EUR-Lex Baza aktów prawnych Unii Europejskiej

Powrót na stronę główną portalu EUR-Lex

Ten dokument pochodzi ze strony internetowej EUR-Lex

Dokument 02017L1132-20220812

Tekst skonsolidowany: Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (códú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/1132/2022-08-12

02017L1132 — GA — 12.08.2022 — 003.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

TREOIR (AE) 2017/1132 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meitheamh 2017

maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí

(códú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 169 30.6.2017, lch. 46)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

TREOIR (AE) 2019/1023 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019

  L 172

18

26.6.2019

►M2

TREOIR (AE) 2019/1151 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019

  L 186

80

11.7.2019

►M3

TREOIR (AE) 2019/2121 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 27 Samhain 2019

  L 321

1

12.12.2019

►M4

RIALACHÁN (AE) 2021/23 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 16 Nollaig 2020

  L 22

1

22.1.2021


Arna ceartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 020, 24.1.2020, lch.  24 (2019/2121)

►C2

Ceartúchán, IO L 036, 7.2.2020, lch.  13 (2019/2121)




▼B

TREOIR (AE) 2017/1132 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meitheamh 2017

maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí

(códú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS BUNÚ AGUS FEIDHMIÚ CUIDEACHTAÍ FAOI DHLITEANAS TEORANTA

Caibidil I

Ábhar

Caibidil II

Corprú agus neamhniú na cuideachta agus bailíocht a cuid oibleagáidí

Roinn 1

Corprú na cuideachta poiblí faoi dhliteanas teoranta

Roinn 2

Neamhniú na cuideachta faoi dhliteanas teoranta agus bailíocht a cuid oibleagáidí

Caibidil III

Nósanna imeachta ar líne (foirmiú, clárú agus comhdú), nochtadh agus cláir

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Roinn 1A

Foirmiú ar líne, comhdú ar líne agus nochtadh

Roinn 2

Rialacha maidir le clárú agus nochtadh is infheidhme maidir le brainsí cuideachtaí ó Bhallstáit eile

Roinn 3

Na rialacha nochta is infheidhme maidir le brainsí de chuideachtaí ó thríú tíortha

Roinn 4

Socruithe cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme

Caibidil IV

Caipiteal a choinneáil agus a athrú

Roinn 1

Ceanglais chaipitil

Roinn 2

Coimircí maidir le caipiteal reachtúil

Roinn 3

Rialacha maidir le dáileadh

Roinn 4

Rialacha maidir lena scaireanna dílse a bheith á bhfáil ag cuideachtaí

Roinn 5

Rialacha le haghaidh méadú agus laghdú caipitil

Roinn 6

Socruithe cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme

TEIDEAL II

COMHSHÓNNA, CUMAISC AGUS DEIGHILTÍ CUIDEACHTAÍ FAOI DHLITEANAS TEORANTA

Caibidil -I

Comhshónna trasteorann

Caibidil I

Cumaisc cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta

Roinn 1

Forálacha ginearálta maidir le cumaisc

Roinn 2

Cumasc trí éadáil

Roinn 3

Cumasc trí chuideachta nua a fhoirmiú

Roinn 4

Éadáil cuideachta amháin ag cuideachta eile a bhfuil 90 % nó níos mó dá scaireanna i seilbh aici

Roinn 5

Oibríochtaí eile a gcaitear mar chumaisc leo

Caibidil II

Cumaisc thrasteorann cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta

Caibidil III

Cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta a dheighilt

Roinn 1

Forálacha Ginearálta

Roinn 2

Deighilt trí éadáil

Roinn 3

Deighilt trí chuideachtaí nua a fhoirmiú

Roinn 4

Deighiltí faoi mhaoirseacht údaráis bhreithiúnaigh

Roinn 5

Oibríochtaí eile a gcaitear mar dheighiltí leo

Roinn 6

Socruithe cur i bhfeidhm

Caibidil IV

Deighiltí trasteorann cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta

TEIDEAL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA



TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS BUNÚ AGUS FEIDHMIÚ CUIDEACHTAÍ FAOI DHLITEANAS TEORANTA



CAIBIDIL I

Ábhar

Airteagal 1

Ábhar

Sa Treoir seo, leagtar síos bearta maidir leis an méid seo a leanas:

— 
comhordú a dhéanamh ar na coimircí a éilíonn Ballstáit ar chuideachtaí de réir bhrí an dara mír d'Airteagal 54 den Chonradh, ionas go gcosnófar leasanna comhaltaí agus daoine eile, i leith foirmiú cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta agus cothabháil agus athrú a gcaipitil, d'fhonn na coimircí sin a chomhionannú;
— 
comhordú a dhéanamh ar choimircí a éilíonn Ballstáit ar chuideachtaí de réir bhrí an dara mír d'Airteagal 54 den Chonradh, ionas go gcosnófar leasanna comhaltaí agus tríú páirtithe, i leith nochtadh, bailíocht oibleagáidí lenar ghlac cuideachtaí faoi theorainn scaireanna nó atá faoi dhliteanas teoranta ar shlí eile, agus neamhniú na gcuideachtaí sin, d'fhonn na coimircí sin a chomhionannú

▼M2

;
— 
na rialacha maidir le foirmiú cuideachta agus le clárú ar líne a mbrainsí agus maidir le doiciméid agus faisnéis a chomhdú ar líne a dhéanann cuideachtaí agus a mbrainsí;

▼B

— 
na ceanglais maidir le nochtadh i leith brainsí a osclaíonn cineálacha áirithe cuideachta i mBallstát, ar cuideachta í atá faoi rialú ag an dlí i Stát eile;
— 
cumaisc cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta;

▼M3

— 
comhshónna trasteorann, cumaisc trasteorann agus deighiltí trasteorann de chuid cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta,

▼B

— 
deighilt cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta.



CAIBIDIL II

Corprú agus neamhniú na cuideachta agus bailíocht a cuid oibleagáidí



Roinn 1

Corprú na cuideachta poiblí faoi dhliteanas teoranta

Airteagal 2

Raon feidhme

1.  
Beidh feidhm ag na bearta comhordaithe a fhorordaítear leis an Roinn seo maidir le forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin sna Ballstáit a bhaineann leis na cineálacha cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn I. Is é a bheidh san ainm a bheidh ar aon chuideachta de na cineálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I tuairisc a bheidh leithleach ón tuairisc a éilítear ó chuideachtaí de chineálacha eile nó beidh an tuairisc sin ag gabháil leis an ainm sin.
2.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an Roinn seo a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí infheistíochta a bhfuil caipiteal athraitheach acu agus maidir le comharchumainn a chorpraítear mar cheann amháin de na cineálacha cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn I. A mhéid a bhaintear leas, i ndlíthe na mBallstát, as an rogha sin, ceanglófar ar chuideachtaí den sórt sin, leis na dlíthe sin, an leagan cuí gramadaí de na focail “cuideachta infheistíochta a bhfuil caipiteal athraitheach aici” nó “comharchumann” a áireamh sna doiciméid uile dá dtagraítear in Airteagal 26.

Ciallaíonn an téarma “cuideachta infheistíochta a bhfuil caipiteal athraitheach aici” de réir bhrí na Treorach seo na cuideachtaí seo a leanas, agus na cuideachtaí sin amháin:

— 
a bhfuil sé mar chuspóir eisiach acu a gcuid cistí a infheistiú i stoic agus scaireanna éagsúla, talamh nó sócmhainní eile agus é d'aidhm aonair leis sin rioscaí infheistíochta a leathadh agus tairbhe na dtorthaí ar bhainistiú a gcuid sócmhainní a thabhairt dá scairshealbhóirí,
— 
a thairgeann a gcuid scaireanna dílse le gur féidir leis an bpobal suibscríobh, agus
— 
a bhforáiltear lena reachtanna, laistigh de theorainneacha de chaipiteal íosta agus uasta, go bhféadfaidh siad, tráth ar bith, a gcuid scaireanna a eisiúint, a fhuascailt nó a athdhíol.

Airteagal 3

Faisnéis éigeantach atá le soláthar sna reachtanna nó sna hionstraimí corpraithe

Déanfar, sna reachtanna nó san ionstraim chorpraithe de chuid cuideachta an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a thabhairt i gcónaí:

(a) 

cineál agus ainm na cuideachta;

(b) 

cuspóirí na cuideachta;

(c) 

i gcás nach mbeidh aon chaipiteal údaraithe ag an gcuideachta, méid an chaipitil shuibscríofa;

(d) 

i gcás ina mbeidh caipiteal údaraithe ag an gcuideachta, méid an chaipitil sin agus, freisin, méid an chaipitil shuibscríofa an tráth a chorpraítear an chuideachta nó a n-údaraítear di dul i mbun gnó i gcéaduair, agus an tráth a thagann aon athrú ar an gcaipiteal údaraithe, gan dochar d'Airteagal 14(e);

(e) 

a mhéid nach ndéantar iad a chinneadh go dlíthiúil, na rialacha lena rialaítear líon chomhaltaí na gcomhlachtaí atá freagrach as ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta i dtaca le tríú páirtithe, riarachán, bainistiú, maoirsiú nó rialú na cuideachta agus cionroinnt na gcumhachtaí i measc na gcomhlachtaí sin agus lena rialaítear an nós imeachta chun na comhaltaí sin a cheapadh;

(f) 

ré na cuideachta, ach amháin i gcás ina mbeidh sé sin éiginnte.

Airteagal 4

Faisnéis éigeantach atá le soláthar sna reachtanna nó sna hionstraimí corpraithe nó i ndoiciméid ar leithligh

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad le feiceáil sna reachtanna nó san ionstraim chorpraithe nó i ndoiciméad ar leithligh a fhoilsítear i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i ndlíthe gach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 16:

(a) 

an oifig chláraithe;

(b) 

luach ainmniúil na scaireanna arna suibscríobh agus, uair sa bhliain ar a laghad, an líon díobh;

(c) 

an líon scaireanna arna suibscríobh gan an luach ainmniúil a lua, i gcás inar féidir scaireanna den sórt sin a eisiúint faoin dlí náisiúnta;

(d) 

na coinníollacha speisialta, más ann dóibh, lena gcuirtear teorainn leis an aistriú scaireanna;

(e) 

i gcás ina bhfuil aicmí éagsúla scaireanna ann, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) le haghaidh gach aicme agus na cearta a ghabhann le scaireanna gach aicme;

(f) 

an bhfuil na scaireanna cláraithe nó an scaireanna iompróra iad, i gcás ina bhforáiltear leis an dlí náisiúnta don dá chineál, agus aon fhorálacha a bhaineann le comhshó scaireanna den sórt sin mura rud é go leagtar an nós imeachta síos le dlí;

(g) 

méid an chaipitil shuibscríofa atá íoctha an tráth a chorpraítear an chuideachta nó a n-údaraítear di dul i mbun gnó i gcéaduair;

(h) 

luach ainmniúil na scaireanna nó, i gcás nach mbeidh aon luach ainmniúil ann, an líon scaireanna a eisítear le haghaidh comaoin seachas in airgead tirim, i dteannta chineál na comaoine agus ainm an duine a sholáthraíonn an chomaoin;

(i) 

céannacht na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha nó na gcuideachtaí nó na ngnólachtaí a shínigh, nó ar ina n-ainm a síníodh, na reachtanna nó an ionstraim chorpraithe, nó i gcás nár foirmíodh an chuideachta ag an am céanna, na dréachtaí de na doiciméid sin;

(j) 

méid iomlán na gcostas go léir is iníoctha ag an gcuideachta nó is inmhuirearaithe uirthi de bharr a foirmithe, agus, i gcás inarb iomchuí, sula n-údaraítear don chuideachta dul i mbun gnó i gcéaduair, nó ar a laghad meastóireacht ar na costais sin;

(k) 

aon bhuntáiste speisialta a dheonaítear, an tráth a fhoirmítear an chuideachta nó go dtí an tráth a n-údaraítear di dul i mbun gnó i gcéaduair, d'aon duine a ghlac páirt i bhfoirmiú na cuideachta nó in idirbhearta as a leanann deonú údaraithe den sórt sin.

Airteagal 5

Údarú dul i mbun gnó i gcéaduair

1.  
I gcás ina bhforordaítear le dlíthe Ballstáit nach bhféadfaidh cuideachta dul i mbun gnó i gcéaduair gan údarú, déanfaidh siad foráil freisin maidir le freagracht as dliteanais arna dtabhú ag an gcuideachta nó thar a ceann i rith na tréimhse sula ndeonófar údarú den sórt sin nó sula ndiúltófar é.
2.  
Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le dliteanais faoi chonarthaí a thugann an chuideachta i gcrích ar an gcoinníoll go dtugtar údarú di dul i mbun gnó i gcéaduair.

Airteagal 6

Cuideachtaí comhaltaí iolracha

1.  
I gcás ina n-éilítear, le dlíthe Ballstáit, go ndéanann níos mó ná comhalta amháin cuideachta a fhoirmiú, ní tharlóidh sé go ndéanfar, de bharr na scaireanna uile a bheith i seilbh duine amháin nó de bharr líon na gcomhaltaí a bheith tite faoi bhun an lín íosta dhlíthiúil tar éis chorprú na cuideachta, an chuideachta a dhíscaoileadh go huathoibríoch.
2.  
Más rud é, sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, go gceadaítear, le dlíthe Ballstáit, cuideachta a fhoirceannadh le hordú na cúirte, beidh an breitheamh ag a bhfuil dlínse in ann dóthain ama a thabhairt don chuideachta a riocht a thabhairt chun rialtachta.
3.  
I gcás ina dtugtar ordú foirceanta amhail dá dtagraítear i mír 2, rachaidh an chuideachta faoi leachtú.



Roinn 2

Neamhniú na cuideachta faoi dhliteanas teoranta agus bailíocht a cuid oibleagáidí

Airteagal 7

Forálacha ginearálta agus dliteanas comhpháirteach agus leithleach

1.  
Beidh feidhm ag na bearta comhordaithe a fhorordaítear leis an Roinn seo maidir le forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann leis na cineálacha cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn II.
2.  
Más rud é, roimh phearsantacht dhlítheanach a bheith faighte ag cuideachta atá á foirmiú, go ndearnadh gníomh ina hainm agus nach ndéanann an chuideachta na hoibleagáidí a eascraíonn as an ngníomh sin a ghlacadh chuici féin, is iad na daoine a ghníomhaigh a bheidh faoi dhliteanas, gan teorainn, go comhpháirteach agus go leithleach, i leith an ghnímh sin, mura gcomhaontófar a mhalairt.

Airteagal 8

Éifeachtaí nochta i ndáil le tríú páirtithe

I ndáil le tabhairt chun críche na bhfoirmiúlachtaí maidir le nochtadh na sonraí maidir leis na daoine dá n-údaraítear, mar orgán de chuid na cuideachta, ionadaíocht a dhéanamh thar a ceann, beidh an tabhairt chun críche sin mar urchosc ar a bheith ag brath ar aon neamhrialtacht maidir lena gceapadh amhail i gcoinne tríú páirtithe, mura rud é go gcruthaíonn an chuideachta go raibh na tríú páirtithe sin ar an eolas faoi.

Airteagal 9

Gníomhartha a dhéanann orgáin de chuid cuideachta agus a hionadaíocht

1.  
Beidh gníomhartha a dhéanann orgáin de chuid na cuideachta ina gceangal ar an gcuideachta sin fiú mura mbeidh na gníomhartha laistigh de chuspóirí na cuideachta, mura rud é go ndéantar, leis na gníomhartha sin, na cumhachtaí a shárú a thugtar leis an dlí do na horgáin sin nó a cheadaítear leis an dlí a thabhairt do na horgáin sin.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach mbeidh an chuideachta faoi cheangal i gcás ina mbeidh gníomhartha den sórt sin lasmuigh de chuspóirí na cuideachta, má chruthaíonn sí go raibh an tríú páirtí ar an eolas go raibh an gníomh lasmuigh de na cuspóirí sin nó nach bhféadfadh sé, i bhfianaise na n-imthosca, gan a bheith ar an eolas faoi. Ní leor, mar chruthúnas air sin, na reachtanna a nochtadh.

2.  
Na teorainneacha atá le cumhachtaí orgáin na cuideachta, a eascraíonn faoi na reachtanna nó faoi chinneadh na n-orgán inniúil, ní fhéadfar brath ar na teorainneacha sin amhail i gcoinne tríú páirtithe, fiú má nochtadh iad.
3.  
I gcás ina bhforáiltear, sa dlí náisiúnta, go bhféadfar, de mhaolú ar na rialacha dlíthiúla lena rialaítear an t-ábhar, an t-údarás ionadaíocht a dhéanamh thar ceann cuideachta a thabhairt, leis na reachtanna, do dhuine amháin nó do roinnt daoine ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, féadfar foráil a dhéanamh, leis an dlí sin, go bhféadfar brath ar an bhforáil sin amhail i gcoinne tríú páirtithe ar choinníoll go mbaineann sé le cumhacht ghinearálta na hionadaíochta; is faoi Airteagal 16 a rialófar an cheist an bhféadfar brath, amhail i gcoinne tríú páirtithe, ar fhoráil den sórt sin sna reachtanna.

Airteagal 10

An ionstraim chomhdhéanaimh agus reachtanna na cuideachta a tharraingt suas agus a dheimhniú i bhfoirm chuí dlí

I ngach Ballstát nach bhforáiltear, ina gcuid dlíthe, do rialú coisctheach, riaracháin nó breithiúnach, tráth a fhoirmítear cuideachta, déanfar an ionstraim chomhdhéanaimh, reachtanna na cuideachta agus aon leasuithe ar na doiciméid sin a tharraingt suas agus a dheimhniú i bhfoirm chuí dlí.

Airteagal 11

Coinníollacha maidir le neamhniú cuideachta

Ní fhéadfar, i ndlíthe na mBallstát, foráil a dhéanamh maidir le neamhniú cuideachtaí, ach amháin i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:

(a) 

ní mór neamhniú a bheith ordaithe le cinneadh ó chúirt dlí;

(b) 

ní fhéadtar neamhniú a ordú ach amháin ar na forais seo a leanas:

(i) 

nár forghníomhaíodh aon ionstraim chomhdhéanaimh nó nár comhlíonadh rialacha an rialaithe choiscthigh nó na foirmiúlachtaí dlíthiúla is gá,

(ii) 

go bhfuil cuspóirí na cuideachta neamhdhleathach nó contrártha leis an mbeartas poiblí,

(iii) 

nach luaitear, san ionstraim chomhdhéanaimh ná sna reachtanna, ainm na cuideachta, méid na suibscríbhinní aonair caipitil, méid iomlán an chaipitil a suibscríobhadh nó cuspóirí na cuideachta,

(iv) 

gur mainníodh na forálacha sa dlí náisiúnta a chomhlíonadh a bhaineann leis an íosmhéid caipitil a bheidh le híoc,

(v) 

éagumas na mball bunaidh uile,

(vi) 

gurb amhlaidh, go contrártha leis an dlí náisiúnta lena rialaítear an chuideachta, gur lú ná beirt líon na mball bunaidh.

Cé is moite d'fhorais an neamhnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní bheidh cuideachta faoi réir aon chúis le neamh-eiseadh, neamhniú iomlán, neamhniú coibhneasta ná dearbhú neamhnithe.

Airteagal 12

Iarmhairtí an neamhnithe

1.  
Is faoi Airteagal 16 a rialófar an cheist an bhféadfar brath, amhail i gcoinne tríú páirtithe, ar chinneadh a dhéanann cúirt dlí faoi neamhniú. I gcás ina mbeidh tríú páirtí i dteideal, de réir an dlí náisiúnta, agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh, ní fhéadfaidh sé déanamh amhlaidh ach amháin laistigh de shé mhí ón dáta a thugtar fógra poiblí faoi chinneadh na cúirte.
2.  
D'fhéadfadh foirceannadh na cuideachta a bheith i gceist le neamhniú, agus d'fhéadfadh díscaoileadh a bheith i gceist leis freisin.
3.  
Ní dhéanfar difear, le neamhniú ann féin, do bhailíocht aon ghealltanas a dhéanann an chuideachta nó a dhéantar leis an gcuideachta, gan dochar d'iarmhairtí fhoirceannadh na cuideachta.
4.  
Féadfar, le dlíthe gach Ballstáit, foráil a dhéanamh do na hiarmhairtí ar neamhniú amhail idir comhaltaí na cuideachta.
5.  
Beidh oibleagáid fós ar shealbhóirí scaireanna sa chaipiteal de chuid cuideachta an caipiteal a íoc ar chomhaontaigh siad a shuibscríobh ach nár íocadh, a mhéid a éilítear amhlaidh le gealltanais a rinneadh leis na creidiúnaithe.



CAIBIDIL III

▼M2

Nósanna imeachta ar líne (foirmiú, clárú agus comhdú), nochtadh agus cláir

▼B



Roinn 1

Forálacha ginearálta

▼M2

Airteagal 13

Raon feidhme

Beidh feidhm ag na bearta comhordaithe dá bhforbraítear leis an Roinn seo agus le Roinn 1A maidir le forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann leis na cineálacha cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus i gcás ina sonrófar sin, a bhaineann leis na cineálacha cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn IIA.

▼M2

Airteagal 13a

Sainmhínithe

Chun críocha na Caibidle seo:

(1) 

ciallaíonn “modh ríomh-shainaitheantais” modh ríomh-shainaitheantais mar a shainmhínítear é i bpointe (2) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

(2) 

ciallaíonn “scéim ríomh-shainaitheantais” scéim ríomh-shainaitheantais mar a shainmhínítear í i bpointe (4) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(3) 

ciallaíonn “modhanna leictreonacha” trealamh leictreonach a úsáidtear do phróiseáil, lena n-áirítear comhbhrú digiteach agus stóráil sonraí agus trína seoltar an fhaisnéis ar an gcéad dul síos agus trína bhfaightear iad ag an gceann scríbe; seolfar, tíolacfar agus cuirfear ar fáil an fhaisnéis sin go hiomlán ar bhealach a chinnfidh na Ballstáit;

(4) 

ciallaíonn “foirmiú” an próiseas iomlán lena bhfoirmítear cuideachta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear tarraingt suas a dhéanamh ar ionstraim chomhdhéanamh na cuideachta agus na céimeanna go léir is gá ionas go ndéanfaí cuideachta a iontráil ar an gclár;

(5) 

ciallaíonn “clárú brainsí” próiseas as a dtagann nochtadh doiciméad agus faisnéise a bhaineann le brainse nua-oscailte i mBallstát;

(6) 

ciallaíonn “teimpléad” samhail le haghaidh na hionstraime comhdhéanaimh de chuid cuideachta arna tarraingt suas ag na Ballstáit i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus a úsáidtear chun cuideachta a fhoirmiú ar líne i gcomhréir le hAirteagal 13g.

Airteagal 13b

Modhanna sainaitheantais a aithint chun críocha nósanna imeachta ar líne

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh iarratasóirí ar saoránaigh de chuid an Aontais iad na modhanna sainaitheantais seo a leanas a úsáid agus iad i mbun na nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear sa Chaibidil seo:

(a) 

modh ríomh-shainaitheantais arna eisiúint faoi scéim ríomh-shainaitheantais arna formheas ag a mBallstát féin;

(b) 

modh ríomh-shainaitheantais arna eisiúint i mBallstát eile agus arna aithint chun críche fíordheimhniú trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

2.  
Féadfaidh na Ballstáit aitheantas na modhanna ríomh-shainaitheantais a dhiúltú, i gcás nach gcomhlíonann leibhéil dearbhaithe na modhanna leictreonacha sainaitheantais sin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.
3.  
Cuirfear an pobal ar an eolas faoi gach modh sainaitheantais arna aithint ag na Ballstáit.
4.  
I gcás ina bhfuil údar cuí leis mar gheall ar an leas poiblí chun mí-úsáid nó athrú sainaitheantais a chosc féadfaidh na Ballstáit, chun críocha sainaitheantas iarratasóra a fhíorú, bearta a ghlacadh a d’fhéadfadh láithreacht fhisiciúil iarratasóra a éileamh roimh aon údarás nó aon duine nó comhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné de na nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear sa Chaibidil seo, lena n-áirítear ionstraim chomhdhéanaimh chuideachta a tharraingt suas. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar láithreacht fhisiciúil iarratasóra a éileamh ach amháin de réir an cháis i gcás ina bhfuil cúiseanna amhrais ann faoi fhalsú sainaitheantais, agus i gcás inar féidir aon chéimeanna eile den nós imeachta a chur i gcrích ar líne.

Airteagal 13c

Forálacha ginearálta maidir le nósanna imeachta ar líne

1.  
Beidh an Treoir seo gan dochar do dhlíthe náisiúnta a dhéanann, i gcomhréir le córais agus le traidisiúin dlí na mBallstát, aon údaráis nó duine nó comhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta a ainmniú chun déileáil le haon ghné de chuideachtaí a bhunú, de bhrainsí a chlárú ar líne agus de dhoiciméid agus faisnéis a chomhdú ar líne.
2.  
Beidh an Treoir seo gan dochar freisin do na nósanna imeachta agus na ceanglais a leagtar síos leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le nósanna imeachta dlíthiúla le haghaidh ionstraimí comhdhéanaimh a tharraingt suas, ar choinníoll go bhfuil foirmiú ar líne cuideachta, amhail dá dtagraítear in Airteagal 13g, agus clárú ar líne brainse, amhail dá dtagraítear in Airteagal 28a, chomh maith le doiciméid agus faisnéis a chomhdú ar líne, amhail dá dtagraítear in Airteagal 13j agus Airteagal 28a, fós indéanta.
3.  
Na ceanglais faoin dlí náisiúnta is infheidhme i dtaca le barántúlacht, cruinneas, iontaofacht, inchreidteacht, agus foirm chuí dhlíthiúil na ndoiciméad nó na faisnéise arna dtíolacadh ar choinníoll go bhfuil foirmiú ar líne, amhail dá dtagraítear in Airteagal 13g agus clárú brainse ar líne, amhail dá dtagraítear in Airteagal 28a, chomh maith le comhdú ar líne ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis, amhail dá dtagraítear in Airteagal 13j agus Airteagal 28b, fós indéanta.

Airteagal 13d

Táillí le haghaidh nósanna imeachta ar líne

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na rialacha i leith táillí is infheidhme maidir leis na nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear sa Chaibidil seo trédhearcach agus go gcuirfear i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach iad.
2.  
Aon táillí do nósanna imeachta ar líne a ghearrfar leis na cláir, dá dtagraítear in Airteagal 16 ní bheidh siad níos mó ná aisghabháil na gcostas as seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil.

Airteagal 13e

Íocaíochtaí

I gcás inar gá íocaíocht a dhéanamh chun nós imeachta a leagtar síos sa Chaibidil seo a chur i gcrích, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir an íocaíocht sin a dhéanamh trí bhíthin seirbhís íocaíochta ar líne atá le fáil go forleathan a úsáidtear le haghaidh íocaíochtaí trasteorann trína gceadaítear an duine a rinne an íocaíocht a shainaithint, agus arna soláthar ag institiúid airgeadais nó soláthraí seirbhíse íocaíochta atá bunaithe i mBallstát.

Airteagal 13f

Ceanglais faisnéise

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis bheacht agus sho-úsáidte ar fáil saor in aisce ar a laghad i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi ar thairseacha clárúcháin nó ar shuíomhanna gréasáin atá inrochtana tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach chun cabhrú cuideachtaí a fhoirmiú agus brainsí a chlárú. Cumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis:

(a) 

rialacha maidir le cuideachtaí a fhoirmiú, lena n-áirítear nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear in Airteagal 13g agus Airteagal 13j, agus ceanglais maidir le húsáid teimpléad agus maidir le doiciméid foirmithe eile, sainaithint daoine, úsáid teangacha agus táillí is infheidhme;

(b) 

rialacha maidir le brainsí a chlárú, lena n-áirítear nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear in Airteagal 28a agus Airteagal 28b, agus ceanglais maidir doiciméid chlárúcháin, sainaithint daoine, agus úsáid teangacha;

(c) 

achoimre ar na rialacha maidir le ballraíocht i gcomhlacht riaracháin, i gcomhlacht bainistíochta agus i gcomhlacht maoirseachta cuideachta, lena n-áirítear na rialacha maidir le dícháiliú stiúrthóirí agus maidir leis na húdaráis nó comhlachtaí atá freagrach as an bhfaisnéis faoi stiúrthóirí dícháilithe a choimeád;

(d) 

achoimre ar chumhachtaí agus freagrachtaí chomhlacht riaracháin, chomhlacht bainistíochta agus chomhlacht maoirseachta chuideachta, lena n-áirítear údaráis ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta i leith tríú páirtithe.



Roinn 1A

Foirmiú ar líne, comhdú ar líne agus nochtadh

Airteagal 13g

Cuideachtaí a fhoirmiú ar líne

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar cuideachtaí a fhoirmiú go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás ná os comhair aon duine ná comhlacht a bheidh sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné d’fhoirmiú ar líne cuideachtaí, lena n-áirítear ionstraim chomhdhéanaimh chuideachta a tharraingt suas, faoi réir na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 13b(4) agus i mír (8) den Airteagal sin.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan nósanna imeachta foirmithe ar líne a sholáthar le haghaidh cineálacha cuideachtaí eile seachas iad sin a liostaítear in Iarscríbhinn IIA.

2.  
Leagfaidh na Ballstáit rialacha mionsonraithe síos maidir le cuideachtaí a fhoirmiú ar líne, lena n-áirítear rialacha maidir le húsáid teimpléad, amhail dá dtagraítear in Airteagal 13h agus na doiciméid agus an fhaisnéis is gá chun cuideachta a fhoirmiú. Mar chuid de na rialacha sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an foirmiú ar líne a dhéanamh trí dhoiciméid nó faisnéis a thíolacadh i bhfoirm leictreonach, lena n-áirítear cóipeanna leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 16a(4).
3.  

Sna rialacha dá dtagraítear i mír 2, déanfar foráil maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

na nósanna imeachta chun a áirithiú go bhfuil inniúlacht dhlíthiúil is gá agus údaráis ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta ag na hiarratasóirí;

(b) 

na modhanna chun sainaitheantas na n-iarratasóirí a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 13b;

(c) 

na ceanglais a chuirtear ar na hiarratasóirí seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a úsáid;

(d) 

na nósanna imeachta chun dlíthiúlacht chuspóir na cuideachta a fhíorú sa mhéid go ndéantar foráil do sheiceálacha den sórt sin faoin dlí náisiúnta;

(e) 

na nósanna imeachta chun dlíthiúlacht ainm na cuideachta a fhíorú sa mhéid go ndéantar foráil do sheiceálacha den sórt sin faoin dlí náisiúnta;

(f) 

na nósanna imeachta chun ceapachán stiúrthóirí a fhíorú.

4.  

Sna rialacha dá dtagraítear i mír 2, féadfar foráil a dhéanamh, go háirithe, maidir leis an méid seo a leanas freisin:

(a) 

na nósanna imeachta chun dlíthiúlacht na n-ionstraimí comhdhéanaimh cuideachta a áirithiú, lena n-áirítear úsáid cheart teimpléad a fhíorú;

(b) 

na hiarmhairtí a bhaineann le dícháiliú stiúrthóirí ag an údarás inniúil in aon Bhallstát;

(c) 

an ról atá ag nótaire nó ag aon duine nó comhlacht eile atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné den phróiseas maidir le cuideachta a fhoirmiú ar líne;

(d) 

foirmiú ar líne a eisiamh i gcásanna inar gá scairchaipiteal na cuideachta a íoc trí ranníocaíochtaí comhchineáil.

5.  
Ní chuirfidh na Ballstáit mar choinníoll le foirmiú cuideachta ar líne é go bhfaighfear aon cheadúnas nó údarú sula gclárófar an chuideachta, ach amháin i gcás ina bhfuil coinníoll den sórt sin fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí áirithe a mhaoirsiú go cuí mar a leagtar síos sa dlí náisiúnta.
6.  
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar gá scairchaipiteal a íoc mar chuid den nós imeachta chun cuideachta a fhoirmiú, go bhféadfar íocaíocht den sórt sin a dhéanamh ar líne, i gcomhréir le hAirteagal 13e, le cuntas bainc an bhainc atá ag oibriú san Aontas. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar cruthúnas ar na híocaíochtaí sin a sholáthar ar líne freisin.
7.  

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an foirmiú ar líne i gcrích laistigh de chúig lá oibre i gcásanna ina bhfoirmítear cuideachta ag daoine nádúrtha amháin a úsáideann na teimpléid dá dtagraítear in Airteagal 13h, nó laistigh de dheich lá oibre i gcásanna eile, ón dáta is déanaí de na dátaí seo a leanas:

(a) 

an dáta a chuirtear i gcrích na foirmiúlachtaí riachtanacha uile maidir le foirmiú ar líne, lena n-áirítear na doiciméid agus an fhaisnéis uile a chomhlíonann an dlí náisiúnta ag údarás nó ag duine nó comhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné d’fhoirmiú cuideachta;

(b) 

an dáta a íocfar táille chlárúcháin, an tráth a dhéanfar íocaíocht in airgead tirim le haghaidh scairchaipiteal nó, i gcás inar gá íocaíocht le haghaidh an scairchaipiteal a sholáthar trí ranníocaíocht chomhchineáil, dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta.

Más rud é nach féidir an nós imeachta a chur i gcrích laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear sa mhír seo, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar fógra don iarratasóir maidir leis na cúiseanna atá leis an moill.

8.  
I gcás ina bhfuil údar cuí leis ar chúiseanna leasa phoiblí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha maidir le hinniúlacht dhlíthiúil agus le húdarás na n-iarratasóirí ionadaíocht a dhéanamh thar ceann cuideachta, féadfaidh údarás nó duine atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné d’fhoirmiú ar líne cuideachta, lena n-áirítear an ionstraim chomhdhéanaimh a tharraingt suas, láithreacht fhisiciúil an iarratasóra a éileamh. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar, i gcásanna den sórt sin, láithreacht fhisiciúil na n-iarratasóirí a éileamh ach amháin de réir an cháis, i gcásanna ina bhfuil cúiseanna amhrais ann maidir le neamhchomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (a) mír 3. Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go bhféadfar céim ar bith eile den nós imeachta a chur i gcrích ar líne i gcónaí.

Airteagal 13h

Teimpléid chun cuideachtaí a fhoirmiú ar líne

1.  
Cuirfidh na Ballstáit teimpléid ar fáil, le haghaidh na gcineálacha cuideachtaí uile a liostaítear in Iarscríbhinn IIA, ar thairseacha clárúcháin nó ar shuíomhanna gréasáin atá inrochtana tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach. Féadfaidh na Ballstáit teimpléid a chur ar fáil ar líne freisin chun cineálacha eile cuideachtaí a fhoirmiú.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh iarratasóirí na teimpléid, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a úsáid mar chuid den nós imeachta foirmithe ar líne, dá dtagraítear in Airteagal 13g. Más rud é go n-úsáidfidh na hiarratasóirí na teimpléid sin i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 13g(4), measfar go mbeidh an ceanglas a bhaineann le hionstraimí comhdhéanamh na cuideachta a dhréachtú agus a dheimhniú i bhfoirm chuí dhlíthiúil i gcásanna nach ndéantar foráil maidir le rialú coisctheach riaracháin nó rialú coisctheach breithiúnach a leagtar síos in Airteagal 10, measfar go mbeidh sé comhlíonta.

Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear d’aon cheangal faoin dlí náisiúnta, an fhoirm chuí dhlí le haghaidh ionstraimí comhdhéanaimh a tharraingt suas i bhfoirm chuí dhlí, chomh fada agus go bhfanfaidh an foirmiú ar líne, dá dtagraítear in Airteagal 13g, indéanta.

3.  
Ní mór do na Ballstáit na teimpléid a chur ar fáil ar a laghad i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi. Is chun críche eolais amháin a bheidh fáil ar theimpléid i dteangacha eile seachas teanga nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann, seachas má chinneann na Ballstáit gur féidir cuideachta a fhoirmiú le teimpléid i dteangacha eile den sórt sin freisin.
4.  
Déanfar inneachar na dteimpléad a rialáil leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 13i

Stiúrthóirí dícháilithe

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rialacha acu maidir le dícháiliú stiúrthóirí. Sna rialacha sin, déantar foráil don fhéidearthacht aon dhícháiliú atá i bhfeidhm nó faisnéis ábhartha faoi dhícháiliú i mBallstát eile. Chun críche an Airteagail seo, áiritheofar ar na stiúrthóirí ar a laghad na daoine dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 14(d).
2.  
Féadfaidh na Ballstáit a éileamh go ndéanfadh daoine, a bhfuil iarratas á ndéanamh acu le bheith ina stiúrthóirí, a dhearbhú an bhfuil siad ar an eolas faoi aon imthosca a bhféadfadh dícháiliú a bheith mar thoradh orthu sa Bhallstát lena mbaineann.

Féadfaidh na Ballstáit diúltú duine a cheapadh ina stiúrthóir ar chuideachta i gcás ina mbeidh an duine sin dícháilithe i láthair na huaire ó ghníomhú mar stiúrthóir i mBallstát eile.

3.  
Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leo freagairt d’iarraidh ó Bhallstát eile ar fhaisnéis ábhartha do dhícháiliú stiúrthóirí faoi dhlí an Bhallstáit atá ag tabhairt freagra ar an iarraidh sin.
4.  
Chun freagairt d’iarraidh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit ar a laghad na socruithe is gá chun a áirithiú gur féidir faisnéis a sholáthar gan mhoill maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil duine ar leith dícháilithe nó taifeadta in aon cheann dá gcláir, ina bhfuil faisnéis ábhartha do dhícháiliú stiúrthóirí, trí mheán an chórais dá dtagraítear in Airteagal 22. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis bhreise a mhalartú freisin, amhail maidir leis an tréimhse agus na forais dícháilithe. Déanfar an malartú sin a rialáil leis an dlí náisiúnta.
5.  
Déanfaidh an Coimisiúin socruithe mionsonraithe agus mionsonraí teicniúla a bhaineann leis an malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo trí bhíthin na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 24.
6.  
Beidh feidhm ag míreanna 1 go 5 den Airteagal seo mutatis mutandis i gcás ina gcomhdóidh cuideachta faisnéis a bhaineann le ceapadh stiúrthóra nua sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 16.
7.  
Déanfar sonraí pearsanta na ndaoine dá dtagraítear san Airteagal sin a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus leis an dlí náisiúnta chun cur ar chumas an údaráis inniúil nó ar chumas an duine nó an chomhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta measúnú a dhéanamh ar fhaisnéis riachtanach maidir le dícháiliú duine mar stiúrthóir d’fhonn iompar calaoiseach nó mí-úsáideach eile a chosc agus cosaint a áirithiú do gach duine a mbíonn baint acu le cuideachtaí nó brainsí.

Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na cláir dá dtagraítear in Airteagal 16, údaráis ná daoine nó comhlachtaí, atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné de na nósanna imeachta ar líne, na sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur chun críche an Airteagail seo a stóráil níos faide ná mar is gá agus in aon chás ní nach faide ná aon sonraí pearsanta a bhaineann le foirmiú cuideachta, clárú brainse nó comhdú ag cuideachta nó brainse.

Airteagal 13j

Doiciméid agus faisnéis chuideachta a chomhdú ar líne

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar doiciméid agus faisnéis, amhail dá dtagraítear in Airteagal 14, lena n-áirítear aon mhodhnú orthu, a chomhdú ar líne leis an gclár laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear le dlíthe an Bhallstáit ina bhfuil an chuideachta cláraithe. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an comhdú sin a chur i gcrích go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás ná aon duine nó comhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil leis an gcomhdú ar líne, faoi réir na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 13b(4) agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 13g(8).
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar tionscnamh agus sláine na ndoiciméad arna gcomhdú ar líne a fhíorú go leictreonach.
3.  
Féadfaidh na Ballstáit a éileamh go ndéanfadh cuideachtaí áirithe nó na cuideachtaí uile doiciméid agus faisnéis áirithe nó na doiciméid agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 1 a chomhdú ar líne.
4.  
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 13g (2) go (5) maidir le doiciméid agus faisnéis a chomhdú ar líne.
5.  
Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go leanfar d’fhoirmeacha eile comhdaithe seachas na cinn dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear le meán leictreonach nó ar páipéar, ag cuideachtaí, ag nótairí nó aon duine nó comhlachtaí eile atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun comhdú den sórt sin a dhéanamh.

▼B

Airteagal 14

Doiciméid agus sonraí a bheidh le nochtadh ag cuideachtaí

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh cuideachtaí na doiciméid agus na sonraí seo a leanas ar a laghad a nochtadh go héigeantach:

(a) 

an ionstraim chomhdhéanaimh, agus na reachtanna más in ionstraim ar leithligh atá siad;

(b) 

aon leasuithe ar na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a), lena n-áirítear aon síneadh ar ré na cuideachta;

(c) 

tar éis gach leasaithe ar an ionstraim chomhdhéanaimh nó ar na reachtanna, téacs iomlán na hionstraime nó na reachtanna arna leasú go dtí seo;

(d) 

ceapadh, foirceannadh oifige agus sonraí na ndaoine, mar chomhlacht a bunaíodh de bhun an dlí nó mar chomhaltaí d'aon chomhlacht den sórt sin, ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i) 

tá siad údaraithe ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta agus iad ag déileáil le tríú páirtithe agus in imeachtaí dlíthiúla; beidh sé soiléir ón nochtadh an féidir leis na daoine dá n-údaraítear ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na cuideachta a bheith mar ionadaithe ina n-aonar nó an bhfuil sé de cheangal orthu gníomhú go comhpháirteach,

(ii) 

glacann siad páirt i riar, i maoirseacht nó i rialú na cuideachta;

(e) 

ar a laghad uair sa bhliain, méid an chaipitil a suibscríobhadh, i gcás ina luaitear caipiteal údaraithe in ionstraim chomhdhéanaimh nó sna reachtanna, mura rud é go mbeidh gá leis na reachtanna a leasú mar thoradh ar aon mhéadú ar an gcaipiteal;

(f) 

na doiciméid chuntasaíochta le haghaidh gach bliana airgeadais is gá a fhoilsiú i gcomhréir le Treoir 86/635/CEE ( 2 ) agus Treoir 91/674/CEE ( 3 ) ón gComhairle agus Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );

(g) 

aon athrú ar oifig chláraithe na cuideachta;

(h) 

foirceannadh na cuideachta;

(i) 

aon dearbhú ó na cúirteanna ar neamhniú na cuideachta;

(j) 

ceapadh leachtaitheoirí, sonraí a bhaineann leo siúd, agus lena gcumhachtaí faoi seach, mura rud é go ndéantar na cumhachtaí sin a dhíorthú go sainráite ón dlí nó ó reachtanna na cuideachta;

(k) 

aon chríochnú leachtaithe agus, sna Ballstáit sin ina mbíonn iarmhairtí dlíthiúla i gcás baint den chlár, na sonraí maidir leis an mbaint sin den chlár.

Airteagal 15

Athruithe ar dhoiciméid agus ar shonraí

1.  
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar aon athruithe ar na doiciméid agus ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14 a iontráil sa chlár inniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 16(1) agus go nochtfar iad, i gcomhréir le Airteagal 16(3) agus (5), de ghnáth laistigh de 21 lá ón doiciméadacht iomlán maidir leis na hathruithe sin a fháil, lena n-áirítear, más infheidhme, an tseiceáil dlíthiúlachta de réir mar a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta le haghaidh iontráil a dhéanamh sa chomhad.
2.  
Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis na doiciméid chuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 14(f).

▼M2

Airteagal 16

Nochtadh sa chlár

1.  
I ngach Ballstát, osclófar comhad i gclár lárnach, tráchtála nó cuideachtaí (“an clár”), le haghaidh gach ceann de na cuideachtaí atá cláraithe ann.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aitheantóir uathúil Eorpach (“EUID”), dá dtagraítear i bpointe (8) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/884 ( 5 ) ón gCoimisiún, ag cuideachtaí lena bhféadfar iad a aithint gan iomrall sa chumarsáid a dhéanfar idir cláir trí chóras idirnascadh na gclár arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 22 (“córas idirnascadh na gclár”). Beidh san aitheantóir uathúil sin, ar a laghad, eilimintí lena mbeifear in ann Ballstát an chláir a shainaithint, mar aon leis an gclár tionscnaimh intíre agus an uimhir chuideachta sa chlár sin agus, i gcás inarb iomchuí, gnéithe chun earráidí sainaitheanta a sheachaint.

2.  
Coimeádfar sa chomhad dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na doiciméid agus an fhaisnéis uile a cheanglaítear a nochtadh de bhun Airteagal 14, nó cuirfear isteach go díreach sa chlár iad agus déanfar ábhar na n-iontrálacha sa chlár a thaifeadadh sa chomhad.

Na doiciméid agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 14, beag beann ar an modh a ndéanfar iad a chomhdú, is i bhfoirm leictreonach a choimeádfar sa chomhad nó a chuirfear isteach go díreach sa chlár iad. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an clár na doiciméid agus an fhaisnéis sin uile a chomhdaítear i bhfoirm pháipéir a chomhshó i bhfoirm leictreonach chomh tapa agus is féidir.

Áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis na doiciméid agus leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 a comhdaíodh i bhfoirm pháipéir roimh an 31 Nollaig 2006, go n-iompóidh an clár iad i bhfoirm leictreonach ar iarratas ar nochtadh a fháil trí mheán leictreonach.

3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar na doiciméid agus an fhaisnéis, dá dtagraítear in Airteagal 14, a nochtadh trína gcur ar fáil don phobal sa chlár. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit a éileamh freisin go ndéanfaí cuid de na doiciméid agus den fhaisnéis nó na doiciméid agus an fhaisnéis uile a fhoilsiú in iris náisiúnta arna hainmniú chun na críche sin nó ar mheán a bheadh chomh héifeachtach céanna. Is éard a bheidh i gceist leis na meáin sin, ar a laghad, leas a bhaint as córas trína bhféadfaí rochtain a fháil, in ord croineolaíoch, ar an bhfaisnéis fhoilsithe trí ardán lárnach leictreonach. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh an clár go ndéanfar na doiciméid agus an fhaisnéis sin a sheoladh go leictreonach trí an gclár chuig an iris náisiúnta nó chuig an ardán lárnach leictreonach.
4.  
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun aon neamhréireacht a sheachaint idir an méid atá sa chlár agus sa chomhad.

Déanfaidh Ballstáit a éilíonn doiciméad agus faisnéise a fhoilsiú in iris náisiúnta nó ar ardán lárnach leictreonach na bearta is gá a ghlacadh chun aon neamhréireacht a sheachaint idir an méid a nochtar i gcomhréir le mír 3 agus an méid a fhoilsítear san iris nó ar an ardán.

I gcás aon neamhréireachtaí faoin Airteagal seo, beidh forlámhas ag na doiciméid agus faisnéis arna gcur ar fáil sa chlár.

5.  
Ní fhéadfaidh an chuideachta brath ar na doiciméid ná ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 mar fhianaise i gcoinne tríú páirtithe ach amháin tar éis dóibh a bheith nochta i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, murar chruthaigh an chuideachta go raibh na tríú páirtithe ar an eolas faoi sin.

Mar sin féin, maidir le hidirbhearta a dhéanfar roimh an séú lá déag i ndiaidh an nochta, ní rachfar i muinín na ndoiciméad ná na faisnéise mar fhianaise i gcoinne tríú páirtithe a chruthaigh nárbh fhéidir go raibh siad ar an eolas fúthu.

Féadfaidh tríú páirtithe i gcónaí dul i muinín aon doiciméad agus aon fhaisnéis nach bhfuil na foirmiúlachtaí maidir le nochtadh tugtha chun críche go fóill ina leith, ach amháin i gcásanna nach mbíonn éifeacht ar bith ag doiciméid nó faisnéis den sórt sin mar gheall ar neamhnochtadh.

6.  
Maidir leis na doiciméid agus leis an bhfaisnéis uile arna dtíolacadh mar chuid de chuideachta a fhoirmiú, de bhrainse a chlárú nó de chuideachta nó brainse a chumhdú, áiritheoidh na Ballstáit go stórálfar iad sna cláir i bhformáid atá inléite ag meaisín agus inchuardaithe nó mar shonraí struchtúrtha.

▼M2

Airteagal 16a

Rochtain ar fhaisnéis nochta

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar cóipeanna de na doiciméid agus den fhaisnéis uile nó d’aon chuid díobh nó di, dá dtagraítear in Airteagal 14, a fháil ón gclár ar iarratas a fháil agus go bhféadfar iarratais den sórt sin a thíolacadh don chlár ar páipéar nó le meán leictreonach.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach bhféadfar cineálacha nó codanna áirithe de na doiciméid agus den fhaisnéis, a comhdaíodh i bhfoirm pháipéir an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, a fháil trí mheán leictreonach i gcás ina mbeidh tréimhse shonraithe caite idir dáta an chomhdaithe agus dáta an iarratais. Ní bheidh tréimhse níos gairide ná 10 mbliana i gceist le tréimhse shonraithe den sórt sin.

2.  
Ní bheidh an praghas ar chóip de na doiciméid agus den fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 14 a fháil, nó cóip de chuid díobh nó di a fháil, níos airde ná an costas riaracháin a bhaineann leis sin, lena n-áirítear costais forbartha agus cothabhála na gclár, is cuma cé acu ar páipéar nó le meán leictreonach a thabharfar í.
3.  
Cóipeanna leictreonacha agus páipéir a sholáthrófar d’iarratasóir, déanfar iad a dheimhniú mar “cóipeanna dílse” mura bhfágfaidh an t-iarratasóir an deimhniú sin ar lár.
4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cóipeanna agus sleachta leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis arna soláthar as an gclár a fhíordheimhniú le seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 chun a ráthú go mbeidh na cóipeanna agus sleachta leictreonacha soláthartha as an gclár agus gur cóip dhílis a bheidh iontu den doiciméad atá coinnithe sa chlár nó go mbeidh sé ag teacht leis an bhfaisnéis atá ann.

▼B

Airteagal 17

Faisnéis atá cothrom le dáta maidir leis an dlí náisiúnta i ndáil le cearta tríú páirtithe

▼M2

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear fáisnéis atá cothrom le dáta ar fáil lena míneofar forálacha an dlí náisiúnta ar dá mbun atá tríú páirtithe in ann dul i muinín na faisnéise agus gach cineál doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 14, i gcomhréir le hAirteagal 16(3), (4) agus (5).

▼B

2.  
Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá i dtaca le foilsiú ar an tairseach Eorpach don r-Cheartas (“an tairseach”) i gcomhréir le rialacha agus riachtanais theicniúla na tairsí.
3.  
Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar an tairseach i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.

Airteagal 18

Teacht ar chóipeanna leictreonacha de dhoiciméid agus de shonraí

▼M2

1.  
Cuirfear cóipeanna leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 ar fáil don phobal freisin trí chóras idirnascadh na gclár. Féadfaidh na Ballstáit na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 a chur ar fáil freisin do chineálacha cuideachtaí seachas na cinn a liostaítear in Iarscríbhinn II.

▼B

2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na doiciméid agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14 ar fáil trí chóras idirnascadh na gclár i bhformáid teachtaireachta caighdeánaí agus go mbeidh siad inrochtana trí mheán leictreonach. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go n-urramófar íoschaighdeáin do shlándáil traschur sonraí.
3.  

Soláthróidh an Coimisiún seirbhís taighde i dteangacha oifigiúla uile an Aontais maidir le cuideachtaí atá cláraithe sna Ballstáit, chun go gcuirfear an méid seo a leanas ar fáil tríd an tairseach:

▼M2

(a) 

na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14, lena n-áiritear le haghaidh cineálacha cuideachtaí seachas na cinn a liostaítear in Iarscríbhinn II i gcás ina gcuirfidh na Ballstáit na doiciméid sin ar fáil;

▼M3

(aa) 

na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 86g, 86n, 86p, 123, 127a, 130, 160g, 160n agus 160p;

▼B

(b) 

na lipéid mhíniúcháin, agus iad ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, agus liosta de na sonraí sin agus de chineálacha na ndoiciméad sin.

▼M2

Airteagal 19

Na táillí is féidir a ghearradh le haghaidh doiciméad agus faisnéise

1.  
Ní bheidh na táillí a ghearrfar chun teacht ar na doiciméid agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14 trí chóras idirnascadh na gclár níos airde ná an costas riaracháin lena mbaineann, lena n-áirítear costais forbartha agus chothabhála na gclár.
2.  

