamh ar an gcoigeartú i gcás féichiúnaithe atá dócmhainneach nó a bhfuil rófhéichiúnas acu, agus dhéanfaí na costais eacnamaíocha agus shóisialta a bhainfeadh lena bpróiseas díluamhánaithe a íoslaghdú. Leis an Treoir seo, ba cheart solúbthacht a thabhairt do na Ballstáit na prionsabail choiteanna sin a chur i bhfeidhm agus na córais dlí náisiúnta á n-urramú acu. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann creataí eile um athstruchtúrú coisctheach seachas na cinn dá bhforáiltear leis an Treoir seo a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach ina gcuid córas náisiúnta dlí féin.

(17)

Ba cheart d'fhiontair, agus go háirithe FBManna, arb ionann iad agus 99 % de ghnólachtaí uile an Aontais, bheith in ann tairbhiú de chur chuige níos comhleanúnaí ar leibhéal an Aontais. Is mó an seans go nglacfar faoi leachtú FBManna nó go mbeidh siad faoi réir athstruchtúrú ós rud é nach mór dóibh costais a sheasamh atá i bhfad níos airde ná iad siúd a ghearrfar ar fhiontair níos mó. I gcás FBManna, go háirithe má tá deacrachtaí airgeadais acu, is minic nach mbíonn na hacmhainní riachtanacha acu chun dul i ngleic le costais athstruchtúraithe atá an-ard agus le tairbhiú de na nósanna imeachta um athstruchtúrú atá níos éifeachtúla agus nach bhfuil ar fáil ach i roinnt Ballstát. Chun cabhrú leis na féichiúnaithe sin athstruchtúrú a dhéanamh ar chostas íseal, ba cheart seicliostaí cuimsitheacha a fhorbairt go náisiúnta i ngeall ar phleananna athstruchtúrúcháin arna n-oiriúint do riachtanais agus sainiúlachtaí na FBManna, agus na liostaí sin a chur ar fáil ar líne. De bhreis air sin, ba cheart uirlisí réamhrabhaidh a chur i bhfeidhm chun foláireamh a thabhairt d'fhéichiúnaithe gur gá gníomhú go tapa, agus é á chur san áireamh nach bhfuil ach acmhainní teoranta ag na FBManna chun saineolaithe gairmiúla a fhostú.

(18)

Agus FBManna á sainmhíniú acu, ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) nó ar Moladh an 6 Bealtaine 2003 ón gCoimisiún maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (6).

(19)

Is iomchuí a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo féichiúnaithe ar gnóthais árachais agus athárachais iad mar a shainmhínítear i bpointí (1) agus (4) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), institiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), gnólachtaí infheistíochta agus gnóthais chomhinfheistíochta mar a shainmhínítear i bpointí (2) agus (7) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, contrapháirtithe lárnacha mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), taisclanna lárnacha urrús mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus institiúidí agus eintitis airgeadais eile atá liostaithe sa chéad fhomhír d'Airteagal 1(1) de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Tá féichiúnaithe den sórt sin faoi réir socruithe speisialta agus tá cumhachtaí fairsinge idirghabhála ag na húdaráis mhaoirseachta agus réitigh náisiúnta i dtaca leo. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann eintitis airgeadais eile a eisiamh, ar eintitis iad sin a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais atá faoi réir socruithe inchomparáide agus cumhachtaí idirghabhála inchomparáide.

(20)

I ndáil le cúinsí comhchosúla, is iomchuí freisin comhlachtaí poiblí faoin dlí náisiúnta a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo freisin. Chomh maith leis sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an rochtain ar na creataí um athstruchtúrú coisctheach a theorannú do dhaoine dlítheanacha, ós rud e go bhféadfar deacrachtaí airgeadais na bhfiontraithe a réiteach go héifeachtach ní amháin trí bhíthin nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach ach trí bhíthin nósanna imeachta as a dtiocfaidh urscaoileadh fiachais nó trí bhíthín athstruchtúrú neamhfhoirmiúil bunaithe ar chomhaontuithe conarthacha. Na Ballstáit a bhfuil córais dlí éagsúla acu agus ina bhfuil stádas dlí éagsúla sna córais dlí sin ag eintiteas den chineál céanna, ba cheart dóibh a bheith in ann córas aonfhoirmeach amháin a chur i bhfeidhm maidir le heintitis den chineál sin. Níor cheart creataí um athstruchtúrú coisctheach a leagtar síos de bhun na Treorach seo a bheith in ann tionchar a imirt ar éilimh agus teidlíochtaí i gcoinne féichiúnaí a eascraíonn as córais pinsean gairmiúil má tharla fabhrú na n-éileamh agus na dteidlíochtaí sin i dtréimhse roimh an athstruchtúrú.

(21)

Baineann imní mhór eacnamaíoch agus shóisialta le rófhéichiúnas tomhaltóirí agus tá dlúthbhaint aige le hiarmharach fiachais a laghdú. Thairis sin, is minic nach féidir idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na fiachais arna dtabhú ag fiontraí i gcúrsa a gceird, a ngnó, a gceardaíocht nó a ngairm agus na cinn arna dtabhú lasmuigh de na gníomhaíochtaí seo. Ní bheadh fiontraithe in ann tairbhiú go héifeachtach de dhara deis dá mbeadh orthu dul trí nósanna imeachta ar leithligh, le coinníollacha rochtana agus tréimhsí urscaoilte éagsúla, chun a gcuid fiachas gnó agus a gcuid fiachas a tabhaíodh lasmuigh dá ngnó a urscaoileadh. Ar na cúiseanna sin, cé nach bhfuil rialacha ceangailteacha maidir le rófhéichiúnas tomhaltóirí san áireamh sa Treoir seo, bheadh sé inmholta go ndéanfadh na Ballstáit na forálacha maidir le hurscaoileadh a chur i bhfeidhm ar na tomhaltóirí freisin a luaithe is féidir.

(22)

Dá luaithe is féidir leis an bhféichiúnaí a chuid deacrachtaí airgeadais a bhrath agus beart iomchuí a dhéanamh, is amhlaidh is airde an dóchúlacht go seachnóidh sé an dócmhainneacht atá in aicearracht nó, i gcás gnólacht a bhfuil a inmharthanacht lagaithe go buan, is amhlaidh is ordúla agus is éifeachtúla an próiseas leachtaithe. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis atá cothrom le dáta, beacht agus sothuigthe maidir leis na nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach atá ar fáil chomh maith le huirlis réamhrabhaidh amháin nó níos mó a chur i bhfeidhm chun féichiúnaithe, a gcastar deacrachtaí airgeadais ina mbealach, a dhreasú beart a dhéanamh go luath. Féadfar uirlisí réamhrabhaidh, ar nós sásraí foláirimh i gcás nach ndearna an féichiúnaí íocaíochtaí de chineálacha áirithe, a thionscain i gcás, mar shampla, neamhíocaíocht cánacha nó ranníocaíochtaí slándála sóisialta. D'fhéadfadh na Ballstáit nó eintitis phríobháideacha uirlisí den sórt sin a fhorbairt, ar choinníoll go ndéanfaí an cuspóir a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit faisnéis faoin gcóras réamhrabhaidh a chur ar fáil ar líne, mar shampla ar shuíomh nó leathanach gréasáin tiomnaithe. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na huirlisí réamhrabhaidh a oiriúnú i ngeall ar mhéid an fhiontair agus ba cheart dóibh a bheith in ann forálacha sonracha maidir le huirlisí réamhrabhaidh a leagan síos le haghaidh fiontair mhórmhéide agus grúpaí mórmhéide lena gcuirtear san áireamh a saintréithe. Níor cheart don Treoir seo dliteanas ar bith a fhorchur ar na Ballstáit i leith damáiste a d'fhéadfadh a bheith ann agus a thabhaítear ag nósanna imeachta um athstruchtúrú a spreagann na huirlisí réamhrabhaidh sin.

(23)

Mar iarracht chun tacaíocht na n-oibrithe agus a gcuid ionadaithe a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar rochtain d'ionadaithe na n-oibrithe ar fhaisnéis ábhartha agus chothrom le dáta i ndáil le hinfhaighteacht na n-uirlisí réamhrabhaidh agus ba cheart dóibh a bheith in ann tacaíocht a chur ar fáil d'ionadaithe na n-oibrithe freisin chun staid eacnamaíoch an fhéichiúnaí a mheasúnú.

(24)

Ba cheart creat um athstruchtúrú a bheith ar fáil d'fhéichiúnaithe, lena n-áirítear eintitis dhlítheanacha agus, i gcás ina bhforáiltear dó faoin dlí náisiúnta, daoine nádúrtha agus grúpaí de chuideachtaí, chun go mbeadh ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar a gcuid deacrachtaí airgeadais ag an tús, nuair atá an chosúlacht ann go bhféadfaí a ndócmhainneacht a chosc agus go bhféadfaí inmharthanacht an ghnó a áiritihiú. Ba cheart creat um athstruchtúrú a bheith ar fáil sula dtagann an féichiúnaí chun bheith dócmhainneach de réir an dlí náisiúnta, i.e. sula sásaíonn an féichiúnaí na coinníollacha faoin dlí náisiúnta chun a bheith rannpháirteach in imeachtaí comhchoiteanna dócmhainneachta a mbíonn dífheistiú iomlán an fhéichiúnaí agus ceapadh leachtaitheora i gceist leo de ghnáth. Chun nach mbainfí mí-úsáid as creataí um athstruchtúrú, ba cheart, le deacrachtaí airgeadais an fhéichiúnaí, dóchúlacht na dócmhainneachta a léiriú agus ba cheart don phlean athstruchtúraithe a bheith in ann dócmhainneacht an fhéichiúnaí a chosc agus inmharthanacht an ghnólachta a áirithiú.

(25)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh an áireofar éilimh atá dlite nó a dtagann ann dóibh tar éis d'iarratas chun nós imeachta um athstruchtúrú coisctheach a thionscnamh a bheith curtha isteach nó tar éis don nós imeachta a bheith tionscanta sna bearta um athstruchtúrú coisctheach nó sa bhaic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh an bhfuil tionchar ar na leasanna a bhaineann le héilimh ag baic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair.

(26)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann triail inmharthanachta a thabhairt isteach i dtaca leis an bhféichiúnaí mar choinníoll chun rochtain a fháil ar an nós imeachta um athstruchtúrú coisctheach dá bhforáiltear sa Treoir seo. Ba cheart triail den sórt sin a dhéanamh gan dochar do shócmhainní an fhéichiúnaí, agus d'fhéadfadh sé, i measc nithe eile, bheith i bhfoirm bac eatramhach a dheonú nó an triail a dhéanamh gan moill míchuí. Mar sin féin, i gcás gurb amhlaidh atá nach ndearnadh aon dochar, níor cheart dó sin cosc a chur ar na Ballstáit ceangal a chur ar fhéichiúnaithe a n-inmharthanacht a chruthú ar a gcostas féin.

(27)

Ós rud é gur féidir leis na Ballstáit rochtain ar chreat um athstruchtúrú a theorannú i dtaca le fiontair ar ar gearradh pianbhreith mar gheall ar sháruithe tromchúiseacha ar oibleagáidí maidir le cuntasaíocht nó leabharchoimeád, níor cheart don mhéid sin cosc a chur ar na Ballstáit rochtain a bheith ag féichiúnaithe ar nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach i gcás ina bhfuil a leabhair agus a dtaifid neamhiomlán nó easnamhach ar bhealach nach féidir gnó agus staid airgeadais na bhféichiúnaithe a chinntiú.

(28)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann síneadh a chur le raon feidhme na gcreataí um athstruchtúrú coisctheach dá bhforáiltear sa Treoir seo chun cásanna ina bhfuil deacrachtaí neamh-airgeadais ag féichiúnaithe a chuimsiú, ar an gcoinníoll go gur bagairt thromchúiseach na deacrachtaí sin ar chumas iarbhír fhéichiúnaí a fhiacha a ghlanadh nó ar a chumas amach anseo iad a ghlanadh de réir mar a bheidh siad dlite. Féadfar an tréimhse ama a bheidh ábhartha chun bagairt den chineál sin a chinneadh a fhadú go tréimhse roinnt míonna nó níos faide fós d'fhonn gach cás a chur san áireamh ina mbeadh an féichiúnaí i dtuilleamaí deacrachtaí neamh-airgeadais a bhagraíonn ar stádas a ghnó mar ghnólacht agus, sa mheántéarma, ar a leachtacht. D'fhéadfadh gurb amhlaidh a bheadh ann, mar shampla, i gcásanna inar baineadh den fhéichiúnaí conradh a bhí fíorthábhachtach dó.

(29)

Ar mhaithe le héifeachtúlacht a chur chun cinn agus moilleanna agus costais a laghdú, ba cheart nósanna imeachta solúbtha a áireamh sna creataí um athstruchtúrú coisctheach. I gcás ina gcuirfear an Treoir seo chun feidhme trí bhíthin nós imeachta amháin nó níos mó laistigh de chreat um athstruchtúrú, ba cheart rochtain a bheith ag an bhféichiúnaí ar na cearta uile agus na coimircí uile dá bhforáiltear leis an Treoir seo chun críocha athstruchtúrú éifeachtach a bhaint amach. Cé is moite de cásanna rannpháirtíocht éigeantach na n-údarás breithiúnach nó riaracháin a cheanglaítear faoin Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann teorainn a chur lena rannpháirtíocht i gcás ina bhfuil sé riachtanach agus comhréireach, agus ag an am céanna aird á tabhairt, i measc nithe eile, ar aidhm chosaint chearta agus leasanna na bhféichiúnaithe agus na bpáirtithe dá ndéantar difear, agus é mar chuspóir moilleanna agus costais na nósanna imeachta a laghdú. I gcás ina gceadaítear do chreidiúnaithe nó d'ionadaithe na n-oibrithe nós imeachta um athstruchtúrú a thionscnamh faoin dlí náisiúnta agus i gcás inar FBM an féichiúnaí, ba cheart do na Ballstáit comhaontú an fhéichiúnaí a chur de cheangal mar réamhchoinníoll chun an nós imeachta a thionscnamh, agus ba cheart dóibh a bheith in ann freisin an ceangal sin a leathnú go féichiúnaithe ar fiontair mhóra iad.

(30)

Chun costais neamhriachtanacha a sheachaint, cineál luath an nós imeachta a léiriú agus féichiúnaithe a dhreasú athstruchtúrú coisctheach a iarraidh go luath i ndiaidh dóibh casadh ar dheacrachtaí airgeadais, ba cheart, i bprionsabal, sócmhainní na bhféichiúnaithe agus feidhmiú a ngnólachtaí ó lá go lá a fhágáil faoi rialú na bhféichiúnaithe féin. Níor cheart ceapadh cleachtóir athstruchtúrúcháin chun maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhartha an fhéichiúnaí nó seilbh a ghlacadh ar rialú páirteach na n-oibríochtaí laethúla, a bheith éigeantach i ngach cás, ach ba cheart é a dhéanamh ar bhonn gach cáis faoi leith ag brath ar chúinsí an cháis agus ar shainriachtanais an fhéichiúnaí. Dá ainneoin sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh gur gá i gcónaí, in imthosca áirithe, cleachtóir i réimse an athstruchtúrúcháin a cheapadh, amhail i gcás ina mbaineann an féichiúnaí tairbhe as bac ginearálta ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair, i gcás inar gá an phlean athstruchtúrúcháin a dhaingniú trí bhíthin athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí nó i gcás ina n-áireofar sa phlean um athstruchtúrú bearta a dhéanann difear do na cearta atá ag oibrithe, i gcás ina raibh an féichiúnaí nó a lucht bainistíochta ag gníomhú go coiriúil, go calaoiseach, nó ar dhóigh a dhéanann dochar don chaidreamh gnó.

(31)

Chun críche cabhrú leis na páirtithe chun plean athstruchtúraithe a chaibidliú agus a dhréachtú, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh le ceapadh éigeantach cleachtóra chun críche cabhrú leis na páirtithe chun plean athstruchtúraithe a chaibidliú agus a dhréachtú i gcás ina ndeonaíonn údarás breithiúnach nó riaracháin bac ginearálta ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair ar choinníoll go bhfuil gá le cleachtóir chun leasanna na bpáirtithe a chosaint, i gcás nach mór an plean athstruchtúraithe a bheith daingnithe ag údarás breithiúnach nó riaracháin trí athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí, i gcás inar iarr an féichiúnaí é nó i gcás inar iarr tromlach na gcreidiúnaithe é, ar choinníoll go gcumhdóidh na creidiúnaithe costais agus táillí an chleachtóra.

(32)

Ba cheart d'fhéichiúnaí a bheith in ann tairbhiú de bhac sealadach ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair, is cuma cé acu a dheonaíonn údarás breithiúnach nó riaracháin é nó a dheonaítear é trí fheidhmiú an dlí agus é mar aidhm tacú leis an gcaibidlíocht faoi phlean athstruchtúrúcháin, chun bheith in ann leanúint de bheith ag oibriú nó ar a laghad luach a eastáit a chaomhnú le linn na hidirbheartaíochta. I gcás ina bhforáiltear amhlaidh leis an dlí náisiúnta, ba cheart é a bheith indéanta an bac a chur i bhfeidhm freisin chun leasa soláthraithe urrús tríú páirtí, lena n-áirítear ráthóirí agus lucht bronnta comhthaobhachta. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil gur féidir leis na húdaráis bhreithiúnacha nó riaracháin diúltú bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair a dheonú i gcás nach gá bac den sórt sin a bheith ann nó i gcás nach gcomhlíonfaí leis an cuspóir arb é tacú leis an gcaibidlíocht. Ar na fachtóirí a d'fhéadfadh sé gurbh fhoras iad chun diúltú, tá easpa tacaíochta ó thromlach riachtanach na gcreidiúnaithe nó, i gcás ina bhforáiltear dó sin faoin dlí náisiúnta, neamhábaltacht iarbhír an fhéichiúnaí na fiacha a íoc de réir mar a bheidh siad dlite.

(33)

D'fhonn na himeachtaí a éascú agus dlús a chur leo, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a shuí, ar bhonn toimhdí infhrisnéise, go bhfuil ann do na forais chun an bac a dhiúltú, i gcás iompair féichiúnaí, mar shampla, a bheadh tipiciúil nuair nach mbeadh an féichiúnaí sin in ann na fiacha a íoc de réir mar a bheidís dlite, amhail mainneachtain shuntasach i leith oibrithe nó cánach nó gníomhaireachtaí slándála sóisialta, nó i gcás ina ndearna an féicihiúnaí nó bainistíocht reatha an fhiontair coir airgeadais, rud a thabharfadh an chúis lena chreidiúint nach dtacódh tromlach na gcreidiúnaithe le tús a chur leis an gcaibidlíocht.

(34)

D'fhéadfadh bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair a bheith ginearálta, a mhéid a bhaineann sé le gach creidiúnaí, nó d'fhéadfaí feidhm a bheith aige maidir le creidiúnaithe aonair áirithe nó maidir le catagóirí creidiúnaithe áirithe. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann éilimh nó catagóirí áirithe a eisiamh ó raon feidhme an bhaic i gcúinsí léirshainithe, amhail éilimh a urraítear le sócmhainní nach gcuirfeadh a bhaint athstruchtúrú an fhiontair i mbaol nó éilimh na gcreidiúnaithe a chruthódh bac dochar éagórach ina leith i mbaol, mar shampla trí bhíthin caillteanas neamhchúitithe nó díluacháil comhthaobhachta.

(35)

Chun foráil a dhéanamh maidir le cothromaíocht chóir idir cearta an fhéichiúnaí agus cearta na gcreidiúnaithe, níor cheart feidhm a bheith ag bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair ach ar feadh uastréimhse nach faide ná 4 mhí. D'fhéadfadh sé go dteastódh níos mó ama, áfach, i gcás athstruchtúrú casta. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh i gcásanna den chineál sin gur féidir leis an údarás breithiúnach nó riaracháin síntí ar thréimhse thosaigh an bhaic a dheonú i gcásanna den chineál sin. I gcás nach ndéanann údarás breithiúnach nó riaracháin cinneadh maidir le síneadh a chur le bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe sula dtéann an bac i léig, ba cheart don bhac scor d'éifeachtaí a bheith leis an lá a dtéann tréimhse an bhaic as feidhm. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart teorainn 12 mhí a bheith le tréimhse iomlán an bhaic. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil do thréimhse fanachta éiginnte i gcás ina mbeidh an féichiúnaí dócmhainneach faoin dlí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh an mbeidh bac gearr eatramhach, i dtaca le cinneadh údaráis bhreithiúnaigh nó riaracháin atá ar feitheamh maidir le rochtain ar an gcreat um athstruchtúrú coisctheach, faoi réir na dteorainneacha ama faoin Treoir seo.

(36)

D'fhonn a áirithiú nach ndéanfaí dochar neamhriachtanach do chreidiúnaithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis na húdaráis bhreithiúnacha nó riaracháin an bac a chur i leataobh más rud é nach gcomhlíonann sé a thuilleadh an cuspóir go dtacófaí leis an idirbheartaíocht, mar shampla, más léir nach dtacaíonn an tromlach creidiúnaithe a cheanglaítear le leanúint den idirbheartaíocht. Ba cheart an bac a chur i leataobh freisin más rud é go bhfuil dochar míchuí á dhéanamh do chreidiúnaithe leis, i gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le rogha den sórt sin. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an fhéidearthacht an bac a chur i leataobh a theorannú go cásanna nach raibh an deis ag creidiúnaithe éisteacht a fháil sular tháinig an bac i bhfeidhm nó sular cuireadh síneadh leis. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit freisin foráil a dhéanamh maidir le híostréimhse nach bhféadfaí an bac a chur i leataobh lena linn. Chun a shuí an bhfuil dochar míchuí á dhéanamh do chreidiúnaithe, ba cheart d'údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin a bheith in ann a chur san áireamh an ndéanfaí luach foriomlán an eastáit a chaomhnú leis an mbac, agus an bhfuil an féichiúnaí ag gníomhú de mheon mímhacánta nó an bhfuil sé mar aidhm aige dochar a dhéanamh nó an bhfuil sé ag gníomhú go ginearálta in aghaidh ionchais dhlisteanacha na gcreidiúnaithe i gcoitinne.

