EUR-Lex Baza aktów prawnych Unii Europejskiej

Powrót na stronę główną portalu EUR-Lex

Ten dokument pochodzi ze strony internetowej EUR-Lex

Cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí AE

Cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí AE

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2019/1937 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais Eorpaigh

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Bunaítear léi rialacha agus nósanna imeachta maidir le “sceithirí”, a chosaint, ar daoine aonair iad a thuairiscíonn* faisnéis a fuair siad i gcomhthéacs oibre maidir le sáruithe* ar dhlí AE i bpríomhréimsí beartais. Áirítear ar sháruithe gníomhartha nó neamhghníomhartha neamhdhleathacha agus cleachtais drochúsáide.

PRÍOMHPHOINTÍ

Clúdaítear sa treoir tuairiscí maidir le:

  • sáruithe ar rialacha sna réimsí seo a leanas (atá liostaithe go mion i gCuid I den iarscríbhinn)
    • soláthar poiblí
    • seirbhísí airgeadais, táirgí agus margaí; cosc ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta
    • sábháilteacht agus comhlíonadh táirgí
    • sábháilteacht iompair sna hearnálacha iarnróid, bóithre, muirí agus uiscí intíre
    • cosaint an chomhshaoil, idir bainistíocht dramhaíola agus ceimiceáin
    • cosaint ar radaíocht agus sábháilteacht núicléach
    • sábháilteacht bia agus beatha, sláinte agus leas ainmhithe
    • an tsláinte phoiblí, lena n–áirítear cearta othar agus rialú tobac
    • cosaint tomhaltóirí
    • cosaint príobháideachta agus sonraí pearsanta, córais slándála agus faisnéise;
  • sáruithe a théann i gcion ar leasanna airgeadais AE;
  • sáruithe a bhaineann leis an margadh inmheánach, lena n–áirítear sáruithe ar rialacha AE maidir le hiomaíocht agus Státchabhair, agus sáruithe ar rialacha náisiúnta um cháin chorparáideach.

Comhlánaítear leis an treoir reachtaíocht shonrach AE ina gcuimsítear rialacha cheana maidir le sceithireacht (go sonrach maidir le seirbhísí airgeadais, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, sábháilteacht ar bhóithre agus cosaint an chomhshaoil).

dhéantar an méid seo a leanas leis an treoir:

  • ní théitear i gcion ar fhreagracht rialtais AE maidir lena slándáil náisiúnta a chosaint;
  • ní théitear i gcion ar dhlí AE nó ar an dlí náisiúnta maidir le faisnéis rúnaicmithe, pribhléid ghairmiúil dlí agus leighis, rúndacht imeachtaí breithiúnacha nó an riail um nós imeachta coiriúil a chosaint;
  • ní sháraítear rialacha náisiúnta maidir le cearta fostaithe chun dul i gcomhairle lena n–ionadaithe nó le ceardchumainn.

Clúdaítear sa reachtaíocht réimse leathan daoine a oibríonn san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí, lena n–áirítear na daoine a thuairiscíonn nuair a thagann deireadh lena gcaidreamh oibre:

  • fostaithe, daoine féinfhostaithe, scairshealbhóirí, daoine a bhaineann le comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta de chuid gnólachtaí, saorálaithe, daoine faoi oiliúint agus iarratasóirí poist;
  • daoine a chuidíonn le sceithirí ar bhealach rúnda, daoine a bhaineann le sceithire a bhféadfadh frithbheart* a dhéanamh ina leith ag an obair, agus eintitis dhlítheanacha a bhfuil baint acu leis an sceithire.

Cosnaítear daoine aonair má chuireann siad a n-abhair imní os comhair an phobail ar an gcoinníoll:

  • gur thug siad tuairisc ar dtús (go hinmheánach) agus go seachtrach ach nach ndearna gníomhaíocht ar bith;
  • go gcreideann siad le réasún go bhfuil garbhaol nó baol soiléir ann do leas an phobail, go bhfuil baol ann go ndéanfaí frithbheart, nó nach bhfuil mórán seans ann go dtabharfaí aghaidh mar is ceart ar a n–ábhar imní.