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar a laghad an fhaisnéis agus na doiciméid seo a leanas ar fáil saor in aisce trí chóras idirnascadh na gclár:

(a) 

ainm nó ainmneacha agus foirm dhlíthiúil na cuideachta;

(b) 

oifig chláraithe na cuideachta agus an Ballstát ina bhfuil sí cláraithe;

(c) 

uimhir chlárúcháin na cuideachta agus a EUID;

(d) 

mionsonraí maidir le suíomh gréasáin na cuideachta i gcás ina mbeidh sonraí den sórt sin taifeadta sa chlár náisiúnta;

(e) 

stádas na cuideachta, amhail an tráth a dhúntar í, an tráth a bhaintear den chlár í, an tráth a dhéantar í a fhoirceannadh, an tráth a dhéantar í a dhíscaoileadh, an tráth atá sí gníomhach nó neamhghníomhach go heacnamaíoch mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta agus i gcás ina mbeidh sé taifeadta sna cláir náisiúnta;

(f) 

cuspóir na cuideachta, i gcás ina mbeidh sé taifeadta sa chlár náisiúnta;

(g) 

bunsonraí daoine, atá údaraithe ag an gcuideachta faoi láthair, cibé mar chomhlacht nó mar chomhaltaí d’aon chomhlacht den sórt sin, chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na cuideachta agus iad ag déileáil le tríú páirtithe agus in imeachtaí dlíthiúla agus faisnéis i ndáil le cibé ar féidir leis na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na cuideachta é sin a dhéanamh ina n-aonar nó an bhfuil sé de cheangal orthu gníomhú go comhpháirteach;

(h) 

faisnéis faoi aon bhrainse arna oscailt ag an gcuideachta i mBallstát eile lena n-áirítear ainm, uimhir chlárúcháin, EUID agus an Ballstát ina bhfuil an brainse cláraithe.

3.  
Ní ghearrfar aon táille, ó thaobh na gclár de, mar gheall ar mhalartú aon fhaisnéis trí chóras idirnascadh na gclár.
4.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (d) agus (f) ar fáil saor in aisce d’údaráis na mBallstát eile amháin.

▼B

Airteagal 20

Faisnéis faoi imeachtaí foirceanta nó dócmhainneachta a thionscnamh nó a chríochnú agus faisnéis faoi chuideachta a bhaint den chlár

1.  
Cuirfear ar fáil gan mhoill i gclár cuideachta, trí chóras idirnascadh na gclár, an fhaisnéis faoi aon imeachtaí de chuid na cuideachta a thionscnamh nó a chríochnú ar imeachtaí foirceanta nó dócmhainneachta iad agus an fhaisnéis faoin gcuideachta a bhaint den chlár, más rud é go mbeidh iarmhairtí dlíthiúla ag an méid sin i mBallstát chlár na cuideachta.
2.  
Áiritheofar trí chlár an bhrainse agus trí chóras idirnascadh na gclár, go bhfuarthas an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 gan mhoill.

▼M2 —————

▼B

Airteagal 21

Teanga an nochta agus aistriú na ndoiciméad agus na sonraí atá le nochtadh

1.  
Déanfar na doiciméid agus na sonraí atá le nochtadh de bhun Airteagal 14 a tharraingt suas agus a chomhdú i gceann de na teangacha a cheadaítear leis na rialacha teanga is infheidhme sa Bhallstát ina n-osclaítear an comhad dá dtagraítear in Airteagal 16(1).
2.  
De bhreis ar an nochtadh éigeantach dá dtagraítear in Airteagal 16, ceadóidh na Ballstáit aistriúcháin na ndoiciméad agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14 a nochtadh go saorálach i gcomhréir le hAirteagal 16 i dteanga oifigiúil ar bith nó i dteangacha oifigiúla ar bith de chuid an Aontais.

Féadfaidh na Ballstáit a fhorordú go ndéanfar aistriúchán na ndoiciméad agus na sonraí sin a dheimhniú.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun rochtain ag tríú páirtithe ar na haistriúcháin a nochtadh go saorálach a éascú.

3.  
De bhreis ar an nochtadh éigeantach dá dtagraítear in Airteagal 16, agus ar an nochtadh saorálach dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit nochtadh na ndoiciméad agus na sonraí lena mbaineann i dteanga nó i dteangacha ar bith eile a cheadú, i gcomhréir le hAirteagal 16.

Féadfaidh na Ballstáit a fhorordú go ndéanfar aistriúchán na ndoiciméad agus na sonraí sin a dheimhniú.

4.  
I gcásanna go bhfuil neamhréireacht idir na doiciméid agus na sonraí a nochtadh i dteangacha oifigiúla an chláir agus an t-aistriúchán a nochtadh go saorálach, ní féidir brath ar an aistriúchán a nochtadh go saorálach amhail i gcoinne tríú páirtithe. Féadfaidh tríú páirtithe brath ar na haistriúcháin a nochtadh go saorálach, mar sin féin, mura gcruthaíonn an chuideachta go raibh na tríu páirtithe ar an eolas faoin leagan a bhí faoi réir an nochta éigeantaigh.

Airteagal 22

Córas idirnascadh na gclár

1.  
Bunófar ardán lárnach Eorpach (“an t-ardán”).
2.  

Is éard a bheidh i gcóras idirnascadh na gclár:

— 
cláir na mBallstát,
— 
an t-ardán,
— 
an tairseach a fheidhmíonn mar an pointe rochtana leictreonaí Eorpach.
3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a gcuid clár idir-inoibritheach laistigh de chóras idirnascadh na gclár tríd an ardán.
4.  
Féadfaidh na Ballstáit pointí roghnacha a bhunú le haghaidh rochtain ar chóras idirnascadh na gclár. Cuirfidh siad fógra chuig an gCoimisiún gan moill mhíchuí faoi bhunú na bpointí rochtana sin agus faoi aon athruithe suntasacha a rinneadh ar oibriú na bpointí.

▼M2

Féadfaidh an Coimisiún pointí roghnacha a bhunú le haghaidh rochtain ar chóras idirnascadh na gclár freisin. Is éard a bheidh sna pointí rochtana sin ná córais a fhorbraíonn agus a oibríonn an Coimisiún nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais chun a bhfeidhmeanna riaracháin a chomhlíonadh nó forálacha dhlí an Aontais a chomhlíonadh. Cuirfidh an Coimisiún fógra chuig na Ballstáit gan moill mhíchuí faoi bhunú na bpointí rochtana sin agus faoi aon athruithe suntasacha a rinneadh ar oibriú na bpointí.

▼M2

5.  
Déanfar rochtain ar fhaisnéis ó chóras idirnascadh na gclár a sholáthair tríd an tairseach agus trí na pointí rochtana roghnacha arna mbunú ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún.

▼B

6.  
Ní dhéanfar difear, le bunú chóras idirnascadh na gclár, do chomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana a tugadh i gcrích idir na Ballstáit agus a bhaineann le malartú faisnéise faoi chuideachtaí.

Airteagal 23

An t-ardán a fhorbairt agus a oibriú

1.  
Cinnfidh an Coimisiún forbairt a dhéanamh ar an ardán agus/nó é a oibriú trína mheán féin nó trí thríú páirtí.

Má chineann an Coimisiún forbairt a dhéanamh ar an ardán agus/nó é a oibriú trí thríú páirtí, is i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a roghnófar an tríú páirtí agus a fhorfheidhmeoidh an Coimisiún an comhaontú a tugadh i gcrích leis an tríú páirtí sin.

2.  
Má chineann an Coimisiún an t-ardán a fhorbairt trí thríú páirtí, bunóidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na sonraíochtaí teicniúla ar chun críche an nós imeachta soláthair phoiblí iad agus tréimhse an chomhaontuithe atá le cur i gcrích leis an tríú páirtí sin.
3.  
Má chineann an Coimisiún an t-ardán a fhorbairt trí thríú páirtí, glacfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir le bainistiú oibríochtúil an ardáin.

Áireofar le bainistiú oibríochtúil an ardáin go háirithe:

— 
maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú an ardáin,
— 
slándáil agus cosaint na sonraí a scaiptear agus a mhalartaítear trí úsáid a bhaint as an ardán,
— 
comhordú an ghaoil idir cláir na mBallstát agus an tríú páirtí.

Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an mhaoirseacht ar fheidhmiú an ardáin.

4.  
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 164(2).

Airteagal 24

Gníomhartha cur chun feidhme

Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a) 

an tsonraíocht theicniúil lena sainítear modhanna na cumarsáide a dhéantar trí mheán leictreonach chun críche chóras idirnascadh na gclár;

(b) 

an tsonraíocht theicniúil i dtaca leis na prótacail chumarsáide;

(c) 

na bearta teicniúla lena n-áirithítear na híoschaighdeáin slándála i dteicneolaíocht na faisnéise a bhaineann le faisnéis a chur in iúl agus a dháileadh laistigh de chóras idirnascadh na gclár;

▼M2

(d) 

an tsonraíocht theicniúil lena sainítear na modhanna chun faisnéis a mhalartú idir clár na cuideachta agus clár an bhrainse dá dtagraítear in Airteagail 20, 28a, 28c, 30a agus 34;

▼M3

(e) 

liosta mionsonraithe na sonraí atá le tarchur chun críche faisnéis a mhalartú idir na cláir, amhail dá dtagraítear in Airteagail 20, 28a, 28c, 30a agus 34;

▼M3

(ea) 

liosta mionsonraithe na sonraí atá le tarchur chun críche faisnéis a mhalartú idir na cláir agus chun críche nochta, amhail dá dtagraítear in Airteagail 86g, 86n, 86p, 123, 127a,, 130, 160g, 160n, agus 160g;

▼B

(f) 

an tsonraíocht theicniúil lena sainítear struchtúr na formáide teicniúla ar mhaithe le faisnéis a mhalartú idir na cláir, an t-ardán agus an tairseach;

(g) 

an tsonraíocht theicniúil lena sainítear sraith na sonraí is gá le go bhfeidhmeoidh an t-ardán a bhfeidhmeanna, chomh maith le modh stóráil, úsáid agus cosaint na sonraí sin;

(h) 

an tsonraíocht theicniúil lena sainítear struchtúr agus úsáid an aitheantóra uathúil le haghaidh cumarsáid idir cláir;

(i) 

an tsonraíocht lena sainítear modhanna teicniúla oibriú chóras idirnascadh na gclár ó thaobh dáileadh agus malartú faisnéise, agus an tsonraíocht lena sainítear na seirbhísí teicneolaíochta faisnéise a chuirtear ar fáil tríd an ardán, agus seachadadh na dteachtaireachtaí sa leagan teanga is ábhartha á áirithiú;

(j) 

na critéir chomhchuibhithe don tseirbhís chuardaigh a chuirtear ar fáil leis an tairseach;

(k) 

na rialacha mionsonraithe íocaíochta, agus áiseanna íocaíochta atá ar fáil, amhail íocaíochtaí ar líne, á gcur san áireamh;

(l) 

sonraí faoi na lipéid mhíniúcháin ar a liostaítear sonraí agus cineálacha na ndoiciméad dá dtagraítear in Airteagal 14;

(m) 

na coinníollacha teicniúla a bhaineann le hinfhaighteacht seirbhísí a chuirtear ar fáil faoi chóras idirnascadh na gclár;

▼M2

(n) 

an nós imeachta agus na ceanglais theicniúla a bhaineann leis na pointí rochtana roghnacha ar an ardán a nascadh dá dtagraítear in Airteagal 22;

▼M2

(o) 

na socruithe mionsonraithe agus na sonraí teicniúla a bhaineann leis na modhanna chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13i a mhalartú idir cláir.

▼B

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 164(2).

▼M2

Déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh de bhun phointí (d), (e), (n) agus (o) faoin 1 Feabhra 2021. ►M3   ►C1  Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (ea) faoi 2 Iúil 2021. ◄  ◄

▼B

Airteagal 25

Maoiniú

1.  
Is as buiséad ginearálta an Aontais a mhaoineofar bunú an ardáin agus an fhorbairt a dhéanfar air amach anseo mar gheall ar athruithe ar an tairseach a thiocfaidh as an Treoir seo.
2.  
Is as buiséad ginearálta an Aontais a mhaoineofar cothabháil agus feidhmiú an ardáin agus d'fhéadfaí sin a chómhaoiniú trí tháillí a ghearradh ar úsáideoirí aonair an ardáin as rochtain a fháil ar chóras idirnascadh na gclár. Ní dhéanfaidh aon ní sa mhír seo difear do na táillí ar an leibhéal náisiúnta.
3.  
Trí bhíthin gníomhartha tarmligthe agus i gcomhréir le hAirteagal 163, féadfaidh an Coimisiún rialacha a ghlacadh maidir leis an ardán a chómhaoiniú trí tháillí a ghearradh, agus, i gcás ina ndéantar sin, maidir le méid na dtáillí a ghearrfar ar úsáideoirí aonair i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.
4.  
Aon táillí a ghearrfar i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, beidh siad gan dochar do na táillí, más ann dóibh, a ghearrfaidh na Ballstáit chun go mbeidh teacht ar dhoiciméid agus ar shonraí amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(1).
5.  
Aon táillí a ghearrfar i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, ní ghearrfar iad chun go mbeidh teacht ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 19(2)(a), (b) agus (c).
6.  
Seasfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann lena gcláir intíre a choigeartú, chomh maith le costais a bhaineann le cothabháil agus le feidhmiú na gclár sin a thiocfaidh as an Treoir seo.

Airteagal 26

Faisnéis i litreacha agus i bhfoirmeacha ordaithe

Forordóidh na Ballstáit go mbeidh na sonraí seo a leanas i litreacha agus i bhfoirmeacha ordaithe, bídís i bhfoirm páipéir nó bíodh aon mheán eile in úsáid leo:

(a) 

an fhaisnéis is gá chun go sainaithneofar an clár ina gcoinnítear an comhad dá dtagraítear in Airteagal 16, mar aon le huimhir na cuideachta sa chlár sin;

(b) 

foirm dhlíthiúil na cuideachta, an áit ina bhfuil a hoifig chláraithe lonnaithe agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis faoin gcuideachta a bheith á foirceannadh.

I gcás ina luaitear caipiteal na cuideachta sna doiciméid sin, is don chaipiteal suibscríofa agus íoctha a dhéanfar tagairt.

Forordóidh na Ballstáit go mbeidh ar a laghad i suíomhanna gréasáin na gcuideachtaí na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus, más infheidhme, tagairt don chaipiteal suibscríofa agus íoctha.

Airteagal 27

Daoine a dhéanann foirmiúlachtaí maidir le nochtadh

Cinnfidh gach Ballstát na daoine a dhéanfaidh foirmiúlachtaí maidir le nochtadh.

Airteagal 28

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit foráil do phionóis iomchuí sna cásanna seo a leanas ar a laghad:

(a) 

mainneachtain doiciméid chuntasaíochta a nochtadh mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(f);

(b) 

faillí na sonraí éigeantacha dá bhforáiltear in Airteagal 26 a chur isteach i ndoiciméid tráchtála nó a chur ar shuíomh gréasáin ar bith de chuid cuideachta.



Roinn 2

▼M2

Rialacha maidir le clárú agus nochtadh is infheidhme maidir le brainsí cuideachtaí ó Bhallstáit eile

▼M2

Airteagal 28a

Brainsí a chlárú ar líne

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar brainse cuideachta a ndéantar í a rialáil le dlí Ballstáit eile a chlárú go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás ná aon duine nó comhlacht eile sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné den iarratas ar chlárú brainsí, faoi réir na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 13b(4) agus mutatis mutandis in Airteagal 13g(8).
2.  
Leagfaidh na Ballstáit rialacha mionsonraithe síos chun brainsí a chlárú ar líne, lena n-áirítear rialacha maidir leis na doiciméid agus leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a chur faoi bhráid údarás inniúil. Mar chuid de na rialacha sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an clárú ar líne a dhéanamh trí fhaisnéis nó doiciméid a thíolacadh i bhfoirm leictreonach, lena n-áirítear cóipeanna leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 16a(4), nó trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis nó as na doiciméid a tíolacadh do chlár roimhe sin.
3.  

Sna rialacha dá dtagraítear i mír 2, déanfar foráil maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

an nós imeachta chun an inniúlacht dhlíthiúil na n-iarratasóirí is gá agus a n-údaráis ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta a áirithiú;

(b) 

na modhanna chun sainaitheantas an duine nó na ndaoine a bhfuil an brainse á chlárú acu a fhíorú nó na modhanna chun sainaitheantas a ionadaí nó a n-ionadaithe a fhíorú;

(c) 

na ceanglais a chuirtear ar na hiarratasóirí seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a úsáid.

4.  

Sna rialacha, dá dtagraítear i mír 2, féadfar foráil a dhéanamh freisin maidir leis na nósanna imeachta seo a leanas:

(a) 

dlíthiúlacht chuspóir an bhrainse a fhíorú;

(b) 

dlíthiúlacht ainm an bhrainse a fhíorú;

(c) 

dlíthiúlacht na ndoiciméad agus na faisnéise arna dtíolacadh le haghaidh chlárú an bhrainse a fhíorú;

(d) 

foráil a dhéanamh maidir leis an ról atá ag nótaire nó ag aon duine nó comhlacht eile atá rannpháirteach sa phróiseas chun an brainse a chlárú faoi na forálacha náisiúnta is infheidhme.

5.  
Féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis faoin gcuideachta a fhíorú le córas idirnascadh na gclár agus brainse cuideachta arna bhunú i mBallstát eile á chlárú.

Ní chuirfidh na Ballstáit mar choinníoll le clárú brainse ar líne é go bhfaighfear aon cheadúnas nó údarú sula gclárófar an brainse, ach amháin i gcás ina bhfuil coinníoll den sórt sin fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí áirithe a mhaoirsiú go cuí mar a leagtar síos sa dlí náisiúnta.

6.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar clárú ar líne brainse a chur i gcrích laistigh de 10 lá oibre ó chur i gcrích na bhfoirmiúlachtaí uile, lena n-áirítear na doiciméid agus an fhaisnéis riachtanach uile a fháil a chomhlíonann an dlí náisiúnta ag údarás nó ag duine nó comhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné de chlárú brainse;

Más rud é nach féidir brainse a chlárú laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear sa mhír seo, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar fógra don iarratasóir maidir leis na cúiseanna atá leis an moill.

7.  
I ndiaidh brainse cuideachta arna bunú faoi dhlí Ballstáit eile a chlárú, tabharfaidh clár an Bhallstáit ina bhfuil an brainse sin cláraithe fógra don Bhallstát ina bhfuil an chuideachta cláraithe ann á rá go ndearnadh an brainse a chlárú le córas idirnascadh na gclár. Admhóidh an Ballstát ina bhfuil an chuideachta cláraithe go bhfuarthas an fógra sin agus déanfaidh sé an fhaisnéis a thaifeadadh ina chlár gan mhoill.

Airteagal 28b

Doiciméid agus faisnéis a chomhdú ar líne le haghaidh brainsí

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar na doiciméid agus an fhaisnéis, dá dtagraítear in Airteagal 30, nó aon mhodhnú orthu, a chomhdú ar líne laistigh den tréimhse dá bhforáiltear le dlíthe na mBallstát ina bhfuil an brainse bunaithe. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an comhdú sin a chur i gcrích go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás ná os comhair aon duine ná aon chomhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta le déileáil leis an gcomhdú ar líne, faoi réir na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 13b(4) agus a leagtar síos mutatis mutandis in Airteagal 13g(8).
2.  
Tá feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 28a (2) go (5) maidir le comhdú ar líne do bhrainsí.
3.  
Féadfaidh na Ballstáit a éileamh go ndéanfaí doiciméid agus faisnéis áirithe nó na doiciméid agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 1 a chomhdú ar líne amháin.

Airteagal 28c

Dúnadh brainsí

Ar na doiciméid agus ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 30(1) a fháil, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an clár de chuid Ballstáit ina bhfuil brainse cuideachta cláraithe ann, le córas idirnascadh na gclár, an clár de chuid Ballstáit ina bhfuil an chuideachta cláraithe ann a chur ar an eolas gur dúnadh a brainse agus gur baineadh den chlár é. Admhóidh clár Bhallstát na cuideachta go bhfuarthas an fógra sin, leis an gcóras sin freisin agus clárófar an fhaisnéis sin, gan mhoill.

▼B

Airteagal 29

Doiciméid agus sonraí a bhaineann le brainse a nochtadh

1.  
Nochtfar de bhun dhlí an Bhallstáit ina bhfuil an brainse doiciméid agus sonraí a bhaineann le brainse a d'oscail cuideachta de chineál a liostaítear in Iarscríbhinn II i mBallstát, a rialaítear le dlí Ballstáit eile, i gcomhréir le hAirteagal 16.
2.  
I gcás ina bhfuil ceanglais nochta a bhaineann le brainse éagsúil leo siúd a bhaineann leis an gcuideachta, beidh tosaíocht ag ceanglais nochta an bhrainse maidir le hidirbhearta a dhéantar leis an mbrainse.
3.  
Cuirfear na doiciméid agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 30(1) ar fáil don phobal trí chóras idirnascadh na gclár. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 18 agus ag Airteagal 19(1).
4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aitheantóir uathúil ag na brainsí a gceadófar leis iad a shainaithint gan athbhrí i gcumarsáid idir na cláir trí chóras idirnascadh na gclár. Beidh san aitheantóir uathúil sin, ar a laghad, eilimintí lena mbeidh sé indéanta Ballstáit an chláir a shainaithint, mar aon leis an gclár tionscnaimh intíre agus uimhir an bhrainse sa chlár sin, agus, i gcás inarb iomchuí, gnéithe lena seachnófar earráidí sainaitheanta.

Airteagal 30

Doiciméid agus sonraí a bheidh le nochtadh

1.  

Cumhdófar leis an nochtadh éigeantach dá bhforáiltear in Airteagal 29 na doiciméid agus na sonraí seo a leanas agus iad siúd amháin:

(a) 

seoladh an bhrainse;

(b) 

gníomhaíochtaí an bhrainse;

(c) 

an clár ina gcoinnítear an comhad cuideachta dá dtagraítear in Airteagal 16, mar aon leis an uimhir chlárúcháin sa chlár sin;

(d) 

ainm agus foirm dhlíthiúil na cuideachta agus ainm an bhrainse, más éagsúil le hainm na cuideachta é;

(e) 

ceapadh, foirceannadh oifige agus sonraí na ndaoine dá n-údaraítear ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta i bplé le tríu páirtithe agus in imeachtaí dlíthiúla;

— 
mar orgán cuideachta a bunaíodh de bhun an dlí nó mar chomhaltaí d'aon orgán den sórt sin, i gcomhréir le nochtadh ag an gcuideachta amhail dá bhforáiltear in Airteagal 14(d),
— 
mar ionadaithe buana na cuideachta le haghaidh gníomhaíochtaí an bhrainse, agus réimse a gcumhachtaí á gcur in iúl;
(f) 
— 
foirceannadh na cuideachta, ceapadh na leachtaitheoirí, sonraí a bhaineann leo agus lena gcumhachtaí agus críochnú an leachtaithe i gcomhréir le nochtadh ag an gcuideachta amhail dá bhforáiltear in Airteagal 14(h), (j) agus (k),
— 
imeachtaí, socruithe agus comhshocraíochtaí dócmhainneachta, nó aon imeachtaí cosúil leo sin a bhfuil an chuideachta faoina réir;
(g) 

na doiciméid chuntasaíochta i gcomhréir le hAirteagal 31;

(h) 

dúnadh an bhrainse.

2.  

Féadfaidh an Ballstát inar osclaíodh an brainse a fhoráil go nochtfar, amhail dá dtagraítear in Airteagal 29, an méid seo a leanas:

(a) 

síniú na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (e) agus i bpointe (f) de mhír 1 den Airteagal seo;

(b) 

na hionstraimí comhdhéanaimh agus meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais más in ionstraim ar leith atá siad, i gcomhréir le pointe (a), le pointe (b) agus le pointe (c) d'Airteagal 14, mar aon le leasuithe ar na doiciméid sin;

(c) 

fianú ón gclár dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, ar fianú é a bhaineann leis an gcuideachta a bheith ann;

(d) 

tuairisc ar na hurrúis ar mhaoin na cuideachta atá suite sa Bhallstát sin, ar choinníoll go mbaineann an nochtadh sin le bailíocht na n-urrús sin.

▼M2

Airteagal 30a

Athruithe ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis na cuideachta

Tabharfaidh an Ballstát ina bhfuil cuideachta cláraithe fógra gan mhoill, le córas idirnascadh na gclár, don Bhallstát ina bhfuil brainse de chuid na cuideachta cláraithe, sa chás go gcomhdófar athrú i leith aon cheann díobh seo a leanas:

(a) 

ainm na cuideachta;

(b) 

oifig chláraithe na cuideachta;

(c) 

uimhir chlárúcháin na cuideachta sa chlár;

(d) 

foirm dhlíthiúil na cuideachta;

(e) 

na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (f) d’Airteagal 14.

Ar an bhfógra dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo, admhóidh an clár ina bhfuil an brainse cláraithe, le córas idirnascadh na gclár, go bhfuarthas an fógra sin agus áiritheoidh sé go ndéanfar na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 30(1) a nuashonrú gan mhoill.

▼B

Airteagal 31

Teorainneacha ar dhoiciméid chuntasaíochta a nochtadh go héigeantach

Beidh an nochtadh éigeantach dá bhforáiltear le Airteagal 30(1)(g) teoranta do dhoiciméid chuntasaíochta na cuideachta mar a tarraingíodh suas, mar a iniúchadh agus mar a nochtadh iad de bhun dhlí an Bhallstáit lena rialaítear an chuideachta i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ) agus le Treoir 2013/34/AE.

▼M2

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfar a mheas go bhfuil nochtadh éigeantach doiciméad cuntasaíochta dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 30(1) comhlíonta tríd an nochtadh i gclár an Bhallstáit ina bhfuil an chuideachta cláraithe i gcomhréir le pointe (f) d’Airteagal 14.

▼B

Airteagal 32

Teanga an nochta agus na doiciméid atá le nochtadh a aistriú

Féadfaidh an Ballstát inar osclaíodh an brainse a ordú go ndéanfar na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 30(2)(b) agus in Airteagal 31 a fhoilsiú i dteanga oifigiúil eile de chuid an Aontais agus go ndéanfar aistriúcháin na ndoiciméad sin a dheimhniú.

Airteagal 33

Nochtadh i gcásanna brainsí iolracha i mBallstát

I gcás inar oscail cuideachta níos mó ná brainse amháin i mBallstát, féadfar an nochtadh dá dtagraítear in Airteagal 30(2)(b) agus in Airteagal 31 a dhéanamh i gclár an bhrainse de rogha na cuideachta.

Sa chás dá dtagraítear sa chéad mhír, cumhdófar le nochtadh éigeantach ag brainsí eile sonraí chlár an bhrainse a ndearnadh nochtadh ina leith, mar aon le huimhir an bhrainse sin sa chlár sin.

Airteagal 34

Faisnéis faoi imeachtaí foirceanta nó dócmhainneachta a thionscnamh nó a chríochnú agus faisnéis faoin gcuideachta a bhaint den chlár

1.  
Beidh feidhm ag Airteagal 20 maidir le clár na cuideachta agus maidir le clár an bhrainse faoi seach.
2.  
Cinnfidh na Ballstáit an nós imeachta a bheidh le leanúint tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus (2) a fháil. Áiritheofar le nós imeachta den sórt sin, i gcás cuideachta a bheith leachtaithe nó bainte den chlár ar bhealach eile, go ndéanfar a brainsí a bhaint den chlár ar an mbealach céanna gan moill mhíchuí.
3.  
Ní bheidh feidhm ag an dara habairt de mhír 2 maidir le brainsí cuideachtaí a baineadh den chlár mar thoradh ar aon athrú i bhfoirm dhlíthiúil na cuideachta lena mbaineann, ar chumasc nó ar roinnt, nó ar aistriú trasteorann a hoifige cláraithe.

Airteagal 35

Faisnéis i litreacha agus i bhfoirmeacha ordaithe

Forordóidh Ballstáit go mbeidh ráite i litreacha agus i bhfoirmeacha ordaithe a úsáideann brainse, i dteannta na faisnéise a fhorordaítear le hAirteagal 26, an clár ina gcoinnítear an comhad i leith an bhrainse in éineacht le huimhir an bhrainse sa chlár sin.



Roinn 3

Na rialacha nochta is infheidhme maidir le brainsí de chuideachtaí ó thríú tíortha

Airteagal 36

Doiciméid agus sonraí a bhaineann le brainse a nochtadh

1.  
Doiciméid agus sonraí a bhaineann le brainse a d'oscail cuideachta i mBallstát ar cuideachta í nach rialaítear le dlí Ballstáit ach ar d'fhoirm dhlíthiúil í atá inchomparáide leis na cineálacha cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn II, nochtfar iad i gcomhréir le dlí an Bhallstáit ina bhfuil an brainse mar a leagtar síos in Airteagal 16.
2.  
Beidh feidhm ag Airteagal 29(2).

Airteagal 37

Doiciméid agus sonraí a bheidh le nochtadh ar bhonn éigeantach

Cumhdófar leis an nochtadh éigeantach dá bhforáiltear in Airteagal 36 na doiciméid agus na sonraí seo a leanas ar a laghad:

(a) 

seoladh an bhrainse;

(b) 

gníomhaíochtaí an bhrainse;

(c) 

dlí an Stáit lena rialaítear an chuideachta;

(d) 

i gcás ina bhforáiltear amhlaidh leis an dlí sin, an clár ina bhfuil taifead ar an gcuideachta agus uimhir chlárúcháin na cuideachta sa chlár sin;

(e) 

na hionstraimí comhdhéanaimh, agus meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais más in ionstraim ar leith atá siad, mar aon leis na leasuithe uile a rinneadh ar na doiciméid sin;

(f) 

foirm dhlíthiúil na cuideachta, a príomhionad gnó agus an cuspóir atá aici, agus, uair amháin sa bhliain ar a laghad, suim an chaipitil shuibscríofa mura dtugtar na sonraí sin sna doiciméid dá dtagraítear i bpointe (e);

(g) 

ainm na cuideachta agus ainm an bhrainse, más éagsúil le hainm na cuideachta é;

(h) 

ceapadh, foirceannadh oifige agus sonraí na ndaoine dá n-údaraítear ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta i bplé le tríu páirtithe agus in imeachtaí dlíthiúla:

— 
mar orgán cuideachta a bunaíodh de bhun an dlí nó mar chomhaltaí d'aon orgán den sórt sin,
— 
mar ionadaithe buana na cuideachta maidir le gníomhaíochtaí an bhrainse.

Sonrófar réimse na gcumhachtaí atá ag na daoine dá n-údaraítear ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta, agus arbh fhéidir sin a dhéanamh as a stuaim féin nó an bhfuil orthu gníomhú as láimh a chéile;

(i) 
— 
foirceannadh na cuideachta agus ceapadh na leachtaitheoirí, sonraí maidir leo agus maidir lena gcumhachtaí agus maidir le críochnú an leachtaithe,
— 
imeachtaí, socruithe agus comhshocraíochtaí dócmhainneachta, nó aon imeachtaí cosúil leo sin a bhfuil an chuideachta faoina réir;
(j) 

na doiciméid chuntasaíochta i gcomhréir le hAirteagal 38;

(k) 

dúnadh an bhrainse.

Airteagal 38

Teorainneacha ar dhoiciméid chuntasaíochta a nochtadh go héigeantach

1.  
Beidh feidhm ag an nochtadh éigeantach dá bhforáiltear in Airteagal 37(j) maidir le doiciméid chuntasaíochta na cuideachta mar a tarraingíodh suas, mar a iniúchadh agus mar a nochtadh iad de bhun dhlí an Bhallstáit lena rialaítear an chuideachta. I gcás nach dtarraingítear suas i gcomhréir le Treoir2013/34/AE iad nó nach dtarraingítear suas iad ar bhealach atá coibhéiseach léi, féadfaidh na Ballstáit a cheangal go dtarraingeofar suas agus go nochtfar doiciméid a bhaineann le gníomhaíochtaí an bhrainse.
2.  
Beidh feidhm ag Airteagal 32 agus ag Airteagal 33.

Airteagal 39

Faisnéis i litreacha agus i bhfoirmeacha ordaithe

Forordóidh Ballstáit go mbeidh ráite i litreacha agus i bhfoirmeacha ordaithe a úsáideann brainse an clár ina gcoinnítear an comhad i leith an bhrainse in éineacht le huimhir an bhrainse sa chlár sin. I gcás ina gceanglaítear le dlí an Stáit lena rialaítear an chuideachta go ndéanfar taifead i gclár, sonrófar freisin an clár ina bhfuil taifead ar an gcuideachta agus uimhir chlárúcháin na cuideachta sa chlár sin.



Roinn 4

Socruithe cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme

Airteagal 40

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit foráil do phionóis iomchuí i gcás mainneachtain na hábhair a leagtar amach in Airteagail 29, 30, 31, 36, 37 agus 38 a nochtadh agus i gcás faillí na sonraí éigeantacha dá bhforáiltear in Airteagal 35 agus in Airteagal 39 a chur isteach i litreacha agus i bhfoirmeacha ordaithe.

Airteagal 41

Daoine a dhéanann foirmiúlachtaí maidir le nochtadh

Cinnfidh gach Ballstát cé a dhéanfaidh na foirmiúlachtaí maidir le nochtadh dá bhforáiltear i Roinn 2 agus i Roinn 3.

Airteagal 42

Díolúintí do bhrainsí ó fhorálacha maidir le doiciméid cuntasaíochta a nochtadh

1.  
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 31 ná ag Airteagal 38 maidir le brainsí a d'oscail institiúidí creidmheasa agus airgeadais a chumhdaítear le Treoir 89/117/CEE ón gComhairle ( 7 ).
2.  
Go dtí go ndéanfar comhordú dá éis, ní gá do na Ballstáit Airteagal 31 ná Airteagal 38 a chur i bhfeidhm ar bhrainsí ar oscail cuideachtaí árachais iad.

▼M2 —————

▼B



CAIBIDIL IV

Caipiteal a choinneáil agus a athrú



Roinn 1

Ceanglais chaipitil

Airteagal 44

Forálacha ginearálta

1.  
Beidh feidhm ag na bearta comhordaithe a fhorordaítear leis an gCaibidil seo maidir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin sna Ballstáit a bhaineann leis na cineálacha cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn I.
2.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan forálacha na Caibidle seo a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí infheistíochta a bhfuil caipiteal athraitheach acu agus maidir le comharchumainn a chorpraítear mar cheann amháin de na cineálacha cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn I. A mhéid a bhainfear leas, i ndlíthe na mBallstát, as an rogha sin, ceanglófar ar chuideachtaí den sórt sin, leis na dlíthe sin, na focail “cuideachta infheistíochta a bhfuil caipiteal athraitheach aici” nó “comharchumann” a áireamh sna doiciméid uile dá dtagraítear in Airteagal 26.

Airteagal 45

Caipiteal íosta

1.  
Ceanglófar le dlíthe na mBallstát, ionas gur féidir le cuideachta a bheith corpraithe nó gur féidir léi údarú a fháil chun dul i mbun gnó i gcéaduair, go ndéanfar caipiteal íosta a shuibscríobh nach mbeidh a shuim níos lú ná EUR 25 000 .
2.  
Gach cúig bliana scrúdóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh ar thogra ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 50(1) agus le hAirteagal 50(2)(g) den Chonradh, an tsuim a shloinntear in euro i mír 1 agus, más gá, déanfaidh siad í a athbhreithniú, i bhfianaise na dtreochtaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta san Aontas agus an chlaonta i leith cead a thabhairt do ghnóthais mhóra agus mheánmhéide amháin na cineálacha cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a roghnú.

Airteagal 46

Sócmhainní

Ní fhéadfar caipiteal suibscríofa a fhoirmiú ach amháin as sócmhainní arbh fhéidir measúnú eacnamaíoch a dhéanamh orthu. Ní fhéadfaidh gealltanas chun obair a dhéanamh nó seirbhísí a sholáthar a bheith mar chuid de na sócmhainní sin, áfach.

Airteagal 47

Praghas eisiúna scaireanna

Ní fhéadfar scaireanna a eisiúint ar phraghas níos ísle ná a luach ainmniúil, nó, i gcás nach ann do luach ainmniúil, ar phraghas níos ísle ná a bparluach cuntasach.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a cheadú dóibh siúd a ghabhann de láimh scaireanna a chur, i bhfeidhmiú a ngairme, níos lú a íoc ná praghas iomlán na scaireanna a ndéanann siad suibscríobh ina leith le linn an idirbhearta sin.

Airteagal 48

Scaireanna a eisítear chun comaoine a íoc

Tráth a chorpraítear an chuideachta nó a údaraítear di dul i mbun gnó i gcéaduair, íocfar scaireanna a eisítear chun comaoine ar luach nach lú ná 25 % dá luach ainmniúil, nó, in éagmais luach ainmniúil, íocfar ar a bparluach iad.

Mar sin féin, i gcás ina n-eisítear scaireanna chun comaoine seachas in airgead tirim, tráth a chorpraítear an chuideachta nó a údaraítear di dul i mbun gnó i gcéaduair, déanfar an chomaoin a aistriú ina hiomláine laistigh de chúig bliana ón tráth sin.



Roinn 2

Coimircí maidir le caipiteal reachtúil

Airteagal 49

Tuarascáil ó shaineolaithe ar chomaoin seachas in airgead tirim

1.  
Saineolaí neamhspleách amháin nó níos mó, atá ceaptha nó formheasta ag údarás breithiúnach nó riaracháin, tarraingeoidh sé nó siad suas tuarascáil ar aon chomaoin seachas in airgead tirim sula ndéanfar an chuideachta a chorprú nó a údarú dul i mbun gnó i gcéaduair. Féadfaidh daoine nádúrtha mar aon le daoine, cuideachtaí nó gnólachtaí dlítheanacha a bheith sna saineolaithe sin faoi dhlíthe gach Ballstáit.
2.  
Beidh sa tuarascáil ó na saineolaithe dá dtagraítear i mír 1, ar a laghad, tuairisc ar gach ceann de na sócmhainní atá sa chomaoin chomh maith le tuairisc ar na modhanna luachála ar baineadh leas astu agus beidh ráite inti cibé arb ionann ar a laghad an uimhir agus an luach ainmniúil agus na luachanna ar thángthas orthu trí na modhanna sin a chur i bhfeidhm nó, i gcás nach ann do luach ainmniúil, arb ionann iad agus an parluach cuntasach, agus, i gcás inarb iomchuí, arb ionann iad agus an phréimh ar na scaireanna a bheidh le heisiúint dóibh.
3.  
Foilseofar an tuarascáil ó na saineolaithe ar an mbealach a leagtar síos le dlíthe gach Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 16.
4.  

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm i gcás ina n-eisítear 90 % den luach ainmniúil de na scaireanna uile a eisíodh do chuideachta amháin nó níos mó chun comaoine seachas in airgead tirim, nó, i gcás nach ann do luach ainmniúil, den pharluach cuntasach, agus i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:

(a) 

maidir leis an gcuideachta a fuair an chomaoin sin, chomhaontaigh na daoine dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 4 an tuarascáil ó na saineolaithe a fhágáil ar lár;

(b) 

foilsíodh comhaontú den sórt sin amhail dá bhforáiltear i mír 3;

(c) 

tá cúlchistí ag na cuideachtaí a thugann an chomaoin sin nach féidir a dháileadh faoin dlí nó faoi na reachtanna agus atá ar a laghad cothrom leis an luach ainmniúil nó, i gcás nach ann do luach ainmniúil, le parluach cuntasach na scaireanna arna n-eisiúint chun comaoine seachas in airgead tirim;

(d) 

ráthaíonn na cuideachtaí a thugann an chomaoin sin, suas le suim atá cothrom leis an tsuim a chuirtear in iúl i bpointe (c), fiacha na cuideachta is faighteoir a thagann chun cinn idir an tráth a eisítear na scaireanna chun comaoine seachas in airgead tirim agus bliain amháin i ndiaidh fhoilsiú chuntais bhliantúla na cuideachta sin don bhliain airgeadais ar tugadh comaoin den sórt sin lena linn. Toirmiscfear aon aistriú ar scaireanna den sórt sin laistigh den tréimhse sin;

(e) 

foilsíodh an ráthaíocht dá dtagraítear i bpointe (d) amhail dá bhforáiltear i mír 3; agus

(f) 

cuirfidh na cuideachtaí a thugann an chomaoin sin suim atá cothrom leis an tsuim a chuirtear in iúl i bpointe (c) isteach i gcúlchiste nach féidir a dháileadh go ceann trí bliana tar éis fhoilsiú chuntais bhliantúla na cuideachta is faighteoir don bhliain airgeadais ar tugadh an chomaoin sin lena linn nó, más gá, go ceann dáta níos déanaí ar a mbeidh na héilimh go léir socraithe a cuireadh isteach le linn na tréimhse sin a bhaineann leis an ráthaíocht dá dtagraítear i bpointe (d).

5.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le foirmiú cuideachta nua trí bhíthin cumaisc nó deighilte i gcás ina ndéanann saineolaí neamhspleách amháin nó níos mó tuarascáil maidir le dréacht-téarmaí an chumaisc nó na deighilte a tharraingt suas.

I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh siad a fhoráil go bhféadfaidh an saineolaí céanna nó na saineolaithe céanna an tuarascáil a tharraingítear suas faoi mhír 1 den Airteagal seo agus an tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách amháin nó níos mó maidir le dréacht-théarmaí an chumaisc nó na deighilte a tharraingt suas.

Airteagal 50

Maolú ón gceanglas maidir le tuarascáil ó shaineolaithe

1.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan Airteagal 49(1), (2) agus (3) a chur i bhfeidhm i gcás, de bhua cinneadh ón gcomhlacht riaracháin nó bainistíochta go ranníoctar mar chomaoin seachas in airgead tirim urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear i bpointe 44 d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) nó ionstraimí margaidh airgid mar a shainmhínítear i bpointe 17 d'Airteagal 4(1) den Treoir sin, agus i gcás ina ndéantar na hurrúis sin nó na hionstraimí margaidh airgid sin a luacháil ag meánphraghas ualaithe an phraghas ar a raibh siad á dtrádáil ar cheann amháin nó níos mó de na margaí rialáilte, mar a shainmhínítear i bpointe 21 d'Airteagal 4(1) den Treoir sin, le linn tréimhse leordhóthanach, a bheidh le cinneadh leis an dlí náisiúnta, roimh dháta éifeachtach a mbaineann ranníocaíocht na comaoine seachas in airgead tirim leis.

I gcás, áfach, go raibh tionchar ag cúinsí eisceachtúla ar an bpraghas sin lena ndéanfaí athrú suntasach ar luach na sócmhainne ar dháta éifeachtach a ranníocaíochta, lena n-áirítear i staideanna ina bhfuil an margadh le haghaidh urrúis inaistrithe nó ionstraimí margaidh airgid den sórt sin tar éis éirí neamhleachtach, déanfar an tionscnamh a athluacháil faoi fhreagracht an chomhlachta bainistíochta nó riaracháin.

Chun críocha athluacháil den sórt sin, beidh feidhm ag Airteagal 49(1), (2) agus (3).

2.  

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan Airteagal 49(1), (2) agus (3) a chur i bhfeidhm i gcás, de bhua cinneadh ón gcomhlacht bainistíochta nó riaracháin, go ranníoctar sócmhainní seachas na hurrúis inaistrithe agus na hionstraimí margaidh airgid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, mar chomaoin seachas in airgead tirim a bhí faoi réir tuairim maidir le luach cóir cheana a thug saineolaí neamhspleách aitheanta agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

cinntear an luach cóir le haghaidh dáta nach luaithe na sé mhí roimh dháta éifeachtach ranníocaíocht na sócmhainne; agus

(b) 

rinneadh an luacháil i gcomhréir le caighdeáin agus prionsabail luachála a nglactar leo i gcoitinne sa Bhallstát arb infheidhme iad maidir le cineál na sócmhainní a bheidh le ranníoc.

I gcás imthosca cáilitheacha nua a mbeadh athrú suntasach ar luach cóir na sócmhainne ar dháta éifeachtach a ranníocaíochta mar thoradh orthu, déanfar athluacháil ar thionscnamh agus faoi fhreagracht an chomhlachta riaracháin nó bainistíochta.

Chun críocha na hathluachála dá dtagraítear sa dara fomhír, beidh feidhm ag Airteagal 49(1), (2) agus (3).

In éagmais na hathluachála sin, féadfaidh scairshealbhóir amháin nó níos mó ag a bhfuil céatadán comhiomlán de 5 % ar a laghad de chaipiteal suibscríofa na cuideachta ar an dáta a ghlactar an cinneadh maidir leis an caipiteal a mhéadú, féadfaidh sé nó siad a éileamh go ndéanfaidh saineolaí neamhspleách luacháil, agus sa chás sin beidh feidhm ag Airteagal 49(1), (2) agus (3).

Féadfaidh an scairshealbhóir nó na scairshealbhóirí sin éileamh a chur isteach suas go dtí dáta éifeachtach ranníocaíocht na sócmhainne, ar choinníoll go bhfuil fós ag an scairshealbhóir nó ag na scairshealbhóirí i gceist, ar dháta an éilimh, céatadán comhiomlán de 5 % ar a laghad de chaipiteal suibscríofa na cuideachta, mar a bhí sé ar an dáta a glacadh an cinneadh maidir leis an gcaipiteal a mhéadú.

3.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan Airteagal 49(1), (2) agus (3) a chur i bhfeidhm i gcás, de bhua cinneadh ón gcomhlacht riaracháin nó bainistíochta, go ranníoctar sócmhainní seachas na hurrúis inaistrithe agus na hionstraimí margaidh airgid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo mar chomaoin seachas in airgead tirim ar eascair a luach cóir as luach sócmhainne aonair ó chuntais reachtúla na bliana airgeadais roimhe sin ar choinníoll go raibh na cuntais reachtúla faoi réir iniúchadh i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag an dara fomhír go dtí an cúigiú fomhír de mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 51

Comaoin seachas in airgead tirim gan tuarascáil ó shaineolaithe

1.  

Nuair is ann do chomaoin seachas in airgead tirim dá dtagraítear in Airteagal 50 gan tuarascáil ó shaineolaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 49(1), (2) agus (3), de bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i bpointe (h) d'Airteagal 4 agus laistigh d'aon mhí amháin ó dháta éifeachtach ranníocaíocht na sócmhainne, foilseofar dearbhú ina sonrófar an méid seo a leanas:

(a) 

tuairisc ar an gcomaoin seachas in airgead tirim atá i gceist;

(b) 

a luach, foinse na luachála sin agus, i gcás inarb iomchuí, modh na luachála;

(c) 

ráiteas i dtaobh an bhfuil an luach a gheofar comhréireach ar a laghad leis an líon, leis an luach ainmniúil nó, i gcás nach ann do luach ainmniúil, leis an bparluach cuntasach agus, i gcás inarb iomchuí, leis an bpréimh ó na scaireanna a bheidh le heisiúint maidir leis an gcomaoin sin; agus

(d) 

ráiteas lena gcuirtear in iúl nár tháinig aon imthosca cáilitheacha nua chun cinn maidir leis an luacháil bhunaidh.

Déanfar foilsiú an dearbhaithe ar an mbealach a leagtar síos le dlíthe gach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 16.

2.  
Nuair a bheartaítear comaoin seachas in airgead tirim a sholáthar gan tuarascáil ó shaineolaithe, amhail dá dtagraítear in Airteagal 49(1), (2) agus (3), maidir le méadú a bheartaítear a dhéanamh ar an gcaipiteal faoi Airteagal 68(2), foilseofar fógra ina mbeidh an dáta a glacadh an cinneadh maidir leis an méadú agus an fhaisnéis a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, ar an mbealach a leagtar síos le dlíthe gach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 16, sula mbeidh éifeacht le bheith le ranníocaíocht na sócmhainne mar chomaoin seachas in airgead tirim. Sa chás sin, déanfar an dearbhú de bhun mhír 1 den Airteagal seo a theorannú don ráiteas lena gcuirfear in iúl nár tháinig aon imthosca cáilitheacha nua chun cinn ó foilsíodh an fógra réamhluaite.
3.  
Déanfaidh gach Ballstát foráil do choimircí leordhóthanacha lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 50 agus san Airteagal seo i gcás ina soláthraítear ranníocaíocht le haghaidh comaoin seachas in airgead tirim gan tuarascáil ó shaineolaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 49(1), (2) agus (3).

Airteagal 52

Éadálacha suntasacha i ndiaidh corprú nó údarú dul i mbun gnó i gcéaduair

1.  
Má fhaigheann an chuideachta, roimh dhul in éag do theorainn ama a leagtar síos leis an dlí náisiúnta ar de dhá bhliain ar a laghad ón tráth a corpraíodh an chuideachta nó dár údaraíodh dul i mbun gnó i gcéaduair í, aon sócmhainn ar chomaoin nach lú ná aon deichiú den chaipiteal suibscríofa, ar le duine nó le cuideachta nó le gnólacht dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 4 í, déanfar an éadáil a scrúdú agus foilseofar sonraí fúithi ar an mbealach dá bhforáiltear in Airteagal 49(1), (2) agus (3), agus cuirfear faoi bhráid cruinniú ginearálta í le go ndeanfar í a fhormheas ansin.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 50 agus ag Airteagal 51.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal freisin go gcuirfear na forálacha sin i bhfeidhm nuair is le scairshealbhóir nó le duine ar bith eile na sócmhainní.

2.  
Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le héadálacha a chuirtear i gcrích i ngnáthchúrsa ghnó na cuideachta, maidir le héadálacha a chuirtear i gcrích ar thionscnamh údarás riaracháin nó breithiúnach nó faoina mhaoirseacht, nó maidir le héadálacha stocmhalartáin.

Airteagal 53

An oibleagáid atá ar scairshealbhóirí ranníocaíochtaí a íoc

Faoi réir na bhforálacha a bhaineann le caipiteal suibscríofa a laghdú, ní fhéadfar na scairshealbhóirí a scaoileadh ón oibleagáid a gcuid ranníocaíochtaí a íoc.

Airteagal 54

Coimircí i gcás comhshó

Go dtí go ndéanfar comhordú ar dhlíthe náisiúnta ar dháta ina dhiaidh sin, glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun go gceanglófar go ndéanfar foráil do cheanglais i dtaca leis na coimircí céanna, ar a laghad, agus na cinn a leagtar síos in Airteagal 3 go hAirteagal 6 agus in Airteagal 45 go hAirteagal 53 i gcás comhshó cineál eile cuideachta ina cuideachta phoiblí faoi dhliteanas teoranta.

Airteagal 55

Modhnú a dhéanamh ar na reachtanna nó ar an ionstraim chorpraithe

Is gan dochar d'fhorálacha na mBallstát maidir le hinniúlacht agus le nós imeachta a bhaineann le modhnú a dhéanamh ar na reachtanna nó ar an ionstraim chorpraithe Airteagal 3 go hAirteagal 6 agus Airteagal 45 go hAirteagal 54.



Roinn 3

Rialacha maidir le dáileadh

Airteagal 56

Rialacha ginearálta maidir le dáileadh

1.  
Ach amháin i gcásanna ina laghdaítear caipiteal suibscríofa, ní féidir aon dáileadh a dhéanamh ar na scairshealbhóirí i gcás inar lú, ar dháta dhúnadh na bliana airgeadais deiridh, na glansócmhainní mar a leagadh amach i gcuntais bhliantúla na cuideachta iad, ná suim an chaipitil shuibscríofa móide na cúlchistí sin nach féidir a dháileadh faoin dlí nó faoi reachtanna na cuideachta, nó i gcás inar lú ná an tsuim sin a bheadh na sócmhainní mar gheall ar dháileadh den sórt sin.
2.  
I gcás nach n-áirítear sna sócmhainní a thaispeántar sa chlár comhordaithe an chuid neamhghlaoite den chaipiteal suibscríofa, dealófar an tsuim sin ó shuim an chaipitil shuibscríofa dá dtagraítear i mír 1.
3.  
Ní féidir suim a dháiltear ar scairshealbhóirí a bheith níos airde ná suim na mbrabús ag deireadh na bliana airgeadais deiridh móide aon bhrabúis a tugadh ar aghaidh agus suimeanna a baineadh ó na cúlchistí atá ar fáil chun na críche sin, lúide aon chaillteanais a tugadh ar aghaidh agus suimeanna a cuireadh i gcúlchiste i gcomhréir leis an dlí nó leis na reachtanna.
4.  
Áirítear, go háirithe, sa téarma “dáileadh” a úsáidtear i mír 1 agus i mír 3 díbhinní agus ús a íoc a bhaineann le scaireanna.
5.  

Nuair a cheadaítear le dlíthe Ballstáit díbhinní eatramhacha a íoc, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:

(a) 

tarraingeofar suas cuntais eatramhacha ina dtaispeántar gur leordhóthanach na cistí atá ar fáil le haghaidh dáilte;

(b) 

ní fhéadfaidh an tsuim a bheidh le dáileadh a bheith níos airde ná na brabúis uile a rinneadh ó dheireadh na bliana airgeadais deiridh ar tarraingíodh na cuntais bhliantúla suas ina leith, móide aon bhrabúis a tugadh ar aghaidh agus suimeanna a tarraingíodh ó chúlchistí atá ar fáil chun na críche sin, lúide caillteanais a tugadh ar aghaidh agus suimeanna a bheidh le cur i gcúlchiste de bhun cheanglais an dlí nó na reachtanna.