(37)

Leis an Treoir seo, ní chumhdaítear forálacha maidir le cúiteamh nó ráthaíochtaí do chreidiúnaithe ar dócha go dtiocfaidh laghdú ar luacha a gcomhthaobhachta le linn don bhac a bheith ann. Dhéanfadh an bac dochar míchuí do chreidiúnaí aonair nó d'aicme creidiúnaithe, mar shampla, dá ndéanfaí a n-éilimh níos measa go mór de dheasca an bac a cheadú ná mar a bheidís mura mbeadh feidhm ag an mbac, nó dá gcuirfí an creidiúnaí faoi mhíbhuntáiste níos mó ná creidiúnaithe eile atá sa staid chéanna. I gcás ar bith ina suífí gur raibh dochar míchuí á dhéanamh do cheann amháin nó níos mó de na creidiúnaithe, nó ceann amháin nó níos mó de na haicmí creidiúnaithe, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil go bhféadfaí an bac a chur i leataobh i ndáil leis na creidiúnaithe sin nó i ndáil leis na haicmí creidiúnaithe sin nó i leith na gcreidiúnaithe go léir. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh cé a bheidh in ann a iarraidh go chuirfí an bac i leataobh.

(38)

Le bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair, ba cheart freisin go gcuirfí ar fionraí an oibleagáid atá ar an bhféichiúnaí nós imeachta dócmhainneachta a iarraidh nó go gcuirfí ar fionraí nós imeachta dócmhainneachta arna iarraidh sin ó chreidiúnaí a thionscnamh, agus a bhféadfadh leachtú an fhéichiúnaí a bheith mar thoradh air. Ba cheart a áireamh ar na nósanna imeachta dócmhainneachta sin freisin, de bhreis ar na cinn atá á dteorannú leis an dlí sa dhóigh is nach féidir teacht astu ach leachtú an fhéichiúnaí, nósanna imeachta a bhféadfadh athstruchtúrú an fhéichiúnaí a bheith mar thoradh orthu. Fionraí ar nós imeachta dócmhainneachta arna iarraidh ag creidiúnaithe a thionscnamh, ba cheart feidhm a bheith leis an méid sin ní hamháin i gcás ina bhforálann Ballstáit do bhac ginearálta ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair lena gcumhdaítear na creidiúnaithe go léir, ach i gcás ina ndéanann Ballstáit foráil maidir leis an rogha go ndéanfaí bac a chur ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair a chumhdófaí líon teoranta creidiúnaithe. Fós féin, d'fhéadfadh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaí imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh ar iarratas ó údaráis phoiblí nach bhfuil ag gníomhú i gcáil creidiúnaí, ach chun leasa ghinearálta, amhail ionchúisitheoir poiblí.

(39)

Leis an Treoir seo, níor cheart cosc a chur ar fhéichiúnaithe ó éilimh creidiúnaithe nó éilimh atá dlite do chreidiúnaithe nach ndéantar difear dóibh agus éilimh creidiúnaithe dá ndéantar difear a íoc i ngnáthchúrsa gnó, ar éilimh iad a thagann chun cinn le linn an bhaic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair. Chun a áirithiú nach ndéanann creidiúnaithe arbh ann dá n-éilimh sular tionscnaíodh nós imeachta um athstruchtúrú nó bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair brú a chur ar an bhféichiúnaí na héilimh sin a laghdófaí tríd an bplean athstruchtúraithe a chur i bhfeidhm a íoc, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh go gcuirfí an oibleagáid ar an bhféichiúnaí ar fionraí i dtaca leis na héilimh sin a íoc.

(40)

Nuair a ghlacann féichiúnaí páirt i nós imeachta dócmhainneachta, is féidir cearta conarthacha, dá bhforáiltear i gclásail ipso facto a bheith ag roinnt soláthraithe lena dtugtar teideal dóibh an conradh soláthair a fhoirceannadh mar gheall ar an dócmhainneacht agus mar gheall uirthi sin amháin, fiú má chomhlíon an féichiúnaí a oibleagáidí go cuí. d'fhéadfaíclásail ipso facto a thrucearú freisin nuair a dhéanann féichiúnaí iarratas ar bhearta um athstruchtúrú coisctheach. I gcás ina ndéantar clásail den sórt sin a ghairm nuair nach bhfuil an féichiúnaí ach ag idirbheartú plean athstruchtúraithe nó nuair nach bhfuil á dhéanamh aige ach bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe a iarraidh, nó i gcás ina ndéantar iad a ghairm i dtaca le haon imeacht a bhaineann leis an mbac, is féidir tionchar diúltach a bheith ag luathfhoirceannadh ar ghnó an fhéichiúnaí agus ar tharrtháil rathúil an ghnó. Dá bhrí sin, i gcásanna den sórt sin, tá sé riachtanach a fhoráil nach gceadófaí do chreidiúnaithe clásail ipso facto a ghairm lena dtagraítear d'idirbheartaíocht maidir le plean athstruchtúraithe nó do bhac nó d'aon imeacht den sórt sin a bhfuil baint aige leis an mbac.

(41)

Le luathfhoirceannadh, is féidir cumas an ghnólachta leanúint ag feidhmiú le linn idirbheartaíocht athstruchtúraithe a chur i mbaol, go háirithe nuair a bhaineann sé le conarthaí i gcomhair soláthairtí bunriachtanacha amhail gás, leictreachas, uisce, teileachumarsáid agus seirbhísí íocaíochta cárta. Ba cheart do na Ballstáit a fhoráil nach gceadaítear do chreidiúnaithe a bhfuil feidhm ag an mbac maidir leo, agus arbh ann dá n-éilimh roimh don bhac a bheith ann agus nár íoc an féichiúnaí iad, comhlíonadh conarthaí le comhlíonadh ar den riachtanas iad a choinneáil siar, nó iad a fhoirceannadh, a luathú nó a mhodhnú ar bhealach ar bith eile le linn tréimhse an bhaic, ar choinníoll go gcomhlíonann an féichiúnaí a chuid oibleagáidí faoi na conarthaí sin a thiocfaidh le bheith dlite i rith thréimhse an bhaic. Is chonarthaí le comhlíonadh mar shampla. comhaontuithe léis agus ceadúnais, conarthaí fadtéarmacha soláthair agus comhaontuithe saincheadúnais.

(42)

Leis an Treoir seo, leagtar síos caighdeáin íosta maidir le hábhar an phlean athstruchtúraithe. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann mínithe breise a éileamh sa phlean athstruchtúraithe, mar shampla i ndáil leis na critéir ar dá réir a rinneadh creidiúnaithe a ghrúpáil, rud a d'fhéadfadh a bheith ábhartha i gcás nach raibh an fiachas urraithe ach i bpáirt. Níor cheart do Bhallstáit a bheith faoi oibleagáid tuairim ó shaineolaí a éileamh maidir le luach na sócmhainní nach foláir a léiriú sa phlean.

(43)

Ba cheart a bheith de cheart ag creidiúnaithe dá ndéanann plean athstruchtúraithe difear, lena n-áirítear oibrithe, agus ag sealbhóirí cothromais, nuair a cheadaítear é sin faoin dlí náisiúnta, vótáil ar ghlacadh plean athstruchtúraithe. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil d'eisceachtaí teoranta ón riail seo. Níor cheart aon cheart vótála i dtaca leis an bplean a bheith ag páirtithe nach ndéanann an plean athstruchtúraithe difear dóibh, ná níor cheart a dtacaíocht a bheith riachtanach chun aon phlean a fhormheas. Níor cheart a áireamh i gcoincheap na “bpáirtithe dá ndéantar difear” ach oibrithe ina gcáil mar chreidiúnaithe. Dá bharr sin, má chinneann na Ballstáit éilimh na n-oibrithe a dhíolmhú ón gcreat um athstruchturú coisctheach, níor cheart na hoibrithe a mheas mar pháirtithe dá ndéantar difear. D'fhéadfaí an vótáil ar ghlacadh plean athstruchtúraithe a dhéanamh trí phróiseas vótála foirmiúil nó trí chomhairliúchán agus comhaontú leis an tromlach a cheanglaítear de na páirtithe dá ndéantar difear. Mar sin féin, nuair a bhíonn an vótáil i bhfoirm comhaontú leis an tromlach riachtanach, ba cheart an deis a thabhairt, in ainneoin sin, do pháirtithe nach raibh páirteach sa chomhaontú sin a bheith páirteach sa phlean athstruchtúraithe.

(44)

Chun a áirithiú go gcaitear go cothrom le cearta atá comhchosúil ó thaobh substainte de agus chun gur féidir pleananna athstruchtúraithe a ghlacadh gan dochar míchothrom a dhéanamh do chearta na bpáirtithe dá ndéantar difear, ba cheart caitheamh leis na páirtithe dá ndéantar difear in aicmí ar leithligh a chomfhreagraíonn do na critéir um fhoirmiú aicmí faoin dlí náisiúnta. Ciallaíonn “foirmiú aicmí” grúpáil na bpáirtithe dá ndéantar difear chun críocha plean a ghlacadh ar bhealach a léiríonn cearta agus sinsearacht a n-éileamh agus a leasanna. Ar a laghad, ba cheart caitheamh le creidiúnaithe urraithe agus creidiúnaithe neamhurraithe mar aicmí ar leithligh i gcónaí. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal go ndéanfaí níos mó ná dhá aicme creidiúnaithe a dhéanamh, lena n-áirítear aicmí éagsúla creidiúnaithe neamhurraithe nó urraithe agus aicmí creidiúnaithe a bhfuil éilimh fho-ordaithe acu. Ba cheart do na Ballstáit bheith in ann caitheamh le cineálacha eile creidiúnaithe nach bhfuil a ndóthain comhghnéithe leasa acu in aicmí ar leithligh, amhail údaráis cánach nó slándála sóisialta. Ba cheart é a bheith indéanta do na Ballstáit chomh maith foráil a dhéanamh gur féidir éilimh urraithe a roinnt ina gcodanna urraithe agus ina gcodanna neamhurraithe bunaithe ar luacháil na comhthaobhachta. Chomh maith leis sin, ba cheart é a bheith indéanta do Bhallstáit rialacha sonracha a leagan síos lena dtacófaí le foirmiú aicmí i gcás ina rachadh foirmiú aicmí den sórt sin chun tairbhe creidiúnaithe neamhéagsúlaithe nó creidiúnaithe a bheadh an-leochaileach murach sin, amhail oibrithe agus soláthraithe beaga.

(45)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh gur féidir féichiúnaithe ar FBManna iad a dhíolmhú ón oibleagáid go gcaithfí le páirtithe dá ndéantar difear in aicmí ar leithligh, i ngeall ar struchtúr measartha simplí caipitil na bhféichiúnaithe sin. I gcásanna inar roghnaigh FBManna gan ach aon aicme vótála a úsáid agus go vótálann an aicme sin i gcoinne an phlean, ba cheart é a bheith indéanta d'fhéichiúnaithe plean eile a thíolacadh, i gcomhréir le prionsabail ghinearálta na Treorach seo.

(46)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú ar aon nós go gcaitear go leordhóthanach, ina ndlí náisiúnta, le hábhair atá tábhachtach go háirithe ar mhaithe le foirmiú aicmí, amhail éilimh ó pháirtithe nasctha, agus go bhfuil rialacha ina ndlí náisiúnta a théann i ngleic le héilimh theagmhasacha agus le héilimh a chonspóidtear. Ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit an chaoi a láimhseáltar éilimh a chonspóidtear a rialáil leis an dlí náisiúnta chun críocha na cearta vótála a chionroinnt. Ba cheart don údarás breithiúnach nó riaracháin foirmiú aicmí a scrúdú, lena n-áirítear roghnú na gcreidiúnaithe dá ndéanann an plean difear, nuair a chuirtear isteach plean athstruchtúraithe lena dhaingniú. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh gur féidir le húdarás den sórt sin scrúdú a dhéanamh freisin ar fhoirmiú aicmí ag céim níos luaithe dá n-iarrfadh moltóir an phlean bailíochtú nó treoir roimh ré.

(47)

Ba cheart tromlaigh riachtanacha a bhunú leis an dlí náisiúnta chun a áirithiú nach féidir le mionlach de pháirtithe dá ndéantar difear i ngach aicme cur isteach ar ghlacadh plean athstruchtúraithe nach laghdaíonn a gcearta agus a leasanna go míchothrom. Mura mbeadh rialú tromlaigh ina cheangal ar chreidiúnaithe urraithe easaontacha, ní fhéadfaí luath-athstruchtúrú a dhéanamh i mórán cásanna, mar shampla, i gcás ina bhfuil athstruchtúrú airgeadais riachtanach ach go bhfuil an gnólacht inmharthana seachas sin. Chun a áirithiú go bhfuil tionchar ag páirtithe ar ghlacadh pleananna athstruchtúraithe i gcomhréir leis na leasanna atá acu sa ghnólacht, ba cheart an tromlach a cheanglaítear a bheith bunaithe ar mhéid éilimh na gcreidiúnaithe nó ar leasanna na sealbhóirí cothromais in aon aicme faoi leith. Ba cheart do na Ballstáit, ina theannta sin, a bheith in ann a éileamh go mbeadh tromlach i líon na bpáirtithe dá ndéantar difear i ngach aicme. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rialacha a leagan síos i ndáil le páirtithe dá ndéantar difear a bhfuil ceart vótála acu agus nach bhfeidhmíonn an ceart sin mar is ceart nó nach ndéantar ionadaíocht orthu, amhail rialacha lena ligtear do na páirtithe sin dá ndéantar difear a bheith curtha san áireamh do thairseach rannpháirtíochta nó chun tromlach a ríomh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann freisin foráil a dhéanamh maidir le tairseach rannpháirtíochta don vótáil.

(48)

Tá sé riachtanach go ndéanfadh údarás breithiúnach nó riaracháin an plean athstruchtúraithe a a dhaingniú chun a áirithiú go bhfuil an laghdú ar chearta creidiúnaithe agus ar leasanna sealbhóirí cothromais comhréireach le buntáistí an athstruchtúraithe agus go bhfuil rochtain acu ar leigheas éifeachtach. Ní mór an daingniú go háirithe más ann do pháirtithe easaontacha dá ndéantar difear, i gcás ina bhfuil forálacha sa phlean athstruchtúraithe maidir le maoiniú nua, nó i gcás ina bhfuil caillteanas is mó ná 25 % den lucht saothair i gceist sa phlean. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil gur gá daingniú a fháil ó údarás breithiúnach nó riaracháin i gcásanna eile chomh maith. I gcás plean a mbíonn caillteanas is airde ná 25 % den lucht saothair i gceist le plean, níor cheart gá a bheith ann an plean sin a dhaingniú ach i gcás ina gceadaítear faoin dlí náisiúnta go ndéanfaí foráil, sna creataí um athstruchtúrú coisctheach, do bhearta a mbeidh tionchar díreach acu ar chonarthaí fostaíochta.

(49)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir le húdarás breithiúnach nó riaracháin plean a dhiúltú i gcás ina suitear go laghdaíonn sé cearta creidiúnaithe easaontacha nó sealbhóirí cothromais go dtí leibhéal faoi bhun an mhéid a d'fhéadfadh siad a bheith ag súil leis go réasúnach dá ndéanfaí gnó an fhéichiúnaí a leachtú, bíodh sé sin trí phíosaí de a leachtú nó trína dhíol mar ghnóthas leantach, ag brath ar chúinsí ar leith gach féichiúnaí, nó go dtí leibhéal faoi bhun an mhéid a bhféadfadh siad a bheith ag súil leis go réasúnach i gcás na chéad rogha malartaí is fearr eile i gcás nach ndéantar an plean athstruchtúraithe a dhaingniú. Mar sin féin, nuair a dhéantar an plean a dhaingniú trí athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí, ba cheart tagairt a dhéanamh don sásra cosanta atá in úsáid sa chás sin. I gcás inar roghnaigh na Ballstáit luacháil a dhéanamh ar an bhféichiúnaí mar ghnóthas leantach, ba cheart a chur san áireamh leis an luach mar ghnóthas leantach gnó an fhéichiúnaí san fhadtéarma, seachas an luach leachtaithe. De ghnáth, bíonn an luacháil mar ghnóthas leantach níos airde ná an luacháil leachtaithe toisc go bhfuil sí bunaithe ar an dtoimhde go leanann an gnólacht dá chuid gníomhaíochta agus dá chuid conarthaí leis an gcur isteach is lú is féidir, go bhfuil muinín na gcreidiúnaithe airgeadais, na scairshealbhóirí agus na gcliant aige, go leanann sé de bheith ag giniúint ioncaim agus go ndéantar an tionchar ar oibrithe a theorannú.

(50)

Cé nár cheart d'údarás breithiúnach nó riaracháin scrúdú a dhéanamh ar an gcomhlíontacht le tástáil leas na gcreidiúnaithe ach amháin má dhéantar an plean athstruchtúraithe a chonspóid ar an bhforas sin, le nach ndéantar luacháil i ngach cás, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh gur féidir scrúdú ex officio a dhéanamh ar choinníollacha eile don daingniú. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann coinníollacha eile a chur isteach ar gá iad a chomhlíonadh chun plean athstruchtúraithe a dhaingniú, mar shampla sealbhóirí cothromais a bheith á gcosaint go leordhóthanach. Ba cheart d'údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin a bheith in ann diúltú pleananna athstruchtúraithe a dhaingniú mura bhfuil aon ionchas réasúnach leo go seachnófar dócmhainneacht an fhéichiúnaí ná go ndéanfar inmharthanacht an ghnólachta a áirithiú. Mar sin féin, níor cheart é a chur de cheangal ar na Ballstáit a áirithiú go ndéantar measúnú den sórt sin ar bhonn ex officio.

(51)

Ba cheart an choinníoll go dtabharfaí fógra do na páirtithe ar fad dá ndéantar difear a bheith ar cheann de na coinníollacha chun plean athstruchtúraithe a dhaingniú. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foirm an fhógra a shainiú, an t-am ina bhfuil sé le déanamh a shainaithint, chomh maith le forálacha a leagan síos maidir le caitheamh le héilimh nach rabhthas ar an eolas fúthu i ndáil le fógra a thabhairt. Ba cheart dóibh a bheith in ann freisin a fhoráil nach mór na páirtithe nach ndéantar difear dóibh a chur ar an eolas faoin bplean athstruchtúraithe.

(52)

Maidir le sásamh na tástála arb í “barr leasa na gcreidiúnaithe”, ba cheart a mheas go gciallaíonn sé nach bhfuil aon chreidiúnaí easaontach níos measa as faoi phlean athstruchtúraithe ná mar a bheadh sé nó sí i gcás leachtaithe, pé acu leachtú ina phíosaí a bheadh i gceist nó an gnólacht a dhíol mar ghnóthas leantach, nó i gcás na chéad rogha níos fearr eile dá mba rud é nach ndaingneofaí an plean athstruchtúraithe. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceann den dá thairseach sin a roghnú agus an tástáil arb í “barr leasa na gcreidiúnaithe” á cur chun feidhme sa dlí náisiúnta. Ba cheart an tástáil sin a chur i bhfeidhm ar aon nós i gcás inar gá plean a dhaingniú chun go mbeadh sé ina cheangal ar chreidiúnaithe easaontacha, nó, de réir mar is iomchuí, ar aicmí de chreidiúnaithe easaontacha. Mar thoradh ar an tástáil arb é “barr leasa na gcreidiúnaithe”, i gcás ina mbeadh stádas pribhléideach ag creidiúnaithe institiúideacha poiblí faoin dlí náisiúnta, d'fhéadfadh na Ballstáit a fhoráil nach bhféadfaí cealú iomlán nó páirteach éilimh na gcreidiúnaithe sin a fhorchur leis an bplean.

(53)

Cé gur cheart plean athstruchtúraithe a ghlacadh i gcónaí má thacaíonn an tromlach a cheanglaítear i ngach aicme dá ndéantar difear leis an bplean, ba cheart é a bheith indéanta go ndéanfadh údarás breithiúnach nó riaracháin plean athstruchtúraithe nach dtacaíonn an tromlach leis a cheanglaítear i ngach aicme dá ndéantar difear, a dhaingniú ar thogra ó fhéichiúnaí nó le comhaontú an fhéichiúnaí. I gcás duine dhlítheanaigh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh chun plean athstruchtúraithe a ghlacadh nó a dhaingniú go bhfuil sé le tuiscint as an bhféichiúnaí gurb é bord bainistíochta an duine dhlítheanaigh nó tromlach ar leith de na scairshealbhóirí nó na sealbhóirí cothromais. Chun go ndaingneofar an plean i gcás athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí, ba cheart tacaíocht a bheith aige ó thromlach aicmí vótála na bpáirtithe dá ndéantar difear. Ba cheart ceann amháin de na haicmí sin, ar a laghad, a bheith ina aicme creidiúnaithe urraithe nó ina aicme is sinsearaí ná aicme na ngnáthchreidiúnaithe neamhurraithe.

(54)

Ba cheart é a bheith indéanta gur féidir, i gcás nach dtacaíonn tromlach aicmí vótála an plean athstruchtúraithe, an plean a dhaigniú fós más rud é go bhfuil tacaíocht aige ó aicme creidiúnaithe amháin ar a laghad de na páirtithe dá ndéantar difear nó aicme creidiúnaithe laghdaithe amháin a fhaigheann íocaíocht nó a choimeádann aon ús, nuair a dhéanfar luacháil ar an bhféichiúnaí mar ghnóthas leantach, nó, nuair a fhoráiltear dó faoin dlí náisiúnta, aicme gur féidir a thoimhdiú go réasúnach nach bhfaigheadh sí aon íocaíocht nó nach gcoimeádfadh sí aon ús, dá gcuirfí gnáthrangú na dtosaíochtaí leachtaithe i bhfeidhm faoin dlí náisiúnta. I gcás den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann líon na n-aicmí a cheanglaítear chun an plean a fhormheas a mhéadú, agus gan é bheith riachtanach a cheangal gur cheart go bhfaigheadh na haicmí sin uile íocaíocht nó go gcoinneoidís aon ús faoin dlí náisiúnta, i gcás ina ndéanfaí an féichiúnaí a luacháil mar ghnóthas leantach. Mar sin féin, níor cheart do na Bhallstáit a cheangal go bhfaighfí toiliú na n-aicmí ar fad. Dá réir sin, ciallaíonn sé sin gur cheart a mheas gur leor, i gcás nach bhfuil ann ach dhá aicme creidiúnaithe, toiliú aicme amháin ar a laghad, más rud é go bhfuil na coinníollacha eile don athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí á gcomhlíonadh freisin. Ba cheart a thuiscint go gciallaíonn creidiúnaí a bheith lagaithe go mbeadh laghdú i luach a n-éileamh.