Áirítear ar shocruithe tuairiscithe:

  • bealaí inmheánacha: ní mór do gach cuideachta phríobháideach ina bhfuil 50 fostaí nó níos mó agus, i bprionsabal, gach eintiteas poiblí, bealaí tuairiscithe éifeachtacha a chur ar bun, rud a áiritheoidh rúndacht; féadfar eintitis phoiblí ina bhfuil níos lú ná 50 fostaí agus bardais ina bhfuil níos lú ná 10,000 áitritheoir a dhíolmhú;
  • bealaí seachtracha: ní mór do na húdaráis náisiúnta chuí bealaí tuairiscithe a chur ar bhun lena n–éascófar tuairisciú rúnda;
  • nósanna imeachta leantacha agus spriocdhátaí chun tuairiscí a gheofar trí bhealaí inmheánacha agus seachtracha a láimhseáil. Áirítear leo sin
    • dualgas gan ainm an sceithire a nochtadh, ach amháin i gcúinsí an–docht
    • comhlíonadh maidir le reachtaíocht AE um chosaint sonraí
    • taifead de gach tuairisc ó bhéal agus i scríbhinn a fhaightear.

Cosaint dhlíthiúil

Chun bheith incháilithe i leith cosaint dhlíthiúil, ní mór do dhuine aonair:

  • forais réasúnta a bheith aige nó aici chun a chreidiúint go bhfuil an fhaisnéis a thuairiscigh sé nó sí clúdaithe sa reachtaíocht agus go raibh sí fíor nuair a thuairiscigh sé nó sí í;
  • an sárú a thuairisciú do na húdaráis inniúla trí na bealaí inmheánacha nó seachtracha arna soláthar. Spreagtar sceithirí le tuairisc a thabhairt go hinmheánach (laistigh den eagraíocht) ar dtús, i gcás gur féidir aghaidh a thabhairt ar an sárú go héifeachtach laistigh agus i gcás go gcreideann siad nach bhfuil an baol ann go ndéanfaí frithbheart. Is féidir leo a roghnú, áfach, cé acu tuairisc a dhéanamh go hinmheánach ar dtús nó tuairisc sheachtrach a dhéanamh go díreach do na húdaráis inniúla.

Maidir le sceithirí:

  • cosnaítear iad ar gach cineál díoltais, amhail dífhostú, ísliú céime, imeaglú agus dúliostú;
  • tá rochtain acu ar bhearta tacaíochta cuí, go sonrach faisnéis agus comhairle agus cúnamh dlí neamhspleách i gcomhréir le rialacha AE maidir le cúnamh dlíthiúil in imeachtaí sibhialta coiriúla agus trasteorann;
  • tá rochtain acu ar bhearta feabhais cuí, amhail faoiseamh eatramhach agus díolúine ó dhliteanas maidir le clásail neamhnochta ina gconarthaí a shárú.

Ní mór do thíortha AE:

  • a áirithiú go bhfuil bealaí inmheánacha agus seachtracha um thuairisciú i bhfeidhm;
  • na bearta is gá a dhéanamh chun frithbheart ar bith i gcoinne sceithire a chosc;
  • meas a bheith acu ar fheabhas éifeachtach, ar thriail chóir, ar thoimhde na neamhchiontachta agus ar cheart chun cosanta daoine a bhaineann leis na líomhaintí sna tuairiscí;
  • pionóis a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a sholáthar maidir le sáruithe ar rialacha áirithe na treorach, mar shampla daoine a chuireann bac ar thuairisciú nó a dhéanann frithbheart i gcoinne sceithirí;
  • an treoir a thrasuí agus fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach maidir leis na bearta um thrasuí faoin 17 Nollaig 2021; agus d’fhéadaí díolúine a fháil maidir leis na forálacha a thrasaí i ndáil le hoibleagáid cuideachtaí príobháideacha ina bhfuil idir 50 agus 249 fostaí a mbealaí inmheánacha tuairiscithe a chur ar bun go dtí an 17 Nollaig 2023;
  • sonraí bliantúla a chur ar fáil don Choimisiún maidir le líonta na dtuairiscí a fuarthas agus na n–imscrúduithe a tionscnaíodh agus a dtorthaí, agus na hiarmhairtí airgeadais.

Cuireann an Coimisiún an méid seo a leanas faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle:

  • an chéad tuarascáil phoiblí a mbeidh fáil éasca uirthi maidir le corprú na treorach i ndlí náisiúnta thíortha AE faoin 17 Nollaig 2023; agus
  • an dara ceann maidir le cur chun feidhme na treorach agus maidir le leasuithe a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil, faoin 17 Nollaig 2025.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 16 Nollaig 2019 agus ní mór dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 17 Nollaig 2021.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Tuairisc: cumarsáid ó bhéal nó i scríbhinn ina gcuirtear sárú in iúl.
Sárú: gníomh nó neamhghníomh atá neamhdhleathach nó a sháraíonn chuspóir reachtaíocht AE.
Frithbheart: iompar díreach nó indíreach ar bith ag an obair lena bhféadfaí díobháil a dhéanamh don sceithire.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2019/ 1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lgh. 17-56)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2019/1937/AE a ionchorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 02.05.2023

Góra