6.  
Ní dhéanfaidh mír 1 go mír 5 difear d'fhorálacha na mBallstát ó thaobh méaduithe a rinneadh i gcaipiteal suibscríofa trí chúlchistí a chaipitliú.
7.  
Féadfar a fhoráil, le dlíthe Ballstáit do mhaolú ó mhír 1 i gcás cuideachtaí infheistíochta a bhfuil caipiteal seasta acu.

Chun críocha na míre seo, ciallaíonn an téarma “cuideachta infheistíochta a bhfuil caipiteal seasta aici” na cuideachtaí seo a leanas amháin:

(a) 

cuideachtaí a bhfuil sé mar chuspóir eisiach acu a gcuid cistí a infheistiú i stoic agus i scaireanna éagsúla, i dtalamh nó i sócmhainní eile agus é d'aidhm aonair leis sin rioscaí infheistíochta a leathadh agus tairbhe na dtorthaí ar bhainistiú a gcuid sócmhainní a thabhairt dá scairshealbhóirí; agus

(b) 

cuideachtaí a thairgeann a gcuid scaireanna dílse le gur féidir leis an bpobal suibscríobh ina leith.

A mhéid a bhainfear leas, i ndlíthe na mBallstát, as an rogha:

(a) 

ceanglófar ar na cuideachtaí sin go n-áireofar an leagan cuí gramadaí den téarma “cuideachta infheistíochta” sna doiciméid uile dá dtagraítear in Airteagal 26;

(b) 

ní ligfear d'aon chuideachta den sórt sin a dtiteann a glansócmhainní faoi bhun na suime a shonraítear i mír 1 dáileadh a dhéanamh ar na scairshealbhóirí sa chás, ar dháta deiridh na bliana airgeadais deiridh go bhfuil sócmhainní iomlána na cuideachta, mar a leagadh amach sna cuntais bhliantúla iad, níos lú ná oiread go leith shuim dócmhainní iomlán na cuideachta i leith na gcreidiúnaithe, nó gur mar sin a bheadh dá ndéanfaí an dáileadh sin; agus

(c) 

éileofar ar aon chuideachta den sórt sin a dhéanann dáileadh, nuair a thiteann a glansócmhainní faoi bhun na suime dá dtagraítear i mír 1, nóta chuige sin a áireamh ina cuntais bhliantúla.

Airteagal 57

Dáileacháin a rinneadh go neamhdhleathach a aisghabháil

Aon dáileadh a dhéantar atá contrártha le hAirteagal 56 tabharfaidh scairshealbhóirí a fuair é ar ais é má chruthaíonn an chuideachta go raibh na scairshealbhóirí sin ar an eolas faoi mhírialtacht an dáilte a rinneadh orthu, nó nárbh fhéidir leo, i bhfianaise na n-imthosca, a bheith ar an eolas faoi.

Airteagal 58

Cuid thromchúiseach den chaipiteal suibscríofa a chailleadh

1.  
I gcás ina gcailltear cuid thromchúiseach den chaipiteal suibscríofa, gairfear cruinniú ginearálta de na scairshealbhóirí laistigh den tréimhse ama a leagtar síos le dlíthe na mBallstát, chun a mheas arbh fhearr an chuideachta a fhoirceannadh nó aon bhearta eile a dhéanamh.
2.  
Ní dhéanfar méid caillteanais a mheastar a bheith tromchúiseach de réir bhrí mhír 1 a leagan síos le dlíthe na mBallstát ag suim níos airde ná leath an chaipitil shuibscríofa.



Roinn 4

Rialacha maidir lena scaireanna dílse a bheith á bhfáil ag cuideachtaí

Airteagal 59

Suibscríbhinn ar bith i gcás a scaireanna dílse

1.  
Ní fhéadfaidh cuideachta scaireanna a cuideachta féin a shuibscríobh.
2.  
Má rinne duine a bhí ag gníomhú ina ainm nó ina hainm féin scaireanna cuideachta a shuibscríobh, ach thar ceann na cuideachta, measfar gur ar mhaithe lena chuntas féin nó lena cuntas féin a rinne sé nó sí iad a shuibscríobh.
3.  
Beidh dliteanas ar na daoine nó ar na cuideachtaí dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 4, nó i gcásanna inar méadaíodh an caipiteal suibscríofa, ar chomhaltaí an chomhlachta riaracháin nó bainistíochta íoc as na scaireanna a suibscríobhadh a raibh sárú an Airteagail seo i gceist leis sin.

Féadfar a fhoráil, áfach, le dlíthe Ballstáit, go bhféadfar aon duine den sórt sin a scaoileadh óna oibleagáid nó óna hoibleagáid má chruthaíonn sé nó sí nach mbaineann aon locht dó nó di go pearsanta.

Airteagal 60

Scaireanna dílse a fháil

1.  

Gan dochar do phrionsabal na córa comhionainne maidir leis na scairshealbhóirí uile a bhfuil an seasamh céanna acu, agus gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, féadfaidh na Ballstáit a cheadú do chuideachta a scaireanna dílse a fháil, tríthi féin nó trí dhuine atá ag ghníomhú ina ainm féin ach ar son na cuideachta. A mhéid a cheadaítear na héadálacha, cuirfidh na Ballstáit faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas iad:

(a) 

tugtar údarú ag an gcruinniú ginearálta, ar a gcinnfear téarmaí agus coinníollacha éadálacha den sórt sin, agus, go háirithe, líon uasta na scaireanna a bheidh le fáil, fad na tréimhse a dtabharfar an t-údarú ina leith, a gcinnfear a fad uasta leis an dlí náisiúnta nach mbeidh níos faide ná cúig bliana áfach, agus, i gcás éadálacha ar mhaithe le luach, an chomaoin uasta agus an chomaoin íosta. Beidh comhaltaí an chomhlachta riaracháin nó bainistíochta sásta go ndéantar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) a urramú tráth a dhéantar gach éadáil údaraithe;

(b) 

ní féidir leis na héadálacha, lena n-áirítear na héadálacha a fuair an chuideachta roimhe sin agus atá ina seilbh aici, ná le scaireanna a fuair duine ina ainm nó ina hainm féin ach thar ceann na cuideachta, na glansócmhainní a laghdú faoi bhun an mhéid dá dtagraítear in Airteagal 56(1) agus (2); agus

(c) 

ní féidir a áireamh san idirbheart ach scaireanna láníoctha.

Thairis sin, féadfaidh na Ballstáit éadálacha de réir bhrí na chéad fhomhíre a chur faoi réir aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

ní théann an luach ainmniúil nó, murab ann dó, parluach cuntasach na scaireanna a fuarthas, lena n-áirítear na scaireanna a fuair an chuideachta roimhe seo agus a choinnigh iad, agus scaireanna a fuair duine ag gníomhú ina ainm nó ina hainm féin ach thar ceann na cuideachta, thar teorainn a chinnfidh na Ballstáit; ní fhéadfaidh an teorainn sin bheith níos ísle ná 10 % den chaipiteal suibscríofa;

(b) 

tá cumhacht na cuideachta chun a scaireanna dílse a fháil de réir bhrí na chéad fhomhíre, an t-uaslíon scaireanna atá le fáil, fad na tréimhse dá dtabharfar an chumhacht agus an chomaoin uasta nó an chomaoin íosta leagtha síos i reachtanna na cuideachta nó in ionstraim corpraithe na cuideachta;

(c) 

comhlíonann an chuideachta ceanglais iomchuí tuairiscithe agus fógra;

(d) 

is féidir a chur de cheangal ar chuideachtaí áirithe, mar a chinnfidh na Ballstáit, na scaireanna a fuarthas a chur ar ceal ar an gcoinníoll go ndéantar méid comhionann le luach ainmniúil na scaireanna a cuireadh ar ceal a áireamh i gcúlchiste nach féidir a scaipeadh ar na scairshealbhóirí, seachas i gcás laghdú sa chaipiteal suibscríofa; ní fhéadfar an cúlchiste sin a úsáid ach amháin chun críocha an caipiteal suibscríofa a mhéadú trí chaipitliú cúlchistí;

(e) 

ní dhéanann an éadáil dochar do shásamh éileamh na gcreidiúnaithe.

2.  
Féadfar, le dlíthe Ballstáit, foráil a dhéanamh do mhaoluithe ón gcéad abairt de phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 i gcás inar gá éadáil scaireanna dílse cuideachta chun dochar tromchúiseach atá ar tí tarlú don chuideachta a chosc. I gcás mar sin, cuirfidh an comhlacht riaracháin nó bainistíochta an chéad chruinniú ginearálta eile ar an eolas faoi na cúiseanna leis na héadálacha agus a gcineál, faoi líon agus luach ainmniúil nó, in éagmais luach ainmniúil, parluach cuntasach na scaireanna a fuarthas, faoi chomhréir an chaipitil shuibscríofa a léiríonn siad agus faoin gcomaoin do na scaireanna sin.
3.  
Féadfaidh na Ballstáit cinneadh gan an chéad abairt de phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 a chur i bhfeidhm maidir le scaireanna a fuair an chuideachta féin nó duine ag gníomhú ina ainm nó ina hainm féin ach thar ceann na cuideachta, lena scaipeadh ar fhostaithe na cuideachta sin nó ar fhostaithe cuideachta comhlachais. Scaipfear na scaireanna sin laistigh de 12 mhí ó fuarthas iad.

Airteagal 61

Maolú ó rialacha maidir le héadáil scaireanna dílse

1.  

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan Airteagal 60 a chur i bhfeidhm maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

scaireanna a fuarthas agus cinneadh chun caipiteal a laghdú á chur i gcrích nó sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 82;

(b) 

scaireanna a fuarthas mar thoradh ar aistriú uilíoch sócmhainní;

(c) 

scaireanna íoctha go hiomlán a fuarthas saor in aisce nó a fuair bainc agus institiúidí airgeadais eile mar choimisiún ceannaigh;

(d) 

scaireanna a fuarthas de bhun oibleagáid dhlíthiúil nó mar thoradh ar rialú ón gcúirt le haghaidh scairshealbhóirí mionlaigh, i gcás, go háirithe, cumaisc, athrú i gcuspóir nó i bhfoirm na cuideachta, aistriú thar lear na hoifige cláraithe nó tabhairt isteach srianta ar aistriú scaireanna;

(e) 

scaireanna a fuarthas ó scairshealbhóir i gcás mainneachtain iad a íoc;

(f) 

scaireanna a fuarthas d'fhonn scairshealbhóirí mionlaigh i gcuideachtaí comhlachaithe a shlánú;

(g) 

scaireanna íoctha go hiomlán a fuarthas faoi dhíol a forfheidhmíodh le hordú cúirte le haghaidh íocaíocht fiachais a dhlítear don chuideachta ó úinéir na scaireanna; agus

(h) 

scaireanna íoctha go hiomlán a d'eisigh cuideachta infheistíochta le caipiteal seasta, mar a shainmhínítear sa dara fomhír d'Airteagal 56(7), agus a fuair an chuideachta sin nó cuideachta chomhlachaithe arna iarraidh sin don infheisteoir. Beidh feidhm ag pointe (a) den tríú fomhír d'Airteagal 56(7). Féadfaidh nach mbeidh sé d'éifeacht ag éadálacha den sórt sin na glansócmhainní a laghdú, ar glansócmhainní iad atá faoi bhun mhéid an chaipitil shuibscríofa móide aon chúlchistí a thoirmisctear a scaipeadh leis an dlí.

2.  
Déanfar scaireanna a fuarthas sna cásanna a liostaítear i pointe (b) go pointe (g) de mhír 1 a dhiúscairt, áfach, laistigh de thréimhse nach mó ná trí bliana ó fuarthas iad seachas mura sáraíonn luach ainmniúil nó in éagmais luach ainmniúil, parluach cuntasach na scaireanna a fuarthas, lena n-áirítear scaireanna a d'fhéadfadh an chuideachta a fháil trí dhuine ag gníomhú ina ainm féin ach thar ceann na cuideachta, 10 % den chaipiteal suibscríofa.
3.  
Mura ndéantar na scaireanna a dhiúscairt laistigh den tréimhse a leagtar síos i mír 2, cuirfear ar ceal iad. Féadfaidh dlíthe Ballstáit an cealú sin a dhéanamh faoi réir laghdú comhfhreagrach sa chaipiteal suibscríofa. Forordófar an laghdú sin i gcás ina dtitfidh na glansócmhainní faoi bhun an mhéid a shonraítear in Airteagal 56(1) agus (2) mar thoradh ar éadáil scaireanna atá le cealú.

Airteagal 62

Na hiarmhairtí ar éadáil neamhdhleathach scaireanna dílse

Déanfar scaireanna arna bhfáil de shárú ar Airteagal 60 agus ar Airteagal 61 a dhiúscairt laistigh de bhliain amháin óna fuarthas iad. Mura ndéantar iad a dhiúscairt laistigh den tréimhse sin, beidh feidhm ag Airteagal 61(3).

Airteagal 63

Sealbhú scaireanna dílse agus tuarascáil bhliantúil i gcás éadáil scaireanna dílse

1.  

I gcás ina gceadaítear cuideachta le dlíthe Ballstáit a scaireanna dílse a fháil, má fhaigheann sí féin iad nó má fhaightear trí dhuine ag gníomhú ina ainm nó ina hainm féin ach thar ceann na cuideachta iad, déanfaidh siad sealbhú na scaireanna sin i gcónaí faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas ar a laghad:

(a) 

i measc na gceart a bhaineann leis na scaireanna, ní mór an ceart vótála a bhaineann le scaireanna dílse na cuideachta a chur ar fionraí ar aon chaoi;

(b) 

má áirítear na scaireanna sna sócmhainní a léirítear ar an gclár comhardaithe, áireofar cúltaca den mhéid céanna nach mbeidh ar fáil lena scaipeadh i measc na ndliteanas.

2.  

I gcás ina gceadaítear cuideachta le dlíthe Ballstáit a scaireanna dílse a fháil, má fhaigheann sí féin iad nó má fhaightear trí dhuine ag gníomhú ina ainm nó ina hainm féin ach thar ceann na cuideachta iad, ceanglófar leo go gcuirfear an méid seo a leanas ar a laghad in iúl sa tuarascáil bhliantúil:

(a) 

na cúiseanna leis na héadálacha a rinneadh le linn na bliana airgeadais;

(b) 

líon na scaireanna nó a luach ainmniúil, nó in éagmais luach ainmniúil, parluach cuntasach na scaireanna a fuarthas agus a rinneadh a dhiúscairt le linn na bliana airgeadais agus an cion den chaipiteal suibscríofa dá seasann siad;

(c) 

i gcás éadáil nó diúscairt le haghaidh luacha, an chomaoin le haghaidh na scaireanna;

(d) 

líon na scaireanna nó a luach ainmniúil, nó in éagmais luach ainmniúil, parluach cuntasach na scaireanna go léir a fuarthas agus a bhí i seilbh na cuideachta agus an cion den chaipiteal suibscríofa dá seasann siad.

Airteagal 64

Cúnamh airgeadais ag cuideachta le haghaidh éadáil a scaireanna ag tríú páirtí

1.  
I gcás ina gceadaíonn na Ballstáit do chuideachta, go díreach nó go hindíreach, cistí a thabhairt ar airleacan nó iasachtaí a dhéanamh nó urrús a sholáthar, d'fhonn go bhfaighidh tríú páirtí a scaireanna, déanfaidh siad na hidirbhearta sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 2 go mír 5.
2.  
Tarlóidh na hidirbhearta faoi fhreagracht an chomhlachta riaracháin nó an chomhlachta bainistíochta faoi dhálaí margaidh córa, go háirithe maidir le hús a fuair an chuideachta agus i ndáil le hurrús a cuireadh ar fáil don chuideachta do na hiasachtaí agus na hairleacain dá dtagraítear i mír 1.

Déanfar acmhainneacht creidmheasa an tríú páirtí nó, i gcás idirbhearta ilpháirtí, gach contrapháirtí iontu a imscrúdú go cuí.

3.  
Tíolacfaidh an comhlacht riaracháin nó bainistíochta na hidirbhearta chuig an gcruinniú ginearálta le haghaidh a réamhfhormheasta, nuair a ghníomhóidh an cruinniú ginearálta i gcomhréir leis na rialacha le haghaidh córaim agus tromlaigh a leagtar síos in Airteagal 83.

Cuirfidh an comhlacht riaracháin nó bainistíochta tuarascáil i scríbhinn faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta, lena léireofar na nithe seo a leanas:

(a) 

na cúiseanna leis an idirbheart;

(b) 

leas na cuideachta a bheith páirteach san idirbheart sin;

(c) 

na coinníollacha lena bhfuiltear páirteach san idirbheart;

(d) 

na rioscaí a bhaineann leis an idirbheart le haghaidh leachtacht agus sócmhainneacht na cuideachta; agus

(e) 

an praghas ag a bhfuil an tríú páirtí chun a scaireanna a fháil.

Déanfar an tuarascáil sin a thíolacadh don chlár lena foilsiú i gcomhréir le hAirteagal 16.

4.  
Ní bheidh laghdú na nglansócmhainní faoi bhun an mhéid a shonraítear in Airteagal 56(1) agus (2) ag aon am mar thoradh ar an gcúnamh airgeadais comhiomlán a thabharfar do thríú páirtithe agus aon laghdú ar na glansócmhainní a d'fhéadfadh tarlú trí éadáil a scaireanna dílse ag an gcuideachta nó thar ceann na cuideachta i gcomhréir le hAirteagal 60(1) á chur san áireamh.

Déanfaidh an chuideachta a áireamh i measc na ndliteanas sa chlár comhardaithe, cúlchiste de mhéid an chúnaimh airgeadais chomhiomláin nach mbeidh ar fáil lena scaipeadh.

5.  
I gcás ina ndéanann tríú páirtí, trí mheán cúnamh airgeadais ó chuideachta, scaireanna dílse na cuideachta sin a fháil de réir bhrí Airteagal 60(1) nó i gcás ina suibscríobhann sé do scaireanna a eisítear agus méadú ag teacht ar an gcaipiteal suibscríofa, déanfar iad a fháil nó a shuibscríobh ar phraghas cóir.
6.  
Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 5 maidir le hidirbhearta arna gcur i gcrích ag bainc agus ag institiúidí airgeadais eile i ngnáthchúrsa an ghnó, ná le hidirbhearta arna ndéanamh d'fhonn go bhfaighidh fostaithe na cuideachta nó fostaithe cuideachta comhlachaithe na scaireanna nó d'fhonn go bhfaighfear iad dóibh.

Mar sin féin, féadfar nach mbeidh an éifeacht ag na hidirbhearta sin na glansócmhainní a laghdú faoi bhun an mhéid a shonraítear in Airteagal 56(1).

7.  
Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 5 maidir le hidirbhearta a dhéanfar d'fhonn scaireanna a fháil mar a ndéantar cur síos air in Airteagal 61(1)(h).

Airteagal 65

Coimircí breise i gcás idirbhearta gaolmhara páirtí

I gcásanna ina bhfuil comhaltaí aonair chomhlacht riaracháin nó bainistíochta na cuideachta atá ina bpáirtí san idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 64(1) den Treoir seo, nó comhlacht riaracháin nó bainistíochta máthairghnóthais de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE nó an máthairghnóthas féin, nó daoine aonair ag gníomhú ina n-ainm féin, ach thar ceann chomhaltaí na gcomhlachtaí sin nó thar ceann an ghnóthais sin, contrapháirtithe san idirbheart sin, áiritheoidh na Ballstáit trí choimircí leordhóthanacha nach mbeidh an t-idirbheart sin i gcoinbhleacht le leasanna na cuideachta.

Airteagal 66

Glacadh le scaireanna dílse na cuideachta mar urrús

1.  
Measfar gur éadáil é má ghlacann an chuideachta féin le scaireanna dílse na cuideachta mar urrús, nó má ghlacann sí leo trí dhuine ag gníomhú ina ainm féin ach thar ceann na cuideachta, chun críocha Airteagal 60, in Airteagal 61(1), in Airteagal 63 agus in Airteagal 64.
2.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan mír 1 a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta a thugann bainc agus institiúidí airgeadais i gcrích i ngnáthchúrsa an ghnó.

Airteagal 67

Suibscríobh, fáil nó sealbhú scaireanna ag cuideachta ina bhfuil tromlach na gceart vótála ag an gcuideachta phoiblí faoi dhliteanas teoranta nó ar féidir léi tionchar ceannasach a fheidhmiú ar an gcuideachta

1.  
Maidir le suibscríobh, fáil nó sealbhú scaireanna i gcuideachta phoiblí faoi dhliteanas teoranta ag cuideachta eile de chineál a liostaítear in Iarscríbhinn II ina bhfuil tromlach na gceart vótála ag an gcuideachta phoiblí faoi dhliteanas teoranta go díreach nó go hindíreach nó ar ar féidir léi tionchar ceannasach a fheidhmiú go díreach nó go hindíreach, measfar gurb í an chuideachta phoiblí faoi dhliteanas teoranta féin a dhéanfaidh é sin.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír freisin nuair a rialaítear an chuideachta eile le dlí tríú tír agus nuair atá foirm dlíthiúil aici atá inchomparáide leis na cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn II.

Mar sin féin, má tá tromlach na gceart vótála go hindíreach ag an gcuideachta phoiblí faoi dhliteanas teoranta nó más féidir léi tionchar ceannasach a fheidhmiú go hindíreach, ní gá do na Ballstáit an chéad fhomhír agus an dara fomhír a chur i bhfeidhm má dhéanann siad foráil d'fhionraí na gceart vótála a bhaineann leis na scaireanna sa chuideachta phoiblí faoi dhliteanas teoranta a shealbhaíonn an chuideachta eile.

2.  

In éagmais comhordú reachtaíochta náisiúnta ar ghrúpaí de chuideachtaí, féadfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

na cásanna a shainiú ina measfar gur féidir le cuideachta phoiblí faoi dhliteanas teoranta tionchar ceannasach a fheidhmiú ar chuideachta eile; má fheidhmíonn an Ballstát an rogha sin, forálfar ina dhlí náisiúnta gur féidir tionchar ceannasach a fheidhmiú i gcás cuideachta phoiblí faoi dhliteanas teoranta:

(i) 

a bhfuil sé de cheart aici tromlach chomhaltaí an orgáin riaracháin, an orgáin bainistíochta nó an orgáin maoirseachta a cheapadh nó a bhriseadh as a bpost agus atá ina scairshealbhóir nó ina comhalta den chuideachta eile ag an am céanna, nó

(ii) 

atá ina scairshealbhóir nó ina comhalta den chuideachta eile agus a bhfuil urlámhas aonair aici ar thromlach chearta vótála a scairshealbhóirí nó a comhaltaí faoi chomhaontú arna thabhairt i gcrích le scairshealbhóirí nó le comhaltaí na cuideachta sin.

Ní bheidh sé d'oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh d'aon chásanna seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (i) agus i bpointe (ii) den chéad fhomhír;

(b) 

na cásanna a shainiú ina measfar go bhfuil cearta vótála ag cuideachta phoiblí faoi dhliteanas teoranta go hindíreach nó gur féidir léi tionchar ceannasach a fheidhmiú go hindíreach;

(c) 

na himthosca a shonrú ina measfar go bhfuil cearta vótála ag cuideachta phoiblí faoi dhliteanas teoranta.

3.  
Ní gá do na Ballstáit an chéad fhomhír agus an dara fomhír de mhír 1 a chur i bhfeidhm nuair a dhéantar an suibscríobh, an éadáil nó an sealbhú thar ceann duine seachas an duine atá ag suibscríobh, ag fáil nó ag sealbhú na scaireanna, nach í an chuideachta phoiblí faoi dhliteanas teoranta dá dtagraítear i mír 1 ná cuideachta eile ina bhfuil tromlach na gceart vótála go díreach nó go hindíreach ag an gcuideachta phoiblí faoi dhliteanas teoranta nó ar ar féidir léi tionchar ceannasach a fheidhmiú go díreach nó go hindíreach.
4.  
Ní gá do na Ballstáit an chéad fhomhír agus an dara fomhír de mhír 1 a chur i bhfeidhm nuair a dhéanann an chuideachta eile an suibscríobh, an éadáil nó an sealbhú ina cáil agus i gcomhthéacs a cuid gníomhaíochtaí mar dhéileálaí gairmiúil urrús, ar an gcoinníoll gur comhalta é de stocmhalartán atá lonnaithe nó atá ag oibriú laistigh de Bhallstát, nó atá formheasta nó maoirsithe ag údarás Ballstáit atá inniúil maoirsiú a dhéanamh ar dhéileálaithe gairmiúla urrús, lenar féidir, de réir bhrí na Treorach seo, institiúidí creidmheasa a áireamh.
5.  
Ní gá do na Ballstáit an chéad fhomhír ná an dara fomhír de mhír 1 a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuarthas scaireanna i gcuideachta phoiblí faoi dhliteanas teoranta a shealbhaíonn cuideachta eile roimh don ghaol idir an dá chuideachta a bheith ar aon dul leis na critéir a leagtar síos i mír 1.

Mar sin féin, cuirfear na cearta vótála a bhaineann leis na scaireanna sin ar fionraí agus cuirfear na scaireanna san áireamh nuair a chinnfear an gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 60(1)(b).

6.  

Ní gá do na Ballstáit Airteagal 61(2) nó (3) ná Airteagal 62 a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfaigheann cuideachta eile scaireanna i gcuideachta phoiblí faoi dhliteanas teoranta ar an gcoinníoll go ndéanann siad foráil do na nithe seo a leanas:

(a) 

fionraí na gceart vótála a bhaineann leis na scaireanna sa chuideachta phoiblí faoi dhliteanas theoranta a shealbhaíonn an chuideachta eile; agus

(b) 

go mbeidh sé d'oibleagáid ar chomhaltaí orgán riaracháin nó bainistíochta na cuideachta poiblí faoi dhliteanas teoranta na scaireanna dá dtagraítear in Airteagal 61(2) agus (3) agus in Airteagal 62 a cheannach ar ais ón gcuideachta eile ar an bpraghas ar a bhfuair an chuideachta eile iad; ní bheidh an smachtbhanna sin infheidhme ach amháin má chruthaíonn comhaltaí orgán riaracháin nó bainistíochta na cuideachta poiblí faoi dhliteanas teoranta nach raibh ról ar bith ag an gcuideachta sin i suibscríobh ná in éadáil na scaireanna atá i gceist.



Roinn 5

Rialacha le haghaidh méadú agus laghdú caipitil

Airteagal 68

Cinneadh ón gcruinniú ginearálta maidir le méadú caipitil

1.  
Cinnfear aon mhéadú i gcaipiteal ag an gcruinniú ginearálta. Foilseofar an cinneadh sin agus an méadú ar chaipiteal suibscríofa ar an mbealach a leagtar síos le dlíthe gach Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 16.
2.  
Mar sin féin, féadfar leis na reachtanna nó leis an ionstraim chorpraithe nó féadfaidh an cruinniú ginearálta, a fhoilseofar an cinneadh uaidh i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1, méadú ar an gcaipiteal suibscríofa a údarú suas go huasmhéid a shocróidh siad agus aird chuí á tabhairt ar aon uasmhéid dá bhforáiltear sa dlí. I gcás inarb iomchuí, cinnfear an méadú ar chaipiteal suibscríofa laistigh de theorainneacha an mhéid arna shocrú ag an gcomhlacht na cuideachta dá dtugtar de chumhacht é sin a dhéanamh. Beidh an chumhacht ag an gcomhlacht sin maidir leis an méid sin ar feadh uastréimhse cúig bliana agus féadfaidh an cruinniú ginearálta í a athnuachan uair amháin nó níos mó, gach uair ar feadh tréimhse nach mó ná cúig bliana.
3.  
I gcás ina bhfuil roinnt mhaith aicmí scaireanna, beidh an cinneadh ón gcruinniú ginearálta a bhaineann leis an méadú caipitil dá dtagraítear i mír 1 nó an t-údarú dá dtagraítear i mír 2 an caipiteal a mhéadú, faoi réir vóta ar leithligh ar a laghad do gach aicme scairshealbhóra a ndéantar difear dá gcearta leis an idirbheart.
4.  
Beidh feidhm ag an Airteagal sin maidir le heisiúint na n-urrús go léir atá in-chomhshóite i scaireanna nó lena mbaineann an ceart chun suibscríobh le haghaidh scaireanna, ach ní bheidh feidhm aige maidir leis na hurrúis sin a mhalartú ná maidir le feidhmiú an chirt chun suibscríobh.

Airteagal 69

Scaireanna a eisítear chun comaoine a íoc

Íocfar scaireanna a eisítear chun comaoine, le linn méadú ar chaipiteal suibscríofa, suas go 25 % dá luach ainmniúil nó, in éagmais luach ainmniúil dá bparluach cuntasach. I gcás ina ndéantar foráil do phréimh eisiúna, íocfar í ina iomláine.

Airteagal 70

Scaireanna a eisítear chun comaoine seachas in airgead tirim

1.  
I gcás ina n-eisítear scaireanna chun comaoine seachas in airgead tirim le linn méadú ar an gcaipiteal suibscríofa, aistreofar an chomaoin ina hiomláine laistigh de thréimhse cúig bliana ón gcinneadh an caipiteal suibscríofa a mhéadú.
2.  
Beidh an chomaoin dá dtagraítear i mír 1 mar ábhar tuarascála a dhréachtófar roimh do shaineolaí amháin nó níos mó, atá neamhspleách ón gcuideachta agus a cheapfaidh nó a fhormheasfaidh údarás riaracháin nó breithiúnach, an caipiteal a mhéadú. Féadfaidh daoine nádúrtha mar aon le daoine agus cuideachtaí agus gnólachtaí dlítheanacha a bheith sna saineolaithe sin faoi dhlíthe na mBallstát.

Beidh feidhm ag Airteagal 49(2) agus (3) agus ag Airteagal 50 agus Airteagal 51.

3.  
Féadfaidh na Ballstáit cinneadh gan mír 2 a chur i bhfeidhm i gcás méadú ar chaipiteal suibscríofa d'fhonn éifeacht a thabhairt do chumasc, do dheighilt nó do thairiscint phoiblí chun scaireanna a cheannach nó a mhalartú agus chun scairshealbhóirí na cuideachta atá á comhghabháil nó á deighilt, nó atá mar chuspóir na tairisceana poiblí chun na scaireanna a cheannach nó a mhalartú.

I gcás cumaisc nó deighilte, áfach, ní chuirfidh na Ballstáit an chéad fhomhír i bhfeidhm ach i gcás ina ndréachtófar tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách amháin nó níos mó maidir le dréacht-théarmaí an chumaisc nó na deighilte.

I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit mír 2 a chur i bhfeidhm i gcás cumaisc nó deighilte, féadfaidh siad a fhoráil go ndéanfaidh an saineolaí céanna nó na saineolaithe céanna an tuarascáil faoin Airteagal seo agus an tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách amháin nó níos mó maidir le dréacht-théarmaí an chumaisc nó na deighilte a dhréachtú.

4.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan mír 2 a chur i bhfeidhm má eisítear na scaireanna go léir a eisítear le linn méadú ar chaipiteal suibscríofa do chomaoin seachas in airgead tirim chuig cuideachta amháin nó níos mó, ar an gcoinníoll gur chomhaontaigh na scairshealbhóirí go léir sa chuideachta a fhaigheann an chomaoin gan tuarascáil ó shaineolaithe a dhréachtú agus go gcomhlíontar ceanglais phointe (b) go pointe (f) d'Airteagal 49(4).

Airteagal 71

Méadú ar chaipiteal nach bhfuil suibscríofa go hiomlán

I gcás nach ndéantar méadú ar chaipiteal a shuibscríobh go hiomlán, ní mhéadófar an caipiteal de mhéid na suibscríbhinní a fuarthas ach amháin má fhoráiltear amhlaidh le coinníollacha na heisiúna.

Airteagal 72

Méadú ar chaipiteal trí chomaoin in airgead tirim

1.  
Nuair a mhéadaítear an caipiteal trí chomaoin in airgead tirim, tairgfear na scaireanna ar bhonn réamhghabhálach do na scairshealbhóirí i gcomhréir leis an gcaipiteal dá seasann a gcuid scaireanna.
2.  

Maidir le dlíthe Ballstáit:

(a) 

ní gá dóibh mír 1 a chur i bhfeidhm maidir le scaireanna lena mbaineann ceart teorannaithe chun páirt a ghlacadh i ndáiltí de réir bhrí Airteagal 56 agus/nó i sócmhainní na cuideachta i gcás leachtaithe; nó

(b) 

i gcás in méadaítear caipiteal suibscríofa cuideachta a bhfuil roinnt mhaith aicmí scaireanna aici lena mbaineann cearta difriúla maidir le vótáil nó le rannpháirtíocht i ndáiltí de bhrí Airteagal 56 nó i sócmhainní i gcás leachtaithe, trí scaireanna nua a eisiúint i gceann amháin de na haicmí sin, féadfaidh siad a cheadú nach bhfeidhmeofar ceart réamhghabhála scairshealbhóirí na n-aicmí eile ach amháin tar éis do na scairshealbhóirí ón aicme ina n-eisítear na scaireanna nua an ceart sin a fheidhmiú.

3.  
Déanfar aon tairiscint ar shuibscríobh ar bhonn réamhghabhálach agus an tréimhse a bhfeidhmeofar an ceart sin lena linn a fhoilsiú san iris náisiúnta a cheapfar i gcomhréir le hAirteagal 16. Mar sin féin, ní gá do dhlíthe Ballstáit foráil a dhéanamh don fhoilsiú sin i gcás ina bhfuil scaireanna ar fad cuideachta cláraithe. Sa chás sin, cuirfear scairshealbhóirí uile na cuideachta ar an eolas i scríbhinn. Feidhmeofar an ceart réamhghabhála laistigh de thréimhse nach mbeidh níos lú ná 14 lá ó dháta foilsithe na tairsceana nó ó dháta seolta na litreacha chuig na scairshealbhóirí.
4.  
Ní fhéadfar an ceart réamhghabhála a shrianadh ná a tharraingt siar leis na reachtanna nó leis an ionstraim chorpraithe. Féadfar é seo a dhéanamh, áfach, trí chinneadh ón gcruinniú ginearálta. Ceanglófar ar an gcomhlacht riaracháin nó bainistíochta tuarascáil i scríbhinn a chur i láthair, ina léirítear na cúiseanna le srianadh nó le tarraingt siar an chirt réamhghabhála agus lena dtugtar bonn cirt leis an bpraghas eisiúna a mholtar. Gníomhóidh an cruinniú ginearálta i gcomhréir leis na rialacha le haghaidh córaim agus tromlaigh a leagtar síos in Airteagal 83. Foilseofar a chinneadh ar an mbealach a leagtar síos le dlíthe gach Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 16.
5.  
Féadfar a fhoráil le dlíthe Ballstáit go bhféadfar leis na reachtanna nó leis an ionstraim chorpraithe nó go bhféadfaidh an cruinniú ginearálta, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis na rialacha le haghaidh córaim, tromlaigh agus foilsithe a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo, an chumhacht a thabhairt chun srian a chur leis an gceart réamhghabhála chuig comhlacht na cuideachta, dá dtugtar de chumhacht méadú ar chaipiteal suibscríofa a chinneadh laistigh de theorainn an chaipitil údaraithe, nó chun an ceart réamhghabhála a tharraingt siar. Ní fhéadfar an chumhacht sin a dheonú do thréimhse níos faide ná an chumhacht dá bhforáiltear in Airteagal 68(2).
6.  
Beidh feidhm ag mír 1 go mír 5 maidir le heisiúint urrús go léir atá in-chomhshóite i scaireanna nó lena mbaineann an ceart chun suibscríobh le haghaidh scaireanna, ach ní bheidh feidhm aige maidir leis na hurrúis sin a chomhshó ná maidir le feidhmiú an chirt chun suibscríobh.
7.  
Ní heisiatar an ceart réamhghabhála chun críocha mhír 4 agus mhír 5 nuair, i gcomhréir leis an gcinneadh an caipiteal suibscríofa a mhéadú, a eisítear scaireanna chuig bainc nó chuig institiúidí airgeadais eile d'fhonn iad a thairiscint do scairshealbhóirí na cuideachta i gcomhréir le mír 1 agus le mír 3.

Airteagal 73

Cinneadh ón gcruinniú ginearálta maidir le laghdú sa chaipiteal suibscríofa

Beidh aon laghdú sa chaipiteal suibscríofa, seachas faoi ordú cúirte, faoi réir cinneadh ón gcruinniú ginearálta ar a laghad ag gníomhú dó i gcomhréir leis na rialacha le haghaidh córaim agus tromlaigh a leagtar síos in Airteagal 83 gan dochar d'Airteagal 79 ná d'Airteagal 80. Foilseofar an cinneadh sin ar an mbealach a leagtar síos le dlíthe gach Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 16.

Sonrófar san fhógra lena gcomórtar an cruinniú críoch an laghdaithe agus an bealach a gcuirfear i gcrích é ar a laghad.

Airteagal 74

Laghdú sa chaipiteal suibscríofa i gcás roinnt aicmí scaireanna a bheith ann

I gcás ina bhfuil roinnt aicmí scaireanna ann, beidh an cinneadh ón gcruinniú ginearálta a bhaineann le laghdú ar an gcaipiteal suibscríofa faoi réir vóta ar leithligh ar a laghad do gach aicme scairshealbhóirí a ndéantar difear dá gcearta leis an idirbheart.

Airteagal 75

Coimircí do chreidiúnaithe i gcás laghdú ar an gcaipiteal suibscríofa

1.  
I gcás laghdú ar an gcaipiteal suibscríofa, beidh an ceart ar a laghad ag na creidiúnaithe a thagann a gcuid éileamh roimh dháta foilsithe an chinnidh maidir leis an laghdú urrús a fháil d'éilimh nach mbeidh dlite roimh dháta an fhoilsithe sin. Ní fhéadfaidh na Ballstáit an ceart sin a chur ar leataobh ach amháin má tá go leor coimircí ag an gcreidiúnaí, nó mura bhfuil na coimircí sin riachtanach ag féachaint do shócmhainní na cuideachta.

Leagfaidh na Ballstáit síos na coinníollacha chun an ceart dá bhforáiltear sa chéad fhomhír a fheidhmiú. Ar aon chaoi, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na creidiúnaithe údaraithe iarratas a chur isteach ar an údarás iomchuí riaracháin nó breithiúnach i gcomhair coimircí leordhóthanacha ar an gcoinníoll gur féidir leo a thaispeáint go hinchreidte go bhfuil sásamh a n-éileamh i ngeall ar an laghdú ar an gcaipiteal suibscríofa agus nach bhfuarthas aon choimircí leordhóthanacha ón gcuideachta.

2.  
Forálfar le dlíthe na mBallstát freisin ar a laghad go mbeidh an laghdú neamhnitheach, nó nach féidir aon íocaíocht a dhéanamh chun tairbhe na scairshealbhóirí, go dtí go mbeidh sásamh faighte ag na creidiúnaithe nó go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag cúirt nár cheart aontú lena n-iarratas.
3.  
Beidh feidhm ag an Airteagal seo nuair a tharlaíonn an laghdú ar an gcaipiteal suibscríofa mar gheall ar íocaíocht iarmhéid ranníocaíochtaí na scairshealbhóirí a tharscaoileadh go hiomlán nó go páirteach.

Airteagal 76

Maolú ó choimircí do chreidiúnaithe i gcás laghdú ar an gcaipiteal suibscríofa

1.  
Ní gá do na Ballstáit Airteagal 75 a chur i bhfeidhm maidir le laghdú ar an gcaipiteal suibscríofa arb é is críoch dó caillteanais a dhéantar a fhritháireamh nó suimeanna airgid a áireamh i gcúlchiste ar an gcoinníoll, i ndiaidh na hoibríochta sin, nach mbeidh méid an chúlchiste sin níos mó ná 10 % den chaipiteal suibscríofa laghdaithe. Seachas i gcás laghdú ar an gcaipiteal suibscríofa, ní fhéadfar an cúlchiste sin a dháileadh ar na scairshealbhóirí; ní fhéadfar é a úsáid ach chun caillteanais a fhritháireamh nó chun an caipiteal suibscríofa a mhéadú trí chaipitliú an chúlchiste sin, a mhéid a cheadóidh an Ballstát an oibríocht sin.
2.  
Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfar foráil le dlíthe na mBallstát ar a laghad do na bearta atá riachtanach chun a áirithiú nach bhféadfar na méideanna a thagann as an laghdú ar chaipiteal suibscríofa a úsáid chun íocaíochtaí nó dáiltí a dhéanamh do scairshealbhóirí nó chun scairshealbhóirí a urscaoileadh ón oibleagáid a ranníocaíochtaí a dhéanamh.

Airteagal 77

Laghdú ar an gcaipiteal suibscríofa agus ar an gcaipiteal íosta

Ní fhéadfar an caipiteal suibscríofa a laghdú go méid níos lú ná an caipiteal íosta a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 45.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit an laghdú sin a cheadú má fhorálann siad freisin nach bhféadfaidh éifeacht a bheith leis an gcinneadh an caipiteal suibscríofa a laghdú ach amháin má mhéadaítear an caipiteal suibscríofa go méid atá cothrom leis an íosmhéid forordaithe ar a laghad.

Airteagal 78

Caipiteal suibscríofa a fhuascailt gan laghdú

I gcás ina n-údaraítear le dlíthe Ballstáit go ndéantar an caipiteal suibscríofa a fhuascailt go hiomlán nó go páirteach gan an caipiteal sin a laghdú, ceanglófar leo ar a laghad go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

I gcás ina bhforáiltear leis na reachtanna nó leis an ionstraim chorpraithe d'fhuascailt, déanfar cinneadh i ndáil leis sin ag an gcruinniú ginearálta ag vótáil ar a laghad faoi na gnáthchoinníollacha córaim agus tromlaigh; i gcás nach bhforáiltear leis na reachtanna nó leis an ionstraim chorpraithe d'fhuascailt, déanfar cinneadh i ndáil leis sin ag an gcruinniú ginearálta ag gníomhú ar a laghad faoi na coinníollacha córaim agus tromlaigh a leagtar síos in Airteagal 83; foilseofar an cinneadh ar an mbealach a fhorordaítear le dlíthe na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 16;

(b) 

is iad suimeanna atá ar fáil lena ndáileadh de réir bhrí Airteagal 56(1) go (4), agus iad sin amháin, a fhéadfar a úsáid chun críocha fuascailte;

(c) 

coinneoidh scairshealbhóirí a ndéanfar a scaireanna a fhuascailt a gcearta sa chuideachta, ach amháin a gcearta chun aisíocaíocht a n-infheistíochta agus chun páirt a ghlacadh i ndáileadh díbhinne tosaigh maidir le scaireanna neamhfhuascailte.

Airteagal 79

Laghdú ar an gcaipiteal suibscríofa trí tharraingt siar éigeantach scaireanna

1.  

I gcás ina bhféadfar, le dlíthe Ballstáit, a cheadú do chuideachtaí a gcaipiteal suibscríofa a laghdú trí tharraingt siar éigeantach scaireanna, ceanglófar leo go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:

(a) 

caithfear tarraingt siar éigeantach a fhorordú nó a údarú leis na reachtanna nó leis an ionstraim chorpraithe roimh shuibscríobh a bheith déanta i leith na scaireanna atá le tarraingt siar;

(b) 

i gcás ina n-údaraítear an tarraingt siar éigeantach leis na reachtanna nó leis an ionstraim chorpraithe amháin, déanfar an cinneadh faoi ag an gcruinniú ginearálta ach amháin má d'fhormheas na scairshealbhóirí lena mbaineann é d'aon toil;

(c) 

is é comhlacht na cuideachta a dhéanfaidh an cinneadh faoin tarraingt siar éigeantach a shocróidh na téarmaí agus an chuma a bheidh air, i gcás nár socraíodh iad cheana féin leis na reachtanna ná leis an ionstraim chorpraithe;

(d) 

beidh feidhm ag Airteagal 75 ach amháin i gcás scaireanna atá íoctha go hiomlán agus a chuirfear ar fáil don chuideachta saor in aisce nó a tharraingeofar siar agus úsáid á baint as suimeanna atá ar fáil do dháileadh i gcomhréir le hAirteagal 56(1) go (4); i gcásanna eile, ní foláir méid atá comhionann leis an luach ainmniúil nó, in éagmais é sin, le parluach cuntasach na scaireanna ar fad arna dtarraingt siar a áireamh i gcúlchiste; seachas i gcás laghdú ar an gcaipiteal suibscríofa, ní fhéadfar an cúlchiste sin a dháileadh ar na scairshealbhóirí; ní féidir é a úsáid ach chun caillteanais a fhritháireamh nó chun an caipiteal suibscríofa a mhéadú trí chaipitliú an chúlchiste sin, a mhéid a cheadóidh na Ballstáit an oibríocht sin; agus

(e) 

foilseofar an cinneadh maidir le tarraingt siar éigeantach ar an mbealach a leagtar síos le dlíthe gach Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 16.

2.  
Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír d'Airteagal 73 ná ag Airteagal 74, ag Airteagal 76 ná ag Airteagal 83 maidir leis na cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 80

Laghdú ar an gcaipiteal suibscríofa trí scaireanna a fuair an chuideachta féin nó a fuarthas thar a ceann a tharraingt siar

1.  
I gcás laghdú ar an gcaipiteal suibscríofa trí na scaireanna a fuair an chuideachta féin nó a fuair duine ag gníomhú ina ainm féin ach thar ceann na cuideachta a tharraingt siar, déanfar an cinneadh faoin tarraingt siar i gcónaí ag an gcruinniú ginearálta.
2.  
Beidh feidhm ag Airteagal 75 ach amháin má tá na scaireanna íoctha go hiomlán agus go bhfaighfear iad saor in aisce nó trí úsáid a bhaint as suimeanna atá ar fáil do dháileadh i gcomhréir le hAirteagal 56(1) go (4); sna cásanna sin, déanfar méid atá comhionann leis an luach ainmniúil nó, in éagmais é sin, le parluach cuntasach na scaireanna ar fad arna dtarraingt siar a áireamh i gcúlchiste. Seachas i gcás laghdú sa chaipiteal suibscríofa, ní fhéadfar an cúlchiste sin a dháileadh ar na scairshealbhóirí. Ní fhéadfar é a úsáid ach chun caillteanais a fhritháireamh nó chun an caipiteal suibscríofa a mhéadú trí chaipitliú an chúlchiste sin, a mhéid a cheadóidh na Ballstáit an oibríocht sin.
3.  
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 74, ag Airteagal 76 ná ag Airteagal 83 maidir leis na cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 81

An caipiteal suibscríofa a fhuascailt nó a laghdú trí scaireanna a tharraingt siar i gcás roinnt aicmí scaireanna

Sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 78, le hAirteagal 79(1)(b) agus le hAirteagal 80(1) nuair is ann do roinnt aicmí scaireanna, beidh an cinneadh ón gcruinniú ginearálta a bhaineann leis an gcaipiteal suibscríofa a fhuascailt nó a laghdú trí scaireanna a tharraingt siar faoi réir vóta ar leithligh ar a laghad do gach aicme scairshealbhóirí a ndéantar difear dá gcearta leis an idirbheart.

Airteagal 82

Coinníollacha le haghaidh scaireanna a fhuascailt

Nuair a údaraítear do chuideachtaí, le dlíthe Ballstáit, scaireanna infhuascailte a eisiúint, ceanglófar leo go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas, ar a laghad, chun na scaireanna sin a fhuascailt:

(a) 

ní foláir go n-údarófar fuascailt le reachtanna nó le hionstraim chorpraithe na cuideachta roimh na scaireanna infhuascailte a shuibscríobh;

(b) 

ní foláir go n-íocfar na scaireanna go hiomlán;

(c) 

ní foláir go leagfar síos téarmaí agus bealach na fuascailte i reachtanna nó in ionstraim chorpraithe na cuideachta;

(d) 

ní féidir fuascailt a chur i gcrích ach trí úsáid a bhaint as suimeanna atá ar fáil lena ndáileadh i gcomhréir le hAirteagal 56(1) go (4) nó fáltais eisiúna nua a dhéanfar d'fhonn an fhuascailt sin a chur i gcrích;

(e) 

ní foláir méid atá comhionann leis an luach ainmniúil nó, ina éagmais sin, le parluach cuntasach na scaireanna fuascailte go léir a áireamh i gcúlchiste nach féidir a dháileadh ar na scairshealbhóirí, seachas i gcás laghdú ar an gcaipiteal suibscríofa; ní fhéadfar é a úsáid ach amháin chun críocha an caipiteal suibscríofa a mhéadú trí chaipitliú cúlchistí;

(f) 

ní bheidh feidhm ag pointe (e) maidir le fuascailt agus úsáid á baint as fáltais eisiúna nua a dhéanfar d'fhonn an fhuascailt sin a chur i gcrích;

(g) 

nuair a fhoráiltear do phréimh a íoc le scairshealbhóirí mar thoradh ar fhuascailt, ní fhéadfar an phréimh a íoc ach ó shuimeanna atá ar fáil lena ndáileadh i gcomhréir le hAirteagal 56(1) go (4), nó ó chúlchiste eile seachas an cúlchiste dá dtagraítear i bpointe (e) den Airteagal seo nach féidir a dháileadh ar na scairshealbhóirí ach amháin i gcás laghdú ar an gcaipiteal suibscríofa; ní fhéadfar an cúlchiste sin a úsáid ach chun críocha an caipiteal suibscríofa a mhéadú trí chúlchistí a chaipitliú nó chun na costais dá dtagraítear i bpointe (j) d'Airteagal 4 nó an costas ar scaireanna nó bintiúir a eisiúint a chlúdach nó chun préimh a íoc le sealbhóirí scaireanna nó bintiúr infhuascailte;

(h) 

foilseofar an fógra fuascailte ar an mbealach a leagtar síos le dlíthe gach Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 16.

Airteagal 83

Ceanglais vótála le haghaidh na gcinntí ón gcruinniú ginearálta

Déanfar foráil le dlíthe na mBallstát go ndéanfar na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 72(4) agus (5) agus in Airteagail 73, 74, 78 agus 81 a ghlacadh ar a laghad trí thromlach nach lú ná dhá thrian de na vótaí a ghabhann leis na hurrúis nó leis an gcaipiteal suibscríofa a ndéantar ionadaíocht ar a son.

Féadfar a leagan síos le dlíthe na mBallstát, áfach, gur leor tromlach simplí na vótaí a shonraítear sa chéad fhomhír nuair a dhéantar ionadaíocht ar son leath an chaipitil shuibscríofa ar a laghad.



Roinn 6

Socruithe cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme

Airteagal 84

Maolú ar cheanglais áirithe

1.  
Féadfaidh na Ballstáit maolú ón gcéad mhír d'Airteagal 48, ón gcéad abairt d'Airteagal 60(1)(a) agus ó Airteagal 68, ó Airteagal 69 agus ó Airteagal 72 a mhéid atá na maoluithe sin riachtanach chun forálacha a dearadh chun rannpháirtíocht fostaithe nó grúpaí eile de dhaoine a shainmhínítear leis an dlí náisiúnta a ghlacadh nó a chur i bhfeidhm, i gcaipiteal gnólachtaí.
2.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an chéad abairt d'Airteagal 60(1)(a) ná Airteagal 73 agus Airteagal 74 ná Airteagal 79 go hAirteagal 82 a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí a chorpraítear faoi dhlí speisialta a eisíonn scaireanna caipitil agus scaireanna oibrithe araon, leis scaireanna na n-oibrithe á n-eisiúint d'fhostaithe na cuideachta mar chomhlacht, a ndéanann toscairí a bhfuil ceart vótála acu ionadaíocht ar a son ag cruinnithe ginearálta na scairshealbhóirí.

▼M4

3.  

Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag Airteagal 49, Airteagal 58(1), Airteagal 68(1), (2) agus (3), an chéad fhomhír d’Airteagal 70(2), Airteagail 72 go 75, ná 79, 80 agus 81 den Treoir seo i gcás cur i bhfeidhm na n-uirlisí, na gcumhachtaí agus na sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ) nó i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ).

▼M1

4.  
Maolóidh na Ballstáit ar Airteagal 58(1), Airteagal 68, Airteagail 72, 73, agus 74, pointe (b) d'Airteagal 79(1), Airteagal 80(1) agus Airteagal 81 a mhéid sin, agus ar feadh na tréimhse sin, ina bhfuil maoluithe den sórt sin riachtanach chun na creataí um athstruchtúrú coisctheach, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ), a bhunú.

Ní dochar an chéad fhomhír don phrionsabal ar dá réir a gcaitear go comhionann leis na scairshealbhóirí.

▼B

Airteagal 85

Caitheamh go cothrom leis na scairshealbhóirí go léir a bhfuil an seasamh céanna acu

Chun críocha an Chaibidil seo a chur chun feidhme áiritheofar le dlíthe na mBallstát go gcaithfear go cothrom leis na scairshealbhóirí go léir a bhfuil an seasamh céanna acu.

Airteagal 86

Forálacha idirthréimhseacha

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan pointí (g), (i), (j) agus (k) d'Airteagal 4 a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí arb ann dóibh cheana féin ar dháta theacht i bhfeidhm na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin arna nglacadh d'fhonn cloí le Treoir 77/91/CEE ón gComhairle ( 12 ).