(55)

I gcás athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéanfaí dochar míchuí d'aicmí easaontacha creidiúnaithe dá ndéantar difear faoin bplean atá á bheartú agus ba cheart do na Ballstáit cosaint leordhóthanach a chur ar fáil do na haicmí easaontacha sin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann aicme easaontach creidiúnaithe dá ndéantar difear a chosaint trína áirithiú go gcaitear léi ar a laghad ar bhealach a bheadh chomh fabharach le haon aicme eile den rang céanna agus níos fabhraí ná aon aicme sóisearach. De rogha air sin, d'fhéadfadh na Ballstáit aicme easaontach créidiúnaithe dá ndéantar difear a chosaint trína áirithiú go n-íocfaí aicme easaontach creidiúnaithe dá ndéantar difear go hiomlán má fhaigheann aicme níos sóisearaí dáileadh nó má choimeádann sé aon ús faoin bplean athstruchtúraithe (“riail na dearbhthosaíochta”). Ba cheart lánrogha a bheith ag na Ballstáit agus coincheap na lán-íocaíochta á chur chun feidhme acu, lena n-áirítear i ndáil le huainiú na híocaíochta, ar choinníoll go gcosnófaí príomhshuim an éilimh agus, i gcás creidiúnaithe urraithe, luach na comhthaobhachta. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh freisin maidir le rogha na meán coibhéiseach trína bhféadfaí an t-éileamh bunaidh a shásamh go hiomlán.

(56)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann maolú ó riail na dearbhthosaíochta, mar shampla i gcás ina meastar go bhfuil sé cóir go gcoinneodh sealbhóirí cothromais leasanna áirithe faoin bplean ainneoin oibleagáid a bheith ar aicme níos sinsearaí glacadh le laghdú ina cuid éileamh, nó go n-íocfaí soláthraithe bunriachtanacha a chumhdaítear leis an bhforáil maidir leis an mbac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair sula n-íocfaí aicmí níos sinsearaí creidiúnaithe. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a roghnú cé acu de na sásraí cosanta thuasluaite a chuirfidís i bhfeidhm.

(57)

Cé gur cheart barr leasanna dlisteanacha na scairshealbhóirí agus na sealbhóirí cothromais eile a chosaint, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach féidir leo cosc míréasúnta a chur ar ghlacadh pleananna athstruchtúraithe lena ndéanfaí go mbeadh an féichiúnaí inmharthana arís. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann bealaí éagsúla a úsáid chun an sprioc sin a bhaint amach, mar shampla, trí gan an ceart a thabhairt do shealbhóirí cothromais chun vótáil ar phlean athstruchtúraithe agus gan a dhéanamh go mbeadh glacadh plean athstruchtúraithe coinníollach ar chomhaontú na sealbhóirí cothromais nach bhfaigheadh aon íocaíocht nó aon chomaoin eile dá gcuirfí gnáthrangú na dtosaíochtaí leachtaithe i bhfeidhm agus an fiontar á luacháil. Mar sin féin, i gcás ina mbíonn sé de cheart ag sealbhóirí cothromais vótáil ar phlean athstruchtúraithe, ba cheart d'údarás breithiúnach nó riaracháin a bheith in ann an plean a dhaingniú ainneoin easaontas ceann amháin nó níos mó de na haicmí de shealbhóirí cothromais, trí shásra um athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí. Na Ballstáit sin a eisiann sealbhóirí cothromais ó vótáil, níor cheart ceangal a bheith orthu riail na dearbhthosaíochta a chur i bhfeidhm sa chaidreamh idir creidiúnaithe agus sealbhóirí cothromais. D'fhéadfaí an ceanglas sin a chur chun feidhme freisin trína áirithiú maidir le bearta athstruchtúraithe lena ndéantar difear díreach do chearta sealbhóirí cothromais agus a bhaineann le hinniúlachtaí comhlachta ar leith faoi dhlí na gcuideachtaí a gcaithfear a fhormheas ag cruinniú ginearálta scairshealbhóirí, nach mbeadh siad faoi réir ardcheanglais mhíréasúnacha maidir le tromlach agus nach bhfuil aon inniúlacht ag sealbhóirí cothromais i dtéarmaí bearta athstruchtúraithe nach ndéanann difear díreach dá gcearta.

(58)

Féadfaidh sé gur gá aicmí breise de shealbhóirí cothromais nuair is ann d'aicmí éagsúla scairshealbhóireachta a bhfuil cearta éagsúla ag gabháil leo. I gcás sealbhóirí cothromais i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide, nach infheisteoirí amháin iad ach gurb úinéirí an fhiontair iad agus go gcuireann siad leis an bhfiontar ar bhealaí eile amhail saineolas bainistíochta, d'fhéadfadh sé nach mbeidís dreasaithe chun athstruchtúrú a dhéanamh faoi choinníollacha den sórt sin. Ar an ábhar sin, ba cheart do shásra an athchóirithe éigeantaigh fiachais trasaicmí leanúint de bheith roghnach d'fhéichiúnaithe ar FBManna iad.

(59)

Chun críocha a chur chun feidhme, ba cheart don phlean athstruchtúraithe caoi a thabhairt dóibh siúd a bhfuil cothromas acu i micrifhiontair, i FBManna cúnamh neamhairgeadais athstruchtúraithe a sholáthar trí tharraingt ar a dtaithí, a gcáil nó a dteagmhálacha gnó, mar shampla.

(60)

Ba cheart cosaint iomlán a bheith le fáil ag oibrithe faoin dlí saothair le linn do na nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach a bheith ar siúl. Go háirithe, níor cheart gur dhochar an Treoir seo do chearta oibrithe atá ráthaithe le Treoir 98/59/CE ón gComhairle (12), Treoir 2001/23/CE ón gComhairle (13), Treoir 2002/14/CE (14), Treoir 2008/94/CE (15) agus Treoir 2009/38/CE (16) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Fanann na hoibleagáidí maidir le faisnéis a thabhairt d'oibrithe agus comhairliúchán le hoibrithe faoin dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoracha sin slán go hiomlán. Cumhdaíonn sé sin oibleagáidí a bhaineann leis an gcinneadh dul i muinín creat um athstruchtúrú coisctheach a chur in iúl d'ionadaithe na n-oibrithe agus dul i gcomhairle leo faoin gcinneadh i gcomhréir le Treoir 2002/14/CE.

(61)

Ba cheart faisnéis a chur ar fáil d'oibrithe agus dá gcuid ionadaithe maidir le plean athstruchtúraithe atá beartaithe sa mhéid dá bhforáiltear i ndlí an Aontais ionas go mbeidh ar a gcumas measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar na cásanna éagsúla. Ina theannta sin, is ceart lámh a bheith ag lucht saothair gona n-ionadaithe i gcúrsaí a mhéid is gá sin chun a gceanglais chomhairliúcháin a leagtar síos i ndlí an Aontais a shásamh. I bhfianaise an riachtanais leibhéal cosanta iomchuí a áirithiú d'oibrithe, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit éilimh neamhíoctha oibrithe a dhíolmhú ó aon bhac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe, beag beann ar na héilimh sin a bheith tagtha chun cinn sula ndeonaítear an bac nó ina dhiaidh sin. Níor cheart bac ar fhorfheidhmiú éileamh neamhíoctha oibrithe a cheadú ach amháin do na méideanna agus don tréimhse a bhfuil íoc éileamh den sórt sin ráthaithe ar leibhéal comhchosúil ar bhealaí eile faoin dlí náisiúnta. I gcás ina bhfuil teorainneacha le dliteanas institiúidí ráthaíochta faoin dlí náisiúnta, i dtaca le fad na ráthaíochta nó leis an méid a íoctar le hoibrithe, ba cheart d'oibrithe a bheith in ann a gcuid éileamh maidir le haon easnamh a fhorfheidhmiú i gcoinne an fhostóra, fiú le linn na tréimhse ina bhfuil bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe. De rogha air sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann éilimh oibrithe a eisiamh ó raon feidhme na gcreataí um athstruchtúrú coisctheach agus a fhoráil dá gcosaint faoin dlí náisiúnta.

(62)

I gcás ina mbíonn aistriú cuid de ghnóthas nó de ghnólacht i gceist i bplean athstruchtúraithe, ba cheart cearta oibrithe a eascraíonn as conradh fostaíochta nó as caidreamh fostaíochta, lena n-áirítear go háirithe an ceart chun pá a fháil, ba cheart na cearta sin a choimirciú i gcomhréir le hAirteagail 3 agus 4 de Threoir 2001/23/CE, gan dochar do na rialacha sonracha a bhfuil feidhm leo i gcás imeachtaí dócmhainneachta faoi Airteagal 5 den Treoir sin agus go háirithe na féidearthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 5(2) den Treoir sin. Níor cheart gur dhochar an Treoir seo do na cearta chun faisnéise agus chun comhairliúcháin, ar cearta iad a ráthaítear le Treoir 2002/14/CE, lena n-áirítear faisnéis agus comhairliúchán faoi chinntí ar dócha go bhfágfaidh siad athruithe nach suaill ar an gcaoi a n-eagraítear cúrsaí oibre nó faisnéis agus comhairliúchán faoin gcaidreamh conarthach darb aidhm teacht ar chomhaontú maidir leis na cinntí sin. Ina theannta sin, faoin Treoir seo, ba cheart an ceart a bheith ag oibrithe a ndéantar difear dá n-éilimh i ngeall ar an bplean athstruchtúraithe vóta a chaitheamh ar an bplean sin. Ar mhaithe le vótáil ar an bplean athstruchtúraithe, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh go gcuirfidh siad oibrithe in aicme ar leithligh ó aicmí eile creidiúnaithe.

(63)

Níor cheart d'údaráis riaracháin nó breithiúnacha cinneadh a dhéanamh maidir le gnólacht a luacháil, bíodh sé sin ina luacháil leachtaithe nó sa chéad rogha mhalartach eile is fearr ach amháin más rud é nár deimhníodh an plean athstruchtúraithe, má dhéanann páirtí easaontach dá ndéantar difear an plean athstruchtúraithe a chonspóid. Níor cheart don mhéid sin cosc a chur ar na Ballstáit luachálacha a dhéanamh i gcomhthéacs eile faoin dlí náisiúnta. Mar sin féin, ba cheart é a bheith indéanta go mbeadh i gceist leis an gcinneadh sin freisin go bhformheasfaí luacháil arna déanamh ag saineolaí nó luacháil a thíolaic an féichiúnaí nó páirtí eile ag céim níos luaithe den próiseas. I gcás ina gcinntear luacháil a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil do rialacha speisialta, ar leithligh ón dlí nós imeachta sibhialta, le haghaidh luacháil i gcásanna athstruchtúraithe, d'fhonn a áirithiú go ndéanfaí go gasta í. Níor cheart d'aon ní sa Treoir seo difear a dhéanamh do na rialacha faoin dlí náisiúnta maidir le dualgas an chruthúnais i gcás luachála.

(64)

Éifeachtaí ceangailteacha plean athstruchtúraithe, ba cheart iad a bheith teorannaithe do na páirtithe dá ndéantar difear a bhí rannpháirteach i nglacadh an phlean. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh cén bhrí atá le creidiúnaí a bheith rannpháirteach, lena n-áirítear i gcás creidiúnaithe anaithnid nó creidiúnaithe éileamh a dhéanfar amach anseo. Mar shampla, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh cén chaoi déileáil le creidiúnaithe a tugadh fógra dóibh mar is ceart ach nach raibh rannpháirteach sna nósanna imeachta.

(65)

Ba cheart do na páirtithe leasmhara dá ndéantar difear a bheith in ann achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh maidir le plean athstruchtúraithe arna dhaingniú ag údarás riaracháin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann freisin a cheadú go bhféadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne dhaingniú chinneadh maidir le plean athstruchtúraithe ag údarás breithiúnach. Mar sin féin, chun éifeachtacht an phlean a áirithiú, chun neamhchinnteacht agus moilleanna dochosanta a laghdú, níor cheart de ghnáth éifeachtaí fionraíochta a bheith ag achomhairc maidir le cur chun feidhme plean athstruchtúraithe. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na forais don achomharc a chinneadh nó na forais sin a theorannú. I gcás ina ndéanfaí achomharc i gcoinne an chinnidh maidir le daingniú an phlean, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheadú don údarás breithiúnach réamhchinneadh nó cinneadh achomair a eisiúint lena ndéanfaí forghníomhú agus cur chun feidhme an phlean a chosaint i gcoinne na n-iarmhairtí a bheadh ann dá seasfaí leis an achomharc atá ar feitheamh. I gcás ina seastar le hachomharc, ba cheart do na húdaráis bhreithiúnacha nó riaracháin a bheith in ann, mar rogha ar an bplean a chur i leataobh, leasú ar an bplean a mheas, i gcás ina bhforálann na Ballstáit don fhéidearthacht sin, chomh maith le daingniú an phlean gan aon leasuithe Aon leasuithe ar an bplean, ba cheart do na páirtithe a bheith in ann iad a mholadh nó vótáil ina leith, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin don údarás breithiúnach. D'fhéadfadh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin do chúiteamh ar chaillteanais airgeadaíochta don pháirtí ar glacadh lena achomharc. Ba cheart a bheith in ann faoin dlí náisiúnta déileáil le haon bhac nua a d'fhéadfaí a ordú nó aon síneadh a d'fhéadfaí a chur leis an mbac i gcás ina gcinnfeadh an t-údaráis breithiúnach go bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc.

(66)

Is minic a d'fhéadfadh rath plean athstruchtúraithe a bheith ag brath ar chúnamh airgeadais a bheith tugtha don fhéichiúnaí chun tacú, ar an gcéad dul síos le hoibriú an ghnó le linn don idirbheartaíocht athstruchtúraithe agus, ar an dara dul síos, le cur chun feidhme an phlean athstruchtúraithe tar éis a dhaingnithe. Ba cheart cúnamh airgeadais a thuiscint sa chiall leathan, lena n-áirítear airgead nó ráthaíochtaí tríú páirtí a chur ar fáil, stoc, fardail, amhábhair agus fóntais a sholáthar, mar shampla trí tréimhse níos faide aisíocaíochta a dheonú don fhéichiúnaí. Dá bhrí sin, ba cheart maoiniú eatramhach agus maoiniú nua a dhíolmhú ó ghníomhaíochtaí seachanta lena bhféachtar lena leithéid de mhaoiniú a dhearbhú mar neamhní, nó in-neamhnithe, nó neamh-infhorfheidhmithe mar ghníomh atá díobhálach do na creidiúnaithe i gcoitinne i gcomhthéacs nósanna imeachta dócmhainneachta ina dhiaidh sin.

(67)

Na dlíthe náisiúnta dócmhainneachta lena bhforáiltear do ghníomhaíochtaí seachanta i leith maoiniú eatramhach agus maoiniú nua nó lena bhforáiltear go bhféadfaidh iasachtóirí nua smachtbhannaí sibhialta, riaracháin nó coiriúla a thabhú as ucht creidmheas a chur ar fáil d'fhéichiúnaithe a raibh deacrachtaí airgeadais acu, d'fhéadfadh sé go gcuirfí i mbaol leo infhaighteacht an mhaoinithe atá riachtanach chun plean athstruchtúraithe a idirbheartú agus a chur chun feidhme go rathúil. Níor cheart gur dhochar an Treoir seo d'fhorais eile lena bhféadfaí maoiniú nua agus maoiniú eatramhach a dhearbhú mar neamhní, in-neamhnithe nó neamh-infhorfheidhmithe, nó le go mbeadh dliteanas sibhialta, coiriúil nó riaracháin ag soláthraithe maoinithe den chineál sin, mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta. Ar fhorais eile den sórt sin, d'fhéadfaí a áireamh, i measc nithe eile, calaois, meon mímhacánta, cineál áirithe gaoil idir na páirtithe a d'fhéadfaí a chomhlachú le coinbhleacht leasa, mar shampla i gcás idirbheart idir páirtithe gaolmhara nó idir scairshealbhóirí agus an chuideachta, agus idirbhearta inar bhfuair páirtí luach nó comhthaobhacht gan a bheith i dteideal sin ag tráth an idirbhirt nó an bealach ina ndearnadh.

(68)

Nuair a thugtar maoiniú eatramhach, ní bhíonn a fhios ag na páirtithe an ndéanfar an plean athstruchtúraithe a dhaingniú sa deireadh nó nach ndéanfar. Dá bhrí sin, níor cheart oibleagáid a chur ar na Ballstáit cosaint an mhaoinithe eatramhaigh a theorannú do chásanna ina nglacann creidiúnaithe an plean nó ina ndaingníonn údarás breithiúnach nó riaracháin é. Chun mí-úsáid fhéideartha a sheachaint, níor cheart cosaint a thabhairt ach amháin do mhaoiniú atá riachtanach go réasúnta agus láithreach chun go leanfadh gnólacht an fhéichiúnaí ag feidhmiú nó go mairfeadh sé, nó chun go ndéanfaí luach an ghnólachta sin a chaomhnú nó a fheabhsú go dtí go ndaingneofar an plean. Ina theannta sin, níor cheart don Treoir seo cosc a chur ar na Ballstáit sásra rialaithe ex ante do mhaoiniú eatramhach a thabhairt isteach. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an chosaint a thugtar do mhaoiniú nua a theorannú do chásanna ina ndéanann an t-údarás breithiúnach nó riaracháin an plean a dhaingniú agus d'fhéadfaidís an chosaint a thugtar do mhaoiniú eatramhach a theorannú do chásanna ina raibh an maoiniú sin faoi réir rialú ex ante. D'fhéadfadh cleachtóir i réimse an athstruchtúraithe sásra rialaithe ex ante do mhaoiniú eatramhach nó d'idirbhearta eile a fheidhmiú trí choiste creidiúnaí nó údarás breithiúnach nó riaracháin. Is ráthaíochtaí íosta iad an chosaint ar ghníomhaíochtaí seachanta agus an chosaint ar dhliteanas pearsanta ba cheart a dheonú do mhaoiniú eatramhach agus do mhaoiniú nua. Mar sin féin, má táthar chun iasachtóirí nua a spreagadh chun glacadh leis an riosca breise a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i bhféichiúnaí inmharthana a bhfuil deacrachtaí airgeadais aige, d'fhéadfadh dreasachtaí breise a bheith riachtanach, amhail, mar shampla, tosaíocht a thabhairt do mhaoiniú den sórt sin thar éilimh neamhurraithe ar a laghad i nósanna imeachta dócmhainneachta ina dhiaidh sin.

(69)

Chun cultúr an luath-athstruchtúraithe choiscthigh a spreagadh, is inmhianaithe go dtabharfaí cosaint freisin i gcoinne gníomhaíochtaí seachanta arna dtionscnamh ina dhiaidh sin i nósanna imeachta dócmhainneachta d'idirbhearta atá réasúnach agus riachtanach go láithreach chun plean athstruchtúraithe a idirbheartú nó a chur chun feidhme. Agus réasúnacht agus riachtanas láithreach costas agus táillí á gcinneadh acu, ba cheart do na húdaráis riaracháin nó bhreithiúnacha a bheith in ann réamh-mheastacháin agus meastacháin arna dtabhairt do na páirtithe dá ndéantar difear, do choiste creidiúnaí, do chleachtóir i réimse an athstruchtúraithe nó don údarás breithiúnach nó riaracháin é féin a chur san áireamh. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceangal a chur ar fhéichiúnaithe meastacháin ábhartha a chur ar fáil agus a thabhairt cothrom le dáta. Le cosaint den sórt sin, ba cheart deimhneacht a fheabhsú maidir le hidirbhearta le gnólachtaí a thuigtear a bheith i dtrioblóid agus chuirfeadh sé deireadh leis an bhfaitíos a bhíonn ar chreidiúnaithe agus ar infheisteoirí go bhféadfaí a dhearbhú go bhfuil na hidirbhearta go léir den sórt sin ar neamhní i gcás ina dteipfeadh ar an athstruchtúrú. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil do phointe ama roimh don nós imeachta um athstruchtúrú coisctheach a bheith tionscanta agus roimh don bhac ar ghníomhaíochtaí aonair forfheidhmithe a bheith deonaithe, a dtosóidh táillí agus costais a bhaineann le hidirbheartú, glacadh, daingniú nó lorg comhairle ghairmiúil i leith an phlean athstruchtúraithe ag tairbhiú den chosaint i gcoinne gníomhaíochtaí seachanta. I gcás íocaíochtaí agus eisíocaíochtaí eile agus i gcás na cosanta ar phá oibrithe a íoc, d'fhéadfaí tráth deonaithe an bhaic nó an tráth a thionscnaítear an nós imeachta um athstruchtúrú coisctheach a bheith ina leithéid de thúsphointe.

(70)

Chun athstruchtúrú coisctheach a chur chun cinn tuilleadh, tá sé tábhachtach a áirithiú nach ndíspreagtar stiúrthóirí sa dóigh agus nach bhfeidhmeoidís breithiúnas réasúnta gnó nó nach nglacfaidís rioscaí réasúnta tráchtála, go háirithe nuair ba mhó an dóchúlacht go bhféadfaí gnólachtaí a d'fhéadfadh a bheith inmharthana a athstruchtúrú dá ndéanfaidís na nithe sin. Nuair a bhíonn deacrachtaí airgeadais ag an gcuideachta, ba cheart do na stiúrthóirí céimeanna a ghlacadh chun na caillteanais a íoslaghdú agus an dócmhainneacht a sheachaint amhail comhairle ghairmiúil a lorg, lena n-áirítear comhairle maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht, trí úsáid a bhaint as uirlisí réamhrabhaidh, cuir i gcás, más infheidhme; sócmhainní na cuideachta a chosaint d'fhonn luach a uasmhéadú agus caillteanas príomhshócmhainní a sheachaint; struchtúr agus feidhmeanna an ghnólachta a mheas chun inmharthanacht a scrúdú agus caiteachas a laghdú; gan ceangal a chur ar an gcuideachta maidir leis na cineálacha idirbhirt a d'fhéadfadh a bheith faoi réir seachanta mura bhfuil údar gnó iomchuí leis sin; leanúint de bheith ag trádáil nuair is iomchuí sin a dhéanamh chun an luach mar ghnóthas leantach a uasmhéadú; dul i mbun idirbheartaíochta le creidiúnaithe agus páirt a ghlacadh i nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach.

(71)

Nuair atá an féichiúnaí cóngarach do dhócmhainneacht, tá sé tábhachtach freisin leasanna dlisteanacha na gcreidiúnaithe a chosaint ar chinntí bainistíochta a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chomhdhéanamh eastát an fhéichiúnaí, go háirithe dá bhféadfadh sé a bheith d'éifeacht ag na cinntí sin luach an eastáit a bheadh ar fáil i gcomhair iarrachtaí athstruchtúraithe nó le dáileadh ar chreidiúnaithe a laghdú a thuilleadh. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach a áirithiú, i gcásanna den sórt sin, go seachnódh stiúrthóirí aon ghníomhaíochtaí a dhéanfaí in aon turas nó a mbeadh mórfhaillí ag baint leo agus a mbeadh gnóthachan pearsanta mar thoradh orthu a bheadh chun aimhleas na ngeallsealbhóirí, agus go seachnóidís aontú le hidirbhearta faoi luach an mhargaidh, nó gníomhaíochtaí a dhéanamh a chuirfeadh geallsealbhóir amháin nó níos mó chun tosaigh ar gheallshealbhóirí eile ar bhealach atá míchothrom. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann forálacha comfhreagracha na Treorach seo a chur chun feidhme trína áirithiú go ndéanfadh na húdaráis bhreithiúnacha nó riaracháin, tráth a mbeidh measúnú á dhéanamh acu ar cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear bainisteoir faoi dhliteanas as a dhualgais cúraim a shárú, na rialacha sin de chuid na Treorach seo a bhaineann le dualgais stiúrthóirí a chur san áireamh. Ní bheartaítear leis an Treoir seo aon ordlathas a bhunú i measc na bpáirtithe éagsúla nach mór aird chuí a thabhairt ar a leasanna. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh maidir le hordlathas den sórt sin a bhunú. Níor cheart gur dhochar an Treoir seo do rialacha náisiúnta na mBallstát maidir leis na próisis cinnteoireachta i gcuideachtaí.

(72)

Fiontraithe a chleachtann ceird, gnó, ceardaíocht nó gairm neamhspleách, fhéinfhostaithe, is féidir leo a bheith i mbaol a ndócmhainneachta. D'fhéadfadh na héagsúlachtaí idir Ballstáit i dtéarmaí deiseanna tosú arís as an nua fiontraithe dócmhainneacha nó a bhfuil rófhéichiúnas acu a dhreasú chun athlonnú chuig Ballstát seachas an Ballstát ina bhfuil siad bunaithe chun tairbhiú de thréimhsí urscaoilte níos giorra nó as coinníollacha níos tarraingtí i gcomhair urscaoilte, agus bíonn sin ina chúis le neamhchinnteacht dhlíthiúil agus costais bhreise ar chreidiúnaithe agus a n-éilimh á dtéarnamh acu. Ina theannta sin, is dídhreasachtaí tábhachtacha iad éifeachtaí na dócmhainneachta d'fhiontraithe atá ag iarraidh gnólacht a bhunú nó dara deis a bheith acu, go háirithe an smál sóisialta, na hiarmhairtí dlíthiúla amhail fiontraithe a dhícháiliú ó ghabháil do ghníomhaíocht fiontraíochta agus an ghníomhaíocht sin a shaothrú agus an neamhábaltacht leanúnach fiachais a ghlanadh, fiú má léiríonn fianaise go bhfuil níos mó seansanna ann go mbeidh fiontraithe a tháinig chun bheith dócmhainneach rathúil an chéad uair eile.

(73)

Ba cheart céimeanna a ghlacadh, dá bhrí sin, chun éifeachtaí diúltacha an rófhéichiúnais nó na dócmhainneachta ar fhiontraithe a laghdú, go háirithe trí urscaoileadh iomlán fiachais thar thréimhse áirithe ama a cheadú agus trí fhad orduithe dícháilithe a eisítear i ndáil le rófhéichiúnas nó dócmhainneacht féichiúnaí a theorannú. Ba cheart coincheap na “dócmhainneachta” a shainmhíniú leis an dlí náisiúnta agus d'fhéadfadh sé gur i bhfoirm an rófhéichiúnais a bheadh sí. Coincheap an “fhiontraí” sa bhrí a úsáidtear é sa Treoir seo, níor cheart dó difear a dhéanamh do sheasamh bainisteoirí nó stiúrthóirí cuideachta, seasamh ar cheart caitheamh leis i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh cén chaoi a n-oibríonn an rochtain ar urscaoileadh, lena n-áirítear an fhéidearthacht go gcuirfí de cheanglas ar an bhféichiúnaí glacadh leis an urscaoileadh.

(74)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil go bhféadfaí na hoibleagáidí aisíocaíochta a choigeartú d'fhiontraithe dócmhainneacha i gcás ina dtiocfadh athrú suntasach ar a staid airgeadais, beag beann ar an staid sin bheith ina feabhas nó ina meath. Leis an Treoir seo, níor cheart a chur de cheangal go mbeadh tacaíocht ag an bplean aisíocaíochta ó thromlach na gcreidiúnaithe. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil nach bhfuil aon chosc ar fhiontraithe tús a chur le gníomhaíocht nua sa réimse céanna nó i réimse eile le linn don phlean aisíocaíochta a bheith á chur chun feidhme.

(75)

Ba cheart urscaoileadh fiachais a bheith ar fáil i nósanna imeachta ina bhfuil plean aisíocaíochta, réadú na sócmhainní, nó comhcheangal den dá rud. Agus na rialacha sin á gcur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rogha a dhéanamh faoi shaoirse i measc na roghanna sin. Má tá níos mó ná nós imeachta amháin a mbeidh urscaoileadh fiachais mar thoradh air ar fáil faoin dlí náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtugann ceann amháin de na nósanna imeachta sin ar a laghad an deis d'fhiontraithe dócmhainneacha go ndéanfaí a bhfiachas a urscaoileadh go hiomlán laistigh de thréimhse nach faide ná 3 bliana. I gcás nósanna imeachta a gcomhcheanglaítear réadú na sócmhainní agus plean aisíocaíochta iontu, ba cheart don tréimhse urscaoilte tosú, ar a dhéanaí, ón tráth a dhaingníonn cúirt an plean aisíocaíochta nó ón tráth a thosaíonn a chur chun feidhme, mar shampla ón gcéad tráthchuid faoin bplean, ach thiocfadh leis tosú níos luaithe ná sin, amhail tráth a dhéantar an cinneadh an nós imeachta a thionscnamh.

(76)

I gcás nósanna imeachta nach n-áirítear plean aisíocaíochta iontu, ba cheart don tréimhse urscaoilte tosú tráth an chinnidh ón údarás breithiúnach nó riaracháin an nós imeachta a thionscnamh, ar a dhéanaí, nó tráth a bhunaítear an t-eastát dócmhainneachta. Chun críocha an tréimhse urscaoilte faoin treoir seo a ríomh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh nach n-áirítear bearta caomhnaithe sa choincheap “nós imeachta a thionscnamh”, amhail bearta caomhnaithe nó ceapadh cleachtóir réamhdhócmhainneachta, ach amháin má fhágann bearta den chineál sin gur féidir sócmhainní a réadú, lena n-áirítear sócmhainní a diúscairt agus a dáileadh do chreidiúnaithe. Níor cheart cinneadh nó daingniú foirmiúil ag údarás breithiúnach nó riaracháin a bheith i gceist le bunú an eastáit dócmhainneachta, i gcás nach bhfuil cinneadh den chineál sin ag teastáil faoin dlí náisiúnta, agus d'fhéadfadh taisceadh sócmhainní agus dliteanas a bheith i gceist.

(77)

I gcás nach mór sócmhainní an fhiontraí a réadú mar thoradh ar rian an nós imeachta a dtiocfaidh urscaoileadh fiachais as, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit foráil a dhéanamh go gcaitear leis an iarraidh ar urscaoileadh ar leithligh ó réadú na sócmhainní, ar choinníoll gur cuid dhílis an iarraidh sin de rian an nós imeachta a dtiocfaidh an t-urscaoileadh as faoin treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh ar na rialacha náisiúnta maidir leis an dualgas cruthúnais d'fhonn an t-urscaoileadh a oibriú, a chiallaíonn gur cheart é a bheith indéanta ceangal a chur ar na fiontraithe faoin dlí comhlíonadh a gcuid oibleagáidí a chruthú.

(78)

Ní cuí i ngach imthosca urscaoileadh iomlán fiachais nó deireadh a chur le dícháilithe tar éis tréimhse nach faide ná 3 bliana, dá bhrí sin d'fhéadfadh sé gur ghá maoluithe ón riail sin a bhfuil údar cuí leo ar bhonn cúiseanna arna leagan síos sa dlí náisiúnta a thabhairt isteach. Mar shampla, ba cheart maoluithe den sórt sin a thabhairt isteach i gcásanna ina bhfuil an féichiúnaí mí-ionraic nó inar ghníomhaigh an féichiúnaí de mheon mímhacánta. I gcás nach dtairbhíonn fiontraithe de thoimhde an ionracais agus an mheoin mhacánta faoin dlí náisiúnta, níor cheart go bhfágfadh an dualgas cruthúnais maidir lena n-ionracas agus meon macánta ualach doiciúil gan chall orthu agus iad ag tabhairt faoin nós imeachta.

(79)

Le linn dóibh a shuí an raibh fiontraí mímhacánta nó nach raibh, d'fhéadfadh údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin imthosca mar a leanas a chur san áireamh: cineál agus fairsinge na bhfiachas; an tráth a tabhaíodh an fiachas; na hiarrachtaí atá déanta ag an bhfiontraí an fiachas a íoc agus oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh, lena n-áirítear ceanglais maidir le ceadúnú poiblí agus an gá atá le leabharchoimeád ceart; gníomhaíochtaí a rinne an fiontraí chun cúlárach creidiúnaithe a bhac; sásamh na ndualgas atá ar fhiontraithe ar stiúrthóirí cuideachta iad i gcás gur dócha an dócmhainneacht; agus comhlíonadh dhlí iomaíochta an Aontais agus dlí iomaíochta náisiúnta agus dhlí saothair an Aontais agus dlí saothair náisiúnta. Ba cheart é a bheith indéanta maoluithe den sórt sin a thabhairt isteach freisin a bhaineann leis an tréimhse sular féidir fiachais a urscaoileadh go hiomlán agus sular féidir deireadh a chur le dícháilithe, i gcás nár chomhlíon an fiontraí oibleagáidí áirithe dlíthiúla, lena n-áirítear oibleagáidí faoi nach mór brabús na gcreidiúnaithe a uasmhéadú, oibleagáidí a d'fhéadfadh a bheith ina n-oibleagáid ghinearálta faoi nach mór ioncam nó sócmhainní a ghiniúint. De bhreis air sin, ba cheart é a bheith indéanta maoluithe sonracha a thabhairt isteach i gcás inar gá an chothromaíocht idir cearta an fhéichiúnaí agus cearta an chreidiúnaí nó na gcreidiúnaithe a ráthú, amhail i gcás gur duine nádúrtha an creidiúnaithe a bhfuil níos mó cosanta ag teastáil uaidh ná ón bhféichiúnaí.

(80)

D'fhéadfaí údar a thabhairt freisin i gcás nach gcumhdaíonn an fiontraí costas an nós imeachta as a dtagann urscaoileadh fiachais, lena n-áirítear táillí na n-údarás breithiúnach nó riaracháin agus cleachtóirí dócmhainneachta i réimse an athstruchtúraithe. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh gur féidir, tar éis an t-urscaoileadh a dheonú, tairbhí an urscaoilte sin a chúlghairm i gcás, mar shampla, go dtiocfadh feabhas suntasach ar dhálaí airgeadais an fhéichiúnaí de bharr imthosca nach mbeifí ag súil leo, amhail crannchur a bhuachan nó teacht chun oidhreacht nó tabhartas a shealbhú. Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit maoluithe breise a thabhairt i gcúinsí atá sainithe go maith agus nuair atá údar cuí leo.

(81)

I gcás ina bhfuil cúis lena bhfuil údar cuí mar a leagtar síos sa dlí náisiúnta, d'fhéadfadh sé a bheith iomchuí an deis urscaoilte le haghaidh cineálacha áirithe fiachais a theorannú. Níor cheart é a bheith indéanta ag na Ballstáit fiachais urraithe a eisiamh ó bheith incháilithe don urscaoileadh ach amháin suas go dtí luach na comhthaobhachta arna chinneadh leis an dlí náisiúnta, agus gur cheart go gcaithfí leis an gcuid eile den fhiachas mar fhiachas neamhurraithe. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann catagóirí breise fiachais a eisiamh i gcás ina bhfuil údar cuí leis sin.

(82)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh freisin gur ceadmhach do na húdaráis bhreithiúnacha nó riaracháin, ar bhonn ex officio nó arna iarraidh sin ag duine a bhfuil leas dlisteanach aige nó aici sa scéal, a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha i dtaca le hurscaoileadh iomlán fiachais a fháil comhlíonta ag na fiontraithe.

(83)

Más rud é gur diúltaíodh nó gur cúlghaireadh cead nó ceadúnas fiontraí chun ceird, gnó, trádáil nó gairm mar thoradh ar an ord dícháilithe, níor cheart don Treoir seo cosc a chur ar na Ballstáit ceangal a chur ar an bhfionraí iarratas nua a chur isteach chun cead nó ceadúnas nua a fháil tar éis don dícháiliú dul in éag. I gcás ina nglacann údarás Ballstáit cinneadh maidir le gníomhaíocht atá faoi mhaoirsiú go sonrach, ba cheart é a bheith indéanta a chur san áireamh, fiú i gcás ina bhfuil an tréimhse dhícháilithe tar éis dul in éag, go bhfuair an fiontraí dócmhainneach urscaoileadh fiachais i gcomhréir leis an Treoir seo.

(84)

Fiachais phearsanta nach féidir go réasúnach a dheighilt ó fhiachais ghairmiúla, mar shampla i gcás ina n-úsáidtear sócmhainn le linn gníomhaíocht ghairmiúil de chuid an fhiontraí agus lasmuigh den ghníomhaíocht sin, ba cheart caitheamh leis na fiachais sin in aon nós imeachta amháin. I gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil go mbeidh na fiachais sin faoi réir nósanna imeachta ar leith, níor mhór na nósanna imeachta sin a chomhordú le chéile. Níor cheart gur dhochar an Treoir seo don fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit rogha a dhéanamh caitheamh le fiachais iomlána fiontraí in aon nós imeachta amháin. Níor cheart cosc a chur ar Bhallstáit ina gceadaítear d'fhiontraithe leanúint lena ngnó ar a gcuntas féin le linn imeachtaí dócmhainneachta foráil a dhéanamh gur féidir fiontraithe den sórt sin a chur faoi réirimeachtaí dócmhainneachta nua, i gcás ina n-éiríonn an gnó leantach sin dócmhainneach.

(85)

Is gá trédhearcacht agus intuarthacht na nósanna imeachta a choinneáil agus a fheabhsú maidir le torthaí a sholáthar atá fabhrach do chaomhnú gnólachtaí agus chun dara deis a thabhairt d'fhiontraithe nó a cheadaíonn leachtú éifeachtúil a dhéanamh ar fhiontair nach bhfuil inmharthana. Ní mór freisin fad iomarcach na nósanna imeachta dócmhainneachta i mórán de na Ballstáit a laghdú, a mbíonn neamhchinnteacht dhlíthiúil i gcomhair creidiúnaithe agus infheisteoirí agus rátaí téarnaimh atá íseal mar thoradh orthu. Ar deireadh, i bhfianaise na sásraí feabhsaithe maidir le comhoibriú idir cúirteanna agus cleachtóirí i gcásanna trasteorann, arna mbunú le Rialachán (AE) 2015/848, is gá gairmiúlacht na ngníomhaithe ar fad atá i gceist a thabhairt go dtí na leibhéil arda chéanna ar fud an Aontais. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil oiliúint fheiliúnach ar chomhaltaí na gcomhlachtaí breithiúnacha agus riaracháin a bhíonn ag déileáil le nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais agus go bhfuil an saineolas riachtanach dá gcuid bhfreagrachtaí acu. D'fhéadfaí oiliúint agus saineolas den sórt sin a fháil agus dualgais á bhfeidhmiú mar chomhalta d'údarás breithiúnach nó riaracháin nó, sular gceapfaí é nó í chuig dualgais den sórt sin, le linn dó nó di dualgais ábhartha eile a fheidhmiú.

(86)

Le hoiliúint agus saineolas den sórt sin, ba cheart a chumasú cinntí a dhéanamh a mbeadh tionchair shuntasacha shóisialta agus eacnamaíocha acu ar bhealach éifeachtúil, agus níor cheart a thuiscint go gciallaíonn an méid sin go mbeadh ar chomhaltaí d'údarás breithiúnach déileáil go heisiach le cúrsaí a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhféadfar nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil gasta. Maidir le bunú cúirteanna nó dlísheomraí speisialaithe, nó ceapadh breitheamh speisialaithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chomh maith le dliteanas a thabhairt le chéile i líon teoranta údarás breithiúnach nó riaracháin, bheadh na nithe sin ina mbealaí éifeachtúla chun cuspóirí na deimhneachta dlíthiúla agus éifeachtacht na nósanna imeachta a bhaint amach. Níor cheart é a bheith mar oibleagáid ar na Ballstáit a chur de cheangal go dtabharfaí tosaíocht do nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais thar nósanna imeachta eile.

(87)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin, maidir le cleachtóirí i réimse an athstruchtúraithe, na dócmhainneachta agus an urscaoilte fiachais, ar cleachtóirí iad a cheapann údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin (“cleachtóirí”): go bhfuil oiliúint oiriúnach acu; go ndéantar iad a cheapadh ar bhealach trédhearcach agus aird chuí á tabhairt ar a ngá atá le nósanna imeachta éifeachtúla; go ndéantar maoirseacht orthu agus iad i mbun a gcuid tascanna agus go ndéantar a gcuid tascanna a chomhlíonadh go macánta. Tá sé tábhachtach a áirithiú go gcomhlíonfadh gach cleachtóir na caighdeáin is gnách do chúraimí den sórt sin, amhail árachas a fháil do dhliteanas gairmiúil. D'fhéadfaí oiliúint, cáilíochtaí, agus saineolas feiliúnach a fháil le linn dóibh a ngairm a chleachtadh. Níor cheart oibleagáid a chur ar na Ballstáit an oiliúint riachtanach a chur ar fáil iad féin, ach d'fhéadfadh, mar shampla, comhlachais ghairmiúla nó comhlachtaí eile an méid sin a chur ar fáil. Ba cheart cleachtóirí dócmhainneachta mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) 2015/848 a áireamh i raon feidhme na Treorach seo.

(88)

Leis an Treoir seo, níor cheart na Ballstáit a chosc óna fhoráil gur féichiúnaí, creidiúnaithe nó coiste creidiúnaithe a roghnaíonn cleachtóirí ó liosta nó díorma atá réamh-fhormheasta ag údarás breithiúnach nó riaracháin. Agus cleachtóir á roghnú, d'fhéadfaí corrlach breithmheasa a dheonú don fhéichiúnaí, do na creidiúnaithe nó don choiste creidiúnaithe ó thaobh saineolas agus taithí an chleachtóra go ginearálta agus ó thaobh éilimh an cháis áirithe. D'fhéadfaí féichiúnaithe atá ina ndaoine nádúrtha a dhíolmhú go hiomlán ó dhualgas den sórt sin. I gcásanna le gnéithe trasteorann, ba cheart a chur san áireamh sa cheapachán, i measc nithe eile, cumas na gcleachtóirí na hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Rialachán (AE) 2015/848 chun cumarsáid a dhéanamh le cleachtóirí dócmhainneachta agus le húdaráis bhreithiúnacha agus riaracháin ó Bhallstáit eile, agus chun comhoibriú leo, chomh maith lena n-acmhainní daonna agus riaracháin chun déileáil le cásanna a d'fheadfadh castacht a bheith ag baint leo. Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit foráil a dhéanamh go roghnófaí cleachtóir trí bhealaí roghnúcháin eile, amhail roghnú randamach arna dhéanamh ag ríomhchlár bogearraí, ar choinníoll go n-áirithítear go dtugtar aird chuí do thaithí agus do shaineolas an chleachtóra agus na modhanna sin á n-úsáid. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh ar na modhanna chun cur i gcoinne roghnúchán nó ceapachán an chleachtóra nó chun ionadú an chleachtóra a iarraidh, trí choiste creidiúnaithe mar shampla.