TEIDEAL II

▼M3

COMHSHÓNNA, CUMAISC AGUS DEIGHILTÍ CUIDEACHTAÍ FAOI DHLITEANAS TEORANTA

▼M3



CAIBIDIL -I

Comhshónna trasteorann

Airteagal 86a

Raon feidhme

1.  
Maidir le cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta, arna bhfoirmiú i gcomhréir le dlí Ballstáit agus a bhfuil a n‐oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomhionad gnó laistigh den Aontas, beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na cuideachtaí sin a chomhshó ina gcuideachtaí faoi dhliteanas teoranta atá faoi rialú ag dlí Ballstáit eile.
2.  
Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le comhshónna trasteorann a bhaineann le cuideachta arb é an cuspóir atá léi comhinfheistíocht chaipitil arna soláthar ag an bpobal, a oibríonn ar phrionsabal an scaipthe riosca, agus ina ndéantar na haonaid aici a athcheannach nó a fhuascailt, arna iarraidh sin ag na sealbhóirí, go díreach nó go hindíreach, as sócmhainní na cuideachta sin. Gníomh a dhéanann cuideachta den sórt sin chun a áirithiú nach ann d'éagsúlacht mór idir luach stocmhalartáin a n‐aonad agus a glanluach sócmhainní, measfar é sin a bheith cóibhéiseachle hathcheannach nó fuascailt den sórt sin.
3.  

Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil feidhm ag an gCaibidil seo maidir le cuideachtaí i gceachtar de na himthosca seo a leanas:

(a) 

tá an chuideachta faoi leachtú agus tús curtha aici lena sócmhainní a dháileadh ar a comhaltaí;

▼M4

(b) 

tá an chuideachta faoi réir uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá dtagraítear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE nó i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23.

▼M3

4.  

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí atá:

(a) 

faoi réir imeachtaí dócmhainneachta nó faoi réir creataí um athstruchtúrú coisctheach;

(b) 

faoi réir imeachtaí leachtaithe seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3, nó

▼M4

(c) 

faoi réir bearta coiscthe géarchéime mar a shainmhínítear iad i bpointe (101) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE nó i bpointe (48) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/23.

▼M3

Airteagal 86b

Sainmhínithe

Chun críocha na Caibidle seo:

(1) 

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta faoi dhliteanas teoranta faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a bhfuil comhshó trasteorann á chur i gcrích aici;

(2) 

ciallaíonn “comhshó trasteorann” oibríocht ina gcomhshónn cuideachta, gan a bheith díscaoilte ná foirceanta ná leachtaithe, an fhoirm dhlíthiúil faoina bhfuil sí cláraithe i mBallstát imeachta go foirm dhlíthiúil de chuid an Bhallstáit chinn scríbe agus mar a liostaítear in Iarscríbhinn II agus ina ndéanann sí a hoifig chláraithe ar a laghad a aistriú chuig an mBallstát cinn scríbe, agus a pearsantacht dhlíthiúil á coimeád aici fós;

(3) 

ciallaíonn “Ballstát imeachta” Ballstát ina raibh cuideachta cláraithe roimh comhshó trasteorann;

(4) 

ciallaíonn “Ballstát cinn scríbe” Ballstát ina bhfuil cuideachta chomhshóite cláraithe mar gheall ar comhshó trasteorann;

(5) 

ciallaíonn “cuideachta chomhshóite” cuideachta a cuireadh ar bun sa Bhallstát cinn scríbe mar thoradh ar chomhshó trasteorann.

Airteagal 86c

Nósanna imeachta agus foirmiúlachtaí:

I gcomhréir le dlí an Aontais, rialófar le dlí an Bhallstáit imeachta na coda sin de na nósanna imeachta agus de na foirmiúlachtaí ar gá iad a chomhlíonadh i dtaca leis an gcomhshó trasteorann chun an deimhniú réamh-chomhshó a fháil, agus rialófar le dlí an Bhallstáit cinn scríbe na coda sin de na nósanna imeachta agus de na foirmiúlachtaí nach mór iad a chomhlíonadh tar éis an deimhniú réamh-chomhshó a fháil.

Airteagal 86d

Dréacht-téarmaí na gcomhshónna trasteorann

Déanfaidh comhlacht bainistíochta nó riaracháin na cuideachta na dréacht-téarmaí comhshó trasteorann a tharraingt suas. Áireofar na sonraí seo a leanas ar a laghad i ndréacht-téarmaí comhshó trasteorann:

(a) 

foirm dhlíthiúil agus ainm na cuideachta sa Bhallstát imeachta agus suíomh a hoifig chláraithe sa Bhallstát sin;

(b) 

an fhoirm dhlíthiúil agus an ainm faoi mar atá beartaithe don chuideachta chomhshóite sa Bhallstát cinn scríbe agus suíomh beartaithe a hoifig chláraithe sa Bhallstát sin;

(c) 

ionstraim chomhdhéanaimh na cuideachta sa Bhallstát cinn scríbe, i gcás inarb infheidhme, agus reachtanna na cuideachta más in ionstraim ar leithligh atá siad;

(d) 

an t‐amchlár táscach atá molta don chomhshó trasteorann;

(e) 

na cearta a thabharfaidh an chuideachta chomhshóite do chomhaltaí a bhfuil cearta speisialta acu nó do shealbhóirí urrús seachas scaireanna ar ionann iad agus caipiteal na cuideachta, nó na bearta atá molta ina leith;

(f) 

aon choimircí a dtairgtear do chreidiúnaithe, amhail ráthaíochtaí nó gealltanais;

(g) 

aon bhuntáistí speisialta a thabharfar do chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta, faireacháin nó rialála na cuideachta;

(h) 

Más rud é go bhfuair an chuideachta aon dreasachtaí nó fhóirdheontais sa Bhallstát imeachta sna 5 bliana roimhe sin;

(i) 

mionsonraí maidir leis an tairiscint cúitimh airgid do chomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 86i;

(j) 

impleachtaí dóchúla an chomhshó trasteorann ar an bhfostaíocht;

(k) 

i gcás inarb iomchuí, is faisnéis faoi na nósanna imeachta lena ndéanfar socruithe a chinneadh i ndáil le rannpháirtíocht fostaithe agus a gcearta maidir le rannpháirtíocht sa chuideachta chomhshóite á sainmhiniú de bhun Airteagal 861.

Airteagal 86e

Tuarascáil na comhlachta bainistíochta nó riaracháin chuig comhaltaí agus chuig fostaithe

1.  
Déanfaidh comhlacht bainistíochta nó riaracháin na cuideachta tuarascáil a tharraingt suas do chomhaltaí agus d'fhostaithe ina dtugtar míniú agus bonn cirt le gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha an chomhshó trasteorann, agus ina dtugtar míniú ar impleachtaí an chomhshó trasteorann d'fhostaithe.

Míneoidh sí, ach go háirithe, impleachtaí an chomhshó trasteorann do ghnó na cuideachta amach anseo.

2.  
Áireofar roinn do chomhaltaí agus roinn d'fhostaithe sa tuarascáil freisin.

Féadfaidh an chuideachta a chinneadh aon tuarascáil amháin a tharraingt suas ina mbeidh an dá roinn sin nó tuarascálacha ar leithligh a tharraingt suas do chomhaltaí agus d'fhostaithe, faoi seach, ina mbeidh an roinn ábhartha.

3.  

Sa roinn den tuarascáil do chomhaltaí, míneofar an méid seo a leanas, go háirithe:

(a) 

an cúiteamh airgid agus an modh a úsáideadh leis an cúiteamh airgid a ríomh;

(b) 

impleachtaí an chomhshó trasteorann do chomhaltaí;

(c) 

na cearta agus na leigheasanna atá ar fáil do chomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 86i.

4.  
Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil do chomhaltaí i gcás ina bhfuil sé comhaontaithe ag comhaltaí uile na gcuideachta an ceanglas sin a tharscaoileadh. Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí comhalta aonbhaill a eisiamh ó fhorálacha an Airteagail seo.
5.  

Sa roinn den tuarascáil d'fhostaithe míneofar go háirithe an méid seo a leanas:

(a) 

impleachtaí an chomhshó trasteorann ar chaidrimh fostaíochta, mar aon le, i gcás inarb infheidhme, aon bheart chun na caidrimh sin a choimirciú;

(b) 

aon athruithe ábhartha ar na dálaí fostaíochta is infheidhme nó ar shuíomh láithreacha gnó na cuideachta;

(c) 

conas freisin a dhéanann na tosca a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) difear d'fhochuideachtaí ar bith de chuid na cuideachta.

6.  
Cuirfear an tuarascáil nó na tuarascálacha ar fáil in aon chás go leictreonach, in éineacht le dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, má tá fáil orthu, do na comhaltaí agus d'ionadaithe na bhfostaithe nó, sa chás nach bhfuil ionadaithe ar bith dá leithéid ann, do na fostaithe iad féin, nach lú ná sé seachtaine roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h.
7.  
I gcás ina bhfaighidh comhlacht bainistíochta nó comhlacht riaracháin na cuideachta tuairim ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 5 in am iomchuí ó ionadaithe na bhfostaithe nó, i gcás nach ann d'aon ionadaí den sórt sin, ó na fostaithe iad féin, mar a fhoráiltear faoi réir dlí náisiúnta, cuirfear an tuairim sin in iúl do na comhaltaí agus cuirfear i gceangal leis an tuarascáil í.
8.  
Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil a bhaineann le fostaithe i gcás nach bhfuil aon fhostaithe ag cuideachta ná ag a fochuideachtaí, más ann dóibh, cé is moite díobh sin ar cuid den chomhlacht bainistíochta nó riaracháin iad.
9.  
I gcás ina ndéanfar an roinn den tuarascáil do chomhaltaí dá dtagraítear i mír 3 a tharscaoileadh i gcomhréir le mír 3 agus nach bhfuil gá leis an roinn d'fhostaithe dá dtagraítear i mír 5 faoi mhír 7, ní bheidh gá leis an tuarascáil.
10.  
Beidh míreanna 1 go 9 den Airteagal seo gan dochar don fhaisnéis is infheidhme agus do chearta comhairliúcháin agus do nósanna imeachta dá bhforáiltear ar leibhéal náisiúnta tar éis Threoir 2002/14/CE agus Threoir 2009/38/CE a thrasuí.

Tuarascáil ó

shaineolaí neamhspleách

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh saineolaí neamhspleách dréacht-téarmaí chomhshó trasteorann a scrúdú agus tuarascáil a tharraingt suas do chomhaltaí. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil do na comhaltaí nach lú ná aon mhí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h. Ag brath ar dhlí an Bhallstáit, d'fheadfadh sé gur duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bheadh sa saineolaí.
2.  

Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, áireofar tuairim an tsaineolaí in aon chás maidir le cibé an bhfuil an cúiteamh airgid leordhóthanach. Agus an cúiteamh airgid á mheasúnú, tabharfaidh an saineolaí aird ar phraghas margaidh ar bith ar na scaireanna sa chuideachta roimh fhógairt an togra comhshó nó ar luach na cuideachta gan éifeacht an chomhshó atá beartaithe san áireamh, de réir mar a chinntear i gcomhréir le modhanna luachála a nglactar leo go ginearálta. Déanfar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil:

(a) 

léiriú ar an modh nó na modhanna ar baineadh leas as nó astu chun an cúiteamh airgid a mholtar a ríomh;

(b) 

maíomh an bhfuil an modh nó na modhanna sin ar baineadh leas as nó astu leordhóthanach do mheasúnú an chúitimh airgid, léiriú ar an luach ar thángthas air trí leas a bhaint as na modhanna sin agus tuairim a thabhairt maidir leis an tábhacht choibhneasta a sannadh don mhodh nó do na modhanna sin i dtaca le teacht ar an gcúiteamh airgid a cinneadh; agus

(c) 

cur síos ar aon deacrachtaí luachála speisialta a tháinig chun cinn;

Beidh an saineolaí i dteideal an fhaisnéis uile a aimsiú ón gcuideachta ar gá leis chun dualgais an tsaineolaí a urscaoileadh.

3.  
Ní cheanglófar scrúdú ar na dréacht-téarmaí comhshó trasteorann ó shaineolaí neamhspleách ná tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách má chomhaontaigh comhaltaí uile na cuideachta amhlaidh.

Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí comhalta aon bhaill a eisiamh ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo.

Airteagal 86g

Nochtadh

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an chuideachta na doiciméid a leanas a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí i gclár an Bhallstát imeachta, aon mhí amháin ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h:

(a) 

dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann; agus

(b) 

fógra lena chuirtear in iúl do chomhaltaí, do chreidiúnaithe agus d'ionadaithe fhostaithe na cuideachta, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin, go bhféadfaidh siad barúlacha maidir le dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann a chur faoi bhráid na cuideachta, laistigh de cúig lá oibre ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar an tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí sa chlár.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chuideachta in ann faisnéis rúnda a eisiamh ó nochtadh thuarascáil an tsaineolaí neamhspleách.

Beidh teacht ar na doiciméid arna nochtadh i gcomhréir leis an mír seo trí chóras idirnascadh na gclár.

2.  
Is féidir leis na Ballstáit cuideachta a dhíolmhú ón gceanglas um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, más rud é, ar feadh tréimhse leanúnach dar tús tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h agus dar críoch tráth nach luaithe ná deireadh an chruinnithe sin, go gcuirfidh an chuideachta sin na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil ar a suíomh gréasáin saor in aisce don phobal.

Ní chuirfidh na Ballstáit an díolúine sin, áfach, faoi réir aon cheanglas ná srianta seachas na cinn sin atá riachtanach chun slándáil an tsuímh gréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú, atá i gcomhréir leis na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.  

I gcás ina gcuireann an chuideachta dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann ar fáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh sí isteach i gclár an Bhallstáit imeachta an fhaisnéis seo a leanas tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h:

(a) 

an fhoirm dhlíthiúil agus ainm na cuideachta agus suíomh a hoifige cláraithe sa Bhallstát imeachta agus an fhoirm dhlíthiúil agus an t‐ainm atá beartaithe don chuideachta chomhshóite sa Bhallstát cinn scríbe agus suíomh beartaithe a hoifige cláraithe sa Bhallstát sin;

(b) 

an clár ina gcomhdaítear na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 14 maidir leis an gcuideachta agus a huimhir chláraithe sa chlár sin;

(c) 

léiriú ar na socruithe atá déanta maidir le cearta creidiúnaithe, fostaithe agus comhaltaí a fheidhmiú; agus

(d) 

mionsonraí an tsuímh ghréasáin ónar féidir teacht ar líne agus saor in aisce ar dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, ar an bhfógra dá dtagraítear i mír 1 agus ar thuarascáil an tsaineolaí agus ar fhaisnéis iomlán maidir leis na socruithe dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo.

Cuirfidh clár an Bhallstáit imeachta an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír ar fáil go poiblí.

4.  
Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 a chomhlíonadh ar líne go hiomlán gan ar na hiarrthóirí a bheith i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil sa Bhallstát imeachta, i gcomhréir le forálacha ábhartha Chaibidil III de Theideal I.
5.  
D'fhéadfadh na Ballstáit, anuas ar an nochtadh dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, a cheangal go ndéanfar dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a fhoilsiú ina n‐iris náisiúnta nó trí ardán lárnach leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 16(3). Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtarchuirfidh an clár an fhaisnéis ábhartha chuig an iris náisiúnta nó chuig ardán lárnach leictreonach.
6.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain saor in aisce ag an bpobal ar an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 nó go mbeidh rochtain saor in aisce ag an bpobal ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 trí chóras idirnascadh na gclár.

Maidir le haon táillí a ghearrfaidh na cláir um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 ar an gcuideachta agus, i gcás arb infheidhme, i leith an fhoilsithe dá dtagraítear i mír 5, áiritheoidh na Ballstáit freisin nach mbeidh na táillí sin níos mó ná aisghabháil an chostais as seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil.

Airteagal 86h

Formheas ag an gcruinniú ginearálta

1.  
Tar éis aird a thabhairt ar na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 86e agus in Airteagal 86f, i gcás inarb infheidhme, tuairimí na bhfostaithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 86e agus barúlacha na bhfostaithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 86g, déanfaidh cruinniú ginearálta na cuideachta cinneadh le rún, cibé ar cheart dréacht-téamaí an chomhshó trasteorann a fhormheas agus cibé ar cheart an ionstraim chomhdhéanaimh, agus na reachtanna más in ionstraim ar leithligh atá siad a ghlacadh.
2.  
Féadfaidh cruinniú ginearálta na cuideachta an ceart a choimeád chun go mbeidh cur chun feidhme an chomhshó trasteorann coinníollach ar dhaingniú sainráite an chruinnithe ar na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 86l.
3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil móramh nach lú ná dhá thrian ach gan a bheith níos mó ná 90% de na vótaí atá ceangailte leis na scaireanna nó leis an gcaipiteal suibscríofa arna ionadú ag an gcruinniú ginearálta, ceangailte leis an bhformheas ar dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann agus ar aon leasú ar na dréacht-théarmaí sin. Ar aon chuma, ní bheidh an tairseach vótála níos airde ná an tairseach dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta maidir le cumaisc thrasteorann a fhormheas.
4.  
I gcás ina dtiocfaidh méadú ar oibleagáidí eacnamaíocha comhalta i leith na cuideachta nó tríú páirtithe mar thoradh ar chlásal i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann nó mar thoradh ar aon leasú ar ionstraim chomhdhéanaimh na cuideachta chomhshóite, féadfaidh na Ballstáit a éileamh, i gcás imthosca sonracha dá sórt, go ndéanfaidh an comhalta lena mbaineann an clásal sin nó an leasú ar an ionstraim chomhdhéanaimh a fhormheas, ar choinníoll nach bhfuil ar chumas an chomhalta sin na cearta a leagtar síos in Airteagal 86i a fheidhmiú.
5.  

Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh formheas an chomhshó trasteorann ag an gcruinniú ginearálta a dhíospóid ar na cúiseanna seo a leanas amháin:

(a) 

níor socraíodh an cúiteamh airgid dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 86d go leordhóthanach; nó

(b) 

ní dhearna an fhaisnéis a tugadh maidir leis an gcúiteamh airgid dá dtagraítear i bpointe (a) na ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh.

Airteagal 86i

Cosaint na gcomhaltaí

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar a laghad an ceart ag na comhaltaí a vótáil i gcoinne fhormheas dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann a scaireanna a dhiúscairt i gcomhair cúiteamh airgid leordhóthanach, de réir na gcoinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 go 5.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil freisin go dtabharfar ceart dá shórt do chomhaltaí eile na cuideachta freisin.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar cur i gcoinne follasach i leith dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, rúin na gcomhaltaí a gceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt, nó iad ar aon, go ndéanfar e sin a dhoiciméadú go hiomchuí ar a dhéanaí ag an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go n‐áireofar taifeadadh chur i gcoinne dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann mar dhoiciméadú cuí ar vóta diúltach.

2.  
Bunóidh na Ballstáit an tréimhse ar lena linn nach mór do na comhaltaí dá dtagraítear i mír 1 a gcinneadh a dhearbhú don chuideachta an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt. Ní rachaidh an tréimhse sin thar aon mhí amháin tar éis an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an chuideachta seoladh leictreonach ar fáil chun an dearbhú leictreonach sin a fháil.
3.  
Bunóidh na Ballstáit freisin an tréimhse ina ndéanfar an cúiteamh airgid arna shonrú i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann a íoc. Ní thiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin níos déanaí ná dhá mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chomhshó trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 86q.
4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhaltaí ar bith a dhearbhaigh a gcinneadh an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt, ach a mheasann nár socraíodh go leordhóthanach an cúiteamh airgid a thairg an chuideachta, go mbeidh na comhaltaí sin i dteideal cúiteamh airgid breise a éileamh os comhair an údaráis inniúil nó an chomhlachta inniúil arna sainordú faoin dlí náisiúnta. Bunóidh na Ballstáit teorainn ama i ndáil leis an éileamh maidir le cúiteamh airgid breise.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh an cinneadh críochnaitheach ina ndéanfar cúiteamh airgid breise a sholáthar, bailí do na comhaltaí uile a dhearbhaigh a gcinneadh an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt i gcomhréir le mír 2.

5.  
Áiritheoidh na Ballstáit go rialóidh dlí an Bhallstáit imeachta na cearta dá dtagraítear i mír1 go mír 4 agus gur laistigh de dhlínse an Bhallstáit imeachta sin a bheidh an inniúlacht eisiach chun aon díospóidí a bhaineann leis na cearta sin a réiteach.

Airteagal 86j

Creidiúnaithe a chosaint

1.  
Déanfaidh na Ballstáit foráil do chóras leordhóthanach cosanta maidir le leasanna creidiúnaithe, a ndearnadh a n‐éilimh roimh nochtadh dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann agus nach mbeidh dlite ag tráth an nochta sin.

Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le creidiúnaithe nach bhfuil sásta leis na coimircí arna dtairiscint i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, dá bhforáiltear i bpointe (f) d'Airteagal 86d iarratas a chur isteach, laistigh de thrí mhí ó nochtadh dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 86g, chuig an údarás iomchuí riaracháin nó breithiúnach i gcomhair coimircí leordhóthanacha ar an gcoinníoll gur féidir leis na creidiúnaithe sin a léiriú go hinchreidte go bhfuil sásamh a n‐éileamh i dtreis agus nach bhfuair siad aon choimircí leordhóthanacha ón gcuideachta, de bharr an chomhshó thrasteorann.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na coimircí ag brath ar theacht i bhfeidhm an chomhshó trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 86q.

2.  
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gcuirfidh comhlacht bainistíochta nó riaracháin na cuideachta dearbhú ar fáil ina léireofar go cruinn a stádas airgeadais ag dáta nach mbeidh níos luaithe ná aon mhí amháin roimh nochtadh an dearbhaithe sin. Luafar sa dearbhú, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil do chomhlacht bainistíochta nó riaracháin na cuideachta ar dháta an dearbhaithe sin, agus tar éis fiosruithe réasúnacha a dhéanamh, nach eol don chomhlacht bainistíochta nó riaracháin cúis ar bith nach mbeadh an chuideachta, tar éis theacht i bhfeidhm an chomhshó, in ann a dliteanais a chomhlíonadh tráth a bheadh na dliteanais sin iníoctha. Déanfar an dearbhú a nochtadh mar aon le dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 86g.
3.  
Beidh míreanna 1 agus 2 gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí an Bhallstáit imeachta maidir le sásamh nó daingniú i dtaobh na na n‐oibleagáidí airgid nó neamhairgid atá dlite do chomhlachtaí poiblí.
4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh creidiúnaithe a ndearnadh a n‐éilimh roimh nochtadh dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, imeachtaí a thionscnamh i gcoinne na cuideachta atá sa Bhallstát imeachta freisin laistigh de dhá bhliain ón dáta a tháinig an comhshó i bhfeidhm, gan dochar do na rialacha dlínse a eascróidh ó dhlí an Aontais nó ó dhlí náisiúnta nó ó chomhaontú conarthach. Beidh an rogha chun imeachtaí dá sórt a thionscnaimh sa bhreis ar rialacha eile maidir leis an rogha dlínse is infheidhme de bhun dhlí an Aontais

Airteagal 86k

Faisnéis agus comhairliúchán fostaithe

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cearta faisnéise agus comhairliúcháin fostaithe a urramú i ndáil leis an gcomhshó trasteorann agus go ndéanfar iad a fheidhmiú i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil dá bhforáiltear i dTreoir 2002/14/CE agus, i gcás inarb infheidhme do ghnóthais ar leibhéal an Chomhphobail nó do ghrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail, i gcomhréir le Treoir 2009/38/CE. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil feidhm ag cearta faisnéise agus comhairliúcháin maidir le fostaithe cuideachtaí eile seachas na cuideachtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2002/14/CE.
2.  
D'ainneoin Airteagal 86e(7) agus phointe (b) d'Airteagal 86h(1), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cearta fostaithe i ndail le faisnéis agus comhairliúchán a urramú, ar a laghad sula ndéanfar dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann nó an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 86e a chinneadh, cibé acu is luaithe, sa chaoi go bhfaighidh na fostaithe freagra réasúnaithe roimh an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h.
3.  
Gan dochar d'aon fhorálacha nó do chleachtais atá i bhfeidhm agus atá níos fabhraí d'fhostaithe, déanfaidh na Ballstáit cinneadh i leith na socruithe praiticiúla i ndáil leis an gceart chun faisnéis agus comhairliúchán a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2002/14/CE.

Airteagal 86l

Rannpháirtíocht fostaithe

1.  
Gan dochar do mhír 2, beidh an chuideachta chomhshóite faoi réir na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht na bhfostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát cinn scríbe.
2.  

Ní bheidh feidhm, áfach, ag na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht fostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát cinn scríbe i gcás ina bhfuil meánlíon fostaithe coibhéiseach le ceithre chúigiú den tairseach is infheidhme, mar atá leagtha síos i ndlí an Bhallstáit imeachta, ag an gcuideachta sna sé mhí roimh nochtadh dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, rud a éileodh rannpháirtíocht fostaithe de réir bhrí phointe (k) d’Airteagal 2 de Threoir 2001/86/CE, nó sa chás nach ndéanann dlí an Bhallstáit cinn scríbe sin:

(a) 

foráil a dhéanamh maidir leis an leibhéal céanna rannpháirtíochta fostaithe ar a laghad agus a bhí sa chuideachta roimh an gcomhshó trasteorann, arna thomhas trí thagairt a dhéanamh don chion ionadaithe fostaithe i measc chomhaltaí an chomhlachta riaracháin nó maoirseachta nó a gcoistí nó an ghrúpa bainistíochta a chumhdaíonn aonaid bhrabúis na cuideachta, faoi réir ionadaíocht fostaithe; nó

(b) 

foráil a dhéanamh maidir leis an teidlíocht chéanna cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú agus atá ag fostaithe atá fostaithe sa Bhallstát cinn scríbe a thabhairt d’fhostaithe bhunaíochtaí na cuideachta comhshóite atá suite i mBallstáit eile.

3.  

Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh rannpháirtíocht na bhfostaithe sa chuideachta chomhshóite agus a rannpháirteachas i sainmhíniú na gceart sin á rialú ag na Ballstáit, mutatis mutandis agus faoi réir mhír 4 go mír 7 den Airteagal seo, i gcomhréir leis na prionsabail agus na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 12(2) in Airteagal 12(4) de Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 agus na forálacha seo a leanas de Threoir 2001/86/CE:

(a) 

Airteagal 3(1), pointí (a)(i) agus (b) d'Airteagal 3(2), Airteagal(3), an chéad dá abairt d'Airteagal 3(4), agus Airteagal 3(5), agus (7);

(b) 

Airteagal 4(1), pointí (a), (g) agus (h) d'Airteagal 4(2), agus Airteagal 4(3) agus (4);

(c) 

Airteagal 5;

(d) 

Airteagal 6;

(e) 

Airteagal 7(1) seachas an dara fleasc de phointe (b);

(f) 

Airteagail 8, 10, 11 agus 12; agus

(g) 

pointe (a) de Chuid 3 den Iarscríbhinn.

4.  

Agus iad i mbun rialála ar na prionsabail agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) 

bronnfaidh siad ar an gcomhlacht caibidlíochta speisialta an ceart chun cinneadh a dhéanamh, faoi réir ag móramh de dhá thrian dá chomhaltaí arb ionann é sin agus dhá thrian de na fostaithe, gan caibidlíochtaí a thionscnamh nó caibidlíochtaí atá tionscanta cheana féin a fhoirceannadh agus chun brath ar na rialacha rannpháirtíochta atá i bhfeidhm sa Bhallstát cinn scríbe;

(b) 

i gcás ina bhfuil feidhm, tar éis caibidlíocht roimh ré, ag rialacha caighdeánacha le haghaidh rannpháirtíochta agus in ainneoin rialacha den sórt sin, féadfar cinneadh a dhéanamh maidir le teorainn a chur le cion na n‐ionadaithe fostaithe i gcomhlacht riaracháin na cuideachta comhshóite. Mar sin féin, más ionadaithe fostaithe ar a laghad aon trian de bhord riaracháin nó de bhord maoirseachta na cuideachta ní fhéadfaidh sé a bheith mar thoradh riamh ar an teorannú sin go mbeidh cion ionadaithe fostaithe níos lú ná aon trian sa chomhlacht riaracháin;

(c) 

áiritheofar go bhfeidhmeofar go fóill na rialacha maidir le rannpháirtíocht fostaithe a bhí i bhfeidhm roimh an gcomhshó trasteorann go dtí dáta feidhmithe aon cheann de na rialacha arna gcomhaontú ina dhiaidh sin nó, in éagmais rialacha comhaontaithe, go dtí feidhmiú na rialacha caighdeánacha i gcomhréir le pointe (a) de Chuid 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/86/EC.

5.  
Ní chuimseoidh síneadh cearta rannpháirtíochta d'fhostaithe na cuideachta comhshóite a fhostaítear i mBallstáit eile, mar a thagraítear i bpointe (b) de mhír 2, aon oibleagáid ar na Ballstáit a roghnaíonn é sin a dhéanamh na fostaithe sin a chur san áireamh agus na tairseacha lucht saothair as a dtiocfaidh cearta rannpháirtíochta faoin dlí náisiúnta á ríomh.
6.  
I gcás ina mbeidh an chuideachta chomhshóite le rialú faoi chóras rannpháirtíochta fostaithe i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 2, beidh oibleagáid ar an gcuideachta sin foirm dhlíthiúil a ghabháil lena gceadaítear cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú.
7.  
I gcás ina bhfuil an chuideachta chomhshóite ag oibriú faoi chóras rannpháirtíochta fostaithe, beidh oibleagáid uirthi bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcosnófar cearta rannpháirtíochta fostaithe i gcás comhshó, cumaisc nó deighilte, cibé acu trasteorann nó intíre, ina dhiaidh sin go ceann tréimhse 4 bliana tar éis an dáta ar ghabh éifeacht leis an gcomhshó trasteorann, trí na rialacha a leagtar síos i mír1 go mír 6 a chur i bhfeidhm mutatis mutandis.
8.  
Cuirfidh cuideachta in iúl dá fostaithe nó dá n‐ionadaithe toradh na gcaibidlíochtaí maidir le rannpháirtíocht fostaithe gan moill mhíchuí.

Airteagal 86m

Deimhniú réamh-chomhshó

1.  
Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt, an nótaire nó an t‐údarás nó na húdaráis eile atá inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na gcomhshónna trasteorann maidir leis na coda sin den nós imeachta a rialaítear ag dlí an Bhallstáit imeachta agus chun deimhniú réamh-chomhshó a eisiúint lena bhfianófar comhlíonadh na gcoinníollacha ábhartha go léir agus cur i gcrích cuí na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí sa Bhallstát imeachta (“an t-údarás inniúil”).

D'fhéadfadh amhail cur i gcrích na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí an bonn a bhaint de shástacht nó de dhaingniú oibleagáidí airgid nó neamhairgid atá dlite do chomhlachtaí poiblí nó do chomhlíonadh na gceanglas earnálach sonracha, lena n‐áirítear oibleagáidí a eascraíonn as imeachtaí leanúnacha a dhaingniú.

2.  

Áiritheoidh na Ballstáit go ngabhfaidh na nithe seo a leanas leis an iarratas ón gcuideachta ar dheimhniú réamh-chomhshó a fháil:

(a) 

dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann;

(b) 

an tuarascáil agus an tuairim i gceangal, más ann di, dá dtagraítear in Airteagal 86e, mar aon leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 86f, ach iad a bheith ar fáil;

(c) 

aon bharúlacha a thíolacfar i gcomhréir le hAirteagal 86g(1); agus

(d) 

faisnéis maidir le formheas an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h.

3.  

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh faisnéis bhreise ag gabháil leis an iarratas ón gcuideachta ar dheimhniú réamh-chomhshó a fháil, amhail, go háirithe:

(a) 

ar líon na bhfostaithe tráth ina ndéanfar dréacht-téarmaí an chomhshó thrasteorann a tharraingt suas;

(b) 

fochuideachtaí a bheith ann, más ann dóibh, agus a suíomhanna geografacha faoi seach;

(c) 

faisnéis maidir le sásamh na n‐oibleagáidí atá dlite do chomhlachtaí poiblí ag an gcuideachta.

Chun críche na míre seo, féadfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin a iarraidh ar údaráis ábhartha eile, mura ndéanfar í a chur ar fáil ag an gcuideachta.

4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an t‐iarratas dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, lena n‐áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a chur isteach, go bhféadfar an t‐iarratas sin a chomhlánú ar líne ina iomláine gan gá do na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil, i gcomhréir le forálacha ábhartha Chaibidil III de Theideal 1.
5.  
Maidir le comhlíonadh na rialacha a bhaineann le rannpháirtíocht fostaithe de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 861, déanfaidh an t‐údarás inniúil sa Ballstát imeachta a fhíorú go n‐áireofar i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann faisnéis maidir leis na nósanna imeachta trína ndéanfar na socruithe ábhartha a chinneadh agus maidir leis na roghanna féideartha le haghaidh socruithe dá leithéid.
6.  

Mar chuid den ghrinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an t‐údarás inniúil an fhaisnéis a leanas:

(a) 

doiciméid agus faisnéis uile arna dtíolacadh chuig an údarás inniúil i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3;

(b) 

tásc ón gcuideachta go bhfuil an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86l(3) agus in Airteagal 86l(4) tionscanta, nuair is ábhartha.

7.  

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an grinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích faoi cheann trí mhí tar éis dháta fála na ndoiciméad agusna faisnéise maidir le formheas an chomhshó trasteorann ag cruinniú ginearálta na cuideachta. Beidh ceann díobh seo a leanas mar thoradh ar an grinnscrúdú sin:

(a) 

i gcás ina gcinnfear go ndéanann an comhshó trasteorann na coinníollacha ábhartha uile a chomhlíonadh agus go bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamh-chomhshó;

(b) 

i gcás ina gcinnfear nach ndéanann an comhshó trasteorann na coinníollacha ábhartha uile a chomhlíonadh agus nach bhfuil na nósanna imeachta agus/nó na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, ní eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamh-chomhshó agus cuirfidh sé in iúl don chuideachta na cúiseanna lena chinneadh. Sa chás sin, féadfaidh an t‐údarás inniúil an deis a thabhairt don chuideachta na coinníollacha ábhartha a chomhlíonadh nó na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse iomchuí ama.

8.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamh-chomhshó a eisiúint nuair a chinntear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a bunaíodh tá an comhshó trasteorann a bhfuil mar aidhm leis nó arb as a n‐eascraíonn bealaí chun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a sheachaint nó a dhul timpeall orthu, nó chun críocha coiriúla.
9.  
Más rud é, le linn an ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, go bhfuil móramhras ar an údarás inniúil lena léireofar gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais bunaíodh an comhshó trasteorann, a bhfuil mar aidhm leis nó arb as a n‐eascraíonn bealaí chun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a sheachaint nó a dhul timpeall orthu, nó chun críocha coiriúla, déanfaidh sé fíorais agus cúinsí ábhartha a chur san áireamh, amhail, i gcás inarb ábhartha tosca táscacha nach ndéanfar a bhreithniú ina n‐aonar agus a bhfuil an t‐údarás inniúil ar an eolas ina dtaobh, le linn an ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear i mír1, lena n‐áirítear trí chomhairliúchán leis na húdaráis ábhartha. Déanfar an measúnú ar bhonn cás ar chás chun críocha na míre seo, trí nós imeachta arna rialú faoin dlí náisiúnta.
10.  
I gcás inar gá chun críocha an mheasúnaithe faoi mhíreanna 8 agus 9 faisnéis bhreise a chur san áireamh nó gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha breise a dhéanamh, féadfar síneadh ama trí mhí bhreise ar a mhéid a chur leis an tréimhse trí mhí dá bhforáiltear i mír 7.
11.  
I gcás nach féidir an measúnú a dhéanamh faoin spriocdháta dá bhforáiltear i míreanna 7 agus 10 de bharr chastacht nós imeachta an chomhshó trasteorann, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an t‐iarratasóir ar an eolas faoi na cúiseanna maidir le haon mhoill roimh dhul in éag na spriocdhátaí sin.
12.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an t‐údarás inniúil dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha eile a bhfuil inniúlacht acu sna réimsí éagsúla a bhaineann leis an gcomhshó trasteorann, lena n‐áirítear iad sin ón mBallstát cinn scríbe, agus faisnéis agus doiciméid a fháil ó na húdaráis sin agus ón gcuideachta atá riachtanach chun an grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht an chomhshó trasteorann a chur i gcrích, laistigh den chreat nós imeachta a leagtar síos leis an dlí náisiúnta. Chun críocha an mheasúnaithe, féadfaidh an t‐údarás inniúil dul ar iontaoibh saineolaí neamhspleách.

Airteagal 86n

Tarchur an deimhnithe réamh-chomhshó

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go roinnfear an deimhniú réamh-chomhshó leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 86o(1) trí chóras idirnasctha na gclár.

Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh fáil ar an deimhniú réamh-chomhshó trí chóras idirnasctha na gclár.

2.  
Beidh rochtain saor in aisce ar an deimhniú réamh-chomhshó ag na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 86o(1) agus ag na cláir.

Airteagal 86o

Grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht an chomhshó thrasteorann ag an mBallstát cinn scríbe

1.  
Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt, an nótaire nó údarás eile atá inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chomhshó thrasteorann maidir leis an gcuid sin den nós imeachta a rialaítear ag dlí an Bhallstáit cinn scríbe. Beidh an t‐údarás sin inniúil chun an comhshó trasteorann a fhormheas.

Áiritheoidh an t‐údarás sin go háirithe go gcomhlíonfaidh an chuideachta chomhshóite forálacha an dlí náisiúnta maidir le corprú agus clárú cuideachtaí agus, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh na socruithe maidir le rannpháirtíocht fostaithe cinntithe i gcomhréir le hAirteagal 86l.

2.  
Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an chuideachta dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann arna bhformheas ag an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h faoi bhráid an údaráis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
3.  
Áiritheoidh gach Ballstát gur féidir aon iarratas chun críocha mhír 1 ón gcuideachta, lena n‐áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a chur isteach, go bhféadfaidh an chuideachta sin an t‐iarratas a chomhlánú ar líne ina iomláine gan gá do na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir le forálacha ábhartha Chaibidil III de Theideal I.
4.  
Formheasfaidh an t‐údarás dá dtagraítear i mír 1 an comhshó trasteorann a luaithe a chinnfidh sé gur comhlíonadh na coinníollacha ábhartha uile go cuí agus gur cuireadh na foirmiúlachaí uile go cuí sa Bhallstát cinn scríbe.
5.  
Glacfaidh an t‐údarás dá dtagraítear i mír 1 an deimhniú réamh-chomhshó, a fhianóidh go cinntitheach cur i gcrích cuí na nósanna imeachta réamh-chomhshó agus na bhfoirmiúlachtaí réamh-chomhshó sa Bhallstát imeachta, nach bhfuil formheas an chomhshó trasteorann indéanta gan é.

Airteagal 86p

Clárú

1.  
Cinnfear le dlíthe an Bhallstáit imeachta agus an Bhallstáit cinn scríbe, maidir lena gcríoch faoi seach, na socruithe, i gcomhréir le hAirteagal 16, chun cur i gcrích an chomhshó trasteorann a nochtadh ina gcláir.
2.  

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear isteach an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ina gcláir:

(a) 

i gclár an Bhallstáit cinn scríbe, gur de thoradh comhshó trasteorann é clárú na cuideachta comhshóite;

(b) 

i gclár an Bhallstáit cinn scríbe, dáta cláraithe na cuideachta comhshóite;

(c) 

i gclár an Bhallstáit imeachta, gur de thoradh comhshó trasteorann é baint na cuideachta den chlár;

(d) 

i gclár an Bhallstáit imeachta, dáta bhaint na cuideachta den chlár;

(e) 

i gcláir an Bhallstáit imeachta agus an Bhallstáit cinn scríbe faoi seach, uimhir chláraithe, ainm agus foirm dhlíthiúil na cuideachta agus uimhir chláraithe, ainm agus foirm dhlíthiúil na cuideachta comhshóite.

Cuirfidh na cláir an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil go poiblí agus inrochtana trí chóras idirnascadh na gclár.

3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an clár sa Bhallstát cinn scríbe fógra chuig an gclár sa Bhallstát imeachta trí chóras idirnascadh na gclár go bhfuil an comhshó trasteorann i bhfeidhm le héifeacht. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbainfear cuideachta den chlár nó go ndíchlárófar an chuideachta láithreach tar éis don fhógra sin a bheith faighte.

Airteagal 86q

An dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an gcomhshó trasteorann

Is le dlí an Bhallstáit cinn scríbe a chinnfear an dáta ar a ngabhfaidh éifeacht leis an gcomhshó trasteorann. Beidh an dáta sin i ndiaidh an ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 86m agus o a chur i gcrích.

Airteagal 86r

Iarmhairtí an chomhshó trasteorann

Beidh na hiarmhairtí seo a leanas i gceist le comhshó trasteorann ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 86q:

(a) 

sócmhainní agus dliteanais uile na cuideachta, lena n‐áirítear gach conradh, gach creidmheas, gach ceart agus gach oibleagáid, is leis an gcuideachta comhshóite a bheidh siad;

(b) 

leanfaidh comhaltaí na cuideachta ina gcomhaltaí den chuideachta chomhshóite, mura bhfuil a gcuid scaireanna diúscartha acu mar a thagraítear in Airteagal 86i(1);

(c) 

cearta agus oibleagáidí na cuideachta a eascraíonn as conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta agus atá ann ag an dáta ina dtagann an comhshó trasteorann in éifeacht, is leis an gcuideachta comhshóite a bheidh siad.

Airteagal 86s

Saineolaithe neamhspleácha

1.  
Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena rialófar ar a laghad dliteanas sibhialta an saineolaí neamhspleách atá freagrach as an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 86f a tharraingt suas.
2.  

Beidh rialacha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a áirithiú go bhfuil:

(a) 

an saineolaí nó an duine dleathach ar thar a cheann atá an saineolaí ag obair, go bhfuil sé neamhspleách ón gcuideachta atá ag déanamh iarratas ar an deimhniú réamh-chomhshó agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa aige leis an gcuideachta sin; agus

(b) 

tuairim an tsaineolaí neamhchlaonta agus oibiachtúil, agus tugtha d'fhonn cúnamh a chur ar fáil don údarás inniúil i gcomhréir leis na ceanglais neamhchlaontachta agus neamhspleáchais faoin dlí agus na caighdeáin ghairmiúla ar faoina réir atá an saineolaí.

Airteagal 86t

Bailíocht

Ní fhéadfar comhshó trasteorann a tháinig i bhfeidhm i gcomhlíonadh na nósanna imeachta lena dtrasuitear an Treoir seo a chur ar neamhní.

Ní dhéanann an chéad mhír difear do chumhachtaí na mBallstát, inter alia maidir leis an dlí choiriúil, maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, maidir leis an dlí sóisialta, maidir le forfheidhmiú an chánachais agus an dlí, chun bearta agus pionóis a fhorchur, faoin dlí náisiúnta, tar éis an dáta ar a dtáinig an chomhshó trasteorann i bhfeidhm.

▼B



CAIBIDIL I

Cumaisc cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta



Roinn 1

Forálacha ginearálta maidir le cumaisc

Airteagal 87

Forálacha ginearálta

1.  
Beidh feidhm ag na bearta comhordaithe a leagtar síos sa Chaibidil seo maidir le dlíthe, le rialacháin agus le forálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann leis na cineálacha cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn I.
2.  
Ní gá do na Ballstáit an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm maidir le comharchumainn a chorpraítear mar cheann amháin de na cineálacha cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn I. A mhéid a bhainfear leas, i ndlíthe na mBallstát, as an rogha sin, ceanglófar ar chuideachtaí den sórt sin, leis na dlíthe sin, an focal “comharchumann” a áireamh sna doiciméid uile dá dtagraítear in Airteagal 26.
3.  
Ní gá do na Ballstáit an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm i gcásanna ina bhfuil an chuideachta atá á fáil nó na cuideachtaí atá á bhfáil nó a scoirfidh de bheith ann mar ábhar imeachtaí féimheachta, imeachtaí a bhaineann le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneacha, socruithe breithiúnacha, comhshocraíochtaí agus imeachtaí cosúil leo sin.

▼M4

4.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le cuideachtaí atá faoi réir chur i bhfeidhm uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE nó i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23.

▼B

Airteagal 88

Na rialacha lena rialaítear cumaisc trí éadáil agus cumaisc trí chuideachta nua a fhoirmiú

Déanfaidh na Ballstáit, maidir le cuideachtaí a rialaítear lena ndlíthe náisiúnta, foráil do rialacha lena rialaítear cumaisc trí éadáil cuideachta amháin nó níos mó cuideachtaí ag cuideachta eile agus cumasc trí chuideachta nua a fhoirmiú.

Airteagal 89

Sainmhíniú ar “cumasc trí éadáil”

1.  
Chun críche na Caibidle seo, ciallóidh “cumasc trí éadáil” an oibríocht lena ndéantar cuideachta amháin nó níos mó a fhoirceannadh gan dul faoi leachtú agus lena n-aistríonn siad a gcuid sócmhainní agus dliteanas chuig cuideachta eile mar mhalartú ar scaireanna a eisiúint chuig scairshealbhóirí na cuideachta atá á fáil nó na gcuideachtaí atá á bhfáil sa chuideachta éadála agus íocaíocht in airgead tirim, más ann di, nach mó ná 10 % de luach ainmniúil na scaireanna a eisítear ar an mbealach sin nó i gcás nach bhfuil aon luach ainmniúil acu, a bparluach cuntasaíochta.
2.  
Féadfar a fhoráil le dlíthe Ballstáit go bhféadfar cumasc trí éadáil a chur i gcrích freisin nuair atá ceann amháin nó níos mó de na cuideachtaí atá á bhfáil faoi leachtú, ar an gcoinníoll nach n-úsáidfear an rogha sin ach i gcás cuideachtaí nár thosaigh go fóill ar a sócmhainní a dháileadh ar a gcuid scairshealbhóirí.

Airteagal 90

Sainmhíniú ar “chumasc trí chuideachta nua a fhoirmiú”

1.  
Chun críche na Caibidle seo, ciallóidh “cumasc trí chuideachta nua a fhoirmiú” an oibríocht lena ndéantar roinnt mhaith cuideachtaí a fhoirceannadh gan dul faoi leachtú agus lena n-aistríonn siad chuig cuideachta a bhunaigh siad a gcuid sócmhainní agus dliteanas go léir mar mhalartú ar scaireanna a eisiúint chuig a scairshealbhóirí sa chuideachta nua agus íocaíocht in airgead tirim, más ann di, nach mó ná 10 % de luach ainmniúil na scaireanna a eisítear ar an mbealach sin nó i gcás nach bhfuil aon luach ainmniúil acu, a bparluach cuntasaíochta.
2.  
Féadfar a fhoráil le dlíthe Ballstáit go bhféadfar cumasc trí chuideachta nua a fhoirmiú a chur i gcrích freisin nuair atá ceann amháin nó níos mó de na cuideachtaí a scoirfidh de bheith ann faoi leachtú, ar an gcoinníoll nach n-úsáidfear an rogha sin ach i gcás cuideachtaí nár thosaigh go fóill ar a sócmhainní a dháileadh ar a gcuid scairshealbhóirí.



Roinn 2

Cumasc trí éadáil

Airteagal 91

Dréacht-téarmaí cumaisc

1.  
Dréachtóidh comhlachtaí riaracháin nó bainistíochta na gcuideachtaí atá ag cumasc dréacht-téarmaí cumaisc i scríbhinn.
2.  

Sonrófar le dréacht-téarmaí cumaisc na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a) 

cineál, ainm agus oifig chláraithe gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc;

(b) 

an cóimheas malartaithe scaireanna agus méid aon íocaíochta in airgead tirim;

(c) 

na téarmaí a bhaineann le leithroinnt scaireanna sa chuideachta éadála;

(d) 

an dáta óna bhfuil sealbhóirí na scaireanna sin i dteideal páirt a ghlacadh i mbrabúis agus aon choinníollacha speisialta lena ndéantar difear don teidlíocht sin;

(e) 

an dáta óna gcaithfear le hidirbhearta na cuideachta atá á fáil, chun críocha cuntasaíochta, mar idirbhearta na cuideachta éadála;

(f) 

na cearta a thugann an chuideachta éadála do shealbhóirí scaireanna lena ngabhann cearta speisialta agus do shealbhóirí urrús seachas scaireanna, nó na bearta a mholtar mar gheall orthu;

(g) 

aon bhuntáiste speisialta a thugtar do na saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 96(1) agus do chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta, maoirseachta nó rialúcháin na gcuideachtaí atá ag cumasc.

Airteagal 92

Na dréacht-téarmaí cumaisc a fhoilsiú

Foilseofar dréacht-téarmaí cumaisc ar an mbealach a fhorordaítear le dlíthe gach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 16, do gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc, mí amháin ar a laghad roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta a dhéanfaidh cinneadh ina leith.

Beidh aon cheann de na cuideachtaí atá ag cumasc díolmhaithe ón gceanglas maidir le foilsiú a leagtar síos in Airteagal 16, más rud é ar feadh tréimhse leanúnach a thosaíonn mí amháin ar a laghad roimh an lá arna shocrú don chruinniú ginearálta atá chun na dréacht-téarmaí cumaisc a chinneadh agus nach gcríochnaíonn níos luaithe ná clabhsúr an chruinnithe sin, go gcuirfidh sí dréacht-téarmaí an chumaisc sin ar fáil ar a suíomh gréasáin saor in aisce don phobal. Ní chuirfidh na Ballstáit an díolúine sin faoi réir aon cheanglas nó srianta seachas iad sin atá riachtanach d'fhonn slándáil an tsuímh gréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú, agus ní fhéadfaidh siad na ceanglais nó na srianta sin a fhorchur ach a mhéid atá siad comhréireach d'fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach.

De mhaolú ar an dara mír den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a éileamh go gcuirfear an foilsiú sin i gcrích tríd an ardán lárnach leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 16(5). De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit a éileamh go ndéanfar an foilsiú sin ar shuíomh gréasáin ar bith eile a ainmníonn siad chun na críche sin. I gcás ina mbaineann na Ballstáit leas as ceann de na féidearthachtaí sin, áiritheoidh siad nach ngearrfar táille shainiúil ar chuideachtaí don fhoilsiú sin.

I gcás ina n-úsáidtear suíomh gréasáin seachas an t-ardán lárnach leictreonach, foilseofar tagairt lena dtugtar rochtain ar an suíomh gréasáin sin ar an ardán lárnach leictreonach mí amháin ar a laghad roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta. Áireofar sa tagairt sin dáta foilseacháin na ndréacht-téarmaí cumaisc ar an suíomh gréasáin agus beidh rochtain ag an bpobal uirthi saor in aisce. Ní ghearrfar táille shainiúil ar chuideachtaí don fhoilseachán sin.

Ní dhéanfar difear, leis an toirmeasc lena gcuirtear bac ar tháille ar leith a ghearradh ar chuideachtaí le haghaidh foilseacháin, a leagtar síos sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír, do chumas na mBallstát na costais i dtaca leis an ardán lárnach leictreonach a ghearradh ar chuideachtaí.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar chuideachtaí an fhaisnéis a choinneáil ar a suíomh gréasáin ar feadh tréimhse shonrach tar éis an chruinnithe ghinearálta, nó, i gcás inarb infheidhme, ar an ardán lárnach leictreonach nó ar an suíomh gréasáin eile arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh na Ballstáit iarmhairtí fachtóirí teicniúla nó eile a chinneadh a dtarlaíonn cur isteach sealadach ar rochtain ar an suíomh gréasáin nó ar an ardán lárnach leictreonach mar gheall orthu.

Airteagal 93

Gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc a fhormheas ag an gcruinniú ginearálta

1.  
Ceanglófar ar a laghad, i gcás cumaisc, formheas gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc arna thabhairt ag an gcruinniú ginearálta. Forálfar le dlíthe na mBallstát go gceanglófar tromlach leis an gcinneadh formheasa seo nach lú é ná dhá thrian de na vótaí a ghabhann leis na scaireanna nó leis an gcaipiteal suibscríofa a ndéantar ionadaíocht dó.

Féadfar a fhoráil le dlíthe Ballstáit, áfach, go mbeidh tromlach simplí na vótaí a shonraítear sa chéad fhomhír leordhóthanach nuair a dhéantar ionadaíocht do leath den chaipiteal suibscríofa ar a laghad. Thairis sin, i gcás inarb iomchuí, beidh feidhm ag na rialacha lena rialaítear athruithe ar an meabhrán comhlachais agus ar na hairteagail chomhlachais.

2.  
I gcás inarb ann do níos mó ná aicme amháin scaireanna, beidh an cinneadh a bhaineann le cumasc faoi réir vóta ar leithligh ag gach aicme scairshealbhóirí ar a laghad a ndéanann an t-idirbheart difear dá gcuid ceart.
3.  
Cumhdófar leis an gcinneadh formheas dréacht-téarmaí an chumaisc mar aon le haon athruithe ar an meabhrán comhlachais agus ar na hairteagail chomhlachais a mbeidh gá leo mar gheall ar an gcumasc.