(89)

Ba cheart cleachtóirí a bheith faoi réir sásraí maoirseachta agus rialála, lena n-áirítear bearta éifeachtacha maidir le cuntasacht na gcleachtóirí a mhainnigh ina ndualgais, amhail laghdú i dtáille an chleachtóra, eisiamh ó liosta nó ó bhaicle cleachtóirí is féidir a cheapadh i gcásanna dócmhainneachta, chomh maith le smachtbhannaí araíonachta, riaracháin nó coiriúla, i gcásanna inarb iomchuí. Níor cheart gur dhochar sásraí maoirseachta agus rialála den sórt sin d'fhorálacha faoin dlí náisiúnta maidir le dliteanas sibhialta i leith damáistí mar gheall ar oibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha a shárú. Níor cheart a cheangal ar na Ballstáit údaráis shonracha ná comhlachtaí sonracha a bhunú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbíonn fáil ag an bpobal ar an bhfaisnéis a bhaineann leis na húdaráis agus na comhlachtaí a dhéanann maoirseacht ar chleachtóirí. Mar shampla, ba cheart gur leor tagairt, agus an méid sin amháin, a dhéanamh don údarás breithiúnach nó riaracháin mar fhaisnéis. I bprionsabal, ba cheart é a bheith indéanta caighdeáin den sórt sin a bhaint amach gan gá a bheith le gairmeacha nó cáilíochtaí nua a chruthú faoin dlí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cleachtóirí nach gcumhdaítear faoin Treoir seo a chur faoi na forálacha maidir le hoiliúint cleachtóirí agus maoirseacht orthu. Níor cheart a cheangal ar na Ballstáit foráil a dhéanamh go dtabharfaí tosaíocht do dhíospóidí maidir le luach saothair cleachtóirí thar nósanna imeachta eile.

(90)

Chun fad na nósanna imeachta a ghiorrú tuilleadh, chun rannpháirtíocht níos fearr na gcreidiúnaithe a éascú i nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais agus chun coinníollacha comhchosúla a áirithiú do chreidiúnaithe, beag beann ar an áit a bhfuil siad lonnaithe san Aontas, ba cheart do na Ballstáit forálacha a leagan síos lena gcumasaítear d'fhéichiúnaithe, do chleachtóirí agus d'údaráis bhreithiúnacha agus riaracháin modhanna cumarsáide leictreonacha ó chian a úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith indéanta céimeanna nós imeachta, amhail éilimh a chomhdú ag creidiúnaithe, fógraí a sheoladh chuig creidiúnaithe nó conspóidí agus achomhairc a thaisceadh, a dhéanamh trí mhodh leictreonach cumarsáide. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh nach féidir fógraí a sheoladh chuig creidiúnaí go leictreonach ach amháin más rud é gur thoiligh an creidiúnaí lena mbaineann le cumarsáid leictreonach roimhe sin.

(91)

Níor cheart é a bheith mar oibleagáid ar pháirtithe sna nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais úsáid a bhaint as modhanna leictreonacha cumarsáide más rud é nach bhfuil úsáid den sórt sin éigeantach faoin dlí náisiúnta, gan dochar don deis atá ag na Ballstáit córas éigeantach do chomhdú agus do sheirbheáil doiciméad go leictreonach i nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an modh leictreonach cumarsáide a roghnú. D'fhéadfaí a áireamh i measc na samplaí de mhodhanna den sórt sin córas saintógtha chun doiciméid den chineál sin a tharchur go leictreonach nó ríomhphost a úsáid, gan cosc a chur ar an deis do na Ballstáit tréithe a chur i bhfeidhm chun slándáil na dtarchur leictreonach a áirithiú, amhail ríomhshíniú, nó seirbhísí iontaoibhe, amhail ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(92)

Tá sé tábhachtach sonraí iontaofa agus inchomparáide a bhailiú maidir le feidhmiú nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais d'fhonn faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm na Treorach seo. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit sonraí a bhailiú agus a chomhiomlánú atá sách gráinneach chun gur féidir measúnú cruinn a dhéanamh ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an Treoir de réir cleachtais agus ba cheart dóibh na sonraí sin a chur in iúl don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún, agus Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) de chúnamh aige, an foirm chumarsáide chun sonraí den sórt sin a tharchur chuig an gCoimisiún (“an fhoirm”) a bhunú. Ba cheart don fhoirm gearrliosta de phríomhthorthaí na nósanna imeachta atá i gcoiteann ag na Ballstáit go léir a chur ar fáil. Mar shampla, i gcás nós imeachta um athstruchtúrú, d'fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith ar na príomhthorthaí sin: daingníonn cúirt an plean; ní dhaingníonn cúirt an plean; déantar na nósanna imeachta um athstruchtúrú a aistriú ina nósanna imeachta leachtaithe nó déantar iad a dhúnadh mar gheall ar nósanna imeachta leachtaithe a tionscnaíodh sular dhaingnigh cúirt an plean. Níor cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit miondealú de réir cineálacha toradh a thabhairt i leith na nósanna imeachta sin a dtagann deireadh leo sula ndéantar aon bheart ábhartha, ach d'fhéadfaidís ina ionad uimhir choiteann a thabhairt i ndáil leis na nósanna imeachta uile a dhearbhaítear a bheith neamh-inghlactha,a diúltaíodh nó a tarraingíodh siar sular tionscnaíodh iad.

(93)

Ba cheart liosta roghanna a thabhairt ar an bhfoirm cumarsáide freisin a d'fhéadfadh na Ballstáit a chur san áireamh agus méid an fhéichiúnaí á cinneadh, trí thagairt a dhéanamh ar ghné amháin nó níos mó den sainmhíniú ar FBManna agus fiontair mhóra atá is coiteann do dhlíthe na mBallstát uile. Ba cheart a áireamh sa liosta an rogha go bhféadfaí méid na bhféichiúnaithe a chinneadh bunaithe ar líon na bhfostaithe amháin. Ba cheart don fhoirm: sainiú a thabhairt ar eilimintí an mheánchostais agus meánrátaí téarnaimh ba cheart do na Ballstáit sonraí a bhailiú go deonach ina leith; treoir a thabhairt maidir leis an heilimintí a d'fhéadfaí a chur san áireamh nuair a bhaineann na Ballstáit úsáid as teicníc samplála, mar shampla maidir le méideanna na samplaí chun ionadaíochta a áirithiú ó thaobh dáileadh geografach, méid na bhféichiúnaithe agus tionsclaíochta; agus an deis a chur san áireamh do na Ballstáit aon fhaisnéis bhreise a sholáthar má tá faisnéis den sórt sin ar fáil, mar shampla, maidir le méid iomlán sócmhainní agus dliteanas na bhféichiúnaithe.

(94)

Braitheann cobhsaíocht na margaí airgeadais go mór ar shocruithe comhthaobhachta airgeadais, go háirithe, nuair a thugtar comhthaobhacht urrúis i dtaca le rannpháirtíocht i gcórais ainmnithe nó in oibríochtaí bainc ceannais agus nuair a chuirtear corrlaigh ar fáil do chontrapháirtithe lárnacha (CPLanna). Ó tharla gur féidir le luach na n-ionstraimí airgeadais a thugtar mar urrús a bheith luaineach, tá sé ríthábhachtach a luach a réadú go tapa sula dtiteann sé. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha Threoracha 98/26/CE (19) agus 2002/47/CE (20) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 d'ainneoin fhorálacha na Treorach seo. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit socruithe glanluachála a dhíolmhú, lena n-áirítear glanluacháil socraíochta, ó na héifeachtaí a leanann bac a chur ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair fiú i gcásanna nach gcumhdaítear le Treoracha 98/26/CE, 2002/47/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2010, má tá na socruithe sin in-fhorfheidhmithe faoi dhlíthe an Bhallstáit ábhartha fiú má thionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta.

D'fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh ag líon suntasach máistir-chomhaontuithe a mbaineann contrapháirtithe neamhairgeadais agus airgeadais araon úsáid fhorleathan astu i margaí an airgeadais, an fhuinnimh agus tráchtearraí. Laghdaíonn na socruithe sin rioscaí sistéamacha go háirithe i margaí na ndíorthach. D'fhéadfaí socruithe den sórt sin a dhíolmhú ó shrianta arna bhforchur ar chonarthaí le comhlíonadh ag dlíthe dócmhainneacht. Dá réir sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit socruithe glanluachála socraíochta a dhíolmhú ó éifeachtaí an bhaic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair a oibrítear tráth a thionscnaítear nósanna imeachtaí dócmhainneachta. Ba cheart an méid a eascraíonn as socruithe glanluachála socraíochta a oibriú, áfach, a bheith faoi réir an bhac ar fhorfheidhmiú.

(95)

Ba cheart do na Ballstáit is páirtithe sa Choinbhinsiún maidir le leasanna idirnáisiúnta i dtrealamh soghluaiste, a síníodh in Cape Town an 16 Samhain 2001, agus sna Prótacail a ghabhann leis bheith in ann leanúint dá n-oibleagáidí idirnáisiúnta atá ann cheana a chomhlíonadh. Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha na Treorach seo maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach maille na maoluithe atá riachtanach chun cur i bhfeidhm a áirithiú, gan dochar do chur i bhfeidhm Choinbhinsiúin sin agus na bPrótacal a ghabhann leis.

(96)

Níor cheart do dhlí na gcuideachtaí éifeachtacht an phróisis lena nglactar agus lena gcuirtear chun feidhme an plean athstruchtúraithe a chur i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann maolú ar na ceanglais a leagtar síos le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) i dtaca leis na hoibleagáidí atá orthu cruinniú ginearálta a thionól agus na scaireanna a thairiscint do na scairshealbhóirí reatha ar bhonn réamhghabhálach, sa mhéid is gá agus ar feadh na tréimhse is gá lena áirithiú nach gcuireann scairshealbhóirí bac ar iarrachtaí athstruchtúraithe trí mhí-úsáid a bhaint as na cearta atá acu faoin Treoir sin. Mar shampla, féadfar gur gá do na Ballstáit maolú ón oibleagáid chun cruinniú ginearálta de na scairshealbhóirí a thionól nó maolú ó na gnáth-thréimhsí a chur i bhfeidhm, i gcás ina ndéanann lucht bainistíochta gníomhaíocht phráinneach chun sócmhainní na cuideachta a chosaint, mar shampla trí bhac a iarraidh ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair, nuair a tharlaíonn cailliúint thromchúiseach thobann don chaipiteal suibscríofa agus tá dóchúlacht dócmhainneachta ann. D'fhéadfadh sé go mbeadh maoluithe ó dhlí Aontais agus náisiúnta na gcuideachtaí de dhíth freisin i gcás ina ndéantar foráil sa phlean athstruchtúraithe chun scaireanna nua a eisiúint, a d'fhéadfaí a thairiscint mar thosaíocht do chreidiúnaithe mar bhabhtálacha fiachais/cothromais, nó chun méid an chaipitil shuibscríofa a laghdú i gcás ina n-aistrítear páirteanna den ghnóthas. Ba cheart maoluithe den sórt sin a theorannú in am a mhéid a mheasann na Ballstáit maoluithe den sórt sin a bheith riachtanach chun creat athstruchtúraithe coisctheach a bhunú. Níor cheart a bheith d'oibleagáid ar na Ballstáit maolú ar rialacha dhlí na gcuideachtaí, go hiomlán nó go páirteach, nó ar feadh tréimhse éiginnte nó tréimhse theoranta, más féidir leo a áirithiú nach gcuirfidh na ceanglais maidir le dlí na gcuideachtaí éifeachtacht an phróisis athstruchtúrúcháin i mbaol nó má tá uirlisí eile ag na Ballstáit atá chomh héifeachtach céanna lena n-áirithítear nach gcoisceann scairshealbhóirí, go míréasúnta, plean athstruchtúraithe, a dhéanfadh an gnó inmharthana arís, a ghlacadh nó a chur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit tábhacht faoi leith a leagan ar éifeachtacht na bhforálacha a bhaineann le bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe agus daingniú an phlean athstruchtúraithe, ar forálacha iad nár cheart a laghdú go míchuí de bharr glaonna ar chruinnithe ginearálta scairshealbhóirí nó ar thorthaí na gcruinnithe sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2017/1132 a leasú dá réir sin. Ba cheart corrlach breithmheasa a bheith ann do na Ballstáit i ndáil le measúnú a dhéanamh ar na maoluithe atá ag teastáil i gcomhthéacs an dlí náisiúnta chun an Treoir seo a chur chun feidhme go héifeachtach, agus ba cheart dóibh a bheith in ann foráil a dhéanamh freisin do dhíolúintí comhchosúla ó Threoir (AE) 2017/1132 i gcás imeachtaí dócmhainneachta nach gcumhdaítear faoin Treoir seo ach a fhágann gur féidir bearta athstruchtúraithe a dhéanamh.

(97)

Maidir le bunú na foirme um shonraí a chur in iúl agus aon athruithe a dhéanamh uirthi ina dhiaidh sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(98)

Ba cheart don Choimisiún staidéar a dhéanamh chun meastóireacht a dhéanamh ar an ngá atá le tograí reachtacha a thíolacadh chun déileáil le dócmhainneacht daoine nach bhfuil gafa le ceird, gnó, ceardaíocht nó gairm, ar tomhaltóirí iad nach bhfuil in ann de mheon macánta, go buan nó go sealadach, a gcuid fiach a íoc de réir mar a bheidh siad dlite. Ba cheart a fhiosrú sa staidéar sin ar cheart rochtain na ndaoine sin ar earraí agus ar sheirbhísí bunúsacha a chosaint lena áirithiú go mbeidh dálaí maireachtála cuibheasach maith acu.

(99)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (22), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(100)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí beartaithe an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach mar go leanfaí de bheith ag cur bacainní ar shaorghluaiseacht caipitil agus ar shaoirse bhunaíochta mar gheall ar na difríochtaí idir creataí um athstruchtúrú agus dócmhainneachta náisiúnta, ach gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(101)

Thug an Banc Ceannais Eorpach tuairim uaidh an 7 Meitheamh 2017 (23),

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

creataí um athstruchtúrú coisctheach atá ar fáil i gcomhair féichiúnaithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu, nuair is ann do dhóchúlacht dócmhainneachta, d'fhonn an dócmhainneacht a chosc agus inmharthanacht an fhéichiúnaí a áirithiú;

(b)

nósanna imeachta as a dtiocfadh urscaoileadh fiachais a thabhaigh fiontraithe dócmhainneacha; agus

(c)

bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a mhéadú.

2.   Níl feidhm ag an Treoir seo maidir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bhaineann le féichiúnaithe arb éard atá iontu:

(a)

gnóthais árachais nó gnóthais athárachais mar a shainmhínítear i bpointí 1 agus 4 d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE;

(b)

institiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

gnólachtaí infheistíochta nó gnóthais chomhinfheistíochta mar a shainmhínítear i bpointí (2) agus (7) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(d)

contrapháirtithe lárnacha mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(e)

taisclanna lárnacha urrús mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;

(f)

institiúidí agus eintitis airgeadais eile atá liostaithe sa chéad fhomhír d'Airteagal 1(1) de Threoir 2014/59/AE;

(g)

comhlachtaí poiblí faoin dlí náisiúnta; agus

(h)

daoine nádúrtha nach bhfuil ina bhfiontraithe.

3.   I dteannta le mír 2, féadfaidh Ballstáit nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann le féichiúnaithe ar eintitis airgeadais seachas na cinn dá dtagraítear i mír 2 iad a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais atá faoi réir socruithe speisialta faoina bhfuil cumhachtaí fairsinge idirghabhála ag na húdaráis mhaoirseachta nó réitigh náisiúnta atá inchomparáide leo siúd atá leagtha síos i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta i dtaca leis na heintitis airgeadais dá dtagraítear mír 2. Cuirfidh na Ballstáit na socruithe speisialta sin in iúl don Choimisiún, a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo.

4.   Féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a shíneadh chuig daoine nádúrtha dócmhainneacha nach fiontraithe iad.

Féadfaidh na Ballstáit srian a chur ar chur i bhfeidhm pointe (a) de mhír 1 do dhaoine dlítheanacha.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go n-eisiatar na héilimh seo a leanas ó na creataí um athstruchtúrú coisctheach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, nó nach ndéantar difear dóibh leo:

(a)

éilimh atá ann cheana nó a bheidh ann ó oibrithe reatha nó iar-oibrithe;

(b)

éilimh chothabhála a eascraíonn ó ghaol teaghlaigh, ó thuismíocht, ó phósadh nó ó chleamhnas; nó

(c)

éilimh a eascraíonn as dliteanas tortach an fhéichiúnaí.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon tionchar ag creataí um athstruchtúrú coisctheach ar theidlíochtaí fabhraithe pinsin ghairme.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “athstruchtúrú” bearta arb é is aidhm dóibh gnólacht an fhéichiúnaí a athstruchtúrú lena n-áirítear athrú a dhéanamh ar chomhdhéanamh, ar choinníollacha nó ar struchtúr shócmhainní agus dhliteanais an fhéichiúnaí nó ar aon chuid eile de struchtúr caipitil an fhéichiúnaí, amhail sócmhainní nó codanna eile den ghnólacht a dhíol, agus i gcás ina bhforáiltear amhlaidh faoin dlí náisiúnta, an gnólacht a dhíol mar ghnóthas leantach, chomh maith le haon athrú oibríochtúil is gá, nó teaglaim de na heilimintí sin;

(2)

ciallaíonn “páirtithe dá ndéantar difear” creidiúnaithe, lena n-áirítear, nuair is infheidhme faoin dlí náisiúnta, oibrithe, nó aicmí creidiúnaithe, agus nuair is infheidhme, faoin dlí náisiúnta, sealbhóirí cothromais, a ndéantar difear go díreach dá gcuid éileamh nó dá gcuid leasanna, faoi seach, le plean athstruchtúraithe;

(3)

ciallaíonn “sealbhóir cothromais” duine ag a bhfuil leas úinéireachta i bhféichiúnaí nó i ngnólacht de chuid féichiúnaí, lena n-áirítear scairshealbhóir, a mhéid nach creidiúnaí an duine sin;

(4)

ciallaíonn “bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair” fionraí sealadach ar an gceart atá ag creidiúnaí éileamh in aghaidh féichiúnaí a fhorfheidhmiú, arna dheonú ag údarás breithiúnach nó riaracháin nó arna chur i bhfeidhm trí oibriú an dlí, agus, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh leis an dlí náisiúnta, in aghaidh soláthraí urrúis tríú páirtí, i gcomhthéacs nós imeachta bhreithiúnaigh, riaracháin nó eile, nó ar an gceart chun acmhainní nó gnólacht an fhéichiúnaí a ghabháil nó a réadú lasmuigh den chúirt;

(5)

ciallaíonn “conradh le comhlíonadh” conradh idir féichiúnaí agus creidiúnaí amháin nó níos mó, faoina bhfuil oibleagáidí le comhlíonadh fós ag na páirtithe tráth a ndeonaítear an bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair nó a gcuirtear i bhfeidhm é;

(6)

ciallaíonn “tástáil arb í barr leasa na gcreidiúnaithe” tástáil a shásaítear más rud é nach mbeadh aon chreidiúnaí easaontach níos measa as faoi phlean athstruchtúraithe ná mar a bheadh creidiúnaí den sórt sin dá gcuirfí gnáthrangú na dtosaíochtaí leachtaithe faoin dlí náisiúnta i bhfeidhm i gcás leachtaithe, pé acu leachtú ina phíosaí a bheadh i gceist nó díol mar ghnóthas leantach, nó i gcás na chéad rogha is fearr eile murar daingníodh an plean athstruchtúraithe;

(7)

ciallaíonn “maoiniú nua” aon chúnamh airgeadais nua arna sholáthar ag creidiúnaí atá ann cheana féin nó creidiúnaí nua, chun plean athstruchtúraithe a chur chun feidhme agus a áirítear sa phlean athstruchtúraithe sin;

(8)

ciallaíonn “maoiniú eatramhach” aon chúnamh airgeadais nua arna sholáthar ag creidiúnaí atá ann cheana féin nó creidiúnaí nua, ar a áirítear, ar a laghad, cúnamh airgeadais le linn an bhaic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair, agus atá réasúnach agus riachtanach láithreach chun go leanfadh gnólacht an fhéichiúnaí air ag feidhmiú, nó chun go ndéanfaí luach an ghnólachta sin a chaomhnú nó a fheabhsú;

(9)

ciallaíonn “fiontraí” duine nádúrtha a chleachtann ceird, gnó, ceardaíocht nó gairm;

(10)

ciallaíonn “urscaoileadh iomlán fiachais” go gcoisctear a bhfiachais in-urscaoilte atá fós ann a fhorfheidhmiú in aghaidh na bhfiontraithe nó go ndéantar na fiachais in-urscaoilte atá fós ann, amhail mar atá, a chur ar ceal, mar chuid de nós imeachta a d'fhéadfadh réadú sócmhainní nó plean aisíocaíochta, nó an dá rud, a áireamh;

(11)

ciallaíonn “plean aisíocaíochta” clár íocaíochtaí de mhéideanna sonraithe faoi dhátaí sonraithe ag fiontraí dócmhainneach le creidiúnaithe, nó cuid áirithe d'ioncam indiúscartha an fhiontraí a aistriú go tréimhsiúil chuig creidiúnaithe le linn na tréimhse urscaoilte;

(12)

ciallaíonn “cleachtóir i réimse an athstruchtúraithe” aon duine nó aon chomhlacht arna cheapadh ag údarás breithiúnach nó riaracháin chun ceann amháin nó níos mó de na tascanna seo a leanas, go háirithe, a dhéanamh:

(a)

cuidiú leis an bhféichiúnaí nó leis na creidiúnaithe chun plean athstruchtúraithe a dhréachtú nó a idirbheartú;

(b)

maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht an fhéichiúnaí le linn na hidirbheartaíochta maidir le plean athstruchtúraithe agus tuairisciú d'údarás breithiúnach nó riaracháin;

(c)

rialú páirteach a ghlacadh ar shócmhainní nó ar ghnóthaí an fhéichiúnaí le linn na hidirbheartaíochta.

2.   Chun críocha na Treorach seo, tuigfear na coincheapa seo a leanas mar a shainmhínítear iad leis an dlí náisiúnta:

(a)

dócmhainneacht;

(b)

dóchúlacht dócmhainneachta;

(c)

micreafhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”).