Airteagal 94

Maolú ón gceanglas maidir le formheas ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála

Ní gá a cheangal le dlíthe Ballstáit go ndéanfar an cumasc a fhormheas ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

déantar an foilsiú dá bhforáiltear in Airteagal 92, a bhaineann leis an gcuideachta éadála, mí amháin ar a laghad roimh an dáta arna shocrú do chruinniú ginearálta na cuideachta atá á fáil nó na gcuideachtaí atá á bhfáil, ar cruinniú é a gcinnfear dréacht-téarmaí an chumaisc lena linn;

(b) 

mí amháin ar a laghad roimh an dáta a shonraítear i bpointe (a), tá scairshealbhóirí uile na cuideachta éadála i dteideal cigireacht a dhéanamh ag oifig chláraithe na cuideachta éadála ar na doiciméid a shonraítear in Airteagal 97(1);

(c) 

tá ceann amháin nó níos mó de scairshealbhóirí na cuideachta éadála, atá i seilbh céatadán íosta den chaipiteal suibscríofa, i dteideal a cheangal go ngairfear cruinniú ginearálta den chuideachta éadála chun go ndéanfar cinneadh an ndéanfar an cumasc a fhormheas; ní cheadaítear an céatadán íosta sin a shocrú ag níos mó ná 5 %. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, áfach, do scaireanna nach mbaineann vótáil leo a eisiamh ón ríomh sin.

Chun críocha phointe (b) den chéad mhír, beidh feidhm ag Airteagal 97(2), (3) agus (4).

Airteagal 95

Tuarascáil mhionsonraithe i scríbhinn agus faisnéis faoi chumasc

1.  
Déanfaidh comhlachtaí riaracháin nó bainistíochta gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc tuarascáil mhionsonraithe a tharraing suas i scríbhinn lena míneofar dréacht-téarmaí an chumaisc agus lena leagfar amach na forais dhlíthiúla agus eacnamaíocha ina leith, go háirithe cóimheas malartaithe scaireanna.

Tabharfar tuairisc freisin sa tuarascáil sin ar aon deacrachtaí speisialta a tháinig chun cinn maidir le luacháil.

2.  
Cuirfidh comhlachtaí riaracháin nó bainistíochta gach ceann de na cuideachtaí bainteacha an cruinniú ginearálta dá gcuideachta, mar aon le comhlachtaí riaracháin nó bainistíochta na gcuideachtaí bainteacha eile, ar an eolas faoi aon athrú ábhartha ar na sócmhainní agus ar na dliteanais idir dáta ullmhúchán dréacht-téarmaí an chumaisc agus dáta na gcruinnithe ginearálta a gcinnfear dréacht-téarmaí an chumaisc lena linn, ionas go bhféadfaidh comhlachtaí na gcuideachtaí eile sin a gcuid cruinnithe ginearálta faoi seach a chur ar an eolas.
3.  
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach gceanglófar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 agus/nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 má tá an méid sin comhaontaithe ag na scairshealbhóirí uile agus ag na sealbhóirí urrús eile lena dtugtar ceart vótála gach ceann de na cuideachtaí atá páirteach sa chumasc.

Airteagal 96

Na dréacht-téarmaí cumaisc á scrúdú ag saineolaithe

1.  
Saineolaí amháin nó níos mó, atá ag gníomhú thar ceann gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc, ach atá neamhspleách orthu, ar cheap nó ar fhormheas údarás breithiúnach nó riaracháin é nó iad, déanfaidh sé nó siad scrúdú ar dhréacht-téarmaí an chumaisc agus déanfaidh sé nó siad tuarascáil i scríbhinn a tharraingt suas agus a chur chuig na scairshealbhóirí. Féadfar foráil a dhéanamh, áfach, le dlí Ballstáit, do shaineolaí neamhspleách amháin nó níos mó a cheapadh do na cuideachtaí uile atá ag cumasc, má dhéanann údarás breithiúnach nó riaracháin an ceapadh sin arna iarraidh sin dó ag na cuideachtaí sin le chéile. Féadfar a bheith sna saineolaithe sin daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó cuideachtaí nó gnólachtaí, ag brath ar dhlíthe gach Ballstáit.
2.  

Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na saineolaithe in iúl in aon chás an bhfuil an cóimheas malartaithe scaireanna cothrom agus réasúnach dar leo. Beidh sa ráiteas dá gcuid an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

léiriú ar an modh nó ar na modhanna a mbaineadh leas astu chun teacht ar an gcóimheas malartaithe scaireanna a mholtar;

(b) 

ráiteas an bhfuil an modh nó na modhanna sin leordhóthanach sa chás i gceist, léiriú ar na luachanna ar thángthas orthu trí leas a bhaint as gach ceann de na modhanna sin agus tuairim maidir leis an tábhacht choibhneasta a sannadh do na modhanna sin i dtaca le teacht ar an luach a cinneadh.

Tabharfar tuairisc freisin sa tuarascáil ar aon deacrachtaí speisialta a tháinig chun cinn maidir le luacháil.

3.  
Beidh gach saineolaí i dteideal an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha uile ar gá iad chun na himscrúduithe uile a chur i gcrích a fháil ó na cuideachtaí atá ag cumasc.
4.  
Ní cheanglófar scrúdú a dhéanamh ar dhréacht-téarmaí an chumaisc ná tuarascáil ó shaineolaithe má tá an méid sin comhaontaithe ag na scairshealbhóirí uile agus ag na sealbhóirí urrús eile lena dtugtar ceart vótála ar gach ceann de na cuideachtaí atá páirteach sa chumasc.

Airteagal 97

Infhaighteacht doiciméad le haghaidh a n-iniúchta ag scairshealbhóirí

1.  

Beidh na scairshealbhóirí uile i dteideal iniúchadh a dhéanamh ar na doiciméid seo a leanas ar a laghad ag an oifig chláraithe mí amháin ar a laghad roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta ar a mbeidh dréacht-téarmaí an chumaisc le cinneadh:

(a) 

dréacht-téarmaí an chumaisc;

(b) 

cuntais bhliantúla agus tuarascálacha bliantúla na gcuideachtaí atá ag cumasc do na trí bliana airgeadais roimhe sin;

(c) 

i gcás inarb infheidhme, ráiteas cuntasaíochta arna tharraingt suas ar dháta nach mbeidh níos luaithe ná an chéad lá den tríú mí roimh dháta dhréacht-téarmaí an chumaisc, má bhaineann na cuntais bhliantúla is déanaí le bliain airgeadais a raibh deireadh léi níos mó ná sé mhí roimh an dáta sin;

(d) 

i gcás inarb infheidhme, tuarascálacha chomhlachtaí riaracháin nó bainistíochta na gcuideachtaí atá ag cumasc dá bhforáiltear in Airteagal 95;

(e) 

i gcás inarb infheidhme, an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 96(1).

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, ní cheanglófar ráiteas cuntasaíochta má fhoilsíonn an chuideachta tuarascáil leathbhliantúil airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2004/109/CE agus má chuireann sí ar fáil do na scairshealbhóirí i gcomhréir leis an mír seo í. Thairis sin, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach gceanglófar ráiteas cuntasaíochta má tá an méid sin comhaontaithe ag na scairshealbhóirí uile agus ag na sealbhóirí urrús eile lena dtugtar ceart vótála gach ceann de na cuideachtaí atá páirteach sa chumasc.

2.  
Tarraingeofar suas an ráiteas cuntasaíochta dá bhforáiltear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 trí leas a bhaint as na modhanna céanna agus an leagan amach céanna a bhí sa chlár comhardaithe bliantúil deiridh.

Féadfar a fhoráil le dlíthe Ballstáit, áfach:

(a) 

nach gá fardal fisiceach nua a dhéanamh;

(b) 

nach ndéanfar na luachálacha a taispeánadh sa chlár comhardaithe deiridh a athrú ach amháin chun iontrálacha sna leabhair chuntais a léiriú; mar sin féin, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

— 
dímheas agus forálacha eatramhacha,
— 
athruithe ábhartha i luach iarbhír nár taispeánadh sna leabhair.
3.  
Beidh gach scairshealbhóir i dteideal cóipeanna iomlána de na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a fháil, arna iarraidh sin agus saor in aisce, nó, más fóinteach leis iad, cóipeanna páirteacha.

I gcás inar thoiligh scairshealbhóir le bealaí leictreonacha a bheith á n-úsáid ag an gcuideachta chun faisnéis a chur ar aghaidh, féadfar cóipeanna den sórt sin a chur ar fáil trí phost leictreonach.

4.  
Díolmhófar cuideachta ón gceanglas go mbeidh na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil ag a hoifig chláraithe, más rud é go gcuireann sí ar fáil ar a suíomh gréasáin iad le haghaidh tréimhse leanúnach dar tús mí amháin ar a laghad roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta ar a gcinnfear dréacht-téarmaí an chumaisc agus dar críoch tráth nach luaithe ná deireadh an chruinnithe sin. Ní chuirfidh na Ballstáit an díolúine sin faoi réir aon cheanglas nó srianta seachas iad sin atá riachtanach d'fhonn slándáil an tsuímh gréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú, agus ní fhéadfaidh siad na ceanglais nó na srianta sin a fhorchur ach a mhéid atá siad comhréireach d'fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach.

Ní bheidh feidhm ag mír 3 má thugtar an deis do na scairshealbhóirí, feadh na tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a íoslódáil agus a phriontáil ón suíomh gréasáin. Sa chás sin, áfach, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mór don chuideachta na doiciméid sin a chur ar fáil ag a hoifig chláraithe le gur féidir leis na scairshealbhóirí breathnú orthu ansin.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar chuideachtaí an fhaisnéis a choinneáil ar a suíomh gréasáin le haghaidh tréimhse sonraí i ndiaidh an chruinnithe ghinearálta. Féadfaidh na Ballstáit iarmhairtí fachtóirí teicniúla nó eile a chinneadh a dtarlaíonn cur isteach sealadach ar rochtain ar an suíomh gréasáin mar gheall orthu.

Airteagal 98

Cearta fostaithe a chosaint

Déanfar cosaint chearta fostaithe gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc a rialáil i gcomhréir le Treoir 2001/23/CE.

Airteagal 99

Leasanna chreidiúnaithe na gcuideachtaí atá ag cumasc a chosaint

1.  
Déanfar foráil le dlíthe na mBallstát do chóras leordhóthanach de chosaint leasanna creidiúnaithe na gcuideachtaí atá ag cumasc a ndearnadh a n-éilimh roimh dháta foilsithe dhréacht-téarmaí an chumaisc agus nár dhlite na héilimh tráth an fhoilsithe sin.
2.  
Chun críocha mhír 1, déanfar a fhoráil ar a laghad, le dlíthe na mBallstát, go mbeidh na creidiúnaithe sin i dteideal coimircí leordhóthanacha a fháil i gcás ina bhfuil gá le coimirce den sórt de bharr staid airgeadais na gcuideachtaí atá ag cumasc agus i gcás nach bhfuil coimircí den sórt sin ag na creidiúnaithe sin cheana.

Leagfaidh na Ballstáit síos na coinníollacha le haghaidh na cosanta dá bhforáiltear i mír 1 agus sa chéad fhomhír den mhír seo. Ar aon chaoi, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na creidiúnaithe údaraithe iarratas a chur isteach chuig an údarás iomchuí riaracháin nó breithiúnach i gcomhair coimirce leordhóthanach ar an gcoinníoll gur féidir leo a thaispeáint go hinchreidte go bhfuil sásamh a n-éileamh i ngeall ar an gcumasc agus nach bhfuarthas aon choimircí leordhóthanacha ón gcuideachta.

3.  
D'féadfadh an chosaint do chreidiúnaithe na cuideachta éadála a bheith éagsúil leis an gcosaint do chreidiúnaithe na cuideachta atá á fáil.

Airteagal 100

Leasanna sealbhóirí bintiúr na gcuideachtaí atá ag cumasc a chosaint

Gan dochar do na rialacha lena rialaítear feidhmiú comhchoiteann a gceart, beidh feidhm ag Airteagal 99 maidir le sealbhóirí bintiúr na gcuideachtaí atá ag cumasc, ach amháin i gcás inar formheasadh an cumasc ag cruinniú shealbhóirí na mbintiúr, más rud é go bhforáiltear do chruinniú den sórt sin faoi na dlíthe náisiúnta, nó i gcás inar fhormheas sealbhóirí na mbintiúr ar bhonn aonair é.

Airteagal 101

Sealbhóirí urrús nach scaireanna iad a chosaint, ar urrúis iad a ngabhann cearta speisialta leo

Sealbhóirí urrús nach scaireanna iad a ngabhann cearta speisialta leo, tabharfar cearta dóibh sa chuideachta éadála a bheidh coibhéiseach ar a laghad leo siúd a raibh seilbh acu orthu sa chuideachta atá á fáil, ach amháin i gcás inar formheasadh athrú na gceart sin ag cruinniú shealbhóirí na n-urrús sin, más rud é go bhforáiltear do chruinniú den sórt sin faoi na dlíthe náisiúnta, nó i gcás inar fhormheas sealbhóirí na mbintiúr ar bhonn aonair é, nó mura bhfuil na sealbhóirí i dteideal a gcuid urrús a bheith á n-athcheannach ag an gcuideachta éadála.

Airteagal 102

Doiciméid a tharraingt suas agus a dheimhniú i bhfoirm chuí dlí

1.  
I gcás nach bhforáiltear le dlíthe Ballstáit do mhaoirseacht choisctheach bhreithiúnach nó riaracháin a dhéanamh ar dhlíthiúlacht cumasc, nó i gcás nach gcumhdaítear leis an maoirseacht sin na gníomhartha dlíthiúla uile a cheanglaítear i ndáil le cumasc, tarraingeofar suas agus deimhneofar i bhfoirm chuí dlí miontuairiscí na gcruinnithe ginearálta ar lena linn a rinneadh an cinneadh faoin gcumasc agus, i gcás inarb iomchuí, an conradh cumaisc a thig as na cruinnithe ginearálta sin. I gcásanna nach bhfuil gá leis an gcumasc a fhormheas ag cruinnithe ginearálta na gcuideachtaí uile atá ag cumasc, tarraingeofar suas agus deimhneofar dréacht-téarmaí an chumaisc i bhfoirm chuí dlí.
2.  
Déanfaidh an nótaire nó an t-údarás atá inniúil chun an doiciméad a tharraingt suas i bhfoirm chuí dlí a sheiceáil agus a dheimhniú go bhfuil ann do na gníomhartha agus do na foirmiúlachtaí dlíthiúla a éilítear ar an gcuideachta a bhfuil an nótaire nó an t-údarás sin ag gníomhú thar a ceann agus gur bailí iad, agus gur bailí dréacht-téarmaí an chumaisc agus gurb ann dóibh.

Airteagal 103

An dáta ar a ngabhfaidh éifeacht le cumasc

Is le dlíthe na mBallstát a chinnfear an dáta ar a ngabhfaidh éifeacht le cumasc.

Airteagal 104

Foirmiúlachtaí foilseacháin

1.  
Poibleofar cumasc ar an mbealach a fhorordaítear le dlíthe gach Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 16, maidir le gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc.
2.  
Féadfaidh an chuideachta éadála féin na foirmiúlachtaí foilseacháin a chur i gcrích a bhaineann leis an gcuideachta atá á fáil nó leis na cuideachtaí atá á bhfáil.

Airteagal 105

Iarmhairtí cumaisc

1.  

Leanfaidh na hiarmhairtí seo a leanas cumasc, ipso jure agus go comhuaineach:

(a) 

déanfar, amhail idir an chuideachta atá á fáil agus an chuideachta éadála agus maidir le tríú páirtithe araon, sócmhainní agus dócmhainní uile na cuideachta atá á fáil;

(b) 

beidh scairshealbhóirí na cuideachta atá á fáil ina scairshealbhóirí den chuideachta éadála; agus

(c) 

scoirfidh an chuideachta atá á fáil de bheith ann.

2.  

Ní dhéanfar aon scaireanna sa chuideachta éadála a mhalartú ar mhaithe le scaireanna sa chuideachta atá á fáil atá i seilbh:

(a) 

na cuideachta éadála tríthi féin nó trí dhuine atá ag gníomhú ina ainm féin ach ar son na cuideachta éadála; nó

(b) 

atá i seilbh na cuideachta atá á fáil tríthi féin nó trí aon duine atá ag gníomhú ina ainm féin ach ar son na cuideachta atá á fáil.

3.  
Leis an méid thuas ní dhéanfar difear do dhlíthe na mBallstát lena gceanglaítear foirmiúlachtaí speisialta a chomhlánú chun go ngabhfaidh éifeacht le haistriú sócmhainní, ceart agus oibleagáidí áirithe ag an gcuideachta a fuarthas, amhail i gcoinne tríú páirtithe. Féadfaidh an chuideachta éadála féin foirmiúlachtaí den sórt sin a dhéanamh; mar sin féin, le dlíthe na mBallstát, féadfar a cheadú don chuideachta atá á fáil leanúint d'fhoirmiúlachtaí den sórt sin a chur i gcrích go ceann tréimhse theoranta, nach bhféadfar, ach amháin in imthosca eisceachtúla, a shocrú ag breis agus sé mhí ón dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an gcumasc.

Airteagal 106

Dliteanas sibhialta ar chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin nó bainistíochta na cuideachta atá á fáil

Leagfar síos le dlíthe na mBallstát ar a laghad rialacha lena rialófar dliteanas sibhialta i leith scairshealbhóirí na cuideachta atá á fáil, a bheith ar chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin nó bainistíochta na cuideachta sin i ndáil le mí-iompar ag comhaltaí na gcomhlachtaí sin agus iad i mbun an cumasc a ullmhú agus a chur chun feidhme.

Airteagal 107

Dliteanas sibhialta na saineolaithe atá freagrach as an tsaintuarascáil a tharraingt suas thar ceann na cuideachta atá á fáil

Leagfar síos i ndlíthe na mBallstát ar a laghad rialacha lena rialaítear dliteanas sibhialta, i ndáil le scairshealbhóirí na cuideachta atá á fáil, na saineolaithe atá freagrach, thar ceann na cuideachta sin, as an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 96(1) a tharraingt suas, maidir le mí-iompar ag na saineolaithe sin agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.

Airteagal 108

Coinníollacha maidir le neamhniú cumaisc

1.  

I ndlíthe na mBallstát, féadfar rialacha maidir le neamhniú a leagan síos le haghaidh cumasc i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas, agus leo sin amháin:

(a) 

tá neamhniú le hordú i mbreithiúnas ó chúirt;

(b) 

cumaisc ar ghabh éifeacht leo de bhun Airteagal 103, féadfar a dhearbhú go bhfuil siad ar neamhní mura ndearnadh aon mhaoirseacht choisctheach riaracháin nó bhreithiúnach ar a ndlíthiúlacht, agus sna cásanna sin amháin, nó murar tarraingíodh suas iad agus murar deimhníodh iad i bhfoirm chuí dlí, nó má léirítear go bhfuil cinneadh an chruinnithe ghinearálta ar neamhní nó in-neamhnithe faoin dlí náisiúnta;

(c) 

ní fhéadfar imeachtaí neamhnithe a thionscnamh breis agus sé mhí tar éis an dáta a ngabhann éifeacht leis an gcumasc amhail i gcoinne an duine a líomhnaíonn neamhniú nó i gcás inar cuireadh an staid ina ceart;

(d) 

i gcás inar féidir locht a leigheas chun cumasc a chur ar neamhní, tá an chúirt inniúil le tréimhse ama a dheonú do na cuideachtaí lena mbaineann chun an staid a chur ina ceart;

(e) 

tá breithiúnas lena ndearbhaítear go bhfuil cumasc ar neamhní le bheith foilsithe ar an mbealach a fhorordaítear le dlíthe gach Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 16;

(f) 

i gcás ina gceadaítear le dlíthe Ballstáit do thríú páirtí agóid a dhéanamh i gcoinne breithiúnas den sórt sin, ní fhéadfaidh an páirtí sin déanamh amhlaidh ach amháin laistigh de shé mhí ó fhoilsiú an bhreithiúnais ar an mbealach a fhorordaítear le Roinn 1 de Chaibidil III de Theideal I;

(g) 

le breithiúnas lena ndearbhaítear go bhfuil cumasc ar neamhní, ní dhéantar difear do bhailíocht oibleagáidí atá ar an gcuideachta éadála nó i ndáil leo a d'eascair sular foilsíodh an breithiúnas agus tar éis an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an gcumasc; agus

(h) 

tá cuideachtaí ar pháirtithe de chumasc iad faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i dtaca le hoibleagáidí na cuideachta éadála dá dtagraítear i bpointe (g).

2.  
De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, féadfar foráil a dhéanamh freisin le dlíthe Ballstáit go n-ordóidh údarás riaracháin neamhniú cumaisc más féidir achomharc i gcoinne cinneadh den sórt sin a thabhairt os comhair cúirte. Beidh feidhm ag pointe (b) agus pointe (d) go pointe (h) de mhír 1 de réir analaí maidir leis an údarás riaracháin. Ní fhéadfar imeachtaí neamhnithe den sórt sin a thionscnamh breis agus sé mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an chumaisc.
3.  
Ní dhéanfar difear do dhlíthe na mBallstát maidir le neamhniú cumaisc a fógraíodh tar éis maoirseachta seachas maoirseacht choisctheach bhreithiúnach nó riaracháin ar dhlíthiúlacht.



Roinn 3

Cumasc trí chuideachta nua a fhoirmiú

Airteagal 109

Cumasc trí chuideachta nua a fhoirmiú

1.  
Beidh feidhm ag Airteagal 91, ag Airteagal 92 agus ag Airteagal 93 agus ag Airteagal 95 go hAirteagal 108, gan dochar d'Airteagal 11 ná d'Airteagal 12, maidir le cumasc trí chuideachtaí nua a fhoirmiú. Chun na críche sin, ciallóidh “cuideachtaí atá ag cumasc” agus “cuideachta atá á fáil” na cuideachtaí a scoirfidh de bheith ann, agus ciallóidh “cuideachta éadála” an chuideachta nua.

Beidh feidhm ag Airteagal 91(2)(a) freisin maidir leis an gcuideachta nua.

2.  
Déanfar dréacht-téarmaí cumaisc agus, má tá siad i ndoiciméad ar leithligh, meabhrán comhlachais nó dréachtmheabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais nó dréacht-airteagail chomhlachais na cuideachta nua a fhormheas ag cruinniú ginearálta de chuid gach cuideachta a scoirfidh de bheith ann.



Roinn 4

Éadáil cuideachta amháin ag cuideachta eile a bhfuil 90 % nó níos mó dá scaireanna i seilbh aici

Airteagal 110

Aistriú na sócmhainní agus na ndliteanas uile atá ag cuideachta amháin nó níos mó chuig cuideachta eile a bhfuil a scaireanna ar fad ina seilbh aici

Déanfaidh na Ballstáit foráil, i ndáil le cuideachtaí atá faoi réir a ndlíthe, don oibríocht trína ndéantar cuideachta amháin nó níos mó a fhoirceannadh gan dul faoi leachtú agus a sócmhainní agus dliteanais a aistriú chuig cuideachta eile atá ina sealbhóir ar a scaireanna go léir agus ar n-urrúis eile a thugann an ceart vótála ag cruinnithe ginearálta. Déanfar na hoibríochtaí sin a rialáil le forálacha Roinn 2 den Chaibidil seo. Mar sin féin, ní fhorchuirfidh na Ballstáit na ceanglais a leagtar amach i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 91(2), in Airteagal 95 agus in Airteagal 96, i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 97(1), i bpointe (b) d'Airteagal 105(1) agus in Airteagal 106 agus in Airteagal 107.

Airteagal 111

Díolúine ón gceanglas maidir le formheas ag an gcruinniú ginearálta

Ní chuirfidh na Ballstáit Airteagal 93 i bhfeidhm maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 110 má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

déantar an foilsiú dá bhforáiltear in Airteagal 92 i ndáil le gach cuideachta atá páirteach san oibríocht, mí amháin ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis an oibríocht;

(b) 

mí amháin ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis an oibríocht, tá scairshealbhóirí uile na cuideachta éadála i dteideal cigireacht a dhéanamh ag oifig chláraithe na cuideachta ar na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 97(1);

(c) 

tá feidhm ag pointe (c) den chéad mhír d'Airteagal 94.

Chun críocha phointe (b) den chéad mhír den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 97(2), (3) agus (4).

Airteagal 112

Scaireanna atá i seilbh na cuideachta éadála nó thar ceann na cuideachta éadála

Féadfaidh na Ballstáit Airteagal 110 agus Airteagal 111 a chur i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí trína ndéantar cuideachta amháin nó níos mó a fhoirceannadh gan dul faoi leachtú agus a sócmhainní agus dliteanais uile a aistriú chuig cuideachta eile, má tá na scaireanna agus na hurrúis eile go léir a shonraítear in Airteagal 110 de chuid na cuideachta atá á fáil nó na gcuideachtaí atá á bhfáil i seilbh na cuideachta éadála agus/nó daoine a bhfuil na scaireanna agus na hurrúis sin i seilbh acu faoina n-ainm féin ach thar ceann na cuideachta sin.

Airteagal 113

Cumasc trí éadáil ag cuideachta a bhfuil 90 % nó níos mó aige de scaireanna na cuideachta atá á fáil

I gcás ina bhfuil cumasc á dhéanamh ag cuideachta a bhfuil 90 % nó níos mó de na scaireanna agus na hurrúis eile a thugann ceart vótála ag cruinnithe ginearálta na cuideachta atá á fáil nó na gcuideachtaí atá á bhfáil, ach nach bhfuil na scaireanna go léir aici, ní éileoidh na Ballstáit go ndéanfar an cumasc a fhormheas ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

déantar an foilsiú dá bhforáiltear in Airteagal 92 maidir leis an gcuideachta éadála mí amháin ar a laghad roimh an dáta arna shocrú do chruinniú ginearálta na cuideachta atá á fáil nó na gcuideachtaí atá á bhfáil, ar cruinniú é a gcinnfear na dréacht-téarmaí cumaisc lena linn;

(b) 

mí amháin ar a laghad roimh an dáta a shonraítear i bpointe (a), tá scairshealbhóirí uile na cuideachta éadála i dteideal cigireacht a dhéanamh ag oifig chláraithe na cuideachta ar na doiciméid a shonraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) agus, i gcás inarb infheidhme, pointe (c), pointe (d) agus pointe (e) d'Airteagal 97(1);

(c) 

tá feidhm ag pointe (c) den chéad mhír d'Airteagal 94.

Chun críocha phointe (b) den chéad mhír den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 97(2), (3) agus (4).

Airteagal 114

Díolúine ó na ceanglais is infheidhme maidir le cumaisc trí éadáil

Ní fhorchuirfidh Ballstáit na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 95, in Airteagal 96 agus in Airteagal 97 i gcás cumasc de réir bhrí Airteagal 113 má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

caithfidh scairshealbhóirí mionlaigh na cuideachta atá á fáil a bheith i dteideal go bhfaigheadh an chuideachta éadála a gcuid scaireanna;

(b) 

má fheidhmíonn siad an ceart sin, caithfidh siad a bheith i dteideal comaoin a fhreagraíonn do luach a gcuid scaireanna;

(c) 

I gcás easaontas maidir leis an gcomaoin sin, caithfidh gur féidir le cúirt nó le húdarás riaracháin arna ainmniú ag an mBallstát chun na críche sin luach na comaoine a chinneadh.

Ní gá do Bhallstát an chéad mhír a chur i bhfeidhm má tá an chuideachta éadála i dteideal, faoi dhlíthe an Bhallstáit sin, gan tairiscint táthcheangail phoiblí roimhe sin, ceangal ar shealbhóirí uile urrúis eile na cuideachta atá á fáil nó na gcuideachtaí atá á bhfáil na hurrúis sin a dhíol roimh an gcumasc ar phraghas cóir.

Airteagal 115

Aistriú na sócmhainní agus na ndliteanas go léir ag cuideachta amháin nó níos mó chuig cuideachta eile a bhfuil 90 % nó níos mó dá scaireanna i seilbh aici nó acu

Féadfaidh na Ballstáit Airteagal 113 agus Airteagal 114 a chur i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí trína ndéantar cuideachta amháin nó níos mó a fhoirceannadh gan dul faoi leachtú agus a sócmhainní agus dliteanais uile a aistriú chuig cuideachta eile má tá 90 % nó níos mó de na scaireanna agus de na hurrúis eile dá dtagraítear in Airteagal 113 de chuid na cuideachta atá a fáil nó na gcuideachtaí atá á bhfáil i seilbh na cuideachta éadála sin agus/nó daoine a bhfuil na scaireanna agus na hurrúis sin ina seilbh acu faoina n-ainm féin ach thar ceann na cuideachta sin, ach nach bhfuil na scaireanna agus na hurrúis sin go léir ina seilbh acu.



Roinn 5

Oibríochtaí eile a gcaitear mar chumaisc leo

Airteagal 116

Cumaisc lena mbaineann íocaíocht in airgead tirim a sháraíonn 10 %

Más rud é, i gcás ceann de na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 88, go gceadaítear le dlíthe Ballstáit go sáraíonn íocaíocht in airgead tirim 10 %, beidh feidhm ag Roinn 2 agus ag Roinn 3 den Chaibidil seo agus ag Airteagal 113, Airteagal 114 agus Airteagal 115 maidir leis sin.

Airteagal 117

Cumaisc gan gach ceann de na cuideachtaí aistrithe do scor de bheith ann

I gcás ina gceadaítear faoi dhlíthe Bhallstáit ceann de na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 88, Airteagal 110 agus Airteagal 116 gan gach ceann de na cuideachtaí aistrithe do scor de bheith ann mar gheall air sin, beidh feidhm ag Roinn 2, seachas pointe (c) d'Airteagal 105(1), agus Roinn 3 nó Roinn 4 den Chaibidil seo, de réir mar is iomchuí.



CAIBIDIL II

Cumaisc thrasteorann cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta

Airteagal 118

Forálacha ginearálta

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le cumaisc cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta a fhoirmítear i gcomhréir le dlí Ballstáit agus a bhfuil a n-oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomhionad gnó acu laistigh den Aontas, ar choinníoll go bhfuil ar a laghad dhá cheann acu faoi rialú Ballstáit éagsúla (dá ngairtear “cumaisc thrasteorann” anseo feasta).

Airteagal 119

Sainmhínithe

Chun críocha na Caibidle seo:

(1) 

ciallaíonn “cuideachta faoi dhliteanas teoranta”, dá ngairtear “cuideachta” anseo feasta:

(a) 

cuideachta de chineál a liostaítear in Iarscríbhinn II; nó

(b) 

cuideachta a bhfuil scairchaipiteal agus a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aici, agus a bhfuil a sócmhainní ar leith aici nach n-úsáidtear ach iad chun a cuid fiacha a chlúdach agus atá faoi réir coinníollacha, faoin dlí náisiúnta lena rialaítear í, is coinníollacha maidir le ráthaíochtaí amhail na coinníollacha dá bhforáiltear faoi Roinn 2 de Chaibidil II de Theideal I agus Roinn 1 de Chaibidil III de Theideal I maidir le leasanna comhaltaí agus daoine eile a chosaint;

(2) 

ciallaíonn “cumasc” oibríocht trína ndéantar an méid seo a leanas:

(a) 

aistríonn cuideachta amháin nó níos mó, ar í nó iad a dhíscaoileadh gan dul faoi leachtú, a sócmhainní agus dliteanais uile chuig cuideachta eile atá ann cheana, an chuideachta éadála, mar mhalairt ar 'urrúis nó scaireanna a eisiúint lena gcomhaltaí arb ionann iad agus caipiteal na cuideachta eile agus, más infheidhme, íocaíocht in airgead tirim nach mó ná 10 % den luach ainmniúil, nó, in éagmais luach ainmniúil, parluach cuntasaíochta na scaireanna nó na n-urrús sin; nó

(b) 

aistríonn dhá chuideachta nó níos mó, ar iad a dhíscaoileadh gan dul faoi leachtú, a sócmhainní agus dliteanais uile chuig cuideachta a fhoirmíonn siad, an chuideachta nua, mar mhalairt ar urrúis nó scaireanna a eisiúint lena gcomhaltaí arb ionann iad agus caipiteal na cuideachta eile agus, más infheidhme, íocaíocht in airgead tirim nach mó ná 10 % den luach ainmniúil, nó, in éagmais luach ainmniúil, parluach cuntasaíochta na scaireanna nó na n-urrús sin; nó

(c) 

aistríonn cuideachta, ar í a dhíscaoileadh gan dul faoi leachtú, a sócmhainní agus dliteanais uile chuig an gcuideachta a bhfuil na hurrúis nó na scaireanna uile ina seilbh aici arb ionann iad agus a caipiteal. ►M3  ; nó ◄

▼M3

(d) 

aistríonn aon chuideachta amháin nó níos mó ná sin, tar éis di a bheith díscaoilte gan a bheith leachtaithe, a sócmhainní agus a dliteanais go léir chuig cuideachta eile, an chuideachta éadála, gan an chuideachta éadála scaireanna nua a eisiúint, ar choinníoll go bhfuil seilbh go díreach nó go hindíreach ag duine amháin ar na scaireanna go léir sna cuideachtaí atá ag cumasc nó tá seilbh ag comhaltaí na gcuideachtaí atá ag cumasc de réir an chion chéanna i ngach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc.

▼B

Airteagal 120

Forálacha breise a bhaineann le raon feidhme

1.  
D'ainneoin Airteagal 119(2), beidh feidhm ag an gCaibidil seo freisin maidir le cumaisc thrasteorann i gcás ina gceadaítear le dlí Ballstáit amháin ar a laghad an íocaíocht in airgead tirim dá dtagraítear in Airteagal 119(2)(a) agus (b) sárú ar 10 % de luach ainmniúil, nó, in éagmais luach ainmniúil, de pharluach cuntasaíochta na n-urrús nó na scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann.
2.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm maidir le cumaisc thrasteorann a bhaineann le comharchumann fiú i gcásanna nuair a thiocfadh a leithéid faoin sainmhíniú ar chuideachta faoi dhliteanas teoranta mar a leagtar síos in Airteagal 119(1) é.
3.  
Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le cumaisc thrasteorann a bhaineann le cuideachta arb é an cuspóir léi an chomhinfheistíocht chaipitil arna soláthar ag an bpobal, a oibríonn ar phrionsabal an scaipthe riosca, agus ina ndéantar na haonaid aici a athcheannach nó a fhuascailt, arna iarraidh sin do na sealbhóirí, go díreach nó go hindíreach, as sócmhainní na cuideachta sin. Gníomh a dhéanann cuideachta den sórt sin chun a áirithiú nach n-éagsúlaíonn luach stocmhalartáin a n-aonad go sonrach ón nglanluach sócmhainní, measfar é sin a bheith comhionann le hathcheannach nó fuascailt.

▼M3

4.  

Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil baint ag an gCaibidil seo le cuideachtaí i gceachtar de na himthosca a leanas:

(a) 

tá an chuideachta faoi leachtú, agus tús curtha aige lena sócmhainní a leithdháileadh ar a chomhaltaí;

▼M4

(b) 

tá an chuideachta faoi réir uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá dtagraítear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE nó i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23.

▼M3

5.  

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an Caibidil seo a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí atá:

(a) 

faoi réir imeachtaí dócmhainneachta nó faoi réir creataí um athstruchtúrú coisctheach

(b) 

faoi réir imeachtaí leachtaithe seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4, nó

▼M4

(c) 

faoi réir bearta coiscthe géarchéime mar a shainmhínítear iad i bpointe (101) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE nó i bpointe (48) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/23.

▼B

Airteagal 121

Coinníollacha a bhaineann le cumaisc thrasteorann

1.  

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chaibidil seo,

▼M3 —————

▼B

(b) 

comhlíonfaidh cuideachta a ghlacfaidh páirt i gcumasc trasteorann forálacha agus foirmiúlachtaí an dlí náisiúnta a bhfuil sí faoina réir. Beidh feidhm freisin le dlíthe Ballstáit lena cumasaítear do na húdaráis náisiúnta cur i gcoinne cumasc inmheánach áirithe ar mhaithe le leas an phobail maidir le cumasc trasteorann i gcás ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na cuideachtaí atá ag cumasc faoi réir dhlí an Bhallstáit sin. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil sin a mhéid atá Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 infheidhme.

▼M3

2.  
Áireofar, go háirithe, sna forálacha agus sna foirmiúlachtaí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo na forálacha agus sna foirmiúlachtaí sin a bhaineann leis an bpróiseas cinnteoireachta maidir leis an gcumasc agus le cosaint na bhfostaithe ó thaobh ceart de cé is moite de na cinn a rialaítear le hAirteagal 133.

▼B

Airteagal 122

Dréacht-téarmaí comhchoiteanna cumasc trasteorann

Déanfaidh orgán bainistíochta nó riaracháin gach cinn de na cuideachtaí atá ag cumasc dréacht-téarmaí comhchoiteanna cumaisc thrasteorann a tharraingt suas. Áireofar na sonraí seo a leanas ar a laghad sna dréacht-téarmaí comhchoiteanna cumaisc thrasteorann:

▼M3

(a) 

maidir le gach ceann de na cuideachtaí cumaisc, a foirm dhlíthiúil agus a hainm, agus suíomh a hoifige cláraithe, agus an fhoirm dhlíthiúil agus an t‐ainm beartaithe don chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann agus an suíomh beartaithe dá hoifig chláraithe;

(b) 

an cóimheas is infheidhme maidir le malartú urrús nó scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na cuideachta agus méid aon íocaíochta airgid, i gcás inarb iomchuí;

▼B

(c) 

na téarmaí i ndáil le leithroinnt urrús nó scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann;

(d) 

impleachtaí dóchúla an chumaisc thrasteorann ar an bhfostaíocht;

(e) 

an dáta óna bhfuil sealbhóirí na n-urrús sin nó na scaireanna sin a léiríonn caipiteal na cuideachta i dteideal brabús a roinnt, de bhrí gur sealbhóirí iad, agus aon choinníollacha speisialta lena ndéantar difear don teidlíocht sin;

(f) 

an dáta óna gcaithfear le hidirbhearta na gcuideachtaí atá ag cumasc chun críocha cuntasaíochta mar idirbhearta de chuid na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann;

(g) 

na cearta a thabharfaidh an chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann do chomhaltaí a bhfuil cearta speisialta acu nó do shealbhóirí urrús seachas scaireanna a léiríonn caipiteal na cuideachta nó na bearta a mholtar ina leith;

▼M3

(h) 

aon bhuntáistí speisialta a thabharfar do chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta, faireacháin nó rialála na gcuideachtaí atá ag cumasc;

(i) 

ionstraim comhdhéanaimh na cuideachta atá ann de thoradh an chumaisc trasteorann, i gcás inarb infheidhme, agus na reachtanna más in ionstraim ar leithligh atá siad;

▼B

(j) 

i gcás inarb iomchuí, faisnéis faoi na nósanna imeachta lena ndéantar cinneadh de bhun Airteagal 133 ar shocruithe i ndáil le rannpháirteachas fostaithe agus a gcearta á sainmhíniú maidir le rannpháirtíocht sa chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann;

(k) 

faisnéis faoin meastóireacht ar na sócmhainní agus ar na dliteanais a aistreofar chuig an gcuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann;

(l) 

dátaí chuntais na gcuideachtaí atá ag cumasc a úsáidtear chun coinníollacha an chumaisc thrasteorann a bhunú;

▼M3

(m) 

mionsonraí maidir leis an tairiscint cúitimh airgid do chomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 126a;

(n) 

aon choimircí a thairgtear do chreidiúnaithe, amhail ráthaíochtaí nó gealltanais.

▼M3

Airteagal 123

Nochtadh

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na doiciméid a leanas a nocht an chuideachta agus a chur ar fáil go poiblí i gcláir Bhallstát gach cuideachta atá ag cumasc, aon mhí amháin ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126:

(a) 

dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann; agus

(b) 

fógra lena chuirtear in iúl do chomhaltaí, do chreidiúnaithe agus d'ionadaithe fhostaithe na cuideachta atá ag cumasc, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin, go bhféadfaidh siad barúlacha maidir le dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann a chur faoi bhráid na cuideachta lena mbaineann, laistigh de cúig lá oibre ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar an tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí sa chlár.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chuideachta in ann faisnéis rúnda a eisiamh ó nochtadh na tuarascála ó shaineolaí neamhspleách.

Beidh teacht ar na doiciméid arna nochtadh i gcomhréir leis an mír seo trí chóras idirnascadh na gclár.

2.  
Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí atá ag cumasc a dhíolmhú ón gceanglas um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, más rud é, ar feadh tréimhse leanúnach dar tús tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 126 agus dar críoch tráth nach luaithe ná deireadh an chruinnithe sin, go gcuirfidh na cuideachtaí sin na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil ar a suíomh gréasáin saor in aisce don phobal.

Ní chuirfidh na Ballstáit an díolúine sin, áfach, faoi réir aon cheanglas ná srianta seachas na cinn sin atá riachtanach chun slándáil an tsuímh ghréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú agus atá comhréireach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.  

I gcás ina gcuirfidh na cuideachtaí atá ag cumasc dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann ar fáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas a chur isteach sa chlár lena mbaineann tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126:

(a) 

maidir le gach ceann de na cuideachtaí atá cumasc, a foirm dhlíthiúil agus a hainm agus suíomh a hoifige cláraithe agus an fhoirm dhlíthiúil agus an t‐ainm atá beartaithe le haghaidh aon chuideachta nua-thionscanta agus suíomh beartaithe a hoifige cláraithe;

(b) 

an clár ina gcomhdaítear na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 14 maidir le gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc, agus uimhir chlárúcháin na cuideachta lena mbaineann sa chlár sin;

(c) 

tásc, le haghaidh gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc, de na socruithe arna ndéanamh chun cearta creidiúnaithe, fostaithe agus comhaltaí a fheidhmiú;

(d) 

mionsonraí an tsuímh gréasáin ónar féidir dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, an fógra dá dtagraítear i mír 1, agus an tuarascáil ón saineolaí agus an fhaisnéis iomlán maidir leis na socruithe dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a fháil ar líne agus saor in aisce.

Cuirfidh clár Bhallstát gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír ar fáil go poiblí.

4.  
Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 a chomhlíonadh go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil i mBallstáit na gcuideachtaí atá ag cumasc, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.
5.  
I gcás nach gceanglaítear formheas an chumaisc ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála i gcomhréir le hAirteagal 126(3), déanfar an nochtadh dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo aon mhí ar a laghad roimh dháta chruinniú ginearálta na cuideachta eile/na gcuideachtaí eile atá ag cumasc.
6.  
Féadfaidh na Ballstáit, anuas ar an nochtadh dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, a cheangal go bhfoilseofar dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ina n‐iris náisiúnta nó trí ardán lárnach leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 16(3). Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtarchuirfidh an clár an fhaisnéis ábhartha chuig an iris náisiúnta nó chuig ardán leictreonach lárnach.
7.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain saor in aisce ag an bpobal ar an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 nó ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 trí chóras idirnascadh na gclár.

Áiritheoidh na Ballstáit freisin nach rachaidh aon táillí a ghearrfaidh na cláir um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 ar an gcuideachta agus, i gcás arb infheidhme, i leith an fhoilsithe dá dtagraítear i mír 6, nach mbeidh na táillí sin níos mó ná aisghabháil an chostais as seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil.

Airteagal 124

Tuarascáil an chomhlachta riaracháin nó bainistíochta chuig na comhaltaí agus chuig na fostaithe

1.  
Déanfaidh comhlacht riaracháin nó bainistíochta gach cuideachta atá ag cumasc tuarascáil a tharraingt suas do chomhaltaí agus d'fhostaithe ina dtugtar míniú agus bonn cirt le gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha an chumaisc trasteorann. agus ina dtugtar míniú ar impleachtaí an chumaisc trasteorann d'fhostaithe.

Déanfar, go háirithe, míniú a thabhairt inti ar impleachtaí an chumaisc trasteorann do ghnó na cuideachta amach anseo.

2.  
Áireofar roinn do chomhaltaí agus roinn d'fhostaithe sa tuarascáil freisin.

Féadfaidh an chuideachta cinneadh a dhéanamh cibé acu aon tuarascáil amháin a tharraingt suas ina mbeidh an dá roinn sin nó tuarascálacha ar leith a tharraingt suas do chomhaltaí agus d'fhostaithe faoi seach ina mbeidh an roinn ábhartha.

3.  

Sa roinn den tuarascáil do chomhaltaí, míneofar an méid seo a leanas go háirithe:

(a) 

an cúiteamh airgid agus an modh a úsáideadh leis an gcúiteamh airgid a ríomh;

(b) 

an cóimheas malartaithe scaireanna agus an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcóimheas malartaithe scaireanna a ríomh, i gcás inarb infheidhme;

(c) 

impleachtaí an chumaisc trasteorann do chomhaltaí;

(d) 

na cearta agus na leigheasanna atá ar fáil do chomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 126a.

4.  
Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil do chomhaltaí i gcás ina bhfuil sé comhaontaithe ag comhaltaí uile na cuideachta an ceanglas sin a tharscaoileadh. Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí comhalta aonbhaill a eisiamh ó fhorálacha an Airteagail seo.
5.  

Sa roinn den tuarascáil d'fhostaithe, míneofar go háirithe an méid seo a leanas:

(a) 

impleachtaí an chumaisc trasteorann ar chaidrimh fostaíochta, mar aon le, i gcás inarb infheidhme, aon bhearta chun na caidrimh sin a choimirciú;

(b) 

aon athruithe ábhartha ar na dálaí fostaíochta is infheidhme nó ar shuíomh láithreacha gnó na cuideachta;

(c) 

conas a dhéanann na tosca a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) difear d'fhochuideachtaí ar bith de chuid na cuideachta.

6.  
Cuirfear an tuarascáil nó na tuarascálacha ar fáil in aon chás go leictreonach, in éineacht le dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, má tá fáil orthu, do na comhaltaí agus d'ionadaithe fhostaithe gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc nó, sa chás nach bhfuil ionadaí ar bith dá leithéid ann, do na fostaithe iad féin, nach lú ná sé seachtaine roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126.

I gcás nach gceanglaítear formheas an chumaisc ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála, i gcomhréir le hAirteagal 126(3), áfach, cuirfear an tuarascáil ar fáil sé seachtaine ar a laghad roimh dháta chruinniú ginearálta na cuideachta eile nó na gcuideachtaí eile atá ag cumasc.

7.  
I gcás ina bhfaighidh comhlacht riaracháin nó bainistíochta na cuideachta atá ag cumasc tuairim ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 5 in am iomchuí ó ionadaithe na bhfostaithe nó, i gcás nach ann d'aon ionadaí den sórt sin, ó na fostaithe iad féin, mar a fhoráiltear faoi réir dlí náisiúnta, cuirfear an tuairim sin in iúl do na comhaltaí agus cuirfear i gceangal leis an tuarascáil í.
8.  
Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil a bhaineann le fostaithe i gcás nach bhfuil aon fhostaithe ag cuideachta atá ag cumasc ná ag a fochuideachtaí, más ann dóibh, cé is moite díobh sin ar cuid den chomhlacht riaracháin nó bainistíochta iad.
9.  
I gcás ina ndéantar an roinn den tuarascáil do chomhaltaí dá dtagraítear i mír 3 a tharscaoileadh i gcomhréir le mír 4 agus nach bhfuil an roinn d'fhostaithe dá dtagraítear i mír 5 ag teastáil faoi mhír 8, ní bheidh gá leis an tuarascáil.
10.  
Beidh míreanna 1 go 9 den Airteagal seo gan dochar do na cearta faisnéise agus na cearta comhairliúcháin is infheidhme agus do na nósanna imeachta dá bhforáiltear ar leibhéal náisiúnta tar éis Threoir 2002/14/CE agus Threoir 2009/38/CE a thrasuí.

▼B

Airteagal 125

Tuarascáil ó na saineolaithe neamhspleácha

1.  
Déanfar tuarascáil ó na saineolaithe neamhspleácha atá beartaithe do chomhaltaí a tharraingt suas agus cuirfear ar fáil í tráth nach lú ná mí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126 do gach cuideachta atá ag cumasc. Ag brath ar dhlí gach Ballstáit, d'fheadfadh sé gur daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a bheadh sna saineolaithe sin.

▼M3

I gcás nach gceanglaítear formheas an chumaisc ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála, i gcomhréir le hAirteagal 126(3), áfach, cuirfear an tuarascáil ar fáil aon mhí ar a laghad roimh dháta chruinniú ginearálta na cuideachta eile nó na gcuideachtaí eile atá ag cumasc.

▼B

2.  
Mar rogha mhalartach ar shaineolaithe a oibríonn thar ceann gach cinn de na cuideachtaí atá ag cumasc, féadfaidh ceann amháin nó níos mó de na saineolaithe neamhspleácha, arna cheapadh nó arna gceapadh chun na críche sin, arna iarraidh sin i gcomhpháirt do na cuideachtaí, ag údarás breithiúnach nó riaracháin sa Bhallstát ag ceann amháin de na cuideachtaí atá ag cumasc nó ag an gcuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann nó a d'fhormheas údarás den sórt sin, scrúdú a dhéanamh ar na dréacht-téarmaí comhchoiteanna cumaisc thrasteorann agus tuarascáil scríofa amháin a tharraingt suas do na comhaltaí uile.

▼M3

3.  

Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 in aon chás tuairim an tsaineolaí maidir le cibé an bhfuil an cúiteamh airgid agus an cóimheas malartaithe scaireanna leormhaith. Agus an cúiteamh airgid á mheasúnú, tabharfaidh an saineolaí aird ar aon phraghas margaidh de chuid na scaireanna sna cuideachtaí atá ag cumasc roimh fhógairt an togra cumaisc nó luach na gcuideachtaí gan éifeacht an chumaisc atá beartaithe a bheith san áireamh, de réir mar a chinntear i gcomhréir le modhanna luachála a nglactar leo go ginearálta. Déanfar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil:

(a) 

léiriú ar an modh nó ar na modhanna a úsáideadh chun an cúiteamh airgid arna mholadh a ríomh;

(b) 

an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcóimheas malartaithe scaireanna arna mholadh a ríomh a léiriú;

(c) 

a chur in iúl an leormhaith an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcúiteamh airgid agus an cóimheas malartaithe scaireanna a mheasúnú, an luach a ríomhadh trí na modhanna sin a úsáid a lua agus tuairim a thabhairt ar thábhacht choibhneasta na modhanna sin i ndáil leis an luach a cinneadh a ríomh, agus sa chás gur úsáideadh modhanna difriúla i gcumasc na gcuideachtaí, chomh maith leis an méid sin, a lua an raibh údar le modhanna difriúla a úsáid; agus

(d) 

cur síos ar aon deacrachtaí luachála speisialta a tháinig chun cinn.

Beidh na saineolaí i dteideal an fhaisnéis uile is gá a fháil ó na cuideachtaí atá ag cumasc chun dualgais an tsaineolaí a urscaoileadh.

▼B

4.  
Ní cheanglófar scrúdú ar na dréacht-téarmaí comhchoiteanna cumaisc thrasteorann ná tuarascáil ó shaineolaithe má chomhaontaigh na sealbhóirí uile agus sealbhóirí urrús eile lena dtugtar ceart vótála de chuid gach cinn de na cuideachtaí atá páirteach sa chumasc déanamh amhlaidh.

▼M3

Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí comhalta aonbhaill a eisiamh ón Airteagail seo.

▼B

Airteagal 126

Formheas ag an gcruinniú ginearálta

▼M3

1.  
Tar éis aird a thabhairt ar na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 124 agus in Airteagal 125, i gcás inarb infheidhme, tuairimí fostaithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 124 agus barúlacha na bhfostaithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 123, déanfar cinneadh i gcruinniú ginearálta gach cuideachta atá ag cumasc, trí bhíthin rúin, cibé ar cheart dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann a fhormheas agus ar cheart an ionstraim chomhdhéanaimh, agus na reachtanna más in ionstraim ar leithligh atá siad, a oiriúnú.

▼B

2.  
Féadfaidh cruinniú ginearálta gach cinn de na cuideachtaí atá ag cumasc an ceart a choimeád chun cur chun feidhme an chumaisc thrasteorann a bheith coinníollach ar dhaingniú sainráite an chruinnithe ar shocruithe arna gcinneadh maidir le rannpháirtíocht fostaithe sa chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann.
3.  
Ní gá a cheangal le dlíthe Ballstáit go ndéanfar an cumasc a fhormheas ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála má chomhlíontar na coinníollacha a leagadh síos in Airteagal 94.

▼M3

4.  

Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh an cruinniú ginearálta formheas an chumaisc trasteorann a dhíospóid ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas amháin:

(a) 

níor socraíodh an cóimheas malartaithe scaireanna dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 122 go leormhaith;

(b) 

socraíodh an cúiteamh airgid dá dtagraítear i bpointe (m) d'Airteagal 122 ar bhealach neamhleor; nó

(c) 

níor chomhlíon an fhaisnéis a tugadh maidir leis an gcóimheas malartaithe scaireanna dá dtagraítear i bpointe (a) nó an cúiteamh airgid dá dtagraítear i bpointe (b) na ceanglais dhlíthiúla.

Airteagal 126a

Cosaint na gcomhaltaí

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag comhaltaí na gcuideachtaí atá ag cumasc a vótáil in aghaidh fhormheas dhréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, agus acu siúd ar a laghad, a gcuid scaireanna a dhiúscairt le haghaidh cúiteamh leormhaith airgid agus sin a dhéanamh faoi na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 go 6 ar choinníoll, mar thoradh ar an gcumasc, go bhfaighidís scaireanna sa chuideachta a thiocfadh as an gcumasc a bheadh faoi rialú ag dlí Ballstáit nach é Ballstát na cuideachta lena mbaineann atá ag cumasc.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil freisin do chomhaltaí eile de na cuideachtaí atá ag cumasc go dtabharfar an ceart dá dtagraítear sa chéad fhomhír dóibh.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar cur i gcoinne sainráite i leith dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, rúin na gcomhaltaí a gceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt, nó iad araon, a dhoiciméadú go hiomchuí ar a dhéanaí ag an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 126. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go measfar taifeadadh chur i gcoinne dhréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann mar dhoiciméadú cuí ar vóta diúltach.

2.  
Bunóidh na Ballstáit an tréimhse ar lena linn is gá do na comhaltaí dá dtagraítear i mír 1 dearbhú a thabhairt don chuideachta atá ag cumasc gurb é a gcinneadh é an ceart a fheidhmiú maidir leis na scaireanna a dhiúscairt. Ní rachaidh an tréimhse sin thar aon mhí amháin tar éis an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na cuideachtaí atá ag cumasc seoladh leictreonach ar fáil chun an dearbhú leictreonach sin a fháil.
3.  
Ina theannta sin, bunóidh na Ballstáit an tréimhse ar lena linn a dhéanfar an cúiteamh airgid a shonraítear i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann a íoc. Ní thiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin níos déanaí ná dhá mhí tar éis an chumaisc trasteorann a theacht in éifeacht i gcomhréir le hAirteagal 129.
4.  
Maidir le haon chomhaltaí a bhfuil sé dearbhaithe acu gurb é a gcinneadh é an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt, ach a mheasann nár socraíodh go leormhaith an cúiteamh airgid atá an chuideachta atá ag cumasc lena mbaineann a thairiscint, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad i dteideal cúiteamh breise airgid a éileamh os comhair údarás nó comhlacht inniúil arna sainordú faoin dlí náisiúnta. Bunóidh na Ballstáit teorainn ama don éileamh maidir le cúiteamh breise airgid.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh an cinneadh críochnaitheach lena ndéanfar cúiteamh breise airgid a sholáthar bailí do na comhaltaí uile den chuideachta atá ag cumasc lena mbaineann a bhfuil sé dearbhaithe acu gurb é a gcinneadh é an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt i gcomhréir le mír 2.

5.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar le dlí an Bhallstáit a bhfuil an chuideachta atá ag cumasc faoina réir, na cearta dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 a rialú agus gur laistigh de dhlínse an Bhallstáit sin a bheidh an inniúlacht eisiach réiteach a aimsiú ar aon díospóidí a bhaineann leis na cearta sin.
6.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh comhaltaí sin na cuideachta atá ag cumasc nach raibh sé de cheart acu a gcuid scaireanna a dhiúscairt nó nach ndearna an ceart sin a fheidhmiú, ach atá den tuairim nach bhfuil an cóimheas malartaithe scaireanna atá leagtha amach i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann an cóimheas sin a dhíospóid agus íocaíocht airgid a éileamh. Tionscnófar imeachtaí i ndáil leis sin os comhair an údaráis nó an chomhlachta inniúil arna shainordú faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil an chuideachta ábhartha atá ag cumasc faoina réir, laistigh den teorainn ama a leagtar síos sa dlí náisiúnta sin, agus ní chuirfidh na himeachtaí sin cosc ar chlárú an chumaisc trasteorann. Beidh an cinneadh sin ina cheangal ar an gcuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh an cóimheas malartaithe scaireanna a bhunófar sa chinneadh sin bailí d'aon chomhaltaí den chuideachta atá ag cumasc lena mbaineann nach raibh sé de cheart acu a gcuid scaireanna a dhiúscairt nó nach ndearna an ceart sin a fheidhmiú.

7.  
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin gur féidir leis an gcuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann scaireanna nó cúiteamh eile a sholáthar seachas íocaíocht airgid.

Airteagal 126b

Na creidiúnaithe a chosaint

1.  
Déanfaidh na Ballstáit foráil do chóras leormhaith cosanta do leas na gcreidiúnaithe, a rinne a n‐éilimh sular nochtadh dhréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann agus nach raibh dlite tráth an nochta sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh creidiúnaithe atá míshásta leis na coimircí atá i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, amhail dá bhforáiltear i bpointe (n) d'Airteagal 122, iarratas a dhéanamh, laistigh de thrí mhí ó nochtadh dhréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 123, leis an údarás iomchuí riaracháin nó breithiúnach ar choimircí leormhaithe ar an gcoinníoll gur féidir leis na creidiúnaithe sin a léiriú go hinchreidte go bhfuil, mar gheall ar an gcumasc trasteorann, sásamh a n‐éileamh i dtreis agus nach bhfuair siad aon choimircí leormhaithe ó na cuideachtaí atá ag cumasc.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na coimircí ag brath ar theacht in éifeacht an chumaisc trasteorann a bheith i gcomhréir le hAirteagal 129.

2.  
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gcuirfidh comhlacht riaracháin nó bainistíochta gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc dearbhú ar fáil ina léireofar go cruinn a stádas airgeadais reatha ag dáta nach luaithe ná aon mhí amháin roimh thráth nochtadh an dearbhaithe sin. Luafar sa dearbhú, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil do chomhlacht bainistíochta nó riaracháin na gcuideachtaí atá ag cumasc ar dháta an dearbhaithe, agus tar éis dó fiosruithe réasúnacha a dhéanamh, nach eol don chomhlacht riaracháin nó bainistíochta sin cúis ar bith nach mbeadh an chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc in ann a dhliteanais a chomhlíonadh tráth a bheidh na dliteanais sin iníoctha. Déanfar an dearbhú a nochtadh mar aon le dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 123.
3.  
Beidh míreanna 1 agus 2 gan dochar do chur i bhfeidhm dhlíthe Bhallstáit na gcuideachtaí atá ag cumasc maidir le hoibleagáidí airgid nó neamhairgid atá dlite do chomhlachtaí poiblí a shásamh nó a dhaingniú.

Airteagal 126c

Faisnéis agus comhairliúchán na bhfostaithe

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cearta faisnéise agus comhairliúcháin fostaithe a urramú i ndáil leis an gcumasc trasteorann agus go bhfeidhmeofar iad i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil dá bhforáiltear i dTreoir 2002/14/CE, agus le Treoir 2001/23/CE i gcás ina meastar gurb ionann an cumasc trasteorann agus aistriú gnóthais de réir bhrí Threoir 2001/23/CE, agus, i gcás inarb infheidhme i leith ghnóthais ar leibhéal an Chomhphobail nó i leith grúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail, i gcomhréir le Treoir 2009/38/CE. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil feidhm ag cearta faisnéise agus comhairliúcháin fostaithe maidir le fostaithe cuideachtaí nach iad na cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2002/14/CE iad.
2.  
D'ainneoin phointe (b) d'Airteagal 123(1) agus Airteagal 124(7), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cearta fostaithe ar fhaisnéis agus ar chomhairliúchán a urramú, ar a laghad sula ndéanfar dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann nó an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 124 a chinneadh, cibé acu is luaithe, sa chaoi go dtabharfar freagra réasúnaithe ar na fosaithe roimh an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 126.
3.  
Gan dochar d'aon fhorálacha ná d'aon chleachtais atá i bhfeidhm agus atá níos fabhraí d'fhostaithe, cinnfidh na Ballstáit na socruithe praiticiúla chun an ceart ar fhaisnéis agus ar chomhairliúchán a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2002/14/CE.

▼M3

Airteagal 127

Deimhniú réamhchumaisc

1.  
Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt, an nótaire nó an t‐údarás nó na húdaráis eile atá inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht cumasc trasteorann maidir leis na codanna sin den nós imeachta a rialaítear le dlí Bhallstát na cuideachta atá ag cumasc agus chun deimhniú réamhchumaisc a eisiúint lena bhfianófar comhlíonadh na gcoinníollacha ábhartha go léir agus cur i gcrích cuí na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí i mBallstát an chuideachta atá ag cumasc (“an t‐údarás inniúil”).

Féadfar sásamh nó daingniú oibleagáidí airgid agus neamhairgid a bheidh dlite do chomhlachtaí poiblí nó comhlíonadh ceanglas sonrach earnálach, lena n‐áirítear oibleagáidí a eascróidh as imeachtaí leanúnacha a dhaingniú, a chuimsiú le cur i gcrích sin na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí.

2.  

Áiritheoidh na Ballstáit go ngabhfaidh na nithe seo a leanas leis an iarratas ón gcuideachta atá ag cumasc ar dheimhniú réamhchumaisc a fháil:

(a) 

na dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann;

(b) 

an tuarascáil agus an tuairim i gceangal, más ann di, dá dtagraítear in Airteagal 124, mar aon leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 125, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;

(c) 

aon bharúlacha a thíolacfar i gcomhréir le hAirteagal 123(1); agus

(d) 

faisnéis maidir leis an bhformheas tríd an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160k.

3.  

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeadh faisnéis bhreise ag gabháil leis an iarratas ar dheimhniú réamhchumaisc a fháil ón gcuideachta atá ag cumasc, amhail an méid seo a leanas go háirithe:

(a) 

ar an líon fostaithe tráth a rinneadh dréacht-téarmaí an chumaisc trasteorann a tharraingt suas;

(b) 

fochuideachtaí a bheith ann agus a suíomhanna geografacha faoi seach;

(c) 

faisnéis maidir le hoibleagáidí a bheidh dlite do chomhlachtaí poiblí arna sásamh ag an gcuideachta atá ag cumasc.

Chun críche na míre seo, féadfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin, mura soláthrófar í ag an gcuideachta atá ag cumasc, a iarraidh ar údaráis ábhartha eile.

4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an t‐iarratas dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, lena n‐áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a chur isteach, a chomhlánú ar líne ina iomláine gan an gá do hiarratasóirí a theacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.
5.  
Maidir le comhlíonadh na rialacha a bhaineann le rannpháirtíocht fostaithe de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 133, fíoróidh údarás inniúil Bhallstát na cuideachta atá ag cumasc go n‐áirítear i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, faisnéis maidir leis na nósanna imeachta trína ndéantar na socruithe ábhartha a chinntiú agus maidir leis na roghanna féideartha le haghaidh socruithe dá leithéid.
6.  

Mar chuid den ghrinnscrúdú ar an dlíthiúlacht dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an t‐údarás inniúil an méid seo a leanas:

(a) 

na doiciméid agus an fhaisnéis uile arna dtíolacadh don údarás inniúil i gcomhréir le míreanna 2 agus 3;

(b) 

tásc ó na cuideachtaí atá ag cumasc go bhfuil tús curtha leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 133(3) agus (4), i gcás inarb ábhartha.

7.  

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an grinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích laistigh de thrí mhí ón dáta a gheofar na doiciméid agus an fhaisnéis maidir le cruinniú ginearálta na cuideachta atá ag cumasc an cumasc trasteorann a fhormheas. Beidh ceann díobh seo a leanas mar thoradh ar an grinnscrúdú sin:

(a) 

i gcás ina gcinnfear go gcomhlíontar leis an gcumasc trasteorann na coinníollacha ábhartha uile agus go bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhchumaisc;

(b) 

i gcás ina gcinnfear nach gcomhlíontar leis an gcumasc trasteorann na coinníollacha ábhartha uile nó nach bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, ní eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhchumaisc agus cuirfidh sé in iúl don chuideachta na cúiseanna lena chinneadh. Sa chás sin, féadfaidh an t‐údarás inniúil an deis a thabhairt don chuideachta na coinníollacha ábhartha a chomhlíonadh nó na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse iomchuí ama.

8.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhchumaisc a eisiúint, nuair a chinntear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a cuireadh ar bun cumasc trasteorann arbh é ba thoradh leis gur seachnaíodh dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, nó go ndeachthas timpeall orthu, nó a raibh sé mar aidhm leis gurbh é sin an toradh a bheadh air, nó gur ann dó chun críocha coiriúla.
9.  
I gcás, tríd an ngrinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1, go bhfuil móramhras ar an údarás inniúil lena léireofar gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a cuireadh ar bun an cumasc trasteorann, arbh é ba thoradh leis gur seachnaíodh dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, nó go ndeachthas timpeall orthu, nó a raibh sé mar aidhm leis gurbh é sin an toradh a bheadh air, nó gur chun críocha coiriúla atá sé, déanfaidh sé fíorais agus cúinsí ábhartha a chur san áireamh, amhail, i gcás inarb ábhartha agus gan iad a bhreithniú ina n‐aonar, tosca táscacha a bhfuil an t‐údarás inniúil ar an eolas fúthu, le linn an ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, lena n‐áirítear trí chomhairliúchán leis na húdaráis ábhartha. Is ar bhonn cás ar chás, trí nós imeachta arna rialú leis an dlí náisiúnta, a dhéanfar an measúnú chun críocha na míre seo.
10.  
I gcás inar gá chun críocha an mheasúnaithe faoi mhíreanna 8 agus 9 faisnéis bhreise a chur san áireamh nó gníomhaíochtaí breise imscrúdaitheacha a dhéanamh, féadfar síneadh trí mhí ar a mhéid a chur leis an tréimhse trí mhí dá bhforáiltear i mír 7.
11.  
I gcás nach féidir an measúnú a dhéanamh laistigh de na spriocdhátaí amhail dá bhforáiltear i míreanna 7 agus 10 de bharr chastacht nós imeachta an chumaisc trasteorann, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an t‐iarratasóir ar an eolas faoi na cúiseanna le haon mhoill sula rachaidh an spriocdháta sin in éag.
12.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an t‐údarás inniúil dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha eile a bhfuil inniúlacht acu sna réimsí éagsúla lena mbaineann an cumasc trasteorann, lena n‐áirítear iad sin de chuid Bhallstát na gcuideachtaí a thiocfaidh as an gcumasc, agus faisnéis agus doiciméid a fháil ó na húdaráis sin agus ón gcuideachta atá ag cumasc atá riachtanach chun an grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht an chumaisc trasteorann a chur i gcrích, faoi chuimsiú an chreata nós imeachta a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Chun críocha an mheasúnaithe, féadfaidh an t‐údarás inniúil dul ar iontaoibh saineolaí neamhspleách.

▼M3

Airteagal 127a

An deimhniú réamhchumaisc a tharchur

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go roinnfear an deimhniú réamhchumaisc leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 128(1) trí chóras idirnasctha na gclár.

Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh fáil ar an deimhniú réamhchumaisc trí chóras idirnasctha na gclár.

2.  
Beidh rochtain saor in aisce ar an deimhniú réamhchumaisc ag na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 128(1) agus ag na cláir.

▼B

Airteagal 128

Grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht an chumaisc thrasteorann

1.  
Ainmneoidh gach Ballstát an chúirt, an nótaire nó an t-údarás eile atá inniúil eile chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chumaisc thrasteorann i ndáil leis an gcuid sin den nós imeachta a bhaineann le comhlánú an chumaisc thrasteorann agus, i gcás inarb iomchuí, foirmiú cuideachta nua a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann i gcás ina bhfuil an chuideachta a chruthófar leis an gcumasc trasteorann faoi réir a dhlí náisiúnta. Áiritheoidh an t-údarás sin go háirithe gur fhormheas na cuideachtaí atá ag cumasc na dréacht-téarmaí comhchoiteanna cumaisc thrasteorann sna téarmaí céanna agus, i gcás inarb iomchuí, gur cinneadh socruithe maidir le rannpháirtíocht fostaithe i gcomhréir le hAirteagal 133.

▼M3

2.  
Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh gach cuideachta atá ag cumasc faoi bhráid an údaráis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann arna bhformheas ag an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 126 nó, i gcás nach bhfuil formheas ón gcruinniú ginearálta ag teastáil i gcomhréir le hAirteagal 132(3), dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann arna bhformheas ag gach cuideachta atá ag cumasc i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

▼M3

3.  
Áiritheoidh gach Ballstát go bhféadfar aon iarratas chun críocha mhír 1, ó aon cheann de na cuideachtaí atá ag cumasc, lena n‐áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a thíolacadh, a chomhlánú ar líne ina iomláine gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.
4.  
Formheasfaidh an t‐údarás dá dtagraítear i mír 1 an cumasc trasteorann a luaithe a bheidh an cinneadh déanta aige gur comhlíonadh na coinníollacha ábhartha go léir.
5.  
Glacfaidh an t‐údarás dá dtagraítear i mír 1 leis an deimhniú réamhchumaisc mar fhianú cinntitheach ar chomhlánú ceart na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí réamhchumaisc is infheidhme ina Bhallstát faoi seach, nach féidir an cumasc trasteorann a fhormheas ina n‐éagmais.

▼B

Airteagal 129

An dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an gcumasc trasteorann

Is é dlí an Bhallstáit a mbeidh an chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann faoina réir a chinnfidh an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an gcumasc trasteorann. Beidh an dáta sin i ndiaidh an grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 128 a chur i gcrích.

▼M3

Airteagal 130

Clárú

1.  
Is iad dlíthe na mBallstát a bhfuil na cuideachtaí atá ag cumasc agus an chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc faoina réir a chinnfidh, i ndáil lena gcríocha faoi seach, na socruithe, i gcomhréir le hAirteagal 16, maidir le tabhairt chun críche an chumaisc trasteorann a nochtadh ina gcláir phoiblí.
2.  

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear isteach an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ina gcláir:

(a) 

i gclár Bhallstát na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc – gur toradh ar chumasc trasteorann é clárú na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc;

(b) 

i gclár Bhallstát na gcuideachtaí a thiocfaidh as an gcumasc – dáta clárúcháin na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc;

(c) 

i gclár Bhallstát gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc, gur toradh ar chumasc trasteorann é an chuideachta atá ag cumasc a scriosadh nó a bhaint den chlár;

(d) 

i gclár Bhallstát gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc, dáta scriosadh nó bhaint na cuideachta atá ag cumasc den chlár;

(e) 

i gcláir Bhallstát gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc agus Bhallstát na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc faoi seach – uimhir chlárúcháin, ainm agus foirm dhlíthiúil gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc agus uimhreacha clárúcháin, ainmneacha agus foirm dhlíthiúil na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc.

Cuirfidh na cláir an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil go poiblí agus inrochtana trí chóras idirnascadh na gclár.

3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh an clár i mBallstát na cuideachta a thig as an gcumasc trasteorann fógra don chlár i mBallstát na cuideachta atá ag cumasc, trí chóras idirnascadh na gclár agus gan mhoill, go bhfuil éifeacht glactha ag an gcumasc trasteorann. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndéanfar clárú na cuideachta atá ag cumasc a scriosadh nó a bhaint den chlár láithreach tar éis an fógra sin a fháil.

▼B

Airteagal 131

Iarmhairtí cumaisc thrasteorann

▼M3

1.  

Beidh na hiarmhairtí seo a leanas ag cumasc trasteorann a dhéantar mar a leagtar síos i bhfophointe (a), (c) agus (d) de phointe (2) d'Airteagal 119, ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 129:

(a) 

aistrítear sócmhainní agus dliteanais uile na cuideachta atá á fáil, lena n‐áirítear gach conradh, gach creidmheas, gach ceart agus gach oibleagáid, chuig an gcuideachta éadála;

(b) 

tiocfaidh comhaltaí na cuideachta a bheith ina gcomhaltaí den chuideachta éadála, mura bhfuil a gcuid scaireanna diúscartha acu mar a thagraítear in Airteagal 126a(1);

(c) 

scoirfidh an chuideachta atá á fáil de bheith ann.

▼B

2.  

Beidh na hiarmhairtí seo a leanas ag cumasc trasteorann a dhéantar mar a leagtar síos i bhfophointe (b) de phointe (2) d'Airteagal 119, ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 129:

▼M3

(a) 

aistreofar sócmhainní agus dliteanais uile na gcuideachtaí atá ag cumasc, lena n‐áirítear gach conradh, gach creidmheas, gach ceart agus gach oibleagáid, chuig an gcuideachta nua;

(b) 

déanfar comhaltaí den chuideachta nua de chomhaltaí na gcuideachtaí atá ag cumasc, mura bhfuil a gcuid scaireanna diúscartha acu mar a thagraítear in Airteagal 126a (1);

▼B

(c) 

scoirfidh na cuideachtaí atá ag cumasc de bheith ann.

3.  
I gcás cumasc trasteorann cuideachtaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, ina bhfuil gá faoi dhlíthe an Bhallstáit foirmiúlachtaí speisialta a chomhlánú sula mbeidh éifeacht i gcoinne tríú páirtithe le haistriú sócmhainní, ceart agus oibleagáidí áirithe ag na cuideachtaí atá ag cumasc, cuirfidh an chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc na foirmiúlachtaí sin chun críche.
4.  
Maidir le cearta agus oibleagáidí na gcuideachtaí sin a eascraíonn as conarthaí fostaíochta nó ó chaidreamh fostaíochta agus atá ann ar an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an gcumasc trasteorann, mar gheall ar theacht i bhfeidhm an chumaisc thrasteorann sin, déanfar iad a aistriú chuig an gcuideachta a thiocfaidh as an gcumasc ar an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an gcumasc trasteorann.
5.  

Ní dhéanfar aon scaireanna sa chuideachta éadála a mhalartú ar mhaithe le scaireanna sa chuideachta atá á fáil:

(a) 

tríd an gcuideachta éadála féin nó trí dhuine atá ag gníomhú ina ainm féin nó ina hainm féin ach ar son na cuideachta éadála;

(b) 

tríd an gcuideachta féin atá á fáil nó trí aon duine atá ag gníomhú ina ainm féin nó ina hainm féin ach ar son na cuideachta.

Airteagal 132

Foirmiúlachtaí simplithe

▼M3

1.  

I gcás ina ndéanfaidh cuideachta a shealbhaíonn na scaireanna uile agus urrúis eile a thugann an ceart vótála ag cruinnithe ginearálta na cuideachta atá á fáil nó na gcuideachtaí atá á bhfáil nó i gcás ina ndéanfaidh duine a shealbhaíonn ar dhóigh dhíreach nó ar dhóigh indíreach na scaireanna uile sa chuideachta éadála agus sa chuideachta nó cuideachtaí atá á bhfáil, i gcás ina ndéanfaidh an chuideachta nó an duine sin cumasc trasteorann trí éadáil a chur i gcrích agus nach gcionroinnfidh an chuideachta éadála aon scaireanna faoin gcumasc:

— 
ní bheidh feidhm ag pointí (b), (c), (e) agus (m) d'Airteagal 122, Airteagal 125 agus pointe (b) d'Airteagal 131(1);
— 
ní bheidh feidhm ag Airteagal 124 ná ag Airteagal 126(1) maidir leis an gcuideachta atá á fáil nó na cuideachtaí atá á bhfáil.

▼B

2.  
I gcás ina ndéanann cuideachta a shealbhaíonn 90 % nó níos mó de na scaireanna agus urrúis eile a thugann an ceart vótála ag cruinnithe ginearálta den chuideachta atá á fáil nó de na cuideachtaí atá á bhfáil, ach nach sealbhaíonn na scaireanna agus na hurrúis sin ar fad, cumasc trasteorann trí éadáil a chur i gcrích, ní bheidh gá le tuarascálacha ó shaineolaí neamhspleách nó ó shaineolaithe neamhspleácha ach a mhéid atá gá lena leithéid faoin dlí náisiúnta lena rialaítear an chuideachta éadála nó an chuideachta atá á fáil nó na cuideachtaí atá á bhfáil, i gcomhréir le Caibidil I de Theideal II.

▼M3

3.  
I gcás ina bhforálfar le dlíthe Bhallstáit na gcuideachtaí uile atá ag cumasc maidir leis an díolúine ón bhformheas ag an gcruinniú ginearálta i gcomhréir le hAirteagal 126(3) agus mír 1 den Airteagal seo, cuirfear ar fáil dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann nó an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 123(1) go (3) faoi seach agus na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 124 agus Airteagal 125 tráth nach déanaí ná aon mhí amháin sula ndéanfaidh an chuideachta an cinneadh maidir leis an gcumasc i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

▼B

Airteagal 133

Rannpháirtíocht na bhfostaithe

1.  
Gan dochar do mhír 2, beidh an chuideachta a thiocfaidh as an gcumas trasteorann faoi réir na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht na bhfostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát ina mbeidh a hoifig chláraithe.

▼M3

2.  

Ní bheidh feidhm, áfach, ag na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht fostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát ina mbeidh oifig chláraithe na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann i gcás, sna sé mhí roimh nochtadh dhréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, ina mbeidh meánlíon fostaithe atá coibhéiseach le ceithre chúigiú den tairiseach is infheidhme, mar a leagtar síos i ndlí an Bhallstáit a bhfuil an chuideachta atá ag cumasc faoi réir a dhlínse, chun rannpháirtíocht fostaithe a spreagadh de réir bhrí phointe (k) d'Airteagal 2 de Threoir 2001/86/CE, ná i gcás nach ndéantar leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann na nithe seo a leanas:

▼B

(a) 

foráil a dhéanamh don leibhéal céanna rannpháirtíochta fostaithe ar a laghad agus a bhí sna cuideachtaí atá ag cumasc, arna thomhas trí thagairt a dhéanamh don chion ionadaithe fostaithe i measc chomhaltaí an orgáin riaracháin nó maoirseachta nó a gcoistí nó an ghrúpa bainistíochta a chumhdaíonn aonaid bhrabúis na cuideachta, faoi réir ionadaíocht fostaithe; nó

(b) 

foráil a dhéanamh maidir le fostaithe bunaíochtaí de chuid na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann atá suite i mBallstát eile, go mbeidh siad i dteideal cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú mar atá na fostaithe sin sa Bhallstát ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann.

3.  

Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2, beidh rannpháirtíocht na bhfostaithe sa chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann agus a bpáirtíocht i sainmhíniú na gceart sin arna rialú ag na Ballstáit, mutatis mutandis agus faoi réir mhír 4 go mír 7, i gcomhréir leis na prionsabail agus na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 12(2), (3) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 agus na forálacha seo a leanas de Threoir 2001/86/CE:

(a) 

Airteagal 3(1), (2) agus (3), an chéad fhleasc den chéad fhomhír d'Airteagal 3(4), an dara fomhír d'Airteagal 3(4) agus Airteagal 3(5) agus (7);

(b) 

Airteagal 4(1), Airteagal 4(2)(a), (g) agus (h) agus Airteagal 4(3);

(c) 

Airteagal 5;

(d) 

Airteagal 6;

(e) 

Airteagal 7(1), pointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 7(2), an dara fomhír d'Airteagal 7(2) agus Airteagal 7(3). Mar sin féin, chun críocha na Caibidle seo, ardófar ó 25 % go dtí 33 1/3 % na céatadáin a cheanglaítear faoi phointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 7(2) de Threoir 2001/86/CE maidir le cur i bhfeidhm na rialacha caighdeánacha atá i gCuid 3 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin;

(f) 

Airteagal 8, Airteagal 10 agus Airteagal 12;

(g) 

Airteagal 13(4);

(h) 

pointe (b) de Chuid 3 den Iarscríbhinn.

4.  

Agus iad i mbun rialála ar na prionsabail agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

▼M3

(a) 

an ceart a thabhairt do chomhlachtaí ábhartha na gcuideachtaí atá ag cumasc, i gcás ina mbeidh ar a laghad ceann amháin de na cuideachtaí atá ag cumasc ag feidhmiú faoi réir córas rannpháirtíochta fostaithe de réir bhrí phointe (k) d'Airteagal 2 de Threoir 2001/86/EC, roghnú gan caibidlíocht roimh ré a bheith go díreach faoi réir na rialacha caighdeánacha maidir le rannpháirtíocht dá dtagraítear i bpointe (b) de Chuid 3 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin, mar a leagtar síos i reachtaíocht an Bhallstáit ina mbeidh oifig chláraithe na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann, agus cloí leis na rialacha sin ó dháta an chláraithe;

▼B

(b) 

an ceart a thabhairt don chomhlacht speisialta caibidlíochta cinneadh a dhéanamh, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar dhá thrian de na fostaithe, lena n-áirítear vótaí na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar fhostaithe in dhá Bhallstát éagsúla, gan caibidlíocht a oscailt nó caibidlíocht a osclaíodh cheana féin a fhoirceannadh agus brath ar na rialacha maidir le rannpháirtíocht atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina mbeidh oifig chláraithe na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann suite;

(c) 

i gcás ina bhfuil feidhm, tar éis caibidlíocht roimh ré, le rialacha caighdeánacha le haghaidh rannpháirtíochta agus in ainneoin rialacha den sórt sin, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh maidir le teorainn a chur ar chion na n-ionadaithe fostaithe in orgán riaracháin na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann. Mar sin féin, más rud é i gceann de na cuideachtaí atá ag cumasc gur ionadaithe fostaithe ar a laghad trian den bhord riaracháin nó maoirseachta, ní fhéadfaidh sé a bheith mar thoradh riamh ar an teorannú sin go mbeadh cion ionadaithe fostaithe níos ísle ná aon trian san orgán riaracháin.

5.  
Ní bheidh sé mar thoradh ar chearta rannpháirtíochta a shíneadh chuig fostaithe na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann a bheidh fostaithe i mBallstáit eile, dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, go mbeidh oibleagáid ar na Ballstáit a roghnaíonn déanamh amhlaidh na fostaithe sin a chur san áireamh agus na tairseacha lucht saothair á ríomh as a dtiocfaidh cearta rannpháirtíochta faoin dlí náisiúnta.
6.  
I gcás ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na cuideachtaí atá ag cumasc ag feidhmiú faoi chóras rannpháirtíochta fostaithe agus an chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann le rialú faoi chóras den chineál sin i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 2, beidh oibleagáid ar an gcuideachta sin foirm dhlíthiúil a ghabháil lena gceadaítear cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú.

▼M3

7.  
I gcás ina mbeidh an chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann ag feidhmiú faoi réir córas rannpháirtíochta fostaithe, beidh oibleagáid ar an gcuideachta sin bearta a dhéanamh chun a áirithiú go gcosnófar cearta rannpháirtíochta fostaithe i gcás cumasc, deighilte nó comhshó, cibé acu trasteorann nó intíre, ina dhiaidh sin go ceann tréimhse 4 bliana tar éis an dáta ar ghabh éifeacht leis an gcumasc trasteorann, trí na rialacha a leagtar síos i mír 1 go mír 6 a chur i bhfeidhm mutatis mutandis.

▼M3

8.  
Cuirfidh cuideachta in iúl dá fostaithe nó d'ionadaithe a fostaithe cé acu an roghnaíonn sí rialacha caighdeánacha maidir le rannpháirtíocht dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 3 a chur i bhfeidhm nó an ndeachaigh sí i mbun caibidlíochta faoi chuimsiú an chomhlachta caibidlíochta speisialta. Sa dara cás sin, cuirfidh an chuideachta in iúl dá fostaithe nó d'ionadaithe a fostaithe toradh na gcaibidlíochtaí gan moill mhíchuí.

Airteagal 133a

Saineolaithe neamhspleácha

1.  
Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena rialófar ar a laghad dliteanas sibhialta an tsaineolaí neamhspleách a bheidh freagrach as an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 125 a tharraingt suas.
2.  

Beidh rialacha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a áirithiú go mbeidh:

(a) 

an saineolaí, nó an duine dlítheanach ar thar a cheann a bheidh an saineolaí ag obair, neamhspleách ón gcuideachta a bhfuil iarratas á dhéanamh aici ar an deimhniú réamhchumaisc agus nach mbeidh aon choinbhleacht leasa aige leis an gcuideachta sin; agus

(b) 

tuairim an tsaineolaí neamhchlaonta agus oibiachtúil, agus tugtha d'fhonn cúnamh a thabhairt don údarás inniúil i gcomhréir leis na ceanglais neamhchlaontachta agus neamhspleáchais faoin dlí agus na caighdeáin ghairmiúla a bhfuil an saineolaí faoina réir.

▼B

Airteagal 134

Bailíocht

Ní fhéadfar cumasc trasteorann ar ghabh éifeacht leis mar a fhoráiltear in Airteagal 129 a chur ar neamhní.

▼M3

Ní dhéanann an chéad mhír difear do chumhachtaí na mBallstát maidir leis an dlí choiriúil, maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, maidir leis an dlí shóisialta, maidir le forfheidhmiú an chanachais agus an dlí, chun bearta agus pionóis a fhorchur, faoin dlí náisiúnta, tar éis an dáta a ghabh éifeacht leis an gcumasc trasteorann.

▼B



CAIBIDIL III

Cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta a dheighilt



Roinn 1

Forálacha Ginearálta

Airteagal 135

Forálacha ginearálta maidir le hoibríochtaí deighilte

1.  
I gcás ina gceadóidh na Ballstáit na cineálacha cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a thagann faoina ndlíthe oibríochtaí deighilte a dhéanamh trí éadáil mar a shainmhínítear in Airteagal 136, cuirfidh siad na hoibríochtaí sin faoi réir Roinn 2 den Chaibidil seo.
2.  
I gcás ina gceadóidh na Ballstáit na cineálacha cuideachtaí dá dtagraítear i mír 1 oibríochtaí deighilte a dhéanamh trí chuideachtaí nua a fhoirmiú mar a shainmhínítear in Airteagal 155, cuirfidh siad na hoibríochtaí sin faoi réir Roinn 3 den Chaibidil seo.
3.  
I gcás ina gceadóidh na Ballstáit na cineálacha cuideachtaí dá dtagraítear i mír 1 oibríochtaí a dhéanamh, ina ndéantar deighilt trí éadáil mar a shainmhínítear in Airteagal 136(1) a chomhcheangal le deighilt trí chuideachta nua amháin nó níos mó a fhoirmiú mar a shainmhínítear in Airteagal 155(1), cuirfidh siad na hoibríochtaí sin faoi réir Roinn 2 den Chaibidil seo agus faoi réir Airteagal 156.
4.  
Beidh feidhm ag Airteagal 87(2), (3) agus (4).



Roinn 2

Deighilt trí éadáil

Airteagal 136

Sainmhíniú ar “deighilt trí éadáil”

1.  
Chun críocha na Caibidle seo, ciallóidh “deighilt trí éadáil” an oibríocht lena n-aistríonn cuideachta, tar éis a foirceanta gan dul faoi leachtú, a sócmhainní agus a dliteanais go léir chuig níos mó ná cuideachta amháin mar mhalartú ar scaireanna sna cuideachtaí a fhaigheann ranníocaíochtaí mar gheall ar an deighilt (dá ngairtear “cuideachtaí is faighteoir” anseo feasta) a chionroinnt ar scairshealbhóirí na cuideachta atá á deighilt, agus íocaíocht fhéideartha in airgead tirim nach sáraíonn 10 % de luach ainmniúil na scaireanna arna gcionroinnt nó, i gcás nach bhfuil aon luach ainmniúil acu, dá bparluach cuntasaíochta.
2.  
Beidh feidhm ag Airteagal 89(2).
3.  
A mhéid a thagraíonn an Chaibidil seo d'fhorálacha Chaibidil I de Theideal II, ciallaíonn an téarma “cuideachtaí atá ag cumasc”“na cuideachtaí atá páirteach i ndeighilt”, ciallaíonn an téarma “cuideachta atá á fáil”“an chuideachta atá á deighilt”, ciallaíonn an téarma “cuideachta éadála”“gach ceann de na cuideachtaí is faighteoir” agus ciallaíonn an téarma “dréacht-téarmaí cumaisc”“dréacht-téarmaí deighilte”.

Airteagal 137

Dréacht-téarmaí deighilte

1.  
Déanfaidh comhlachtaí riaracháin nó bainistíochta na gcuideachtaí atá páirteach i ndeighilt dréacht-téarmaí deighilte a tharraingt suas i scríbhinn.
2.  

Sonrófar le dréacht-téarmaí deighilte na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a) 

cineál, ainm agus oifig chláraithe gach cinn de na cuideachtaí atá páirteach sa deighilt;

(b) 

an cóimheas malartaithe scaireanna agus méid aon íocaíochta in airgead tirim;

(c) 

na téarmaí a bhaineann le leithroinnt scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir;

(d) 

an dáta óna bhfuil sealbhóirí na scaireanna sin i dteideal páirt a ghlacadh i mbrabúis, de bhrí gur sealbhóirí iad agus aon choinníollacha speisialta lena ndéantar difear don teidlíocht sin;

(e) 

an dáta óna gcaithfear le hidirbhearta na cuideachta atá á deighilt chun críocha cuntasaíochta mar idirbhearta de chuid ceann amháin nó eile de na cuideachtaí is faighteoir;

(f) 

na cearta a thugann na cuideachtaí is faighteoir do shealbhóirí scaireanna lena ngabhann cearta speisialta agus do shealbhóirí urrús seachas scaireanna, nó na bearta a mholtar mar gheall orthu;

(g) 

aon bhuntáiste speisialta a thugtar do na saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 142(1) agus do chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta, maoirsithe nó rialaithe na gcuideachtaí atá páirteach sa deighilt;

(h) 

cur síos agus cionroinnt bheacht na sócmhainní agus na ndliteanas atá le haistriú chuig gach ceann de na cuideachtaí is faighteoir;

(i) 

cionroinnt na scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir ar scairshealbhóirí na cuideachta atá á deighilt agus na critéir ar a bhfuil an chionroinnt sin bunaithe.

3.  
I gcás nach gcionroinntear sócmhainn faoi na dréacht-téarmaí deighilte agus i gcás nach bhféadfar cinneadh a dhéanamh maidir lena cionroinnt le léiriú ar na téarmaí sin, cionroinnfear an tsócmhainn nó an chomaoin ina leith ar na cuideachtaí is faighteoir uile i gcoibhneas le scair na nglansócmhainní a chionroinntear ar gach ceann de na cuideachtaí sin faoi na dréacht-téarmaí deighilte.

I gcás nach gcionroinntear dliteanas faoi na dréacht-téarmaí deighilte agus i gcás nach bhféadfar cinneadh a dhéanamh maidir lena cionroinnt le léiriú ar na téarmaí sin, beidh gach ceann de na cuideachtaí is faighteoir faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh an dliteanas i gcomhpháirt agus leithleach sin teoranta do na sócmhainní arna gcionroinnt ar gach cuideachta.

Airteagal 138

Na dréacht-téarmaí deighilte a fhoilsiú

Foilseofar dréacht-téarmaí deighilte ar an mbealach a fhorordaítear le dlíthe gach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 16, do gach ceann de na cuideachtaí atá páirteach i ndeighilt ar a laghad mí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta a dhéanfaidh cinneadh ina leith.

Beidh aon cheann de na cuideachtaí atá páirteach sa deighilt díolmhaithe ón gceanglas maidir le foilsiú a leagtar síos in Airteagal 16, más rud é ar feadh tréimhse leanúnaí a thosaíonn ar a laghad mí amháin roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta atá chun na dréacht-téarmaí deighilte a chinneadh agus nach gcríochnaíonn níos luaithe ná clabhsúr an chruinnithe sin, go gcuirfidh sí na dréacht-téarmaí deighilte ar fáil ar a suíomh gréasáin saor in aisce don phobal. Ní chuirfidh na Ballstáit an díolúine sin faoi réir aon cheanglas ná srianta seachas na ceanglais nó na srianta sin atá riachtanach d'fhonn slándáil an tsuímh gréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú, ná ní fhéadfaidh siad na ceanglais nó na srianta sin a fhorchur ach a mhéid atá siad comhréireach d'fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach.

De mhaolú ar an dara halt den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a éileamh go gcuirfear an foilseachán sin i gcrích tríd an ardán lárnach leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 16(5). De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit a éileamh go ndéanfar an foilseachán sin ar shuíomh gréasáin ar bith eile a ainmníonn siad chun na críche sin. I gcás ina mbaineann na Ballstáit leas as ceann de na féidearthachtaí sin, áiritheoidh siad nach ngearrfar táille shainiúil ar chuideachtaí as an bhfoilsiú sin.

I gcás ina n-úsáidtear suíomh gréasáin seachas an t-ardán lárnach leictreonach, foilseofar tagairt lena dtugtar rochtain ar an suíomh gréasáin sin ar an ardán lárnach leictreonach sin ar a laghad mí amháin roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta. Áireofar sa tagairt sin dáta foilseacháin na ndréacht-téarmaí deighilte ar an suíomh gréasáin agus beidh rochtain ag an bpobal uirthi saor in aisce. Ní ghearrfar táille shainiúil ar chuideachtaí as an bhfoilseachán sin.

Ní dhéanfar difear, leis an toirmeasc lena gcuirtear bac ar tháille ar leith a ghearradh ar chuideachtaí le haghaidh foilseacháin, a leagtar síos sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír, do chumas na mBallstát na costais i dtaca leis an ardán lárnach leictreonach a ghearradh ar chuideachtaí.

Féadfaidh na Ballstát a cheangal ar chuideachtaí an fhaisnéis a choimeád ar a suíomh gréasáin ar feadh tréimhse shonrach tar éis an chruinnithe ghinearálta, nó, i gcás inarb infheidhme, ar an ardán lárnach leictreonach nó ar an suíomh gréasáin eile arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh na Ballstáit iarmhairtí fachtóirí teicniúla nó eile a chinneadh a dtarlaíonn cur isteach sealadach ar rochtain ar an suíomh gréasáin nó ar an ardán lárnach leictreonach mar gheall orthu.

Airteagal 139

Formheas ag cruinniú ginearálta gach cinn de na cuideachtaí atá páirteach i ndeighilt

1.  
Ionas go mbeidh deighilt ann ceanglófar ar a laghad formheas a bheith tugtha ag cruinniú ginearálta gach cinn de na cuideachtaí atá páirteach sa deighilt. Beidh feidhm ag Airteagal 93 maidir leis an tromlach is gá maidir le cinntí den sórt sin, a raon feidhme agus an gá atá le vótaí ar leithligh.
2.  
I gcás ina gcionroinntear scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir ar scairshealbhóirí na cuideachta atá á deighilt ar shlí atá éagsúil ón gcoibhneas lena gcearta i gcaipiteal na cuideachta sin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfaidh scairshealbhóirí mionlaigh na cuideachta sin an ceart go gceannófaí a gcuid scaireanna a fheidhmiú. Sa chás sin, beidh siad i dteideal comaoin a fháil atá comhfhreagrach do luach a gcuid scaireanna. I gcás díospóide a bhaineann leis an gcomaoin sin, féadfaidh cúirt cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcomaoin.

Airteagal 140

Maolú ón gceanglas go ndéanfaí an chuideachta is faighteoir a fhormheas ag an gcruinniú ginearálta

Ní gá a cheangal le dlíthe Ballstáit go ndéanfaí an deighilt a fhormheas ag cruinniú ginearálta de chuideachta is faighteoir má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

déantar an foilsiú dá bhforáiltear in Airteagal 138, a bhaineann le gach cuideachta is faighteoir, mí amháin ar a laghad roimh an dáta arna shocrú do chruinniú ginearálta na cuideachta atá á deighilt, ar cruinniú é a gcinnfear dréacht-téarmaí na deighilte lena linn;

(b) 

mí amháin ar a laghad roimh an dáta a shonraítear i bpointe (a), tá scairshealbhóirí uile gach cuideachta is faighteoir i dteideal cigireacht a dhéanamh ag oifig chláraithe na cuideachta sin ar na doiciméid a shonraítear in Airteagal 143(1);

(c) 

tá ceann amháin nó níos mó de scairshealbhóirí na cuideachta is faighteoir, atá i seilbh céatadán íosta den chaipiteal suibscríofa, i dteideal a cheangal go ngairfí cruinniú ginearálta de chuideachta den sórt sin is faighteoir chun a chinneadh an ndéanfar an deighilt a fhormheas. Ní fhéadfar céatadán íosta sórt sin a shocrú ag níos mó ná 5 %. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, áfach, do scaireanna nach mbaineann vótáil leo a eisiamh ón ríomh sin.

Chun críocha phointe (b) den chéad mhír, beidh feidhm ag Airteagal 143(2), (3) agus (4).

Airteagal 141

Tuarascáil mhionsonraithe i scríbhinn agus faisnéis faoi dheighilt

1.  
Déanfaidh comhlachtaí riaracháin nó bainistíochta ó gach ceann de na cuideachtaí atá páirteach sa deighilt tuarascáil mhionsonraithe i scríbhinn a tharraingt suas lena míneofar na dréacht-téarmaí deighilte agus lena leagfar amach na forais dhlíthiúla agus eacnamaíocha ina leith, go háirithe cóimheas mhalartú na scaireanna agus na critéir lena gcinnfear cionroinnt na scaireanna.
2.  
Tabharfar tuairisc freisin sa tuarascáil ar aon deacrachtaí speisialta a tháinig chun cinn maidir le luacháil.

I gcás inarb infheidhme, nochtfar inti ullmhú na tuarascála ar an gcomaoin seachas in airgead tirim dá dtagraítear in Airteagal 70(2) le haghaidh cuideachtaí is faighteoir agus an clár nach mór an tuarascáil sin a thaisceadh ann.

3.  
Cuirfidh comhlachtaí riaracháin nó bainistíochta cuideachta atá á deighilt cruinniú ginearálta na cuideachta sin ar an eolas, mar aon le comhlachtaí riaracháin nó bainistíochta na gcuideachtaí is faighteoir, ionas go bhféadfaidh siad a gcuid cruinnithe ginearálta faoi seach a chur ar an eolas faoi aon athrú ábhartha i sócmhainní agus dliteanais idir dáta ullmhúcháin dréacht-téarmaí deighilte agus dáta an chruinnithe ghinearálta den chuideachta atá á deighilt a gcinnfear na dréacht-téarmaí deighilte lena linn.

Airteagal 142

Na dréacht-téarmaí deighilte a scrúdú ag saineolaithe

1.  
Saineolaí amháin nó níos mó, atá ag gníomhú thar ceann gach cinn de na cuideachtaí atá páirteach sa deighilt ach atá neamhspleách orthu, a cheap nó a d'fhormheas údarás breithiúnach nó riaracháin, déanfaidh sé nó siad scrúdú ar na dréacht-téarmaí deighilte agus déanfaidh sé nó siad tuarascáil scríofa a tharraingt suas a chuirfear chuig na scairshealbhóirí. Féadfar foráil a dhéanamh, áfach, le dlí Ballstáit, do shaineolaí amháin nó níos mó a cheapadh do na cuideachtaí uile atá páirteach i ndeighilt, má dhéanann údarás breithiúnach nó riaracháin an ceapachán sin arna iarraidh sin dó ag na cuideachtaí sin le chéile. Ag brath ar dhlíthe gach Ballstáit, d'fhéadfadh sé gur daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó cuideachtaí nó gnólachtaí a bheadh sna saineolaithe sin.
2.  
Beidh feidhm ag Airteagal 96(2) agus (3).

Airteagal 143

Doiciméid a bheith ar fáil le haghaidh a scrúdaithe ag scairshealbhóirí

1.  

Beidh na scairshealbhóirí uile i dteideal na doiciméid seo a leanas ar a laghad a scrúdú ag an oifig chláraithe mí amháin ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta a mbeidh na dréacht-téarmaí deighilte le cinneadh lena linn:

(a) 

na dréacht-téarmaí deighilte;

(b) 

cuntais bhliantúla agus tuarascálacha bliantúla na gcuideachtaí atá páirteach sa deighilt do na trí bliana airgeadais roimhe sin;

(c) 

i gcás inarb infheidhme, ráiteas cuntasaíochta arna tharraingt suas ar dháta nach luaithe ná an chéad lá den tríú mí roimh dháta na ndréacht-téarmaí deighilte, má bhaineann na cuntais airgeadais is déanaí le bliain airgeadais a raibh deireadh léi níos mó ná sé mhí roimh an dáta sin;

(d) 

i gcás inarb infheidhme, tuarascálacha chomhlachtaí riaracháin nó bainistíochta na gcuideachtaí atá páirteach sa deighilt, dá bhforáiltear in Airteagal 141(1);

(e) 

i gcás inarb infheidhme, na tuarascálacha dá bhforáiltear in Airteagal 142.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, ní cheanglófar ráiteas cuntasaíochta a bheith ann má fhoilsíonn an chuideachta tuarascáil leathbhliantúil airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2004/109/CE agus má chuireann sí ar fáil do na scairshealbhóirí i gcomhréir leis an mír seo í.

2.  
Déanfar an ráiteas cuntasaíochta dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 1 a tharraingt suas trí leas a bhaint as na modhanna céanna agus an leagan amach céanna is a bhí sa chlár comhardaithe bliantúil deiridh.

Féadfar a fhoráil le dlíthe Ballstáit áfach:

(a) 

nach gá fardal fisiceach nua a dhéanamh;

(b) 

nach ndéanfar na luachálacha a taispeánadh sa chlár comhardaithe deiridh a athrú ach amháin chun iontrálacha sna leabhair chuntais a léiriú; mar sin féin cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(i) 

dímheas agus forálacha eatramhacha,

(ii) 

athruithe ábhartha ar an luach iarbhír, nár taispeánadh sna leabhair.

3.  
Beidh gach scairshealbhóir i dteideal cóipeanna iomlána nó más mian leis nó léi, cóipeanna páirteacha, de na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a fháil, arna iarraidh sin agus saor in aisce.

I gcás gur thoiligh scairshealbhóir do bhealaí leictreonacha a bheith á n-úsáid ag an gcuideachta chun faisnéis a chur ar aghaidh, féadfar na cóipeanna sin a chur ar fáil trí ríomhphost.

4.  
Beidh cuideachta díolmhaithe ón gceanglas na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ag a hoifig chláraithe, más rud é go gcuireann sí ar fáil ar a suíomh gréasáin iad ar feadh tréimhse leanúnach dár tús mí amháin ar a laghad roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta a gcinnfear na dréacht-téarmaí deighilte lena linn agus dár críoch tráth nach luaithe ná deireadh an chruinnithe sin. Ní chuirfidh na Ballstáit an díolúine sin faoi réir ceanglas ná srianta seachas na ceanglais nó na srianta sin atá riachtanach d'fhonn slándáil an tsuímh gréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú, ná ní fhéadfaidh siad na ceanglais ná na srianta sin a fhorchur ach a mhéid atá siad comhréireach d'fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach.

Ní bheidh feidhm ag mír 3 má thugtar deis do na scairshealbhóirí, leis an suíomh gréasáin, na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a íoslódáil agus a phriontáil feadh na tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Sa chás sin, áfach, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mór don chuideachta na doiciméid a chur ar fáil ag a hoifig chláraithe le gur féidir leis na scairshealbhóirí breathnú orthu.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar chuideachtaí an fhaisnéis a choinneáil ar a suíomh gréasáin ar feadh tréimhse shonrach i ndiaidh an chruinnithe ghinearálta. Féadfaidh na Ballstáit iarmhairtí fachtóirí teicniúla nó eile a chinneadh a dtarlaíonn cur isteach sealadach ar rochtain ar an suíomh gréasáin mar gheall orthu.

Airteagal 144

Foirmiúlachtaí simplithe

1.  
Ní cheanglófar scrúdú ar na dréacht-téarmaí deighilte ná tuarascáil ó shaineolaithe dá bhforáiltear in Airteagal 142(1) má chomhaontaigh na sealbhóirí uile agus sealbhóirí urrús eile lena dtugtar ceart vótála de chuid gach cinn de na cuideachtaí atá páirteach sa deighilt déanamh amhlaidh.
2.  
Féadfaidh na Ballstáit a cheadú nach gcuirfear i bhfeidhm Airteagal 141 agus pointe (c) agus pointe (d) d'Airteagal 143(1) má chomhaontaíonn scairshealbhóirí uile gach cinn de na cuideachtaí atá páirteach sa deighilt agus sealbhóirí uile urrús eile lena dtugtar ceart vótála de chuid gach cinn de na cuideachtaí atá páirteach sa deighilt déanamh amhlaidh.

Airteagal 145

Cearta fostaithe a chosaint

Déanfar cosaint ceart fostaithe gach cinn de na cuideachtaí atá páirteach i ndeighilt a rialú i gcomhréir le Treoir 2001/23/CE.