Airteagal 3

Luathrabhadh agus rochtain ar fhaisnéis

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag féichiúnaithe ar uirlis luathrabhaidh shoiléir thrédhearcach amháin nó níos mó atá in ann cúinsí a bhrath a bhféadfadh dóchúlacht dócmhainneachta eascairt uatha agus atá in ann léiriú dóibh gur gá gníomhú gan mhoill.

Chun críocha na chéad fomhíre, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí TF cothrom le dáta maidir le fógraí a thabhairt agus maidir leis an gcumarsáid.

2.   Féadfar an méid seo a leanas a áireamh ar uirlisí luathrabhaidh:

(a)

sásraí foláirimh nuair nach ndearna an féichiúnaí íocaíochtaí de chineálacha áirithe;

(b)

seirbhísí comhairleacha a chuireann eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha ar fáil;

(c)

dreasachtaí, faoin dlí naisiúnta, do thríú páirtithe a bhfuil faisnéis ábhartha acu faoin bhféichiúnaí, amhail cuntasóirí, údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialaí, chun forbairt dhiúltach a chur ar shúile an fhéichiúnaí.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag féichiúnaithe agus ag ionadaithe na bhfostaithe ar fhaisnéis atá ábhartha agus cothrom le dáta maidir le hinfhaighteacht uirlisí luathrabhaidh agus ar na nósanna imeachta agus na bearta maidir le hathstruchtúrú agus urscaoileadh fiachais.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil faisnéis maidir le rochtain ar uirlisí luathrabhaidh ar fáil go poiblí ar líne agus, go háirithe do FBManna, go mbeidh an fhaisnéis sin inrochtana gan stró agus go gcuirtear i láthair í ar bhealach a bheidh oiriúnach don úsáideoir.

5.   Féadfaidh Ballstáit tacaíocht a chur ar fáil d'ionadaithe na bhfostaithe chun measúnú a dhéanamh ar staid eacnamaíoch an fhéichiúnaí.

TEIDEAL II

CREATAÍ UM ATHSTRUCTURÚ COISCTHEACH

CAIBIDIL 1

Infhaighteacht creataí um athstruchtúrú coisctheach

Airteagal 4

Infhaighteacht creataí um athstruchtúrú coisctheach

1.   I gcás ina bhfuil dóchúlacht dócmhainneachta ann, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag féichiúnaithe ar chreat um athstruchtúrú coisctheach a chuireann ar a gcumas athstruchtúrú a dhéanamh d'fhonn an dócmhainneacht a sheachaint agus a n-inmharthanacht a áirithiú, gan dochar do réitigh eile chun dócmhainneacht a sheachaint, rud a chosnóidh poist agus a chaomhnóidh gníomhaíocht an ghnólachta.

2.   Féichiúnaithe atá faoi phianbhreith de dheasca sáruithe tromchúiseacha ar oibleagáidí cuntasaíochta nó leabharchoimeádta faoin dlí náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mbeidh cead rochtana acu ar chreat um athstruchtúrú coisctheach ach amháin tar éis do na féichiúnaithe sin bearta leordhóthanacha a dhéanamh chun na saincheisteanna sin ba chúis leis an bpianbhreith a leigheas d'fhonn an fhaisnéis is gá a thabhairt do chreidiúnaithe ionas go mbeidh siad in ann cinneadh a dhéanamh le linn idirbheartaíocht athstruchtúraithe.

3.   Féadfaidh na Ballstáit tástáil inmharthanachta a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach faoin dlí náisiúnta, ar choinníoll gurb é is críoch do thástáil den chineál sin féichiúnaithe a eisiamh nach bhfuil seans inmharthanachta acu agus gur féidir í a chur i gcrích gan dochar do shócmhainní na bhféichiúnaithe.

4.   Féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur ar a mhinice is féidir le féichiúnaí, laistigh de thréimhse áirithe, rochtain a fháil ar an gcreat um athstruchtúrú coisctheach dá bhforáiltear faoin Treoir seo.

5.   D'fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de nósanna imeachta, bearta nó forálacha a bheith i gceist leis an gcreat um athstruchtúrú coisctheach dá bhforáiltear faoin Treoir seo, agus cuid acu a d'fhéadfadh tarlú lasmuigh den chúirt, gan dochar d'aon chreataí um athstruchtúrú eile faoin dlí náisiúnta.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh an creat um athstruchtúrú sin, ar bhealach comhleanúnach, na cearta agus na coimircí dá bhforáiltear sa Teideal seo d'fhéichiúnaithe agus do pháirtithe dá ndéantar difear.

6.   Féadfaidh na Ballstáit forálacha a chur i bhfeidhm lena gcuirtear teorainn le rannpháirtíocht údaráis bhreithiúnaigh nó riaracháin i gcreat um athstruchtúrú coisctheach chuig cásanna ina bhfuil sé sin riachtanach agus comhréireach, agus cearta aon pháirtithe dá ndéanann sé difear agus geallshealbhóirí ábhartha á gcoimirciú ag an am céanna.

7.   Beidh na creataí um athstruchtúrú coisctheach dá bhforáiltear faoin Treoir seo ar fáil ag féichiúnaithe ach sin a iarraidh.

8.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil chomh maith go mbeidh na creataí um athstruchtúrú coisctheach dá bhforáiltear faoin Treoir seo ar fáil arna iarraidh sin do chreidiúnaithe agus d'ionadaithe fostaithe, faoi réir chomhaontú an fhéichiúnaí. Féadfaidh na Ballstáit an ceanglas sin i leith comhaontú an fhéichiúnaí a fháil a theorannú do chásanna inar féichiúnaithe na FBManna.

CAIBIDIL 2

Idirbheartaíocht maidir le pleananna athstruchtúraithe coisctheacha a éascú

Airteagal 5

Féichiúnaí i seilbh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh féichiúnaithe a fhaigheann rochtain ar nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach de rialú iomlán, nó ar a laghad de rialú páirteach, a bheith acu ar a gcuid sócmhainní agus ar fheidhmiú a ngnólachta ó lá go lá.

2.   I gcás inar gá sin, is de réir an cháis a chinnfidh údarás breithiúnach nó riaracháin cleachtóir a cheapadh i réimse an athstruchtúraithe, ach amháin i gcúinsí áirithe ina bhféadfaidh na Ballstáit a cheangal go gceapfar cleachtóir den chineál sin go héigeantach i ngach cás.

3.   Déanfaidh na Ballstáit foráil go gceapfar cleachtóir i réimse an athstruchtúraithe chun cúnamh a thabhairt don fhéichiúnaí agus do na creidiúnaithe chun plean athstruchtúraithe a dhréachtú agus a idirbheartú, sna cásanna seo a leanas ar a laghad:

(a)

i gcás ina ndeonaíonn údarás breithiúnach nó riaracháin bac ginearálta ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair i gcomhréir le hAirteagal 6(3) agus go gcinneann an t-údarás breithiúnach nó riaracháin gur gá cleachtóir den sórt sin chun leas na bpáirtithe a choimirciú;

(b)

i gcás inar gá go ndaingneodh údarás breithiúnach nó riaracháin an plean athstruchtúraithe trí shásra um athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí i gcomhréir le hAirteagal 11; nó

(c)

i gcás ina n-iarrann an féichiúnaí nó tromlach na gcreidiúnaithe é, ar choinníoll go n-íocfaidh na creidiúnaithe costas an chleachtóra más iadsan a lorg é sa chás is deireanaí.

Airteagal 6

Bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair

1.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le féichiúnaithe tairbhiú de bhac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair chun tacú leis an idirbheartaíocht maidir le plean athstruchtúraithe i gcreat um athstruchtúrú coisctheach.

Féadfaidh na Ballstáit foráil go bhféadfadh na húdaráis bhreithiúnacha nó riaracháin diúltú bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair a dheonú i gcás nach bhfuil bac den sórt sin riachtanach nó i gcás nach mbainfeadh sé amach an cuspóir atá leagtha amach sa chéad fhomhír.

2.   Gan dochar do mhíreanna 4 agus 5, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair gach cineál éileamh a chumhdach, lena n-áirítear éilimh urraithe agus éilimh thosaíochta.

3.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair a bheith ginearálta, agus gach creidiúnaí á chumhdach, nó gur féidir éteorannaithe, agus creidiúnaí amháin nó níos mó nó catagóir creidiúnaithe amháin nó níos mó á chumhdach nó á gcumhdach.

I gcás ina bhfuil bac teorannaithe, ní bheidh feidhm ag an mbac ach amháin maidir le creidiúnaithe a cuireadh ar an eolas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, faoin gcaibidlíocht dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an bplean athstruchtúraithe nó maidir leis an mbac.

4.   Féadfaidh na Ballstáit éilimh áirithe nó catagóirí éileamh áirithe a eisiamh ó raon feidhme an bhaic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair, i gcúinsí atá sainithe go maith, i gcás ina bhfuil údar cuí le heisiamh den chineál sin agus i gcás:

(a)

nach dócha go gcuirfí athstruchtúrú an ghnólachta i mbaol mar gheall ar an bhforfheidhmiú; nó

(b)

ina ndéanfadh an bac dochar míchuí do chreidiúnaithe na n-éileamh sin.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le héilimh oibrithe.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit mír 2 a chur i bhfeidhm ar éilimh oibrithe má áirithíonn agus a mhéid a-áirithíonn na Ballstáit go ráthaítear íoc na n-éileamh sin i gcreataí um athstruchtúrú coisctheach ag leibhéal comhchosúil cosanta.

6.   Beidh fad tosaigh baic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair teoranta d'uastréimhse nach faide ná 4 mhí.

7.   D'ainneoin mhír 6, féadfaidh na Ballstáit údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin a chumasú chun síneadh a chur le fad baic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair, nó bac nua ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair a dheonú, ar iarraidh ón bhféichiúnaí, ó chreidiúnaí nó, i gcás inarb infheidhme, ó chleachtóir i réimse an athstruchtúraithe. Ní dheonófar síneadh den sórt sin ná bac nua ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair ach amháin i gcúinsí atá sainithe go maith i gcásanna ina bhfuil údar cuí le síniú den sórt sin nó le bac nua den sórt sin, amhail:

(a)

go ndearnadh dul chun cinn ábhartha san idirbheartaíocht maidir leis an bplean athstruchtúraithe;

(b)

nach ndéanann leanúint an bhaic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair dochar go míchuí do chearta ná do leasanna aon pháirtithe dá ndéantar difear; nó

(c)

i gcásanna nár tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta go fóill i leith an fhéichiúnaí a bhféadfadh leachtú an fhéichiúnaí faoin dlí náisiúnta a bheith mar thoradh orthu.

8.   Ní rachaidh fad iomlán an bhaic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair, lena n-áirítear sínte agus athnuachaintí, thar 12 mhí.

I gcás ina roghnaíonn na Ballstáit an Treoir seo a chur chun feidhme trí úsáid a bhaint as ceann amháin nó níos mó de nósanna imeachta nó bearta nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le fógra a thabhairt faoi Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848, beidh fad iomlán an bhaic de réir na nósanna imeachta sin teoranta do thréimhse iomlán nach faide ná 4 mhí más amhlaidh a aistríodh lárionad phríomhleasanna an fhéichiúnaí ó Bhallstát eile laistigh de thréimhse 3 mhí sula ndearnadh iarraidh ar imeachtaí i dtaca le himeachtaí athstruchtúraithe coisctheacha a thionscnamh a chomhdú.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le húdaráis bhreithiúnacha nó riaracháin bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair a chur i leataobh sna cásanna seo a leanas:

(a)

mura gcomhlíonann an bac a thuilleadh an cuspóir go dtacófaí leis an idirbheartaíocht maidir leis an bplean, mar shampla más léir nach dtacaíonn cuid de na creidiúnaithe, a d'fhéadfadh glacadh an phlean athstruchtúraithe a chosc faoin dlí náisiúnta, le leanúint den idirbheartaíocht;

(b)

ar iarraidh ón bhféichiúnaí nó ón gcleachtóir i réimse an athstruchtúraithe;

(c)

i gcás ina bhforáiltear amhlaidh faoin dlí náisiúnta, má dhéanann nó dá ndéanfadh bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair dochar míchuí do chreidiúnaí amháin nó níos mó, nó d'aicme amháin nó níos mó; nó

(d)

i gcás ina bhforáiltear amhlaidh faoin dlí náisiúnta, má-eascraíonn dócmhainneacht creidiúnaí ón mbac.

Féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur ar an gcumhacht, faoin gcéad fhomhír, bac a chur i leataobh ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair do chásanna nach raibh creidiúnaithe tar éis an deis a bheith acu éisteacht a fháil sular tháinig an bac i bhfeidhm nó sular dheonaigh údarás breithiúnach nó riaracháin síneadh leis.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhse íosta, ar tréimhse í nach faide ná an tréimhse dá dtagraítear i mír 6, nach féidir bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair a chur go leataobh lena linn.

Airteagal 7

Iarmhairtí an bhaic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair

1.   I dtaca le hoibleagáid atá ar fhéichiúnaí, dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta, iarratas a dhéanamh go dtionscnófaí imeachtaí dócmhainneachta a bhféadfadh leachtú an fhéichiúnaí a bheith mar thoradh air, más le linn an bhaic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair a tharlaíonn a leithéid, cuirfear an oibleagáid ar fionraí fad a mhairfidh an bac.

2.   Le bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair i gcomhréir le hAirteagal 6 cuirfear ar fionraí, le linn an bhaic, tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta, arna iarraidh sin do chreidiúnaí amháin nó níos mó, a bhféadfadh leachtú an fhéichiúnaí a bheith mar thoradh air.

3.   Féadfaidh na Ballstáit maolú ó mhír 1 agus ó mhír 2 i gcásanna nach féidir leis an bhféichiúnaí a chuid fiachas a íoc de réir mar a bheidh siad dlite. Sna cásanna sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh údarás breithiúnach nó riaracháin a chinneadh tairbhe an bhaic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair a choinneáil i bhfeidhm, mura mbeadh tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta, a bhféadfadh leachtú an fhéichiúnaí a bheith mar thoradh air, chun leas ginearálta na gcreidiúnaithe, agus imthosca an cháis á gcur san áireamh.

4.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le rialacha lena gcoiscfear ar chreidiúnaithe a bhfuil feidhm ag an mbac ina leith aon fheidhmíocht a choinneáil siar, nó aon chonarthaí le comhlíonadh ar den riachtanas iad a fhoirceannadh, a luathú, nó a mhodhnú ar aon slí eile, chun aimhleasa an fhéichiúnaí, maidir le fiachais a tháinig chun bheith ann de bhua amháin nár íoc an féichiúnaí iad. Tuigfear go gciallaíonn conarthaí le comhlíonadh ar den riachtanas iad conarthaí le comhlíonadh atá riachtanach ionas go leanfaidh oibríochtaí an ghnólachta d'fheidhmiú ó lá go lá, lena n-áirítear conarthaí a bhaineann le soláthairtí, conarthaí a chuirfeadh lánstad le gníomhaíochtaí an fhéichiúnaí dá gcuirfí ar fionraí iad.

Maidir leis an gcéad fhomhír, ní chuirfidh sé cosc ar na Ballstáit coimircí iomchuí a thabhairt do chreidiúnaithe den sórt sin d'fhonn a chosc go ndéanfaí dochar éagórach do na creidiúnaithe sin de dheasca na fomhíre sin.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh feidhm ag an mhír seo freisin maidir le conarthaí le comhlíonadh nach den riachtanas iad.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ceadmhach do chreidiúnaithe feidhmíocht conarthaí a choinneáil siar, ná conarthaí le comhlíonadh a fhoirceannadh, a luathú nó a mhodhnú ar bhealach ar bith eile a bheadh chun aimhleas an fhéichiúnaí de bhua clásal conarthach lena bhforáiltear do bhearta den sórt sin, de bharr na nithe seo a leanas amháin.

(a)

iarraidh ar imeachtaí um athstruchtúrú coisctheach a thionscnamh;

(b)

iarraidh ar bhac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair;

(c)

imeachtaí um athstruchtúrú coisctheach a thionscnamh; nó

(d)

bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair sa cháil sin a dheonú.

6.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach bhfuil feidhm ag bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair maidir le socruithe glanluachála, lena n-áirítear socruithe glanluachála clabhsúir, ar mhargaí airgeadais, ar mhargaí fuinnimh agus ar mhargaí tráchtearraí fiú i gcúinsí nach bhfuil feidhm ag Airteagal 31(1), más in-fhorfheidhmithe na socruithe sin faoin dlí náisiúnta dócmhainneachta. Beidh feidhm, áfach, ag an mbac maidir le forfheidhmiú éilimh ag creidiúnaí i gcoinne féichiúnaí atá ag eascairt as oibriú socraithe glanluachála.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le conarthaí le haghaidh soláthar earraí, seirbhísí nó fuinnimh is gá d'oibriú ghnó an fhéichiúnaí, ach amháin más é atá sna conarthaí sin seasamh a thrádáiltear ar mhalartán nó ar mhargadh eile, amhail gur féidir é a ionadú tráth ar bith ar luach reatha an mhargaidh.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit nach dtionscnófar nós imeachta dócmhainneachta a bhféadfadh leachtú an fhéichiúnaí a bheith mar thoradh air mar gheall ar dhul in éag baic ar ghníomhaíochtaí forghníomhaithe aonair gan plean athstruchtúraithe a ghlacadh, ann féin, ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha eile don tionscnamh sin a leagtar amach leis an dlí náisiúnta.

CAIBIDIL 3

Pleananna athstruchtúraithe

Airteagal 8

Ábhar na bpleananna athstruchtúraithe

1.   Ceanglóidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad i bpleananna athstruchtúraithe a thíolactar lena nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 9, nó lena ndaingniú ag údarás breithiúnach nó riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 10:

(a)

céannacht an fhéichiúnaí;

(b)

sócmhainní agus dliteanais an fhéichiúnaí tráth a dtíolactar an plean athstruchtúraithe, lena n-áirítear luach ar na sócmhainní, cur síos ar staid eacnamaíoch an fhéichiúnaí agus seasamh na n-oibrithe, agus cur síos ar na cúiseanna atá le deacrachtaí an fhéichiúnaí agus ar a bhfairsinge;

(c)

na páirtithe dá ndéantar difear, pé acu an ainmnítear ina n-aonar iad nó an dtugtar tuairisc orthu trí aicmí fiachais i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chomh maith leis na héilimh nó na leasanna sin dá gcuid a chumhdaítear faoin bplean athstruchtúraithe;

(d)

i gcás inarb infheidhme, na haicmí a ndearnadh na páirtithe dá ndéantar difear a ghrúpáil iontu chun an plean athstruchtúraithe a ghlacadh agus luachanna faoi seach na n-éileamh agus na leasanna i ngach aicme;

(e)

i gcás inarb infheidhme, na páirtithe, pé acu an ainmnítear ina n-aonar iad nó an dtugtar tuairisc orthu trí aicmí fiachais i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nach ndéantar difear dóibh leis an bplean athstruchtúraithe, in éineacht le cur síos ar na cúiseanna lena moltar gan difear a dhéanamh dóibh;

(f)

i gcás inarb infheidhme, céannacht an chleachtóra i réimse an athstruchtúraithe;

(g)

téarmaí an phlean athstruchtúraithe, lena n-áirítear, go háirithe:

(i)

aon bhearta athstruchtúraithe molta dá dtagraítear i bpointe (1) d'Airteagal 2(1);

(ii)

i gcás inarb infheidhme, fad molta aon bhearta athstruchtúraithe;

(iii)

na socruithe i dtaca le hionadaithe na n-oibrithe a chur ar an eolas agus dul i mbun comhairliúcháin leo i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta;

(iv)

i gcás inarb infheidhme, iarmhairtí foriomlána maidir leis an bhfostaíocht, amhail an dífhostú, socruithe i dtaobh obair ghearr-ama, nó a mhacasamhail;

(v)

sreabha airgeadais measta an fhéichiúnaí, má dhéantar foráil dóibh sa dlí náisiúnta; agus

(vi)

aon mhaoiniú nua a bhfuiltear ag súil leis mar chuid den phlean athstruchtúraithe agus na cúiseanna ar gá an maoiniú nua chun an plean sin a chur chun feidhme;

(h)

ráiteas ar chúiseanna lena mínítear an fáth a bhfuil ionchas réasúnta ag an bplean athstruchtúraithe dócmhainneacht an fhéichiúnaí a chosc agus inmharthanacht an ghnólachta a áirithiú, lena n-áirítear na réamhchoinníollacha riachtanacha le go n-éireoidh leis an bplean. Féadfaidh na Ballstáit a chur de cheangal gur saineolaí seachtrach nó an cleachtóir i réimse an athstruchtúraithe má ceapadh a leithéid atá sé an ráiteas ar na cúiseanna a dhéanamh nó a bhailíochtú.

2.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil ar líne seicliosta cuimsitheach le haghaidh pleananna athstruchtúraithe, ar liosta é a bheidh in oiriúint do riachtanais FBManna. Áireofar ar an seicliosta sin treoirlínte praiticiúla maidir leis an gcaoi nach mór an plean athstruchtúraithe a dhréachtú faoin dlí náisiúnta.

Cuirfear an seicliosta ar fáil i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit. Déanfaidh na Ballstáit a mheas an ceart an seicliosta a chur ar fáil i dteanga amháin eile ar a laghad, go háirithe i dteanga a úsáidtear sa ghnó idirnáisiúnta.

Airteagal 9

Glacadh na bpleananna athstruchtúraithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, beag beann ar na daoine a chuireann isteach ar nós imeachta um athstruchtúrú coisctheach i gcomhréir le hAirteagal 4, go mbeidh an ceart ag féichiúnaithe pleananna athstruchtúraithe a thíolacadh lena nglacadh ag na páirtithe dá ndéantar difear.

Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh de cheart ag creidiúnaithe agus cleachtóirí i réimse an athstruchtúraithe pleananna athstruchtúraithe a thíolacadh, agus foráil a dhéanamh maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh siad déanamh amhlaidh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ceart vótála ar ghlacadh phlean athstruchtúraithe ag na páirtithe dá ndéantar difear.

Ní bheidh cearta vótála i nglacadh an phlean sin ach ag páirtithe dá ndéantar difear le plean athstruchtúraithe.

3.   D'ainneoin mhír 2, féadfaidh na Ballstáit iad seo a leanas a eisiamh ó cheart vótála:

(a)

sealbhóirí cothromais;

(b)

creidiúnaithe a bhfuil rangú a gcuid éileamh faoi bhun éilimh gnáthchreidiúnaithe neamhurraithe i ngnáthrangú na dtosaíochtaí leachtaithe; nó

(c)

aon pháirtí gaolmhar de chuid an fhéichiúnaí nó ghnólacht an fhéichiúnaí lena mbaineann coinbhleacht leasa faoin dlí náisiúnta.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcaitear le páirtithe dá ndéantar difear in aicmí ar leithligh a léiríonn leas comhchoiteann leordhóthanach, bunaithe ar chritéir infhíoraithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ar a laghad ar bith, caithfear le creidiúnaithe éileamh urraithe agus neamhurraithe in aicmí ar leithligh chun críocha plean athstruchtúraithe a ghlacadh.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil freisin go gcaitear le héilimh oibrithe in aicme ar leithligh dá gcuid féin.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil gur féidir le féichiúnaithe ar FBManna iad rogha a dhéanamh gan caitheamh le páirtithe dá ndéantar difear in aicmí ar leithligh.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí a chur i bhfeidhm lena áirithiú go ndéanfar foirmiú aicmí d'fhonn aird a thabhairt ar chosaint creidiúnaithe leochaileacha amhail soláthróirí beaga.

5.   Scrúdóidh údarás breithiúnach nó riaracháin cearta vótála agus foirmiú aicmí nuair a thíolacfar iarraidh i dtaca leis an bplean athstruchtúraithe a dhaingniú.

Féadfaidh na Ballstáit a chur de cheangal go ndéanfaidh údarás breithiúnach nó riaracháin na cearta vótála agus foirmiú aicmí a scrúdú agus a dhaingniú ag céim níos luaithe ná an chéim dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

6.   Glacfaidh páirtithe dá ndéantar difear plean athstruchtúraithe ar choinníoll go mbeidh tromlach i méid a gcuid éileamh nó a gcuid leasanna faighte i ngach aicme. Féadfaidh na Ballstáit, ina theannta sin, a éileamh go mbeidh tromlach i líon na bpáirtithe dá ndéantar difear faighte i ngach aicme.

Leagfaidh na Ballstáit síos na tromlaigh a theastóidh chun plean athstruchtúraithe a ghlacadh. Ní bheidh na tromlaigh sin níos airde ná 75 % de líon na n-éileamh nó na leasanna i ngach aicme nó, i gcás arb infheidhme, de líon na bpáirtithe dá ndéantar difear i ngach aicme.

7.   D'ainneoin mhíreanna 2 go 6, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil gur féidir comhaontú ag a bhfuil an tromlach riachtanach a chur in ionad vóta foirmiúil i dtaca le plean athstruchtúraithe a ghlacadh.

Airteagal 10

Daingniú na bpleananna athstruchtúraithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na pleananna athstruchtúraithe seo a leanas ar a laghad ina gceangal ar na páirtithe ach i gcás ina ndaingníonn údarás breithiúnach nó riaracháin iad:

(a)

pleananna athstruchtúraithe a dhéanann difear d'éilimh nó do leasanna páirtithe easaontacha dá ndéantar difear;

(b)

pleananna athstruchtúraithe lena gcuirtear maoiniú nua ar fáil;

(c)

pleananna athstruchtúraithe lena mbaineann caillteanas is mó ná 25 % den lucht saothair, má cheadaítear cailliúint den sórt sin faoin dlí náisiúnta.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go sonraítear go soiléir na coinníollacha faoinar féidir le húdarás breithiúnach nó riaracháin plean athstruchtúraithe a dhaingniú agus go mbeidh siad seo a leanas ar a laghad san áireamh iontu:

(a)

glacadh an plean athstruchtúraithe i gcomhréir le hAirteagal 9;

(b)

caitear ar an mbealach céanna le creidiúnaithe a bhfuil leas comhchoiteann leordhóthanach acu san aicme chéanna, agus ar bhealach atá i gcomhréir lena n-éileamh;

(c)

tugadh fógra faoin bplean athstruchtúraithe do na páirtithe go léir dá ndéantar difear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(d)

i gcás ina bhfuil creidiúnaithe easaontacha ann, sásaíonn an plean athstruchtúraithe an tástáil arb í barr leasa na gcreidiúnaithe;

(e)

i gcás inarb infheidhme, tá aon mhaoiniú nua atá riachtanach chun an plean athstruchtúraithe a chur chun feidhme agus ní déanann sé dochar míchuí do leasanna creidiúnaithe.

Ní scrúdóidh údarás breithiúnach nó riaracháin comhlíonadh phointe (d) den chéad fhomhír ach amháin má chonspóidtear an plean athstruchtúraithe ar an bhforas sin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin in ann daingniú plean athstruchtúraithe a dhiúltú i gcás nach mbeadh ionchas réasúnta sa phlean sin go seachnófaí dócmhainneacht an fhéichiúnaí ná go ndéanfaí inmharthanacht an ghnólachta a áirithiú.

4.   I gcás ina bhfuil údarás breithiúnach nó riaracháin riachtanach chun plean athstruchtúraithe a dhaingniú le go mbeadh sé ina cheangal, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an cinneadh ar bhealach éifeachtúil d'fhonn go gcaithfear go tapa leis an ábhar.

Airteagal 11

Athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh údarás breithiúnach nó riaracháin plean athstruchtúraithe a dhaingniú nach bhfuil formheasta ag páirtithe dá ndéantar difear, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 9(6), i ngach aicme vótála, ar mholadh ó fhéichiúnaí nó le comhaontú an fhéichiúnaí, agus go mbeidh sé ina cheangal ar na haicmí vótála easaontacha i gcás ina gcomhlíonann an plean athstruchtúraithe na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:

(a)

comhlíonann sé Airteagal 10(2) agus (3);

(b)

tá sé formheasta ag:

(i)

tromlach na n-aicmí vótála de chuid na bpáirtithe dá ndéantar difear, ar choinníoll gur aicme creidiúnaithe urraithe ceann amháin de na haicmí sin ar a laghad nó go bhfuil sé níos sinsearaí ná aicme na ngnáthchreidiúnaithe neamhurraithe, nó, ina éagmais sin,

(ii)

aicme vótála amháin ar a laghad de chuid na bpáirtithe dá ndéantar difear, lena n-áirítear nuair a fhoráiltear amhlaidh faoin dlí náisiúnta, de chuid na bpáirtithe lagaithe, seachas aicme sealbhóirí cothromais nó aon aicme eile nach bhfaigheadh aon íocaíocht nó nach gcoimeádfadh aon ús, dá ndéanfaí luacháil ar an bhféichiúnaí mar ghnóthas leantach, nó, nuair a fhoráiltear amhlaidh faoin dlí náisiúnta, aicme ar féidir a thoimhdiú go réasúnach nach bhfaigheadh sí aon íocaíocht nó nach gcoimeádfadh sí aon ús dá gcuirfí gnáthrangú na dtosaíochtaí leachtaithe i bhfeidhm faoin dlí náisiúnta.

(c)

áirithítear leis go gcaithfear le haicmí vótála easaontacha de chreidiúnaithe dá ndéantar difear ar a laghad chomh fabhrach le haon aicme eile den rang céanna agus níos fabhraí ná aon aicme shóisearach;

(d)

ní féidir le haon aicme de chuid na bpáirtithe dá ndéantar difear méid is mó ná méid iomlán a héileamh nó a leasanna a fháil nó a choimeád faoin bplean athstruchtúraithe.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit an ceanglas i leith comhaontú an fhéichiúnaí a fháil a theorannú go cásanna inar FBManna iad na féichiúnaithe.

Féadfaidh na Ballstáit íoslíon na n-aicmí de chuid na bpáirtithe dá ndéantar difear a mhéadú, nó i gcás ina bhforáiltear amhlaidh faoin dlí náisiúnta, íoslíon na bpáirtithe lagaithe a cheanglaítear chun an plean a fhormheas mar a leagtar síos i bpointe(b)(ii) den chéad fhomhír.

2.   De mhaolú ar phointe (c) de mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go sásaítear éilimh creidiúnaithe dá ndéantar difear in aicme vótála easaontach go hiomlán tríd an meán céanna nó trí mheán coibhéiseach i gcás ina bhfuil aicme níos sóisearaí chun aon íocaíocht a fháil nó chun aon ús a choimeád faoin bplean athstruchtúraithe.

Féadfaidh na Ballstáit forálacha lena maolaítear ar an gcéad fhomhír a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach i gcás ina bhfuil siad riachtanach chun aidhmeanna an phlean athstruchtúraithe a bhaint amach agus i gcás nach ndéantar dochar míchuí leis an bplean athstruchtúraithe do chearta nó do leasanna aon pháirtithe dá ndéantar difear.

Airteagal 12

Sealbhóirí cothromais

1.   I gcás ina n-eisiann na Ballstáit sealbhóirí cothromais ó chur i bhfeidhm Airteagail 9 go 11, áiritheoidh siad trí mheáin eile nach gceadófar do na sealbhóirí cothromais sin cosc míréasúnta a chur ar ghlacadh agus ar dhaingniú plean athstruchtúraithe ná bacainní a chur ar an nglacadh agus ar an daingniú sin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit freisin nach gceadófar do shealbhóirí cothromais cosc míréasúnta a chur ar phlean athstruchtúraithe a chur chun feidhme nó bacainní ar an méid sin a chruthú.

3.   Féadfaidh na Ballstáit an chiall atá le cosc a chur go míréasúnta nó le bacainní a chruthú faoin Airteagal seo a oiriúnú le cur san áireamh, inter alia: an FBM nó fiontar mór é an féichiúnaí; na bearta athstruchtúraithe atá beartaithe lena dtagraítear do chearta sealbhóirí cothromais; an cineál sealbhóra cothromais; an duine dlítheanach nó nádúrtha an féichiúnaí; nó an bhfuil dliteanas teoranta nó neamhtheoranta ag comhpháirtithe i gcuideachta.

Airteagal 13

Oibrithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh an creat um athstruchtúrú coisctheach difear do chearta aonair agus comhchoiteanna oibrithe, amhail an méid seo a leanas, faoi dhlí saothair an Aontais agus faoin dlí saothair náisiúnta:

(a)

an ceart chun cómhargántaíochta agus chun gníomhaíochta tionsclaíche; agus

(b)

an ceart chun faisnéise agus comhairliúcháin i gcomhréir le Treoir 2002/14/CE agus Treoir 2009/38/CE, go háirithe:

(i)

faisnéis d'ionadaithe na bhfostaithe faoi ghníomhaíochtaí agus staid eacnamaíoch an ghnóthais nó na bunaíochta le déanaí agus an fhorbairt dhóchúil a thiocfaidh orthu, faisnéis a chuirfidh ar a gcumas a chur in iúl don fhéichiúnaí cé na hábhair imní atá ann maidir le staid an ghnólachta agus a mhéid a bhaineann leis an ngá atá le machnamh a dhéanamh ar shásraí um athstruchtúrú;

(ii)

faisnéis d'ionadaithe na bhfostaithe faoi aon nós imeachta um athstruchtúrú coisctheach a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar chúrsaí fostaíochta, amhail cumas na n-oibrithe a bpá agus aon íocaíochtaí sa todhchaí a aisghabháil, lena n-áirítear pinsin ghairme;

(iii)

faisnéis d'ionadaithe na bhfostaithe agus comhairliúcháin leo faoi phleananna athstruchtúraithe sula dtíolactar iad lena nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 9, nó lena ndaingniú ag údarás breithiúnach nó riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 10;

(c)

na cearta a ráthaítear le Treoracha 98/59/CE, 2001/23/CE agus 2008/94/CE.

2.   I gcás ina gcuimsítear sa phlean athstruchtúraithe bearta óna dtagann athruithe ar eagrú na hoibre nó ar an gcaidreamh conarthach le hoibrithe, is iad na hoibrithe sin a fhormheasfaidh na hoibrithe sin na bearta sin, má fhoráiltear sa dlí náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna d'fhormheas den sórt sin i gcásanna den chineál sin.

Airteagal 14

Luacháil ag an údarás breithiúnach nó riaracháin

1.   Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach nó riaracháin cinneadh maidir le luacháil ar ghnó an fhéichiúnaí ach amháin má dhéanann páirtí easaontach dá ndéantar difear plean athstruchtúraithe a chonspóid mar gheall ar fhorais ar ceann de na nithe seo a leanas iad:

(a)

mainneachtain líomhnaithe an tástáil arb í barr leasa na gcreidiúnaithe faoi phointe (6) d'Airteagal 2(1) a shásamh; nó

(b)

sárú líomhnaithe na gcoinníollacha le haghaidh athchóiriú éigeantach fiachais trasaicmí faoi phointe (ii) d'Airteagal 11(1)(b).

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, chun críocha cinneadh a dhéanamh maidir le luacháil i gcomhréir le mír 1, go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha nó riaracháin saineolaithe atá cáilithe go cuí a cheapadh nó éisteacht leo.

3.   Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh páirtí easaontach dá ndéantar difear conspóid a thaisceadh leis an údarás breithiúnach nó riaracháin a n-iarrtar air an plean athstruchtúraithe a dhaingniú.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil gur féidir an chonspóid sin a thaisceadh i gcomhthéacs achomharc i gcoinne cinneadh maidir le plean athstruchtúraithe a dhaingniú.

Airteagal 15

Éifeachtaí pleananna athstruchtúraithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh pleananna athstruchtúraithe atá daingnithe ag údarás breithiúnach nó riaracháin ina gceangal ar na páirtithe go léir dá ndéantar difear a ainmnítear nó a dtugtar tuairisc orthu i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 8(1).

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéantar difear leis an bplean do chreidiúnaithe nach bhfuil rannpháirteach i nglacadh plean athstruchtúraithe faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 16

Achomhairc

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar aon achomharc dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta i gcoinne cinneadh chun plean athstruchtúraithe a dhaingniú nó a dhiúltú, a dhéanann údarás breithiúnach, a chur os comhair údarás breithiúnach níos airde.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar aon achomharc i gcoinne cinneadh chun plean athstruchtúraithe a dhaingniú nó a dhiúltú, a dhéanann údarás riaracháin, a chur os comhair údarás breithiúnach.

2.   Déanfar achomhairc a réiteach ar bhealach éifeachtúil chun go gcaithfear leo go pras.

3.   Ní bheidh aon éifeachtaí fionraíochta ag achomharc in aghaidh cinneadh lena ndaingnítear plean athstruchtúraithe ar fhorghníomhú an phlean sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil gur féidir leis na húdaráis bhreithiúnacha feidhmiú an phlean athstruchtúraithe nó codanna de a chur ar fionraí i gcás inar gá agus inarb iomchuí chun leasanna páirtí a choimirciú.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina seastar le hachomharc de bhun mhír 3, go bhféadfaidh an t-údarás breithiúnach:

(a)

an plean athstruchtúraithe a chur i leataobh; nó

(b)

an plean athstruchtúraithe a dhaingniú, cibé le leasuithe air, i gcás dá bhforáiltear amhlaidh faoin dlí náisiúnta, nó gan leasuithe air.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, nuair a dhaingnítear plean faoi phointe (b) den chéad fhomhír, go ndeonaítear cúiteamh d'aon pháirtí a thabhaigh caillteanais airgeadaíochta, agus ar páirtí é a sheastar lena achomharc.

CAIBIDIL 4

Cosaint do mhaoiniú nua, do mhaoiniú eatramhach agus d'idirbhearta eile a bhaineann le hathstruchtúrú

Airteagal 17

Cosaint do mhaoiniú nua agus do mhaoiniú eatramhach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar maoiniú nua agus maoiniú eatramhach a chosaint go leordhóthanach. Ar a laghad, i gcás aon dócmhainneacht ar thaobh an fhéichiúnaí ina dhiaidh sin,

(a)

ní dhearbhófar go bhfuil maoiniú nua agus maoiniú eatramhach ar neamhní, in-neamhnithe nó do-infheidhmithe, agus

(b)

ní thabhóidh deontóirí an mhaoinithe sin dliteanas sibhialta, riaracháin nó coiriúil, ar an mbonn go bhfuil maoiniú den chineál sin chun aimhleas chomhlacht ginearálta na gcreidiúnaithe, murarb ann do na coinníollacha breise a leagtar síos leis an dlí náisiúnta.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mbeidh feidhm ag mír 1 maidir le maoiniú nua ach amháin má dhaingnigh údarás breithiúnach nó riaracháin an plean athstruchtúraithe agus maidir le maoiniú eatramhach a cuireadh faoi réir rialú ex ante.

3.   Maoiniú eatramhach a dheonaítear nuair nach bhfuil an féichiúnaí in ann a chuid fiachas a íoc de réir mar a bheidh siad dlite, féadfaidh na Ballstáit é a eisiamh ó chur i bhfeidhm mhír 1.

4.   Féadfaidh na Ballstáit foráil go mbeidh dheontóirí maoinithe nua nó eatramhaigh i dteideal íocaíocht tosaíochta a fháil i gcomhthéacs nósanna imeachta dócmhainneachta ina dhiaidh sin i dtaca le creidiúnaithe eile a mbeadh éilimh uachtair nó éilimh chomhionanna acu ar shlí eile.

Airteagal 18

Cosaint d'idirbhearta eile a bhaineann le hathstruchtúrú

1.   Gan dochar d'Airteagal 17, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás dhócmhainneacht ar thaobh féichiúnaí ina dhiaidh sin, nach ndearbhófar go bhfuil idirbhearta atá réasúnta agus nach bhfuil riachtanach láithreach don chaibidlíocht faoi phlean athstruchtúraithe ar neamhní, in-neamhnithe nó do-infheidhmithe ar an mbonn go bhfuil na hidirbhearta sin chun aimhleas na gcreidiúnaithe i gcoitinne, murab ann d'fhorais eile a leagtar síos leis an dlí náisiúnta.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach bhfuil feidhm ag mír 1 ach amháin i gcásanna ina ndéanann údarás breithiúnach nó riaracháin an plean a dhaingniú nó cásanna ina raibh na hidirbhearta sin faoi réir rialú ex ante.

3.   Idirbhearta a dhéantar tar éis don fhéichiúnaí gan a bheith in ann a chuid fiachas a íoc de réir mar a bheidh siad dlite, féadfaidh na Ballstáit iad a eisiamh ó chur i bhfeidhm mhír 1.

4.   Áireofar ar na hidirbhearta dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

táillí ar chaibidliú, glacadh nó daingniú plean athstruchtúraithe, agus costais atá ar an méid sin, a íoc;

(b)

táillí comhairle ghairmiúil a lorg a bhfuil dlúthcheangal aici leis an athstruchtúrú, agus na costais atá ar an méid sin a íoc;

(c)

pá oibrithe a íoc i gcomhair obair atá curtha i gcrích cheana féin gan dochar d'aon chosaint eile dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta;

(d)

aon íocaíochtaí agus aon eisíocaíochtaí a dhéantar i ngnáthchúrsa gnó seachas na cinn sin dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c).

5.   Gan dochar d'Airteagal 17, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás aon dhócmhainneacht ar thaobh an fhéichiúnaí ina dhiaidh sin, nach ndearbhófar go bhfuil aon idirbheart atá réasúnta agus riachtanach láithreach chun plean athstruchtúraithe a chur chun feidhme agus a dhéantar i gcomhréir leis an bplean athstruchtúraithe a dhaingnigh údarás breithiúnach nó riaracháin ar neamhní, in-neamhnithe nó do-infheidhmithe ar an mbonn go bhfuil na hidirbhearta sin chun aimhleas na gcreidiúnaithe i gcoitinne murab ann d'fhorais bhreise eile a leagtar síos leis an dlí náisiúnta.

CAIBIDIL 5

Dualgais stiúrthóirí

Airteagal 19

Dualgais stiúrthóirí i gcás ina bhfuil dóchúlacht dócmhainneachta ann

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil dóchúlacht dócmhainneachta ann, go dtabharfaidh stiúrthóirí aird chuí, ar a laghad, ar an méid seo a leanas,:

(a)

leasanna creidiúnaithe, sealbhóirí cothromais agus geallsealbhóirí eile;

(b)

an gá atá le céimeanna a thabhairt chun dócmhainneacht a sheachaint; agus

(c)

an gá atá le hiompar a dhéantar d'aon ghnó nó atá mórfhaillíoch, agus atá ina bhagairt d'inmharthanacht an ghnólachta a sheachaint.

TEIDEAL III

URSCAOILEADH FIACHAIS AGUS DÍCHÁILÍOCHTAÍ

Airteagal 20

Rochtain ar urscaoileadh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag fiontraithe dócmhainneacha ar nós imeachta amháin ar a laghad ar féidir urscaoileadh fiachais iomlán teacht as i gcomhréir leis an Treoir seo.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go bhfuil deireadh tagtha leis an gceird, leis an ngnó, leis an gceardaíocht nó leis an ngairm lena mbaineann fiachais fiontraí atá dócmhainneach.

2.   Sna Ballstáit ina bhfuil urscaoileadh iomlán fiachais ag brath ar aisíoc páirteach fiachais ag an bhfiontraí, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an oibleagáid aisíocaíochta ghaolmhar bunaithe ar staid aonair an fhiontraí agus, go háirithe, go bhfuil sí comhréireach le hioncam agus le sócmhainní in-urghafa nó indiúscartha an fhiontraí thar an tréimhse urscaoilte, agus go gcuirtear san áireamh leas cothromais na gcreidiúnaithe léi.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh fiontraithe a urscaoileadh óna bhfiacha tairbhiú de chreataí náisiúnta atá ann cheana lena bhforáiltear do thacaíocht ghnó d'fhiontraithe, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis ábhartha chothrom le dáta faoi na creataí seo.