Airteagal 146

Leasanna creidiúnaithe cuideachtaí atá páirteach i ndeighilt a chosaint dliteanas comhpháirteach agus leithleach na gcuideachtaí is faighteoir

1.  
Déanfar foráil le dlíthe na mBallstát do chóras leordhóthanach cosanta do leasanna creidiúnaithe na gcuideachtaí atá páirteach i ndeighilt a ndearnadh a n-éilimh roimh dháta foilsithe na ndréacht-téarmaí deighilte agus nach raibh siad dlite fós tráth an fhoilsithe sin.
2.  
Chun críche mhír 1, déanfar a fhoráil ar a laghad, le dlíthe na mBallstát, go mbeidh creidiúnaithe den sórt sin i dteideal coimircí leordhóthanacha a fháil i gcás ina bhfuil gá le coimirce den sórt de bharr staid airgeadais na cuideachta atá á deighilt agus na cuideachta a bhfuil an oibleagáid le haistriú chuici i gcomhréir leis na dréacht-téarmaí deighilte agus i gcás nach bhfuil coimircí den sórt sin ag na creidiúnaithe sin cheana.

Leagfaidh na Ballstáit síos na coinníollacha le haghaidh na cosanta dá bhforáiltear i mír 1 agus sa chéad fhomhír den mhír seo. Ar aon chaoi, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na creidiúnaithe údaraithe iarratas a chur isteach chuig an údarás iomchuí riaracháin nó breithiúnach i gcomhair coimircí leordhóthanacha ar an gcoinníoll gur féidir leo a thaispeáint go hinchreidte go bhfuil sásamh a n-éileamh i dtreis i ngeall ar an laghdú ar an deighilt agus nach bhfuarthas aon choimirce leordhóthanach ón gcuideachta.

3.  
Sa mhéid nach bhfaigheann creidiúnaí de chuid na cuideachta a n-aistríodh an oibleagáid chuici i gcomhréir leis na dréacht-téarmaí deighilte sástacht, beidh na cuideachtaí is faighteoir faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach maidir leis an oibleagáid sin. Féadfaidh na Ballstáit an dliteanas sin a theorannú do na glansócmhainní arna gcionroinnt ar gach ceann de na cuideachtaí sin seachas an ceann a n-aistríodh an oibleagáid chuici. Mar sin féin, ní gá dóibh an mhír seo a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil an oibríocht deighilte faoi réir maoirseacht údaráis bhreithiúnaigh i gcomhréir le hAirteagal 157 agus ina bhfuil tromlach de réir lín a sheasann do thrí cheathrú de réir luacha de na creidiúnaithe nó d'aon aicme creidiúnaithe de chuid na cuideachta atá á deighilt tar éis comhaontú ag cruinniú arna thionól de bhun phointe (c) d'Airteagal 157(l) an dliteanas comhpháirteach agus leithleach sin a ligean uathu.
4.  
Beidh feidhm ag Airteagal 99(3).
5.  
Gan dochar do na rialacha lena rialaítear feidhmiú comhchoiteann a gceart, beidh feidhm ag mír 1 go mír 4 maidir le sealbhóirí bintiúr na gcuideachtaí atá páirteach sa deighilt, ach amháin sa chás gur formheasadh an deighilt ag cruinniú na sealbhóirí bintiúr, más rud é go bhforáiltear do chruinniú den sórt sin faoi na dlíthe náisiúnta nó gur fhormheas sealbhóirí na mbintiúr ar bhonn aonair é.
6.  
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh na cuideachtaí is faighteoir faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach maidir le hoibleagáidí na cuideachta atá á deighilt. I gcás den sórt sin, ní gá dóibh mír 1 go mír 5 a chur i bhfeidhm.
7.  
I gcás ina gcomhcheanglaíonn Ballstát an córas cosanta do chreidiúnaithe a leagtar amach i mír 1 go mír 5 le dliteanas comhpháirteach agus leithleach na gcuideachtaí is faighteoir dá dtagraítear i mír 6, féadfaidh sé an dliteanas comhpháirteach agus leithleach sin a theorannú do na glansócmhainní arna gcionroinnt ar gach ceann de na cuideachtaí sin.

Airteagal 147

Sealbhóirí urrús nach scaireanna iad a chosaint, ar urrúis iad a ngabhann cearta speisialta leo

Tabharfar cearta sa chuideachta atá á fáil do shealbhóirí urrús nach scaireanna iad, agus a ngabhann cearta speisialta leo, cearta a bheidh coibhéiseach ar a laghad leo siúd a raibh seilbh acu orthu sna cuideachtaí is faighteoir a bhféadfar na hurrúis sin a agairt ina n-éadan i gcomhréir leis na dréacht-téarmaí deighilte, ach amháin sa chás gur formheasadh athrú na gceart sin ag cruinniú shealbhóirí na n-urrús sin, más rud é go bhforáiltear do chruinniú den sórt sin faoi na dlíthe náisiúnta, nó gur fhormheas na sealbhóirí bintiúr ar bhonn aonair é, nó mura bhfuil sé de theidlíocht ag na sealbhóirí go ndéanfaí a gcuid urrús a athcheannach.

Airteagal 148

Doiciméid a tharraingt suas agus a dheimhniú i bhfoirm chuí dlí

I gcás nach bhforáiltear i ndlíthe an Bhallstáit do mhaoirseacht choisctheach bhreithiúnach nó riaracháin ar dhlíthiúlacht deighiltí nó nach gcuimsítear faoi mhaoirseacht den sórt sin na gníomhartha dlíthiúla uile atá riachtanach do dheighilt, beidh feidhm ag Airteagal 102.

Airteagal 149

An dáta a ngabhfaidh éifeacht le deighilt

Is le dlíthe na mBallstát a chinnfear an dáta a ngabhfaidh éifeacht le deighilt.

Airteagal 150

Gnásanna foilseacháin

1.  
Foilseofar deighilt ar an mbealach a fhorordaítear le dlíthe gach Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 16, i ndáil le gach ceann de na cuideachtaí atá páirteach i ndeighilt.
2.  
Féadfaidh aon chuideachta is faighteoir na gnásanna foilseacháin a chur i gcrích í féin a bhaineann leis an gcuideachta atá á deighilt.

Airteagal 151

Iarmhairtí deighilte

1.  

Leanfaidh na hiarmhairtí seo a leanas deighilt, ipso jure agus go comhuaineach:

(a) 

aistreofar chuig gach ceann de na cuideachtaí is faighteoir sócmhainní agus dliteanais uile na cuideachta atá á deighilt, idir an chuideachta atá á deighilt agus na cuideachtaí is faighteoir agus maidir le tríú páirtithe araon; gabhfaidh éifeacht le haistriú den sórt sin agus na sócmhainní agus na dliteanais á ndeighilt i gcomhréir leis an gcionroinnt a leagtar síos sna dréacht-téarmaí deighilte nó in Airteagal 137(3);

(b) 

tiocfaidh scairshealbhóirí na cuideachta atá á deighilt chun bheith ina scairshealbhóirí de chuideachta amháin nó níos mó is faighteoir i gcomhréir leis an gcionroinnt a leagtar síos sna dréacht-téarmaí deighilte;

(c) 

scoirfidh an chuideachta atá á deighilt de bheith ann.

2.  

Ní dhéanfaidh na cuideachtaí ná na daoine seo a leanas aon scaireanna sa chuideachta is faighteoir a mhalartú ar scaireanna sa chuideachta atá á deighilt:

(a) 

an chuideachta féin is faighteoir nó duine atá ag gníomhú ina ainm nó ina hainm féin ach ar son na cuideachta is faighteoir; nó

(b) 

an chuideachta atá á deighilt nó aon duine atá ag gníomhú ina ainm nó ina hainm féin ach ar son na cuideachta atá á deighilt.

3.  
Tríd an méid roimhe seo, ní dhéanfar difear do dhlíthe na mBallstát lena gceanglaítear foirmiúlachtaí speisialta a chur i gcrích chun go ngabhfaidh éifeacht le haistriú sócmhainní, ceart agus oibleagáidí áirithe de chuid cuideachta, atá á deighilt, amhail i gcoinne tríú páirtithe. Féadfaidh an chuideachta féin is faighteoir nó na cuideachtaí féin is faighteoir, a n-aistrítear na sócmhainní, na cearta nó na hoibleagáidí sin chuici nó chucu i gcomhréir leis na dréacht-téarmaí deighilte nó i gcomhréir le hAirteagal 137(3), na foirmiúlachtaí sin a chur i gcrích; mar sin féin, i ndlíthe na mBallstát, féadfar a cheadú do chuideachta atá á deighilt leanúint de na foirmiúlachtaí sin a chur i gcrích go ceann tréimhse theoranta, nach bhféadfar, ach amháin in imthosca eisceachtúla, a shocrú ag breis agus sé mhí ón dáta a ngabhann éifeacht leis an deighilt.

Airteagal 152

Dliteanas sibhialta chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin nó bainistíochta de chuid cuideachta atá á deighilt

I ndlíthe na mBallstát, leagfar síos ar a laghad rialacha lena rialaítear dliteanas sibhialta chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin nó bainistíochta de chuid cuideachta atá á deighilt i leith scairshealbhóirí na cuideachta sin i ndáil le mí-iompar chomhaltaí na gcomhlachtaí sin le linn ullmhú agus chur chun feidhme na deighilte agus dliteanas sibhialta na saineolaithe atá freagrach as an tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 142 a tharraingt suas don chuideachta sin i ndáil le mí-iompar na saineolaithe sin i bhfeidhmiú a gcuid dualgas.

Airteagal 153

Coinníollacha maidir le neamhniú deighilte

1.  

I ndlíthe na mBallstát, féadfar rialacha maidir le neamhniú a leagan síos le haghaidh deighiltí i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas, agus leo seo amháin:

(a) 

ní mór neamhniú a ordú i mbreithiúnas ó chúirt;

(b) 

deighiltí ar ghabh éifeacht leo de bhun Airteagal 149, dearbhaítear go bhfuil siad ar neamhní mura ndearnadh aon mhaoirseacht choisctheach riaracháin nó bhreithiúnach ar a ndlíthiúlacht, agus sna cásanna sin amháin, nó murar tarraingíodh suas iad agus murar deimhníodh iad i bhfoirm chuí dlí, nó má léirítear go bhfuil cinneadh an chruinnithe ghinearálta ar neamhní nó in-neamhnithe faoin dlí náisiúnta;

(c) 

ní dhéantar imeachtaí neamhnithe a thionscnamh breis agus sé mhí tar éis an dáta a ngabhann éifeacht leis an deighilt amhail i gcoinne an duine a líomhnaíonn neamhniú nó má cuireadh an staid ina ceart;

(d) 

i gcás inar féidir locht a leigheas chun deighilt a chur ar neamhní, deonaíonn an chúirt inniúil tréimhse ama do na cuideachtaí lena mbaineann chun an staid a chur ina ceart;

(e) 

foilsítear breithiúnas lena ndearbhaítear go bhfuil deighilt ar neamhní ar an mbealach a fhorordaítear le dlíthe gach Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 16;

(f) 

i gcás ina gceadaítear do Bhallstát agóid a dhéanamh i gcoinne breithiúnas den sórt sin, ní dhéanann sé amhlaidh ach amháin laistigh de shé mhí ó fhoilsiú an bhreithiúnais ar an mbealach a fhorordaítear le Caibidil III de Theideal I;

(g) 

le breithiúnas lena ndearbhaítear go bhfuil deighilt ar neamhní, ní dhéantar difear do bhailíocht oibleagáidí atá ar na cuideachtaí is faighteoir nó do bhailíocht oibleagáidí i ndáil leo a d'eascair sular foilsíodh an breithiúnas agus tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 149;

(h) 

tá gach ceann de na cuideachtaí is faighteoir faoi dhliteanas i leith a oibleagáidí a eascraíonn tar éis an dáta ar ghabh éifeacht leis an deighilt agus roimh an dáta ar foilsíodh an cinneadh lena bhfógraítear an neamhní ar an deighilt. Beidh an chuideachta atá á deighilt faoi dhliteanas i leith oibleagáidí den sórt sin, freisin; Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh an dliteanas sin teoranta do scair na nglansócmhainní a aistrítear chuig an gcuideachta is faighteoir ar eascair na hoibleagáidí sin ar a cuntas.

2.  
De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, féadfar foráil a dhéanamh le dlíthe Ballstáit go n-ordóidh údarás riaracháin neamhniú deighilte más le cead ó chúirt a dhéanfar achomharc i gcoinne cinneadh den sórt sin. Beidh feidhm ag pointe (b) agus ag pointe (d) go pointe (h) de mhír 1 den Airteagal seo de réir analaí maidir leis an údarás riaracháin. Ní fhéadfar imeachtaí neamhnithe den sórt sin a thionscnamh breis agus sé mhí tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 149.
3.  
Leis an méid roimhe sin, ní dhéanfar difear do dhlíthe na mBallstát maidir le neamhniú deighilte a fógraíodh tar éis aon mhaoirseacht ar dhlíthiúlacht.

Airteagal 154

Díolúine ón gceanglas go bhformheasfar an chuideachta atá á deighilt ag an gcruinniú ginearálta

Gan dochar d'Airteagal 140, ní cheanglóidh na Ballstáit go ndéanfar an deighilt a fhormheas ag gcruinniú ginearálta na cuideachta atá á deighilt má choinníonn na cuideachtaí is faighteoir le chéile scaireanna uile na cuideachta atá á deighilt agus na hurrúis go léir eile lena dtugtar ceart vótála dóibh ag cruinnithe ginearálta na cuideachta atá á deighilt, agus má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

déanann gach cuideachta atá páirteach san oibríocht an foilsiú dá bhforáiltear in Airteagal 138 ar a laghad mí amháin sula ngabhann éifeacht leis an oibríocht;

(b) 

ar a laghad mí amháin sula ngabhann éifeacht leis an oibríocht, tá scairshealbhóirí uile cuideachtaí atá páirteach san oibríocht i dteideal cigireacht a dhéanamh ag oifig chláraithe a gcuideachta ar na doiciméid a shonraítear in Airteagal 143(1);

(c) 

i gcás nach ngairtear cruinniú ginearálta de chuid na cuideachta atá á deighilt, a cheanglaítear chun an deighilt a fhormheas, clúdaítear san fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 141(3) aon athrú ábhartha sna sócmhainní agus sna dliteanais tar éis dháta ullmhú na ndréacht-téarmaí deighilte.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, beidh feidhm ag Airteagal 143(2), (3) agus (4) agus Airteagal 144.



Roinn 3

Deighilt trí chuideachtaí nua a fhoirmiú

Airteagal 155

Sainmhíniú ar “deighilt trí chuideachtaí nua a fhoirmiú”

1.  
Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn “deighilt trí chuideachtaí nua a fhoirmiú” an oibríocht lena n-aistríonn cuideachta, tar éis a foirceanta agus gan dul faoi leachtú, a sócmhainní agus a dliteanais go léir chuig breis agus cuideachta amháin a fhoirmítear as an nua mar mhalartú ar scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir a chionroinnt ar scairshealbhóirí na cuideachta atá á deighilt, agus íocaíocht fhéideartha in airgead tirim nach sáraíonn 10 % de luach ainmniúil na scaireanna a chionroinntear nó, i gcás nach bhfuil aon luach ainmniúil acu, dá bparluach cuntasaíochta.
2.  
Beidh feidhm ag Airteagal 90(2).

Airteagal 156

Cur i bhfeidhm rialacha maidir le deighiltí trí éadáil

1.  
Beidh feidhm ag Airteagail 137, 138, 139, agus 141, Airteagal 142(1) agus (2) agus Airteagal 143 go hAirteagal 153, gan dochar d'Airteagal 11 ná d'Airteagal 12, maidir le deighilt trí chuideachtaí nua a fhoirmiú. Chun na críche sin, déanfar tagairt don chuideachta atá á deighilt leis an téarma “cuideachtaí atá páirteach i ndeighilt” agus déanfar tagairt do gach ceann de na cuideachtaí nua leis an téarma “cuideachtaí is faighteoir”.
2.  
I dteannta na faisnéise a shonraítear in Airteagal 137(2), léireofar sna dréacht-téarmaí deighilte foirm, ainm agus oifig chláraithe gach ceann de na cuideachtaí nua.
3.  
Déanfar dréacht-téarmaí deighilte agus, má tá siad i ndoiciméad ar leithligh, meabhrán comhlachais nó dréachtmheabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais nó dréacht-airteagail chomhlachais gach ceann de na cuideachtaí nua a fhormheas ag cruinniú ginearálta de chuid na cuideachta atá á deighilt.
4.  
Ní fhorchuirfidh na Ballstáit na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 141 agus in Airteagal 142 agus i bpointe (c), i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 143(1), i gcás ina gcionroinntear na scaireanna i ngach ceann de na cuideachtaí nua ar scairshealbhóirí na cuideachta atá á deighilt i gcomhréir lena gcearta i gcaipiteal na cuideachta sin.



Roinn 4

Deighiltí faoi mhaoirseacht údaráis bhreithiúnaigh

Airteagal 157

Deighiltí faoi mhaoirseacht údaráis bhreithiúnaigh

1.  

Féadfaidh na Ballstáit mír 2 a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil oibríochtaí deighilte faoi réir maoirseachta údaráis bhreithiúnaigh a bhfuil an chumhacht aige chun:

(a) 

cruinniú ginearálta de chuid scairshealbhóirí na cuideachta atá á deighilt a ghairm chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh na deighilte;

(b) 

a áirithiú go bhfuair scairshealbhóirí gach ceann de na cuideachtaí atá páirteach i ndeighilt, na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 143, nó gur féidir leo iad a fháil, in am chun iad a scrúdú roimh dháta chruinniú ginearálta a gcuideachta a gaireadh chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh na deighilte. I gcás ina mbaineann Ballstát úsáid as an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 140, beidh an tréimhse fada go leor chun go bhféadfaidh scairshealbhóirí na gcuideachtaí is faighteoir na cearta a dtugtar dóibh leis an Airteagal sin a fheidhmiú;

(c) 

aon chruinniú de chuid creidiúnaithe gach ceann de na cuideachtaí atá páirteach i ndeighilt a ghairm chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh na deighilte;

(d) 

a áirithiú go bhfuair creidiúnaithe gach ceann de na cuideachtaí atá páirteach i ndeighilt, na dréacht-téarmaí deighilte, nó go bhféadfaidh siad ar a laghad iad a fháil in am chun iad a scrúdú roimh an dáta dá dtagraítear i bpointe (b);

(e) 

na dréacht-téarmaí deighilte a fhormheas.

2.  

I gcás ina suíonn an t-údarás breithiúnach go ndearnadh na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (d) de mhír 1 a chomhlíonadh agus nach ndéanfaí aon dochar do scairshealbhóirí nó do chreidiúnaithe, féadfaidh sé na cuideachtaí atá páirteach sa deighilt a scaoileadh ón méid seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a) 

Airteagal 138, ar choinníoll go gcumhdaítear na héilimh uile, beag beann ar an dáta a ghabhann leo, sa chóras leordhóthanach maidir le leas na gcreidiúnaithe a chosaint, dá dtagraítear in Airteagal 146(1);

(b) 

na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 140, i gcás ina mbaineann Ballstát leas as an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 140;

(c) 

Airteagal 143, maidir leis an tréimhse agus leis an mbealach a fhorordaítear chun na doiciméid dá dtagraítear ann a iniúchadh.



Roinn 5

Oibríochtaí eile a gcaitear mar dheighiltí leo

Airteagal 158

Deighiltí lena mbaineann íocaíocht in airgead tirim a sháraíonn 10 %

Más rud é, i gcás ceann de na hoibríochtaí a shonraítear in Airteagal 135, go gceadaítear le dlíthe Ballstáit go sáraíonn an íocaíocht in airgead tirim 10 %, beidh feidhm ag Roinn 2, ag Roinn 3 agus ag Roinn 4 den Chaibidil seo maidir leis sin.

Airteagal 159

Deighiltí gan an chuideachta atá á deighilt do scor de bheith ann

I gcás ina gceadaítear i ndlíthe de chuid Ballstáit ceann de na hoibríochtaí a shonraítear in Airteagal 135 gan an chuideachta atá á deighilt do scor de bheith ann, beidh feidhm ag Roinn 2, ag Roinn 3 agus ag Roinn 4 den Chaibidil seo, seachas pointe (c) d'Airteagal 151(1).



Roinn 6

Socruithe cur i bhfeidhm

Airteagal 160

Forálacha idirthréimhseacha

Ní gá do na Ballstáit Airteagal 146 agus Airteagal 147 a chur i bhfeidhm maidir le sealbhóirí bintiúr in-chomhshóite agus urrús eile atá in-chomhshóite i scaireanna más rud é go ndearnadh, tráth a tháinig na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 26(1) nó (2) de Threoir 82/891/CEE ón gComhairle i bhfeidhm, seasamh na sealbhóirí sin, i gcás deighilte, a chinneadh leis na coinníollacha maidir le heisiúint.

▼M3



CAIBIDIL IV

Deighiltí trasteorann cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta

Airteagal 160a

Raon feidhme

1.  
Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le deighiltí trasteorann cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta, arna fabhrú i gcomhréir le dlí Ballstáit agus a bhfuil a n‐oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a príomhionad gnó laistigh den Aontas, ar choinníoll go bhfuil ar a laghad dhá cheann de na cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta atá rannpháirteach sa deighilt faoi rialú ag dlí Ballstát difriúil (dá ngairtear “deighilt trasteorann” anseo feasta).
2.  
D'ainneoin phointe 4 d'Airteagal 160b, beidh feidhm ag an gCaibidil seo freisin maidir le deighiltí trasteorann i gcás ina gceadófar le dlí Ballstáit amháin lena mbaineann ar a laghad an íocaíocht airgid dá dtagraítear i bpointí (a) agus pointe (b) de phointe 4 d'Airteagal 160b 10 % den luach ainmniúil a shárú, nó, murab nach ann do luach ainmniúil, 10 % de pharluach cuntasaíochta na n‐urrús nó na scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na gcuideachtaí is faighteoir.
3.  
Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le deighiltí trasteorann a bhaineann le cuideachta arb é an cuspóir atá léi an chomhinfheistíocht chaipitil arna soláthar ag an bpobal, a oibríonn ar phrionsabal an scaipthe riosca, agus ina ndéantar na haonaid aici a athcheannach nó a fhuascailt, arna iarraidh sin do na sealbhóirí, go díreach nó go hindíreach, as sócmhainní na cuideachta sin. Gníomh a dhéanann cuideachta den sórt sin chun a áirithiú nach n‐éagsúlaíonn luach stocmhalartáin a n‐aonad go sonrach ón nglanluach sócmhainní, measfar é sin a bheith comhionann le hathcheannach nó fuascailt.
4.  

Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil baint ag an gCaibidil le cuideachtaí i gceachtar de na himthosca a leanas:

(a) 

tá an chuideachta faoi leachtú agus tús curtha aici lena sócmhainní a dháileadh ar a chomhaltaí;

▼M4

(b) 

tá an chuideachta faoi réir uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá dtagraítear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE nó i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23.

▼M3

5.  

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí atá:

(a) 

faoi réir imeachtaí dócmhainneachta nó faoi réir creataí um athstruchtúrú coisctheach

(b) 

faoi réir imeachtaí leachtaithe seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4, nó

▼M4

(c) 

faoi réir bearta coiscthe géarchéime mar a shainmhínítear iad i bpointe (101) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE nó i bpointe (48) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/23.

▼M3

Airteagal 160b

Sainmhínithe

Chun críocha na Caibidle seo:

(1) 

ciallaíonn “cuideachta”, cuideachta faoi dhliteanas teoranta'de chineál faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(2) 

ciallaíonn “cuideachta atá á deighilt” cuideachta a aistríonn, mar chuid de phróiseas deighilte trasteorann, a sócmhainní agus a dliteanais uile chuig dhá chuideachta nó níos mó nó i gcás deighilt iomlán, nó a aistríonn cuid dá sócmhainní agus dá dliteanais go cuideachta amháin nó níos mó i gcás deighilt pháirteach nó deighilt trí scaradh;

(3) 

ciallaíonn “cuideachta is faighteoir” cuideachta a fhoirmítear as an nua le linn deighilt trasteorann;

(4) 

ciallaíonn “deighilt” oibríocht lena ndéantar ceann amháin de na roghanna seo a leanas:

(a) 

aistríonn cuideachta atá á deighilt, ar a díscaoileadh gan dul faoi leachtú, a sócmhainní agus a dliteanais uile chuig dhá chuideachta nó níos mó is faighteoirí de mhalairt ar urrúis nó scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir a eisiúint do chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt agus, más infheidhme, íocaíocht airgid nach mó ná 10% den luach ainmniúil nó, murab ann do luach ainmniúil, íocaíocht airgid nach mó ná 10% de pharluach cuntasaíochta na n‐urrús nó na scaireanna sin (“deighilt iomlán”);

(b) 

aistríonn cuideachta atá á deighilt cuid dá sócmhainní agus dá dliteanais chuig cuideachta is faighteoir amháin nó níos mó de mhalairt ar urrúis nó scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir, sa chuideachta atá á deighilt, nó sna cuideachtaí is faighteoir agus sa chuideachta atá á deighilt araon, a eisiúint do chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt agus, más infheidhme, íocaíocht airgid nach mó ná 10 % den luach ainmniúil nó, murab ann do luach ainmniúil, íocaíocht airgid nach mó ná 10 % de pharluach cuntasaíochta na n‐urrús nó na scaireanna sin (“deighilt pháirteach”); nó

(c) 

aistríonn cuideachta atá á deighilt cuid dá sócmhainní agus dá dliteanais chuig cuideachta is faighteoir amháin nó níos mó, de mhalairt ar urrúis nó scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir a eisiúint don chuideachta atá á deighilt (“deighilt trí scaradh”).

Airteagal 160c

Nósanna imeachta agus foirmiúlachtaí

I gcomhréir le dlí an Aontais, is le dlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt a rialófar na coda sin de na nósanna imeachta agus de na foirmiúlachtaí atá le comhlíonadh i dtaca leis an deighilt trasteorann chun an deimhniú réamhdheighilte a fháil, agus is le dlíthe Bhallstáit na gcuideachtaí is faighteoir a rialófar na coda sin de na nósanna imeachta agus foirmiúlachtaí atá le comhlíonadh tar éis an deimhniú réamhdheighilte a fháil.

Airteagal 160d

Dréacht-téarmaí deighiltí trasteorann

Déanfaidh comhlacht riaracháin nó bainistíochta na cuideachta atá á deighilt dréacht-téarmaí deighilte trasteorann a tharraingt suas. Áireofar, ar a laghad, na sonraí seo a leanas sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann:

(a) 

foirm dhlíthiúil agus ainm na cuideachta atá á deighilt agus suíomh a hoifige cláraithe, agus an fhoirm dhlíthiúil agus an t‐ainm a mholtar don chuideachta nó do na cuideachtaí nua a thiocfaidh as an deighilt trasteorann agus suíomh beartaithe a n‐oifigí cláraithe;

(b) 

i gcás inarb iomchuí, an cóimheas is infheidhme maidir le malartú urrús nó scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na gcuideachtaí agus méid aon íocaíochta airgid;

(c) 

na téarmaí i ndáil le leithroinnt na n‐urrús nó na scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na gcuideachtaí is faighteoir nó na cuideachta atá á deighilt;

(d) 

an t‐amchlár táscach atá molta don deighilt trasteorann;

(e) 

impleachtaí dóchúla na deighilte trasteorann ar an bhfostaíocht;

(f) 

an dáta óna dtabharfaidh an sealbhú urrús nó scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na gcuideachtaí teidlíocht do na sealbhóirí brabúis a roinnt, agus aon choinníollacha speisialta lena ndéanfar difear don teidlíocht sin;

(g) 

an dáta nó na dátaí óna gcaithfear le hidirbhearta na cuideachta atá á deighilt, chun críocha cuntasaíochta, mar idirbhearta na gcuideachtaí is faighteoir;

(h) 

aon bhuntáistí speisialta a dheonófar do chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta, faireacháin nó rialála na cuideachta atá á deighilt;

(i) 

na cearta a thabharfaidh na cuideachtaí is faighteoir do chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt a bhfuil cearta speisialta acu nó do shealbhóirí urrús seachas scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na cuideachta atá á deighilt, nó na bearta a bheartaítear maidir leo;

(j) 

ionstraimí comhdhéanaimh na gcuideachtaí is faighteoir, i gcás inarb ábhartha, agus a reachtanna más in ionstraim ar leithligh atá siad, agus aon athruithe ar ionstraim chomhdhéanaimh na cuideachta atá á deighilt i gcás deighilt pháirteach nó deighilt trí scaradh;

(k) 

i gcás inarb iomchuí, is de bhun Airteagal 160l a chinnfear faisnéis faoi na nósanna imeachta lena ndéanfar socruithe i ndáil le rannpháirtíocht fostaithe i sainmhíniú a gceart maidir le rannpháirtíocht sa chuideachta is faighteoir;

(l) 

tuairisc bheacht ar shócmhainní agus dliteanais na cuideachta atá á deighilt agus ráiteas faoin gcaoi atá na sócmhainní agus na dliteanais sin le cionroinnt idir na cuideachtaí is faighteoir, nó le coimeád ag an gcuideachta atá á deighilt i gcás deighilt pháirteach nó deighilt trí scaradh, lena n‐áirítear forálacha maidir le caitheamh le sócmhainní nó dliteanais nach bhfuil cionroinnte ar dhóigh shonrach sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann, amhail sócmhainní nó dliteanais nach eol iad a bheith ann ar an dáta a tharraingeofar suas na dréacht-téarmaí deighilte trasteorann;

(m) 

faisnéis faoin meastóireacht ar na sócmhainní agus ar na dliteanais atá le cionroinnt ar gach cuideachta atá páirteach sa deighilt trasteorann;

(n) 

dáta chuntais na cuideachta atá á deighilt a úsáidtear chun coinníollacha na deighilte trasteorann a bhunú;

(o) 

i gcás inarb iomchuí, cionroinnt na scaireanna agus na n‐urrús sna cuideachtaí is faighteoir, sa chuideachta atá á deighilt, nó iontu araon, ar chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt agus na critéir ar a bhfuil an chionroinnt sin bunaithe;

(p) 

mionsonraí maidir leis an tairiscint cúitimh airgid do chomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 160i;

(q) 

aon choimircí, a dtairgtear do chreidiúnaithe, amhail ráthaíochtaí nó gealltanais.

Airteagal 160e

Tuarascáil an chomhlachta riaracháin nó bainistíochta do chomhaltaí agus d'fhostaithe

1.  
Déanfaidh comhlacht riaracháin nó bainistíochta na cuideachta atá á deighilt tuarascáil a tharraingt suas do na chomhaltaí agus d'fhostaithe, ina míneofar gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha na deighilte trasteorann, agus ina dtabharfar bonn cirt leo, agus ina míneofar impleachtaí na deighilte trasteorann do na fostaithe.

Míneofar inti ach go háirithe impleachtaí na deighilte trasteorann do ghnó na gcuideachtaí amach anseo.

2.  
Áireofar sa tuarascáil freisin roinn do chomhaltaí agus roinn d'fhostaithe.

Féadfaidh an chuideachta cinneadh a dhéanamh aon tuarascáil amháin a tharraingt suas ina mbeidh an dá roinn sin nó tuarascálacha ar leith a tharraingt do chomhaltaí agus d'fhosaithe, faoi seach, ina mbeidh an roinn ábhartha.

3.  

Sa roinn den tuarascáil do chomhaltaí, míneofar an méid seo a leanas go háirithe:

(a) 

an cúiteamh airgid agus an modh a úsáideadh chun an cúiteamh airgid a ríomh;

(b) 

an cóimheas malartaithe scaireanna agus an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcóimheas malartaithe scaireanna a ríomh, i gcás inarb infheidhme;

(c) 

impleachtaí na deighilte trasteorann do chomhaltaí;

(d) 

na cearta agus na leigheasanna atá ar fáil do chomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 160i.

4.  
Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil do chomhaltaí i gcás ina bhfuil sé comhaontaithe ag comhaltaí na cuideachta an ceanglas sin a tharscaoileadh. Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí aon bhaill a eisiamh ó fhorálacha an Airteagail seo.
5.  

Sa roinn den tuarascáil d'fhostaithe, míneofar an méid seo a leanas go háirithe:

(a) 

impleachtaí na deighilte trasteorann do chaidrimh fostaíochta, agus, i gcás inarb infheidhme, aon bheart chun na caidrimh sin a choimirciú;

(b) 

aon athruithe ábhartha ar na dálaí fostaíochta is infheidhme nó ar shuíomh áiteanna gnó na cuideachta;

(c) 

an chaoi a ndéanann na tosca a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) difear d'aon fhochuideachtaí den chuideachta.

6.  
Déanfar an tuarascáil nó na tuarascálacha, maille le dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, má bhíonn siad ar fáil, a chur ar fáil in aon chás go leictreonach do na comhaltaí agus d'ionadaithe fhostaithe na cuideachta atá á deighilt nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin, tráth nach lú ná sé seachtaine roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h.
7.  
I gcás ina bhfaighidh comhlacht riaracháin nó na cuideachta atá á deighilt tuairim ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 5 in am trátha, agus an tuairim sin a theacht ó ionadaithe na bhfostaithe, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, ó na fostaithe iad féin, mar a fhoráiltear faoin dlí náisiúnta, cuirfear an tuairim sin in iúl do na comhaltaí agus cuirfear i gceangal leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 í.
8.  
Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil a bhaineann le fostaithe i gcás nach bhfuil fostaithe ag an gcuideachta atá á deighilt agus a fochuideachtaí, más ann dóibh, diomaite díobh siúd ar cuid den chomhlacht riaracháin nó bainistíochta iad.

▼C2

9.  
I gcás ina ndéantar an roinn den tuarascáil do chomhaltaí dá dtagraítear i mír 3 a tharscaoileadh i gcomhréir le mír 4 agus nach bhfuil an roinn d’fhostaithe dá dtagraítear i mír 5 ag teastáil faoi mhír 8, ní bheidh gá leis an tuarascáil.
10.  
Beidh míreanna 1 go 9 den Airteagal seo gan dochar do na cearta faisnéise agus comhairliúcháin agus do na nósanna imeachta faisnéise agus comhairliúcháin is infheidhme dá bhforáiltear ar leibhéal náisiúnta tar éis Treoir 2002/14/EC agus Treoir 2009/38/EC a thrasuí.

▼M3

Airteagal 160f

Tuarascáil ó na saineolaithe neamhspleácha

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh saineolaí seachtrach scrúdú ar na dréacht-téarmaí sin na deighilte trasteorann agus go dtarraingeoidh sé suas tuarascáil do chomhaltaí. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil do na comhaltaí tráth nach lú ná mí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h. Ag brath ar dhlí an Bhallstáit, féadfaidh gur duine nádúrtha nó dlítheanach an saineolaí sin.
2.  

Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 in aon chás tuairim an tsaineolaí maidir le cé acu atá an cúiteamh airgid agus an cóimheas malartaithe scaireanna leormhaith nó nach bhfuil. Agus an cúiteamh airgid á mheasúnú, breithneoidh an saineolaí aon phraghas margaidh de chuid na scaireanna sa chuideachta atá á deighilt roimh fhógairt an togra maidir leis an deighilt nó luach na cuideachta seachas éifeacht na deighilte molta, arna cinneadh i gcomhréir leis na modhanna luachála a bhfuil glacadh coitianta leo. Déanfar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil:

(a) 

an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcúiteamh airgid molta a ríomh, an modh nó na modhanna sin a léiriú;

(b) 

an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcóimheas malartaithe scaireanna molta a ríomh, an modh nó na modhanna sin a léiriú;

(c) 

luafar cé acu atá nó nach bhfuil an modh nó na modhanna leormhaith chun an cúiteamh airgid agus an cóimheas malartaithe scaireanna a mheas agus léireofar an luach a ríomhadh trí na modhanna sin a úsáid agus tabharfar tuairim ar thábhacht choibhneasta na modhanna sin i ndáil leis an luach ar ar cinneadh a ríomh; agus

(d) 

tabharfar tuairisc ar aon deacrachtaí luachála speisialta atá tagtha chun cinn.

Beidh an saineolaí i dteideal gach faisnéis a fháil ón gcuideachta atá á deighilt atá riachtanach chun dualgais an tsaineolaí a chomhlíonadh.

3.  
Ní cheanglófar an saineolaí neamhspleách dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a scrúdú ná tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách más rud é go mbeidh an méid sin comhaontaithe ag comhaltaí uile na cuideachta. Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí aonbhaill a eisiamh ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo.

Airteagal 160g

Nochtadh

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann an chuideachta na doiciméid seo a leanas a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí i gclár Bhallstát na cuideachta atá á deighilt mí amháin ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h:

(a) 

dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann; agus

(b) 

fógra lena gcuirtear in iúl do chomhaltaí, do chreidiúnaithe agus d'ionadaithe fhostaithe na cuideachta atá á deighilt, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin, go bhféadfaidh siad barúlacha maidir le dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a thíolacadh don chuideachta, cúig lá oibre ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaí an tuarascáil ón saineolaí neamhspleách a nochtadh agus go gcuirfí ar fáil don phobal í sa chlár.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chuideachta in ann faisnéis rúnda a eisiamh ó nochtadh na thuarascála ón saineolaí neamhspleách.

Beidh teacht freisin ar na doiciméid a nochtófar i gcomhréir leis an mír seo trí chóras idirnascadh na gclár.

2.  
Féadfaidh na Ballstáit cuideachta atá á deighilt a dhíolmhú ón gceanglas um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcás ina ndéanfaidh an chuideachta sin, go ceann tréimhse leanúnach dar tús aon mhí amháin ar a laghad roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h agus dar críoch tráth nach luaithe ná deireadh an chruinnithe sin, na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar fáil ar a suíomh gréasáin saor in aisce don phobal.

Ní chuirfidh na Ballstáit an díolúine sin faoi réir aon cheanglais ná srianta, áfach, seachas iad siúd atá riachtanach chun slándáil an tsuímh gréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú, atá comhréireach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.  

I gcás ina ndéanfaidh an chuideachta atá á deighilt dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a chur ar fáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh sí an fhaisnéis seo a leanas a chur isteach sa chlár tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h:

(a) 

foirm dhlíthiúil agus ainm na cuideachta atá á deighilt agus suíomh a hoifige cláraithe, agus an fhoirm dhlíthiúil agus an t‐ainm beartaithe don chuideachta nó do na cuideachtaí nuachruthaithe a thiocfaidh as an deighilt trasteorann agus suíomh beartaithe a n‐oifige chláraithe;

(b) 

an clár ina gcomhdaítear na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 14 maidir leis an gcuideachta atá á deighilt, agus a huimhir clárúcháin sa chlár sin;

(c) 

léiriú ar na socruithe atá déanta maidir le cearta creidiúnaithe, fostaithe agus comhaltaí a fheidhmiú; agus

(d) 

mionsonraí an tsuímh gréasáin ónar féidir dréacht‐téarmaí na deighilte trasteorann, an fógra dá dtagraítear i mír 1 agus an tuarascáil ó na saineolaithe agus an fhaisnéis iomlán maidir leis na socruithe dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a fháil ar líne agus saor in aisce.

Cuirfidh an clár an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír ar fáil go poiblí.

4.  
Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 a chomhlíonadh ar líne ina n‐iomláine gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil sa Bhallstát lena mbaineann, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.
5.  
Féadfaidh na Ballstáit, anuas ar an nochtadh dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, a cheangal go bhfoilseofaí dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ina n‐iris náisiúnta nó trí ardán lárnach leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 16(3). Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtarchuirfidh an clár an fhaisnéis ábhartha chuig an iris náisiúnta nó chuig ardán leictreonach lárnach.
6.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain saor in aisce ag an bpobal ar an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 nó ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 trí chóras idirnascadh na gclár.

Áiritheoidh na Ballstáit ina theannta sin nach dtéann aon táillí a ghearrfaidh na cláir ar an gcuideachta as an nochtadh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 agus, i gcás inarb infheidhme, as an bhfoilseachán dá dtagraítear i mír 5, thar aisghabháil an chostais a ghabhann leis na seirbhísí sin a sholáthar.

Airteagal 160h

Formheas ag an gcruinniú ginearálta

1.  
Tar éis aird a thabhairt ar na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 160e, agus in Airteagal 160f, i gcás inarb infheidhme, ar thuairimí na bhfostaithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 160e agus ar na barúlacha arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 160g, déanfar cinneadh, trí bhíthin rúin, ag cruinniú ginearálta na cuideachta atá á deighilt i dtaobh cibé acu a fhormheasfar nó nach bhformheasfar dréact-téarmaí na deighilte trasteorann agus i dtaobh cibé acu a oiriúnófar nó nach n‐oiriúnófar an ionstraim chomhdhéanaimh, agus na reachtanna más in ionstraim ar leith atá siad.
2.  
Féadfaidh cruinniú ginearálta na cuideachta atá á deighilt an ceart a choimeád é a chur de choinníoll le cur chun feidhme na deighilte trasteorann go ndéanfadh sé na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 160l a dhaingniú go sainráite.
3.  
Maidir le dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, agus aon leasú ar na dréacht-téarmaí sin, a fhormheas, áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ina leith tromlach nach lú ná dhá thrian ach nach mó ná 90 % de na vótaí a ghabhann leis na scaireanna nó leis an gcaipiteal suibscríofa a ndéantar ionadaíocht orthu ag an gcruinniú ginearálta. Ar aon chuma, ní bheidh an tairseach vótála níos airde ná an tairseach dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta maidir le comhshónna trasteorann a fhormheas.
4.  
I gcás ina dtagann de chlásal i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann nó d'aon leasú ar ionstraim chomhdhéanaimh na cuideachta atá á deighilt go mór na hoibleagáidí eacnamaíocha atá ar an comhalta i leith na cuideachta nó i leith na dtríú páirtithe, féadfaidh na Ballstáit a cheangal sna cúinsí sonracha sin go bhformheasfaidh an comhalta lena mbaineann an clásal sin nó an leasú sin ar ionstraim chomhdhéanaimh na cuideachta atá á deighilt, ar choinníoll nach bhfuil an comhalta sin in ann na cearta a leagtar síos in Airteagal 160i a fheidhmiú.
5.  

Maidir leis an deighilt trasteorann a fhormheas ag an gcruinniú ginearálta, áiritheoidh na Ballstáit nach féidir an méid sin a dhíospóid ar na forais seo a leanas:

(a) 

níor socraíodh go leormhaith an cóimheas malartaithe scaireanna dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 160d;

(b) 

níor socraíodh go leormhaith an cúiteamh airgid dá dtagraítear i bpointe (p) d'Airteagal 160d; nó

(c) 

níor comhlíonadh na ceanglais dhlíthiúla san fhaisnéis a tugadh maidir leis an gcóimheas malartaithe scaireanna dá dtagraítear i bpointe (a) nó an cúiteamh airgid dá dtagraítear i bpointe (b).

Airteagal 160i

Cosaint na gcomhaltaí

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag comhaltaí na cuideachta atá á deighilt a vótáil in aghaidh fhormheas dhréacht-téarmaí dheighilt trasteorann, agus acu siúd ar a laghad, a gcuid scaireanna a dhiúscairt le haghaidh cúiteamh leormhaith airgid agus sin a dhéanamh faoi na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 go 6, ar choinníoll, mar thoradh ar an deighilt trasteorann, go bhfaighidís scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir a rialófaí le dlí Ballstáit nach é Ballstát na cuideachta atá á deighilt é.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil freisin go mbeidh an ceart dá dtagraítear sa chéad fhomhír agag comhaltaí eile de chuid na cuideachta atá á deighilt.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaí freasúra sainráite in aghaidh dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, rún na gcomhaltaí a gceart a fheidhmiú maidir lena gcuid scaireanna a dhiúscairt, nó iad araon, go ndéanfaí é sin a dhoiciméadú go hiomchuí ar a dhéanaí ag an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú ina theannta sin go measfaí taifead ar fhreasúra in aghaidh dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a bheith ina dhoiciméadú cuí ar vóta diúltach.

2.  
Cinnfidh na Ballstáit an tréimhse ar lena linn is gá do na comhaltaí dá dtagraítear i mír 1 dearbhú a thabhairt don chuideachta atá á deighilt gurb é a gcinneadh é an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt. Ní rachaidh an tréimhse sin thar aon mhí amháin tar éis an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an chuideachta atá á deighilt seoladh leictreonach a sholáthar chun an dearbhú sin a fháil go leictreonach.
3.  
Ina theannta sin, cinnfidh na Ballstáit an tréimhse ar lena linn a dhéanfar an cúiteamh airgid a shonraítear i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a íoc. Ní thiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin níos déanaí ná dhá mhí tar éis don deighilt trasteorann teacht i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 160q.
4.  
Maidir le haon chomhaltaí a bhfuil sé dearbhaithe acu gurb é a gcinneadh é an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt, ach a mheasann nár socraíodh go leormhaith an cúiteamh airgid atá an chuideachta atá á deighilt á thairiscint, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad i dteideal cúiteamh breise airgid a éileamh os comhair an údaráis nó an chomhlachta inniúla arna shainordú faoin dlí náisiúnta. Bunóidh na Ballstáit teorainn ama don éileamh ar chúiteamh breise airgid.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh an cinneadh críochnaitheach cúiteamh breise airgid a sholáthar bailí do chomhaltaí uile na cuideachta atá á deighilt a bhfuil sé dearbhaithe acu gurb é a gcinneadh é an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt i gcomhréir le mír 2.

5.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar le dlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt na cearta dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 a rialú agus gur laistigh de dhlínse an Bhallstáit a bheidh an inniúlacht eisiach réiteach a aimsiú ar aon díospóidí a bhaineann leis na cearta sin.
6.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh comhaltaí sin na cuideachta atá á deighilt nach raibh sé de cheart acu a gcuid scaireanna a dhiúscairt nó nach ndearna an ceart sin a fheidhmiú, ach atá den tuairim nach bhfuil an cóimheasa mhalartaithe scaireanna atá leagtha amach i ndréacht-théarmaí na deighilte trasteorann leormhaith, go bhféadfaidh siad an cóimheas sin a dhíospóid agus íocaíocht airgid a éileamh. Tionscnófar na himeachtaí maidir leis sin os comhair an údaráis nó an chomhlachta inniúil arna shainordú faoi dhlí an Bhallstáit a bhfuil an chuideachta atá á deighilt faoina réir, laistigh den teorainn ama a leagtar síos sa dlí náisiúnta sin agus ní chuirfidh na himeachtaí sin cosc ar an deighilt trasteorann a chlárú. Beidh an cinneadh ina cheangal ar na cuideachtaí is faighteoir agus, i gcás deighilt pháirteach, ar an gcuideachta atá á deighilt freisin.
7.  
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin gur féidir leis an gcuideachta is faighteoir lena mbaineann agus, i gcás deighilt pháirteach, an chuideachta atá á deighilt chomh maith, foráil a dhéanamh do scaireanna nó do chúiteamh eile seachas íocaíocht airgid.

Airteagal 160j

Creidiúnaithe a chosaint

1.  
Déanfaidh na Ballstáit foráil do chóras leormhaith le haghaidh cosaint leasanna na gcreidiúnaithe a rinne a n‐éilimh sular nochtadh dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann agus nach raibh dlite tráth an nochta sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh creidiúnaithe atá míshásta leis na coimircí atá i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, amhail dá bhforáiltear i bpointe (q) d'Airteagal 160d, iarratas a dhéanamh, laistigh de thrí mhí ó nochtadh dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 160g, leis an údarás iomchuí riaracháin nó breithiúnach ar choimircí leormhaithe ar an gcoinníoll gur féidir leis na creidiúnaithe sin a léiriú go hinchreidte go bhfuil, mar gheall ar an deighilt trasteorann, sásamh a n‐éileamh i dtreis agus nach bhfuair siad aon choimircí leormhaithe ón gcuideachta.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na coimircí ag brath ar an deighilt trasteorann a theacht in éifeacht i gcomhréir le hAirteagal 160q.

2.  
I gcás nach bhfaighidh creidiúnaí de chuid na cuideachta atá á deighilt sásamh ón gcuideachta a gcionroinnfear an dliteanas uirthi, beidh na cuideachtaí is faighteoir eile agus, i gcás deighilt pháirteach nó deighilt trí scaradh, an chuideachta atá á deighilt, faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach leis an gcuideachta a gcionroinnfear an dliteanas uirthi i leith na hoibleagáide sin. Beidh uasmhéid dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh aon chuideachta atá rannpháirteach sa deighilt teoranta, áfach, do luach, ar an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an deighilt, na nglansócmhainní a leithdháilfear ar an gcuideachta sin.
3.  
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfadh comhlacht riaracháin nó bainistíochta na cuideachta atá á deighilt dearbhú a sholáthar ina léireofaí go cruinn a stádas airgeadais reatha ag dáta nach luaithe ná aon mhí amháin roimh nochtadh an dearbhaithe sin. Luafar sa dearbhú nach eol dó, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil do chomhlacht riaracháin nó bainistíochta na cuideachta atá á deighilt dáta an dearbhaithe sin, agus tar éis fiosruithe réasúnacha a dhéanamh, nach eol don chomhlacht riaracháin nó bainistíochta sin cúis ar bith nach mbeadh aon chuideachta is faighteoir agus, i gcás deighilt pháirteach, an chuideachta atá á deighilt, in ann, ón uair a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt, na dliteanais a leithdháilfear orthu faoi dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a chomhlíonadh tráth a bheidh na dliteanais sin dlite. Déanfar an dearbhú a nochtadh maille le dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 160j.
4.  
Beidh mír 1, mír 2 agus mír 3 gan dochar d'fheidhmiú dhlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt maidir le sásamh nó daingniú oibleagáidí airgid nó neamhairgid atá dlite do chomhlachtaí poiblí.

Airteagal 160k

Faisnéis agus comhairliúchán fostaithe

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cearta faisnéise agus comhairliúcháin fostaithea urramú i ndáil leis an deighilt trasteorann agus go bhfeidhmeofar iad i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil dá bhforáiltear i dTreoir 2002/14/CE, agus Treoir 2001/23/CE i gcás ina meastar gurb ionann an deighilt trasteorann agus aistriú gnóthais de réir bhrí Threoir 2001/23/CE, agus, i gcás inarb infheidhme i leith ghnóthais ar leibhéal an Chomhphobail nó i leith grúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail, i gcomhréir le Treoir 2009/38/CE. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil feidhm ag cearta faisnéise agus comhairliúcháin fostaithe maidir le fostaithe cuideachtaí nach iad na cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3 mír 1 de Threoir 2002/14/CE iad.
2.  
D'ainneoin Airteagal 160e(7) agus pointe (b) d'Airteagal 160g(1), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cearta fostaithe ar fhaisnéis agus ar chomhairliúchán a urramú, ar a laghad sula ndéanfar dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann nó an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 160e a chinneadh, cibé acu is luaithe, sa chaoi go dtabharfar freagra réasúnaithe ar na fosaithe roimh an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h.
3.  
Gan dochar d'aon fhorálacha nó cleachtais leanúnacha atá i bhfeidhm agus atá níos fabhraí d'fhostaithe, cinnfidh na Ballstáit na socruithe praiticiúla chun an ceart ar fhaisnéis agus ar chomhairliúchán a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2002/14/CE.

Airteagal 160l

Rannpháirtíocht fostaithe

1.  
Gan dochar do mhír 2, beidh gach cuideachta is faighteoir faoi réir na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht fostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát ina mbeidh a hoifig chláraithe.
2.  

Ní bheidh feidhm, áfach, ag na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht fostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát ina mbeidh oifig chláraithe na cuideachta a thiocfaidh as an deighilt trasteorann i gcás, sna sé mhí roimh nochtadh dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, ina mbeidh meánlíon fostaithe sa chuideachta atá á deighilt atá coibhéiseach le ceithre chúigiú den tairiseach is infheidhme, mar a leagtar síos i ndlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt, chun rannpháirtíocht fostaithe a spreagadh de réir bhrí phointe (k) d'Airteagal 2 de Threoir 2001/86/CE, ná i gcás nach ndéantar leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le gach cuideachta is faighteoir na nithe seo a leanas:

(a) 

foráil don leibhéal céanna rannpháirtíochta fostaithe ar a laghad agus a bhí sa chuideachta atá á deighilt roimh a deighilt trasteorann, arna thomhas trí thagairt a dhéanamh do chion na n‐ionadaithe fostaithe i measc chomhaltaí an chomhlachta riaracháin nó maoirseachta nó a gcoistí nó an ghrúpa bainistíochta a chumhdaíonn aonaid bhrabúis na cuideachta, faoi réir ionadaíocht fostaithe; nó

(b) 

foráil don teidlíocht chéanna cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú a bheith ag fostaithe i mbunaíochtaí de chuid na gcuideachtaí is faighteoir agus atá ag na fostaithe sin atá fostaithe sa Bhallstát ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta is faighteoir.

3.  

Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh rannpháirtíocht na bhfostaithe sna cuideachtaí a thiocfaidh as an deighilt trasteorann agus a rannpháirtíocht i sainmhíniú na gceart sin á rialú ag na Ballstáit, mutatis mutandis, agus faoi réir mhír 4 go mír 7 den Airteagal seo, i gcomhréir leis na prionsabail agus na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 12(2) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 agus leis na forálacha seo a leanas de Threoir 2001/86/CE:

(a) 

Airteagal 3(1), pointí (a)(i) agus (b) d'Airteagal 3(2), Airteagal 3(3), an chéad dá abairt d'Airteagal 3(4), agus Airteagal 3(5) agus (7);

(b) 

Airteagal 4(1), pointí (a), (g) agus (h) d'Airteagal 4(2), agus Airteagal 4(3) agus (4);

(c) 

Airteagal 5;

(d) 

Airteagal 6;

(e) 

Airteagal 7(1) cé is moite den dara fleasc de phointe (b);

(f) 

Airteagail 8, 10, 11 agus 12; agus

(g) 

pointe (a) de Cuid 3 den Iarscríbhinn.

4.  

Agus iad i mbun rialála ar na prionsabail agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) 

an ceart a thabhairt don chomhlacht speisialta caibidlíochta cinneadh a dhéanamh, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar dhá thrian de na fostaithe ar a laghad, gan tús a chur le caibidlíochtaí nó caibidlíochtaí ar cuireadh tús leo cheana a fhoirceannadh agus brath ar na rialacha maidir le rannpháirtíocht atá i bhfeidhm i mBallstáit gach cuideachta is faighteoir;

(b) 

i gcás ina mbeidh feidhm, tar éis caibidlíocht roimh ré, ag rialacha caighdeánacha le haghaidh rannpháirtíochta agus d'ainneoin na rialacha sin, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh teorainn a chur le cion na n‐ionadaithe fostaithe i gcomhlacht riaracháin na gcuideachtaí is faighteoir. Más ionadaithe fostaithe ar a laghad aon trian de chomhlacht riaracháin nó de chomhlacht maoirseachta na cuideachta atá á deighilt, áfach, ní fhéadfaidh sé a bheith mar thoradh riamh ar an teorannú sin go mbeidh cion ionadaithe fostaithe níos ísle ná aon trian sa chomhlacht riaracháin;

(c) 

áiritheoidh siad go leanfaidh na rialacha maidir le rannpháirtíocht fostaithe a raibh feidhm acu roimh an deighilt trasteorann d'fheidhm a bheith acu go dtí an dáta a gcuirfear i bhfeidhm aon rialacha a chomhaontófar ina dhiaidh sin nó, murab ann do rialacha comhaontaithe, go dtí go gcuirfear i bhfeidhm rialacha caighdeánacha i gcomhréir le pointe (a) de Chuid 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/86 / CE.

5.  
Ní bheidh sé mar thoradh ar chearta rannpháirtíochta a shíneadh chuig fostaithe na gcuideachtaí is faighteoir atá fostaithe i mBallstáit eile, dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, go mbeidh oibleagáid ar bith ar na Ballstáit a roghnóidh sin a dhéanamh na fostaithe sin a chur san áireamh agus ríomh á dhéanamh ar na tairseacha lucht saothair as a dtiocfaidh cearta rannpháirtíochta faoin dlí náisiúnta.
6.  
I gcás ina mbeidh aon chuideachta is faighteoir le rialú faoi chóras rannpháirtíochta fostaithe i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 2, beidh oibleagáid ar an gcuideachta sin foirm dhlíthiúil a ghabháil lena gceadaítear cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú.
7.  
I gcás ina bhfuil an chuideachta is faighteoir ag oibriú faoi chóras rannpháirtíochta fostaithe, beidh oibleagáid ar an gcuideachta sin bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcosnófar cearta rannpháirtíochta fostaithe i gcás aon chomhshó, cumasc nó deighilt, cibé acu trasteorann nó intíre, ina dhiaidh sin go ceann tréimhse 4 bliana tar éis an dáta a mbeidh éifeacht gafa leis an deighilt trasteorann, trí na rialacha a leagtar síos i míreanna 1 go 6 a chur i bhfeidhm mutatis mutandis.
8.  
Déanfaidh cuideachta toradh na gcaibidlíochtaí maidir le rannpháirtíocht fostaithe a chur in iúl dá fostaithe nó dá n‐ionadaithe gan moill mhíchuí.

Airteagal 160m

Deimhniú réamhdheighilte

1.  
Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt, an nótaire nó an t‐údarás nó na húdaráis eile a bheidh inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht deighiltí trasteorann a mhéid a bhaineann leis na coda sin den nós imeachta a rialaítear le dlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt, agus chun deimhniú réamhdheighilte a eisiúint lena bhfianófar comhlíonadh na gcoinníollacha ábhartha uile agus cur i gcrích cuí na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí uile sa Bhallstát sin (“an t‐údarás inniúil”).

Féadfar sásamh nó daingniú oibleagáidí airgid nó neamhairgid a bheidh dlite do chomhlachtaí poiblí a chur faoi urrús nó comhlíonadh ceanglas sonracha earnálach, lena n‐áirítear daingniú oibleagáidí a eascróidh as imeachtaí leanúnacha, a chuimsiú le cur i gcrích sin na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí.

2.  

Áiritheoidh na Ballstáit go ngabhfaidh na nithe seo a leanas leis an iarratas ón gcuideachta atá á deighilt ar dheimhniú réamhdheighilte a fháil:

(a) 

dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann;

(b) 

an tuarascáil agus an tuairim i gceangal, más ann di, dá dtagraítear in Airteagal 160e, mar aon leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 160f, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;

(c) 

aon bharúlacha a thíolacfar i gcomhréir le hAirteagal 160g(1); agus

(d) 

faisnéis maidir leis an bhformheas tríd an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h.

3.  

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeadh faisnéis bhreise ag gabháil leis an iarratas ar dheimhniú réamhdheighilte a fháil ón gcuideachta atá á deighilt, amhail, go háirithe:

(a) 

an líon fostaithe tráth a rinneadh dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a tharraingt suas;

(b) 

fochuideachtaí a bheith ann agus a suíomhanna geografacha faoi seach;

(c) 

faisnéis maidir leis na hoibleagáidí a bheidh dlite do chomhlachtaí poiblí ag an gcuideachta atá á deighilt a shásamh;

Chun críche na míre seo, féadfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin, mura soláthróidh an chuideachta atá á deighilt í, a iarraidh ar údaráis ábhartha eile.

4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an t‐iarratas dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, lena n‐áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a chur isteach, a chomhlánú ar líne ina iomláine gan an gá do na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.
5.  
Maidir le comhlíonadh na rialacha a bhaineann le rannpháirtíocht fostaithe de réir mar a leagtar síos in Airteagal 160n, fíoróidh údarás inniúil Bhallstát na cuideachta atá á deighilt go n‐áireofar i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann faisnéis maidir leis na nósanna imeachta lena ndéantar na socruithe ábhartha a shocrú agus maidir leis na roghanna is féidir a bheith ann le haghaidh na socruithe sin.
6.  

Mar chuid den ghrinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an t‐údarás inniúil an méid seo a leanas:

(a) 

na doiciméid agus an fhaisnéis uile arna dtíolacadh don údarás inniúil i gcomhréir le míreanna 2 agus 3;

(b) 

tásc ón gcuideachta atá á deighilt go bhfuil tús curtha leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 160l(3) agus (4), i gcás inarb ábhartha.

7.  

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an grinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích laistigh de thrí mhí ón dáta a gheofar na doiciméid agus an fhaisnéis maidir le cruinniú ginearálta na cuideachta atá á deighilt an deighilt trasteorann a fhormheas. Beidh ceann díobh seo a leanas mar thoradh ar an grinnscrúdú sin:

(a) 

i gcás ina gcinnfear go ndéanann an deighilt trasteorann na coinníollacha ábhartha uile a chomhlíonadh agus go bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhdheighilte;

(b) 

i gcás ina gcinnfear nach ndéanann an deighilt trasteorann na coinníollacha ábhartha uile a chomhlíonadh nó nach bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, ní eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhdheighilte agus cuirfidh sé in iúl don chuideachta na cúiseanna lena chinneadh. Sa chás sin, féadfaidh an t‐údarás inniúil an deis a thabhairt don chuideachta na coinníollacha ábhartha a chomhlíonadh nó na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse iomchuí ama.

8.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhdheighilte a eisiúint, má chinntear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a cuireadh ar bun deighilt trasteorann arbh é ba thoradh léi gur seachnaíodh dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, nó go ndeachthas timpeall orthu, nó a raibh sé mar aidhm léi gurb in é an toradh a bheadh uirthi, nó gur chun críocha coiriúla atá sí.
9.  
Sa chás, le linn an ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, go bhfuil móramhras ar an údarás inniúil lena léireofar gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a cuireadh ar bun an deighilt trasteorann, arbh é ba thoradh léi gur seachnaíodh dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, nó go ndeachthas timpeall orthu, nó a raibh sé mar aidhm léi gurb in é an toradh a bheadh uirthi, nó gur chun críocha coiriúla atá sí, déanfaidh sé fíorais agus cúinsí ábhartha a chur san áireamh, amhail, i gcás inarb ábhartha agus gan iad a bhreithniú ina n‐aonar, tosca táscacha a bhfuil an t‐údarás inniúil ar an eolas fúthu, le linn an ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, lena n‐áirítear trí chomhairliúchán leis na húdaráis ábhartha. Is ar bhonn cás ar chás, trí nós imeachta arna rialú leis an dlí náisiúnta, a dhéanfar an measúnú chun críocha na míre seo.
10.  
I gcás inar gá chun críocha an mheasúnaithe faoi mhíreanna 8 agus 9 faisnéis bhreise a chur san áireamh nó gníomhaíochtaí breise imscrúdaitheacha a dhéanamh, féadfar síneadh trí mhí ar a mhéid a chur leis an tréimhse trí mhí amhail dá bhforáiltear i mír 7.
11.  
I gcás nach féidir an measúnú a dhéanamh laistigh de na spriocdhátaí amhail dá bhforáiltear i míreanna 7 agus 10 den Airteagal seo de bharr chastacht nós imeachta na deighilte trasteorann, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an t‐iarratasóir ar an eolas faoi na cúiseanna le haon mhoill sula rachaidh na spriocdhátaí sin in éag.
12.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an t‐údarás inniúil dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha eile a bhfuil inniúlacht acu sna réimsí éagsúla lena mbaineann an deighilt trasteorann, lena n‐áirítear iad sin de chuid Bhallstát na gcuideachtaí is faighteoir, agus faisnéis agus doiciméid a fháil ó na húdaráis sin agus ón gcuideachta atá á deighilt atá riachtanach chun dlíthiúlacht na deighilte trasteorann a ghrinnscrúdú, faoi chuimsiú an chreata nós imeachta a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Chun críocha an mheasúnaithe, féadfaidh an t‐údarás inniúil dul ar iontaoibh saineolaí neamhspleách.

Airteagal 160n

An deimhniú réamhdheighilte a tharchur

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go roinnfear an deimhniú réamhdheighilte leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 160o(1) trí chóras idirnasctha na gclár.

Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh fáil ar an deimhniú réamhdheighilte trí chóras idirnasctha na gclár.

2.  
Beidh rochtain ar deimhniú réamhdheighilte dá dtagraítear i mír 1 saor in aisce do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 160o(1) agus do na cláir.

Airteagal 160o

Grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht deighilte trasteorann

1.  
Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt, an nótaire nó an t‐údarás eile a bheidh inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na deighilte trasteorann a mhéid a bhaineann leis an gcuid sin den nós imeachta a bhaineann le cur i gcrích na deighilte trasteorann a rialaítear le dlí Bhallstáit na gcuideachtaí is faighteoir agus chun an deighilt trasteorann a fhormheas.

Áiritheoidh an t‐údarás nó na húdaráis sin go háirithe go ndéanfaidh na cuideachtaí is faighteoir forálacha sin an dlí náisiúnta maidir le hionchorprú agus clárú cuideachtaí agus, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh na socruithe maidir le rannpháirtíocht fostaithe socraithe i gcomhréir le hAirteagal 160l.

2.  
Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an chuideachta atá á deighilt dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann arna bhformheas tríd an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h a chur faoi bhráid gach údarás dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
3.  
Áiritheoidh gach Ballstát go bhféadfar aon iarratas chun críocha mhír 1, ón gcuideachta atá á deighilt, lena n‐áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a thíolacadh, a chomhlánú ar líne ina iomláine gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.
4.  
Déanfaidh an t‐údarás dá dtagraítear i mír 1 an deighilt trasteorann a fhormheas a luaithe a ríomhfaidh sé gur comhlíonadh na coinníollacha ábhartha uile go cuí agus gur cuireadh na foirmiúlachtaí uile i gcríoch go cuí i mBallstáit na gcuideachtaí is faighteoirí.
5.  
Glacfaidh an t‐údarás dá dtagraítear i mír 1 leis an deimhniú réamhdheighilte, a bheith ina fhianú doshéanta ar chur i gcrích ceart nósanna imeachta agus foirmiúlachtaí na réamhdheighilte is infheidhme i mBallstát na cuideachta atá á deighilt, nach féidir an deighilt trasteorann a fhormheas dá íonais.

Airteagal 160p

Clárú

1.  
Le dlíthe Bhallstáit na cuideachta atá á deighilt agus na gcuideachtaí is faighteoir, cinnfear, i ndáil lena gcríocha faoi seach, na socruithe, i gcomhréir le Airteagal 16, chun cur i gcrích na deighilte trasteorann a nochtadh ina gcláir.
2.  

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a chur isteach ina gcláir:

(a) 

i gclár Bhallstáit na gcuideachtaí is faighteoir – gur toradh ar dheighilt trasteorann é clárú na cuideachta is faighteoir;

(b) 

i gclár Bhallstát na gcuideachtaí is faighteoir – dátaí clárúcháin na gcuideachtaí is faighteoir;

(c) 

i gclár Bhallstáit na cuideachta atá á deighilt – gur toradh ar dheighilt trasteorann é an chuideachta atá á deighilt a scriosadh nó a bhaint;

(d) 

i gclár Bhallstát na cuideachta atá á deighilt – i gcás deighilt iomlán, an dáta a dhéantar an chuideachta atá á deighilt a scrios ón gclár nó an dáta a dhéantar an chuideachta atá á deighilt a bhaint den chlár;

(e) 

i gcláir Bhallstát na cuideachta atá á deighilt agus Bhallstáit na gcuideachtaí is faighteoir, faoi seach, uimhir chlárúcháin, ainm agus foirm dhlíthiúil na cuideachta atá á deighilt agus na gcuideachtaí is faighteoir.

Cuirfidh na cláir an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil go poiblí agus beidh sé inrochtana trí chóras idirnascadh na gclár.

3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na cláir i mBallstáit na gcuideachtaí is faighteoir fógra chuig an gclárlann i mBallstát na cuideachta atá á deighilt, trí chóras idirnascadh na gclár, go bhfuil na cuideachtaí is faighteoir cláraithe. Áiritheoidh na Ballstáit freisin, i gcás deighilt iomlán, go ndéanfar an chuideachta atá deighilt a scriosadh as an gclár nó a bhaint den chlár láithreach ar na fógraí sin go léir a fháil.
4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an clár i mBallstáit na cuideachta atá á deighilt fógra chuig an gclárlann i mBallstáit na gcuideachtaí is faighteoir, trí chóras idirnascadh na gclár, go bhfuil éifeacht leis an deighilt trasteorann.

Airteagal 160q

An dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt trasteorann

Is le dlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt a shocrófar an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt trasteorann. Beidh an dáta sin i ndiaidh an grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 160m, agus Airteagal 160o a chur i gcrích agus tar éis don chlár na fógraí uile dá dtagraítear in Airteagal 160p(3) a fháil.

Airteagal 160r

Iarmhairtí deighilte trasteorann

1.  

Amhail ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 160q, beidh na hiarmhairtí seo a leanas ag deighilt trasteorann iomlán:

(a) 

aistreofar sócmhainní agus dliteanais uile na cuideachta atá á deighilt, lena n‐áirítear gach conradh, gach creidmheas, gach ceart agus gach oibleagáid, chuig na cuideachtaí is faighteoir i gcomhréir leis an leithdháileadh a shonraítear i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann;

(b) 

tiocfaidh comhaltaí na cuideachta atá á deighilt chun bheith ina gcomhaltaí de na cuideachtaí is faighteoir i gcomhréir le leithdháileadh na scaireanna a shonraítear i dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, mura rud é go bhfuil na scaireanna sin diúscartha ag na comhaltaí sin mar a thagraítear in Airteagal 160i(1);

(c) 

cearta agus oibleagáidí sin na cuideachta atá á deighilt a eascróidh as conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta agus a bheidh ann an tráth a thiocfaidh an deighilt trasteorann in éifeacht, aistreofar chuig na cuideachtaí is faighteoir iad.

(d) 

an chuideachta atá á deighilt, scoirfidh sí de bheith ann;

2.  

Amhail ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 160q, beidh na hiarmhairtí seo a leanas ag deighilt pháirteach:

(a) 

aistreofar roinnt de na sócmhainní agus dliteanais sin na cuideachta atá á deighilt, lena n‐áirítear conarthaí, creidmheasanna, cearta agus oibleagáidí, chuig an gcuideachta is faighteoir nó chuig na cuideachtaí is faighteoir agus is ag an gcuideachta atá á deighilt a mbeidh an fuílleach i gcónaí i gcomhréir leis an leithdháileadh a shonraítear i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann;

(b) 

tiocfaidh ar a laghad roinnt de chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt chun bheith ina gcomhaltaí den chuideachta is faighteoir nó de na cuideachtaí is faighteoir agus fanfaidh ar a laghad roinnt de na comhaltaí sa chuideachta atá á deighilt nó tiocfaidh siad chun bheith ina gcomhaltaí díobh araon i gcomhréir leis an leithdháileadh scaireanna a shonraítear i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, mura rud é go bhfuil na scaireanna sin diúscartha ag na comhaltaí sin mar a thagraítear in Airteagal 160i(1);

(c) 

cearta agus oibleagáidí sin na cuideachta atá á deighilt a eascróidh as conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta agus a bheidh ann an tráth a thiocfaidh an deighilt trasteorann in éifeacht, agus a leithdháilfear ar an gcuideachta is faighteoir nó ar na cuideachtaí is faighteoir faoi dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, aistreofar iad chuig an gcuideachta is faighteoir nó chuig na cuideachtaí is faighteoir faoi seach.

3.  

Amhail ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 160q, beidh na hiarmhairtí seo a leanas ag deighilt trasteorann trí scaradh:

(a) 

déanfar an chuid de na sócmhainní agus dliteanais sin na cuideachta atá á deighilt, lena n‐áirítear conarthaí, creidmheasanna, cearta agus oibleagáidí, a aistriú chuig an gcuideachta is faighteoir nó chuig na cuideachtaí is faighteoir, agus is ag an gcuideachta atá á deighilt a bheidh an fuílleach i gcónaí, i gcomhréir leis an leithdháileadh a shonraítear i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann;

(b) 

déanfar scaireanna na cuideachta is faighteoir nó na gcuideachtaí is faighteoir a leithdháileadh ar an gcuideachta atá á deighilt.

(c) 

cearta agus oibleagáidí sin na cuideachta atá á deighilt a eascróidh as conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta agus a bheidh ann an tráth a thiocfaidh an deighilt trasteorann in éifeacht, agus a leithdháilfear ar an gcuideachta is faighteoir nó ar na cuideachtaí is faighteoir faoi dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, aistreofar iad chuig an gcuideachta is faighteoir nó chuig na cuideachtaí is faighteoir faoi seach.

4.  
Gan dochar d'Airteagal 160(j)2, i gcás nach ndéanfar sócmhainn nó dliteanas de chuid na cuideachta atá á deighilt a leithdháileadh go sainráite faoi dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann amhail dá dtagraítear i bpointe (l) d'Airteagal 160e agus i gcás ina bhfágfaidh léirmhíniú ar na téarmaí sin nach féidir cinneadh a dhéanamh maidir lena leithdháileadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an tsócmhainn, an cúiteamh ina leith nó an dliteanas a leithdháileadh ar na cuideachtaí is faighteoir uile nó, i gcás deighilt pháirteach nó deightilt trí scaradh, ar na cuideachtaí is faighteoir uile agus ar an gcuideachta atá á deighilt i gcoibhneas le sciar na nglansócmhainní a leithdháilfear ar gach ceann de na cuideachtaí sin faoi dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann.
5.  
Má cheanglaítear le dlíthe na mBallstát, i gcás deighilt trasteorann, foirmiúlachtaí speisialta a chomhlánú sula ngabhfaidh éifeacht le haistriú sócmhainní, ceart agus oibleagáidí áirithe ag an gcuideachta atá á deighilt amhail in aghaidh tríú páirtithe, an chuideachta atá á deighilt nó na cuideachtaí is faighteoir, de réir mar is iomchuí, is ea a dhéanfaidh na foirmiúlachtaí sin.
6.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar scaireanna i gcuideachta is faighteoir a mhalartú ar scaireanna sa chuideachta atá á deighilt, ar scaireanna iad atá i seilbh na cuideachta féin nó trí bhíthin duine atá ag gníomhú ina ainm féin ach thar ceann na cuideachta.

Airteagal 160s

Foirmiúlachtaí simplithe

I gcás ina ndéanfar deighilt trasteorann mar dheighilt trí scaradh, ní bheidh feidhm ag pointí (b), (c), (f), (i), (o) agus (p) d'Airteagal 160d, agus Airteagail 160e, 160f agus 160i.

Airteagal 160t

Na saineolaithe neamhspleácha

1.  
Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena rialófar ar a laghad dliteanas sibhialta an tsaineolaí neamhspleách a bheidh freagrach as an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 160i a tharraingt suas.
2.  

Beidh rialacha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a áirithiú:

(a) 

go mbeidh an saineolaí nó an duine dleathach ar thar a cheann a bheidh an saineolaí ag obair, neamhspleách ón gcuideachta a bhfuil iarratas á dhéanamh aici ar an deimhniú réamhdheighilte agus nach mbeidh aon choinbhleacht leasa aige leis an gcuideachta sin; agus

(b) 

go mbeidh tuairim an tsaineolaí neamhchlaonta agus oibiachtúil, agus tugtha d'fhonn cúnamh a thabhairt don údarás inniúil i gcomhréir leis na ceanglais neamhchlaontachta agus neamhspleáchais faoin dlí agus na caighdeáin ghairmiúla a bhfuil an saineolaí faoina réir.

Airteagal 160u

Bailíocht

Ní dhéanfar deighilt trasteorann ar ghabh éifeacht léi i gcomhréir leis na forálacha lena dtrasuitear an Treoir seo a chur ar neamhní.

Ní dhéantar difear leis an chéad fhomhír do chumhachtaí na mBallstát, inter alia, maidir leis an dlí choiriúil, maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, maidir leis an dlí shóisialta, maidir le forfheidhmiú an chánachais agus an dlí, chun bearta agus pionóis a fhorchur, faoin dlí náisiúnta, tar éis an dáta a ghabh éifeacht leis an deighilt trasteorann.

▼B



TEIDEAL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

▼M2

Airteagal 161

Cosaint sonraí

Beidh próiseáil aon sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs na Treorach seo faoi réir Rialachán (AE) 2016/679.

▼B

Airteagal 162

Tuarascáil, idirphlé rialta faoi chóras idirnascadh na gclár agus athbhreithniú

1.  
Foilseoidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 8 Meitheamh 2022, tuarascáil i dtaobh fheidhmiú chóras idirnascadh na gclár, go háirithe ina ndéantar scrúdú ar a oibríocht theicniúil agus ar a ghnéithe airgeadais.
2.  
Beidh tograí chun forálacha na Treorach seo a leasú a mhéid a bhaineann le córas idirnascadh na gclár ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí.
3.  
Tiocfaidh an Coimisiún agus ionadaithe na mBallstát le chéile go rialta chun ábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo a bhaineann le córas idirnascadh na gclár a phlé in aon fhóram iomchuí.
4.  
Faoin 30 Meitheamh 2016, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú na bhforálacha sin a bhaineann leis na ceanglais tuairiscithe agus doiciméadachta i gcás cumaisc agus deighiltí, ar forálacha iad a leasaíodh nó a cuireadh isteach le Treoir 2009/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 ), agus go háirithe ar a n-iarmhairtí ar laghdú na n-ualaí riaracháin ar chuideachtaí, i bhfianaise na taithí a fuarthas agus iad á gcur i bhfeidhm, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa augs na Comhairle, agus tograí chun na forálacha sin a leasú ag gabháil léi más gá.

▼M2

Airteagal 162a

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi aon athruithe ar na cineálacha cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta dá bhforáiltear ina ndlí náisiúnta lena ndéanfaí difear d’inneachar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IIA.

I gcás ina gcuireann Ballstát an Coimisiún ar an eolas de bhur na chéad mhíre den Airteagal seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún an liosta de na cineálacha cuideachtaí atá in Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IIA a oiriúnú de réir na faisnéise dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 163.

▼M2

Airteagal 163

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 25(3) agus in Airteagal 162a a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 31 Iúil 2019.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 25(3) agus in Airteagal 162a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 25(3) nó Airteagal 162a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 3 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

▼B

Airteagal 164

Nós imeachta coiste

1.  
Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 165

Cur in iúl

Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 166

Aisghairm

Aisghairtear Treoracha 82/891/CEE, 89/666/CEE, 2005/56/CE, 2009/101/CE, 2011/35/AE agus 2012/30/AE, arna leasú leis na Treoracha a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn III, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn III a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dátaí chur i bhfeidhm na dTreoracha sin.

Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn IV iad.

Airteagal 167

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 168

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.




IARSCRÍBHINN I

CINEÁLACHA CUIDEACHTAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(1) AGUS (2), IN AIRTEAGAL 44(1) AGUS (2), IN AIRTEAGAL 45(2), IN AIRTEAGAL 87(1) AGUS (2) AGUS IN AIRTEAGAL 135(1)

— 
An Bheilg:
société anonyme/naamloze vennootschap;
— 
An Bhulgáir:
акционерно дружество;
— 
Poblacht na Seice:
akciová společnost;
— 
An Danmhairg:
aktieselskab;
— 
An Ghearmáin:
Aktiengesellschaft;
— 
An Eastóin:
aktsiaselts;
— 
Éire:
cuideachta phoiblí faoi theorainn scaireanna/public company limited by shares,
cuideachta phoiblí faoi theorainn ráthaíochta agus a bhfuil scairchaipiteal aici/public company limited by guarantee and having a share capital;
— 
An Ghréig:
ανώνυμη εταιρεία;
— 
An Spáinn:
sociedad anónima;
— 
An Fhrainc:
société anonyme;
— 
An Chróit:
dioničko društvo;
— 
An Iodáil:
società per azioni;
— 
An Chipir:
δημόσιες εταιρείες περιορισμένης ευθύνης με μετοχές,
δημόσιες εταιρείες περιορισμένης ευθύνης με εγγύηση που διαθέτουν μετοχικό κεφάλαιο;
— 
An Laitvia:
akciju sabiedrība;
— 
An Liotuáin:
akcinė bendrovė;
— 
Lucsamburg:
société anonyme;
— 
An Ungáir:
nyilvánosan működő részvénytársaság;
— 
Málta:
kumpanija pubblika ta' responsabbiltà limitata/public limited liability company;
— 
An Ísiltír:
naamloze vennootschap;
— 
An Ostair:
Aktiengesellschaft;
— 
An Pholainn:
spółka akcyjna;
— 
An Phortaingéil:
sociedade anónima;
— 
An Rómáin:
societate pe acțiuni;
— 
An tSlóivéin:
delniška družba;
— 
An tSlóvaic:
akciová spoločnost';
— 
An Fhionlainn:
julkinen osakeyhtiö/publikt aktiebolag;

▼M2

— 
An tSualainn:
publikt aktiebolag;

▼B

— 
An Ríocht Aontaithe:
public company limited by shares,
public company limited by guarantee and having a share capital.




IARSCRÍBHINN II

▼M3

CINEÁLACHA CUIDEACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 7(1), 13, 29(1), 36(1), 67(1), I bPOINTÍ (1) AND (2) D'AIRTEAGAL 86B, I bPOINTE (A) D'AIRTEAGAL 119(1), AGUS I bPOINTE (1) D'AIRTEAGAL 160B

▼B

— 
An Bheilg:
naamloze vennootschap/société anonyme,
commanditaire vennootschap op aandelen/société en commandite par actions,
personenvennootschap met beperkte aansprakelijkheid/société de personnes à responsabilité limitée;
— 
An Bhulgáir:
акционерно дружество, дружество с ограничена отговорност, командитно дружество с акции;
— 
Poblacht na Seice:
společnost s ručením omezeným, akciová společnost;
— 
An Danmhairg:
aktieselskab, kommanditaktieselskab, anpartsselskab;
— 
An Ghearmáin:
die Aktiengesellschaft, die Kommanditgesellschaft auf Aktien, die Gesellschaft mit beschränkter Haftung;
— 
An Eastóin:
aktsiaselts, osaühing;
— 
Éire:
cuideachtaí atá corpraithe faoi dhliteanas teoranta/companies incorporated with limited liability;
— 
An Ghréig:
ανώνυμη εταιρεία, εταιρεία περιορισμένης ευθύνης, ετερόρρυθμη κατά μετοχές εταιρεία;
— 
An Spáinn:
la sociedad anónima, la sociedad comanditaria por acciones, la sociedad de responsabilidad limitada;
— 
An Fhrainc:
société anonyme, société en commandite par actions, société à responsabilité limitée, société par actions simplifiée;
— 
An Chróit:
dioničko društvo, društvo s ograničenom odgovornošću;
— 
An Iodáil:
società per azioni, società in accomandita per azioni, società a responsabilità limitata;
— 
An Chipir:
δημόσιες εταιρείες περιορισμένης ευθύνης με μετοχές ή με εγγύηση, ιδιωτικές εταιρείες περιορισμένης ευθύνης με μετοχές ή με εγγύηση;
— 
An Laitvia:
akciju sabiedrība, sabiedrība ar ierobežotu atbildību, komanditsabiedrība;
— 
An Liotuáin:
akcinė bendrovė, uždaroji akcinė bendrovė;
— 
Lucsamburg:
société anonyme, société en commandite par actions, société à responsabilité limitée;
— 
An Ungáir:
részvénytársaság, korlátolt felelősségű társaság;
— 
Málta:
kumpannija pubblika/public limited liability company,
kumpannija privata/private limited liability company;
— 
An Ísiltír:
naamloze vennootschap, besloten vennootschap met beperkte aansprakelijkheid;
— 
An Ostair:
die Aktiengesellschaft, die Gesellschaft mit beschränkter Haftung;
— 
An Pholainn:
spółka z ograniczoną odpowiedzialnością, spółka komandytowo-akcyjna, spółka akcyjna;
— 
An Phortaingéil:
sociedade anónima de responsabilidade limitada, sociedade em comandita por ações, sociedade por quotas de responsabilidade limitada;
— 
An Rómáin:
societate pe acțiuni, societate cu răspundere limitată, societate în comandită pe acțiuni;
— 
An tSlóivéin:
delniška družba, družba z omejeno odgovornostjo, komaditna delniška družba;
— 
An tSlóvaic:
akciová spoločnosť, spoločnosť s ručením obmedzeným;
— 
An Fhionlainn:
yksityinen osakeyhtiö/privat aktiebolag,
julkinen osakeyhtiö/publikt aktiebolag;

▼M2

— 
An tSualainn:
privat aktiebolag,
publikt aktiebolag;

▼B

— 
An Ríocht Aontaithe:
companies incorporated with limited liability.

▼M2




IARSCRÍBHINN IIA

NA CINEÁLACHA CUIDEACHTAÍ

DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 13, 13f, 13h, agus 162a

An Bheilg:

société privée à responsabilité limitée/besloten vennootschap met beperkte aansprakelijkheid,

société privée à responsabilité limitée unipersonnelle/Eenpersoons besloten vennootschap met beperkte aansprakelijkheid;

An Bhulgáir:

дружество с ограничена отговорност,

еднолично дружество с ограничена отговорност;

Poblacht na Seice: společnost s ručením omezeným;

An Danmhairg: Anpartsselskab;

An Ghearmáin: Gesellschaft mit beschränkter Haftung;

An Eastóin: osaühing;

Éire:

private company limited by shares or by guarantee/cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna nó ráthaíochta,

designated activity company/cuideachta ghníomhaíochta ainmnithe;

An Ghréig:

εταιρεία περιορισμένης ευθύνης,

ιδιωτική κεφαλαιουχική εταιρεία;

An Spáinn: sociedad de responsabilidad limitada;

An Fhrainc:

société à responsabilité limitée,

entreprise unipersonnelle à responsabilité limitée,

société par actions simplifiée,

société par actions simplifiée unipersonnelle;

An Chróit:

društvo s ograničenom odgovornošću,

jednostavno društvo s ograničenom odgovornošću;

An Iodáil:

società a responsabilità limitata,

società a responsabilità limitata semplificata;

An Chipir: ιδιωτική εταιρεία περιορισμένης ευθύνης με μετοχές ή/και με εγγύηση;

An Laitvia: sabiedrība ar ierobežotu atbildību;

An Liotuáin: uždaroji akcinė bendrovė;

Lucsamburg: société à responsabilité limitée;

An Ungáir: korlátolt felelősségű társaság;

Málta: private limited liability company/kumpannija privata;

An Ísiltír: besloten vennootschap met beperkte aansprakelijkheid;

An Ostair: Gesellschaft mit beschränkter Haftung;

An Pholainn: spółka z ograniczoną odpowiedzialnością;

An Phortaingéil: sociedade por quotas;

An Rómáin: societate cu răspundere limitată;

An tSlóivéin: družba z omejeno odgovornostjo;

An tSlóvaic: spoločnosť s ručením obmedzeným;

An Fhionlainn: yksityinen osakeyhtiö/privat aktiebolag;

An tSualainn: privat aktiebolag;

An Ríocht Aontaithe: private company limited by shares or guarantee.

▼B




IARSCRÍBHINN III

CUID A

TREORACHA AISGHAIRTHE AGUS LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA ORTHU

(DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 166)



Treoir 82/891/CEE ón gComhairle

(IO L 378, 31.12.1982, lch. 47)

Treoir 2007/63/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 300, 17.11.2007, lch. 47)

Airteagal 3

Treoir 2009/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 259, 2.10.2009, lch. 14)

Airteagal 3

Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)

Airteagal 116

Treoir 89/666/CEE ón gComhairle

(IO L 395, 30.12.1989, lch. 36)

Treoir 2012/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 156, 16.6.2012, lch. 1)

Airteagal 1

Treoir 2005/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 310, 25.11.2005, lch. 1)

Treoir 2009/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 259, 2.10.2009, lch. 14)

Airteagal 4

Treoir 2012/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 156, 16.6.2012, lch. 1)

Airteagal 2

Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)

Airteagal 120

Treoir 2009/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 258, 1.10.2009, lch. 11)

Treoir 2012/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 156, 16.6.2012, lch. 1)

Airteagal 3

Treoir 2013/24/AE ón gComhairle

(IO L 158, 10.6.2013, lch. 365)

Airteagal 1 agus pointe 1 de Chuid A den Iarscríbhinn

Treoir 2011/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 110, 29.4.2011, lch. 1)

Treoir 2013/24/AE ón gComhairle

(IO L 158, 10.6.2013, lch. 365)

Airteagal 1 agus pointe 3 de Chuid A den Iarscríbhinn

Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)

Airteagal 122

Treoir 2012/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 315, 14.11.2012, lch. 74)

Treoir 2013/24/AE ón gComhairle

(IO L 158, 10.6.2013, lch. 365)

Airteagal 1 agus pointe 4 de Chuid A den Iarscríbhinn

Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus agus ón gComhairle

(IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)

Airteagal 123

CUID B

TEORAINNEACHA AMA DO THRASUÍ SA DLÍ NÁISIÚNTA AGUS DÁTAÍ CUR I BHFEIDHM

(DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 166)



Treoir

Teorainn ama do thrasuí

Dáta cur i bhfeidhm

82/891/CEE

1 Eanáir 1986

89/666/CEE

1 Eanáir 1992

1 Eanáir 1993 (1)

2005/56/CE

15 Nollaig 2007

2007/63/CE

31 Nollaig 2008

2009/109/CE

30 Iúil 2011

2012/17/AE

7 Iúil 2014 (2)

2013/24/AE

1 Iúil 2013

2014/59/AE

31 Nollaig 2014

1 Eanáir 2015 (3)

(1)   

Faoi Airteagal 16(2) de Threoir 89/666/CE, ceanglaítear ar na Ballstáit a shonrú go mbeidh feidhm ag na forálacha dá dtagraítear i mir 1 ón 1 Eanáir 1993 agus, maidir le doiciméid chuntasaíochta, beidh feidhm acu den chéad uair maidir le cuntais bhliantúla don bhliain airgeadais dar tús an 1 Eanáir 1993 nó le linn 1993.

(2)   

Faoi Airteagal 5(2) de Threoir 2012/17/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit na forálacha is gá a ghlacadh, a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm, tráth nach déanaí ná an 8 Meitheamh 2017, chun an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

— Airteagal 1(3) agus (4) agus Airteagal 5a de Threoir 89/666/CEE,

— Airteagal 13 de Threoir 2005/56/CE,

— Airteagal 3(1), an dara fomhír, Airteagal 3b, Airteagal 3c, Airteagal 3d agus Airteagal 4a(3) go (5) de Threoir 2009/101/CE.

(3)   

Faoin tríú fomhír d'Airteagal 130(1) de Threoir 2014/59/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit forálacha arna nglacadh chun Roinn 5 de Chaibidil IV de Theideal IV den Treoir sin a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2016 ar a dhéanaí.




IARSCRÍBHINN IV

TÁBLA COMHGHAOIL



Treoir 82/891/CEE

Treoir 89/666/CEE

Treoir 2005/56/CE

Treoir 2009/101/CE

Treoir 2011/35/AE

Treoir 2012/30/AE

An treoir seo

Airteagal 1

Airteagal 1

 

 

 

 

 

Airteagal 135

Airteagal 2

 

 

 

 

 

Airteagal 136

Airteagal 3(1) agus (2)

 

 

 

 

 

Airteagal 137(1) agus (2)

Airteagal 3(3)(a)

 

 

 

 

 

Airteagal 137(3), an chéad fhomhír

Airteagal 3(3)(b)

 

 

 

 

 

Airteagal 137(3), an dara fomhír

Airteagal 4

 

 

 

 

 

Airteagal 138

Airteagal 5

 

 

 

 

 

Airteagal 139

Airteagal 6

 

 

 

 

 

Airteagal 140

Airteagal 7

 

 

 

 

 

Airteagal 141

Airteagal 8

 

 

 

 

 

Airteagal 142

Airteagal 9

 

 

 

 

 

Airteagal 143

Airteagal 10

 

 

 

 

 

Airteagal 144

Airteagal 11

 

 

 

 

 

Airteagal 145

Airteagal 12

 

 

 

 

 

Airteagal 146

Airteagal 13

 

 

 

 

 

Airteagal 147

Airteagal 14

 

 

 

 

 

Airteagal 148

Airteagal 15

 

 

 

 

 

Airteagal 149

Airteagal 16

 

 

 

 

 

Airteagal 150

Airteagal 17

 

 

 

 

 

Airteagal 151

Airteagal 18

 

 

 

 

 

Airteagal 152

Airteagal 19

 

 

 

 

 

Airteagal 153

Airteagal 20(a) agus (b)

 

 

 

 

 

Airteagal 154(a) agus (b)

Airteagal 20(d)

 

 

 

 

 

Airteagal 154(c)

Airteagal 21

 

 

 

 

 

Airteagal 155

Airteagal 22(1), (2) agus (3)

 

 

 

 

 

Airteagal 156(1), (2) agus (3)

Airteagal 22(5)

 

 

 

 

 

Airteagal 156(4)

Airteagal 23

 

 

 

 

 

Airteagal 157

Airteagal 24

 

 

 

 

 

Airteagal 158

Airteagal 25

 

 

 

 

 

Airteagal 159

Airteagal 26(1)

 

 

 

 

 

Airteagal 26(2)

 

 

 

 

 

Airteagal 160(1)

Airteagal 26(3)

 

 

 

 

 

Airteagal 26(4)

 

 

 

 

 

Airteagal 160(2)

Airteagal 26(5)

 

 

 

 

 

Airteagal 27

 

 

 

 

 

 

Airteagal 1

 

 

 

 

Airteagal 29

 

Airteagal 2

 

 

 

 

Airteagal 30

 

Airteagal 3

 

 

 

 

Airteagal 31

 

Airteagal 4

 

 

 

 

Airteagal 32

 

Airteagal 5

 

 

 

 

Airteagal 34

 

 

 

 

 

Airteagal 34(1)

 

Airteagal 5a(1), (2) agus (3)

 

 

 

 

Airteagal 20(1), (2) agus (3)

 

Airteagal 33(1)

 

Airteagal 5a(4)

 

 

 

 

Airteagal 34(2)

 

Airteagal 5a(5)

 

 

 

 

Airteagal 34(3)

 

Airteagal 6

 

 

 

 

Airteagal 35

 

Airteagal 7

 

 

 

 

Airteagal 36

 

Airteagal 8

 

 

 

 

Airteagal 37

 

Airteagal 9

 

 

 

 

Airteagal 38

 

Airteagal 10

 

 

 

 

Airteagal 39

 

Airteagal 11

 

 

 

 

 

Airteagal 11a

 

 

 

 

Airteagal 161

 

Airteagal 12

 

 

 

 

Airteagal 40

 

Airteagal 13

 

 

 

 

Airteagal 41

 

Airteagal 14

 

 

 

 

Airteagal 42

 

Airteagal 15

 

 

 

 

 

Airteagal 16

 

 

 

 

 

Airteagal 17

 

 

 

 

Airteagal 43

 

Airteagal 18

 

 

 

 

 

 

Airteagal 1

 

 

 

Airteagal 118

 

 

Airteagal 2

 

 

 

Airteagal 119

 

 

Airteagal 3

 

 

 

Airteagal 120

 

 

Airteagal 4

 

 

 

Airteagal 121

 

 

Airteagal 5

 

 

 

Airteagal 122

 

 

Airteagal 6

 

 

 

Airteagal 123

 

 

Airteagal 7

 

 

 

Airteagal 124

 

 

Airteagal 8

 

 

 

Airteagal 125

 

 

Airteagal 9

 

 

 

Airteagal 126

 

 

Airteagal 10

 

 

 

Airteagal 127

 

 

Airteagal 11

 

 

 

Airteagal 128

 

 

Airteagal 12

 

 

 

Airteagal 129

 

 

Airteagal 13

 

 

 

Airteagal 130

 

 

Airteagal 14

 

 

 

Airteagal 131

 

 

Airteagal 15

 

 

 

Airteagal 132

 

 

Airteagal 16

 

 

 

Airteagal 133

 

 

Airteagal 17

 

 

 

Airteagal 134

 

 

Airteagal 17a

 

 

 

Airteagal 161

 

 

Airteagal 18

 

 

 

 

 

 

Airteagal 19

 

 

 

 

 

Airteagal 20

 

 

 

 

 

Airteagal 21

 

 

 

 

 

 

Airteagal 1

 

 

Iarscríbhinn II

 

 

 

Airteagal 2

 

 

Airteagal 13

 

 

 

Airteagal 2a

 

 

Airteagal 15

 

 

 

Airteagal 3

 

 

Airteagal 16

 

 

 

Airteagal 3a

 

 

Airteagal 17

 

 

 

Airteagal 3b

 

 

Airteagal 18

 

 

 

Airteagal 3c

 

 

Airteagal 19

 

 

 

Airteagal 3d

 

 

Airteagal 20

 

 

 

Airteagal 4

 

 

Airteagal 21

 

 

 

Airteagal 4a

 

 

Airteagal 22

 

 

 

Airteagal 4b

 

 

Airteagal 23

 

 

 

an chéad mhír agus an dara mír d'Airteagal 4c

 

 

an chéad mhír agus an dara mír d'Airteagal 24

 

 

 

an tríú mír d'Airteagal 4c

 

 

 

 

 

Airteagal 4d

 

 

Airteagal 25

 

 

 

Airteagal 4e

 

 

Airteagal 165

 

 

 

Airteagal 5

 

 

Airteagal 26

 

 

 

Airteagal 6

 

 

Airteagal 27

 

 

 

Airteagal 7

 

 

Airteagal 28

 

 

 

Airteagal 7a

 

 

Airteagal 161

 

 

 

 

 

Airteagal 7(1)

 

 

 

Airteagal 8

 

 

Airteagal 7(2)

 

 

 

Airteagal 9

 

 

Airteagal 8

 

 

 

Airteagal 10

 

 

Airteagal 9

 

 

 

Airteagal 11

 

 

Airteagal 10

 

 

 

Airteagal 12

 

 

Airteagal 11

 

 

 

Airteagal 13

 

 

Airteagal 12

 

 

 

Airteagal 13a

 

 

Airteagal 163

 

 

 

Airteagal 14

 

 

 

 

 

Airteagal 15

 

 

 

 

 

Airteagal 16

 

 

 

 

 

Airteagal 17

 

 

 

 

 

Airteagal 18

 

 

 

 

 

Iarscríbhinn I

 

 

 

 

 

Iarscríbhinn II

 

 

 

 

 

 

Airteagal 1

 

Airteagal 87

 

 

 

 

Airteagal 2

 

Airteagal 88

 

 

 

 

Airteagal 3

 

Airteagal 89

 

 

 

 

Airteagal 4

 

Airteagal 90

 

 

 

 

Airteagal 5

 

Airteagal 91

 

 

 

 

Airteagal 6

 

Airteagal 92

 

 

 

 

Airteagal 7

 

Airteagal 93

 

 

 

 

Airteagal 8

 

Airteagal 94

 

 

 

 

Airteagal 9

 

Airteagal 95

 

 

 

 

Airteagal 10

 

Airteagal 96

 

 

 

 

Airteagal 11

 

Airteagal 97

 

 

 

 

Airteagal 12

 

Airteagal 98

 

 

 

 

Airteagal 13

 

Airteagal 99

 

 

 

 

Airteagal 14

 

Airteagal 100

 

 

 

 

Airteagal 15

 

Airteagal 101

 

 

 

 

Airteagal 16

 

Airteagal 102

 

 

 

 

Airteagal 17

 

Airteagal 103

 

 

 

 

Airteagal 18

 

Airteagal 104

 

 

 

 

Airteagal 19

 

Airteagal 105

 

 

 

 

Airteagal 20

 

Airteagal 106

 

 

 

 

Airteagal 21

 

Airteagal 107

 

 

 

 

Airteagal 22

 

Airteagal 108

 

 

 

 

Airteagal 23

 

Airteagal 109

 

 

 

 

Airteagal 24

 

Airteagal 110

 

 

 

 

Airteagal 25

 

Airteagal 111

 

 

 

 

Airteagal 26

 

Airteagal 112

 

 

 

 

Airteagal 27

 

Airteagal 113

 

 

 

 

Airteagal 28

 

Airteagal 114

 

 

 

 

Airteagal 29

 

Airteagal 115

 

 

 

 

Airteagal 30

 

Airteagal 116

 

 

 

 

Airteagal 31

 

Airteagal 117

 

 

 

 

Airteagal 32

 

 

 

 

 

Airteagal 33

 

 

 

 

 

Airteagal 34

 

 

 

 

 

Iarscríbhinn I

 

 

 

 

 

Iarscríbhinn II

 

 

 

 

 

 

Airteagal 1(1)

Airteagal 2(1)

 

Airteagal 44(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2(2)

 

Airteagal 44(2)

 

 

 

 

 

Airteagal 2

Airteagal 3

 

 

 

 

 

Airteagal 3

Airteagal 4

 

 

 

 

 

Airteagal 4

Airteagal 5

 

 

 

 

 

Airteagal 5

Airteagal 6

 

 

 

 

 

Airteagal 43

 

 

 

 

 

Airteagal 6

Airteagal 44

 

 

 

 

 

Airteagal 7

Airteagal 46

 

 

 

 

 

Airteagal 8

Airteagal 47

 

 

 

 

 

Airteagal 9

Airteagal 48

 

 

 

 

 

Airteagal 10

Airteagal 49

 

 

 

 

 

Airteagal 11

Airteagal 50

 

 

 

 

 

Airteagal 12

Airteagal 51

 

 

 

 

 

Airteagal 13

Airteagal 52

 

 

 

 

 

Airteagal 14

Airteagal 53

 

 

 

 

 

Airteagal 15

Airteagal 54

 

 

 

 

 

Airteagal 16

Airteagal 55

 

 

 

 

 

Airteagal 17

Airteagal 56

 

 

 

 

 

Airteagal 18

Airteagal 57

 

 

 

 

 

Airteagal 19

Airteagal 58

 

 

 

 

 

Airteagal 20

Airteagal 59

 

 

 

 

 

Airteagal 21

Airteagal 60

 

 

 

 

 

Airteagal 22

Airteagal 61

 

 

 

 

 

Airteagal 23

Airteagal 62

 

 

 

 

 

Airteagal 24

Airteagal 63

 

 

 

 

 

Airteagal 25

Airteagal 64

 

 

 

 

 

Airteagal 26

Airteagal 65

 

 

 

 

 

Airteagal 27

Airteagal 66

 

 

 

 

 

Airteagal 28

Airteagal 67

 

 

 

 

 

Airteagal 29

Airteagal 68

 

 

 

 

 

Airteagal 30

Airteagal 69

 

 

 

 

 

Airteagal 31

Airteagal 70

 

 

 

 

 

Airteagal 32

Airteagal 71

 

 

 

 

 

Airteagal 33

Airteagal 72

 

 

 

 

 

Airteagal 34

Airteagal 73

 

 

 

 

 

Airteagal 35

Airteagal 74

 

 

 

 

 

Airteagal 36

Airteagal 75

 

 

 

 

 

Airteagal 37

Airteagal 76

 

 

 

 

 

Airteagal 38

Airteagal 77

 

 

 

 

 

Airteagal 39

Airteagal 78

 

 

 

 

 

Airteagal 40

Airteagal 79

 

 

 

 

 

Airteagal 41

Airteagal 80

 

 

 

 

 

Airteagal 42

Airteagal 81

 

 

 

 

 

Airteagal 43

Airteagal 82

 

 

 

 

 

Airteagal 44

Airteagal 83

 

 

 

 

 

Airteagal 45

Airteagal 84

 

 

 

 

 

Airteagal 46

Airteagal 85

 

 

 

 

 

Airteagal 47(1)

Airteagal 86

 

 

 

 

 

Airteagal 47(2)

Airteagal 165

 

 

 

 

 

Airteagal 48

 

 

 

 

 

Airteagal 166

 

 

 

 

 

Airteagal 49

Airteagal 167

 

 

 

 

 

Airteagal 50

Airteagal 168

 

 

 

 

 

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

 

 

 

 

 

Iarscríbhinn II

 

 

 

 

 

Iarscríbhinn III

 

 

 

 

 

Iarscríbhinn III

 

 

 

 

 

Iarscríbhinn IV



( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch 73).

( 2 ) Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir leis na cuntais bhliantúla agus na cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1).

( 3 ) Treoir 91/674/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir leis na cuntais bhliantúla agus na cuntais chomhdhlúite gnóthas árachais (IO L 374, 31.12.1991, lch. 7).

( 4 ) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis bhliantúla airgeadais, leis na ráitis chomhdhlúite airgeadais agus le tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

( 5 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/884 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2015 lena mbunaítear sonraíochtaí agus nósanna imeachta is gá le haghaidh chóras idirnascadh na gclár arna bhunú le Treoir 2009/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 144, 10.6.2015, lch. 1).

( 6 ) Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).

( 7 ) Treoir 89/117/CEE ón gComhairle an 13 Feabhra 1989 maidir leis na hoibleagáidí atá ar bhrainsí institiúidí creidmheasa agus airgeadais i dtaca le doiciméid chuntasaíochta a fhoilsiú go bliantúil, ar brainsí iad a bunaíodh i mBallstát a bhfuil a gceannoifigí lasmuigh den Bhallstát sin (IO L 44, 16.2.1989, lch. 40).

( 8 ) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

( 9 ) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

( 10 ) Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh 600/2014 (AE) Uimh 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 022, 22.1.2021, lch. 1).

( 11 ) Treoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais agus maidir le dícháílíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht) (IO L172, 26.6.2019, lch. 18).

( 12 ) Dara Treoir 77/91/CEE ón gComhairle an 13 Nollaig 1976 maidir le comhordú a dhéanamh ar choimircí a éilíonn Ballstáit ar chuideachtaí de réir bhrí an dara mír d'Airteagal 58 den Chonradh, ionas go gcosnófar leasanna comhaltaí agus daoine eile, i leith foirmiú cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta agus chothabháil agus athrú a gcaipitil, d'fhonn na coimircí sin a dhéanamh coibhéiseach (IO L 26, 31.1.1977, lch. 1).

( 13 ) Treoir 2009/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leasaítear Treoir 77/91/CEE ón gComhairle, Treoir 78/855/CEE ón gComhairle agus Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoir 2005/56/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe agus doiciméadachta i gcás cumasc agus deighiltí (IO L 259, 2.10.2009, lch. 14).

Góra