Airteagal 21

Tréimhse urscaoilte

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh an tréimhse ar ina diaidh is féidir fiontraithe dócmhainneacha a urscaoileadh go hiomlán óna gcuid fiachais níos faide ná 3 bliana ag tosú ar a dhéanaí ó cheann de na dátaí seo a leanas:

(a)

i gcás nós imeachta lena n-áirítear plean aisíocaíochta, dáta an chinnidh ó údarás breithiúnach nó riaracháin an plean nó tús chur chun feidhme an phlean a dhaingniú; nó

(b)

i gcás aon nós imeachta eile, dáta an chinnidh ón údarás breithiúnach nó riaracháin chun an nós imeachta a thionscnamh, nó an dáta a mbunaítear eastát dócmhainneachta an fhiontraí.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar fiachas fiontraithe dócmhainneacha a chomhlíon a n-oibleagáidí, i gcás inarb ann do na hoibleagáidí sin faoin dlí náisiúnta, a urscaoileadh go hiomlán ar dhul in éag na tréimhse urscaoilte gan gá le hiarratas a chur ar údarás breithiúnach nó riaracháin nós imeachta de bhreis ar na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 a thionscnamh.

Gan dochar don chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit forálacha a choinneáil nó a thabhairt isteach lena gcuirfear ar chumas an údaráis bhreithiúnaigh nó riaracháin a fhíorú ar chomhlíon na fiontraithe na hoibleagáidí chun fiachas a urscaoileadh.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach gcuirtear bacainn le hurscaoileadh iomlán fiachais ar leanúint nós imeachta dócmhainneachta lena mbaineann réadú agus dáileadh sócmhainní de chuid fiontraí a bhí mar chuid d'eastát dócmhainneachta an fhiontraí sin amhail ag dáta dhul in éag na tréimhse urscaoilte.

Airteagal 22

Tréimhse dícháilithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a fhaigheann fiontraí dócmhainneach urscaoileadh fiachais i gcomhréir leis an Treoir seo, go scoirfidh aon dícháiliú ó ghabháil do cheird, gnó, ceardaíocht nó gairm ar an mbonn go bhfuil an fiontraí dócmhainneach, agus ar an mbonn sin amháin, d'éifeacht a bheith aige ag deireadh na tréimhse urscaoilte, ar a dhéanaí.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, ar dhul in éag na tréimhse urscaoilte, go scoirfidh na dícháilíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo d'éifeacht a bheith acu, gan aon ghá iarratas a dhéanamh an athuair chuig údarás breithiúnach nó riaracháin nós imeachta de bhreis ar na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 21(1) a thionscnamh.

Airteagal 23

Na maoluithe

1.   De mhaolú ar Airteagail 20 go 22, déanfaidh na Ballstáit forálacha a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach a dhiúltaíonn nó a shrianann rochtain ar urscaoileadh fiachais nó a chúlghaireann leas an urscaoilte sin nó lena bhforáiltear do thréimhsí níos faide chun urscaoileadh iomlán fiachais a fháil nó tréimhsí dícháilithe níos faide i gcás ina ndearna an fiontraí dócmhainneach é féin a iompar go mímhacánta nó de mheon mímhacánta faoin dlí náisiúnta i leith creidiúnaithe nó geallsealbhóirí eile nuair a bhí féichiúnas ag teacht air, le linn imeachtaí dócmhainneachta nó le linn don fhiachas a bheith á íoc, gan dochar do na rialacha náisiúnta maidir le dualgas cruthúnais.

2.   De mhaolú ar Airteagail 20 go 22, féadfaidh na Ballstáit forálacha a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach a dhiúltaíonn nó a shrianann rochtain ar urscaoileadh fiachais nó a chúlghaireann leas an urscaoilte nó lena bhforáiltear do thréimhsí níos faide chun urscaoileadh iomlán fiachais a fháil nó tréimhsí dícháilithe níos faide i ndálaí áirithe atá dea-shainithe agus i gcás ina bhfuil údar cuí leis na maoluithe sin, amhail:

(a)

i gcás ina ndearna an fiontraí dócmhainneach sárú substaintiúil ar na hoibleagáidí faoi phlean aisíocaíochta nó ar aon oibleagáid dhlíthiúil eile a bhfuil sé mar aidhm aici leasanna creidiúnaithe a choimirciú, lena n-áirítear an oibleagáid chun brabús a uasmhéadú do chreidiúnaithe;

(b)

i gcás inar mhainnigh an fiontraí dócmhainneach hoibleagáidí faisnéise nó comhoibrithe faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta a chomhlíonadh;

(c)

i gcás iarratais mhíchuí ar urscaoileadh fiachais;

(d)

i gcás iarratas breise ar urscaoileadh laistigh de thréimhse áirithe tar éis urscaoileadh iomlán fiachais a dheonú don fhiontraí dócmhainneach nó i gcás inar diúltaíodh urscaoileadh fiachais iomlán don fhiontraí mar gheall ar shárú tromchúiseach ar oibleagáidí faisnéise nó comhoibrithe;

(e)

i gcás nach gclúdaítear costas an nós imeachta as a dtagann urscaoileadh fiachais; nó

(f)

i gcás inar gá maolú chun an chothromaíocht idir cearta an fhéichiúnaí agus cearta creidiúnaí amháin nó níos mó a ráthú.

3.   De mhaolú ar Airteagal 21, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do thréimhsí urscaoilte níos faide sna cásanna seo a leanas:

(a)

déanann údarás breithiúnach nó riaracháin bearta cosanta a fhormheas nó a ordú d'fhonn príomháras cónaithe an fhiontraí dhócmhainnigh agus, i gcás inarb infheidhme, a theaghlaigh a choimirciú, nó d'fhonn na sócmhainní atá bunriachtanach chun go leanfaidh ceird, gnó, ceardaíocht nó gairm an fhiontraí ar aghaidh a choimirciú; nó

(b)

níl príomháit chónaithe an fhiontraí dócmhainneacha agus, más infheidhme, a dteaghlaigh, réadaithe.

4.   Féadfaidh na Ballstáit catagóirí sonracha d'fhiachas a eisiamh ó urscaoileadh fiachais, nó rochtain ar urscaoileadh fiachais a shrianadh nó tréimhse urscaoilte níos faide a leagan síos i gcás ina bhfuil údar cuí leis an eisiamh, leis na srianta nó leis na tréimhsí níos faide sin, amhail sna cásanna seo a leanas:

(a)

fiachais urraithe;

(b)

fiachais a eascraíonn as pionóis choiriúla nó atá nasctha leis na pionóis sin;

(c)

fiachais a eascraíonn as dhliteanas de dhroim torta;

(d)

fiachais a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála a eascraíonn ó ghaol teaghlaigh, ó thuismíocht, ó phósadh nó ó chleamhnas;

(e)

fiachais a tabhaíodh tar éis cur isteach ar an nós imeachta as a dtagann urscaoileadh fiachais nó tar éis é a thionscnamh; agus

(f)

fiachais a eascraíonn as oibleagáid chun íoc as costas an nós imeachta as a dtagann urscaoileadh fiachais.

5.   De mhaolú ar Airteagal 22, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do thréimhsí dícháilithe níos faide nó do thréimhsí dícháilithe éiginnte i gcás inar comhalta de ghairm an fiontraí dócmhainneach, ar gairm í:

(a)

a bhfuil feidhm ag rialacha sonracha eiticiúla maidir léi nó a bhfuil feidhm ag rialacha sonracha ar cháil nó ar shaineolas maidir léi, agus gur sháraigh an fiontraí na rialacha sin; nó

(b)

lena mbítear ag déileáil le bainistiú maoine daoine eile,

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír chomh maith i gcás ina n-iarrann fiontraí dócmhainneach rochtain a fháil ar ghairm dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den fhomhír sin.

6.   Ní dochar an Treoir seo do rialacha náisiúnta maidir le dícháilíochtaí a ordaíonn údarás breithiúnach nó riaracháin seachas na rialacha sin dá dtagraítear in Airteagal 22.

Airteagal 24

Comhdhlúthú imeachtaí i dtaca le fiachais ghairme agus fiachais phearsanta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, nuair atá fiachais ghairmiúla ag fiontraithe dócmhainneacha a tabhaíodh i gcúrsa a gceirde, a ngnó, a gceardaíochta nó a ngairme chomh maith le fiachais phearsanta a tabhaíodh lasmuigh de na gníomhaíochtaí sin nach féidir a dheighilt go réasúnach, go gcaithfear le fiachais den sórt sin, más fiachais in-urscaoilte iad, in aon nós imeachta amháin chun críocha urscaoileadh iomlán fiachais a fháil.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcás inar féidir fiachas gairmiúil a dheighilt ó fhiachas pearsanta, go bhfuiltear chun caitheamh leis na fiachais sin, chun críocha urscaoileadh iomlán fiachais a fháil, i nósanna imeachta ar leithligh ach atá comhordaithe nó sa nós imeachta céanna.

TEIDEAL IV

BEARTA CHUN ÉIFEACHTÚLACHT NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LE hATHSTRUCHTÚRÚ, DÓCMHAINNEACHT AGUS URSCAOILEADH FIACHAIS A MHÉADÚ

Airteagal 25

Údaráis bhreithiúnacha agus riaracháin

Gan dochar do neamhspleáchas breithiúnach ná d'aon difríochtaí in eagrú na mbreithiúna ar fud an Aontais, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas :

(a)

go bhfaighidh comhaltaí na n-údarás breithiúnach agus riaracháin, a bhíonn ag déileáil le nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais, oiliúint iomchuí agus go mbeidh an saineolas riachtanach acu dá gcuid freagrachtaí; agus

(b)

go ndéileálfar le nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais ar bhealach éifeachtúil, chun go gcaithfear le nósanna imeachta go gasta.

Airteagal 26

Cleachtóirí i nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais

1.   Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

go bhfaighidh cleachtóirí a cheapann údarás breithiúnach nó riaracháin i nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais ('cleachtóirí') oiliúint iomchuí agus go mbeidh an saineolas riachtanach acu dá gcuid freagrachtaí;

(b)

go mbeidh na coinníollacha i gcomhair incháilitheachta, mar aon leis an bpróiseas a bhaineann le ceapadh, baint, agus éirí as cleachtóirí, soiléir, trédhearcach agus cothrom;

(c)

agus cleachtóir á cheapadh do chás faoi leith, lena n-áirítear cásanna lena mbaineann eilimintí trasteorann, go dtabharfar aird chuí ar thaithí agus ar shaineolas an chleachtóra, agus ar ghnéithe sonracha an cháis; agus

(d)

d'fhonn aon choinbhleacht leasa a sheachaint, go mbeidh an deis ag féichiúnaithe agus ag creidiúnaithe cur i gcoinne roghnú nó cheapadh cleachtóra nó iarraidh go ndéanfar an cleachtóir a ionadú.

2.   Déanfaidh an Coimisiún éascaíocht do chomhroinnt na ndea-chleachtas idir na Ballstáit d'fhonn feabhas a chur ar cháilíocht na hoiliúna ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí bhíthin malartú taithí agus uirlisí forbartha acmhainní.

Airteagal 27

Maoirseacht ar chleachtóirí agus a luach saothair

1.   Cuirfidh na Ballstáit sásraí cuí maoirseachta agus rialála i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtach ar obair na gcleachtóirí, d'fhonn a áirithiú go soláthraítear a gcuid seirbhísí ar bhealach éifeachtach inniúil, agus i ndáil leis na páirtithe atá rannpháirteach, go soláthraítear iad go neamhchlaonta agus go neamhspleách. Áireofar ar na sásraí sin freisin bearta le haghaidh cuntasacht cleachtóirí a mhainnigh ina ndualgais.

2.   Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh fáil ag an bpobal ar an bhfaisnéis a bhaineann leis na húdaráis nó na comhlachtaí a dhéanann maoirseacht ar chleachtóirí.

3.   Féadfaidh na Ballstáit na cleachtóirí a spreagadh chun cóid iompair a fhorbairt agus chun iad a chomhlíonadh.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go rialófar luach saothair cleachtóirí le rialacha atá ar aon dul leis an gcuspóir chun nósanna imeachta a réiteach go héifeachtúil.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm chun réiteach a dhéanamh ar aon díospóidí maidir le luach saothair.

Airteagal 28

Modhanna leictreonacha cumarsáide a úsáid

Áiritheoidh na Ballstáit i nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais, go mbeidh na páirtithe sa nós imeachta, an cleachtóir agus an t-údarás breithiúnach nó riaracháin in ann na gníomhaíochtaí seo a leanas ar a laghad a fheidhmiú trí mheán cumarsáide leictreonach a úsáid, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann:

(a)

éilimh a chomhdú;

(b)

pleananna athstruchtúraithe nó aisíocaíochta a thíolacadh;

(c)

fógraí chuig creidiúnaithe;

(d)

conspóidí agus achomhairc a thaisceadh.

TEIDEAL V

FAIREACHÁN A DHÉANAMH AR NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LE hATHSTRUCHTÚRÚ, DÓCMHAINNEACHT AGUS URSCAOILEADH FIACHAIS

Airteagal 29

Bailiú sonraí

1.   Déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil, ar an leibhéal náisiúnta, sonraí maidir le nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais, arna miondealú de réir gach cineáil nós imeachta, agus lean gcumhdaítear ar a laghad na heilimintí seo a leanas, a bhailiú agus a chomhiomlánú:

(a)

líon na nósanna imeachta ar cuireadh isteach orthu nó a tionscnaíodh, i gcás ina bhforáiltear don tionscnamh sin faoin dlí náisiúnta, agus líon na nósanna imeachta atá ar feitheamh nó ar cuireadh clabhsúr orthu;

(b)

meánfhad na nósanna imeachta ó cuireadh isteach an t-iarratas, nó ónar tionscnaíodh é, i gcás ina bhforáiltear don tionscnamh sin faoin dlí náisiúnta, go dtí an clabhsúr a chuirtear orthu;

(c)

líon na nósanna imeachta seachas na cinn a cheanglaítear faoi phointe (d), miondealaithe de réir cineálacha toraidh;

(d)

líon na n-iarratas ar nósanna imeachta um athstruchtúrú a ndearbhaíodh go raibh siad neamh-inghlactha, a diúltaíodh nó a tarraingíodh siar sular tionscnaíodh iad.

2.   Déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil, ar an leibhéal náisiúnta sonraí a bhailiú agus a chomhiomlánú faoi líon na bhféichiúnaithe a bhí faoi réir nósanna imeachta um athstruchtúrú nó nósanna imeachta dócmhainneachta agus a raibh plean athstruchtúraithe daingnithe acu faoi nós imeachta um athstruchtúrú roimhe seo lena gcuirtear Teideal II chun feidhme, laistigh de na 3 bliana roimh an t-iarratas a thíolacadh nó roimh thionscnamh na nósanna imeachta sin, i gcás ina bhforáiltear don tionscnamh sin.

3.   Féadfaidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil, ar an leibhéal náisiúnta, sonraí a bhailiú agus a chomhiomlánú faoin méid seo a leanas:

(a)

meánchostas gach cineál nós imeachta;

(b)

meánrátaí téarnaimh do chreidiúnaithe urraithe agus neamhurraithe, agus i gcás inarb infheidhme, do chineálacha eile creidiúnaithe ar leithligh;

(c)

líon na bhfiontraithe, ar fiontraithe iad, a bhfuil gnó nua seolta acu, tar éis dóibh nós imeachta dá dtagraítear faoi phointe (b) d'Airteagal 1(1) a chur i gcrích;

(d)

líon na gcaillteanas post atá nasctha le nósanna imeachta um athstruchtúrú agus nósanna imeachta dócmhainneachta.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí a mhiondealú, arb iad na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) go (c) de mhír 1 agus, i gcás inarb infheidhme agus inarb infhaighte, na sonraí dá dtagraítear i mír 3 de réir:

(a)

méid na bhféichiúnaithe nach daoine nádúrtha iad;

(b)

pé acu an daoine nádúrtha nó dlítheanacha iad na féichiúnaithe atá faoi réir nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú nó le dócmhainneacht; agus

(c)

pé acu an mbaineann na nósanna imeachta as a dtagann urscaoileadh fiachais leis na fiontraithe amháin nó leis na daoine nádúrtha uile.

5.   Féadfaidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 a bhailiú agus a chomhiomlánú trí theicníc shamplach lena n-áirithítear go bhfuil na samplaí ionadaíoch ó thaobh mhéide agus éagsúlachta.

6.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear i míreanna 1, 2, 4 agus, i gcás inarb infheidhme, i mír 3, a bhailiú agus a chomhiomlánú do na blianta féilire iomlána dar críoch an 31 Nollaig gach bliain, ag tosú leis an gcéad bhliain féilire iomlán tar éis dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7. Cuirfear na sonraí sin in iúl don Choimisiún go bliantúil ar bhonn foirm chaighdeánach um shonraí a chur in iúl, faoin 31 Nollaig den bhliain féilire tar éis na bliana ar bailíodh na sonraí ina leith.

7.   Bunóidh an Coimisiún an fhoirm um shonraí a chur in iúl dá dtagraítear i mír 6 trí den Airteagal seo trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

8.   Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin na sonraí a chuirfear in iúl i gcomhréir le mír 6 ar bhealach inrochtana a bheidh soláimhsithe don úsáideoir.

Airteagal 30

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

TEIDEAL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 31

Gaol le gníomhartha agus le hionstraimí idirnáisiúnta eile

1.   Beidh feidhm ag na gníomhartha seo a leanas ainneoin na Treorach seo:

(a)

Treoir 98/26/CE;

(b)

Treoir 2002/47/CE; agus

(c)

Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

2.   Ní dochar an Treoir seo do cheanglais choimirce cistí le haghaidh institiúidí íocaíochta, a leagtar síos faoi Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) agus le haghaidh institiúidí airgid leictreonaigh a leagtar síos faoi Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).

3.   Ní dochar an Treoir seo do chur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin ar Leasanna Idirnáisiúnta i dtrealamh soghluaiste agus an Prótacal a ghabhann leis maidir le nithe a bhaineann go sonrach le trealamh aerárthaigh, a síníodh in Cape Town an 16 Samhain 2001, a bhfuil roinnt Ballstát ina bpáirtithe ann tráth ghlacadh na Treorach seo.

Airteagal 32

Leasú ar Threoir (AE) 2017/1132

In Airteagal 84 de Threoir (AE) 2017/1132, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Maolóidh na Ballstáit ar Airteagal 58(1), Airteagal 68, Airteagail 72, 73, agus 74, pointe (b) d'Airteagal 79(1), Airteagal 80(1) agus Airteagal 81 a mhéid sin, agus ar feadh na tréimhse sin, ina bhfuil maoluithe den sórt sin riachtanach chun na creataí um athstruchtúrú coisctheach, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), a bhunú.

Ní dochar an chéad fhomhír don phrionsabal ar dá réir a gcaitear go comhionann leis na scairshealbhóirí.

Airteagal 33

Clásal athbhreithnithe

Tráth nach déanaí ná an 17 Iúil 2026 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm agus tionchar na Treorach seo, lena n-áirítear i dtaca leis na rialacha maidir le foirmiú aicmí agus na rialacha vótála a chur i bhfeidhm maidir le creidiúnaithe leochaileacha, amhail oibrithe, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, tíolacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach, lena measfar bearta breise chun an creat dlí maidir le nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a chomhdhlúthú agus a chomhchuibhiú.

Airteagal 34

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 17 Iúil 2021, seachas na forálacha is gá chun pointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 28 a chomhlíonadh, ar nithe iad a ghlacfar agus a fhoilseofar faoin 17 Iúil 2024, agus seachas na forálacha is gá chun pointe (d) d'Airteagal 28 a chomhlíonadh, ar nithe iad a ghlacfar agus a fhoilseofar faoin 17 Iúil 2026. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Déanfaidh siad na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm ón 17 Iúil 2021, seachas na forálacha is gá chun pointí (a), (b) agus (c) a chomhlíonadh, a mbeidh feidhm acu ón 17 Iúil 2024 agus seachas na forálacha is gá chun pointe (d) d'Airteagal 28 a chomhlíonadh, a mbeidh feidhm acu ón 17 Iúil 2026.

2.   De mhaolú ar mhír 1, Ballstáit a bhfuil deacrachtaí ar leith acu maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, beidh siad in ann tairbhiú de shíneadh bliana, ar a mhéid, ar an tréimhse chur chun feidhme dá bhforáiltear i mír 1. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gur gá úsáid a bhaint as an rogha seo síneadh a chur leis an tréimhse chur chun feidhme faoin 17 Eanáir 2021.

3.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 35

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 36

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 209, 30.6.2017, lch. 21.

(2)  IO C 342, 12.10.2017, lch. 43.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Meitheamh 2019.

(4)  Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L 141, 5.6.2015, lch. 19).

(5)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis bhliantúla airgeadais, leis na ráitis chomhdhlúite airgeadais agus le tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(6)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(7)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun gnó an árachais agus an athárachais agus gabháil don ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).

(11)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(12)  Treoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe na mBallstát i leith comhiomarcaíochtaí, IO L 225, 12.8.1998, lch. 16.

(13)  Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cearta fostaithe a choimirciú i gcás aistriú gnóthas nó gnólachtaí nó codanna de gnóthais nó de ghnólachtaí, IO L 82, 22.3.2001, lch. 16.

(14)  Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, IO L 80, 23.3.2002, lch. 29.

(15)  Treoir 2008/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le fostaithe a chosaint i gcás dhócmhainneacht a bhfostóra, IO L 283, 28.10.2008, lch. 36.

(16)  Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le comhairle Fostaithe Eorpach a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar scála an Chomhphobail agus i ngrúpaí de ghnóthais ar scála an Chomhphobail chun críche fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, IO L 122, 16.5.2009, lch. 28.

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhele haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(19)  Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45).

(20)  Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais, (IO L 168, 27.6.2002, lch. 43).

(21)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

(22)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(23)  IO C 236, 21.7.2017, lch. 2.

(24)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(25)  Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gabháil le gnó institiúidí airgid leictreonaigh agus an gnó sin a shaothrú agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).